|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/185 |
27.2.2026 |
CINNEADH (AE) 2026/185 ÓN gCOMHAIRLE
an 9 Eanáir 2026
maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Cómhargadh Theas, Poblacht na hAirgintíne, Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle, Poblacht Pharagua agus Poblacht Oirthearach Uragua, den pháirt eile
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1), Airteagal 100(2), Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, Airteagal 209(2) agus Airteagal 212, i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 13 Meán Fómhair 1999, thug an Chomhairle údarú don Choimisiún tús a chur le caibidlíocht leis an gCómhargadh Theas (‘Mercosur’) agus lena Stáit is Páirtithe le haghaidh comhaontaithe ina bhfuil codanna polaitiúla, comhair agus trádála. Tugadh an chaibidlíocht i gcrích go rathúil an 6 Nollaig 2024. |
|
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart an Comhaontú Comhpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Cómhargadh Theas, Poblacht na hAirgintíne, Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle, Poblacht Pharagua agus Poblacht Oirthearach Uragua, den pháirt eile (‘an Comhaontú’) a shíniú. |
|
(3) |
Ba cheart forálacha áirithe den Chomhaontú a chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach, go dtí go dtiocfaidh sé i bhfeidhm, idir an tAontas, de pháirt, agus Mercosur agus/nó ceann amháin nó níos mó de Stáit Sínithe Mercosur atá ina bPáirtithe sa Chomhaontú (‘Stáit Sínithe Mercosur’), den pháirt eile, i gcomhréir le hAirteagal 30.2 de. |
|
(4) |
Le síniú an Chomhaontaithe thar ceann an Aontais, ní dhéantar difear do leithdháileadh na n-inniúlachtaí idir an tAontas agus a Bhallstáit. Níor cheart an Cinneadh seo a léirmhíniú mar úsáid a bhaint as an bhféidearthacht atá ag an Aontas a inniúlacht sheachtrach a fheidhmiú maidir le réimsí a chumhdaítear leis an gComhaontú a thagann faoi inniúlacht chomhroinnte sa mhéid nár fheidhmigh an tAontas an inniúlacht sin go hinmheánach fós. |
|
(5) |
Leis an gComhaontú, i gcomhréir le hAirteagal 30.9 de, ní thugtar cearta do dhaoine ná ní fhorchuirtear oibleagáidí ar dhaoine laistigh den Aontas, seachas na cearta sin agus na hoibleagáidí sin arna gcruthú idir na Páirtithe faoin dlí poiblí idirnáisiúnta, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, údaraítear an Comhaontú Comhpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Cómhargadh Theas, Poblacht na hAirgintíne, Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle, Poblacht Pharagua agus Poblacht Oirthearach Uragua, den pháirt eile (1), a shíniú, faoi réir an Comhaontú sin a thabhairt i gcrích.
Airteagal 2
1. Go dtí go dtiocfaidh an Comhaontú i bhfeidhm, cuirfear na codanna seo a leanas i bhfeidhm ar bhonn sealadach idir an tAontas, de pháirt, agus Mercosur agus/nó ceann amháin nó níos mó de Stáit Sínithe Mercosur, den pháirt eile, i gcomhréir le hAirteagal 30.2 den Chomhaontú agus faoi réir na bhfógraí dá bhforáiltear ann:
|
— |
Caibidil 1 den Chomhaontú, cé is moite d’Airteagal 1.4, pointe (d); |
|
— |
Caibidil 2 den Chomhaontú, cé is moite d’Airteagal 2.2(4), Airteagal 2.3(5) agus Airteagal 2.4(5); |
|
— |
Caibidil 3 den Chomhaontú, cé is moite d’Airteagal 3.2(3) go (8); |
|
— |
Caibidil 4 den Chomhaontú, cé is moite d’Airteagal 4.1(2), pointe (m); |
|
— |
Caibidil 5 den Chomhaontú, cé is moite d’Airteagal 5.3(3), pointe (b); |
|
— |
Caibidil 6 den Chomhaontú, cé is moite d’Airteagal 6.6 (cosaint chonsalach); |
|
— |
Caibidil 7 den Chomhaontú; |
|
— |
Caibidil 8 den Chomhaontú, cé is moite d’Airteagal 8.4 (cúrsaí cánach); |
|
— |
Caibidil 30 den Chomhaontú, cé is moite d’Airteagal 30.1(1), Airteagal 30.4(2), Airteagal 30.5(2) agus Airteagal 30.6(5); agus |
|
— |
An Prótacal maidir le Comhar, atá i gceangal leis an gComhaontú. |
2. Déanfar an dáta óna gcuirfear na codanna dá dtagraítear i mír 1 i bhfeidhm ar bhonn sealadach a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Eanáir 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. RAOUNA
(1) Foilsítear téacs an Chomhaontaithe in IO L, 2026/186, 27.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2026/186/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/185/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)