|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/244 |
4.2.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/244 ÓN gCOIMISIÚN
an 3 Feabhra 2026
lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí sorcóirí ardbhrú cruach gan uaim de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar na hallmhairí sin
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1), agus go háirithe Airteagal 9(4) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
1. NÓS IMEACHTA
1.1. Tionscnamh
|
(1) |
An 6 Nollaig 2024, thionscain an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) imscrúdú frithdhumpála i ndáil le hallmhairí sorcóirí ardbhrú cruach gan uaim de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an tír lena mbaineann’) ar bhonn Airteagal 5 den bhun-Rialachán. D’fhoilsigh sé fógra tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2) (‘an Fógra Tionscnaimh’). |
|
(2) |
Thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú tar éis gearán arna chur isteach ag cúig chuideachta, Cylinders Holding a.s., Dalmine S.p.A. (Tenaris), Eurocylinder Systems AG, Faber Industrie S.p.A., agus Worthington Cylinders GmbH (‘na gearánaigh’) an 24 Deireadh Fómhair 2024. Ba é tionscal sorcóirí ardbhrú cruach gan uaim an Aontais de réir bhrí Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán a rinne an gearán. Ba leor an fhianaise sa ghearán maidir le dumpáil agus díobháil ábhartha dá thoradh sin chun údar a thabhairt le tionscnamh an imscrúdaithe. |
1.2. Clárú
|
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/531 ón gCoimisiún (3) (‘an Rialachán maidir le clárú’), chuir an Coimisiún allmhairí an táirge lena mbaineann faoi réir a gcláraithe. |
1.3. Bearta sealadacha
|
(4) |
I gcomhréir le hAirteagal 19a den bhun-Rialachán, an 11 Iúil 2025, thug an Coimisiún achoimre ar na dleachtanna beartaithe do na páirtithe, agus thug sé sonraí dóibh faoi ríomh na gcorrlach dumpála agus na gcorrlach ar leor iad chun deireadh a chur leis an díobháil do thionscal an Aontais. Iarradh ar na páirtithe leasmhara barúlacha a thabhairt maidir le cruinneas na ríomhanna laistigh de 3 lá oibre. Chuir táirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte amháin barúlacha isteach maidir le ríomh an phraghais allmhairiúcháin agus luachanna CAL a úsáideadh chun a chorrlach dumpála a ríomh. Tar éis anailís a dhéanamh, glacadh leis na barúlacha sin agus ceartaíodh na corrlaigh dhumpála dá réir. |
|
(5) |
An 5 Lúnasa 2025, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1711 ón gCoimisiún (4) (‘an Rialachán sealadach’), d’fhorchuir an Coimisiún dleachtanna frithdhumpála sealadacha ar allmhairísorcóirí ardbhrú cruach gan uaim de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne. |
1.4. An nós imeachta ina dhiaidh sin
|
(6) |
Tar éis nochtadh na mbunfhíoras agus na mbunbhreithnithe ar ar a mbonn a forchuireadh an dleacht frithdhumpála shealadach (‘nochtadh sealadach’), Leebucc (Tianjin) Hydraulics Equipment Co., Ltd., (trádálaí neamhchomhlachaithe i nDaon-Phoblacht na Síne), dhá tháirgeoir onnmhairiúcháin shampláilte i nDaon-Phoblacht na Síne: Tianjin Tianhai High Pressure Container Corp., Ltd. (‘Tianjin Tianhai’) agus Zhejiang Winner Fire Fighting Equipment Co., Ltd., (‘Zhejiang Winner’), Comhlachas Monaróirí Sorcóirí na hEorpa (na ‘gearánaigh’) agus dhá chuideachta a úsáideann an táirge faoi imscrúdú: Chuir Widmann Gase GmbH agus Hydac Technology GmbH aighneachtaí i scríbhinn isteach inar chuir siad a dtuairimí in iúl maidir leis na torthaí sealadacha laistigh den sprioc-am dá bhforáiltear in Airteagal 2(1) den Rialachán sealadach. |
|
(7) |
Tugadh deis chainte do na páirtithe a d’iarr éisteacht. Reáchtáladh éisteachtaí le Tianjin Tianhai agus le Shaoxing Ruiying High Pressure Vessel Co., Ltd. (‘Ruiying’), ar comhfhiontar Sualannach de chuid na Síne é a tháirgeann sorcóirí gan uaim le haghaidh múchtóirí CO2 agus sorcóirí gáis ardbhrú. Ina theannta sin, tar éis iarraidh a fháil ó Tianjin Tianhai, tionóladh éisteacht le Coiste Eorpach na Monaróirí Trealaimh Cosanta ar Dhóiteáin agus Feithiclí Comhraic Dóiteáin agus leis an Bundesverband Technischer Brandschutz, dhá chomhlachas a dhéanann ionadaíocht ar mhonaróirí Eorpacha trealaimh sábháilteachta dóiteáin agus comhraic dóiteáin. |
|
(8) |
Lean an Coimisiún air ag lorg agus ag fíorú na faisnéise uile a mheas sé a bheith riachtanach dá gcinntí críochnaitheacha. Agus an Coimisiún ag teacht ar a thorthaí cinntitheacha, mheas sé na barúlacha a chuir na páirtithe leasmhara isteach agus rinne sé athbhreithniú ar a chonclúidí sealadacha i gcás inarbh iomchuí. |
|
(9) |
Chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara uile ar an eolas maidir leis na bunfhíorais agus na bunbhreithnithe ar ar a mbonn a raibh sé beartaithe aige dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchur ar allmhairí sorcóirí ardbhrú cruach gan uaim de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an nochtadh deiridh’). Tugadh tréimhse do na páirtithe leasmhara uile ina raibh siad in ann a barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh. |
1.5. Maímh maidir le tionscnamh
|
(10) |
In éagmais barúlacha maidir le tionscnamh, deimhníodh aithrisí (1) go (2) den Rialachán sealadach. |
1.6. Sampláil
|
(11) |
Tar éis fhoilsiú an Rialacháin shealadaigh, d’éiligh táirgeoir onnmhairiúcháin, Shaoxing Ruiying High Pressure Vessel Co., Ltd. (‘Ruiying’) scrúdú aonair faoi Airteagal 17(3) den bhun-Rialachán. Diúltaíodh don iarraidh sin ar an bhforas, ar an gcéad dul síos, nár thug Ruiying freagra ar an bhfoirm shamplála agus ar an dara dul síos, gur tugadh an maíomh sin isteach i bhfad tar éis an 30 lá ó dháta fógartha an tsampla a leagtar amach san Fhógra Tionscnaimh. |
|
(12) |
In éagmais barúlacha maidir le sampláil táirgeoirí de chuid an Aontais agus táirgeoirí onnmhairiúcháin, deimhníodh aithrisí (6) go (15) den Rialachán sealadach. |
1.7. Freagraí ar an gceistneoir agus cuairteanna fíorúcháin
|
(13) |
In éagmais barúlacha maidir leis na freagraí ar an gceistneoir agus na cuairteanna fíorúcháin, deimhníodh aithrisí (16) go (19) den Rialachán sealadach. |
1.8. An tréimhse imscrúdúcháin agus an tréimhse faoi bhreathnú
|
(14) |
Mar a shonraítear i Roinn 1.6 den Rialachán sealadach, chumhdaigh an t-imscrúdú ar dhumpáil agus díobháil an tréimhse ón 1 Deireadh Fómhair 2023 go dtí an 30 Meán Fómhair 2024 (‘an tréimhse imscrúdúcháin’). Chumhdaigh an t-imscrúdú ar threochtaí atá ábhartha maidir leis an measúnú ar dhíobháil an tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí deireadh na tréimhse imscrúdúcháin (‘an tréimhse faoi bhreathnú’). |
|
(15) |
In éagmais barúlacha maidir leis an tréimhse imscrúdaithe agus an tréimhse a measadh, deimhníodh aithris (20) den Rialachán sealadach. |
2. AN TÁIRGE LENA mBAINEANN AGUS AN TÁIRGE COMHCHOSÚIL
2.1. An táirge faoi imscrúdú
|
(16) |
Mar a leagtar amach in aithrisí (21) go (23) den Rialachán sealadach, is éard atá sa táirge faoi imscrúdú sorcóirí ardbhrú cruach folmha gan uaim, lena n-áirítear sorcóirí ardbhrú cruach gan uaim folmha a úsáidtear i múchtóirí dóiteáin, le haghaidh gás comhbhrúite nó leachtaithe, déanta as cruach, de gach trastomhas agus de gach toilleadh toirte, bídís snáithithe nó ná bídís, gan beann ar bhratú inmheánach nó ar phlátáil inmheánach, gan beann ar bhailchríochnú seachtrach agus ar chruth seachtrach, cibé acu atá nó nach bhfuil bolgán gáis curtha isteach iontu, gan beann ar fheistiú na sorcóirí le comhla, fáinne muiníl, fáinne coise nó píobánra, bídís ceangailte le chéile chun cuach a dhéanamh nó ná bídís. |
|
(17) |
Sorcóirí gáis ardbhrú beaga, neamh-inathlíonta, a bhfuil toilleadh suas go 120 ml agus toilleadh 120 ml san áireamh acu, a chumhdaítear le caighdeán Eorpach EN 16509:2014 agus/nó le huimhir NA 2037 arna sannadh ag Coiste Saineolaithe na Náisiún Aontaithe um Iompar Earraí Contúirteacha, déantar iad a eisiamh ón raon táirge. |
|
(18) |
Chun aon mhíthuiscint a chosc i gcomhthéacs an nós imeachta seo, soiléirítear leis seo go dtuigfear aon tagairt do ‘múchtóirí dóiteáin’ mar thagairt do shorcóirí ardbhrú cruach folmha gan uaim atá beartaithe lena úsáid i múchtóirí dóiteáin. |
2.2. An táirge lena mbaineann
|
(19) |
Mar a leagtar amach in aithris (24) den Rialachán sealadach, is éard atá sa táirge lena mbaineann sorcóirí ardbhrú gan uaim le haghaidh gás comhbhrúite nó leachtaithe, as cruach, de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an táirge lena mbaineann’). |
|
(20) |
Mar a léirítear sa Rialachán sealadach, shoiléirigh an Coimisiún go gcumhdaítear leis an raon feidhme múchtóirí dóiteáin atá folamh ach nach bhfuil líonta. I gcás múchtóirí dóiteáin folmha a chomhlíonann an sainmhíniú ar an táirge, cuireadh cóid TARIC shonracha (8424 10 00 11 agus 8424 10 00 21) san áireamh chun iad a shainaithint agus chun faireachán a dhéanamh orthu. |
|
(21) |
Tar éis bearta sealadacha a fhorchur, shainaithin an Coimisiún saincheist a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le haicmiú sorcóirí ardbhrú cruach gan uaim áirithe a allmhairítear mar chomhpháirteanna múchtóirí dóiteáin nó innealra, faoi chóid AC 8424 90 80 agus 8479 90 70 faoi seach. Ós rud é gur cóid bhascaeid iad na cóid sin lena gcumhdaítear táirgí iomadúla, bhí ar an gCoimisiún meastachán a dhéanamh chun meastóireacht a dhéanamh ar mhéid féideartha na n-allmhairí sorcóirí ardbhrú cruach gan uaim a thagann fúthu. |
|
(22) |
Mar sin féin, chun imchéimniú na mbeart frithdhumpála a chosc, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún cóid TARIC shonracha a chruthú faoi na ceannteidil sin chun a áirithiú nach féidir sorcóirí ardbhrú cruach gan uaim a allmhairiú faoi na cóid bhascaeid leathana sin gan a bheith faoi réir na mbeart, rud a dhaingneoidh éifeachtacht na mbeart frithdhumpála. |
|
(23) |
Is iad seo a leanas na cóid AC agus TARIC a chumhdaíonn raon feidhme an imscrúdaithe seo, cóid a thugtar ar mhaithe le faisnéis amháin agus gan dochar d’aon athrú a dhéanfaí ar an aicmiú taraife ina dhiaidh sin: Cóid AC ex 7311 00 11 , ex 7311 00 13 , ex 7311 00 19 , ex 7311 00 30 , ex 8424 10 00 , ex 8424 90 80 agus ex 8479 90 70 (cóid TARIC 7311 00 11 15, 7311 00 11 80, 7311 00 13 15, 7311 00 13 80, 7311 00 19 15, 7311 00 19 80, 7311 00 30 15, 7311 00 30 80, 8424 10 00 11, 8424 10 00 21, 8424 90 80 60 agus 8479 90 70 60). |
2.3. An táirge comhchosúil
|
(24) |
In aithrisí (25) go (26) den Rialachán sealadach, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go sealadach maidir leis an táirge lena mbaineann, is é sin an táirge arna tháirgeadh agus arna dhíol ar mhargadh intíre na Síne; agus an táirge faoi imscrúdú arna tháirgeadh agus arna dhíol san Aontas ag tionscal an Aontais, go raibh sé comhchosúil le táirgí de réir bhrí Airteagal 1(4) den bhun-Rialachán. In éagmais barúlacha, deimhníodh na conclúidí sealadacha. |
2.4. Maímh maidir le raon feidhme an táirge
2.4.1. Maíomh chun ‘scealla taisc-cheallra’ a eisiamh
|
(25) |
Is comhpháirteanna de scealla cnuasagáin bolgáin hiodrálaigh a úsáidtear in innealra hiodrálach agus in aonaid chumhachta iad scealla taisc-cheallra. In éineacht le HPSC, ar féidir é a fhoinsiú san Aontas nó é a allmhairiú, déantar formhór na gcomhpháirteanna eile, amhail bolgáin rubair agus poirt sreabháin nó gáis, a tháirgeadh agus a chóimeáil san Aontas. |
|
(26) |
Tar éis an nochta shealadaigh, mhaígh an t-onnmhaireoir comhoibríoch neamhshampláilte Leebucc (Tianjin) Hydraulics Equipment Co., Ltd., (‘Leebucc’), agus allmhaireoir tacaíochta Hydac Technology GmbH, nach raibh an sainmhíniú ar an táirge san Fhógra Tionscnaimh beacht go leor, rud a d’fhág gur áiríodh scealla taisc-cheallra go hearráideach. Líomhain sé go bhfuil saintréithe ar leith, comhpháirteanna breise, agus úsáidí deiridh éagsúla ag scealla taisc-cheallra i gcomparáid le sorcóirí ardbhrú cruach gan uaim. Thagair sé do chóireáil múchtóirí dóiteáin agus do chur chuige an Choimisiúin sa chás bithdhíosail (5) mar fhasaigh a thacaíonn lena n-eisiamh, agus d’áitigh sé gur táirgí leathchríochnaithe iad scealla taisc-cheallra nach féidir gluaiseacht gan bhac i margadh an Aontais agus go ndéanfaí comparáid chuí praghsanna a shaobhadh dá gcuirfí i gcomparáid le sorcóirí ardbhrú cruach críochnaithe gan uaim iad. |
|
(27) |
Thug an Coimisiún dá aire, áfach, go gcumhdaítear scealla taisc-cheallra leis an sainmhíniú ar an táirge agus go sainaithnítear go sainráite iad sna huimhreacha rialaithe táirgí a úsáidtear le haghaidh na hanailíse dumpála agus díobhála. Thug an Coimisiún dá aire nach n-athraítear buntréithe fisiceacha, ceimiceacha ná teicniúla an táirge mar gheall ar pháirteanna nó sonraíochtaí breise a bheith ann, nó mar gheall ar noirm theicniúla éagsúla a bheith á gcur i bhfeidhm ag brath ar úsáid deiridh. |
|
(28) |
Ina theannta sin, dhiúltaigh an Coimisiún don chomparáid le múchtóirí dóiteáin, nach raibh eisiata ó imscrúdú sorcóirí ardbhrú cruach gan uaim ach oiread, cé go raibh siad faoi réir caighdeáin theicniúla ar leith. |
|
(29) |
Díbheadh comhchineálacha leis na cásanna rothar agus bithdhíosail freisin. Murab ionann agus na cásanna sin, is dlúthchuid d’imscrúdú aonair amháin iad scealla taisc-cheallra agus sorcóirí ardbhrú cruach gan uaim eile agus tá na saintréithe bunúsacha céanna acu, cé go raibh buntréithe sainiúla ag Breosla Eitlíochta Inbhuanaithe sa chás bithdhíosail, mar shampla, go háirithe ó thaobh na gceimiceán de. |
|
(30) |
Thairis sin, maidir leis na maímh go bhfuil scealla taisc-cheallra ‘neamhchríochnaithe’ agus nach bhfuil siad i gcúrsaíocht gan bhac sa mhargadh, dheimhnigh an Coimisiún go gcinntear raon feidhme an táirge de réir shaintréithe bunúsacha an táirge seachas de réir dhearcadh an mhargaidh nó de réir sonraíochtaí breise a bheith ann. Cumhdaítear leis an sainmhíniú ar an táirge sorcóirí gan beann ar shnáithiú, bratú inmheánach, bailchríochnú seachtrach, nó cruth, agus tá sorcóirí a chomhlíonann na critéir sin go hiomlán faoin raon feidhme. |
|
(31) |
Tugadh faoi deara freisin nach bhfuil breithnithe margaidh, lena n-áirítear sciar den mhargadh nó de tháirge nó líon na soláthróirí, cinntitheach chun raon feidhme an táirge a shainiú. Ní athraíonn an sciar beag den mhargadh atá ag scealla taisc-cheallra agus an líon teoranta soláthróirí de chuid an Aontais an fíoras gur dlúthchuid de shorcóirí ardbhrú cruach gan uaim iad. |
|
(32) |
Ar an mbonn sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach gá aon athrú a dhéanamh ar raon feidhme an táirge de bharr na n-argóintí a d’ardaigh Leebucc agus an t-allmhaireoir tacaíochta. Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh maidir le scealla taisc-cheallra a eisiamh. |
2.4.2. Iarraidh ar bhearta faireachais maidir le sorcóirí ardbhrú cruach líonta gan uaim lena n-áirítear múchtóirí dóiteáin
|
(33) |
Mhaígh na gearánaigh, tar éis múchtóirí dóiteáin líonta a eisiamh ó raon feidhme an táirge agus d’ainneoin mhínithe an Choimisiúin a leagtar amach in aithris (36) den Rialachán sealadach ‘i bhfianaise na gceanglas sábháilteachta agus slándála atá thar a bheith costasach agus anásta is infheidhme maidir le hiompar idir-ilchríochach earraí an-ghuaiseach amhail sorcóirí ardbhrú gan uaim líonta, fuarthas amach go raibh na rioscaí a líomhnaítear a bheith ann maidir le himchéimniú teoranta’, bhí baol ann fós go seachnófaí íocaíochtaí dleachtanna frithdhumpála trí shorcóirí ardbhrú cruach gan uaim a allmhairiú a dearbhaíodh a bheith líonta nó líonta le substaint neamhghuaiseach seachas meascán gáis chun a n-iompar a dhéanamh sábháilte. |
|
(34) |
Dá bhrí sin, d’iarr na gearánaigh ar an gCoimisiún a áirithiú go raibh allmhairí sorcóirí ardbhrú cruach líonta gan uaim faoi réir bearta faireachais agus go sainaithneofaí iad ar leithligh ó shorcóirí ardbhrú cruach gan uaim eile a allmhairíodh faoi chód AC 8424 10 00 . |
|
(35) |
I ndáil leis sin, thug an Coimisiún dá aire, chun idirdhealú a dhéanamh idir múchtóirí dóiteáin folmha agus líonta, gur cruthaíodh dhá chód TARIC thiomnaithe (8424 10 00 11 agus 8424 10 00 21). Áirithítear leis sin go ndéanfar múchtóirí dóiteáin folmha a shainaithint ar leithligh, go ndéanfar faireachán orthu ar leithligh agus go mbeidh siad faoi réir na ndleachtanna frithdhumpála is infheidhme, rud a chuirfidh cosc ar aon riosca imchéimniúcháin trí mhídhearbhú. |
|
(36) |
Thairis sin, faoi rialacha an Aontais maidir le haicmiú custaim, agus go háirithe Riail Léirmhínithe Ghinearálta 5(b) (RLG 5(b)), ní aicmítear ábhair phacála ná coimeádáin a chuirtear i láthair in éineacht le hearraí leis na hearraí ach amháin más de chineál iad a úsáidtear de ghnáth le haghaidh pacála agus nach bhfuil siad oiriúnach lena n-úsáid arís agus arís eile. Mar sin féin, i gcás ina bhfuil gás cheana féin i sorcóir is féidir a athlíonadh go minic, déantar an sorcóir agus a bhfuil ann a aicmiú ar leithligh: tagann an sorcóir faoi chód AC 7311 00 , agus aicmítear an gás faoina chód AC faoi seach. |
|
(37) |
Mar thoradh air sin, ní éireoidh le haon iarracht sorcóirí líonta a allmhairiú chun dul timpeall ar bhearta ar shorcóirí folmha, toisc go bhfuil allmhairiú sorcóirí líonta éagsúil ó thaobh dlí agus riaracháin de leis na sorcóirí folmha atá faoi réir na ndleachtanna frithdhumpála. Áirithítear leis na bearta, mar aon leis na cóid TARIC is infheidhme (8424 10 00 11 agus 8424 10 00 21), go ndéanfar sorcóirí folmha a shainaithint i gceart agus go ndéanfar faireachán ceart orthu. |
|
(38) |
Tar éis an nochta deiridh, d’iarr na gearánaigh foclaíocht aithrisí (36) agus (37) a athrú agus, ós rud é go raibh sé ródhoiléir cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na ndleachtanna a áirithiú ar fud na mBallstát. Go háirithe, d’iarr siad tagairt shainráite don fhíoras go bhfuil feidhm ag na dleachtanna maidir le gach HPSC, lena n-áirítear iad siúd a allmhairíodh agus iad líonta isteach. |
|
(39) |
Mheabhraigh an Coimisiún go bhfuil an táirge lena mbaineann an t-imscrúdú agus na bearta a eascraíonn as sin teoranta do HPSC folamh, mar a shainmhínítear i raon feidhme an táirge. Ní thagann HPSC líonta faoin raon feidhme sin, toisc gur táirgí iartheachtacha iad nach raibh faoi réir an imscrúdaithe. Foclaíocht na n-aithrisí (36) agus (37), dá bhrí sin, léirigh sí go hiomchuí raon feidhme an táirge faoi imscrúdú agus níor cheart feidhm a bheith ag na dleachtanna ach amháin maidir le HPSC folamh. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh. |
|
(40) |
Maidir leis an moladh a rinne na gearánaigh an abairt a chur isteach ag deireadh aithris (36) thuas: ‘tá feidhm ag na prionsabail chéanna maidir le sorcóirí a allmhairítear faoi chóid chustaim eile, lena n-áirítear faoi cheannteideal 8424 10 ’, shoiléirigh an Coimisiún, i gcás múchtóirí dóiteáin a dhéantar le HPSC, go gcinntear an t-aicmiú de réir bhunfheidhm agus bhuntréithe an mhúchtóra dóiteáin ina iomláine (Riail Léirmhínithe Ghinearálta 1 (GIR 1)). Aicmítear múchtóirí dóiteáin faoi cheannteideal 8424 bíodh siad líonta nó ná bíodh agus ní féidir an fearas iomlán (ina bhfuil sorcóir mar a chomhpháirt) a mheas mar phacáistíocht ná mar choimeádán. Dá réir sin, níl feidhm ag Riail Léirmhínithe Ghinearálta 5 (RLG 5). Dá bhrí sin, níor measadh go raibh údar leis an leasú a moladh toisc go bhfuil an múchtóir dóiteáin atá déanta as sorcóir agus a bhfuil ann aicmithe le chéile faoi chód AC aonair sa chás seo. |
|
(41) |
Thug an Coimisiún dá aire, mar a léirítear thuas in aithris (35), chun idirdhealú a dhéanamh idir múchtóirí dóiteáin folmha agus líonta, gur cruthaíodh cóid TARIC thiomnaithe (8424 10 00 11 agus 8424 10 00 21) chun a áirithiú go ndéanfar múchtóirí dóiteáin folmha a shainaithint ar leithligh agus go mbeidh siad faoi réir na ndleachtanna frithdhumpála is infheidhme. Ina theannta sin, tugadh isteach cód TARIC 8424 90 80 60 chun sorcóirí cruach ardbhrú folmha a úsáidtear i múchtóirí dóiteáin a chumhdach nuair a dhearbhaítear iad mar pháirteanna. |
2.4.3. Maíomh chun ‘múchtóirí dóiteáin folmha’ a eisiamh
|
(42) |
Mhaígh Zhejiang Winner gur táirgí ar leith a bhaineann le hearnálacha ar leith iad na múchtóirí dóiteáin folmha a chumhdaítear le cóid TARIC 8424 10 00 11 agus 8424 10 00 21 agus sorcóirí cruach ardbhrú folmha gan uaim inlíonta nó in-athlíonta a chumhdaítear le cóid AC 7311 00 11 , 7311 00 13 , 7311 00 19 , agus 7311 00 30 , a bhfuil úsáidí éagsúla acu, a bhfuil a margaí ar leithligh acu, a bhfuil saintréithe agus feidhmeanna fisiceacha éagsúla acu i dtionscail éagsúla, rud a d’fhág go raibh gá le measúnú díobhála ar leithligh. |
|
(43) |
Mhaígh Ruiying gur cheart múchtóirí dóiteáin folmha a eisiamh ó raon feidhme imscrúdú an Choimisiúin. Dá mba rud é go mbeadh múchtóirí dóiteáin folmha mar chuid den raon feidhme, d’áitigh Ruiying gur cheart measúnú agus ríomh díobhála ar leithligh a dhéanamh chun an t-idirdhealú idir sorcóirí folmha gan uaim agus múchtóirí dóiteáin folmha a léiriú. |
|
(44) |
D’athdhearbhaigh Ruiying an méid seo a leanas maidir le múchtóirí dóiteáin:
|
|
(45) |
Ina fhreagra ar an aighneacht a rinneadh tar éis an nochta shealadaigh, d’easaontaigh na gearánaigh leis an maíomh gur dhá chineál táirgí ar leith iad sorcóirí ardbhrú cruach gan uaim agus múchtóirí dóiteáin folmha agus d’easaontaigh siad gur cheart measúnú díobhála ar leithligh a dhéanamh do gach earnáil ina n-aonar, agus d’áitigh siad ina ionad sin go dtagann an dá cheann faoin raon feidhme táirge céanna agus go bhfuil saintréithe fisiceacha, teicniúla agus/nó ceimiceacha inchomparáide acu, rud a fhágann gur gá anailís aonair chomhtháite a dhéanamh ar dhíobháil. |
|
(46) |
Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid in aithris (28) den Rialachán sealadach go raibh raon feidhme an imscrúdaithe seo faoi réir shainmhíniú an táirge faoi imscrúdú mar atá i Roinn 2 den Fhógra Tionscnaimh. Dá réir sin, múchtóirí dóiteáin folmha a raibh na saintréithe fisiceacha agus ceimiceacha céanna acu agus a bhí ag sorcóirí ardbhrú gan uaim, measadh gur tháinig siad faoi raon an táirge faoi imscrúdú. |
|
(47) |
Ar deireadh, d’áitigh Ruiying nach chun leas an Aontais a bhí sé múchtóirí dóiteáin folmha a áireamh i raon feidhme an táirge, ós rud é go raibh an tAontas ag brath ar onnmhairí ón tSín agus nach raibh acmhainneacht leordhóthanach aige oiriúnú do sholáthar laghdaithe ón tSín. Luadh cheana féin in aithris (31) den Rialachán sealadach, áfach, gur áitigh na gearánaigh gur dhócha go raibh múchtóirí dóiteáin líonta nó luchtaithe comhdhéanta den chuid is mó de shorcóirí táite nó de shorcóirí neamhchruach eile agus, dá bhrí sin, go raibh siad lasmuigh de raon feidhme an imscrúdaithe. |
|
(48) |
Tugtar aghaidh a thuilleadh i Ranna 4 agus 7 thíos ar na maímh maidir leis an ngá atá le measúnú díobhála ar leithligh agus ar acmhainneachtaí táirgeachta atá ann cheana maidir le múchtóirí dóiteáin folmha san Aontas. |
2.4.4. Rioscaí imchéimniúcháin
|
(49) |
Mhaígh Ruiying nach éasca sorcóirí ardbhrú cruach gan uaim a allmhairítear mar mhúchtóirí dóiteáin folmha a ionadú le sorcóirí ardbhrú cruach gan uaim atá beartaithe le haghaidh úsáidí eile agus, dá bhrí sin, nach raibh aon riosca imchéimniúcháin ann dá ndéanfaí aid a eisiamh ó raon feidhme an táirge. Mhaígh EUROFEU agus BVFA go mbeadh sé casta go teicniúil, chomh maith le bheith an-chostasach, sorcóirí ardbhrú cruach gan uaim atá beartaithe don tionscal comhraicthe dóiteáin a thiontú lena úsáid le haghaidh gás eile, mar shampla, agus go mbeadh gá le hathmheasúnú iomlán ó Chomhlacht faoina dTugtar Fógra. Dá n-athrófaí an úsáid, bheadh gá leis na sorcóirí ardbhrú cruach gan uaim a bhaint agus a athphéinteáil i ndath eile, ar próiseas costasach é. Ba cheart a thabhairt faoi deara go n-allmhairítear sorcóirí ardbhrú cruach gan uaim san Aontas ar muir agus go bpéinteáiltear iad siúd atá le húsáid mar mhúchtóirí dóiteáin iniompartha laistigh den Aontas de ghnáth sula seoltar iad in RAL 3000 (‘dó-dhearg’) chun iad a idirdhealú ó sorcóirí ardbhrú cruach gan uaim eile. Mura ndéanfaí é a phéinteáil nó a chosaint ar bhealach eile sula ndéanfaí é a sheoladh, thiocfadh sorcóirí ardbhrú cruach gan uaim chun cinn creimthe isteach san Aontas. |
|
(50) |
Dá bhrí sin, d’áitigh EUROFEU agus BVFA go bhféadfadh allmhaireoirí, i gcomhréir le ISO 137697 (6), treoir a thabhairt do mhonaróirí marc a chur leis lena léirítear go bhfuil an sorcóir beartaithe go heisiach chun críoch comhraic dóiteáin tríd an marc ‘LE hÚSÁID I gCOMHRAC DÓITEÁIN AMHÁIN’ a chur leis. Dá réir sin, ní bheadh feidhm ag na dleachtanna frithdhumpála ach amháin maidir le sorcóirí ‘cineálacha’ a allmhairítear gan an fheidhm shonraithe sin. An t-athrú ar na Cóid TARIC atá ann cheana tríd an marc seo a leanas a chur san áireamh: Dá bhrí sin, d’fhéadfaí modh éifeachtach a chur ar fáil trí ‘LE hÚSÁID I gCOMHRAC DÓITEÁIN AMHÁIN’ chun cosc a chur ar imchéimniú trí chlaochlú substaintiúil laistigh den Aontas. |
|
(51) |
D’áitigh na gearánaigh gur léir go dtagann múchtóirí dóiteáin HPSC neamhlíonta faoi raon feidhme an imscrúdaithe, agus nach raibh údar lena n-idirdhealú ó sorcóirí ardbhrú cruach gan uaim bunaithe ar úsáid nó ar chód custaim. Mhaígh siad gur gnáthphróiseas agus próiseas costéifeachtach é sorcóirí ardbhrú cruach gan uaim a athphéinteáil nuair a dhéantar é i saoráidí tiomnaithe. Ina theannta sin, athruithe simplí den chineál, ‘luastarchomhla’ a úsáidtear i múchtóirí dóiteáin a bhfuil sorcóirí ardbhrú cruach gan uaim iniompartha acu a ionadú le comhla chaighdeánach sorcóirí ardbhrú cruach gan uaim, ní raibh aon deacracht leis sin agus ní raibh aon rud ann chun cosc a chur ar na comhlaí a aisbhaineadh a sheoladh ar ais chuig na tíortha lena mbaineann lena n-athúsáid i gcóras ciorclach chun dul thart ar na bearta. |
|
(52) |
Mar a luaitear san aithris (46) thuas, mheas an Coimisiún go raibh na buntréithe fisiceacha agus ceimiceacha céanna ag múchtóirí dóiteáin folmha agus sorcóirí ardbhrú gan uaim agus go bhféadfaí na ceanglais shonracha maidir le marcáil agus dathú, chomh maith le ceanglais deimhniúcháin eile, a mhodhnú go háisiúil tar éis an allmhairithe de réir a n-úsáide cinn scríbe deiridh. |
|
(53) |
Tar éis an nochta deiridh, d’iarr ANIMA, úsáideoir, agus EUROFEU, comhlachas úsáideoirí HPSC le haghaidh múchtóirí dóiteáin, go n-áireofaí HPSC líonta a úsáidtear i múchtóirí dóiteáin sna bearta frithdhumpála cinntitheacha, agus d’áitigh siad go méadófaí allmhairí táirgí líonta agus go mbainfí an bonn d’éifeachtacht an bhirt leis an eisiamh. Dúirt siad go gcuirfí cóimeálaithe múchtóra dóiteáin an Aontais faoi mhíbhuntáiste dá gcuirfí an dleacht i bhfeidhm ar shorcóirí folmha amháin, toisc go mbeadh costais ionchuir níos airde orthu agus iad in iomaíocht le táirgí líonta saor ó dhleacht, rud a chruthódh dreasachtaí saobha chun cóimeáil bhreisluacha a athlonnú lasmuigh den Aontas agus a lagódh bonn tionsclaíoch an Aontais. D’áitigh ANIMA agus EUROFEU freisin go gcruthófaí riosca soiléir imchéimniúcháin dá n-eisiafaí táirgí líonta, ós rud é go bhféadfadh onnmhaireoirí na Síne sorcóirí líonta a loingsiú saor ó dhleacht agus iad a fholmhú ina dhiaidh sin nó iad a dhíol laistigh den Aontas. D’ardaigh siad ábhair imní sábháilteachta freisin, ag tabhairt dá n-aire go bhféadfaidh táirgí líonta allmhairithe comhlaí neamh-AE de cháilíocht níos ísle a úsáid. Tháinig siad ar an gconclúid go raibh gá le HPSC agus múchtóirí dóiteáin folmha agus líonta araon a áireamh sa bheart chun cosaint éifeachtach mhargadh an Aontais a áirithiú agus chun iomaíocht chóir a choinneáil ar bun d’úsáideoirí an Aontais. |
|
(54) |
Bhreithnigh an Coimisiún na hábhair imní a cuireadh in iúl maidir le himchéimniú féideartha na mbeart trí mhúchtóirí dóiteáin líonta a allmhairiú aagus úsáid á baint as HPSC. Thug an Coimisiún dá aire, áfach, go raibh raon feidhme an imscrúdaithe seo teoranta do HPSC folamh mar a shoiléirítear sa Nóta a ghabhann le comhad an 6 Márta 2025 (7) agus gur táirgí iartheachtacha nó táirgí próiseáilte breise nach bhfuil faoi réir an imscrúdaithe iad HPSC líonta nó múchtóirí dóiteáin líonta, agus nach ann d’aon chinneadh maidir le dumpáil ná díobháil i gcás na dtáirgí sin. Dá bhrí sin, ní féidir leis an gCoimisiún breithniú a dhéanamh ar aon síneadh a chur leis na bearta thar raon feidhme an táirge mar a mhol ANIMA agus EUROFEU. Thug an Coimisiún dá aire freisin, dá dtiocfadh fianaise leordhóthanach chun cinn maidir le himchéimniú na mbeart a fhorchuirtear leis an Rialachán seo de réir bhrí Airteagal 13 den bhun-Rialachán, go bhféadfaí an fhoráil sin a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar imchéimniú den sórt sin. |
|
(55) |
Thug an Coimisiún dá aire freisin, mar gheall ar an idirdhealú in TARIC idir múchtóir dóiteáin folamh agus múchtóir dóiteáin iomlán, go mbeifear in ann athruithe a shainaithint ar chainníochtaí agus ar phraghas múchtóirí dóiteáin folmha agus iomlána. |
2.5. Conclúid
|
(56) |
In éagmais aon bharúil eile maidir leis an raon táirgí, dheimhnigh an Coimisiún na conclúidí a leagtar amach in aithrisí (27) agus (42) den Rialachán sealadach. |
3. DUMPÁIL
|
(57) |
Tar éis an nochta shealadaigh, fuair an Coimisiún barúlacha ó Tianjin Tianhai, Zhejiang Winner agus ó na gearánaigh maidir leis na torthaí sealadacha dumpála. |
3.1. Saobhadh suntasach a bheith ann
|
(58) |
Leagadh amach na mionsonraí maidir le saobhadh suntasach a bheith ann i Roinn 3.3 den Rialachán sealadach. In éagmais barúlacha maidir le saobhadh suntasach a bheith san earnáil cruach i nDaon-Phoblacht na Síne de réir bhrí Airteagal 2(6a) agus (b) den bhun-Rialachán, deimhníonn an Coimisiún a thorthaí ina leith sin mar a mhínítear a thuilleadh i roinn 3.3 den Rialachán sealadach. |
3.2. Nós imeachta chun an gnáthluach a chinneadh faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán
|
(59) |
In aithris (149) den Rialachán sealadach, luaigh an Coimisiún, chun an gnáthluach a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 2(6)(a) den bhun-Rialachán, go n-úsáidfeadh sé Global Trade Atlas (‘GTA’) chun an costas neamhshaofa a shuí maidir le formhór na dtosca táirgeachta sa tír ionadaíoch, agus na hamhábhair go sonrach. Ina theannta sin, luaigh an Coimisiún go n-úsáidfeadh sé Institiúid Staidrimh na Tuirce (8) chun costais neamhshaofa saothair agus na táblaí taraife leictreachais a shuí bunaithe ar bhillí leictreachais arna bhfoilsiú ag Údarás Rialála an Mhargaidh Fuinnimh (9) chomh maith le praghas an gháis d’úsáideoirí tionsclaíocha sa Tuirc arna fhoilsiú ag Institiúid Staidrimh na Tuirce (10). |
|
(60) |
Chuir Zhejiang Winner in aghaidh rogha na Tuirce mar thír ionadaíoch tar éis an nochta shealadaigh. Tugtar aghaidh ar a maímh i Roinn 3.3.1. |
3.3. An Gnáthluach
3.3.1. Tír ionadaíoch
|
(61) |
Tar éis an nochta shealadaigh, d’athdhearbhaigh Zhejiang Winner a bharúlacha a luadh cheana in aithris (123) den Rialachán sealadach, gur fhorchuir an Tuirc dleachtanna frithdhumpála ar allmhairí píopaí cruach gan uaim áirithe (lena n-áirítear táirge faoi chóid CC 7304 39 agus 7304 59 ) ó bhí 2016 ann agus go ndearna sí iad a athnuachan ar feadh cúig bliana breise in 2022, go raibh éifeacht saofa ag na bearta sin ar phraghsanna an mhargaidh. Mhaígh Zhejiang Winner gur measadh, dá bhrí sin, go raibh leibhéil praghsanna intíre agus allmhairiúcháin na Tuirce neamhiontaofa chun gnáthluach a shuí agus d’áitigh sé arís i bhfabhar an Cholóim a úsáid mar thír ionadaíoch. |
|
(62) |
Maidir leis an gColóim, a mhol Zhejiang Winner mar thír a d’fhéadfadh a bheith ionadaíoch, thug an Coimisiún dá aire, ar an gcaoi chéanna le Daon-Phoblacht na Síne, go dtagann an tír sin faoi chatagóir na dtíortha ‘ard-mheánioncaim’ de réir aicmiú an Bhainc Dhomhanda. |
|
(63) |
Mar sin féin, an chuideachta a shainaithin Zhejiang Winner, Ternium S.A. (11), cuideachta liostaithe a mhonaraíonn táirgí cruach sa Cholóim, ní raibh sí oiriúnach a mhéid nach raibh aon fhianaise ar fáil a léiríonn go raibh aschur na cuideachta sin gar don táirge faoi imscrúdú. Thairis sin, thug an Coimisiún dá aire gur oibrigh an chuideachta sin in earnáil atá comhlachaithe ach éagsúil (NACE 24) leis an táirge faoi imscrúdú. Ar deireadh, chuir Zhejiang Winner ráitis airgeadais ar fáil lenar cumhdaíodh grúpa Ternium ina iomláine agus ní hamháin Ternium Colombia S.A.S. |
|
(64) |
Ar an mbonn sin, mheas an Coimisiún nár léirigh Zhejiang Winner go raibh an Cholóim ina tír ionadaíoch níos iomchuí ná an Tuirc. |
|
(65) |
Dá bhrí sin, dheimhnigh an Coimisiún na conclúidí a áirítear sa Dara Nóta nach bhféadfaí an Cholóim a mheas mar thír ionadaíoch iomchuí. |
3.3.2. Costas saothair a chinneadh
|
(66) |
Tar éis bearta sealadacha a fhorchur, d’áitigh na gearánaigh nár mhínigh an Coimisiún conas a shainigh sé costas an tsaothair agus cé na coigeartuithe a rinneadh chun réaltacht chostas an tsaothair a léiriú bunaithe ar staidreamh na Tuirce. |
|
(67) |
I bhfianaise na difríochta sa chostas saothair a chuir na gearánaigh i láthair ina mbarúlacha maidir leis an Dara nóta ar Thosca Táirgeachta agus na figiúirí a d’úsáid an Coimisiún sa Rialachán sealadach, d’iarr na gearánaigh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an ríomh dá réir. I ndáil leis sin, ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh ar an bhfaisnéis is déanaí atá ar fáil maidir le huaireanta oibre seachtainiúla iarbhír agus meánchostas saothair míosúil de réir gníomhaíocht eacnamaíoch seachas ‘Meánuaireanta íoctha míosúla, ollphá agus tuilleamh de réir gníomhaíocht eacnamaíoch’ 2022 mar a leagtar amach sa Dara Nóta (12). Thug na Gearánaigh dá n-aire freisin go ndearnadh gannmheastachán ar chostais na bhfostóirí le haghaidh ranníocaíochtaí slándála sóisialta agus ranníocaíochtaí ciste dífhostaíochta sa Tuirc, ós rud é nach raibh ach 22.75 % de dhliteanas árachais iomlán na bhfostóirí as na costais saothair iomlána. |
|
(68) |
Mar a léirítear in aithris (133) den Rialachán sealadach, bhí luachanna an tagarmhairc le haghaidh costas saothair bunaithe ar na meánchostais saothair in aghaidh na huaire do 2022 don ghníomhaíocht eacnamaíoch Chód NACE 24 de ‘Monarú Táirmhiotal’ de réir aicmiú NACE Rev.2. arna choigeartú a thuilleadh de réir boilsciú trí úsáid a bhaint as an innéacs praghsanna do thomhaltóirí intíre (13) chun na costais don tréimhse imscrúdúcháin a léiriú. Dá bhrí sin, ní dhearnadh aon choigeartú eile ar chostas an tsaothair. |
|
(69) |
Dheimhnigh an Coimisiún a rún na staitisticí coigeartaithe arna bhfoilsiú ag Institiúid Staidrimh na Tuirce (14) a úsáid don Earnáil ‘Monarú miotal bunúsach’, mar a luadh in aithris (67), toisc gur sholáthair sé foinse staidrimh iontaofa don fhachtóir seo in ionad figiúirí Eurostat, a mheas tionscal an Aontais a bheith níos iontaofa ná staitisticí arna bhfoilsiú ag Institiúid Staidrimh na Tuirce. Mar sin féin, níor thug na gearánaigh aon chúis bhailí ar aghaidh tar éis an Rialacháin shealadaigh a d’fhéadfadh an cur chuige sin a athrú. |
|
(70) |
Thairis sin, d’áitigh na gearánaigh nár chuir an Coimisiún san áireamh a mbarúlacha maidir leis an modheolaíocht chun na forchostais mhonaraíochta a ríomh i ríomh an ghnáthluacha. D’áitigh na gearánaigh go mbeadh Airteagal 2(6)(a) den bhun-Rialachán á shárú ag an gCoimisiún trí chéatadán na bhforchostas féin de chuid na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin a úsáid bunaithe ar mhíreanna costais a ndéanann saobhadh suntasach difear dóibh. D’iarr na gearánaigh ar an gCoimisiún an pointe sin a athscrúdú trí mhodhanna ríofa malartacha a úsáid a bhféadfadh léiriú níos cruinne ar fhorchostais iarbhír a bheith mar thoradh orthu. |
|
(71) |
Míníodh an mhodheolaíocht chun na forchostais mhonaraíochta a chinneadh in aithris (132) den Rialachán sealadach. Ós rud é nár sainaithníodh forchostais mhonaraíochta ar leithligh sna figiúirí ón gcuntas brabúis agus caillteanais a bhí ar fáil agus gur measadh iad a bheith san áireamh i gcostas na n-earraí a díoladh, bhí an luach le haghaidh forchostais mhonaraíochta bunaithe ar shonraí sonracha an táirgeora onnmhairiúcháin sampláilte agus cuireadh i bhfeidhm iad ar chostas neamhshaofa ‘athríofa’ na monaraíochta, de réir an chleachtais chaighdeánaigh i gcásanna den sórt sin. Níor chuir na gearánaigh aon chur chuige malartach ar fáil a d’fhéadfaí a úsáid ina ionad sin. |
3.3.3. Tagarmharc a úsáidtear le haghaidh feadáin cruach cóimhiotail agus neamh-chóimhiotail
|
(72) |
Mhaígh Tianjin Tianhai go raibh toradh míréasúnta ar úsáid an Atlas Trádála Domhanda (‘GTA’) le haghaidh tosca táirgeachta áirithe (‘FOPanna’). D’áitigh an táirgeoir onnmhairiúcháin sin Tianjin Tianhai gur cheart don Choimisiún an tagarmharc a choigeartú don dá chineál feadán cruach gan uaim chun sorcóirí ardbhrú cruach gan uaim a mhonarú chun an comhdhéanamh ceimiceach éagsúil agus na praghsanna coibhneasta a eascraíonn as sin a chur san áireamh. Mhaígh sé i ndáil leis sin nach bhféadfadh an praghas aonaid a fuarthas san Atlas Trádála Domhanda agus a d’úsáid an Coimisiún don dá chineál feadán cruach cóimhiotail agus neamh-chóimhiotail gan uaim, agus an ceann deireanach beagnach dhá oiread níos saoire ná an chéad cheann, ‘airíonna intreacha na cruach cóimhiotail/neamh-chóimhiotail agus na bprionsabal praghsála tráchtála laistigh den tionscal cruach araon a léiriú. Mar thoradh ar an neamhréasúntacht sin, rinneadh rómheastachán trom ar ghnáthluach Tianhai, rud a d’fhág go ndearnadh saobhadh neamhriachtanach ar chinneadh an chorrlaigh dumpála.’ |
|
(73) |
Thug Tianjin Tianhai dá aire gur cumhdaíodh raon an-leathan táirgí leis an dá chód taraife a roghnaigh an Coimisiún chun an praghas tagarmhairc cruach neamh-chóimhiotail a chinneadh (cóid CC 7304 39 82 90 agus 7304 39 83 90), cé go ndearnadh idirdhealú de réir trastomhas seachtrach, agus gur áiríodh leo táirgí feadáin neamh-sorcóra ar phraghas ard amhail feadáin choire ardbhrú a úsáidtear le haghaidh seomraí coire i bhfoirgnimh mhóra. Thug sé dá aire freisin go raibh an tagarmharc le haghaidh feadán cruach neamh-chóimhiotail (7304 39 ) níos airde ná an tagarmharc le haghaidh feadán cruach cóimhiotail (7304 59 ), rud a bhí míloighciúil. |
|
(74) |
Dá bhrí sin, mheas Tianjin Tianhai go ndearnadh na praghsanna tagarmhairc a ghlac an Coimisiún ón dá chód CC cruach neamh-chóimhiotail a shaobhadh mar gheall ar tháirgí ar phraghas ard a bhí iontu agus mhol sé dhá mhodh chun an méid a mheas sé a bheith ina mheánphraghas allmhairiúcháin boilscithe mícheart faoi na cóid CC sin a cheartú. |
|
(75) |
Mhol Tianjin Tianhai ar dtús an praghas tagarmhairc do chruach neamh-chóimhiotail a choigeartú bunaithe ar an bpraghas tagarmhairc a chinntear faoi láthair do chruach chóimhiotail, agus úsáid á baint as an gcóimheas a dhíorthaítear ó na meánphraghsanna ualaithe faoi na cóid CC 6 dhigit faoi seach (7304 59 i gcás cóimhiotail, 7304 39 i gcás neamh-chóimhiotail). |
|
(76) |
De rogha air sin, mhol sé an praghas tagarmhairc le haghaidh feadán neamh-chóimhiotail a choigeartú bunaithe ar an bpraghas tagarmhairc a chinntear faoi láthair le haghaidh feadán cóimhiotail, agus an cóimheas idir costas táirgthe feadán neamh-chóimhiotail agus costas táirgthe feadán cóimhiotail mar a thuairiscítear i sonraí costais táirgthe iarbhír Tianjin Tianhai mar atá fíoraithe ag an gCoimisiún á chur i bhfeidhm. |
|
(77) |
D’aontaigh an Coimisiún le Tianjin Tianhai, i bhfianaise na difríochta oibiachtúla praghais idir an dá chineál cruach cóimhiotail agus neamh-chóimhiotail, nach mbeadh sé loighic praghas tagarmhairc a úsáid d’fheadán cruach neamh-chóimhiotail a bheadh níos airde ná d’fheadán cruach cóimhiotail. |
|
(78) |
Ghlac an Coimisiún leis an maíomh agus rinne sé an gnáthluach a athríomh don chuideachta trí úsáid a bhaint as an gcóimheas ag an gcur chuige ar leibhéal 6 dhigit mar a mhol Tianhai Tianjin in aithris (75), rud a d’fhág gur tháinig laghdú air. |
|
(79) |
Mar a léirítear i Roinn 3.3 den Rialachán sealadach, tá costais táirgthe na Síne saofa. Dá bhrí sin, níor mheas an Coimisiún gurbh iomchuí modh bunaithe ar chostais Tianjin Tianhai a úsáid. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún gurbh iomchuí modh Tianjin Tianhai chun úsáid a bhaint as an gcóimheas a dhíorthaítear ó na meánphraghsanna ualaithe faoi na cóid CC 6 dhigit faoi seach (7304 59 le haghaidh cóimhiotail, 7304 39 le haghaidh neamh-chóimhiotail) ar an gcur chuige ar leibhéal 6 dhigit chun an tagarmharc le haghaidh feadáin chruach neamh-chóimhiotail a choigeartú mar a chuirtear i láthair i dTábla 1 den Rialachán sealadach. |
|
(80) |
Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún athbhreithniú ar an tagarmharc le haghaidh feadán cruach neamh-chóimhiotail (cód CC 7304 39 ) go 5 850 CNY/tona. |
|
(81) |
Tar éis an nochta deiridh, mhaígh na gearánaigh ar dtús nach raibh údar leis an gcoigeartú ar an tagarmharc sealadach d’fheadán cruach neamh-chóimhiotail agus d’áitigh siad go bhféadfaí an tagarmharc sealadach do chruach chóimhiotail a mheas faoi bhun luacha cheana féin mar gheall ar shaincheisteanna maidir le meascán táirgí agus thathantaigh siad ar an gCoimisiún filleadh ar an luach tagarmhairc bunaidh. |
|
(82) |
D’áitigh na gearánaigh freisin, dá ndéanfaí coigeartuithe, gur cheart don Choimisiún úsáid a bhaint as na cóid chustaim ‘leordhóthanacha’ le haghaidh feadán cruach cóimhiotail agus nach raibh cód 7304 59 30 iomchuí. I ndáil leis sin, thagair sé don ghearán agus do chaighdeáin tionscail áirithe maidir le táirgeadh HPSCanna a bhaineann le comhdhéanamh ceimiceach na bhfeadán cruach a úsáidtear chun HPSC a mhonarú. Thairis sin, d’áitigh na gearánaigh gur cheart don Choimisiún brath ar chód custaim níos sonraí chun na tagarmharcanna comhfhreagracha a ríomh le haghaidh feadáin chruach chóimhiotail agus neamh-chóimhiotail ag brath ar a dtrastomhas faoi seach. |
|
(83) |
Mura mbraitheann an Coimisiún ar an gcód custaim sonrach sin agus mura ndéanann sé coigeartú ar an tagarmharc sealadach le haghaidh cruach neamh-chóimhiotail, d’áitigh na gearánaigh freisin gur cheart don Choimisiún coigeartú den sórt sin a bhunú ar phraghsanna tagarmhairc idirnáisiúnta le haghaidh píobáin agus feadáin gan uaim thar an tréimhse imscrúdúcháin (Píopaí Preston) agus mhol siad roghanna malartacha éagsúla ina leith sin. |
|
(84) |
Ar an gcaoi chéanna, mhaígh Zhejiang Winner freisin go raibh an mhodheolaíocht choigeartaithe míréasúnta agus thagair sé don sciar éagsúil faoi seach d’fheadáin chruach chóimhiotail/neamh-chóimhiotail a úsáidtear chun HPSC a tháirgeadh atá i méid allmhairí chóid CC a úsáidtear chun an coigeartú atá faoi chonspóid a ríomh. I ndáil leis sin, mhaígh sé gur cheart don Choimisiún filleadh ar an tagarmharc a suíodh ag an gcéim shealadach. |
|
(85) |
I ndáil leis sin, thug an Coimisiún dá aire gur tugadh dhá dheis do pháirtithe leasmhara cheana féin barúil a thabhairt maidir leis na tagarmharcanna a úsáideadh chun gnáthluach a ríomh: a luaithe a fhoilseofar an Dara Nóta an 7 Márta 2025 agus a luaithe a fhorchuirfear bearta sealadacha an 5 Lúnasa 2025. Níor bhain na páirtithe leasmhara sin úsáid as na deiseanna sin chun barúlacha a chur isteach maidir leis na tagarmharcanna céanna a moladh nó a úsáideadh. Ní bhfuarthas aon bharúil tar éis do BTIC a bharúlacha maidir leis na bearta sealadacha a chur isteach. |
|
(86) |
Maidir leis an tsubstaint, mheas an Coimisiún nach bhféadfaí glacadh leis na coigeartuithe a mhol na gearánaigh toisc go raibh siad bunaithe ar thagarmharcanna idirnáisiúnta a bhí dínasctha ón tír ionadaíoch roghnaithe agus, dá bhrí sin, ó fhoinse na dtosca táirgeachta ábhartha a bhí le coigeartú. |
|
(87) |
Maidir leis an maíomh a rinne Zhejiang Winner, níor mheas an Coimisiún gur cheart an sciar d’fheadáin, bídís déanta as cruach chóimhiotail nó neamh-chóimhiotail, a bheith ina fhachtóir cinntitheach i ndáiríre toisc gurbh é cuspóir an choigeartaithe cóimheas a bhunú idir feadáin chruach chóimhiotail agus feadáin chruach neamh-chóimhiotail chun réaltacht an mhargaidh agus difríochtaí praghais a bhreathnaítear de ghnáth idir an dá chineál feadáin chruach a léiriú. Go sonrach, bhí an Coimisiún ag brath ar mhéid níos mó allmhairí sa dá chód CC agus rinne sé comparáid idir an praghas aonaid comhfhreagrach chun an bonn don choigeartú idir an dá chineál feadáin cruach a ríomh. Ós rud é nár mhol Zhejiang Winner aon mhodh malartach chun tagarmharc na bhfeadán cruach cóimhiotail a choigeartú, rud a ndearnadh áibhéil faoi, chinn an Coimisiún an mhodheolaíocht a mhol BTIC a choinneáil ar bun agus diúltú do mhaíomh Zhejiang Winner. |
|
(88) |
D’áitigh Zhejiang Winner freisin nach raibh údar leis an gcoigeartú anuas ar an tagarmharc cruach neamh-chóimhiotail toisc go raibh sé bunaithe ar an toimhde mhícheart gur cheart go mbeadh an tagarmharc le haghaidh feadán cruach cóimhiotail níos airde ná mar a bheadh i gcás feadán cruach neamh-chóimhiotail. I ndáil leis sin, d’áitigh sé go bhfuil tionchar suntasach ag gnéithe eile amhail neart táirgeachta agus neart teanntachta ar phraghsanna an mhargaidh freisin. |
|
(89) |
Mhaígh Zhejiang Winner freisin nárbh iomchuí an bhunchúis a mhol BTIC chun coigeartú a dhéanamh agus tagairt a dhéanamh d’imscrúdú frithdhumpála (15) feadán gan uaim de chuid na Tuirce lena gcumhdaítear tréimhse imscrúdúcháin ó 2018 go 2020 toisc nach raibh forluí idir tréimhse imscrúdúcháin an imeachta seo. Thairis sin, mhaígh Winner Zhejiang nach raibh an Coimisiún ag brath ar fhianaise dhearfach ná ar scrúdú oibiachtúil chun coigeartú den sórt sin a dhéanamh. |
|
(90) |
Níor aontaigh an Coimisiún le Zhejiang Winner agus thagair sé do phraghsanna tagarmhairc idirnáisiúnta amhail Preston Pipes lena ndeimhnítear go bhfuil difreálach praghsanna ann idir feadán cruach neamh-chóimhiotail agus feadán cruach cóimhiotail. Thug an Coimisiún dá aire freisin, cé go bhfuil praghsanna i margadh Dhaon-Phoblacht na Síne saofa, gur léirigh an fhaisnéis a chuir na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte isteach agus a d’fhíoraigh an Coimisiún freisin go bhfuil difreálach praghsanna den sórt sin ann idir feadán cruach cóimhiotail agus feadán cruach neamh-chóimhiotail, rud a thugann údar leis an gcoigeartú a rinne an Coimisiún. Ar an mbonn sin, mheas an Coimisiún go raibh sé ag brath ar fhianaise dhearfach agus go ndearna sé measúnú oibiachtúil ar na fíorais. Maidir leis an tagairt d’imscrúdú na Tuirce, níor bhraith an Coimisiún go príomha ar ghné den sórt sin chun glacadh le maíomh BTIC ach ar eolas margaidh agus ar an difreálach praghsanna a breathnaíodh idir na tagarmharcanna a ríomhtar le haghaidh feadáin chruach chóimhiotail agus neamh-chóimhiotail. Dá dheasca sin, diúltaíodh do na barúlacha sin. |
|
(91) |
Thug Zhejiang Winner dá aire freisin go bhfuil feadáin cruach chóimhiotail fíor-riachtanach agus go n-úsáidtear iad i bhformhór na gcineálacha sorcóirí mar gheall ar an mbrú ard nach mór don HPSC a sheasamh. Mhínigh Zhejiang Winner freisin go bhfuil tuairimí éagsúla ann maidir le haicmiú cruach mangainéise agus gur cheart í a aicmiú mar chruach chóimhiotail má tá an cion mangainéise níos mó ná 1.65 %. In éagmais maímh níos sonraí, thug an Coimisiún an aighneacht dá aire agus ní dhearna sé aon ghníomhaíocht eile. |
3.4. Ríomh
3.4.1. Gnáthluach
|
(92) |
Ar bhonn a bhfuil thuas, rinne an Coimisiún an gnáthluach a ríomh de réir chineál an táirge ar leibhéal trádála díreach ón monarcha i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, mar a shonraítear in aithrisí (165) go (170) den Rialachán sealadach. |
3.4.2. An praghas onnmhairiúcháin
|
(93) |
D’onnmhairigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte chuig an Aontas, bíodh sin go díreach chuig custaiméirí neamhspleácha nó trí chuideachtaí comhlachaithe intíre a bhí ag gníomhú mar thrádálaithe. |
|
(94) |
Sa dá chás, ba é an praghas onnmhairiúcháin an praghas iarbhír a íocadh nó a bhí iníoctha le haghaidh an táirge lena mbaineann nuair a díoladh lena onnmhairiú leis an Aontas é, i gcomhréir le hAirteagal 2(8) den bhun-Rialachán. |
3.5. Comparáid
|
(95) |
Ag an gcéim shealadach, rinne an Coimisiún coigeartuithe maidir le coimisiúin faoi Airteagal 2(10)(i) den bhun-Rialachán don trádálaí a bhí comhlachaithe le Zhejiang Winner agus Tianjin Tianhai trí costais SGA na dtrádálaithe comhlachaithe agus brabús barúlach 5 % a asbhaint. |
|
(96) |
D’easaontaigh Tianjin Tianhai leis an gcoigeartú a rinne an Coimisiún faoi Airteagal 2(10)(i) den bhun-Rialachán don trádálaí comhlachaithe trí chostais díola, ghinearálta agus riaracháin na dtrádálaithe comhlachaithe a asbhaint agus brabús barúlach 5 % (16) a bhfuil údar leis mar gheall ar chonradh idir an táirgeoir onnmhairiúcháin agus a thrádálaí comhlachaithe, Beijing Tianhai Industry Co., Ltd., lena léirítear go bhfuil clásal eadrána ann i gcás coinbhleachta idir an dá cheann. Mheas Tianjin Tianhai gur cheart don Choimisiún meastóireacht níos leithne a dhéanamh ar fheidhmeanna agus ar ról an trádálaí chomhlachaithe trí na tosca ábhartha uile a mheas agus gan a anailís a theorannú d’aon phointe aonair amháin sa chonradh. |
|
(97) |
Maidir leis sin, d’ardaigh Tianjin Tianhai na pointí seo a leanas:
|
|
(98) |
Ar deireadh, d’úsáid Tianjin Tianhai mar analach, cás roimhe seo (17), inar shuigh an Coimisiún gur féidir dhá eintiteas dhlíthiúla neamhspleácha a mheas mar ‘ghrúpa’, d’ainneoin a n-eintiteas dlíthiúil neamhspleách agus a ngníomhaíochtaí tráchtála iomaíocha. De réir analaí, mhaígh sé nár cheart conclúid a bhaint go huathoibríoch as caidreamh conarthach agus/nó clásal eadrána a bheith ann, nach eintitis laistigh den ghrúpa eacnamaíoch céanna iad. Thairis sin, sa chás sin, mhaígh Tianjin Tianhai, ós rud é go raibh an táirgeoir agus an trádálaí comhlachaithe araon ag feidhmiú ar bhealach comhbheartaithe, agus cuspóir comhchoiteann gnó agus spriocanna tráchtála acu araon, nach bhféadfadh aon choinbhleacht leasa a bheith ann laistigh den Ghrúpa. |
|
(99) |
Ar deireadh, rinne Tianjin Tianhai tagairt do rialú ón gCúirt Bhreithiúnais (18) an 25 Meitheamh 2015, inar chuir iarratasóir (19), inter alia, pléadáil dlí chun cinn ina raibh dhá chuid:
|
|
(100) |
Chinn an Chúirt i mír 51 ‘chun a chinneadh an ndéanann cuideachta feidhmeanna roinne díolacháin onnmhairí inmheánacha laistigh de ghrúpa, ba cheart do na hinstitiúidí scrúdú a dhéanamh ar na feidhmeanna foriomlána a dhéanann an chuideachta sin maidir le margú agus onnmhairiú an táirge lena mbaineann agus táirgí eile, laistigh den ghrúpa agus ina chaidreamh le táirgeoirí neamhspleácha tríú páirtí araon.’ Dá bhrí sin, mheas Tianjin Tianhai nach mbeadh sé comhsheasmhach leis an rialú thuasluaite ón gCúirt ‘clásal eadrána’ a bheith ann agus d’iarr sé ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar a chonclúidí sealadacha. |
|
(101) |
I mír 61 den rialú céanna, áfach, mheas an Chúirt gur toisc ábhartha é conradh i scríbhinn a bheith ann chun a chinneadh an raibh dhá eintiteas ina n-eintiteas eacnamaíoch aonair. Sa chás i dtrácht, bheadh conradh díolacháin den sórt sin idir Tianjin Tianhai agus Beihing Tianhai, ina raibh clásal eadrána mar a luaitear in aithris (177) den Rialachán sealadach, ina fhianaise bhreise lena léireofaí gur eagraíodh an caidreamh idir an t-iarratasóir agus a chuideachta chomhlachaithe ar bhonn gnáthchoinníollacha tráchtála. |
|
(102) |
Tugadh bunús breise leis an measúnú sin mar gheall ar láithreacht sna conarthaí díolacháin céanna idir Tianjin Tianhai agus Beijing Tianhai a bailíodh le linn na cuairte fíorúcháin ar an láthair ar chlásail éagsúla amhail pionóis atá le híoc i gcás seachadadh moillithe, diúltú an tseachadta ar chúiseanna cáilíochta, coinníollacha maidir le húinéireacht na n-earraí a aistriú agus coinníollacha mionsonraithe íocaíochta idir Tianjin Tianhai agus Béising Tianhai. Gnéithe eile amhail nach raibh ach úinéireacht pháirteach ag an trádálaí comhlachaithe ar an táirgeoir agus nach raibh aon chlásal eisiachais díolacháin ann lena raibh sé de shaoirse ag Beijing Tianhai an táirge faoi imscrúdú a fhoinsiú ó aon soláthróir, ba ghnéithe eile iad sin lenar féidir teacht ar an gconclúid nach raibh an dá chuideachta ina n-eintiteas eacnamaíoch aonair. |
|
(103) |
Léirigh an t-imscrúdú go raibh Beijing Tianhai i mbun caibidlíocht dhíreach maidir leis na praghsanna díola le custaiméirí comhlachaithe deiridh an Aontais. Ina theannta sin, tar éis na ndíolachán, d’fhéadfadh Beijing Tianhai aon mhéid a d’íoc an custaiméir deiridh a sháraigh an praghas díola tosaigh a comhaontaíodh idir Tianjin Tianhai agus Beijing Tianhai a choinneáil nó mura bhféadfadh, gheobhadh Tianjin Tianhai an difríocht leis an bpraghas tosaigh a comhaontaíodh. Ina theannta sin, bhí baint ag Tianjin Tianhai agus Beijing Tianhai araon le díolacháin intíre an táirge faoi imscrúdú. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh nár cheart don Choimisiún méid a asbhaint le haghaidh coimisiún arna ríomh faoi Airteagal 2(10)(i) den bhun-Rialachán. |
|
(104) |
Tá an modh a dtugtar tuairisc air in aithrisí 173 go 177 den Rialachán sealadach maidir leis na coigeartuithe a rinneadh faoi Airteagal 2(10)(i) den bhun-Rialachán do thrádálaí comhlachaithe Zhejiang Winner agus Tianjin Tianhai trí choimisiún arna ríomh a asbhaint bunaithe ar chostais díola, ghinearálta agus riaracháin na dtrádálaithe comhlachaithe agus ar bhrabús barúlach 5 % fós bailí. |
3.6. Corrlaigh dhumpála
|
(105) |
Mar a thuairiscítear in aithrisí (72) go (91), tar éis maíomh a fháil ó Tianjin Tianhai, rinne an Coimisiún athbhreithniú ar an tagarmharc a úsáideadh le haghaidh feadán cruach neamh-chóimhiotail trína ndearnadh gnáthluach na dtáirgí ina bhfuil an toisc tháirgeachta sin a choigeartú síos. |
|
(106) |
Tar éis na n-athruithe sin ar leibhéal an chorrlaigh dumpála don dá chuideachta shampláilte, rinne an Coimisiún an corrlach dumpála is infheidhme maidir le cuideachtaí comhoibríocha eile a athríomh bunaithe ar an dleacht is infheidhme maidir leis an dá chuideachta shampláilte. I gcás gach cuideachta eile, bhunaigh an Coimisiún a ríomh ar mhéid ionadaíoch díolachán onnmhairiúcháin chuig an Aontas, de tháirgeoir onnmhairiúcháin amháin, a bhaineann le dhá shamhail ag a bhfuil na corrlaigh dhumpála is airde, arb ionann iad agus os cionn 5 % de mhéid onnmhairithe an táirgeora onnmhairiúcháin sin. |
|
(107) |
Seo a leanas na corrlaigh dhumpála chinntitheacha arna sloinneadh ina gcéatadáin den chostas, árachais agus last-táille (CAL) ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht a íoc:
|
4. DÍOBHÁIL
4.1. Sainiú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais
|
(108) |
Tar éis an nochta shealadaigh, cheistigh Zhejiang Winner ionadaíochas thionscal an Aontais, agus d’áitigh sé go gciallaíonn easpa príomhtháirgeoirí múchta dóiteáin nach raibh an tionscal, atá comhdhéanta de tháirgeoirí sorcóirí ardbhrú cruach gan uaim amháin, ionadaíoch ar an earnáil ina hiomláine. De réir Winner Zhejiang, ós rud é go meastar gur táirge comhchosúil iad múchtóirí dóiteáin folmha, ba cheart a dtáirgeoirí a áireamh faoi Airteagal 4(1) den bhun-Rialachán. D’áitigh Zhejiang Winner go mbaineann an t-easnamh sin an bonn d’ionadaíochas thionscal an Aontais agus d’áitigh sé gur cheart don Choimisiún múchtóirí dóiteáin folmha a eisiamh ó raon feidhme an táirge nó a dtáirgeoirí a áireamh ag an gcéim chinntitheach chun measúnú díobhála iomlán agus cruinn a áirithiú. |
|
(109) |
Ní raibh an Coimisiún den tuairim go bhfuil easpa ionadaíochta ag tionscal an Aontais mar gheall ar easpa táirgeoirí múchtóirí dóiteáin. Ní mheastar ach múchtóirí dóiteáin folmha a thagann faoi raon feidhme an tsainmhínithe ar an táirge a bheith mar chuid de raon feidhme an táirge. Ní chumhdaítear múchtóirí dóiteáin iomlána líonta leis an raon táirge atá ann faoi láthair. Dá réir sin, níl ach táirgeoirí sorcóirí ardbhrú gan uaim, lena n-áirítear iad siúd atá beartaithe lena n-úsáid i múchtóirí dóiteáin, ábhartha don sainmhíniú ar thionscal an Aontais. |
|
(110) |
Is ionchur fíor-riachtanach iad sorcóirí ardbhrú cruach gan uaim do thionscal na múchtóirí dóiteáin. Mar sin féin, ní mhonaraíonn tionscal na múchtóirí dóiteáin féin sorcóirí ardbhrú cruach gan uaim agus ní ghníomhaíonn sé ach mar úsáideoir iartheachtach, a tháirgeann múchtóirí dóiteáin líonta ó sorcóirí ardbhrú cruach réamhmhonaraithe gan uaim. Déantar sorcóirí ardbhrú cruach gan uaim a mhonarú, a thástáil agus a dheimhniú mar shorcóirí ardbhrú neamhspleácha le haghaidh feidhmeanna iolracha, lena n-áirítear múchtóirí dóiteáin, ach gan a bheith teoranta dóibh. Ceannaíonn tionscal na múchtóirí dóiteáin na sorcóirí sin, líonann sé le hoibreán múchta iad, cuireann sé an táirge deiridh le chéile, agus díolann sé ar an margadh iad. Is ionann caitheamh le sorcóirí ardbhrú cruach gan uaim agus múchtóirí dóiteáin mar tháirgí ar leithligh don mheasúnú díobhála agus neamhaird a thabhairt ar an slabhra soláthair comhtháite agus ar an gcaidreamh idir na hoibreoirí eacnamaíocha ar leith sin. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún go raibh comhdhéanamh thionscal an Aontais, ina bhfuil táirgeoirí sorcóirí ardbhrú cruach gan uaim, fós iomchuí chun measúnú a dhéanamh ar dhíobháil don earnáil lena mbaineann. |
|
(111) |
B’ionann táirgeoirí sampláilte sorcóirí ardbhrú cruach gan uaim agus níos mó ná 40 % de tháirgeacht agus de dhíolacháin mheasta iomlána an táirge chomhchosúil san Aontas, rud a léirigh go raibh an sampla ionadaíoch go leor do thionscal an Aontais. |
|
(112) |
Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún do mhaíomh Zhejiang Winner, toisc gur táirge comhchosúil aonair iad sorcóirí ardbhrú cruach gan uaim le haghaidh múchtóirí dóiteáin agus sorcóirí ardbhrú cruach gan uaim le haghaidh úsáidí eile; dá bhrí sin, ní gá aon idirdhealú a dhéanamh chun measúnú a dhéanamh ar ionadaíochas thionscal an Aontais. |
|
(113) |
In éagmais aon bharúil eile maidir le Tionscal an Aontais, dheimhnigh an Coimisiún na conclúidí a leagtar amach in aithrisí (187) agus (188) den Rialachán sealadach. |
4.2. Tomhaltas an Aontais
|
(114) |
Dúirt Zhejiang Winner freisin go raibh an anailís díobhála lochtach toisc gur dhírigh sé ar shorcóirí ardbhrú cruach gan uaim amháin agus gur fhág sé múchtóirí dóiteáin folmha ar lár, d’ainneoin gur áiríodh go sainráite iad mar tháirge comhchosúil. Thug Zhejiang Winner dá aire, faoi Airteagal 3(2) den bhun-Rialachán, nach mór measúnú a dhéanamh ar dhíobháil ar bhonn scrúdú oibiachtúil ar an bhfianaise ábhartha uile, lena n-áirítear éifeachtaí na n-allmhairí dumpáilte ar phraghsanna agus a dtionchar ar thionscal an Aontais araon. |
|
(115) |
Dúirt Zhejiang Winner freisin nár soláthraíodh aon sonraí maidir le múchtóirí dóiteáin folmha maidir le tomhaltas, táirgeadh, díolacháin, sciar den mhargadh nó allmhairí le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Chuir Zhejiang Winner i dtábhacht gur fhág an t-easnamh sin go raibh an measúnú díobhála neamhiomlán agus míchruinn. |
|
(116) |
Mheabhraigh an Coimisiún, mar a mhínítear in aithris (196) den Rialachán sealadach, nár tugadh neamhaird ar mhúchtóirí dóiteáin folmha ach nárbh fhéidir an measúnú staidrimh a dhéanamh ach amháin ag an gcéim chinntitheach toisc nach raibh sonraí allmhairiúcháin ar fáil ag an gcéim sin ach ar feadh trí mhí lasmuigh den tréimhse imscrúdúcháin agus gur sloinneadh iad i gcileagraim seachas i bpíosaí, rud a d’fhág go raibh na sonraí sealadacha rótheoranta agus neamhionadaíoch le haghaidh measúnú fóinteach. |
|
(117) |
Níor mheas an Coimisiún go raibh údar le hanailís dheighilte le haghaidh múchtóirí dóiteáin folmha. Dá bhrí sin, bhí an Coimisiún ag brath ar na sonraí táirgthe agus díolacháin, lenar áiríodh gach cineál sorcóra ardbhrú cruach gan uaim lena n-áirítear múchtóirí dóiteáin folmha a sholáthair tionscal an Aontais agus a d’fhíoraigh an Coimisiún go cuí, chun measúnú a dhéanamh ar thionchar allmhairí dumpáilte na Síne ar staid eacnamaíoch fhoriomlán thionscal an Aontais a mhéid a bhaineann leis an táirge faoi imscrúdú. |
|
(118) |
Ós rud é go raibh staitisticí maidir le múchtóirí dóiteáin folmha a bhaineann le TARIC 8424 10 00 11 agus 8424 10 00 21 ar fáil tar éis na céime sealadaí, ionchorpraíodh go hiomlán iad sa mheastóireacht chinntitheach, mar a léirítear in aithris (21) thuas freisin, áiríodh meastachán ar mhéid féideartha allmhairí sorcóirí ardbhrú cruach gan uaim a thagann faoi chóid AC 8424 90 80 agus 8479 90 70 (féach aithris (125) thíos chun an mhodheolaíocht a úsáideadh a fheiceáil). |
|
(119) |
Tar éis staidreamh maidir le sorcóirí ardbhrú cruach gan uaim a úsáidtear le haghaidh múchtóirí dóiteáin folmha a chur san áireamh, tháinig forbairt ar thomhaltas an Aontais mar a leanas: Tábla 1 Tomhaltas an Aontais (aonad/píosaí)
|
||||||||||||||||||||||
|
(120) |
Tar éis na sonraí tomhaltais a thabhairt cothrom le dáta, níor tháinig aon athrú ar an measúnú ar thomhaltas ón gcinneadh sealadach. Tar éis fás láidir in 2022 agus titim ina dhiaidh sin mar thoradh ar stoc-charnadh mar gheall ar ghnéithe amhail an riosca go mbeadh ganntanas soláthair ann i gcomhthéacs COVID-19 nó iompraíocht tomhaltóirí gan choinne, tháinig méadú 14 % ar thomhaltas an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. |
|
(121) |
Is é a bhí sna múchtóirí dóiteáin folmha beagán níos lú ná 2 % d’allmhairí iomlána na Síne faoi na cóid TARIC ábhartha le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Dá bhrí sin, níor shaobh an chóireáil theoranta staidrimh le haghaidh múchtóirí dóiteáin folmha ag an gcéim shealadach an measúnú foriomlán ar dhíobháil, toisc gur gabhadh tromlach substaintiúil na n-allmhairí agus a dtionchar ar thionscal an Aontais cheana féin. |
|
(122) |
Ar bhonn a bhfuil thuas, diúltaíodh do na maímh sin agus deimhníodh na conclúidí foriomlána ar thángthas orthu ag an gcéim shealadach. |
4.3. Allmhairí ón tír lena mbaineann
4.3.1. Méid na n-allmhairí ón tír lena mbaineann
|
(123) |
Maidir le sonraí allmhairiúcháin, thug Zhejiang Winner le fios nach raibh faisnéis staidrimh faoi chóid TARIC 8424 10 00 11 agus 8424 10 00 21 ann toisc nár tugadh na cóid sin isteach go dtí mí an Mhárta 2025. Léirigh sonraí stairiúla faoi chóid roimhe seo (8424 10 00 10 agus 8424 10 00 90) gurbh ionann allmhairí múchtóirí dóiteáin folmha ón tSín agus 21 % d’allmhairí iomlána an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin, rud atá contrártha leis an toradh sealadach 2 %. |
|
(124) |
D’admhaigh an Coimisiún nár tugadh isteach cóid TARIC le haghaidh sorcóirí ardbhrú cruach gan uaim a úsáidtear i múchtóirí dóiteáin folmha go dtí tar éis a gcláraithe i mí an Mhárta 2025, i.e., tar éis na tréimhse imscrúdúcháin. Mar sin féin, ba chóid chineálacha iad na cóid AC stairiúla a luaigh Zhejiang Winner (8424 10 00 10 agus 8424 10 00 90) le haghaidh múchtóirí dóiteáin, bídís luchtaithe nó ná bídís, agus ní dhearnadh idirdhealú leo idir múchtóirí dóiteáin folmha a chumhdaítear leis an sainmhíniú ar an táirge agus cineálacha eile múchtóirí dóiteáin nach gcumhdaítear leis an sainmhíniú ar an táirge amhail múchtóirí dóiteáin líonta. Mar thoradh air sin, dhéanfadh na figiúirí a dhíorthaítear ó na cóid stairiúla sin rómheastachán mór ar allmhairí an táirge lena mbaineann agus, dá bhrí sin, ní fhéadfaí brath orthu chun measúnú a dhéanamh ar allmhairí an táirge lena mbaineann le linn na tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(125) |
In éagmais sonraí allmhairiúcháin beachta i bpíosaí (nach bhfuil ar fáil ach i meáchan amháin) le haghaidh na tréimhse imscrúdúcháin, rinne an Coimisiún meastachán ar allmhairí an táirge lena mbaineann mar a leanas. Ar an gcéad dul síos, ríomhadh sciar na múchtóirí dóiteáin folmha sonracha atá faoi imscrúdú (cóid TARIC 8424 10 00 11 agus 8424 10 00 12) laistigh de mhéid iomlán chód AC níos leithne 8424 10 00 , a d’fheidhmigh mar ex-chód, don tréimhse ó mhí an Mhárta go mí Lúnasa 2025. Cuireadh an cion sin i bhfeidhm ansin maidir leis na hallmhairí iomlána a taifeadadh faoin ex-chód le linn na tréimhse imscrúdúcháin chun meastachán a dhéanamh ar mhéid iomlán an táirge lena mbaineann. Cuireadh an cion céanna i bhfeidhm maidir le cóid AC 8424 90 80 agus 8479 90 70 , faoina n-allmhairítear sorcóirí mar chomhpháirteanna agus a fheidhmíonn mar chóid bhascaeid. Tiontaíodh an meáchan iomlán a tháinig as sin ina aonaid agus úsáid á baint as meánmheáchan an táirge in aghaidh an phíosa is minice a dhíolann na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte. Cuireadh an mhodheolaíocht i bhfeidhm maidir leis na tíortha allmhairiúcháin uile agus maidir le hallmhairí i luach, agus rinneadh an meánphraghas comhfhreagrach in aghaidh an phíosa a ríomh dá réir. Cuireadh na méideanna sin leis na méideanna a sainaithníodh cheana féin ag an gcéim shealadach ina dhiaidh sin. Leis an gcur chuige sin, bhí an Coimisiún in ann meastachán comhsheasmhach iontaofa a dhíorthú ar chainníochtaí na n-allmhairí, rud a chuir bonn fónta ar fáil chun measúnú a dhéanamh ar thionchar na n-allmhairí ar thionscal an Aontais. |
|
(126) |
Ar bhonn na modheolaíochta ar a dtugtar tuairisc thuas, rinne an Coimisiún meastachán ar chainníocht allmhairí an táirge lena mbaineann ó Dhaon-Phoblacht na Síne le linn na tréimhse imscrúdúcháin mar a leanas: Tábla 2 Cainníocht na n-allmhairí agus an sciar den mhargadh
|
|||||||||||||||||||||||||||
|
(127) |
Tar éis na sonraí nua maidir le sorcóirí ardbhrú cruach gan uaim a úsáidtear i múchtóirí dóiteáin folmha agus sorcóirí ardbhrú cruach gan uaim a allmhairítear mar pháirteanna a chur san áireamh, bhí an measúnú cinntitheach ar éabhlóid na n-allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne fós comhsheasmhach leis an measúnú sealadach. Léirigh allmhairí ón tSín treocht láidir aníos i ndearbhchainníochtaí agus i sciar den mhargadh araon, agus ceannasacht 70 % de mhargadh an Aontais ag an tSín le linn na tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(128) |
Ní bhfuarthas aon bharúil eile maidir le hallmhairí ón tír lena mbaineann. Dá bhrí sin, deimhníodh na conclúidí ó aithrisí (192) go (200) den Rialachán sealadach. |
4.3.2. Praghsanna na n-allmhairí ón tír lena mbaineann agus sladghearradh praghais
|
(129) |
I gcomhréir leis an modheolaíocht a cuireadh i bhfeidhm maidir leis na méideanna allmhairí measta (féach aithris (125)), rinne an Coimisiún meánphraghas allmhairiúcháin ualaithe na dtáirgí de thionscnamh na tíre lena mbaineann a athríomh. Cuirtear forbairt an mheánphraghais allmhairiúcháin athbhreithnithe sin le linn na tréimhse faoi bhreathnú i láthair thíos: Tábla 3 Praghsanna allmhairiúcháin (EUR/píosa)
|
||||||||||||||||||||||
|
(130) |
Fuarthas go raibh meánphraghas allmhairiúcháin na dtáirgí de thionscnamh na Síne níos airde ná an meánphraghas a suíodh sna torthaí sealadacha. Mar sin féin, d’fhan treocht fhoriomlán na bpraghsanna comhsheasmhach leis an measúnú sealadach. Dá réir sin, na conclúidí a leagtar amach in aithrisí (201) go (207) den Rialachán sealadach, rinneadh iad a dhearbhú. |
|
(131) |
Sa bhreis ar an nochtadh deiridh, d’áitigh Zhejiang Winner go raibh anailís díobhála an Choimisiúin lochtach. Mhaígh sé gur fhulaing an mhodheolaíocht a úsáideadh chun meastachán a dhéanamh ar thomhaltas múchtóra dóiteáin fholaimh don tréimhse imscrúdúcháin ó neamhréireacht ama, toisc gur chuir an Coimisiún cóimheas allmhairiúcháin i bhfeidhm a díorthaíodh ó shonraí a bailíodh tar éis na tréimhse sin (Márta-Lúnasa 2025), rud a líomhnaítear a bhain an bonn d’fhóntacht mhodheolaíoch. Dhearbhaigh Zhejiang Winner freisin go raibh locht ar thiontú méideanna allmhairí de réir meáchain ina n-aonaid, toisc gur úsáid an Coimisiún meánmheáchan in aghaidh an aonaid bunaithe ar an táirge is minice a díoladh seachas meán ualaithe thar gach cineál táirge ábhartha agus cóid AC/TARIC. Ós rud é gur cuid ábhartha de raon feidhme an táirge iad múchtóirí dóiteáin folmha, d’áitigh Zhejiang Winner gur chuir na lochtanna líomhnaithe sin iontaofacht chinneadh foriomlán na díobhála i mbaol. D’iarr sé ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar a mhodheolaíocht meastacháin agus na fachtóirí coinbhéartachta mionsonraithe a úsáideadh a nochtadh. |
|
(132) |
Mheas an Coimisiún go ndearna an maíomh neamhaird de chuspóir na meastachán staidrimh a úsáideadh san anailís díobhála. Níl sé i gceist leis an meastachán ar mhéid allmhairithe na múchtóirí dóiteáin folmha dearbhmhéideanna beachta a shuí, ach measúnú a dhéanamh ar éabhlóid allmhairí HPSC san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Sa chomhthéacs sin, bhí sé iomchuí agus riachtanach meastacháin a úsáid. I gcás nach gcomhfhreagraíonn raon feidhme an táirge do chóid AC ‘iomlána’, cuireann meastacháin bunaithe ar an bhfaisnéis is fearr atá ar fáil ar a chumas don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an gcaoi ar tháinig forbairt ar allmhairí ar mhargadh an Aontais. Is é an cheist ábhartha don anailís díobhála cé acu a léiríonn nó nach léiríonn an treocht bhreathnaithe díobháil do thionscal an Aontais. |
|
(133) |
In éagmais sonraí beachta, measadh go soláthraítear le húsáid cóimheasa a dhíorthaítear ó thréimhsí atá cóngarach dá chéile agus ó thiontú meánmheáchain bonn réasúnta agus comhleanúnach chun measúnú a dhéanamh ar fhorbairtí sa mhargadh. Níor léirigh Zhejiang Winner go saobhfadh aon neamhbheachtas líomhnaithe an anailís treochta ná go n-athródh sé an pictiúr foriomlán díobhála. In éagmais fianaise ar shuaitheadh suntasach sa mhargadh nó ar athrú struchtúrach, is leor na neastacháin a úsáidtear chun forás an mhargaidh a ghabháil. Níor chuir Zhejiang Winner aon ríomh malartach ar fáil ina leith sin. Thairis sin, tá cinneadh na díobhála bunaithe ar thacar cuimsitheach táscairí, nach bhfuil i méideanna measta múchtóirí dóiteáin folmha ach gné amháin díobh. |
|
(134) |
Shoiléirigh an Coimisiún freisin go raibh an tagairt sa nochtadh deiridh d’úsáid ‘is minice díolta’ mícheart. San anailís, bhí an Coimisiún ag brath ar thacar iomlán na sonraí díolacháin arna dtuairisciú ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte, a cuireadh i bhfeidhm go comhsheasmhach le linn na tréimhse lena mbaineann chun an fachtóir coinbhéartachta ábhartha a shuí. Dá bhrí sin, ní raibh an meastachán le bunú ar tháirge aonair, ach ar an meascán foriomlán táirgí a breathnaíodh sa sampla. I bhfianaise rúndacht shonraí an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin shampláilte a úsáideadh, níorbh fhéidir leis an gCoimisiún na fachtóirí coinbhéartachta mionsonraithe a úsáideadh a nochtadh. |
|
(135) |
Dá réir sin, tá an mhodheolaíocht a chuirtear i bhfeidhm oibiachtúil agus iomchuí i gcónaí chun measúnú a dhéanamh ar threochtaí allmhairiúcháin ar bhonn na faisnéise is fearr atá ar fáil. Ní bhaineann úsáid na meastachán an bonn d’iontaofacht na hanailíse díobhála, rud a chuireann ar a chumas don Choimisiún tuiscint fhónta a fháil ar fhorás an mhargaidh in éagmais sonraí allmhairiúcháin nach gcumhdaítear leo ach raon táirge an imscrúdaithe, agus dá bhrí sin níor tháinig aon athrú ar an measúnú ar threochtaí agus ar chonclúidí na hanailíse díobhála. |
4.4. Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais
|
(136) |
Mar a léirítear in aithris (21), shainaithin an Coimisiún ag céim níos déanaí den nós imeachta cineálacha áirithe sorcóirí ardbhrú cruach gan uaim a allmhairítear mar ‘chodanna d’earraí eile’, nach raibh aon staidreamh ar fáil ina leith, agus dá bhrí sin nár áiríodh iad san anailís mhaicreacnamaíoch. Níl an t-idirdhealú sin ábhartha, áfach, don mheasúnú micreacnamaíoch. Chun críocha na hanailíse díobhála, rinneadh scrúdú cuimsitheach ar gach cineál sorcóra ardbhrú cruach gan uaim atá mar chuid den táirge lena mbaineann. Rinneadh measúnú ar na táscairí micreacnamaíocha ar bhonn an táirge iomláin lena mbaineann arna tháirgeadh agus arna dhíol ag táirgeoirí sampláilte an Aontais, lena n-áirítear sorcóirí ardbhrú cruach gan uaim ar codanna d’earraí eile iad. Dá réir sin, ní dhéanann cuimsiú na sorcóirí ardbhrú cruach gan uaim sin difear do bhailíocht ná d’ionadaíochas an tsampla, rud a leanann de staid thionscal an Aontais ina iomláine a léiriú. |
|
(137) |
Ós rud é go bhfuil méadú beag tagtha ar thomhaltas, rinneadh sciartha margaidh thionscal an Aontais a athríomh. Déantar Tábla 6 den Rialachán sealadach a athbhreithniú mar a leanas: ‘Tábla 6 An sciar den mhargadh atá ag tionscal an Aontais
|
|||||||||||||||||
|
(138) |
Mar ab amhlaidh cheana féin sa rialachán sealadach, lean an sciar den mhargadh a bhí ag táirgeoirí de chuid an Aontais ar chonair anuas leanúnach. Tháinig laghdú air ó 30 % in 2021 go 25 % in 2022, thit sé a thuilleadh go 23 % in 2023, agus níor shroich sé ach 21 % le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Léiríonn an creimeadh i gcomparáid leis an mbliain seo ar an sciar den mhargadh láithreacht thionscal an Aontais atá ag laghdú de réir a chéile ina mhargadh féin. |
|
(139) |
In éagmais barúlacha maidir le staid eacnamaíoch thionscal an Aontais, dheimhnigh an Coimisiún na conclúidí uaidh a leagtar amach in aithrisí (208) go (245) den Rialachán sealadach. |
4.5. Conclúid ar dhíobháil
|
(140) |
Dheimhnigh an Coimisiún go raibh tionscal an Aontais sainithe go hiomchuí agus sách ionadaíoch, nár athraigh ionchorprú sonraí cinntitheacha maidir le sorcóirí ardbhrú cruach gan uaim a úsáidtear i múchtóirí dóiteáin agus mar pháirteanna na treochtaí a suíodh ag an gcéim shealadach, agus go raibh an mhodheolaíocht a úsáideadh chun meastachán a dhéanamh ar allmhairí fónta in éagmais sonraí beachta don tréimhse imscrúdúcháin. Léiríodh san anailís nuashonraithe méaduithe substaintiúla ar mhéid agus ar sciar margaidh na n-allmhairí ón tír lena mbaineann, in éineacht le laghdú suntasach ar phraghsanna, cé nár léirigh aon fhianaise nua aon athrú ar an measúnú ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais. Dá bhrí sin, deimhnítear na conclúidí sa Rialachán sealadach in aithrisí (246) go (250). |
5. CÚISÍOCHT
|
(141) |
Cheistigh roinnt táirgeoirí onnmhairiúcháin an nasc cúisíoch idir allmhairí an táirge lena mbaineann ón tSín agus an díobháil a líomhnaítear a bhain do thionscal an Aontais. |
|
(142) |
D’áitigh Ruiying nár cuireadh tús lena onnmhairí faoi chód AC ag tosú le 7311 go dtí 2025 agus nach raibh ach méideanna íosta i gceist leo, rud nár leor chun díobháil a dhéanamh. D’áitigh Zhejiang Winner nár chomhfhreagair cuid dá uimhreacha rialaithe táirgí d’aon uimhir rialaithe táirgí arna tháirgeadh ag tionscal an Aontais, rud a thugann le fios nach bhféadfadh na hallmhairí sin cur leis an díobháil, agus a thugann le tuiscint nach ann do tháirgeadh múchtóirí dóiteáin folmha san Aontas. |
|
(143) |
Chinn an Coimisiún nach raibh bunús fíorasach leis na maímh sin. De bhun Airteagal 4(1) den bhun-Rialachán, tá an measúnú ar dhíobháil bunaithe ar éifeacht fhoriomlán na n-allmhairí dumpáilte ar thionscal an Aontais, agus méideanna iomlána na n-allmhairí, praghsanna agus treochtaí sa mhargadh le linn na tréimhse imscrúdúcháin á gcur san áireamh. Ní dhíríonn an anailís ar onnmhaireoirí aonair ná ar uimhreacha rialaithe táirgí aonair ach ar thionchar comhiomlán na n-allmhairí dumpáilte uile. In éagmais comhoiriúnú uimhreacha rialaithe táirgí, arb ionann é agus 37 % de na cásanna, ní thugtar le tuiscint nár tháirg tionscal an Aontais táirgí inchomparáide, ná ní bhréagnaíonn sé tionchar na n-allmhairí dumpáilte ar staid thionscal an Aontais. D’fhéadfadh difríocht a bheith idir uimhreacha rialaithe táirgí mar gheall ar éagsúlachtaí i sonraíochtaí teicniúla, méideanna, nó athraithigh táirgí; mar sin féin, tagann siad faoin raon táirgí céanna agus bíonn siad in iomaíocht sna margaí céanna. Ar an gcaoi chéanna, ní chuireann tús déanach agus méid réasúnta beag allmhairí Ruiying deireadh le héifeacht charnach allmhairí na Síne le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Fiú allmhairí a thosaíonn níos déanaí sa tréimhse, is féidir leo cur le díobháil trí shochtadh praghsanna, trí dhíláithriú margaidh, nó trí éifeachtaí réamh-mheasta, rud a raibh tionchar diúltach aige ar dhíolacháin, ar straitéisí praghsála agus ar bhrabúsacht tháirgeoirí an Aontais. |
|
(144) |
Thug an Coimisiún dá aire, cé nach raibh ach 63 % d’uimhreacha rialaithe táirgí na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte de chuid na Síne ag teacht le huimhreacha rialaithe táirgí tháirgeoirí sampláilte an Aontais, gur chomhfhreagair formhór mór na n-allmhairí ón tSín d’uimhreacha rialaithe táirgí arna dtáirgeadh ag tionscal an Aontais, rud a léiríonn forluí substaintiúil i gcineálacha táirgí. Deimhníodh leis sin go raibh formhór na n-allmhairí dumpáilte in iomaíocht dhíreach leis na samhlacha a mhonaraigh tionscal an Aontais. Áirithítear le húsáid uimhir rialaithe táirgí comparáidí cosúil le cosúil, rud a chiallaíonn nach gcuirtear sorcóirí ardbhrú cruach gan uaim i gcomparáid ach le táirgí a bhfuil na príomh-shaintréithe céanna acu, amhail toilleadh, rátáil brú, cineál cruach, agus deimhniú, agus ar an gcaoi sin ráthaítear go bhfuil an measúnú ar dhíobháil agus ar dhumpáil cruinn, ionadaíoch agus go léiríonn sé iomaíocht iarbhír an mhargaidh. Léiríonn cion na n-uimhreacha rialaithe táirgí gan chomhoiriúnú (37 % de dhímheaitseáil) difríochtaí i malairtí táirgí nó i dtáirgí nideoige speisialaithe agus ní léiríonn sé easpa acmhainneachta ná cumais táirgeachta ar thaobh thionscal an Aontais chun raon iomlán sorcóirí ardbhrú cruach gan uaim a mhonarú. |
|
(145) |
D’áitigh Zhejiang Winner agus Ruiying freisin gurbh iad tosca eile, lena n-áirítear luaineachtaí i gcostais amhábhar, fuinnimh agus saothair, iomaíocht ó allmhairí tríú tíortha, agus athruithe ar thomhaltas an Aontais — na príomhchúiseanna le deacrachtaí eacnamaíocha thionscal an Aontais. |
|
(146) |
Níor aontaigh an Coimisiún leis an dearbhú sin agus d’athdhearbhaigh sé a chonclúidí a leagtar amach in aithrisí (251) go (268) den Rialachán sealadach, inar scrúdaigh sé tosca eile freisin, lena n-áirítear luaineachtaí i gcostais amhábhar, fuinnimh agus saothair, iomaíocht ó allmhairí tríú tíortha, agus athruithe ar thomhaltas an Aontais. |
|
(147) |
Cé gur tháinig méadú ar chostais táirgthe aonaid le linn na tréimhse faoi bhreathnú, rud a léirigh costais níos airde amhábhar, fuinnimh agus saothair, ní raibh tionscal an Aontais in ann na méaduithe costais sin a chur ar aghaidh chuig custaiméirí mar gheall ar an mbrú leanúnach praghsanna ó allmhairí dumpáilte ón tSín. Níor chuir an laghdú páirteach ar chostais a breathnaíodh le linn na tréimhse imscrúdúcháin feabhas ábhartha ar staid airgeadais tháirgeoirí an Aontais sa chaoi nach féidir le costais atá ag ardú amháin an meath suntasach ar bhrabúsacht a chur san áireamh. Os a choinne sin, is léir go dtagann meath ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais mar thoradh ar an laghdú suntasach ar mheánphraghsanna allmhairiúcháin. |
|
(148) |
Ar an gcaoi chéanna, bhí allmhairí ó thríú tíortha eile le linn na tréimhse faoi bhreathnú cobhsaí den chuid is mó nó tháinig laghdú orthu fiú, agus níor tháinig méadú ar a sciartha den mhargadh ar aon bhealach a d’fhéadfadh dochar ábhartha a dhéanamh do thionscal an Aontais. Dhírigh oibreoirí ó na tíortha sin ar shuíomhanna margaidh atá ann cheana a choinneáil ar bun seachas a láithreacht ar mhargadh an Aontais a leathnú go dian. Cé go raibh praghsanna allmhairiúcháin ó thríú tíortha níos ísle ó am go chéile ná mar a bhí sna blianta roimhe sin, níor leor méid na n-allmhairí a bhí i gceist chun an nasc cúisíoch a bhriseadh nó a mhaolú fiú. |
|
(149) |
Tháinig méadú thart ar 15 % ar thomhaltas an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. D’ainneoin an mhéadaithe sin ar an éileamh, bhain caillteanais shuntasacha do thionscal an Aontais i dtáirgeadh agus i ndíolacháin, rud a léirigh a thuilleadh nach bhféadfadh athruithe ar thomhaltas foriomlán míniú a thabhairt ar an díobháil a bhain dó ná an nasc cúisíoch a mhaolú. |
|
(150) |
Dá réir sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach bhfuil bunús leis na hargóintí sin agus gurbh iad na hallmhairí dumpáilte ón tSín an phríomhchúis díobhála do thionscal an Aontais. I dteannta a chéile, tá uainiú, méid agus patrún mheath eacnamaíoch thionscal an Aontais ag teacht go dlúth leis an mborradh ar allmhairí dumpáilte ón tSín, rud a dheimhníonn gurbh iad na hallmhairí sin príomhchúis chinntitheach na díobhála ábhartha a bhain do thionscal an Aontais. |
6. LEIBHÉAL NA mBEART
|
(151) |
Chun leibhéal na mbeart a chinneadh, scrúdaigh an Coimisiún ar leor dleacht is lú ná an corrlach dumpála chun deireadh a chur leis an díobháil do thionscal an Aontais de dheasca allmhairí dumpáilte. |
|
(152) |
Sa chás seo, líomhain an gearánach go raibh saobhadh amhábhar ann de réir bhrí Airteagal 7(2a) den bhun-Rialachán. Mar a leagtar amach in aithrisí (286) go (293) den Rialachán sealadach, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid shealadach gur comhlíonadh na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 7(2a). Ós rud é nár chuir aon pháirtí leasmhar barúlacha isteach inar cuireadh in aghaidh na dtorthaí sin, dheimhnigh an Coimisiún a chonclúidí maidir le saobhadh amhábhar a bheith ann de réir bhrí Airteagal 7(2a) den bhun-Rialachán. |
6.1. Scrúdú ar an gcorrlach a bheadh leordhóthanach chun deireadh a chur leis an díobháil a bhain do thionscal an Aontais
6.1.1. Barúil ghinearálta maidir le húsáid píosaí san anailís díobhála ag an gcéim shealadach
|
(153) |
Mhaígh Zhejiang Winner go ndearna úsáid ‘píosaí’ mar aonad tomhais ríomh an chorrlaigh díobhála a shaobhadh toisc nach bhfuil a mhúchtóirí dóiteáin beaga iniompartha inchomparáide, ó thaobh méide nó meáchain de, le sorcóirí tionsclaíocha ardbhrú gan uaim níos mó. Mhol sé, dá bhrí sin, gur cheart an anailís a bheith bunaithe ar mheáchan seachas ar aonaid. |
|
(154) |
Diúltaíodh don mhaíomh sin. I ngnáthchúrsa trádála, déantar sorcóirí ardbhrú folmha gan uaim a dhíol, a shonrascadh agus a phraghsáil in aghaidh an aonaid, seachas de réir meáchain. Ní luachálann an margadh sorcóirí ardbhrú cruach gan uaim de réir a maise, ach de réir raon paraiméadar teicniúil agus tráchtála, lena n-áirítear an grád cruach, brú deartha, beachtas monaraíochta, cóireáil dromchla, snáithiú, cumraíocht chomhla, agus deimhnithe riachtanacha (amhail PED nó TPED). Cinneann na saintréithe sin feidhmíocht, comhlíonadh agus margadhluach sorcóirí ardbhrú cruach gan uaim i bhfad níos dírí ná a mheáchan. |
|
(155) |
Thairis sin, gabhann na huimhreacha rialaithe táirgí a úsáideadh san imscrúdú príomhghnéithe fisiceacha agus teicniúla sorcóirí ardbhrú cruach gan uaim cheana féin, lena n-áirítear acmhainneacht, lamháltas brú, cineál cruach, agus an úsáid atá beartaithe. Áirithítear leis an ngráinneacht sin go gcuirtear an méid sin i gcomparáid leis an méid céanna laistigh de gach uimhir rialaithe táirgí, agus go léirítear difríochtaí i méid, i gcur i bhfeidhm nó i ndearadh go hiomchuí sa chomparáid. |
|
(156) |
Ar mhaithe le hiomláine, áfach, rinne an Coimisiún comparáid freisin idir meáchan in aghaidh na huimhreach rialaithe táirgí idir táirgí na Síne agus táirgí an Aontais. Deimhníodh san anailís sin go raibh sorcóirí ardbhrú cruach gan uaim onnmhairithe na Síne níos troime go ginearálta ná sorcóirí ardbhrú cruach gan uaim inchomparáide a tháirgtear san Aontas. Dá réir sin, dá mbeadh an anailís bunaithe ar mheáchan, bheadh corrlaigh dhíobhála níos airde mar thoradh air. |
|
(157) |
Dá bhrí sin, bhí úsáid ‘píosaí’ mar aonad tomhais fós fónta ó thaobh na modheolaíochta de agus ionadaíoch ar réaltachtaí an mhargaidh agus áirithíodh le húsáid uimhreacha rialaithe táirgí comparáid láidir macasamhail le macasamhail idir táirgí. |
6.1.2. Corrlach díobhála
|
(158) |
Tugann an Coimisiún dá aire gur sainaithníodh earráidí cléireachais sa Rialachán sealadach, go sonrach sna táblaí in aithrisí (282) agus (309). Go háirithe, ba cheart 21 % seachas 48 % a bheith sa chorrlach gearrdhíola le haghaidh BTIC agus ba cheart 175.4 % a bheith sa chorrlach gearrdhíola le haghaidh cuideachtaí comhoibríocha eile. Cuireadh na ceartúcháin sin in iúl sa litir chumhdaigh (Litir Nochta AD724) a seoladh chuig na páirtithe uile agus a comhdaíodh sa cháschomhad oscailte. |
|
(159) |
In aithrisí (273) go (283) den Rialachán sealadach, leag an Coimisiún amach an mhodheolaíocht a úsáideadh chun na corrlaigh a shuí a bheadh leordhóthanach chun deireadh a chur leis an díobháil a bhain do thionscal an Aontais. Ós rud é nach bhfuarthas aon bharúil maidir leis an gcorrlach gearrdhíola a chinneadh, dheimhnigh an Coimisiún a chonclúidí agus a mhodheolaíocht mar a leagtar amach sna haithrisí sin. |
6.1.3. Comparáid idir corrlach dumpála agus corrlach gearrdhíola
|
(160) |
I gcomhréir le hAirteagal 7(2) den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún an ndearnadh díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de dheasca na n-allmhairí dumpáilte ón tír lena mbaineann. Chuige sin, rinne an Coimisiún comparáid idir meánphraghas allmhairiúcháin ualaithe na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha agus spriocphraghas thionscal an Aontais. Taispeántar toradh na ríomhanna sin sa tábla thíos.
|
|
(161) |
I gcomhréir le hAirteagal 7(2a) den bhun-Rialachán, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid sa Rialachán sealadach gur cheart gurb é an corrlach dumpála an leibhéal iomchuí chun deireadh a chur leis an díobháil. |
|
(162) |
Ós rud é go raibh an corrlach gearrdhíola le haghaidh an táirgeora onnmhairiúcháin, Grúpa BTIC, níos ísle ná an corrlach dumpála, rinne an Coimisiún measúnú féachaint an raibh saobhadh amhábhar ann maidir leis an táirge lena mbaineann, de bhun Airteagal 7(2a) den bhun-Rialachán. |
6.2. Saobhadh amhábhar
|
(163) |
In éagmais barúlacha maidir le saobhadh amhábhar, deimhníodh aithrisí (287) go (294) den Rialachán sealadach. |
6.2.1. Leas an Aontais faoi Airteagal 7(2b) den bhun-Rialachán
|
(164) |
D’áitigh Grúpa BTIC gur cheart don Choimisiún riail na dleachta is lú a chur i bhfeidhm, agus thug sé dá aire go raibh an corrlach díobhála a suíodh ag 21 % i bhfad níos ísle ná a gcorrlach dumpála sealadach 90.3 %. De réir na cuideachta, thug sé sin le fios gur leor dleacht bunaithe ar an gcorrlach díobhála chun deireadh a chur leis an díobháil a bhain do thionscal an Aontais. Mhaígh sé freisin go ndéanfadh dleacht atá bunaithe ar an gcorrlach dumpála iomlán an chuideachta a eisiamh go héifeachtach ó mhargadh an Aontais agus go gcuirfeadh sí cosaint iomarcach ar fáil do thionscal an Aontais, rud a d’fhéadfadh ceannasacht a chruthú chun dochair d’úsáideoirí iartheachtacha. D’áitigh BTIC freisin nár cheart neamhchur i bhfeidhm riail na dleachta is lú faoi Airteagal 7(2a) den bhun-Rialachán a bheith uathoibríoch, fiú i gcásanna ina n-aimsítear saobhadh amhábhar, agus tagairt á déanamh d’imscrúduithe eile, amhail an t-imscrúdú a bhaineann le cruach dhosmálta theorollta ón tSín, inar chuir an Coimisiún riail na dleachta is lú i bhfeidhm d’ainneoin maímh chomhchosúla. |
|
(165) |
Rinne an Coimisiún measúnú cúramach ar na hargóintí sin agus chinn sé nach raibh bunús leo. Mar a shuitear in aithrisí (287) go (294) den Rialachán sealadach, chinn an Coimisiún go sealadach, agus deimhníonn sé anois, gur comhlíonadh na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 7(2a) den bhun-Rialachán. Léiríodh san imscrúdú go bhfuil saobhadh suntasach ann a dhéanann difear do chostais agus do phraghsanna na bpríomh-amhábhar a úsáidtear i dtáirgeadh sorcóirí ardbhrú cruach gan uaim sa tSín. In imthosca den sórt sin, foráiltear le hAirteagal 7(2a) den bhun-Rialachán nach gcuirfear riail na dleachta is lú i bhfeidhm, toisc go gcuireann an saobhadh sin cosc ar fhórsaí an mhargaidh oibriú mar is gnách agus, ar an gcaoi sin, go mbaineann sé an bonn d’iontaofacht comparáidí praghsanna agus costais. |
|
(166) |
De bhun Airteagal 7(2b) den bhun-Rialachán, lorg an Coimisiún faisnéis go gníomhach ó pháirtithe leasmhara chun a chinneadh an mbeadh dleacht níos ísle ná an corrlach dumpála leordhóthanach chun deireadh a chur leis an díobháil. Agus an méid sin á dhéanamh aige, bhreithnigh an Coimisiún an fhaisnéis ábhartha uile, lena n-áirítear acmhainneachtaí breise sa tír is onnmhaireoir, iomaíocht le haghaidh amhábhar, agus na héifeachtaí ar shlabhraí soláthair chuideachtaí an Aontais. |
|
(167) |
In éagmais comhoibriú ó úsáideoirí nó ó allmhaireoirí, áfach, agus i gcomhréir le hAirteagal 7(2b) den bhun-Rialachán, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur chun leas an Aontais é mír 7(2a) a chur i bhfeidhm. |
|
(168) |
Dhiúltaigh an Coimisiún freisin don dearbhú go soláthródh dleacht a chomhfhreagraíonn don chorrlach dumpála cosaint iomarcach nó go saobhfadh sí iomaíocht i bhfabhar thionscal an Aontais. Is é is cuspóir do bhearta frithdhumpála dálaí córa trádála a athbhunú agus deireadh a chur le héifeachtaí díobhálacha na n-allmhairí dumpáilte, gan buntáiste a thabhairt do thionscal an Aontais. Tríd an gcorrlach dumpála iomlán a chur i bhfeidhm, áirithítear go ndéantar an saobhadh sainaitheanta a neodrú i gceart agus go n-athbhunaítear an iomaíocht i margadh an Aontais ar bhonn cothrom inbhuanaithe. |
|
(169) |
Ar deireadh, thug an Coimisiún dá aire nach bhfuil an tagairt a rinne BTIC d’imscrúduithe eile, amhail cruach dhosmálta theorollta ón tSín, ábhartha. Tá gach imscrúdú bunaithe ar a fhíorais agus ar a imthosca margaidh féin. Sa chás seo, mar gheall ar an bhfianaise ar shaobhadh amhábhar arna spreagadh ag an stát, tá údar le neamhchur i bhfeidhm riail na dleachta is lú i gcomhréir le hAirteagal 7(2a) den bhun-Rialachán. |
|
(170) |
Ar an mbonn sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur comhlíonadh na coinníollacha chun riail na dleachta is lú a dhífheidhmiú agus, dá bhrí sin, dheimhnigh sé gur cheart bearta cinntitheacha a bheith bunaithe ar na corrlaigh dumpála iomlána a suíodh le haghaidh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha. |
|
(171) |
In éagmais aon bharúil eile maidir le leas an Aontais faoi Airteagal 7(2b), deimhníodh aithrisí (295) go (308) den Rialachán sealadach. |
6.2.2. Conclúid maidir le leas an Aontais faoi Airteagal 7(2b) den bhun-Rialachán
|
(172) |
I bhfianaise an mhéid thuas, dheimhnigh an Coimisiún na conclúidí in aithris (308) den Rialachán sealadach nach raibh aon chúis dhochloíte ann teacht ar an gconclúid nach raibh sé chun leasa an Aontais bearta a fhorchur ar allmhairí sorcóirí ardbhrú cruach gan uaim de thionscnamh na Síne. |
6.3. Conclúid maidir le leibhéal na mbeart
|
(173) |
De réir an mheasúnaithe thuas, is mar a leanas ba cheart dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 7(2a) den bhun-Rialachán:
|
7. LEAS AN AONTAIS
7.1. Leas úsáideoirí, tomhaltóirí agus soláthróirí.
|
(174) |
D’áitigh EUROFEU nach mbeadh forchur dleachtanna frithdhumpála ar shorcóirí ardbhrú cruach gan uaim chun leas an Aontais. Mhaígh sé go gcuirfeadh na bearta slándáil an tsoláthair i mbaol, go mbeadh méaduithe iomarcacha ar chostais d’úsáideoirí iartheachtacha mar thoradh orthu, agus go gcruthóidís suaitheadh mar gheall ar nósanna imeachta deimhniúcháin fada is gá agus soláthróirí á n-athrú. |
|
(175) |
Rinne an Coimisiún scrúdú cúramach ar na maímh sin agus chinn sé nach raibh bunús leo. Suíodh leis an imscrúdú nach bhfuil aon chosúlacht ann go bhfuil riosca ann do shlándáil an tsoláthair. Tá an cumas teicniúil ag táirgeoirí an Aontais agus tá siad toilteanach acmhainneacht a leithdháileadh ar an deighleog cosanta dóiteáin a luaithe a athbhunófar dálaí córa margaidh. Is é an t-ísliú praghsanna de bharr allmhairí dumpáilte ón tSín is cúis go príomha leis an easpa foinsithe intíre atá ann faoi láthair san earnáil cosanta dóiteáin, rud a dhíspreag táirgeacht an Aontais le himeacht ama. |
|
(176) |
Thairis sin, thug an Coimisiún faoi deara go ndearnadh áibhéil faoi mhéid mhargadh sorcóirí ardbhrú cruach gan uaim le haghaidh feidhmeanna múchta dóiteáin. I measc na bhfigiúirí a chuir páirtithe leasmhara ar fáil, bhí sorcóirí táite agus alúmanaim, atá lasmuigh de raon táirge an imscrúdaithe seo. Dá bhrí sin, níl sa deighleog ábhartha a chumhdaítear leis an imscrúdú ach sciar teoranta den éileamh iomlán. Ina theannta sin, fuarthas amach go raibh acmhainneacht bhreise leordhóthanach ag roinnt tríú tíortha, amhail na Stáit Aontaithe, an India, an Tuirc, an Chóiré Theas, agus Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha chun margadh an Aontais a sholáthar ar phraghsanna córa más gá. Is léir ón taithí a fuarthas freisin gur leanadh d’onnmhairí na Síne chuig an Aontas fiú tar éis dleachtanna a fhorchur i gcásanna inchomparáide, cé go raibh siad ar leibhéil praghsanna neamhdhíobhálacha. |
|
(177) |
Cé go bhféadfadh méaduithe costais d’úsáideoirí iartheachtacha a bheith i gceist le dleachtanna a fhorchur, measadh go raibh an t-ualach sin comhréireach leis na tairbhí a bhaineann le hiomaíocht chóir a athbhunú, soláthar iontaofa a áirithiú, agus é a chur ar a gcumas do tháirgeoirí an Aontais táirgeadh inbhuanaithe agus sciar den mhargadh a fháil ar ais. |
|
(178) |
Ar an mbonn sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach gcuirfeadh glacadh beart cinntitheach slándáil an tsoláthair i mbaol ach, ina ionad sin, go n-athbhunódh sé iomaíocht chóir agus go neartódh sé athléimneacht thionscal an Aontais. Dá bhrí sin, diúltaíodh do na hargóintí a chuir EUROFEU chun cinn. |
|
(179) |
Tar éis an nochta deiridh, chuir HYDAC iarraidh ar dhíolúine úsáide deiridh isteach, ag maíomh go bhfuil a scealla cnuasagáin bolgáin éagsúil le táirgí HPSC eile, nach bhfuil inmhalartaithe go héasca, agus nach bhfuil siad ar fáil go leordhóthanach i margadh an Aontais. |
|
(180) |
D’áitigh HYDAC go bhfuil a scealla saincheaptha go páirteach, oiriúnaithe do dhálaí oibriúcháin sonracha, le comhlaí, bratuithe agus ábhair shaincheaptha, agus go gcuireann cóimeáil, tástáil agus doiciméadacht luach suntasach leo. Thug sé dá aire freisin comhlíonadh na gcaighdeán idirnáisiúnta lena n-áirítear PED, ASME, SELO, DNV, agus Lloyds Register. Mhaígh HYDAC freisin nach bhfuil a scealla inmhalartaithe mar gheall ar líníochtaí uathúla, uimhreacha páirte, agus cóimeáil agus comhéadain shaincheaptha. Dhearbhaigh HYDAC freisin go raibh infhaighteacht theoranta san Aontas, agus luaigh sé iarrachtaí foinsithe nár éirigh leo, acmhainneacht íseal soláthróra, agus spleáchas ar tháirgeoirí nach táirgeoirí de chuid an Aontais iad. |
|
(181) |
Ar dtús, thug an Coimisiún dá aire nár thug HYDAC tuairisc sách mionsonraithe ar na táirgí ar éiligh sé díolúine úsáide deiridh ina leith. |
|
(182) |
Thug an Coimisiún dá aire freisin, cé go mbaineann oiriúnú agus próiseáil bhreise le scealla HYDRAC mar a thugann an chuideachta tuairisc orthu, nach n-athraíonn siad saintréithe bunúsacha fisiceacha, teicniúla ná feidhmiúla na sceall, ar soithí brú caighdeánacha iad fós ina bhfuil bolgán le haghaidh stóráil fuinnimh hiodrálaigh. Cé go ndéanann gnéithe den sórt sin difear do shaincheapadh agus do bhreisluach, ní athraíonn siad saintréithe fíor-riachtanacha na sceall agus ní chuireann siad cosc ar ionadú le táirgí HPSC eile agus, dá bhrí sin, ní chuireann siad srian ar fhoinsiú ó fhoinsí malartacha. I ndáil leis sin, thug an Coimisiún dá aire nár chuir an chuideachta freagra ar an gceistneoir isteach agus go raibh a comhar teoranta do bharúlacha a chur isteach nár thacaigh fianaise leo a léiríonn neamh-infhaighteacht líomhnaithe na dtáirgí sin ar mhargadh an Aontais. Léirigh an t-imscrúdú a contrario gur mhonaraigh tionscal an Aontais na táirgí atá i gceist. |
|
(183) |
I bhfianaise a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh an díolúine úsáide deiridh a chuir HYDAC isteach neamhiomlán a mhéid a bhaineann leis an táirge atá le cumhdach agus nach raibh bunús lena mhaíomh maidir le heaspa infhaighteachta. Dá bhrí sin, diúltaíodh don iarraidh ar dhíolúine úsáide deiridh. |
7.2. An chonclúid maidir le leas an Aontais
|
(184) |
In éagmais aon bharúil eile maidir le leas an Aontais, dheimhnigh an Coimisiún a chonclúidí sealadacha a leagtar amach in aithrisí (310) go (324) den Rialachán sealadach agus tháinig sé ar an gconclúid chinntitheach go bhfuil údar le dleachtanna frithdhumpála a fhorchur ar shorcóirí ardbhrú cruach gan uaim a allmhairítear ón tSín agus nach bhfuil sé in aghaidh leas an Aontais. |
8. BEARTA FRITHDHUMPÁLA CINNTITHEACHA
8.1. Bearta cinntitheacha
|
(185) |
Ar bhonn na gconclúidí ar ar thángthas orthu maidir le dumpáil, díobháil, cúisíocht, leibhéal na mbeart agus leas an Aontais, agus i gcomhréir le hAirteagal 9(4) den bhun-Rialachán, ba cheart bearta frithdhumpála cinntitheacha a fhorchur chun cosc a chur le tuilleadh díobhála do thionscal an Aontais de dheasca allmhairí dumpáilte an táirge lena mbaineann. |
|
(186) |
Ar bhonn a bhfuil thuas, ba cheart na dleachtrátaí frithdhumpála cinntitheacha, arna sloinneadh ar phraghas CAL ag teorainn an Aontais, roimh an dleacht chustaim a íoc, a bheith mar a leanas:
|
|
(187) |
Na dleachtrátaí frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí aonair a shonraítear sa Rialachán seo, bunaíodh iad ar bhonn thorthaí an imscrúdaithe seo. Dá bhrí sin, is léiriú iad ar an staid mar a suíodh le linn an imscrúdaithe seo maidir leis na cuideachtaí sin. Dá bhrí sin, tá na dleachtrátaí sin infheidhme go heisiach maidir le hallmhairí an táirge faoi imscrúdú de thionscnamh na tíre lena mbaineann agus arna tháirgeadh ag na heintitis dhlíthiúla ainmnithe. Maidir le hallmhairí an táirge lena mbaineann arna monarú ag aon chuideachta eile nach luaitear go sonrach i gcuid oibríochtúil an Rialacháin seo, lena n-áirítear eintitis atá comhlachaithe leo siúd a luaitear go sonrach, ní féidir leo tairbhiú de na rátaí sin agus ba cheart iad a bheith faoi réir an dleachtráta is infheidhme maidir le ‘gach allmhaire eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne’. |
|
(188) |
Féadfaidh cuideachta a iarraidh go gcuirfí na rátaí dleachta frithdhumpála aonair sin i bhfeidhm má athraíonn sí ainm a heintitis ina dhiaidh sin. Ní mór an t-iarratas a chur chuig an gCoimisiún (20). Ní mór an fhaisnéis ábhartha uile a bheith san iarraidh ionas gur féidir a léiriú nach ndéantar difear leis an athrú do cheart na cuideachta tairbhiú den dleachtráta is infheidhme maidir léi. Más amhlaidh nach ndéantar difear leis an athrú ar ainm na cuideachta do cheart na cuideachta tairbhiú den dleachtráta is infheidhme maidir léi, foilseofar rialachán maidir leis an athrú ainm in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(189) |
Chun na rioscaí maidir le himchéimniú a íoslaghdú de bharr na difríochta i ndleachtrátaí, teastaíonn bearta speisialta chun cur i bhfeidhm ceart na ndleachtanna frithdhumpála aonair a áirithiú. Níl cur i bhfeidhm dleachtanna frithdhumpála aonair infheidhme ach amháin nuair a chuirtear sonrasc tráchtála bailí faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát. Ní mór an sonrasc a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo. Go dtí go gcuirfear an sonrasc sin isteach, ba cheart allmhairí a bheith faoi réir na dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir le ‘gach allmhaire eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne’. |
|
(190) |
Cé go bhfuil sé riachtanach an sonrasc sin a chur i láthair údaráis chustaim na mBallstát chun na dleachtrátaí frithdhumpála aonair a chur i bhfeidhm maidir le hallmhairí, ní hé an t-aon ghné é a chuirfidh na húdaráis chustaim san áireamh. Go deimhin, fiú má chuirtear sonrasc faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát a chomhlíonann na ceanglais uile a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo, ba cheart dóibh a ngnáthsheiceálacha a dhéanamh agus féadfaidh siad, mar atá i ngach cás eile, doiciméid bhreise a éileamh (doiciméid loingseoireachta, etc.) chun cruinneas na sonraí atá sa dearbhú a fhíorú agus chun a áirithiú go mbeidh údar le cur i bhfeidhm an ráta dleachta ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis an dlí custaim. |
|
(191) |
Má thagann méadú suntasach ar an méid onnmhairí a dhéanann ceann de na cuideachtaí a thairbhíonn de na dleachtrátaí aonair is ísle, go háirithe tar éis fhorchur na mbeart lena mbaineann, d’fhéadfaí a mheas gurb éard atá i méadú den sórt sin ann féin athrú ar an bpatrún trádála de bharr fhorchur na mbeart de réir bhrí Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán. Sna himthosca sin, féadfar imscrúdú frith-imchéimniúcháin a thionscnamh, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha chun déanamh amhlaidh. Féadfar scrúdú a dhéanamh san imscrúdú sin, inter alia, ar an ngá atá le deireadh a chur le dleachtráta/dleachtrátaí aonair agus ar an ngá le dleacht ar an leibhéal náisiúnta a fhorchur dá bharr sin. |
|
(192) |
Chun a áirithiú go ndéanfar na dleachtanna frithdhumpála a fhorfheidhmiú mar is ceart, ba cheart feidhm a bheith leis an dleacht frithdhumpála le haghaidh gach allmhaire eile de thionscnamh Daon-Phoblacht na Síne ní hamháin maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin neamh-chomhoibríocha san imscrúdú seo, ach ina dteannta sin, maidir leis na táirgeoirí nach ndearna táirgí a onnmhairiú chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(193) |
Táirgeoirí onnmhairiúcháin nach ndearna an táirge lena mbaineann a onnmhairiú chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin, ba cheart dóibh a bheith in ann a iarraidh ar an gCoimisiún go gcuirfí faoi réir an dleachtráta frithdhumpála iad le haghaidh cuideachtaí comhoibríocha nach bhfuil san áireamh sa sampla. Ba cheart don Choimisiún iarraidh den sórt sin a cheadú, ar choinníoll go gcomhlíontar trí choinníoll. Bheadh ar an táirgeoir onnmhairiúcháin nua an méid seo a leanas a léiriú: (i) nár onnmhairigh sé an táirge lena mbaineann chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin; (ii) nach bhfuil comhlachaithe le táirgeoir onnmhairiúcháin a rinne amhlaidh; agus (iii) d’onnmhairigh sé an táirge lena mbaineann ina dhiaidh sin nó go bhfuil oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe air é sin a dhéanamh i gcainníochtaí substaintiúla. |
|
(194) |
Staidreamh sorcóirí ardbhrú cruach gan uaim arna shloinneadh go minic de réir líon na bpíosaí. Mar sin féin, níl aon aonad forlíontach den sórt sin ann le haghaidh sorcóirí ardbhrú cruach gan uaim a shonraítear le haghaidh gach cóid AC shonraigh is infheidhme maidir leis an táirge lena mbaineann san Ainmníocht Chomhcheangailte a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (21). Dá bhrí sin, is gá foráil a dhéanamh gur gá líon na bpíosaí le haghaidh allmhairí an táirge lena mbaineann a chur isteach sa dearbhú um scaoileadh chun saorchúrsaíochta, anuas ar an meáchan in kg nó tonaí. Ba cheart píosaí a léiriú le haghaidh chóid AC agus chóid TARIC. |
8.2. Bailiúchán cinntitheach na ndleachtanna sealadacha
|
(195) |
I bhfianaise na gcorrlach dumpála a cinneadh agus an leibhéil díobhála a rinneadh do thionscal an Aontais, ba cheart na méideanna arna n-urrú trí bhíthin na ndleachtanna frithdhumpála sealadacha arna bhforchur leis an Rialachán sealadach a bhailiú go cinntitheach suas go dtí na leibhéil a bhunaítear faoin Rialachán seo. |
8.3. Bailiú cúlghabhálach
|
(196) |
Mar a luaitear i roinn 1.2, chuir an Coimisiún allmhairí an táirge faoi imscrúdú faoi réir a gcláraithe. |
|
(197) |
Le linn chéim chinntitheach an imscrúdaithe, rinneadh na sonraí a bailíodh i gcomhthéacs an chláraithe a mheasúnú. Rinne an Coimisiún anailís lena fháil amach ar comhlíonadh na critéir faoi Airteagal 10(4) den bhun-Rialachán maidir le bailiú cúlghabhálach na ndleachtanna cinntitheacha. |
|
(198) |
Léiríodh in anailís an Choimisiúin ná tháinig aon mhéadú suntasach ar allmhairí sa bhreis ar leibhéal na n-allmhairí ba chúis le díobháil le linn na tréimhse imscrúdúcháin, mar a leagtar síos in Airteagal 10(4)(d) den bhun-Rialachán. I gcás na hanailíse sin, rinne an Coimisiún comparáid idir meánmhéideanna allmhairí míosúla an táirge lena mbaineann le linn na tréimhse imscrúdúcháin agus na meánmhéideanna míosúla allmhairí le linn na tréimhse ón mí tar éis thionscnamh an imscrúdaithe seo go dtí an mhí iomlán dheireanach roimh fhorchur na mbeart sealadach. Chomh maith leis sin, agus meánmhéid allmhairí míosúla an táirge lena mbaineann le linn na tréimhse imscrúdúcháin á gcur i gcomparáid leis na meánmhéideanna míosúla allmhairí le linn na tréimhse ón mí tar éis thionscnamh an imscrúdaithe seo (i.e. an 6 Nollaig 2024) go dtí an mhí iomlán dheireanach roimh fhorchur na mbeart sealadach (i.e. mí Iúil 2025), níorbh fhéidir aon mhéadú suntasach breise a thabhairt faoi deara:
|
9. FORÁIL CHRÍOCHNAITHEACH
|
(199) |
I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22), nuair a bheidh méid le haisíoc tar éis breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is é an t-ús is ceart a íoc an ráta a chuireann an Banc Ceannais Eorpach i bhfeidhm maidir lena phríomhoibríochtaí athmhaoinithe, arna bhfoilsiú i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí. |
|
(200) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Forchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí sorcóirí ardbhrú gan uaim le haghaidh gás comhbhrúite nó leachtaithe, déanta as cruach, de gach trastomhas agus de gach toilleadh toirte, bídís snáithithe nó ná bídís, gan beann ar bhratú inmheánach ná ar phlátáil inmheánach, gan beann ar bhailchríoch seachtrach agus ar chruth seachtrach, cibé acu atá nó nach bhfuil bolgán gáis curtha isteach iontu, gan beann ar fheistiú na sorcóirí le comhla, fáinne muiníl, fáinne coise nó píobánra, bídís ceangailte le chéile chun cuach a dhéanamh nó ná bídís, a thagann faoi láthair faoi chóid AC ex 7311 00 11 , ex 7311 00 13 , ex 7311 00 19 , ex 7311 00 30 , ex 8424 10 00 , ex 8424 90 80 agus ex 8479 90 70 (TARIC codes 7311 00 11 15, 7311 00 11 80, 7311 00 13 15, 7311 00 13 80, 7311 00 19 15, 7311 00 19 80, 7311 00 30 15, 7311 00 30 80, 8424 10 00 11, 8424 10 00 21, 8424 90 80 60 agus 8479 90 70 60) agus de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne.
2. Is mar a leanas a bheidh an dleachtráta frithdhumpála cinntitheach is infheidhme maidir leis an bpraghas glan, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, atá ar an táirge a bhfuil tuairisc air i mír 1 agus arna tháirgeadh ag na cuideachtaí a liostaítear thíos:
|
Tír thionscnaimh |
Cuideachta |
Dleacht frithdhumpála chinntitheach (%) |
Cód breise TARIC |
|
Daon-Phoblacht na Síne |
Zhejiang Winner Fire Fighting Equipment Co., Ltd. |
59,7 |
89TF |
|
Daon-Phoblacht na Síne |
Tianjin Tianhai High Pressure Container Corp., Ltd Jiangsu Tianhai Special Equipment Co., Ltd Kuancheng Tianhai Pressure Container Co., Ltd. |
57,7 |
89TG |
|
Daon-Phoblacht na Síne |
Cuideachtaí comhoibríocha eile a liostaítear in Iarscríbhinn |
58,9 |
Féach Iarscríbhinn |
|
Daon-Phoblacht na Síne |
Gach allmhaire eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne |
90,3 |
8999 |
3. Beidh cur i bhfeidhm na ndleachtrátaí aonair a sonraíodh le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 2 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, ar a mbeidh dearbhú arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc sin á eisiúint, a shainaithneofar lena ainm agus lena fheidhm, arna dhréachtú mar a leanas: ‘Déanaimse, mise a bhfuil mo shíniú leis seo, a dheimhniú maidir le (méid san aonad atá á úsáid againn) den (táirge lena mbaineann) a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach agus a chumhdaítear leis an sonrasc seo, gurbh é (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) a mhonaraigh é sa [tír lena mbaineann]. Dearbhaím gur iomlán agus gur ceart an fhaisnéis sa sonrasc seo.’ Go dtí go gcuirfear an sonrasc sin i láthair, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir leis na hallmhairí uile eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne.
4. I gcás ina dtíolactar dearbhú maidir le scaoileadh chun saorchúrsaíochta i leith an táirge dá dtagraítear i mír 1, gan beann ar a áit tionscnaimh, déanfar na píosaí de na táirgí a allmhairítear a iontráil i réimse ábhartha an dearbhaithe sin mura bhfuil aonad forlíontach eile sainithe cheana féin le haghaidh cód AC sonrach agus dá réir sin le haghaidh cóid TARIC le forálacha Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim.
5. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas, ar bhonn míosúil, faoi líon na bpíosaí arna n-allmhairiú faoi chóid AC/TARIC mar atá i mír 1.
6. Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm leis na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.
Airteagal 2
Na méideanna a fhaightear tríd an dleacht frithdhumpála shealadach faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1711, baileofar go cinntitheach iad. Na méideanna arna n-urrú de bhreis ar an dleacht frithdhumpála, déanfar iad a scaoileadh.
Airteagal 3
Féadfar Airteagal 1(2) a leasú chun táirgeoirí onnmhairiúcháin nua ó Dhaon-Phoblacht na Síne a chur leis agus iad a chur faoi réir mheánráta ualaithe iomchuí na dleachta frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí comhoibríocha nár áiríodh sa sampla. Tabharfaidh táirgeoir onnmhairiúcháin nua fianaise maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
nach ndearna sé na hearraí a shonraítear in Airteagal 1(1) a onnmhairiú le linn na tréimhse imscrúdúcháin (an 1 Deireadh Fómhair 2023 go dtí an 30 Meán Fómhair 2024); |
|
(b) |
nach bhfuil sé comhlachaithe le honnmhaireoir ná le táirgeoir atá faoi réir na mbeart arna bhforchur ag an Rialachán seo, agus a d’fhéadfadh comhoibriú san imscrúdú bunaidh; agus |
|
(c) |
gur onnmhairigh sé iarbhír an táirge lena mbaineann, sin nó go bhfuil oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe air méid suntasach a onnmhairiú chuig an Aontas tar éis dheireadh na tréimhse imscrúdúcháin. |
Airteagal 4
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 3 Feabhra 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 30.6.2016, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1036/oj.
(2) Fógra tionscnaimh maidir le himeachtaí frithdhumpála i ndáil le hallmhairí sorcóirí ardbhrú
cruach gan uaim de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO C, C/2024/7403, 6.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/7403/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/531 ón gCoimisiún an 24 Márta 2025 lena gcuirtear allmhairí sorcóirí ardbhrú cruach gan uaim de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne faoi réir a gcláraithe (IO L, 2025/531, 25.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/531/oj).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1711 ón gCoimisiún an 4 Lúnasa 2025 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí sorcóirí ardbhrú cruach gan uaim de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L, 2025/1711, 5.8.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1711/oj).
(5) Aithrisí (42) go (57) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2163 ón gCoimisiún an 14 Lúnasa 2024 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L, 2024/2163, 16.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2163/oj).
(6) Clásal 4.3 (Socrú na marcála stampa), Tábla 1 (Marcálacha stampa), suíomh 23, ceadaítear marcálacha roghnacha stampa.
(7) t25.003143.
(8) https://data.tuik.gov.tr/Bulten/Index?p=Structure-of-Earnings-Statistics-2022-49750&dil=2.
(9) https://www.epdk.gov.tr/Detay/Icerik/3-0-39/kurul-kararlari (→ Preasráitis → roghnaigh Leictreachas cinntí bhord an mhargaidh leictreachais).
(10) http://www.turkstat.gov.tr (→ Preasráitis → roghnaigh Praghsanna Gáis Nádúrtha).
(11) https://www.ternium.com/es/hecho-con-acero.
(12) AD724_HPSC_2ú Nóta maidir le foinsí chun an gnáthluach a chinneadh (t25.003184).
(13) TurkStat, Innéacsanna costais saothair, 2009-2024 [2021 = 100] (https://data.tuik.gov.tr/Bulten/Index?p=Labour-Input-Indices-Quarter-I:-January-March,-2024-53682&dil=2).
(14) https://data.tuik.gov.tr/Bulten/Index?p=Structure-of-Earnings-Statistics-2022-49750&dil=2.
(15) Féach İTHALATTA HAKSIZ REKABETİN ÖNLENMESİNE İLİŞKİN TEBLİĞ(TEBLİĞ No 2022/19).
(16) Aithris (177) den Rialachán sealadach: ‘Bhí an brabús barúlach 5 % i gcomhréir leis an mbrabús a asbhaineadh i gcásanna cruach eile le déanaí a bhaineann le táirgí lena gcomhtháthaítear ionchuir chruach in éagmais comhar ó allmhaireoirí comhlachaithe’ amhail Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1915 ón gCoimisiún an 11 Iúil 2024 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí trealaimh rochtana shoghluaiste de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, (IO L, 2024/1915, 12.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1915/oj (féach aithris (252)).
(17) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1151 ón gCoimisiún an 11 Meitheamh 2025 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí fanailine de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L, 2025/1151, 12.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1151/oj).
(18) Cás T-26/12, PT Musim Mas v Council, ECLI:EU:T:2015:437.
(19) Is cuideachta é PT Perindustrian dan Perdagan Musim Semi Mas atá bunaithe in Medan (an Indinéis).
(20) Ríomhphost: TRADE-TDI-NAME-CHANGE-REQUESTS@ec.europa.eu; An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, Stiúrthóireacht G, Rue de la Loi/Wetstraat 170, 1040 Bruxelles/Brussels, BELGIQUE/BELGÏE.
(21) Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1987/2658/oj).
(22) Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj).
IARSCRÍBHINN
Táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne nár sampláladh
|
Tír |
Ainm |
Cód breise TARIC |
|
An tSín |
Anhui Clean Energy Co. Ltd. |
89TH |
|
An tSín |
Chasing Technology (Changxing) Co., Ltd |
89TI |
|
An tSín |
Jiangsu Minsheng Heavy Industry Co.,Ltd. |
89TJ |
|
An tSín |
Leebucc (Tianjin) Hydraulics Equipment Co., Ltd. |
89TK |
|
An tSín |
Shandong Hongsheng Pressure Vessel Co., Ltd. |
89TL |
|
An tSín |
Shandong Huachen High Pressure Vessel Group Co.,Ltd |
89TM |
|
An tSín |
Shandong Huachen High Pressure Vessel Group Dezhou Co., Ltd. |
89TN |
|
An tSín |
Shandong Yongan Special Equipment Co., Ltd |
89TO |
|
An tSín |
Shaoxing Reach Fire Fighting Equipment Co., Ltd. |
89TP |
|
An tSín |
Sinoma Science & Technology (Chengdu) Co., Ltd. |
89TQ |
|
An tSín |
Sinoma Science & Technology (Jiujiang) Co., Ltd. |
89TR |
|
An tSín |
Sinoma Science & Technology (Suzhou) Co., Ltd. |
89TS |
|
An tSín |
Zhejiang Jindun Pressure Vessel Co., Ltd. |
89TT |
|
An tSín |
Zhejiang Rein Hytec Co.,Ltd. |
89TU |
|
An tSín |
Zhejiang Super Power Fire Fighting Equipment Co.,Ltd. |
89TV |
|
An tSín |
Zhuolu High Pressure Vessel Co.,Ltd. |
89TW |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/244/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)