European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/266

30.1.2026

RIALACHÁN (AE) 2026/266 ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Eanáir 2026

lena socraítear le haghaidh 2026 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá an Chomhairle le bearta a ghlacadh maidir le deiseanna iascaireachta a shocrú agus a leithdháileadh, lena n-áirítear coinníollacha áirithe a bhfuil nasc feidhmiúil acu leis na deiseanna iascaireachta sin, de réir mar is iomchuí. Foráiltear le hAirteagal 16(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) go bhfuil deiseanna iascaireachta le leithdháileadh ar na Ballstáit ar bhealach lena n-áirithítear cobhsaíocht choibhneasta ghníomhaíochtaí iascaireachta gach Ballstáit le haghaidh gach stoic éisc nó iascaigh. Le hAirteagal 16(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, foráiltear go bhfuil deiseanna iascaireachta le socrú i gcomhréir le cuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh (CBI) a leagtar amach in Airteagal 2(2) den Rialachán sin.

(2)

Dá bhrí sin, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ba cheart na deiseanna iascaireachta le haghaidh 2026 a shocrú ar bhonn na comhairle eolaíche atá ar fáil, agus gnéithe bitheolaíocha agus socheacnamaíocha á gcur san áireamh, agus cóir chothrom idir earnálacha iascaireachta á háirithiú an tráth céanna, chomh maith leis na tuairimí a cuireadh in iúl le linn comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara.

(3)

Ag an 47ú cruinniú bliantúil a bhí ag an gCoimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir (CGIM) in 2024, ghlac sé Moladh CGIM/47/2024/1 lena mbunaítear bearta bainistíochta fadtéarmacha don eascann Eorpach (Anguilla anguilla) mar a fhoráiltear le Moladh CGIM/46/2023/16 maidir le plean bainistíochta fadtéarmach don eascann Eorpach (folimistéir gheografacha CGIM (‘FLGanna CGIM’) 1 go 27). Le Moladh CGIM/47/2024/1, coinnítear ar bun le haghaidh 2026 an tréimhse choiscthe 6 mhí le haghaidh iascaigh thráchtála agus toirmeasc ar an iascach áineasa. Thairis sin, leis an Moladh sin, déantar gníomhaíochtaí iascaireachta tráchtála le haghaidh eascanna gloine a theorannú do thréimhse 2 mhí agus ní cheadaítear iascaireacht den sórt sin ach amháin faoi choinníollacha áirithe. Tá feidhm le bheith ag na bearta sin maidir le huiscí muirí uile na Meánmhara agus fionnuiscí, chomh maith le huiscí goirt, lena n-áirítear inbhir, murlaigh chósta agus uiscí trasdultacha, i gcomhréir leis an Moladh sin. Ba cheart na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.

(4)

Ag an 47ú cruinniú bliantúil a bhí ag CGIM in 2024, ghlac sé Moladh CGIM/47/2024/2 lena mbunaítear bearta fadtéarmacha maidir le saothrú inbhuanaithe coiréalaigh dheirg (Corallium rubrum) mar a fhoráiltear le Moladh CGIM/43/2019/4 maidir le plean bainistíochta um shaothrú inbhuanaithe coiréalaigh dheirg sa Mheánmhuir (FLGanna CGIM 1 go 27). Le Moladh CGIM/47/2024/2, coinnítear ar bun le haghaidh 2026 reo na hiarrachta iascaireachta arna sloinneadh mar líon uasta údaruithe iascaireachta agus teorainneacha saothraithe maidir le coiréalach dearg. Ba cheart na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.

(5)

Ag an 46ú cruinniú bliantúil a bhí ag CGIM in 2023, ghlac sé Moladh CGIM/46/2023/14 maidir le plean bainistíochta ilbhliantúil um shaothrú inbhuanaithe dorád coiteann (Coryphaena hippurus) sa Mheánmhuir (FLGanna CGIM 1 go 27). Leis an Moladh sin, tugadh isteach, i gcomhréir le cur chuige réamhchúraim agus d’idirthréimhse 2024 go 2026, uasteorainn acmhainneachta cabhlaigh, acmhainn feiste comhthiomsaithe éisc (FADanna) in aghaidh an tsoithigh a reo, teorainn ghabhála agus tréimhse choiscthe shealadach. Maidir le hiascaigh áineasa, foráiltear freisin le Moladh CGIM/46/2023/14 go bhfuiltear le cloí le teorainn ghabhála laethúil chomh maith le tréimhse thoirmisc. Cuireadh na bearta sin chun feidhme i ndlí an Aontais ó bhí 2024 ann trí bhíthin Rialacháin (AE) 2024/259 (2) agus (AE) 2025/219 (3) ón gComhairle. Ba cheart leanúint de na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais le haghaidh 2026. Tá na bearta sin gan dochar do na bearta bainistíochta arna moladh ag an gCoiste Comhairleach Eolaíoch laistigh de CGIM don phlean bainistíochta fadtéarmach le haghaidh na tréimhse 2027 go 2031.

(6)

Le Rialachán (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) bunaíodh plean ilbhliantúil do na hiascaigh a shaothraíonn stoic ghrinnill sa Mheánmhuir Thiar (FLGanna CGIM 1, 2, 5, 6, 7, 8, 9, 10 agus 11). Leagtar amach sa phlean sin spriocanna agus bearta maidir le caomhnú fadtéarmach agus saothrú inbhuanaithe na stoc a chumhdaítear leis. Áirítear leis sin bearta chun an uastáirgeacht inbhuanaithe (MSY) le haghaidh spriocstoc a bhaint amach agus a choinneáil ar bun, rud a áirithíonn go ndéanfaidh saothrú acmhainn bhitheolaíoch na mara pobail na speiceas atá á saothrú a athbhunú agus a choinneáil ar bun os cionn leibhéil ar a bhfuiltear in ann an MSY a tháirgeadh.

(7)

I gcomhréir le hAirteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2019/1022, tá deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic a liostaítear in Airteagal 1(2) den Rialachán sin le socrú i gcomhréir le raon luachanna an ráta básmhaireachta iascaigh as a n-eascraíonn MSY (raonta FMSY), nó ar leibhéal níos ísle, agus i gcomhréir leis na coimircí dá bhforáiltear sa Rialachán sin. Sainaithníodh na raonta FMSY sa chomhairle ábhartha ón gCoiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (CETEI). I gcás nach mbeidh faisnéis eolaíoch leormhaith ar fáil, tá deiseanna iascaireachta le haghaidh na stoc dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus in Airteagal 1(3) den Rialachán sin le socrú i gcomhréir leis an gcur chuige réamhchúraim i leith bainistiú iascaigh, i gcomhréir le hAirteagal 4(6) den Rialachán sin.

(8)

Thairis sin, tá deiseanna iascaireachta le sloinneadh, mar uasiarracht iascaireachta incheadaithe le haghaidh trálaer agus báid spiléireachta, arna socrú i gcomhréir leis an gcóras iarrachta iascaireachta a leagtar síos in Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2019/1022, agus mar uasteorainneacha gabhála le haghaidh séaclaí gorma agus dearga (Aristeus antennatus) agus séaclaí móra dearga (Aristaeomorpha foliacea) in uiscí doimhne, arna socrú i gcomhréir le comhairle eolaíoch agus Airteagal 16(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

(9)

Iarradh ar CETEI raon leathan cásanna bainistithe iarrachta a ionsamhlú le haghaidh aonaid bainistithe iarrachta (ABI) éagsúla, eadhon ABI 1 (FLGanna CGIM 1, 2, 5, 6 agus 7) agus ABI 2 (FLGanna CGIM 8, 9, 10 agus 11), suas go dtí 2030. Chuir CETEI comhairle ar fáil lena léirítear go laghdaítear an bhásmhaireacht iascaireachta go mór leis na hiarrachtaí roghnaíochta a rinneadh in 2025 i gcás stoic áirithe agus go dtugtar níos gaire do FMSY í, agus béim á leagan aige, ag an am céanna, ar an ngá le bearta bainistíochta breise a chur chun feidhme. Mar sin féin, ní raibh CETEI in ann aghaidh a thabhairt go hiomlán ar thorthaí éagsúla na mbeart roghnaíochta in 2025. Chun go mbeidh am breise ann chun athbhreithniú eolaíoch a dhéanamh ar na hiarrachtaí roghnaíochta a rinneadh in 2025 agus 2024, ba cheart an leibhéal iarrachta iascaireachta a choinneáil ar an leibhéal a socraíodh le haghaidh 2025 le Rialachán (AE) 2025/219.

(10)

In 2025, chuir CETEI in iúl go mbíonn tionchar ag báid spiléireachta ar sceithirí colmóirí Eorpacha (Merluccius merluccius), go háirithe in FLGanna CGIM 8, 9, 10 agus 11. In FLGanna CGIM 1, 2, 5, 6, agus 7, is iomchuí, le haghaidh 2026, uasiarracht iascaireachta incheadaithe le haghaidh báid spiléireachta a choinneáil ar na leibhéil arna socrú le haghaidh 2025 le Rialachán (AE) 2025/219, ar bhonn Airteagal 7(5) de Rialachán (AE) 2019/1022.

(11)

In 2025, chuir CETEI in iúl go bhfuil básmhaireacht iascaireachta séaclaí gorma agus séaclaí dearga in FLGanna CGIM 1, 2, 5, 6 agus 7 fós i bhfad ó leibhéil inbhuanaithe agus go bhfuil gá, dá bhrí sin, le tuilleadh bearta bainistíochta anuas ar an laghdú ar an iarracht iascaireachta. Chun cur leis na bearta a glacadh in 2022, 2023, 2024 agus 2025, agus i gcomhréir le hAirteagal 16(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, is iomchuí, dá bhrí sin, an córas iarrachta iascaireachta a chomhlánú le huasteorainneacha gabhála agus na huasteorainneacha gabhála le haghaidh séaclaí gorma agus séaclaí dearga in FLGanna CGIM 1, 2, 5, 6 agus 7 a shocrú ar an leibhéal a socraíodh le haghaidh 2025 le Rialachán (AE) 2025/219.

(12)

In 2025, chuir CETEI in iúl go bhfuil gá le bearta bainistíochta breise don séacla gorm agus dearg in FLGanna CGIM 8, 9, 10 agus 11 anuas ar an laghdú ar an iarracht iascaireachta. Is iomchuí, dá bhrí sin, an córas iarrachta iascaireachta a chomhlánú le huasteorainneacha gabhála, chun cur leis na bearta a glacadh in 2022, 2023, 2024 agus 2025 agus i gcomhréir le hAirteagal 16(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Ba cheart na huasteorainneacha gabhála le haghaidh séaclaí gorma agus séaclaí dearga in FLGanna CGIM 8, 9, 10 agus 11 a choinneáil ar an leibhéal a socraíodh le haghaidh 2025 le Rialachán (AE) 2025/219.

(13)

In 2025, chuir CETEI in iúl go bhfuil gá le bearta bainistíochta breise don séacla mór dearg in FLGanna CGIM 8, 9, 10 agus 11 anuas ar an laghdú ar iarracht iascaireachta. Is iomchuí, dá bhrí sin, an córas iarrachta iascaireachta a chomhlánú le huasteorainneacha gabhála, chun cur leis na bearta a glacadh in 2022, 2023, 2024 agus 2025, agus na huasteorainneacha gabhála le haghaidh séaclaí móra dearga in FLGanna CGIM 8, 9, 10 agus 11 a shocrú ar an leibhéal a socraíodh le haghaidh 2025 le Rialachán (AE) 2025/219.

(14)

Chun úsáid roghnaíocht trealaimh iascaireachta a chur chun cinn agus chun limistéir choiscthe éifeachtúla a bhunú chun éisc óga agus sceithirí a chosaint, le Rialachán (AE) 2022/110 ón gComhairle (5), bunaíodh sásra cúitimh i ndáil leis an gcóras iarrachta le haghaidh trálaer. Ós rud é go leanann CETEI de bheith ag moladh feabhas breise a chur ar roghnaíocht trealaimh iascaireachta agus ar éifeachtúlacht limistéir choiscthe chun éisc óga agus sceithirí a chosaint in 2026, agus ós rud é go bhfuil tionchar léirithe ag na bearta sin ar an mbásmhaireacht iascaireachta, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann laethanta iascaireachta breise a leithdháileadh ar shoitheach iascaireachta má chomhlíonann sé ceann amháin ar a laghad de na bearta sin arna socrú ag an leibhéal náisiúnta. Níor cheart don Bhallstát lena mbaineann laethanta iascaireachta breise a leithdháileadh lena sárófaí leibhéal na hiarrachta iascaireachta arna shocrú don ghrúpa ábhartha iarrachta iascaireachta le Rialachán (AE) 2024/259, is é sin, Iarscríbhinn III agus Airteagal 8.

(15)

I gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2019/1022, i gcás ina léireoidh comhairle eolaíoch go bhfuil bithmhais stoic sceite aon cheann de na stoic éisc dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán sin faoi bhun an phointe tagartha réamhchúraim i dtaca le bithmhais (BPA), nó faoi bhun an phointe tagartha teorann i dtaca le bithmhais (BLIM), tá bearta ceartaitheacha le déanamh chun a áirithiú go ndéanfar leibhéil an stoic éisc a athbhunú go tapa os cionn na leibhéal atá in ann MSY a tháirgeadh. In 2025, tháinig CETEI ar an gconclúid go bhfuil bithmhais stoic sceite ag seacht gcinn de na stoic lena mbaineann atá lasmuigh de theorainneacha bitheolaíocha sábháilte, eadhon gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus) in FLGanna CGIM 6, 9 agus 11, colmóirí in FLGanna CGIM 1,5 6 agus 7, colmóirí Eorpacha in FLGanna CGIM 8, 9, 10, agus 11, séaclaí gorma agus séaclaí dearga in FLGanna CGIM 6 agus 7, agus an milléad dearg (Mullus surmuletus) in FLG CGIM 5. Dá bhrí sin, ba cheart bearta ceartaitheacha a chur chun feidhme i ndlí an Aontais, lena ndéantar foráil maidir le teorainneacha gabhála le haghaidh an cholmóra Eorpaigh i gcás soithí iascaireachta a úsáideann eangacha geolbhaigh agus traimlí, agus maidir le híosmhéid tagartha caomhnaithe a thabhairt isteach le haghaidh ghliomach na hIorua.

(16)

Ag an 44ú cruinniú bliantúil a bhí ag CGIM in 2021, ghlac sé Moladh CGIM/44/2021/20 maidir le plean bainistíochta ilbhliantúil um shaothrú inbhuanaithe stoc peiligeach beag i Muir Aidriad (FLGanna CGIM 17 agus 18), moladh lenar tugadh isteach ó 2022 go dtí 2029 uasleibhéal gabhálacha agus uasteorainn ghaolmhar acmhainneachta cabhlaigh le haghaidh soithí peas-saighne agus trálaeir peiligeach a dhíríonn ar pheiligigh bheaga. Ba cheart na bearta sin a bhaineann le 2026 a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.

(17)

Ag an 48ú seisiún bliantúil a bhí ag CGIM in 2025, ghlac sé Moladh CGIM/48/2025/5 maidir le córas iascaireachta fadtéarmach agus teorainn ghabhála in 2026 le haghaidh speicis peiligeach beag a chur ar bun i Muir Aidriad (FLGanna CGIM 17 agus 18), lena leasaítear Moladh CGIM/44/2021/20 agus lena n-aisghairtear Moltaí CGIM/42/2018/8, CGIM/40/2016/3, CGIM/39/2015/1, CGIM/38/2014/1, CGIM/37/2013/1 agus CGIM/30/2006/1. Le Moladh CGIM/48/2025/5, bunaítear teorainneacha gabhála le haghaidh 2026 maidir le hainseabhaithe (Engraulis encrasicolus) agus sairdíní (Sardina pilchardus), i gcomhréir leis na rialacha buainte. Ba cheart leithdháileadh na ndeiseanna iascaireachta idir na Ballstáit a bheith bunaithe ar ghabhálacha stairiúla gach Ballstáit lena mbaineann. Ba cheart na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.

(18)

Ag an 43ú cruinniú bliantúil a bhí ag CGIM in 2019, ghlac sé Moladh CGIM/43/2019/5 maidir le plean bainistíochta ilbhliantúil um iascaigh ghrinnill inbhuanaithe i Muir Aidriad (FLGanna CGIM 17 agus 18), moladh lenar tugadh isteach córas iarrachta iascaireachta agus uasteorainn acmhainneachta cabhlaigh le haghaidh stoic ghrinnill áirithe, mar aon le hoibleagáid FMSY a bhaint amach le haghaidh na bpríomh-stoc in 2026. Ba cheart na bearta sin a bhaineann le 2026 a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.

(19)

Ag an 48ú seisiún bliantúil a bhí ag CGIM in 2025, ghlac sé Moladh CGIM/48/2025/6 maidir le córas iarrachta iascaireachta a chur chun feidhme le haghaidh príomhstoic ghrinnill i Muir Aidriad (FLGanna CGIM 17 agus 18) in 2026, ag eascairt as Moladh CGIM/43/2019/5. Le Moladh CGIM/48/2025/6, déantar foráil maidir le laghdú 9,6 % ar an gcóras iarrachta iascaireachta i gcás soithí tráil dobharchú agus maidir le méadú 3 % i gcomparáid le leibhéil iarrachta 2025 le haghaidh soithí tráil bhíoma. Chun na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais, ba cheart, dá bhrí sin, 9,6 % a asbhaint den uasiarracht iascaireachta incheadaithe le haghaidh soithí tráil dobharchú a shocraítear le haghaidh 2025 le Rialachán (AE) 2025/219 agus ba cheart an uasiarracht iascaireachta incheadaithe le haghaidh soithí tráil bhíoma a mhéadú 3 % i gcomparáid le leibhéil 2025.

(20)

Agus saintréithe chabhlach na Slóivéine agus an tionchar beag a bhíonn aige ar stoic peiligeach beag agus stoic ghrinnill á gcur san áireamh, agus i gcomhréir le mír 33 de Mholadh CGIM/44/2021/20 agus le mír 13 de Mholadh CGIM/43/2019/5, is iomchuí na patrúin iascaireachta atá ann cheana a chaomhnú agus rochtain chabhlach na Slóivéine a áirithiú ar íosmhéid speiceas peiligeach beag agus ar leithdháileadh íosta iarrachta le haghaidh stoic ghrinnill.

(21)

Ag an 45ú cruinniú bliantúil a bhí ag CGIM in 2022, ghlac sé Moladh CGIM/45/2022/4 maidir le plean bainistíochta ilbhliantúil um shaothrú inbhuanaithe stoc grinnill i gCaolas na Sicile (FLGanna CGIM 12 go 16), lena n-aisghairtear Moltaí CGIM/44/2021/12 agus CGIM/42/2018/5. Le Moladh CGIM/45/2022/4, tugadh isteach córas iarrachta le haghaidh colmóirí Eorpacha agus teorainneacha gabhála le haghaidh rós-séaclaí domhainmhara (Parapenaeus longirostris), chomh maith le reo acmhainneachta iascaireachta. Ba cheart na bearta sin a bhaineann le 2026 a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.

(22)

Ag an 48ú seisiún bliantúil a bhí ag CGIM in 2025, ghlac sé Moladh CGIM/48/2025/2 maidir le síneadh a chur le hidirthréimhse an phlean bainistíochta ilbhliantúil um shaothrú inbhuanaithe stoc grinnill i gCaolas na Sicile (FLGanna CGIM 12 go 16), lena leasaítear Moladh CGIM/45/2022/4. Le Moladh CGIM/48/2025/2, déantar foráil maidir le síneadh bliana a chur le hidirthréimhse an phlean bainistíochta agus coinnítear ar bun le haghaidh 2026 na deiseanna iascaireachta a socraíodh in 2025. Chun na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais, ba cheart, dá bhrí sin, uasleibhéal gabhálacha arna shocrú le haghaidh 2025 le Rialachán (AE) 2025/219 a choinneáil ar bun le haghaidh 2026.

(23)

Ag an 45ú cruinniú bliantúil a bhí ag CGIM in 2022, ghlac sé Moladh CGIM/45/2022/5 maidir le plean bainistíochta ilbhliantúil um shaothrú inbhuanaithe stoc séaclaí móra dearga agus séaclaí gorma agus dearga i gCaolas na Sicile (FLGanna CGIM 12 go 16), lena n-aisghairtear Moltaí CGIM/44/2021/7 agus CGIM/43/2019/6. Le Moladh CGIM/45/2022/5, tugadh isteach teorainn ghabhála agus reo acmhainneachta iascaireachta. Ba cheart na bearta sin a bhaineann le 2026 a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.

(24)

Ag an 48ú seisiún bliantúil a bhí ag CGIM in 2025, ghlac sé Moladh CGIM/48/2025/9 maidir le síneadh a chur le hidirthréimhse an phlean bainistíochta ilbhliantúil um shaothrú inbhuanaithe stoc na séaclaí móra dearga agus na séaclaí gorma agus dearga i gCaolas na Sicile (FLGanna CGIM 12 go 16), lena leasaítear Moladh CGIM/45/2022/5. Le haghaidh 2026, déantar foráil le Moladh CGIM/48/2025/9 maidir le síneadh bliana a chur le hidirthréimhse an phlean bainistíochta agus laghdú 3 % ar na huasteorainneacha gabhála le haghaidh séaclaí móra dearga agus séaclaí gorma agus dearga. Chun na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais, ba cheart, dá bhrí sin, 3 % a bhaint de na huasteorainneacha gabhála le haghaidh séaclaí móra dearga agus séaclaí gorma agus dearga a shocraítear le haghaidh 2025 le Rialachán (AE) 2025/219.

(25)

Ag an 45ú cruinniú bliantúil a bhí ag CGIM in 2022, ghlac sé Moladh CGIM/45/2022/6 maidir le plean bainistíochta ilbhliantúil um shaothrú inbhuanaithe stoc séaclaí móra dearga agus séaclaí gorma agus dearga sa Mhuir Iónach (FLGanna CGIM 19 go 21), lena n-aisghairtear Moltaí CGIM/44/2021/8 agus CGIM/42/2018/4. Le Moladh CGIM/45/2022/6, tugadh isteach teorainn ghabhála agus reo acmhainneachta iascaireachta. Ba cheart na bearta sin a bhaineann le 2026 a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.

(26)

Ag an 48ú seisiún bliantúil a bhí ag CGIM in 2025, ghlac sé Moladh CGIM/48/2025/3 maidir le síneadh a chur le hidirthréimhse an phlean bainistíochta ilbhliantúil um shaothrú inbhuanaithe stoc séaclaí móra dearga agus séaclaí gorma agus dearga sa Mhuir Iónach (FLGanna CGIM 19 go 21), lena leasaítear Moladh CGIM/45/2022/6. Le haghaidh 2026, déantar foráil le Moladh CGIM/48/2025/9 maidir le síneadh bliana a chur le hidirthréimhse an phlean bainistíochta agus laghdú 3 % ar na huasteorainneacha gabhála le haghaidh séaclaí móra dearga agus séaclaí gorma agus dearga. Chun na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais, ba cheart, dá bhrí sin, 3 % a bhaint de na huasteorainneacha gabhála le haghaidh séaclaí móra dearga agus séaclaí gorma agus dearga a shocraítear le haghaidh 2025 le Rialachán (AE) 2025/219.

(27)

Ag an 45ú cruinniú bliantúil a bhí ag CGIM in 2022, ghlac sé Moladh CGIM/45/2022/7 maidir le plean bainistíochta ilbhliantúil um shaothrú inbhuanaithe stoc séaclaí móra dearga agus séaclaí gorma agus dearga i Muir na Leiveainte (FLGanna CGIM 24 go 27), lena n-aisghairtear Moltaí CGIM/44/2021/6 agus CGIM/42/2018/3. Le Moladh CGIM/45/2022/7, tugadh isteach teorainn ghabhála agus reo acmhainneachta iascaireachta. Ba cheart na bearta sin a bhaineann le 2026 a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.

(28)

Ag an 48ú seisiún bliantúil a bhí ag CGIM in 2025, ghlac sé Moladh CGIM/48/2025/4 maidir le síneadh a chur le hidirthréimhse an phlean bainistíochta ilbhliantúil um iascaigh tráil ghrinnill inbhuanaithe a bhíonn ag díriú ar shéaclaí móra dearga agus séaclaí gorma agus dearga i Muir na Leiveainte (FLGanna CGIM 24 go 27), lena leasaítear Moladh CGIM/45/2022/7. Le haghaidh 2026, déantar foráil i Moladh CGIM/48/2025/4 maidir le síneadh bliana a chur le hidirthréimhse an phlean bainistíochta agus laghdú 3 % ar na huasteorainneacha gabhála le haghaidh séaclaí móra dearga agus séaclaí gorma agus dearga. Chun na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais, ba cheart, dá bhrí sin, 3 % a bhaint de na huasteorainneacha gabhála le haghaidh séaclaí móra dearga agus séaclaí gorma agus dearga a shocraítear le haghaidh 2025 le Rialachán (AE) 2025/219.

(29)

Ag an 45ú cruinniú bliantúil a bhí ag CGIM in 2022, ghlac sé Moladh CGIM/45/2022/3 maidir le plean bainistíochta ilbhliantúil um shaothrú inbhuanaithe deargán (Pagellus bogaraveo) i Muir Alboran (FLGanna CGIM 1 go 3), lena n-aisghairtear Moltaí CGIM/44/2021/4, CGIM/43/2019/2 agus CGIM/41/2017/2. Le Moladh CGIM/45/2022/3, tugadh isteach líon uasta na mbád spiléireachta agus na mbád lámhdhorú atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh i Muir Alboran. Ba cheart an beart sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.

(30)

Ag an 48ú seisiún bliantúil a bhí ag CGIM in 2025, ghlac sé Moladh CGIM/48/2025/7 maidir le córas iascaireachta fadtéarmach le haghaidh deargán i Muir Alboran (FLGanna CGIM 1 go 3), ag eascairt as Moladh CGIM/45/2022/3 agus lena n-aisghairtear Moltaí CGIM/47/2024/3 agus CGIM/46/2023/15. Le haghaidh 2026, le Moladh CGIM/48/2025/7, tugadh isteach laghdú 56 % ar na teorainneacha gabhála le haghaidh deargán. Chun na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais, ba cheart, dá bhrí sin, 56 % a bhaint de na huasteorainneacha gabhála a shocraítear le haghaidh 2025 le Rialachán (AE) 2025/219.

(31)

Ar bhonn na comhairle eolaíche a chuir Meitheal CGIM maidir leis an Muir Dhubh ar fáil, ba cheart an leibhéal básmhaireachta iascaireachta atá ann faoi láthair le haghaidh salán (Sprattus sprattus) a choinneáil ar bun chun inbhuanaitheacht na stoc salán sa Mhuir Dhubh a áirithiú (FLG CGIM 29). Is iomchuí, mar sin, leanúint de chuóta uathrialach a shocrú le haghaidh an stoic seo.

(32)

Ag an 47ú cruinniú bliantúil a bhí ag CGIM in 2024, ghlac sé Moladh CGIM/47/2024/8 lena leasaítear Moltaí CGIM/43/2019/3 agus CGIM/41/2017/4 maidir le plean bainistíochta ilbhliantúil um iascaigh turbard (Scophthalmus maximus) sa Mhuir Dhubh (FLG CGIM 29). Le Moladh CGIM/47/2024/8, tugadh isteach gabháil iomlán incheadaithe (TAC) réigiúnach nuashonraithe agus scéim leithdháilte cuótaí le haghaidh turbard. I gcomhréir le Moladh CGIM/41/2017/4, tá nasc feidhmiúil ag an tréimhse choiscthe 2 mhí agus an teorainn 180 lá iascaireachta in aghaidh na bliana leis na deiseanna iascaireachta le haghaidh turbard, ós rud é, in éagmais na mbeart sin, go gcaithfí an TAC a laghdú chun téarnamh an speicis sin a áirithiú. Ba cheart na bearta sin a bhaineann le 2026 a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.

(33)

Ag an 48ú cruinniú bliantúil a bhí ag CGIM in 2025, d’fhormheas sé tabhairt anonn cuóta turbard an Aontais nár úsáideadh in 2024. Ba cheart an beart sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais. Ba cheart dáileadh na ndeiseanna iascaireachta a eascróidh ón tearcúsáid sin a dhéanamh ar bhonn an rannchuidithe ar leith de chuid gach Ballstáit i leith na tearcúsáide, gan an eochair dháilte arna bunú le Rialachán (AE) 2024/259 maidir le leithdháileadh bliantúil TAC a mhodhnú.

(34)

Tá úsáid na ndeiseanna iascaireachta atá ar fáil do shoithí iascaireachta de chuid an Aontais a leagtar amach sa Rialachán seo faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle (6), agus go háirithe Airteagail 33 agus 34 de a bhaineann le gabhálacha agus iarrachtaí iascaireachta a thaifeadadh agus fógra a thabhairt faoi shonraí i ndáil le hídiú deiseanna iascaireachta. Na cóid atá le húsáid ag na Ballstáit agus sonraí á gcur chuig an gCoimisiún maidir le stoic atá faoi réir an Rialacháin seo a thabhairt i dtír, is gá, dá bhrí sin na cóid sin a shonrú.

(35)

Ionas nach gcuirfear isteach ar ghníomhaíochtaí iascaireachta agus chun slí bheatha iascairí an Aontais a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2026. Ar chúiseanna práinne, ba cheart an Rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Raon feidhme

1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le soithí iascaireachta de chuid an Aontais a fheidhmíonn sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh agus a shaothraíonn na stoic éisc seo a leanas:

(a)

an eascann Eorpach (Anguilla anguilla), coiréalach dearg (Corallium rubrum) agus an dorád coiteann (Coryphaena hippurus) sa Mheánmhuir;

(b)

an séacla gorm agus dearg (Aristeus antennatus), an rós-séacla domhainmhara (Parapenaeus longirostris), an séacla mór dearg (Aristaeomorpha foliacea), an colmóir Eorpach (Merluccius merluccius), gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus) agus an lannach riabhach (Mullus barbatus) sa Mheánmhuir Thiar;

(c)

an t-ainseabhaí (Engraulis encrasicolus) agus an sairdín (Sardina pilchardus) i Muir Aidriad;

(d)

an colmóir Eorpach (Merluccius merluccius), gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus), an sól coiteann (Solea solea), an rós-séacla domhainmhara (Parapenaeus longirostris) agus an lannach riabhach (Mullus barbatus) i Muir Aidriad;

(e)

an colmóir Eorpach (Merluccius merluccius) agus an rós-séacla domhainmhara (Parapenaeus longirostris) i gCaolas na Sicile;

(f)

an séacla mór dearg (Aristaeomorpha foliacea) agus an séacla gorm agus dearg (Aristeus antennatus) i gCaolas na Sicile, sa Mhuir Iónach agus i Muir na Leiveainte;

(g)

an deargán (Pagellus bogaraveo) i Muir Alboran;

(h)

an salán (Sprattus sprattus) agus an turbard (Scophthalmus maximus) sa Mhuir Dhubh.

2.   Tá feidhm ag an Rialachán seo freisin maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear an t-iascach áineasa, i gcás ina dtagraítear go sainráite do na gníomhaíochtaí iascaireachta sin sna forálacha ábhartha.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe a leagtar síos in Airteagal 4(1) Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Ina theannta sin, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn ‘uiscí idirnáisiúnta’ uiscí atá lasmuigh de cheannasacht nó de dhlínse aon Stáit;

(b)

ciallaíonn ‘iascach áineasa’ gníomhaíochtaí iascaireachta neamhthráchtála lena saothraítear acmhainn bhitheolaíoch na mara le haghaidh áineasa, turasóireachta nó spóirt;

(c)

ciallaíonn ‘gabháil iomlán incheadaithe’ (TAC):

(i)

in iascaigh atá faoi réir na díolúine ón oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír mar a leagtar síos in Airteagal 15(4) go (7) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, an chainníocht éisc a fhéadtar a thabhairt i dtír as gach stoc gach bliain;

(ii)

sna hiascaigh eile uile, an chainníocht éisc a fhéadtar a ghabháil as gach stoc i gcaitheamh bliana;

(d)

ciallaíonn ‘cuóta’ cion den TAC a leithdháiltear ar an Aontas nó ar Bhallstát;

(e)

ciallaíonn ‘cuóta uathrialach de chuid an Aontais’ teorainn ghabhála a leithdháiltear go huathrialach ar shoithí iascaireachta de chuid an Aontais in éagmais TAC comhaontaithe;

(f)

ciallaíonn ‘cuóta anailíseach’ cuóta uathrialach de chuid an Aontais a bhfuil measúnú anailíseach ar fáil ina leith;

(g)

ciallaíonn ‘measúnú anailíseach’ meastóireacht chainníochtúil ar threochtaí i stoc ar leith, bunaithe ar shonraí maidir le bitheolaíocht agus saothrú an stoic sin, ar léirigh athbhreithniú eolaíoch na sonraí sin a bheith de cháilíocht leordhóthanach chun comhairle eolaíoch a sholáthar i ndáil le roghanna maidir le gabhálacha amach anseo;

(h)

ciallaíonn ‘feiste comhthiomsaithe éisc’ (FAD) aon trealamh ar ancaire a bhíonn ar snámh ar dhromchla na farraige arb é is aidhm dó éisc a mhealladh.

Airteagal 3

Limistéir iascaireachta

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas maidir le limistéir iascaireachta:

(a)

ciallaíonn ‘folimistéir gheografacha CGIM’ (FLGanna CGIM) na limistéir a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2124 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7);

(b)

ciallaíonn ‘an Mheánmhuir’ na huiscí i bhfolimistéir gheografacha CGIM 1 go 27, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2124;

(c)

ciallaíonn ‘an Mheánmhuir Thiar’ na huiscí i bhfolimistéir gheografacha CGIM 1, 2, 5, 6, 7, 8, 9, 10 agus 11 mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2124;

(d)

ciallaíonn ‘Muir Aidriad’ na huiscí i bhfolimistéir gheografacha CGIM 17 agus 18, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2124;

(e)

ciallaíonn ‘Caolas na Sicile’ na huiscí i bhfolimistéir gheografacha CGIM 12, 13, 14, 15 agus 16, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2124;

(f)

ciallaíonn ‘an Mhuir Iónach’ na huiscí i bhfolimistéir gheografacha CGIM 19, 20 agus 21, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2124;

(g)

ciallaíonn ‘Muir na Leiveainte’ na huiscí i bhfolimistéir gheografacha CGIM 24, 25, 26 agus 27, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2124;

(h)

ciallaíonn ‘Muir Alboran’ na huiscí i bhfolimistéir gheografacha CGIM 1, 2 agus 3, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2124;

(i)

ciallaíonn ‘an Mhuir Dhubh’ na huiscí i bhfolimistéar geografach CGIM 29, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2124.

TEIDEAL II

DEISEANNA IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS

Caibidil I

An Mheánmhuir

Airteagal 4

An eascann Eorpach

1.   Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir le folimistéir gheografacha CGIM 1 go 27, le huiscí goirt agus le fionnuiscí. Áirítear le huiscí goirt inbhir, murlaigh chósta agus uiscí trasdultacha.

2.   Cuirfear toirmeasc ar ghabháil do ghníomhaíochtaí iascaireachta tráchtála le haghaidh eascanna Eorpacha (Anguilla anguilla) ar mó ná 12 cm a bhfad foriomlán, mar spriocspeiceas nó mar fhoghabháil de thaisme, ar feadh tréimhse 6 mhí in 2026 ar a laghad. Chuige sin, cinnfidh gach Ballstát lena mbaineann tréimhse choiscthe amháin nó níos mó faoi réir an mhéid seo a leanas:

(a)

i gcás inarb iomchuí, féadfaidh an tréimhse choiscthe nó na tréimhsí coiscthe a bheith éagsúil laistigh de Bhallstát amháin ó limistéar iascaireachta go chéile chun patrún imirce geografaí agus aimseartha na heascainne Eorpaí a chur san áireamh ag na céimeanna difriúla dá saolré;

(b)

mairfidh an tréimhse choiscthe nó na tréimhsí coiscthe 6 mhí as a chéile ar a laghad, nó 6 mhí ar an iomlán i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i mír 3; agus

(c)

beidh an tréimhse choiscthe nó na tréimhsí coiscthe comhsheasmhach leis na cuspóirí caomhnaithe a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1100/2007 ón gComhairle (8), leis na pleananna náisiúnta bainistíochta atá i bhfeidhm agus le patrúin imirce aimseartha na heascainne Eorpaí ag an gcéim shaoil lena mbaineann sa Bhallstát lena mbaineann.

3.   Beidh an tréimhse choiscthe idir an 1 Eanáir agus an 31 Márta 2026, agus bunóidh gach Ballstát lena mbaineann tréimhse choiscthe bhreise 3 mhí idir an 1 Aibreán agus an 30 Samhain 2026.

4.   Údarófar gníomhaíochtaí iascaireachta tráchtála le haghaidh eascanna Eorpacha ar lú ná 12 cm a bhfad foriomlán gach bliain ar feadh tréimhse 2 mhí, agus déanfaidh institiúid eolaíoch ainmnithe faireachán ar na gníomhaíochtaí iascaireachta sin agus déanfaidh sí maoirseacht ar bhailiú sonraí agus ar anailís sonraí.

5.   An líon uasta údaruithe iascaireachta agus an líon uasta trealaimh éighníomhaigh atá údaraithe chun díriú ar eascanna Eorpacha ar lú ná 12 cm a bhfad foriomlán chun críoch tráchtála, ní rachaidh siad thar na leibhéil a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

6.   Toirmiscfear iascach áineasa na heascainne Eorpaí ag gach céim dá saolré.

7.   Déanfaidh gach Ballstát lena mbaineann an Coimisiún a chur ar an eolas:

(a)

maidir leis an tréimhse choiscthe nó na tréimhsí coiscthe a chinn sé i gcomhréir le míreanna 2 agus 3, faoin 1 Márta 2026;

(b)

maidir leis na bearta náisiúnta a bhaineann leis an tréimhse choiscthe nó na tréimhsí coiscthe a chinn sé i gcomhréir le míreanna 2 agus 3, laistigh de 2 sheachtain óna nglactha; agus

(c)

maidir leis an tréimhse atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh ar eascanna Eorpacha ar lú ná 12 cm a bhfad foriomlán i gcomhréir le mír 4, faoin 1 Márta 2026.

Airteagal 5

An coiréalach dearg

1.   Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na gníomhaíochtaí uile a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais i ndáil le saothrú coiréalaigh dheirg (Corallium rubrum) sa Mheánmhuir.

2.   Le haghaidh iascaigh spriocdhírithe, maidir leis an líon uasta údaruithe iascaireachta agus uaschainníochtaí stoc coiréalaigh dheirg a bhaineann soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus a bhaintear trí ghníomhaíochtaí de chuid an Aontais, ní rachaidh an líon sin thar na leibhéil a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

Airteagal 6

An dorád coiteann

1.   Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na gníomhaíochtaí tráchtála uile a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais a dhíríonn ar dhoráid choiteanna (Coryphaena hippurus) trí FADanna a úsáid sa Mheánmhuir. Tá feidhm aige freisin maidir le hiascach áineasa dorád coiteann sa Mheánmhuir.

2.   Leagtar amach in Iarscríbhinn III an uasacmhainneacht cabhlaigh, arna sloinneadh ina líon soithí, ina kW agus ina holltonnáiste (GT), de shoithí iascaireachta de chuid an Aontais atá údaraithe le hiascaireacht a dhéanamh ar dhoráid choiteanna.

3.   Leagtar amach in Iarscríbhinn III an líon uasta FADanna in aghaidh an tsoithigh atá údaraithe le hiascaireacht a dhéanamh ar dhoráid choiteanna.

4.   Ní shárófar leis an uasleibhéal gabhálacha dorád coiteann na leibhéil a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

5.   Ceadófar iascaigh áineasa doráid choiteanna ón 15 Lúnasa go dtí an 31 Nollaig agus beidh an líon uasta gabhálacha teoranta do 10 kg nó do 5 iasc d’aon mhéid in aghaidh an duine in aghaidh an lae.

Caibidil II

An Mheánmhuir Thiar

Airteagal 7

Stoic ghrinnill

1.   Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na gníomhaíochtaí iascaireachta uile a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus gníomhaíochtaí iascaireachta eile de chuid an Aontais lena ngabhtar stoic ghrinnill dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) 2019/1022 sa Mheánmhuir Thiar.

2.   Leagtar amach an uasiarracht iascaireachta incheadaithe do thrálaeir agus do bháid spiléireachta in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo. Déanfaidh na Ballstáit an uasiarracht iascaireachta incheadaithe a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2019/1022 agus le hAirteagail 26 go 34 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

3.   Leagtar amach na huasteorainneacha gabhála le haghaidh séaclaí domhainmhara i Muir Alboran, ar na hOileáin Bhailéaracha, i dTuaisceart na Spáinne agus i Murascaill an Leoin in Iarscríbhinn IV.

4.   Leagtar amach na huasteorainneacha gabhála le haghaidh séaclaí domhainmhara ar Oileán na Corsaice, sa Mhuir Liogúrach, i Muir Thoirian agus ar Oileán na Sairdíne in Iarscríbhinn IV.

5.   Beidh leithdháileadh na ndeiseanna iascaireachta i measc na mBallstát a leagtar amach in Iarscríbhinn IV gan dochar do na nithe seo a leanas:

(a)

malartuithe arna ndéanamh de bhun Airteagal 16(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(b)

asbhaintí agus ath-leithdháiltí arna ndéanamh de bhun Airteagal 37 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009;

(c)

tabhairt i dtír breise arna gceadú faoi Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 ón gComhairle (9) nó faoi Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(d)

cainníochtaí arna gcoinneáil siar i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 nó arna n-aistriú faoi Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(e)

asbhaintí arna ndéanamh de bhun Airteagail 105, 106 agus 107 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

Airteagal 8

Sásra cúitimh

1.   Maidir leis an roinn cabhlaigh lena mbaineann, féadfaidh Ballstát reachtaíocht náisiúnta a ghlacadh maidir le sásra cúitimh chun leithdháileadh breise laethanta iascaireachta a dheonú in 2026 do shoithí incháilithe a bhfuil a bhratach ar foluain acu mar a fhoráiltear i mír 2 agus arna ríomh i gcomhréir le míreanna 7 agus 8, ar choinníoll go gcomhlíonann an soitheach a fhaigheann an leithdháileadh breise ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas arna socrú ar an leibhéal náisiúnta:

(a)

úsáideann an soitheach trál a bhfuil soc-fhoirceann de mhogall cearnógach de 45 mm ar a laghad aige agus é ag iascaireacht sa scairbh ilchríochach agus san fhána uachtarach;

(b)

úsáideann an soitheach trál a bhfuil soc-fhoirceann de mhogall cearnógach de 50 mm ar a laghad aige agus é ag iascaireacht sa scairbh ilchríochach agus san fhána uachtarach agus in uiscí doimhne;

(c)

tá gníomhaíocht an tsoithigh faoi réir tréimhse choiscthe lena dtoirmisctear gníomhaíochtaí iascaireachta le haghaidh trálaer ag doimhneachtaí idir 100 m agus 500 m ar feadh 6 seachtaine i ndiaidh a chéile ar a laghad idir mí Feabhra agus mí Mheán Fómhair;

(d)

tá gníomhaíocht an tsoithigh faoi réir tréimhse choiscthe lena dtoirmisctear gníomhaíochtaí iascaireachta le haghaidh trálaer in FLGanna CGIM 8, 9, 10 agus 11 ar feadh 4 seachtaine i ndiaidh a chéile ar a laghad idir mí an Mhárta agus mí Dheireadh Fómhair;

(e)

tá gníomhaíocht an tsoithigh faoi réir tréimhse choiscthe lena dtoirmisctear gníomhaíochtaí iascaireachta le haghaidh trálaer in FLGanna CGIM 1, 2, 5, 6 agus 7 ar feadh 4 seachtaine i ndiaidh a chéile ar a laghad idir mí an Mhárta agus mí Dheireadh Fómhair;

(f)

tagann 5 % ar a laghad de mheánna an tsoithigh ag doimhneachtaí idir 100 m agus 500 m laistigh de limistéar atá faoi réir tréimhse choiscthe 12 mhí lena dtoirmisctear gníomhaíochtaí iascaireachta;

(g)

tagann meánna an tsoithigh faoi limistéar coiscthe sealadaigh arna bhunú chun gabhálacha sceithirí colmóirí Eorpacha a laghdú 20 % ar a laghad;

(h)

tagann meánna an tsoithigh faoi limistéar coiscthe sealadaigh arna bhunú chun gabhálacha iasc óg de gach speiceas grinnill a laghdú faoi 25 % ar a laghad nó chun gabhálacha sceitheacha de gach speiceas grinnill a laghdú faoi 20 % ar a laghad;

(i)

tá meánna an tsoithigh faoi réir buanchosc le haghaidh gníomhaíocht iascaireachta le trálaeir a dhéanann iascaireacht ar an séacla gorm agus dearg agus ar an séacla mór dearg in uiscí doimhne ag doimhneacht faoi bhun 600 m;

(j)

tá meánna an tsoithigh faoi réir buanchosc le haghaidh gníomhaíocht iascaireachta arna déanamh ag trálaeir a bhíonn ag iascaireacht in uiscí doimhne ag doimhneacht faoi bhun 800 m;

(k)

úsáideann an soitheach trál a bhfuil doirse eitilte nó doirse meánuiscí, cláir otair ísealteagmhála nó doirse eile a laghdaíonn teagmháil na ndoirse agus an fhearais le grinneall na farraige, chun gnáthóga riachtanacha éisc na speiceas grinnill a chaomhnú;

(l)

úsáideann an soitheach trealamh an-roghnaíoch arb é an toradh a bhíonn ar shonraíochtaí teicniúla an trealaimh sin, de réir staidéar a rinne CETEI, laghdú 25 % ar a laghad de ghabhálacha iasc óg de gach speiceas grinnill nó 20 % ar a laghad de sceithirí gach speiceas grinnill i gcomparáid le 2020, mar shampla greille shórtála ag a bhfuil spásáil 20 mm;

(m)

tagann 10 % ar a laghad de mheánna an tsoithigh ag doimhneachtaí idir 300 m agus 600 m laistigh de limistéar atá faoi réir buanchosc le haghaidh gníomhaíocht iascaireachta arna déanamh ag trálaeir a bhíonn ag iascaireacht ghliomaigh na hIorua in FLGanna CGIM 6, 9 nó 11;

(n)

má chuireann an Ballstát lena mbaineann chun feidhme stop buan le 5 % go 10 % den chabhlach lena mbaineann nó le níos mó ná 10 % den chabhlach lena mbaineann.

2.   Ríomhtar leithdháileadh na laethanta iascaireachta breise dá dtagraítear i mír 1 mar seo a leanas:

(a)

má chomhlíonann soitheach an coinníoll a leagtar amach i mír 1, pointe (a), féadfaidh Ballstát leithdháileadh na laethanta iascaireachta a mhéadú 9,3 % ach amháin sna cásanna a leanas:

tá an beart sin á chur chun feidhme ag an soitheach lena mbaineann roimh an 1 Bealtaine 2026, agus sa chás sin féadfar leithdháileadh na laethanta iascaireachta a mhéadú 18,6 %;

leis na soithí atá ag cur an bhirt sin chun feidhme roimh an 1 Bealtaine 2026 cuimsítear níos mó ná 40 % de chabhlach an Bhallstáit lena mbaineann san ABI, agus sa chás sin féadfar leithdháileadh na laethanta iascaireachta a mhéadú 25 %;

tá feidhm ag an mbeart maidir le soithí uile an Bhallstáit lena mbaineann san ABI roimh an 1 Bealtaine 2026, agus sa chás sin féadfar leithdháileadh na laethanta iascaireachta a mhéadú 30 %; nó

tá an beart sin curtha chun feidhme ag an soitheach lena mbaineann cheana féin in 2025 agus leanann sé dá chur chun feidhme in 2026 gan bhriseadh, agus sa chás sin féadfar leithdháileadh laethanta iascaireachta an tsoithigh sin a mhéadú 37 %; (b) ní fhéadfar na céatadáin dá dtagraítear sa phointe seo a charnadh;

(b)

má chomhlíonann soitheach an coinníoll a leagtar amach i mír 1, pointe (b), féadfaidh Ballstát leithdháileadh na laethanta iascaireachta a mhéadú 15,4 % ach amháin sna cásanna a leanas:

tá an beart sin á chur chun feidhme ag an soitheach lena mbaineann roimh an 1 Bealtaine 2026, agus sa chás sin féadfar leithdháileadh na laethanta iascaireachta a mhéadú 30,8 %;

leis na soithí atá ag cur an bhirt sin chun feidhme roimh an 1 Bealtaine 2026 cuimsítear níos mó ná 40 % de chabhlach an Bhallstáit lena mbaineann san ABI, agus sa chás sin féadfar leithdháileadh na laethanta iascaireachta a mhéadú 40 %;

tá feidhm ag an mbeart maidir le soithí uile an Bhallstáit lena mbaineann san ABI roimh an 1 Bealtaine 2026, agus sa chás sin féadfar leithdháileadh na laethanta iascaireachta a mhéadú 50 %; nó

tá an beart sin curtha chun feidhme ag an soitheach lena mbaineann cheana féin in 2025 agus leanann sé dá chur chun feidhme in 2026 gan bhriseadh, agus sa chás sin féadfar leithdháileadh laethanta iascaireachta an tsoithigh sin a mhéadú 55 %; ní fhéadfar na céatadáin dá dtagraítear sa phointe seo a charnadh;

(c)

má tá gníomhaíocht an tsoithigh faoi réir an choinníll a leagtar amach i mír 1, pointe (c), féadfaidh Ballstát leithdháileadh na laethanta iascaireachta a mhéadú 10 %, mura rud é go raibh an soitheach lena mbaineann faoi réir an choinníll sin cheana féin in 2025 agus go leanfaidh sé de bheith faoina réir in 2026, agus sa chás sin féadfar leithdháileadh laethanta iascaireachta an tsoithigh sin a mhéadú 12 %; ní fhéadfar na céatadáin dá dtagraítear sa phointe seo a charnadh;

(d)

má tá gníomhaíocht an tsoithigh faoi réir an choinníll a leagtar amach i mír 1, pointe (d), féadfaidh Ballstát leithdháileadh na laethanta iascaireachta a mhéadú 15 %, mura rud é go raibh an soitheach lena mbaineann faoi réir an choinníll sin cheana féin in 2025 agus go leanfaidh sé de bheith faoina réir in 2026, agus sa chás sin féadfar leithdháileadh laethanta iascaireachta an tsoithigh sin a mhéadú 18 %; má chuirtear síneadh leanúnach leis an tréimhse choiscthe ar feadh seachtainí breise, féadfar leithdháileadh laethanta iascaireachta an tsoithigh sin a mhéadú 2 % in aghaidh na seachtaine breise; ní fhéadfar na céatadáin dá dtagraítear sa phointe seo a charnadh;

(e)

má tá gníomhaíocht an tsoithigh faoi réir an choinníll a leagtar amach i mír 1, pointe (e), féadfaidh Ballstát leithdháileadh na laethanta iascaireachta a mhéadú 15 %, mura rud é go raibh an soitheach lena mbaineann faoi réir an choinníll sin cheana féin in 2025 agus go leanfaidh sé de bheith faoina réir in 2026, agus sa chás sin féadfar leithdháileadh laethanta iascaireachta an tsoithigh sin a mhéadú 18 %. Má chuirtear síneadh leanúnach leis an tréimhse choiscthe ar feadh seachtainí breise, féadfar leithdháileadh laethanta iascaireachta an tsoithigh sin a mhéadú 2 % in aghaidh na seachtaine breise; ní fhéadfar na céatadáin dá dtagraítear sa phointe seo a charnadh;

(f)

má tá an soitheach faoi réir an choinníll a leagtar amach i mír 1, pointe (g), féadfaidh Ballstát leithdháileadh na laethanta iascaireachta a mhéadú 4 %.

(g)

má tá gníomhaíocht an tsoithigh faoi réir an choinníll a leagtar amach i mír 1, pointe (g), féadfaidh Ballstát leithdháileadh na laethanta iascaireachta a mhéadú 13 %, mura rud é go raibh an soitheach lena mbaineann faoi réir an bhirt sin cheana féin in 2025 agus go leanfaidh sé de bheith faoina réir in 2026, agus sa chás sin féadfar leithdháileadh laethanta iascaireachta an tsoithigh sin a mhéadú 15 %; ní fhéadfar na céatadáin dá dtagraítear sa phointe seo a charnadh;

(h)

má tá gníomhaíocht an tsoithigh faoi réir an choinníll a leagtar amach i mír 1, pointe (h), féadfaidh Ballstát leithdháileadh na laethanta iascaireachta a mhéadú 3 %;

(i)

má tá gníomhaíocht an tsoithigh faoi réir an choinníll a leagtar amach i mír 1, pointe (i), féadfaidh Ballstát leithdháileadh na laethanta iascaireachta a mhéadú 6 %;

(j)

má tá gníomhaíocht an tsoithigh faoi réir an choinníll a leagtar amach i mír 1, pointe (j), féadfaidh Ballstát leithdháileadh na laethanta iascaireachta a mhéadú 3 %, céatadán is féidir a mhéadú go 5 % má cuireadh an beart sin chun feidhme cheana féin in 2025;

(k)

má chomhlíonann soitheach an coinníoll a leagtar amach i mír 1, pointe (k), féadfaidh Ballstát leithdháileadh na laethanta iascaireachta a mhéadú 3 %;

(l)

má chomhlíonann soitheach an coinníoll a leagtar amach i mír 1, pointe (l), féadfaidh Ballstát leithdháileadh na laethanta iascaireachta a mhéadú 3 %

(m)

má tá gníomhaíocht an tsoithigh faoi réir an choinníll a leagtar amach i mír 1, pointe (m), féadfaidh Ballstát leithdháileadh na laethanta iascaireachta a mhéadú 8 %;

(n)

má tá gníomhaíocht an tsoithigh faoi réir an choinníll a leagtar amach i mír 1, pointe (n), féadfaidh Ballstát leithdháileadh na laethanta iascaireachta a mhéadú 15 %, mura bhfuil feidhm ag stop buan maidir le níos mó ná 10 % den chabhlach lena mbaineann, agus sa chás sin féadfaidh an Ballstát leithdháileadh na laethanta iascaireachta a mhéadú 30 %.

3.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann faoi bhráid an Choimisiúin an dréachtreachtaíocht náisiúnta a bhaineann leis na coinníollacha arna roghnú don sásra cúitimh dá dtagraítear i mír 1 mí amháin ar a laghad sula nglacfar í.

4.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an fhaisnéis seo a leanas faoi bhráid an Choimisiúin:

(a)

liosta de na soithí a bhfuil a mbratach ar foluain acu a chomhlíonann aon cheann de na coinníollacha le haghaidh cúiteamh dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2; agus

(b)

an líon gaolmhar laethanta iascaireachta breise.

5.   Cuirfear an fógra maidir le leithdháileadh na laethanta iascaireachta breise faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Iúil 2026. Déanfar na céatadáin a shonraítear i mír 2 a laghdú faoina leath má chuireann an Ballstát lena mbaineann fógra faoi leithdháileadh na laethanta iascaireachta breise faoi bhráid an Choimisiúin tar éis an 31 Iúil 2026.

6.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann ar leithligh faoi bhráid an Choimisiúin gach mí faisnéis maidir leis an iarracht a rinneadh agus atá le ríomh in aghaidh an leithdháilte bhreise dá dtagraítear i mír 2, trí úsáid a bhaint as na cóid tuairiscithe shonracha a ainmníodh chun na críche sin.

7.   Ríomhfaidh an Ballstát lena mbaineann leithdháileadh na laethanta iascaireachta breise ar bhonn na bonnlíne a chomhfhreagraíonn don uasiarracht iascaireachta incheadaithe a shocraítear le Rialachán (AE) 2024/259, i gcomhréir leis an líon ábhartha soithí incháilithe lena mbaineann na coinníollacha a liostaítear i míreanna 1 agus 2.

8.   Ní dhéanfaidh an Ballstát lena mbaineann laethanta iascaireachta breise a leithdháileadh lena sárófaí uasleibhéal ceadaithe na hiarrachta iascaireachta arna shocrú don ghrúpa ábhartha iarrachta iascaireachta in Rialachán (AE) 2024/259, is é sin, Iarscríbhinn III agus Airteagal 8.

9.   Feabhsóidh an Ballstát lena mbaineann faireachán, rialú agus faireachas na soithí iascaireachta dá dtagraítear san Airteagal seo chun a áirithiú go gcomhlíonfar na coinníollacha incháilitheachta a leagtar síos i mír 1 agus na bearta náisiúnta comhfhreagracha.

10.   Féadfaidh an Ballstát lena mbaineann laethanta breise arna leithdháileadh i gcomhréir leis an Airteagal seo a aistriú idir soithí a chuireann na coinníollacha céanna chun feidhme, ar choinníoll go gcuireann sé fachtóir coinbhéartachta i bhfeidhm lena dtacaíonn an chomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil.

11.   Má chomhlíonann an soitheach lena mbaineann na coinníollacha a leagtar amach i mír 1, pointí (a) agus (b), féadfar líon na laethanta iascaireachta breise a arna leithdháileadh ar an soitheach sin de bhun mhír 2, pointí (a) agus (b), a charnadh.

Airteagal 9

Bearta ceartaitheacha maidir leis an gcolmóir Eorpach in FLGanna CGIM 1, 2, 5, 6 agus 7 agus maidir le gliomach na hIorua in FLG CGIM 6

1.   Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanann soithí de chuid an Aontais lena ngabhtar colmóirí Eorpacha (Merluccius merluccius) in FLGanna CGIM 1, 2, 5, 6 agus 7 agus gliomaigh na hIorua (Nephrops norvegicus) in FLG CGIM 6.

2.   Leagtar amach in Iarscríbhinn IV uasteorainn ghabhála colmóirí Eorpacha le haghaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais a úsáideann eangacha geolbhaigh agus traimlí (GNS, GTR, GND) in uiscí an Aontais sa Mheánmhuir Thiar.

3.   Glacfaidh na Ballstáit íosmhéid tagartha caomhnaithe de 25 mm d’fhad carapáis ar a laghad le haghaidh ghliomach na hIorua.

4.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le hoibríochtaí iascaireachta ar chun críche imscrúduithe eolaíocha iad agus chun na críche sin amháin, ar choinníoll go ndéanfar na himscrúduithe sin i gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).

Airteagal 10

Bearta ceartaitheacha maidir leis an gcolmóir Eorpach in FLGanna CGIM 8, 9, 10 agus 11 agus maidir le gliomach na hIorua in FLGanna CGIM 9 agus 11

1.   Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanann soithí de chuid an Aontais lena ngabhtar colmóirí Eorpacha (Merluccius merluccius) in FLGanna CGIM 8, 9, 10 agus 11 agus gliomaigh na hIorua (Nephrops norvegicus) in FLGanna CGIM 9 agus 11.

2.   Leagtar amach in Iarscríbhinn IV uasteorainn ghabhála colmóirí Eorpacha le haghaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais a úsáideann eangacha geolbhaigh agus traimlí (GNS, GTR, GND) in uiscí an Aontais sa Mheánmhuir Thiar.

3.   Beidh toirmeasc ar threalamh otair dúbailte a úsáid le haghaidh trálaer a bhíonn ag iascaireacht in FLGanna CGIM 8, 9, 10 agus 11.

4.   Glacfaidh na Ballstáit íosmhéid tagartha caomhnaithe de 25 mm d’fhad carapáis ar a laghad le haghaidh ghliomach na hIorua.

5.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le hoibríochtaí iascaireachta ar chun críche imscrúduithe eolaíocha iad agus chun na críche sin amháin, ar choinníoll go ndéanfar na himscrúduithe sin i gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241.

Airteagal 11

Taifeadadh agus tarchur sonraí

1.   Déanfaidh na Ballstáit taifead ar na sonraí maidir le hiarracht iascaireachta agus tarchuirfidh siad chuig an gCoimisiún iad i gcomhréir le hAirteagail 33 agus 34 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 agus Airteagail 146c, 146d agus 146e de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 ón gCoimisiún (11).

2.   Nuair a chuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin, de bhun Airteagail 33 agus 34 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, sonraí a bhaineann leis an iarracht iascaireachta, úsáidfidh siad na cóid grúpa iarrachta iascaireachta a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo.

Caibidil III

Muir Aidriad

Airteagal 12

Stoic peiligeach beag

1.   Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na gníomhaíochtaí iascaireachta uile a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais lena ngabhtar sairdíní (Sardina pilchardus) agus ainseabhaithe (Engraulis encrasicolus) i Muir Aidriad.

2.   Ní sháróidh an t-uasleibhéal gabhálacha sairdíní agus ainseabhaithe na leibhéil a leagtar amach in Iarscríbhinn V.

3.   Leagtar amach in Iarscríbhinn V an uasacmhainneacht cabhlaigh, arna sloinneadh ina líon soithí, ina kW agus ina GT, de shoithí iascaireachta de chuid an Aontais atá údaraithe le hiascaireacht a dhéanamh ar stoic peiligeach beag.

4.   Ní bheidh feidhm ag Airteagail 3 agus 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 i gcás ina n-úsáidfidh Ballstát an tsolúbthacht bliain go bliain dá bhforáiltear in Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

Airteagal 13

Stoic ghrinnill

1.   Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na gníomhaíochtaí iascaireachta uile a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais lena ngabhtar colmóirí Eorpacha (Merluccius merluccius), gliomaigh na hIorua (Nephrops norvegicus), sóil choiteanna (Solea solea), rós-séaclaí domhainmhara (Parapenaeus longirostris) agus lannaigh riabhacha (Mullus barbatus) i Muir Aidriad.

2.   Leagtar amach in Iarscríbhinn V an uasiarracht iascaireachta incheadaithe le haghaidh na stoc grinnill sin, agus an uasacmhainneacht cabhlaigh faoi raon feidhme an Airteagail seo.

3.   Déanfaidh na Ballstáit an uasiarracht iascaireachta incheadaithe a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagail 26 go 35 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

Airteagal 14

Tarchur sonraí

Nuair a chuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin, de bhun Airteagail 33 agus 34 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, sonraí a bhaineann le gabhálacha a thabhairt i dtír agus le hiarracht iascaireachta, úsáidfidh siad na cóid stoic agus na cóid grúpa iarrachta iascaireachta a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo.

Caibidil IV

Caolas na Sicile

Airteagal 15

An colmóir Eorpach agus an rós-séacla domhainmhara

1.   Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na gníomhaíochtaí uile a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus gníomhaíochtaí iascaireachta eile de chuid an Aontais lena ngabhtar colmóirí Eorpacha (Merluccius merluccius) agus rós-séaclaí domhainmhara (Parapenaeus longirostris) i gCaolas na Sicile.

2.   Leagtar amach in Iarscríbhinn VI an uasacmhainneacht cabhlaigh, arna sloinneadh ina líon soithí, ina kW agus ina GT, de shoithí tráil grinnill atá údaraithe le hiascaireacht a dhéanamh ar stoic ghrinnill, laistigh de raon feidhme an Airteagail seo.

3.   Leagtar amach in Iarscríbhinn VI an uasiarracht iascaireachta incheadaithe le haghaidh colmóirí Eorpacha (arna sloinneadh ina líon na laethanta iascaireachta), maidir le soithí tráil dobharchú grinnill (OTB) a dhíríonn ar cholmóirí Eorpacha.

4.   Ní sháróidh an t-uasleibhéal gabhálacha rós-séaclaí domhainmhara na leibhéil a leagtar amach in Iarscríbhinn VI.

5.   Déanfaidh na Ballstáit an uasiarracht iascaireachta incheadaithe a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagail 26 go 35 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

Airteagal 16

Séaclaí domhainmhara

1.   Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na gníomhaíochtaí iascaireachta uile a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus gníomhaíochtaí iascaireachta eile de chuid an Aontais lena ngabhtar séaclaí móra dearga (Aristaeomorpha foliacea) agus séaclaí gorma agus dearga (Aristeus antennatus) i gCaolas na Sicile.

2.   Leagtar amach in Iarscríbhinn VI an uasacmhainneacht cabhlaigh, arna sloinneadh ina líon soithí, ina kW agus ina GT, de shoithí tráil grinnill atá údaraithe le hiascaireacht a dhéanamh ar stoic ghrinnill laistigh de raon feidhme an Airteagail seo.

3.   Ní sháróidh an t-uasleibhéal gabhálacha na leibhéil a leagtar amach in Iarscríbhinn VI.

Airteagal 17

Tarchur sonraí

Nuair a chuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin, de bhun Airteagail 33 agus 34 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, sonraí a bhaineann le cainníochtaí na stoc arna ngabháil a thabhairt i dtír, úsáidfidh siad na cóid stoic a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo.

Caibidil V

An Mhuir Iónach agus Muir na Leiveainte

Airteagal 18

Séaclaí domhainmhara

1.   Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na gníomhaíochtaí iascaireachta uile a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus gníomhaíochtaí iascaireachta eile de chuid an Aontais lena ngabhtar séaclaí móra dearga (Aristaeomorpha foliacea) agus séaclaí gorma agus dearga (Aristeus antennatus) sa Mhuir Iónach agus i Muir na Leiveainte.

2.   Leagtar amach in Iarscríbhinn VII an uasacmhainneacht cabhlaigh, arna sloinneadh ina líon soithí, ina kW agus ina GT, de shoithí tráil grinnill atá údaraithe le hiascaireacht a dhéanamh ar stoic ghrinnill a thagann faoi raon feidhme an Airteagail seo.

3.   Ní sháróidh an t-uasleibhéal gabhálacha na leibhéil a leagtar amach in Iarscríbhinn VII.

Caibidil VI VI

Muir Alboran

Airteagal 19

Deargán

1.   Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na gníomhaíochtaí iascaireachta tráchtála agus áineasa a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais lena ngabhtar deargáin (Pagellus bogaraveo) le spiléir agus línte láimhe i Muir Alboran.

2.   Ní sháróidh an t-uasleibhéal gabhálacha na leibhéil a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII.

3.   Leagtar amach in Iarscríbhinn VIII líon uasta na mbád spiléireachta agus na mbád lámhdhorú atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh ar dheargáin.

4.   Bunófar tréimhse choiscthe d’fhonn an príomhstoc a chosaint le linn an sceite ar feadh tréimhsí nach lú ná 60 lá leanúnach. Mairfidh an tréimhse choiscthe sin ar feadh 2 mhí ar a laghad agus beidh sí ar siúl le linn na tréimhse ó mhí Eanáir go mí an Mhárta 2026 agus cumhdófar léi na príomhlimistéir dáileacháin deargán i Muir Alboran.

5.   Toirmiscfear iascach áineasa deargán.

Caibidil VII

An Mhuir Dhubh

Airteagal 20

Salán

1.   Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na gníomhaíochtaí uile a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus gníomhaíochtaí iascaireachta eile de chuid an Aontais lena ngabhtar saláin (Sprattus sprattus) sa Mhuir Dhubh.

2.   Leagtar amach in Iarscríbhinn IX cuóta uathrialach an Aontais le haghaidh salán.

3.   Ní bheidh feidhm ag Airteagail 3 agus 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 i gcás ina n-úsáidfidh Ballstát an tsolúbthacht bliain go bliain dá bhforáiltear in Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

Airteagal 21

Turbard

1.   Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na gníomhaíochtaí uile a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus gníomhaíochtaí iascaireachta eile de chuid an Aontais lena ngabhtar turbaird (Scophthalmus maximus) sa Mhuir Dhubh.

2.   Leagtar amach in Iarscríbhinn IX an TAC le haghaidh turbard is infheidhme in uiscí an Aontais sa Mhuir Dhubh, leithdháileadh an TAC sin i measc na mBallstát agus na coinníollacha atá nasctha go feidhmiúil leis sin, i gcás inarb iomchuí.

3.   Ní bheidh feidhm ag Airteagail 3 agus 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 i gcás ina n-úsáidfidh Ballstát an tsolúbthacht bliain go bliain dá bhforáiltear in Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

Airteagal 22

Iarracht iascaireachta le haghaidh an turbaird a bhainistiú

Maidir le soithí iascaireachta de chuid an Aontais atá údaraithe le hiascaireacht a dhéanamh ar thurbaird faoi chuimsiú Airteagal 21, gan beann ar fhad foriomlán na soithí, ní rachaidh siad thar 180 lá iascaireachta in aghaidh na bliana.

Airteagal 23

Tréimhse choiscthe le haghaidh an turbaird

Toirmeascfar ar shoithí iascaireachta de chuid an Aontais aon ghníomhaíocht iascaireachta le haghaidh an turbaird a dhéanamh, lena n-áirítear turbaird a thrasloingsiú, a choinneáil ar bord, a thabhairt i dtír agus a dhíol den chéad uair, in uiscí an Aontais sa Mhuir Dhubh ón 15 Aibreán go dtí an 15 Meitheamh 2026.

Airteagal 24

Forálacha speisialta maidir le leithdháileadh na ndeiseanna iascaireachta sa Mhuir Dhubh

Beidh leithdháileadh na ndeiseanna iascaireachta i measc na mBallstát a leagtar amach in Iarscríbhinn IX a ghabhann leis an Rialachán seo gan dochar do na nithe seo a leanas:

(a)

malartuithe arna ndéanamh de bhun Airteagal 16(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(b)

asbhaintí agus ath-leithdháiltí arna ndéanamh de bhun Airteagal 37 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009;

(c)

asbhaintí arna ndéanamh de bhun Airteagail 105 agus 107 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

Airteagal 25

Tarchur sonraí

Nuair a chuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin, de bhun Airteagail 33 agus 34 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, sonraí a bhaineann le cainníochtaí na stoc salán agus turbard arna ngabháil in uiscí an Aontais sa Mhuir Dhubh a thabhairt i dtír de bhun Airteagail 33 agus 34 de Rialachán Uimh. 1224/2009, úsáidfidh siad na cóid stoic a leagtar amach in Iarscríbhinn IX a ghabhann leis an Rialachán seo.

TEIDEAL III

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 26

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2026 go dtí an 31 Nollaig 2026.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Eanáir 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. PANAYIOTOU


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1380/oj).

(2)  Rialachán (AE) 2024/259 ón gComhairle an 10 Eanáir 2024 lena socraítear le haghaidh 2024 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh (IO L, 2024/259, 11.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/259/oj).

(3)  Rialachán (AE) 2025/219 ón gComhairle an 30 Eanáir 2025 lena socraítear le haghaidh 2025 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh (IO L, 2025/219, 4.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/219/oj).

(4)  Rialachán (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na hiascaigh a shaothraíonn stoic ghrinnill sa Mheánmhuir Thiar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 (IO L 172, 26.6.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1022/oj).

(5)  Rialachán (AE) 2022/110 ón gComhairle an 27 Eanáir 2022 lena socraítear deiseanna iascaireachta le haghaidh 2022 maidir le stoic éisc agus grúpaí stoc éisc áirithe is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh (IO L 21, 31.1.2022, lch. 165, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/110/oj).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006. (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008 agus (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1224/oj).

(7)  Rialachán (AE) 2023/2124 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 2023 maidir le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú an Choimisiúin Ghinearálta Iascaigh don Mheánmhuir (CGIM) (IO L, 2023/2124, 12.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2124/oj).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 1100/2007 ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear bearta chun stoc na n-eascann Eorpach a athbhunú (IO L 248, 22.9.2007, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2007/1100/oj).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 847/96 ón gComhairle an 6 Bealtaine 1996 lena dtugtar isteach coinníollacha breise maidir le bainistiú GIInna agus cuótaí ó bhliain go bliain (IO L 115, 9.5.1996, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1996/847/oj).

(10)  Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013, (AE) 2016/1139, (AE) 2018/973, (AE) 2019/472 agus (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle (IO L 198, 25.7.2019, lch. 105, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1241/oj).

(11)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2011 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú (IO L 112, 30.4.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2011/404/oj).


IARSCRÍBHINN I

DEISEANNA IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH GNÍOMHAÍOCHTAÍ IASCAIREACHTA TRÁCHTÁLA DE CHUID AN AONTAIS LE hAGHAIDH EASCANNA GLOINE I gCOMHTHÉACS PHLEAN BAINISTÍOCHTA ILBHLIANTÚIL CGIM LE hAGHAIDH NA hEASCAINNE EORPAÍ SA MHEÁNMHUIR

Leagtar amach sna táblaí san Iarscríbhinn seo an líon uasta údaruithe iascaireachta incheadaithe agus líon uasta na dtrealamh iascaireachta atá údaraithe le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta tráchtála lena ndírítear ar eascanna Eorpacha ar lú ná 12 cm a bhfad foriomlán.

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, soláthraítear an tábla comparáideach seo a leanas d’ainmneacha Laidine agus de ghnáthainmneacha stoc éisc:

Ainm eolaíoch

Cód alpha-3

Gnáthainm

Anguilla anguilla

ELE

Eascann eorpach

Tábla 1

Líon uasta údaruithe iascaireachta

Ballstáit

An eascann Eorpach

ELE

An Spáinn

153


Tábla 2

Líon uasta trealamh iascaireachta

Ballstáit

Trealamh iascaireachta

Cód trealaimh

Aonaid

An Spáinn

Potaí agus gaistí

EPO

249


IARSCRÍBHINN II

DEISEANNA IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS I gCOMHTHÉACS PHLEAN BAINISTÍOCHTA ILBHLIANTÚIL CGIM UM CHOIRÉALACH DEARG SA MHEÁNMHUIR

Leagtar amach sna táblaí san Iarscríbhinn seo an líon uasta údaruithe iascaireachta incheadaithe agus uasleibhéal na gcainníochtaí coiréalaigh dheirg a shaothraítear sa Mheánmhuir.

Is tagairtí do FLGanna CGIM iad na tagairtí do limistéir iascaireachta.

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, soláthraítear an tábla comparáideach seo a leanas d’ainmneacha Laidine agus gnáthainmneacha stoc éisc:

Ainm eolaíoch

Cód alpha-3

Gnáthainm

Corallium rubrum

COL

Coiréalach dearg

Tábla 1

An líon uasta údaruithe iascaireachta  (*1)

Ballstáit

Coiréalach dearg

COL

An Ghréig

12

An Spáinn

0 (*2)

An Fhrainc

32

An Chróit

0 (*2)

An Iodáil

40


Tábla 2

Uasleibhéal cainníochtaí saothraithe arna shloinneadh ina chileagraim bheomheáchain

Speiceas:

Coiréalach dearg

Corallium rubrum

Limistéar:

Uiscí an Aontais sa Mheánmhuir – FLGanna 1-27

COL/GF1-27

An Ghréig

1 844

 

 

An Spáinn

0

 (**)

An Fhrainc

1 400

 

An Chróit

0

 (**)

An Iodáil

1 378

 

An tAontas

4 622

 

TAC

Ní bhaineann le hábhar

 


(*1)  Líon soithí nó tumairí, nó iad araon, nó péire arb é atá ann tumaire amháin agus soitheach amháin, atá údaraithe le coiréalach dearg a shaothrú.

(*2)  I gcomhréir leis an toirmeasc ama atá ann faoi láthair ar iascaigh coiréalaigh dheirg atá bunaithe in uiscí na Spáinne agus in uiscí na Cróite, go dtí go dtiocfaidh athruithe a d’fhéadfadh a bheith ann.

(**)  I gcomhréir leis an toirmeasc ama atá ann faoi láthair ar iascaigh coiréalaigh dheirg atá bunaithe in uiscí na Spáinne agus in uiscí na Cróite, go dtí go dtiocfaidh athruithe a d’fhéadfadh a bheith ann.


IARSCRÍBHINN III

DEISEANNA IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS I gCOMHTHÉACS BHAINISTIÚ AN DORÁID CHOITINN SA MHEÁNMHUIR

Leagtar amach sna táblaí san Iarscríbhinn seo líon uasta, kW agus GT soithí iascaireachta de chuid an Aontais atá údaraithe le hiascaireacht a dhéanamh ar dhoráid choiteanna trí FADanna a úsáid sa Mheánmhuir agus an t-uasleibhéal gabhálacha.

Is tagairtí do FLGanna CGIM iad na tagairtí do limistéir iascaireachta.

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, soláthraítear an tábla comparáideach seo a leanas d’ainmneacha Laidine agus gnáthainmneacha stoc éisc:

Ainm eolaíoch

Cód alpha-3

Gnáthainm

Coryphaena hippurus

DOL

An dorád coiteann

Tábla 1

Uasacmhainneacht cabhlaigh na soithí a dhíríonn ar dhoráid choiteanna trí FADanna a úsáid sa Mheánmhuir (FLGanna 1-27)

An Ballstát

Líon soithí

kW

GT

An Iodáil

261

21 061

1 986

Málta

130

16 662

1 296,28

An Spáinn

45

2 105,73

153,34


Tábla 2

An líon uasta FADanna in aghaidh an tsoithigh atá údaraithe díriú ar an dorád coiteann sa Mheánmhuir (FLGanna 1-27), chomh maith le teorainn ghabhála laethúil le haghaidh láimhíneach a dhíríonn ar an dorád coiteann

An Ballstát

Slatiascaireacht - teorainn ghabhála laethúil = 10 kg nó 5 iasc/duine/lá

An Iodáil

100

Málta

200

An Spáinn

50

Iascach áineasa

Slatiascaireacht - teorainn ghabhála laethúil = 10 kg nó 5 iasc/duine/lá


Tábla 3

Uasleibhéal gabhálacha ina thonaí beomheáchain arna ngabháil sa Mheánmhuir (FLGanna 1-27)

Speiceas:

An dorád coiteann

Coryphaena hippurus

Limistéar:

Uiscí an Aontais agus uiscí Idirnáisiúnta FLGanna 1-27

(DOL/MED)

An Iodáil

1 174

 

Leibhéal uasta gabhálacha

Málta

517

 

An Spáinn

127

 

An tAontas

1 818

 

TAC

Ní bhaineann le hábhar

 


IARSCRÍBHINN IV

DEISEANNA IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS I gCOMHTHÉACS BHAINISTIÚ NA STOC GRINNILL SA MHEÁNMHUIR THIAR

Leagtar amach sna táblaí san Iarscríbhinn seo an uasiarracht iascaireachta incheadaithe (ina laethanta iascaireachta) de réir stocghrúpaí, mar a shainítear in Airteagal 2, pointe (13), de Rialachán (AE) 2019/1022, na huasteorainneacha gabhála agus fad foriomlán na soithí le haghaidh na gcineálacha uile trál (1) agus bád spiléireachta grinnill lena ndéantar iascaireacht ar stoic ghrinnill sa Mheánmhuir Thiar.

Beidh na deiseanna iascaireachta uile a leagtar amach san Iarscríbhinn seo faoi réir na rialacha a leagtar amach in Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2019/1022 agus in Airteagail 26 go 35 de Rialachán (CE) 1224/2009.

Is tagairtí do FLGanna CGIM iad na tagairtí do limistéir iascaireachta.

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, soláthraítear an tábla comparáideach seo a leanas d’ainmneacha Laidine agus gnáthainmneacha stoc éisc:

Ainm eolaíoch

Cód alpha-3

Gnáthainm

Aristaeomorpha foliacea

ARS

An séacla mór dearg

Aristeus antennatus

ARA

An séacla gorm agus dearg

Merluccius merluccius

HKE

An colmóir Eorpach

Mullus barbatus

MUT

An lannach riabhach

Nephrops norvegicus

NEP

Gliomach na hIorua

Parapenaeus longirostris

DPS

An rós-séacla domhainmhara

1.

Uasiarracht iascaireachta incheadaithe (ina laethanta iascaireachta)

(a)

Líon laethanta iascaireachta le haghaidh trálaeir i Muir Alboran, ar na hOileáin Bhailéaracha, i dTuaisceart na Spáinne agus i Murascaill an Leoin (FLGanna 1, 2, 5, 6 agus 7)

Stocghrúpa

Overall length of vessels

An Spáinn

An Fhrainc

An Iodáil

Cód an ghrúpa iarrachta iascaireachta

Cód leithdháilte breise

Lannaigh riabhacha in FLGanna 1, 5, 6 agus 7; An colmóir Eorpach in FLGanna 1, 5, 6 agus 7; rós-séaclaí domhainmhara in FLGanna 1, 5 agus 6; gliomaigh na hIorua in FLGanna 5 agus 6

< 12 m

317

0

0

EFF1/MED1_ TR1

EFF1/MED1_ TR1_AA

≥ 12 m agus < 18 m

3 400

0

0

EFF1/MED1_ TR2

EFF1/MED1_ TR2_AA

≥ 18 m agus < 24 m

6 379

2 023

0

EFF1/MED1_ TR3

EFF1/MED1_ TR3_AA

≥ 24 m

2 247

2 462

0

EFF1/MED1_ TR4

EFF1/MED1_ TR4_AA

Séaclaí gorma agus dearga in FLGanna 1, 2, 5, 6 agus 7

< 12 m

0

0

0

EFF2/MED1_ TR1

EFF2/MED1_ TR1_AA

≥ 12 m agus < 18 m

160

0

0

EFF2/MED1_ TR2

EFF2/MED1_ TR2_AA

≥ 18 m agus < 24 m

1 615

0

0

EFF2/MED1_ TR3

EFF2/MED1_ TR3_AA

≥ 24 m

1 297

0

0

EFF2/MED1_ TR4

EFF2/MED1_ TR4_AA

(b)

Líon laethanta iascaireachta le haghaidh trálaeir ar Oileán na Corsaice, sa Mhuir Liogúrach, i Muir Thoirian agus ar Oileán na Sairdíne (FLGanna 8, 9, 10 agus 11)

Stocghrúpa

Fad foriomlán na soithí

An Spáinn

An Fhrainc

An Iodáil

Cód an ghrúpa iarrachta iascaireachta

Cód leithdháilte breise

Lannaigh riabhacha in FLGanna 8, 9, 10 agus 11; An colmóir Eorpach in FLGanna 8, 9, 10 agus 11; rós-séaclaí domhainmhara in FLGanna 9, 10 agus 11; gliomaigh na hIorua in FLGanna 9 agus 10

< 12 m

0

138

1 202

EFF1/MED2_TR1

EFF1/MED2_TR1_AA

≥ 12 m agus < 18 m

0

551

18 064

EFF1/MED2_TR2

EFF1/MED2_TR2_AA

≥ 18 m agus < 24 m

0

138

12 148

EFF1/MED2_TR3

EFF1/MED2_TR3_AA

≥ 24 m

0

138

1 622

EFF1/MED2_TR4

EFF1/MED2_TR4_AA

An séacla mór dearg in FLGanna 8, 9, 10 agus 11

< 12 m

0

83

199

EFF2/MED2_TR1

EFF2/MED2_TR1_AA

≥ 12 m agus < 18 m

0

333

1 465

EFF2/MED2_TR2

EFF2/MED2_TR2_AA

≥ 18 m agus < 24 m

0

83

1 180

EFF2/MED2_TR3

EFF2/MED2_TR3_AA

≥ 24 m

0

83

158

EFF2/MED2_TR4

EFF2/MED2_TR4_AA

(c)

Líon laethanta iascaireachta le haghaidh báid spiléireachta grinnill i Muir Alboran, ar na hOileáin Bhailéaracha, i dTuaisceart na Spáinne agus i Murascaill an Leoin (FLGanna 1, 2, 5, 6 agus 7)

Stocghrúpa

Fad foriomlán na soithí

An Spáinn

An Fhrainc

An Iodáil

Cód an ghrúpa iarrachta iascaireachta

An colmóir Eorpach in FLGanna 1, 2, 5, 6 agus 7

< 12 m

9 433

6 432

0

EFF1/MED1_LL1

≥ 12 m agus < 18 m

2 148

93

0

EFF1/MED1_LL2

≥ 18 m agus < 24 m

74

0

0

EFF1/MED1_LL3

≥ 24 m

29

0

0

EFF1/MED1_LL4

(d)

Líon laethanta iascaireachta le haghaidh báid spiléireachta grinnill ar Oileán na Corsaice, sa Mhuir Liogúrach, i Muir Thoirian agus ar Oileán na Sairdíne (FLGanna 8, 9, 10 agus 11)

Stocghrúpa

Fad foriomlán na soithí

An Spáinn

An Fhrainc

An Iodáil

Cód an ghrúpa iarrachta iascaireachta

An colmóir Eorpach in FLGanna 8, 9, 10 agus 11

< 12 m

0

1 436

28 873

EFF1/MED2_LL1

≥ 12 m agus < 18 m

0

44

4 131

EFF1/MED2_LL2

≥ 18 m agus < 24 m

0

0

23

EFF1/MED2_LL3

≥ 24 m

0

0

0

EFF1/MED2_LL4

2.

Uasteorainneacha gabhála le haghaidh séaclaí domhainmhara

(a)

Deiseanna iascaireachta le haghaidh séaclaí gorma agus dearga (Aristeus antennatus) i Muir Alboran, ar na hOileáin Bhailéaracha, i dTuaisceart na Spáinne agus i Murascaill an Leoin (FLGanna 1, 2, 5, 6 agus 7) arna sloinneadh mar uasleibhéal gabhálacha ina thonaí beomheáchain

Speiceas:

An séacla gorm agus dearg

Aristeus antennatus

Limistéar:

FLGanna 1, 2, 5, 6 agus 7

(ARA/GF1-7)

An Spáinn

708,3

 

Leibhéal uasta gabhálacha

An Fhrainc

45,9

 

An Iodáil

0

 

An tAontas

754,2

 

TAC

Ní bhaineann le hábhar

 

(b)

Deiseanna iascaireachta le haghaidh séaclaí gorma agus dearga (Aristeus antennatus) agus séaclaí móra dearga (Aristaeomorpha foliacea) ar Oileán na Corsaice, sa Mhuir Liogúrach, i Muir Thoirian agus ar Oileán na Sairdíne (FLGanna 8, 9, 10 agus 11) arna sloinneadh mar uasleibhéal gabhálacha ina thonaí beomheáchain

Speiceas:

An séacla gorm agus dearg

Aristeus antennatus

Limistéar:

FLGanna 8, 9, 10 agus 11

(ARA/GF8-11)

An Spáinn

0

 

Uasteorainn ghabhála réamhchúraim

Leibhéal uasta gabhálacha

An Fhrainc

8,5

 

An Iodáil

221,9

 

An tAontas

230,4

 

TAC

Ní bhaineann le hábhar

 

Speiceas:

An séacla mór dearg

Aristaeomorpha foliacea

Limistéar:

FLGanna 8, 9, 10 agus 11

(ARS/GF8-11)

An Spáinn

0

 

Uasteorainneacha anailíseacha gabhála

Leibhéal uasta gabhálacha

An Fhrainc

4,9

 

An Iodáil

323,4

 

An tAontas

328,3

 

TAC

Ní bhaineann le hábhar

 

3.

Uasteorainneacha gabhála le haghaidh colmóirí Eorpacha

(a)

Deiseanna iascaireachta le haghaidh colmóirí Eorpacha (Merluccius merluccius) arna ngabháil le trealamh éighníomhach (GNS, GND agus GTR) i Muir Alboran, ar na hOileáin Bhailéaracha, i dTuaisceart na Spáinne agus i Murascaill an Leoin (FLGanna 1, 2, 5, 6 agus 7) arna sloinneadh mar uasleibhéal gabhálacha ina thonaí beomheáchain.

Speiceas:

An colmóir Eorpach

Merluccius merluccius

Limistéar:

FLGanna 1, 2, 5, 6 agus 7

(HKE/GF1-7)

An Spáinn

49,1

 

Uasteorainn anailíseach ghabhála

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3(2) agus 3(3) de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

Ní bheidh feidhm ag 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 15(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1380/2013.

Leibhéal uasta gabhálacha

An Fhrainc

122,2

 

An Iodáil

0

 

An tAontas

171,3

 

TAC

Ní bhaineann le hábhar

 

(b)

Deiseanna iascaireachta le haghaidh colmóirí Eorpacha (Merluccius merluccius) arna ngabháil le trealamh éighníomhach (GNS, GND agus GTR) ar Oileán na Corsaice, sa Mhuir Liogúrach, i Muir Thoirian agus ar Oileán na Sairdíne (FLGanna 8, 9, 10 agus 11), arna sloinneadh mar uasleibhéal gabhálacha ina thonaí beomheáchain

Speiceas:

An colmóir Eorpach

Merluccius merluccius

Limistéar:

FLGanna 8, 9, 10 agus 11

(HKE/GF8-11)

An Spáinn

0

 

Uasteorainn anailíseach ghabhála

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3(2) agus 3(3) de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

Ní bheidh feidhm ag 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 15(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1380/2013.

Leibhéal uasta gabhálacha

An Fhrainc

0,2

 

An Iodáil

261,5

 

An tAontas

261,7

 

TAC

Ní bhaineann le hábhar

 


(1)  TBB, OTB, PTB, TBN, TBS, TB, OTM, PTM, TMS, TM, OTT, OT, PT, TX, OTP agus TSP.


IARSCRÍBHINN V

DEISEANNA IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS I MUIR AIDRIAD

Leagtar amach sna táblaí san Iarscríbhinn seo na deiseanna iascaireachta de réir stoic nó grúpaí iarrachta soithí agus, i gcás inarb iomchuí, na coinníollacha atá nasctha go feidhmiúil leo, lena n-áirítear an líon uasta soithí iascaireachta de chuid an Aontais atá údaraithe le hiascaireacht a dhéanamh ar pheiligigh bheaga.

Beidh na deiseanna iascaireachta uile a leagtar amach san Iarscríbhinn seo faoi réir na rialacha a leagtar amach in Airteagail 26 go 35 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

Is tagairtí do FLGanna CGIM iad na tagairtí do limistéir iascaireachta.

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, soláthraítear an tábla comparáideach seo a leanas d’ainmneacha Laidine agus gnáthainmneacha stoc éisc:

Ainm eolaíoch

Cód alpha-3

Gnáthainm

Engraulis encrasicolus

ANE

An t-ainseabhaí

Merluccius merluccius

HKE

An colmóir Eorpach

Mullus barbatus

MUT

An lannach riabhach

Nephrops norvegicus

NEP

Gliomach na hIorua

Parapenaeus longirostris

DPS

An rós-séacla domhainmhara

Sardina pilchardus

PIL

An sairdín

Solea solea

SOL

An sól coiteann

1.

Stoic peiligeach beag – FLGanna 17 agus 18

(a)

Uasleibhéal gabhálacha arna shloinneadh ina thonaí beomheáchain

Speiceas

Speicis peiligeach beag

(an t-ainseabhaí agus an sairdín)

Limistéar:

Uiscí an Aontais agus uiscí idirnáisiúnta in FLGanna 17 agus 18

 

Engraulis encrasicolus

(ANE/GF1718)

Sardina pilchardus

(PIL/GF1718)

 

 

An Iodáil

14 154,5

8 062,3

 

An Chróit

9 542,5

32 625,7

 

An tSlóivéin

111

189

 

An tAontas

23 808

40 877

 

TAC

Ní bhaineann le hábhar

 

 

(b)

Uasacmhainneacht cabhlaigh na dtrálaer agus na soithí peas-saighne a dhéanann iascaireacht go gníomhach ar pheiligigh bheaga

An Ballstát

Trealamh

Líon soithí

kW

GT

An Chróit

PS

249

77 145,52

18 537,72

An Iodáil

PTM, OTM agus PS

187

64 655

14 065

An tSlóivéin (*1)

PS

4

433,7

38,5

2.

Stoic ghrinnill – FLGanna 17 agus 18

(a)

Uasiarracht iascaireachta incheadaithe (ina laethanta iascaireachta) de réir cineálacha trál agus roinn cabhlaigh lena ndéantar iascaireacht ar stoic ghrinnill in FLGanna 17 agus 18 (Muir Aidriad).

 

 

 

 

 

Laethanta Iascaireachta 2026

Cineál trealaimh

Limistéar geografach

Stoic lena mbaineann

Fad foriomlán na soithí

Cód an ghrúpa iarrachta

An Iodáil

An Chróit

An tSlóivéin

Tráil (OTB)

FLGanna 17 agus 18

An lannach riabhach; an colmóir Eorpach; rós-séacla domhainmhara, agus an Ioruagliomach An sól coiteann

< 12m

EFF/MED3_OTB _TR1

2 507

8 988

 (*2)

≥ 12 m agus

< 24 m

EFF/MED3_OTB _TR2

56 347

20 939

 (*2)

≥ 24 m

EFF/MED3_OTB _TR3

4 937

1 880

 (*2)

Tráil bhíoma (TBB)

FLG 17

An sól coiteann

< 12m

EFF/MED3_TBB _TR1

200

0

0

≥ 12 m agus

< 24 m

EFF/MED3_TBB _TR2

3 744

0

0

≥ 24 m

EFF/MED3_TBB _TR3

3 723

0

0

(b)

Uasacmhainneacht cabhlaigh na soithí tráil grinnill agus tráil bhíoma atá údaraithe le hiascaireacht a dhéanamh ar stoic ghrinnill

An Ballstát

Trealamh

Líon soithí

kW

GT

An Chróit

OTB

495

79 867,99

13 267,99

An Iodáil

OTB agus TBB

1 363

260 618,37

47 148

An tSlóivéin (*3)

OTB

11

1 813,00

168,67


(*1)  Ní bheidh feidhm ag an bhforáil faoi mhír 28 de Mholadh CGIM/44/2021/20 maidir le cabhlaigh náisiúnta ina bhfuil níos lú ná 10 soitheach idir soithí peas-saighne nó trálaeir pheiligeacha a dhéanann iascaireacht go gníomhach ar stoic peiligeach beag, mar a taifeadadh i gcláir náisiúnta agus i gcláir CGIM araon in 2014, mar is amhlaidh i gcás na Slóivéine. Sa chás sin, féadfaidh méadú nach mó ná 50 % teacht ar acmhainneacht an chabhlaigh ghníomhaigh i dtaca leis an líon soithí, agus i dtéarmaí olltonnáiste (GT), olltonnáiste cláraithe (OTC) agus kW.

(*2)  Ní rachaidh an tSlóivéin thar an teorainn iarrachta mar atá 3 000 lá iascaireachta in aghaidh na bliana i gcomhréir le mír 13 de Mholadh CGIM/43/2019/5.

(*3)  Ní bheidh feidhm ag forálacha mhíreanna 9(c) agus 28 de Mholadh CGIM/43/2019/5 maidir le cabhlaigh náisiúnta a mbíonn tráil (OTB) á n-oibriú acu agus a dhéanann iascaireacht ar feadh níos lú ná 1 000 lá le linn na tréimhse tagartha a luaitear i mír 9(c) de Mholadh CGIM/43/2019/5. Ní thiocfaidh méadú níos mó ná 50 %, maidir leis an tréimhse thagartha, ar acmhainneacht iascaireachta an chabhlaigh ghníomhaigh a mbíonn tráil (OTB) á n-oibriú aige.


IARSCRÍBHINN VI

DEISEANNA IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS I gCAOLAS NA SICILE

Leagtar amach sna táblaí san Iarscríbhinn seo na deiseanna iascaireachta de réir stoic nó grúpaí iarrachta soithí agus, i gcás inarb iomchuí, na coinníollacha atá nasctha go feidhmiúil leo, lena n-áirítear an líon uasta soithí iascaireachta de chuid an Aontais atá údaraithe le hiascaireacht a dhéanamh ar speicis ghrinnill agus ar shéaclaí domhainmhara.

Beidh na deiseanna iascaireachta uile a leagtar amach san Iarscríbhinn seo faoi réir na rialacha a leagtar amach in Airteagail 26 go 35 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

Is tagairtí do FLGanna CGIM iad na tagairtí do limistéir iascaireachta.

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, soláthraítear an tábla comparáideach seo a leanas d’ainmneacha Laidine agus gnáthainmneacha stoc éisc:

Ainm eolaíoch

Cód alpha-3

Gnáthainm

Merluccius merluccius

HKE

An colmóir Eorpach

Parapenaeus longirostris

DPS

An rós-séacla domhainmhara

Aristaeomorpha foliacea

ARS

An séacla mór dearg

Aristeus antennatus

ARA

An séacla gorm agus dearg

1.

Stoic ghrinnill

(a)

Uasacmhainneacht cabhlaigh, arna sloinneadh ina líon soithí, ina kW agus ina GT, soithí tráil grinnill atá údaraithe le hiascaireacht a dhéanamh ar stoic ghrinnill i gCaolas na Sicile (FLGanna 12, 13, 14, 15 agus 16)

An Ballstát

Trealamh

Líon soithí

kW

GT

An Chipir

OTB

1

265

105

An Spáinn

OTB

1

100

118

An Iodáil

OTB

594

144 175

36 856

Málta

OTB

15

5 562

2 007

(b)

Uasleibhéal iarrachta iascaireachta (ina líon laethanta iascaireachta), le haghaidh soithí tráil dobharchú grinnill (OTB) a dhíríonn ar cholmóirí Eorpacha (Merluccius merluccius) i gCaolas na Sicile (FLGanna 12, 13, 14, 15 agus 16)

An Ballstát

Trealamh

Fad an tSoithigh

Cód an ghrúpa iarrachta

Laethanta Iascaireachta 2026

An Chipir

OTB

T-12

EFF4/MED4_OTB4

51

An Iodáil

OTB

T-07

EFF4/MED4_OTB1

90

An Iodáil

OTB

T-10

EFF4/MED4_OTB2

188

An Iodáil

OTB

T-11

EFF4/MED4_OTB3

19 366

An Iodáil

OTB

T-12

EFF4/MED4_OTB4

3 657

Málta

OTB

T-11

EFF4/MED4_OTB3

338

Málta

OTB

T-12

EFF4/MED4_OTB4

165

(c)

Uasleibhéal gabhálacha rós-séaclaí domhainmhara (Parapenaeus longirostris) i gCaolas na Sicile (FLGanna 12, 13, 14, 15 agus 16) arna shloinneadh ina thonaí beomheáchain

Speiceas:

An rós-séacla domhainmhara

Parapenaeus longirostris

Limistéar:

FLGanna 12, 13, 14, 15 16

(DPS/GF12-16)

An Chipir

1

 

Uasteorainn anailíseach ghabhála

An Iodáil

2 020

 

Málta

5

 

An tAontas

2 026

 

TAC

Ní bhaineann le hábhar

 

2.

Séaclaí domhainmhara

(a)

Uasacmhainneacht cabhlaigh, arna sloinneadh ina líon soithí, ina kW agus ina GT, soithí tráil grinnill atá údaraithe le hiascaireacht a dhéanamh ar stoic séaclaí domhainmhara i gCaolas na Sicile (FLGanna 12, 13 14, 15 agus 16)

An Ballstát

Trealamh

Líon soithí

kW

GT

An Chipir

OTB

1

265

105

An Spáinn

OTB

2

440,56

218,78

An Iodáil

OTB

239

76 232

22 672

Málta

OTB

15

5 562

2 007

(b)

Uasleibhéal gabhálacha séaclaí móra dearga (Aristaeomorpha foliacea) i gCaolas na Sicile (FLGanna 12, 13, 14, 15 agus 16) arna shloinneadh ina thonaí beomheáchain

Speiceas

Giant red shrimp

Aristaeomorpha foliacea

Limistéar:

FLGanna 12, 13, 14, 15 agus 16

An Spáinn

0,9

 

Uasteorainn anailíseach ghabhála

An Iodáil

794,4

 

An Chipir

0

 

Málta

33,7

 

An tAontas

829

 

TAC

Ní bhaineann le hábhar

 

(c)

Uasleibhéal gabhálacha séaclaí gorma agus dearga (Aristeus antennatus) i gCaolas na Sicile (FLGanna 12, 13, 14, 15 agus 16) arna shloinneadh ina thonaí beomheáchain

Speiceas

An séacla gorm agus dearg

Aristeus antennatus

Limistéar:

FLGanna 12, 13, 14, 15 agus 16

(ARA/GF12-16)

An Spáinn

0,9

 

Uasteorainn ghabhála réamhchúraim

An Iodáil

91,9

 

An Chipir

0

 

Málta

7,1

 

An tAontas

95

 

TAC

Ní bhaineann le hábhar

 


IARSCRÍBHINN VII

DEISEANNA IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS SA MHUIR IÓNACH AGUS I MUIR NA LEIVEAINTE

Leagtar amach sna táblaí san Iarscríbhinn seo an líon uasta soithí iascaireachta de chuid an Aontais atá údaraithe le hiascaireacht a dhéanamh ar stoic ghrinnill sa Mhuir Iónach agus i Muir na Leiveainte agus an t-uasleibhéal gabhálacha.

Is tagairtí do FLGanna CGIM iad na tagairtí do limistéir iascaireachta.

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, soláthraítear an tábla comparáideach seo a leanas d’ainmneacha Laidine agus gnáthainmneacha stoc éisc:

Ainm eolaíoch

Cód alpha-3

Gnáthainm

Aristaeomorpha foliacea

ARS

An séacla mór dearg

Aristeus antennatus

ARA

An séacla gorm agus dearg

1.

An Mhuir Iónach

(a)

Uasacmhainneacht cabhlaigh, arna sloinneadh ina líon soithí, ina kW agus ina GT, soithí tráil grinnill atá údaraithe le hiascaireacht a dhéanamh ar stoic séaclaí domhainmhara sa Mhuir Iónach (FLGanna 19, 20 agus 21)

An Ballstát

Trealamh

Líon soithí

kW

GT

An Ghréig

OTB

240

69 281

23 101

An Iodáil

OTB

291

72 383

16 853

Málta

OTB

15

5 562

2 007

(b)

Uasleibhéal gabhálacha séaclaí móra dearga (Aristaeomorpha foliacea) sa Mhuir Iónach (FLGanna 19, 20 agus 21) arna shloinneadh ina thonaí beomheáchain

Speiceas

An séacla mór dearg

Aristaeomorpha foliacea

Limistéar:

FLGanna 19, 20 agus 21

(ARS/GF19-21)

An Ghréig

31,3

 

Uasteorainn anailíseach ghabhála

An Iodáil

285,7

 

Málta

42

 

An tAontas

359

 

TAC

Ní bhaineann le hábhar

 

(c)

Uasleibhéal gabhálacha séaclaí gorma agus dearga (Aristeus antennatus) sa Mhuir Iónach (FLGanna 19, 20 agus 21) arna shloinneadh ina thonaí beomheáchain

Speiceas

An séacla gorm agus dearg

Aristeus antennatus

Limistéar:

FLGanna 19, 20 agus 21

(ARA/GF19-21)

An Ghréig

13,8

 

Uasteorainn anailíseach ghabhála

An Iodáil

228,2

 

Málta

0

 

An tAontas

242

 

TAC

Ní bhaineann le hábhar

 

2.

Muir na Leiveainte

(a)

Uasacmhainneacht cabhlaigh, arna sloinneadh ina líon soithí, ina kW agus ina GT, soithí tráil grinnill atá údaraithe le hiascaireacht a dhéanamh ar stoic séaclaí domhainmhara i Muir na Leiveainte (FLGanna 24, 25, 26 agus 27)

An Ballstát

Trealamh

Líon soithí

kW

GT

An Chipir

OTB

6

2 048

618

An Iodáil

OTB

34

15 345

5 542

(b)

Uasleibhéal gabhálacha séaclaí móra dearga (Aristaeomorpha foliacea) i Muir na Leiveainte (FLGanna 24, 25, 26 agus 27) arna shloinneadh ina thonaí beomheáchain

Speiceas

An séacla mór dearg

Aristaeomorpha foliacea

Limistéar:

FLGanna 24, 25, 26 agus 27

(ARS/GF24-27)

An Iodáil

44,3

 

Uasteorainn ghabhála réamhchúraim

An Chipir

10,7

 

An tAontas

55

 

TAC

Ní bhaineann le hábhar

 

(c)

Uasleibhéal gabhálacha séaclaí gorma agus dearga (Aristeus antennatus) i Muir na Leiveainte (FLGanna 24, 25, 26 agus 27) arna shloinneadh ina thonaí beomheáchain

Speiceas

An séacla mór dearg

Aristeus antennatus

Limistéar:

FLGanna 24, 25, 26 agus 27

(ARA/GF24-27)

An Iodáil

9,4

 

Uasteorainn ghabhála réamhchúraim

An Chipir

5,6

 

An tAontas

15

 

TAC

Ní bhaineann le hábhar

 


IARSCRÍBHINN VIII

DEISEANNA IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS I MUIR ALBORAN

Leagtar amach sna táblaí san Iarscríbhinn seo an líon uasta soithí iascaireachta de chuid an Aontais atá údaraithe le hiascaireacht a dhéanamh ar dheargáin i Muir Alboran agus an t-uasleibhéal gabhálacha.

Is tagairtí do FLGanna CGIM iad na tagairtí do limistéir iascaireachta.

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, soláthraítear an tábla comparáideach seo a leanas d’ainmneacha Laidine agus gnáthainmneacha stoc éisc:

Ainm eolaíoch

Cód alpha-3

Gnáthainm

Pagellus boraraveo

SBR

An deargán

(a)

Uasleibhéal gabhálacha a dhéanfar le spiléir agus le línte láimhe, arna shloinneadh i dtonaí beomheáchain

Speiceas

An deargán

Pagellus boraraveo

Limistéar:

Limistéar: Uiscí an Aontais i Muir Alboran – FLGanna 1, 2 agus 3

(SBR/GF1-3)

An Spáinn

9,1

 

Leibhéal uasta gabhálacha

An tAontas

9,1

 

TAC

Ní bhaineann le hábhar

 

(b)

Líon uasta bád spiléireachta agus bád lámhdhorú atá údaraithe le hiascaireacht a dhéanamh i Muir Alboran (FLGanna 1, 2 agus 3)

An Ballstát

Deargáin in FLGanna 1, 2 agus 3

An Spáinn

82


IARSCRÍBHINN IX

DEISEANNA IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS SA MHUIR DHUBH

Leagtar amach sna táblaí san Iarscríbhinn seo TACanna agus cuótaí arna sloinneadh ina dtonaí beomheáchain de réir stoic agus, i gcás inarb iomchuí, na coinníollacha atá nasctha go feidhmiúil leo.

Beidh na deiseanna iascaireachta uile a leagtar amach san Iarscríbhinn seo faoi réir na rialacha a leagtar amach in Airteagail 26 go 35 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

Is tagairtí do FLGanna CGIM iad na tagairtí do limistéir iascaireachta.

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, soláthraítear an tábla comparáideach seo a leanas d’ainmneacha Laidine agus gnáthainmneacha stoc éisc:

Ainmn eolaíoch

Cód alpha-3

Gnáthainm

Sprattus sprattus

SPR

Sprat

Scophthalmus maximus

TUR

Turbot

Speiceas

An salán

Sprattus sprattus

Limistéar:

Uiscí an Aontais sa Mhuir Dhubh – FLG 29

(SPR/F3742C)

An Bhulgáir

8 032,50

 

TAC anailíseach

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3(2) agus 3(3) de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

Ní bheidh feidhm ag 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

An Rómáin

3 442,50

 

An tAontas

11 475

 

TAC

Ní bhaineann le hábhar

 

Speiceas:

An turbard

Scophthalmus maximus

Limistéar:

Uiscí an Aontais sa Mhuir Dhubh – FLG 29

(TUR/F3742C)

An Bhulgáir

86,3

 

TAC anailíseach

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3(2) agus 3(3) de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

Ní bheidh feidhm ag 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96

An Rómáin

88,3

 

An tAontas

174,6

 (*1)

TAC

890

 


(*1)  Ní cheadófar aon ghníomhaíocht iascaireachta, lena n-áirítear trasloingsiú, coinneáil ar bord, tabhairt i dtír agus an chéad díol, ón 15 Aibreán go dtí an 15 Meitheamh 2026.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/266/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)