European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/248

3.2.2026

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/248 ÓN gCOIMISIÚN

an 2 Feabhra 2026

lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le formáidí ríomhshínithe ardleibhéil agus ríomhshéalaí ardleibhéil atá le haithint ag comhlachtaí san earnáil phoiblí agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1506 ón gCoimisiún

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (1), agus go háirithe Airteagail 27(5) agus 37(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ní mór do na Ballstáit na modhanna teicniúla is gá a chur i bhfeidhm ionas gur féidir leo próiseáil a dhéanamh ar dhoiciméid ríomhshínithe nó ríomhshéalaithe a bhfuil gá leo nuair a úsáidtear seirbhís ar líne a thairgeann comhlacht san earnáil phoiblí, nó a thairgtear thar a cheann.

(2)

De bhun Airteagail 27 agus 37 de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, na Ballstáit a bhfuil ríomhshíniú ardleibhéil nó ríomhshéala ardleibhéil ag teastáil uathu chun úsáid a bhaint as seirbhís ar líne a thairgeann comhlacht san earnáil phoiblí, nó a thairgtear thar a cheann, aithneoidh siad ríomhshínithe agus ríomhshéalaí ardleibhéil, ríomhshínithe agus ríomhshéalaí ardleibhéil bunaithe ar dheimhniú cáilithe agus ríomhshínithe cáilithe agus ríomhshéalaí cáilithe i bhformáidí sonracha, nó i bhformáidí malartacha arna mbailíochtú de bhun modhanna tagartha sonracha.

(3)

Chun bailíochtú trasteorann ríomhshínithe nó ríomhshéalaí a éascú, agus chun idir-inoibritheacht trasteorann ríomh-idirbheart a fheabhsú, leagadh síos le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1506 ón gCoimisiún (2) formáidí tagartha le haghaidh ríomhshínithe ardleibhéil agus ríomhshéalaí ardleibhéil a dtacóidh na Ballstáit leo. Mar thoradh ar theicneolaíochtaí, cleachtais, caighdeáin agus sonraíochtaí teicniúla nua a forbraíodh, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1506 a aisghairm. Leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin, ba cheart liosta a sholáthar d’fhormáidí caighdeánacha agus d’fhorálacha chun na formáidí caighdeánacha sin a aithint.

(4)

Ba cheart na formáidí caighdeánacha a liostaítear a bheith ina léiriú ar chleachtais sheanbhunaithe agus ba cheart iad a aithint go forleathan laistigh de na hearnálacha ábhartha. I gcás ina n-úsáidtear formáidí ríomhshínithe ardleibhéil nó formáidí ríomhshéalaí ardleibhéil eile seachas na cinn sin a dtugtar tacaíocht theicniúil dóibh go coitianta chun ríomhshíniú nó ríomhshéala a dhéanamh, ba cheart modhanna a sholáthar chun ríomhshínithe ardleibhéil nó ríomhshéalaí ardleibhéil a bhailíochtú thar theorainneacha. Chun é a chur ar a gcumas do na Ballstáit is faighteoirí brath ar mhodhanna bailíochtaithe Ballstáit eile, is gá don Bhallstát is seoltóir faisnéis atá inrochtana go héasca a sholáthar maidir leis na modhanna bailíochtaithe sin. Dá bhrí sin, ba cheart an fhaisnéis sin maidir leis an modh bailíochtaithe is infheidhme a áireamh sna ríomhdhoiciméid, sna ríomhshínithe ardleibhéil nó sna ríomhshéalaí ardleibhéil, nó sna coimeádáin ríomhdhoiciméad.

(5)

I gcás ina bhfuil modhanna bailíochtaithe malartacha maidir le ríomhshínithe nó ríomhshéalaí ardleibhéil ar fáil i seirbhís phoiblí de chuid Ballstáit, ar modhanna iad atá oiriúnach do phróiseáil uathoibrithe, ba cheart iad a chur ar fáil agus a sholáthar don Bhallstát is faighteoir. Mar sin féin, ba cheart feidhm a bheith fós ag forálacha Airteagal 27(1) agus (2) agus Airteagal 37(1) agus (2) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 nuair nach bhfuil próiseáil uathoibrithe modhanna bailíochtaithe malartacha indéanta go teicniúil.

(6)

Chun foráil a dhéanamh maidir le ceanglais inchomparáide le haghaidh bailíochtú agus chun cur leis an muinín as na modhanna bailíochtaithe arna soláthar ag na Ballstáit le haghaidh formáidí ríomhshínithe nó ríomhshéalaí ardleibhéil eile seachas na cinn a dtacaítear leo go coitianta, leis na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo le haghaidh na modhanna bailíochtaithe sin baintear leas as na ceanglais maidir le bailíochtú ríomhshínithe agus ríomhshéalaí cáilithe dá dtagraítear in Airteagail 32 agus 40 de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, agus as na ceanglais maidir le bailíochtú ríomhshínithe ardleibhéil agus ríomhshéalaí ardleibhéil bunaithe ar dheimhnithe cáilithe dá dtagraítear in Airteagail 32a agus 40a de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014.

(7)

Déanann an Coimisiún measúnú tráthrialta ar theicneolaíochtaí, cleachtais, caighdeáin nó sonraíochtaí teicniúla nua. I gcomhréir le hAithris 75 de Rialachán (AE) 2024/1183 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), ba cheart don Choimisiún an Rialachán seo a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta, más gá, chun é a choimeád i gcomhréir le forbairtí domhanda, teicneolaíochtaí, caighdeáin nó sonraíochtaí teicniúla nua agus chun na dea-chleachtais ar an margadh inmheánach a leanúint.

(8)

Na Ballstáit a bhfuil ríomhshíniú ardleibhéil, ríomhshíniú ardleibhéil bunaithe ar dheimhniú cáilithe, ríomhshéala ardleibhéil, nó ríomhshéala ardleibhéil bunaithe ar dheimhniú cáilithe ag teastáil uathu mar a leagtar amach in Airteagal 27(1) agus (2) agus in Airteagal 37(1) agus (2) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, ba cheart dóibh ríomhshínithe ardleibhéil a aithint trí úsáid a bhaint as formáidí nó as coimeádáin sínithe ghaolmhara, nó ba cheart dóibh ríomhshéalaí ardleibhéil a aithint trí úsáid a bhaint as formáidí nó coimeádáin séalaí ghaolmhara, ar cinn iad a chomhlíonann na sonraíochtaí teicniúla a liostaítear sa Rialachán seo. Maidir leis an oibleagáid sin ríomhshínithe ardleibhéil nó ríomhshéalaí ardleibhéil a aithint, agus úsáid á baint as seirbhís ar líne a thairgeann comhlacht san earnáil phoiblí, nó a thairgtear thar a cheann, ba cheart feidhm a bheith aici fad a bheadh gá le bailíochtú ríomhshínithe ardleibhéil nó ríomhshéalaí ardleibhéil le dlíthe an Aontais nó le dlíthe náisiúnta, ag tosú ó thráth a gcruthaithe. Chun dóthain ama a thabhairt do na Ballstáit a n-iarratais ar bhailíochtú a leasú, níor cheart feidhm a bheith ag ceanglais ábhartha an Rialacháin seo go dtí 12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Chun an t-aistriú chuig caighdeáin úrscothacha a áirithiú, ba cheart teorainn ama a chur leis an oibleagáid ríomhshínithe ardleibhéil nuachruthaithe nó ríomhshéalaí ardleibhéil nuachruthaithe a aithint sna formáidí caighdeánacha a liostaítear i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1506, go dtí 24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(9)

Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus, i gcás inarb ábhartha, ag Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) maidir leis na gníomhaíochtaí próiseála sonraí pearsanta faoin Rialachán seo.

(10)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus thug an Maoirseoir a thuairim uaidh an 21 Deireadh Fómhair 2025 (7).

(11)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an choiste a bunaíodh le hAirteagal 48 de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Formáidí ríomhshínithe ardleibhéil

1.   Na Ballstáit a bhfuil ríomhshíniú ardleibhéil nó ríomhshíniú ardleibhéil bunaithe ar dheimhniú cáilithe ag teastáil uathu i gcomhréir le hAirteagal 27(1) agus (2) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, aithneoidh siad ríomhshínithe ardleibhéil, trí úsáid a bhaint as formáidí nó coimeádáin sínithe ghaolmhara, a chomhlíonann na sonraíochtaí teicniúla a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

2.   Aithneoidh na Ballstáit ríomhshínithe ardleibhéil, trí úsáid a bhaint as formáidí nó as coimeádáin sínithe ghaolmhara, a chomhlíonann na sonraíochtaí teicniúla a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, i gcás inar cruthaíodh na ríomhshínithe sin roimh an 23 Feabhra 2028.

Airteagal 2

Modhanna bailíochtaithe malartacha le haghaidh ríomhshínithe ardleibhéil

1.   Na Ballstáit a bhfuil ríomhshíniú ardleibhéil nó ríomhshíniú ardleibhéil bunaithe ar dheimhniú cáilithe ag teastáil uathu i gcomhréir le hAirteagal 27(1) agus (2) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, aithneoidh siad formáidí ríomhshínithe ardleibhéil seachas na cinn dá dtagraítear in Airteagal 1 den Rialachán seo, sna cásanna seo a leanas:

(a)

an Ballstát ina bhfuil an soláthraí seirbhísí iontaoibhe a úsáideann an sínitheoir bunaithe, tairgeann sé modhanna bailíochtaithe sínithe do Bhallstáit eile le haghaidh na bhformáidí sin; agus

(b)

déanfar na modhanna bailíochtaithe sin i gcomhréir le mír 2.

2.   Comhlíonfaidh na modhanna bailíochtaithe le haghaidh formáidí malartacha sínithe na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

beidh siad, i gcás inar féidir, oiriúnach do phróiseáil uathoibrithe;

(b)

ligfidh siad do Bhallstáit eile an ríomhshíniú a fuarthas a bhailíochtú ar líne, saor in aisce;

(c)

soláthróidh siad treoracha soiléire, cuimsitheacha, sothuigthe agus inrochtana chun an bailíochtú a dhéanamh;

(d)

cuirfear in iúl iad sa doiciméad sínithe, sa ríomhshíniú nó sa choimeádán ríomhdhoiciméad;

(e)

deimhneoidh siad bailíocht ríomhshínithe ardleibhéil ar choinníoll gurb amhlaidh an méid seo a leanas:

bhí an deimhniú a thacaíonn leis an ríomhshíniú ardleibhéil bailí tráth an tsínithe;

i gcás ina dtacaíonn deimhniú cáilithe leis an ríomhshíniú ardleibhéil, ba dheimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshíniú é an deimhniú cáilithe a thacaíonn leis an ríomhshíniú ardleibhéil, tráth an tsínithe, i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus d’eisigh soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe é;

comhfhreagraíonn sonraí bailíochtaithe an tsínithe do na sonraí a soláthraíodh don pháirtí is úsáideoir;

soláthraítear don pháirtí is úsáideoir mar is ceart an fhoireann uathúil sonraí arb ionann í agus an sínitheoir;

má úsáideadh ainm bréige tráth an tsínithe, cuirtear úsáid aon ainm bréige in iúl go soiléir don pháirtí is úsáideoir;

i gcás ina gcruthaítear an ríomhshíniú ardleibhéil le gléas cruthaithe ríomhshínithe cáilithe, cuirtear úsáid aon ghléis den sórt sin in iúl go soiléir don pháirtí is úsáideoir;

níor cuireadh sláine na sonraí sínithe i mbaol;

comhlíonadh na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 tráth an tsínithe;

leis an gcóras a úsáidtear chun an ríomhshíniú ardleibhéil a bhailíochtú, tugtar toradh ceart an phróisis bailíochtaithe don pháirtí is úsáideoir agus ligtear don pháirtí is úsáideoir aon saincheist ábhartha slándála a bhrath.

3.   Leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 2, pointe (d), cuirfear ar a gcumas do na páirtithe is úsáideoirí rochtain éasca a fháil ar shonraíochtaí iomlána an mhodha bailíochtaithe sínithe, saor in aisce.

Airteagal 3

Formáidí ríomhshéalaí ardleibhéil

1.   Na Ballstáit a bhfuil ríomhshéala ardleibhéil nó ríomhshéala ardleibhéil bunaithe ar dheimhniú cáilithe ag teastáil uathu i gcomhréir le hAirteagal 37(1) agus (2) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, aithneoidh siad ríomhshéalaí ardleibhéil, trí úsáid a bhaint as formáidí nó coimeádáin séalaí ghaolmhara, a chomhlíonann na sonraíochtaí teicniúla a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

2.   Aithneoidh na Ballstáit ríomhshéalaí ardleibhéil, trí úsáid a bhaint as formáidí nó as coimeádáin séalaí ghaolmhara, a chomhlíonann na sonraíochtaí teicniúla a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, i gcás inar cruthaíodh na ríomhshéalaí sin roimh an 23 Feabhra 2028.

Airteagal 4

Modhanna bailíochtaithe malartacha le haghaidh ríomhshéalaí ardleibhéil

1.   Na Ballstáit a bhfuil ríomhshéala ardleibhéil nó ríomhshéala ardleibhéil bunaithe ar dheimhniú cáilithe ag teastáil uathu i gcomhréir le hAirteagal 37(1) agus (2) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, aithneoidh siad formáidí ríomhshéalaí ardleibhéil seachas na cinn dá dtagraítear in Airteagal 3 den Rialachán seo, sna cásanna seo a leanas:

(a)

an Ballstát ina bhfuil an soláthraí seirbhísí iontaoibhe a úsáideann cruthaitheoir an tséala bunaithe, tairgeann sé modhanna bailíochtaithe séalaithe do Bhallstáit eile le haghaidh na bhformáidí sin; agus

(b)

déanfar na modhanna bailíochtaithe sin i gcomhréir le mír 2.

2.   Comhlíonfaidh na modhanna bailíochtaithe le haghaidh formáidí malartacha séalaí na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

beidh siad, i gcás inar féidir, oiriúnach do phróiseáil uathoibrithe;

(b)

ligfidh siad do Bhallstáit eile an ríomhshéala a fuarthas a bhailíochtú ar líne, saor in aisce;

(c)

soláthróidh siad treoracha soiléire, cuimsitheacha, sothuigthe agus inrochtana chun an bailíochtú a dhéanamh;

(d)

cuirfear in iúl iad sa doiciméad séalaithe, sa ríomhshéala nó sa choimeádán ríomhdhoiciméad; agus

(e)

deimhneoidh siad bailíocht ríomhshéala ardleibhéil ar choinníoll gurb amhlaidh an méid seo a leanas:

bhí an deimhniú a thacaíonn leis an ríomhshéala ardleibhéil bailí tráth an tséalaithe;

i gcás ina dtacaíonn deimhniú cáilithe leis an ríomhshéala ardleibhéil, ba dheimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshéala é an deimhniú cáilithe a thacaíonn leis an ríomhshéala ardleibhéil, tráth an tsínithe, i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus d’eisigh soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe é;

comhfhreagraíonn sonraí bailíochtaithe an tséala do na sonraí a soláthraíodh don pháirtí is úsáideoir;

soláthraítear don pháirtí is úsáideoir mar is ceart an fhoireann uathúil sonraí arb ionann í agus cruthaitheoir an tséala;

má úsáideadh ainm bréige tráth an tséalaithe, cuirtear úsáid aon ainm bréige in iúl go soiléir don pháirtí is úsáideoir;

i gcás ina gcruthaítear an ríomhshéala ardleibhéil le gléas cruthaithe ríomhshéalaí cáilithe, cuirtear úsáid aon ghléis den sórt sin in iúl go soiléir don pháirtí is úsáideoir;

níor cuireadh sláine na sonraí séalaithe i mbaol;

comhlíonadh na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 36 de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 tráth an tséalaithe; agus

leis an gcóras a úsáidtear chun an ríomhshéala ardleibhéil a bhailíochtú, tugtar toradh ceart an phróisis bailíochtaithe don pháirtí is úsáideoir agus ligtear don pháirtí is úsáideoir aon saincheist ábhartha slándála a bhrath.

3.   Leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 2, pointe (d), cuirfear ar a gcumas do na páirtithe is úsáideoirí rochtain éasca a fháil ar shonraíochtaí iomlána an mhodha bailíochtaithe séala, saor in aisce.

Airteagal 5

Aisghairm

Aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1506.

Déanfar tagairtí don Chinneadh aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 6

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 1(1) agus Airteagal 3(1) ón 23 Feabhra 2027.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Feabhra 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 257, 28.8.2014, lch. 73, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/910/oj.

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1506 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos sonraíochtaí i ndáil le formáidí ríomhshínithe ardleibhéil agus ríomhshéalaí ardleibhéil atá le haithint ag comhlachtaí san earnáil phoiblí de bhun Airteagail 27(5) agus 37(5) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach. (IO L 235, 9.9.2015, lch. 37, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2015/1506/oj).

(3)  Rialachán (AE) 2024/1183 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a mhéid a bhaineann leis an gCreat Eorpach um Chéannacht Dhigiteach a bhunú (IO L, 2024/1183, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1183/oj).

(4)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí), (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).

(5)  Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach), (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2002/58/oj).

(6)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).

(7)   Barúlacha foirmiúla MECS ar an dréacht-Rialachán Cur Chun Feidhme maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 i ndáil le formáidí ríomhshínithe ardleibhéil agus ríomhshéalaí ardleibhéil atá le haithint ag comhlachtaí san earnáil phoiblí agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1506.


IARSCRÍBHINN I

Liosta sonraíochtaí teicniúla le haghaidh ríomhshínithe ardleibhéil dá dtagraítear in Airteagal 1(1) agus le haghaidh ríomhshéalaí ardleibhéil dá dtagraítear in Airteagal 3(1)

Próifíl Bhonnlíne XAdES

ETSI EN 319 132 -1 V1.3.1 (2024-07) (1)

Próifíl Bhonnlíne CAdES

ETSI EN 319 122 -1 V1.3.1 (2023-06) (2)

Próifíl Bhonnlíne PAdES

ETSI EN 319 142 -1 V1.2.1 (2024-01) (3)

Próifíl Bhonnlíne JAdES

ETSI TS 119 182 -1 V1.2.1 (2024-07) (4), leis an oiriúnú seo a leanas:

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad chlásal 5.1.8 dar teideal ‘Paraiméadar ceanntáisc x5c (Sraith de Dheimhnithe X.509)’

‘5.1.8   Paraiméadar ceanntáisc x5c (Sraith de Dheimhnithe X.509)

Paraiméadar ceanntáisc x5c mar a shainmhínítear i gclásal 4.1.6 de IETF RFC 7515 [2], beidh sé le fáil i síniú JAdES, mar pharaiméadar ceanntáisc sínithe nó neamhshínithe.

Beidh an tséimeantaic a shonraítear in IETF RFC 7515 [2], clásal 4.1.6 ag paraiméadar ceanntáisc x5c.

Beidh an chomhréir a shonraítear in IETF RFC 7515 [2], clásal 4.1.6 ag paraiméadar ceanntáisc x5c.’

Liosta sonraíochtaí teicniúla le haghaidh coimeádáin sínithe ghaolmhara dá dtagraítear in Airteagal 1(1) agus le haghaidh coimeádáin séalaí ghaolmhara dá dtagraítear in Airteagal 3(1)

Próifíl Bhonnlíne na gCoimeádán Sínithe/Séalaí Gaolmhar

ETSI EN 319 162 -1 V1.1.1 (2016-04) (5)

ETSI EN 319 162 -2 V1.1.1 (2016-04) (6) le haghaidh coimeádán breise ASiC-E CAdES mar a shonraítear i gclásal 4.3.1.


(1)   https://www.etsi.org/deliver/etsi_en/319100_319199/31913201/01.03.01_60/en_31913201v010301p.pdf

(2)   https://www.etsi.org/deliver/etsi_en/319100_319199/31912201/01.03.01_60/en_31912201v010301p.pdf

(3)   https://www.etsi.org/deliver/etsi_en/319100_319199/31914201/01.02.01_60/en_31914201v010201p.pdf

(4)   https://www.etsi.org/deliver/etsi_ts/119100_119199/11918201/01.02.01_60/ts_11918201v010201p.pdf

(5)   https://www.etsi.org/deliver/etsi_en/319100_319199/31916201/01.01.01_60/en_31916201v010101p.pdf

(6)   https://www.etsi.org/deliver/etsi_en/319100_319199/31916202/01.01.01_60/en_31916202v010101p.pdf


IARSCRÍBHINN II

Liosta sonraíochtaí teicniúla le haghaidh ríomhshínithe ardleibhéil dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus le haghaidh ríomhshéalaí ardleibhéil dá dtagraítear in Airteagal 3(2)

Próifíl Bhonnlíne XAdES

ETSI TS 103 171 v.2.1.1 (1) cé is moite de chlásal 9 agus ar leibhéal comhréireachta B, T nó LT

Próifíl Bhonnlíne CAdES

ETSI TS 103 173 v.2.2.1 (2) cé is moite de chlásal 9 agus ar leibhéal comhréireachta B, T nó LT

Próifíl Bhonnlíne PAdES

ETSI TS 103 172 v.2.2.2 (3) cé is moite de chlásal 9 agus ar leibhéal comhréireachta B, T nó LT

Liosta sonraíochtaí teicniúla le haghaidh coimeádáin sínithe ghaolmhara dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus le haghaidh coimeádáin séalaí ghaolmhara dá dtagraítear in Airteagal 3(2)

Próifíl Bhonnlíne na gCoimeádán Sínithe/Séalaí Gaolmhar

ETSI TS 103 174 v.2.2.1 (4)


(1)   http://www.etsi.org/deliver/etsi_ts/103100_103199/103171/02.01.01_60/ts_103171v020101p.pdf

(2)   http://www.etsi.org/deliver/etsi_ts/103100_103199/103173/02.02.01_60/ts_103173v020201p.pdf

(3)   http://www.etsi.org/deliver/etsi_ts/103100_103199/103172/02.02.02_60/ts_103172v020202p.pdf

(4)   http://www.etsi.org/deliver/etsi_ts/103100_103199/103174/02.02.01_60/ts_103174v020201p.pdf


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/248/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)