European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/182

23.1.2026

CINNEADH Uimh. 1/2026 ó CHOMHCHOISTE AN AONTAIS EORPAIGH-NA hEILVÉISE

an 14 Eanáir 2026

lena leasaítear Táblaí III agus IV de Phrótacal 2 a ghabhann leis an gComhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Cónaidhm na hEilvéise an 22 Iúil 1972 [2026/182]

AN COMHCHOISTE,

Ag féachaint don Chomhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Cónaidhm na hEilvéise an 22 Iúil 1972 (1), arna leasú leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise an 26 Deireadh Fómhair 2004 lena leasaítear an Comhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Cónaidhm na hEilvéise an 22 Iúil 1972 a mhéid a bhaineann leis na forálacha is infheidhme maidir le táirgí talmhaíochta próiseáilte (2) (‘Comhaontú’), agus go háirithe Airteagal 7 de Phrótacal 2 a ghabhann leis,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Phrótacal 2 a ghabhann leis an gComhaontú, chuir an tAontas agus Cónaidhm na hEilvéise, ina gcáil mar Pháirtithe Conarthacha, praghsanna tagartha intíre na n-amhábhar uile a gcuirtear bearta cúitimh praghsanna i bhfeidhm ina leith ar fáil don Chomhchoiste, maidir leis an tréimhse thagartha 12 mhí ó mhí Mheán Fómhair 2024 go mí Lúnasa 2025. Eascraíonn sé as na praghsanna sin go bhfuil athrú tagtha ar staid iarbhír na bpraghsanna maidir leis na hamhábhair sin i gcríoch na bPáirtithe Conarthacha.

(2)

Is gá, dá bhrí sin, na praghsanna tagartha intíre agus na difríochtaí praghsanna le haghaidh amhábhair thalmhaíochta a liostaítear i bPrótacal 2, Tábla III, a ghabhann leis an gComhaontú a thabhairt cothrom le dáta, chomh maith le bunmhéideanna na n-amhábhar talmhaíochta a liostaítear i dTábla IV den Phrótacal sin a oiriúnú,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Prótacal 2 a ghabhann leis an gComhaontú mar a leanas:

(a)

cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad Thábla III;

(b)

i dTábla IV, cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad phointe (b).

Airteagal 2

Foilseofar an Cinneadh seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 1 Feabhra 2026.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Eanáir 2026.

Thar ceann an Chomhchoiste

An Cathaoirleach

p.p. Rita ADAM

Ceann Misin


(1)   IO L 300, 31.12.1972, lch. 189.

(2)   IO L 23, 26.1.2005, lch. 19.


IARSCRÍBHINN I

‘TÁBLA III

Praghsanna tagartha intíre an Aontais agus na hEilvéise

Amhábhar talmhaíochta

Praghas tagartha intíre na hEilvéise

CHF in aghaidh an 100 kg glan

Praghas tagartha intíre an Aontais

CHF in aghaidh an 100 kg glan

Airteagal 4(1)

Curtha i bhfeidhm ar thaobh na hEilvéise Difríocht i bpraghas tagartha na hEilvéise / praghas tagartha an Aontais

CHF in aghaidh an 100 kg glan

Airteagal 3(3)

Curtha i bhfeidhm ar thaobh an Aontais Difríocht i bpraghas tagartha na hEilvéise / praghas tagartha an Aontais

EUR in aghaidh an 100 kg glan

Cruithneacht bhog

61,60

20,70

40,90

0,00

Cruithneacht dúraim

-

-

1,20

0,00

Seagal

49,70

18,95

30,75

0,00

Eorna

-

-

-

-

Grán buí

-

-

-

-

Plúr cruithneachta boige

99,69

41,99

57,70

0,00

Púdar bainne iomláin

735,42

408,49

326,95

0,00

Púdar bainne bhearrtha

502,50

234,21

268,30

0,00

Im

1 262,92

710,62

552,30

0,00

Siúcra bán

-

-

-

-

Uibheacha

-

-

38,00

0,00

Prátaí úra

43,89

20,87

23,00

0,00

Saill phlandúil

-

-

170,00

0,00 ’


IARSCRÍBHINN II

‘(b)   

Bunmhéideanna le haghaidh amhábhair thalmhaíochta a chuirtear san áireamh chun na comhpháirteanna talmhaíochta a ríomh:

Amhábhar talmhaíochta

Bunmhéid i bhfeidhm ar thaobh na hEilvéise Airteagal 3(2)

Bunmhéid i bhfeidhm ar thaobh an Aontais Airteagal 4(2)

CHF in aghaidh an 100 kg glan

EUR in aghaidh an 100 kg glan

Cruithneacht bhog

30,65

0,00

Cruithneacht dúraim

1,00

0,00

Seagal

24,85

0,00

Eorna

-

-

Grán buí

-

-

Plúr cruithneachta boige

47,05

0,00

Púdar bainne iomláin

266,45

0,00

Púdar bainne bhearrtha

218,65

0,00

Im

450,10

0,00

Siúcra bán

-

-

Uibheacha

30,95

0,00

Prátaí úra

16,10

0,00

Saill phlandúil

138,55

0,00 ’


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/182/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)