European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/258

2.2.2026

CINNEADH (AE) 2026/258 ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Eanáir 2026

lena n-údaraítear comhar feabhsaithe maidir le hIasacht don Úcráin a bhunú

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 329(1) de,

Ag féachaint do na hiarrataí arna ndéanamh ag Ríocht na Beilge, ag Poblacht na Bulgáire, ag Ríocht na Danmhairge, ag Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, ag Poblacht na hEastóine, ag Éirinn, ag an bPoblacht Heilléanach, ag Ríocht na Spáinne, ag Poblacht na Fraince, ag Poblacht na Cróite, ag Poblacht na hIodáile, ag Poblacht na Cipire, ag Poblacht na Laitvia, ag Poblacht na Liotuáine, ag Ard-Diúcacht Lucsamburg, ag Málta. ag Ríocht na hÍsiltíre, ag Poblacht na hOstaire, ag Poblacht na Polainne, ag Poblacht na Portaingéile, ag an Rómáin, ag Poblacht na Slóivéine, ag Poblacht na Fionlainne agus ag Ríocht na Sualainne,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 24 Feabhra 2022, d’fhógair Uachtarán Chónaidhm na Rúise oibríocht mhíleata san Úcráin agus chuir fórsaí armtha na Rúise tús le hionsaí míleata gan chúis gan údar faoin Úcráin. Is sárú follasach ar iomláine chríochach, ceannasacht agus neamhspleáchas na hÚcráine é an cogadh foghach neamhdhleathach sin, agus is sárú é chomh maith ar an toirmeasc ar úsáid fornirt a chumhdaítear in Airteagal 2(4) de Chairt na Náisiún Aontaithe, toirmeasc ar riail dhomhaolaithe den dlí idirnáisiúnta é, agus ar phrionsabail eile na Cairte sin.

(2)

Ó thús chogadh foghach gan chúis gan údar na Rúise, tá tacaíocht nach bhfacthas a leithéid riamh cheana slógtha ag an Aontas, a Bhallstáit agus institiúidí airgeadais na hEorpa d’athléimneacht eacnamaíoch, shóisialta, airgeadais agus chosanta na hÚcráine. Tá an tacaíocht sin comhdhéanta de thacaíocht as buiséad an Aontais, go háirithe trí bhíthin cúnamh macrairgeadais de bhun Rialachán (AE) 2022/2463 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (cúnamh macrairgeadais +) (2), an tSaoráid don Úcráin de bhun Rialachán (AE) 2024/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus an Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin de bhun Rialachán (AE) 2024/2773 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), agus trí bhíthin tacaíochta ón mBanc Eorpach Infheistíochta agus ón mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha, arna ráthú go hiomlán nó i bpáirt ag buiséad an Aontais, chomh maith le tacaíocht airgeadais bhreise ó na Ballstáit.

(3)

An 9 Meán Fómhair 2025, chuir an Úcráin iarraidh oifigiúil faoi bhráid an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) ar chlár nua chun a riachtanais mhaoiniúcháin bhreise a chumhdach don tréimhse 2026 go 2029. Leis an gclár sin, dá gcuirfí chun feidhme é, dhéanfaí cur chun feidhme rathúil chlár CAI atá ann cheana a leanúint, ar dá bhun a bhfuil ocht n-athbhreithniú curtha i gcrích ag an Úcráin, agus leanúint de chogadh foghach na Rúise á chur san áireamh ag an am céanna. Tá cumas CAI dul ar aghaidh leis an gclár nua ag brath ar dhearbhuithe leordhóthanacha maoiniúcháin a fháil ó chomhpháirtithe eile, lena n-áirítear an tAontas.

(4)

An 23 Deireadh Fómhair 2025, gheall 26 Bhallstát aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha airgeadais na hÚcráine don tréimhse 2026 go 2027, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann lena hiarrachtaí míleata agus cosanta. Leag na Ballstáit sin béim freisin ar a ríthábhachtaí atá sé a áirithiú go leanfaidh an Úcráin de bheith athléimneach agus go mbeidh na hacmhainní buiséadacha agus míleata aici chun leanúint dá ceart bunúsach féinchosanta a fheidhmiú agus chun cogadh foghach na Rúise a chomhrac, agus d’athdhearbhaigh siad go leanfaidh an tAontas de thacaíocht chuimsitheach pholaitiúil, airgeadais, eacnamaíoch, dhaonnúil, mhíleata agus taidhleoireachta a chur ar fáil don Úcráin agus dá muintir, i gcomhar le comhpháirtithe agus comhghuaillithe atá ar aon intinn leo. Tháinig na Ballstáit sin ar an gconclúid thairis sin go soláthrófar an tacaíocht mhíleata uile chomh maith le ráthaíochtaí slándála don Úcráin ar bhealach lena dtabharfar lánurraim do bheartais slándála agus cosanta Ballstát áirithe agus leasanna slándála agus cosanta na mBallstát uile á gcur san áireamh. Chomhaontaigh na 26 Bhallstát freisin gur cheart, faoi réir dhlí an Aontais, sócmhainní na Rúise a choinneáil blocáilte go dtí go gcuirfidh an Rúis deireadh leis an gcogadh foghach atá sí a fhearadh ar an Úcráin agus go gcúiteoidh sí an Úcráin as an damáiste a rinne a cogadh, agus d’iarr siad ar an gCoimisiún roghanna a chur i láthair maidir le tacaíocht airgeadais don Úcráin. Ar an dáta céanna, tháinig an Chomhairle Eorpach ar an gconclúid gur dúshlán eiseach don Aontas atá sa chogadh foghach atá an Rúis a fhearadh ar an Úcráin agus na hiarmhairtí a bheidh aige ar shlándáil na hEorpa agus ar an tslándáil dhomhanda i dtimpeallacht atá ag athrú.

(5)

De bharr staid airgeadais na hÚcráine, is gá an cúnamh airgeadais ón Aontas a eisíoc sa dara ráithe de 2026 ar a dhéanaí. Chuige sin, thíolaic an Coimisiún pacáiste tograí an 3 Nollaig 2025, lena n-áirítear togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Iasacht Chúiteamh-nasctha don Úcráin agus togra le haghaidh rialachán lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (5). Cuireadh dhá rogha ar fáil leis na tograí sin i dteannta a chéile chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha airgeadais na hÚcráine le haghaidh na tréimhse 2026 go 2027. Rinneadh an togra maidir le leasú a dhéanamh ar Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 chun go bhféadfaí na leithreasuithe is gá a shlógadh i mbuiséad an Aontais le haghaidh cúnamh airgeadais don Úcráin de bhreis ar uasteorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil a leagtar amach sa Rialachán sin. In éagmais an leasaithe sin, bhí ráthaíochtaí le tabhairt ag na Ballstáit ar bhonn deonach chun tacú leis na dliteanais theagmhasacha a eascraíonn as an Iasacht Cúiteamh-nasctha don Úcráin.

(6)

An 12 Nollaig 2025, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2025/2600 ón gComhairle (6), a bhí ina chuid den phacáiste tograí a thíolaic an Coimisiún an 3 Nollaig 2025 freisin.

(7)

Tar éis don Choimisiún an pacáiste tograí maidir le cúnamh airgeadais don Úcráin a thíolacadh, rinneadh dianchomhairliúcháin sa Chomhairle maidir le gnéithe an phacáiste sin, go háirithe an togra le haghaidh rialachán lena mbunaítear Iasacht Chúiteamh-nasctha don Úcráin, agus an togra le haghaidh rialachán lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093. Ba chosúil ó na comhairliúcháin sin gur ghné thábhachtach i gcás roinnt Ballstát agus gur coinníoll dá dtacaíocht don Iasacht Cúiteamh-nasctha é leasú a dhéanamh ar Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 le go bhféadfaí tacú leis na dliteanais theagmhasacha a bhaineann le tacaíocht don Úcráin trí na leithreasuithe is gá i mbuiséad an Aontais a shlógadh de bhreis ar uasteorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil. Bhí drogall ar Bhallstáit áirithe, áfach, tacú leis an gcaiteachas d’fhéadfadh a bheith i gceist leis na leithreasuithe sin agus leis na dliteanais theagmhasacha a bhaineann leis an iasacht sin.

(8)

Sna conclúidí uaithi an 18 Nollaig 2025, chomhaontaigh an Chomhairle Eorpach iasacht EUR 90 billiún a chur ar fáil don Úcráin le haghaidh na mblianta 2026 go 2027 ar bhonn iasachtaíocht an Aontais ar na margaí caipitil a bhfuil lamháil bhuiséad an Aontais ina taca léi. Leagtar amach freisin sna conclúidí ón gComhairle Eorpach gurb amhlaidh, trí bhíthin comhar feabhsaithe de bhun Airteagal 20 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) i ndáil le hionstraim arna bunú ar Airteagal 212 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), nach mbeidh tionchar ag aon slógadh acmhainní ó bhuiséad an Aontais a dhéanfar mar ráthaíocht don iasacht sin, ar oibleagáidí airgeadais Phoblacht na Seice, na hUngáire ná na Slóvaice.

(9)

Tar éis an 3 Nollaig 2025, tháinig comhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle, Coreper san áireamh, le chéile roinnt uaireanta d’fhonn teacht ar chomhaontú maidir leis an tsraith gníomhartha a mhol an Coimisiún, lena n-áirítear an togra le haghaidh rialachán lena mbunaítear an Iasacht Chúiteamh-nasctha don Úcráin agus an togra le haghaidh rialachán lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093. An 19 Nollaig 2025, d’aithin Coreper nach féidir cuspóir na hiasachta a bhaint amach laistigh de thréimhse réasúnta tríd an bpacáiste gníomhartha reachtacha agus dlíthiúla atá beartaithe ag an gCoimisiún a bhfuil baint ag an Aontas ina iomláine leo. Cuireadh san áireamh sa mheasúnú sin an géarghá atá le cúnamh airgeadais don Úcráin. Suíodh ann freisin nach bhféadfaí ionstraim lena gcuirtear an iasacht ar fáil don Úcráin agus na leasuithe ar Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 a cheanglófaí le hionstraim den sórt sin a chomhaontú ach amháin, mar rogha dheireanach, trí mheascán de chomhaontuithe arna ndéanamh d’aon toil maidir leis an togra le haghaidh rialachán lena leasaítear an Rialachán sin agus cinneadh lena n-údaraítear comhar feabhsaithe maidir le bunú na hiasachta don Úcráin de bhun Airteagal 212 CFAE, agus gurb iad na Ballstáit rannpháirteacha a iompróidh an caiteachas a eascróidh as cur chun feidhme an ghnímh sin, cé is moite de chostais riaracháin na n-institiúidí, i gcomhréir le hAirteagal 332 CFAE.

(10)

An 20 Nollaig 2025, chuir Ríocht na Beilge, Poblacht na Bulgáire, Ríocht na Danmhairge, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Poblacht na hEastóine, Éire, an Phoblacht Heilléanach, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Poblacht na Cróite, Poblacht na hIodáile, Poblacht na Cipire, Poblacht na Laitvia, Poblacht na Liotuáine, Ard-Diúcacht Lucsamburg, Málta, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Polainne, Poblacht na Portaingéile, an Rómáin, Poblacht na Slóivéine, Poblacht na Fionlainne, agus Ríocht na Sualainne litir chomhpháirteach chuig an gCoimisiún inar iarradh air togra a chur faoi bhráid na Comhairle le haghaidh cinneadh lena n-údarófaí comhar feabhsaithe arbh é is cuspóir agus is raon feidhme dó iasacht EUR 90 billiún a thabhairt don Úcráin le haghaidh na mblianta 2026 go 2027 ar bhonn iasachtaíocht an Aontais ar na margaí caipitil a bhfuil lamháil bhuiséad an Aontais ina taca léi trí éifeacht a thabhairt do mhíreanna 3 agus 4 de na conclúidí ón gComhairle Eorpach (EUCO 24/25) chomh maith le mír 8 den téacs maidir leis an Úcráin le tacaíocht dhaingean ó 25 Cheann Stáit nó Rialtais (EUCO 26/25).

(11)

Ní inniúlacht eisiach de chuid an Aontais é cúnamh airgeadais a thabhairt do thríú tíortha de bhun Airteagal 212 CFAE de bhun Airteagal 3(1) CFAE. Dá bhrí sin, maidir le cúnamh airgeadais a sholáthar don Úcráin trí bhíthin comhar feabhsaithe i gcomhréir leis na módúlachtaí atá beartaithe ag an gComhairle Eorpach sna conclúidí a thug sí uaithi an 18 Nollaig 2025, tagann sé faoi chuimsiú inniúlacht neamheisiach an Aontais.

(12)

Leis an gcomhar feabhsaithe a údaraítear leis an gCinneadh seo, tacaítear le cuspóirí éagsúla lena dtreiseofar próiseas lánpháirtíochta an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 20(1) CAE. Ar an gcéad dul síos, trí chúnamh airgeadais a sholáthar don Úcráin, rannchuidítear le cuspóirí an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 3 CAE iad, go háirithe leis an tsíocháin agus leis an tslándáil san Aontas agus ar fud an domhain, agus le forbairt inbhuanaithe na hEorpa atá bunaithe, inter alia, ar fhás eacnamaíoch cothrom agus ar chobhsaíocht praghsanna. Le cúnamh airgeadais don Úcráin, maolaítear éifeachtaí ghníomhaíochtaí na Rúise ar shlándáil agus geilleagar an Aontais agus a chomharsanachta. Dá gcaillfeadh an Úcráin an cogadh, bheadh riosca méadaithe ionsaithe ón Rúis ann in aghaidh ceann de na Ballstáit nó in aghaidh tír i gcomharsanacht na hÚcráine, lena n-áirítear tíortha is iarrthóirí, rud a mbeadh iarmhairtí díreacha agus indíreacha aige ar an staid slándála agus eacnamaíoch san Aontas. Bheadh na hiarmhairtí ar gheilleagar an Aontais a thiocfadh as ionsaí na Rúise níos déine fós i gcás nach mbeadh an Úcráin in ann tacú leis na hiarrachtaí fioscacha is gá chun leanúint dá hiarracht chogaidh. Ar an dara dul síos, ós rud é gur iarrthóir í an Úcráin ar aontachas leis an Aontas, is infheistíocht straitéiseach í tacaíocht an Aontais sa tsíocháin, sa tslándáil, sa chobhsaíocht agus sa rathúnas san Eoraip agus cuireann sí ar a chumas don Aontas a bheith níos ullmhaithe chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda agus, an tráth céanna, rannchuidíonn an tacaíocht le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2024/792, go háirithe trí athchóirithe ar an smacht reachta, trí athchóiriú ar an riarachán poiblí agus neartú na n-institiúidí daonlathacha, ar bunphrionsabail don aontachas iad. Ar an tríú dul síos, trí chúnamh airgeadais a chur ar fáil don Úcráin, téann sé chun tairbhe don mhargadh inmheánach agus cuireann sé deiseanna breise eacnamaíocha agus trádála ar fáil ar mhaithe le leas frithpháirteach an Aontais agus na hÚcráine araon, agus tacaíonn sé an tráth céanna le claochlú na tíre sin de réir a chéile, lena n-áirítear trí chur chun feidhme Phlean na hÚcráine arna leasú le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2157 ón gComhairle (7). Ar an gceathrú dul síos, tá meath mór tagtha ar chomhthéacs slándála an Aontais, rud a bhaineann, ní hamháin le bagairt leanúnach na Rúise agus lena haistriú treisithe chuig geilleagar cogaidh agus le héabhlóid an chogaidh san Úcráin, ach le héiginnteachtaí freisin a eascraíonn as staid gheopholaitiúil a theacht chun cinn inar gá don Aontas dlús mór a chur lena iarrachtaí ar chosaint a áirithiú go neamhspleách. Sa chomhthéacs sin, trí chúnamh airgeadais a chur ar fáil don Úcráin, tacaítear le cuspóirí a théann chun tairbhe d’atreisiú bhonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch na cosanta Eorpaí, i gcomhthéacs ina gcuireann ionstraimí agus cláir de chuid an Aontais comhar tionsclaíoch cosanta leis an Úcráin chun cinn, go háirithe Rialachán (AE) 2025/1106 ón gComhairle (8) agus Rialachán (AE) 2025/2643 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) lena mbunaítear an Clár um an Tionscal Cosanta Eorpach.

(13)

An comhar feabhsaithe a údaraítear leis an gCinneadh seo tá sé i gcomhréir leis na Conarthaí agus le dlí an Aontais agus tá sé le heagrú ar bhealach nach mbainfidh an bonn den mhargadh inmheánach ná den chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta ná críochach. Freisin, níor cheart é a bheith ina bhacainn ar an trádáil idir na Ballstáit, ná níor cheart idirdhealú sa trádáil eatarthu a dhéanamh leis ach oiread, ná an iomaíocht eatarthu a shaobhadh.

(14)

Chun an comhar feabhsaithe a údaraítear leis an gCinneadh seo a chur chun feidhme, tá gá le caiteachais, cé is moite de chostais riaracháin na n-institiúidí (‘caiteachas an chomhair fheabhsaithe’), agus le dliteanais theagmhasacha atá nasctha le cúnamh airgeadais arna soláthar tríd an Iasacht don Úcráin atá le ráthú de bhreis ar uasteorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil le haghaidh cúnamh airgeadais.

(15)

Leis an gcomhar feabhsaithe a údaraítear leis an gCinneadh sin, tá lánurraim le tabhairt d’inniúlachtaí, cearta agus oibleagáidí na mBallstát neamh-rannpháirteach. Níor cheart do na Ballstáit neamh-rannpháirteacha ranníoc le maoiniú chaiteachas an chomhair fheabhsaithe ná le cumhdach na ráthaíochta le haghaidh na ndliteanas teagmhasach atá nasctha leis an Iasacht don Úcráin. Dá bhrí sin, ba cheart na Ballstáit neamh-rannpháirteacha a bheith i dteideal coigeartú i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 ón gComhairle (10). Ba cheart an caiteachas a bhaineann leis an gcomhar feabhsaithe a údaraítear leis an gCinneadh sin agus aon ghlao ar an ráthaíocht le haghaidh dliteanais theagmhasacha atá nasctha leis an Iasacht don Úcráin a chumhdach leis an gcoigeartú sin.

(16)

Tá an comhar feabhsaithe a údaraítear leis an gCinneadh seo oscailte tráth ar bith do na Ballstáit uile ar mian leo a bheith rannpháirteach ann faoi na téarmaí a leagtar amach sa Chinneadh seo. Ba cheart d’aon Bhallstát nua atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe ranníoc le maoiniú chaiteachas an chomhair fheabhsaithe ón dáta a thiocfaidh rannpháirtíocht an Bhallstáit sin i bhfeidhm de bhun Airteagal 331(1) CFAE. Ba cheart d’aon Bhallstát nua-rannpháirteach a áirithiú freisin go gcumhdófar an ráthaíocht le haghaidh dliteanais theagmhasacha atá nasctha le tacaíocht faoin Iasacht don Úcráin arna déanamh ó thús an chomhair fheabhsaithe ón Aontas, i bhfianaise chur chun feidhme na hIasachta sin. Chuige sin, ba cheart don Bhallstát sin ranníoc, ón dáta a ghabhfaidh éifeacht lena rannpháirtíocht de bhun Airteagal 331(1) CFAE, de réir a sciar comhréireach, le haon ghlao ar an ráthaíocht le haghaidh dliteanais theagmhasacha, lena n-áirítear glaonna a bhaineann le dliteanais theagmhasacha a ghabh an tAontas air féin i gcur chun feidhme an chomhair fheabhsaithe, roimh an dáta sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, údaraítear Ríocht na Beilge, Poblacht na Bulgáire, Ríocht na Danmhairge, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Poblacht na hEastóine, Éire, an Phoblacht Heilléanach, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Poblacht na Cróite, Poblacht na hIodáile, Poblacht na Cipire, Poblacht na Laitvia, Poblacht na Liotuáine, Ard-Diúcacht Lucsamburg, Málta, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Polainne, Poblacht na Portaingéile, an Rómáin, Poblacht na Slóivéine, Poblacht na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne comhar níos dlúithe a bhunú eatarthu féin maidir le bunú Iasachta don Úcráin faoi na téarmaí ar a dtugtar tuairisc sa Chinneadh seo, trí fhorálacha ábhartha na gConarthaí a chur i bhfeidhm.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Eanáir 2026

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. KALLAS


(1)  Toiliú ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Eanáir 2026.

(2)  Rialachán (AE) 2022/2463 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena mbunaítear ionstraim chun tacaíocht a thabhairt don Úcráin le haghaidh 2023 (cúnamh macrairgeadais +) (IO L 322, 16.12.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2463/oj).

(3)  Rialachán (AE) 2024/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena mbunaítear an tSaoráid don Úcráin (IO L, 2024/792, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/792/oj).

(4)  Rialachán (AE) 2024/2773 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2024 lena mbunaítear an Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin agus lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin (IO L, 2024/2773, 28.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2773/oj).

(5)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I 22.12.2020, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2093/oj).

(6)  Rialachán (AE) 2025/2600 ón gComhairle an 12 Nollaig 2025 maidir le bearta éigeandála lena dtugtar aghaidh ar na deacrachtaí eacnamaíocha tromchúiseacha arb iad gníomhaíochtaí na Rúise i gcomhthéacs an chogaidh fhoghaigh ar an Úcráin is cúis leo (IO L, 2025/2600, 13.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2600/oj).

(7)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2157 ón gComhairle an 17 Deireadh Fómhair 2025 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1447 maidir le formheas an mheasúnaithe ar Phlean na hÚcráine (IO L, 2025/2157, 27.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/2157/oj).

(8)  Rialachán (AE) 2025/1106 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2025 lena mbunaítear an Ionstraim um Ghníomhaíocht Slándála don Eoraip (SAFE) trí Atreisiú an Tionscail Cosanta Eorpaigh (IO L, 2025/1106, 28.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/1106/oj).

(9)  Rialachán (AE) 2025/2643 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2025 lena mbunaítear an Clár um an Tionscal Cosanta Eorpach agus creat beart chun infhaighteacht agus soláthar tráthúil táirgí cosanta a áirithiú (‘Rialachán EDIP’) (IO L, 2025/2643, 29.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2643/oj).

(10)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 ón gComhairle an 26 Bealtaine 2014 maidir leis na modhanna agus an nós imeachta chun acmhainní dílse traidisiúnta, bunaithe ar CBL agus bunaithe ar OIN, a chur ar fáil agus maidir leis na bearta chun riachtanais airgid a chomhlíonadh (IO L 168, 7.6.2014, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/609/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/258/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)