|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/214 |
12.2.2026 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 246/2025
an 24 Deireadh Fómhair 2025
lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/214]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/917 ón gCoimisiún an 22 Márta 2024 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/92 a mhéid a bhaineann le ceanglais tuairiscithe áirithe maidir le dramhaíl a iasctar go héighníomhach (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 56id (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/92 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘, arna leasú le:
|
— |
32024 R 0917: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/917 ón gCoimisiún an 22 Márta 2024 (IO L, 2024/917, 25.3.2024).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/917 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 25 Deireadh Fómhair 2025, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1), nó ar lá theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 340/2022 ó Chomhchoiste LEE an 9 Nollaig 2022 (2), cibé acu is déanaí.
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Deireadh Fómhair 2025.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Stefán Haukur JÓHANNESSON
(1) IO L 2024/917, 25.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/917/oj.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/214/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)