|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/174 |
26.3.2026 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2026/174 ÓN gCOIMISIÚN
an 21 Eanáir 2026
lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le nósanna imeachta agus teorainneacha ama maidir le hiarrataí ó na Ballstáit ar leasuithe ar Phleananna Straitéiseacha CBT a thíolacadh, agus maidir le fógraí faoi leasuithe eile ar Phleananna Straitéiseacha CBT
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (1), agus go háirithe Airteagal 122 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le hAirteagal 119 de Rialachán (AE) 2021/2115 leagtar síos rialacha maidir le leasuithe ar Phleananna Straitéiseacha CBT a thíolacadh agus a fhormheas. |
|
(2) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/370 ón gCoimisiún (2) forlíontar Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le nósanna imeachta, teorainneacha ama maidir le hiarrataí ó na Ballstáit ar leasuithe ar Phleananna Straitéiseacha CBT a thíolacadh, agus cásanna eile nach bhfuil feidhm ag an líon uasta leasuithe ar Phleananna Straitéiseacha CBT maidir leo. |
|
(3) |
Le Rialachán (AE) 2025/2649 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), leasaíodh Airteagal 119 de Rialachán (AE) 2021/2115 a mhéid a bhaineann le nósanna imeachta um leasuithe ar Phleananna Straitéiseacha CBT. Ní cheanglaítear formheas ón gCoimisiún ach amháin i gcás leasuithe straitéiseacha a shainmhínítear in Airteagal 119(2) de Rialachán (AE) 2021/2115. I gcomhréir le hAirteagal 119(9) de Rialachán (AE) 2021/2115 arna leasú le Rialachán (AE) 2025/2649, tá fógra le tabhairt don Choimisiún faoi leasuithe eile ar Phleananna Straitéiseacha CBT faoin tráth a thosóidh na Ballstáit á gcur i bhfeidhm. Tá an Coimisiún le hagóid a dhéanamh in aghaidh na leasuithe ar tugadh fógra fúthu laistigh de 30 lá oibre tar éis dó fógra a fháil fúthu má chinneann sé nach bhfuil na leasuithe comhoiriúnach do Rialachán (AE) 2021/2115 agus Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), chomh maith leis na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh de bhun na Rialachán sin. |
|
(4) |
Ionas gur féidir leis na Ballstáit iarrataí ar leasuithe straitéiseacha ar a bPleananna Straitéiseacha CBT a thíolacadh, is gá na nósanna imeachta agus na teorainneacha ama maidir le hiarrataí ar leasuithe straitéiseacha a thíolacadh a leagan amach. |
|
(5) |
Chun gur féidir leis an gCoimisiún measúnú ceart a dhéanamh ar an iarraidh ar leasú straitéiseach ar an bPlean Straitéiseach CBT, ba cheart na cúiseanna atá leis an leasú, inneachar an leasaithe agus na héifeachtaí a mheastar a bheidh ag an leasú a bheith san iarraidh, sa bhreis ar an bhfaisnéis a leagtar síos in Airteagal 119(2) de Rialachán (AE) 2021/2115, maidir le gach leasú straitéiseach ar an bPlean Straitéiseach CBT. |
|
(6) |
Chun a áirithiú go ndéanfar measúnú cuimsitheach ar na leasuithe straitéiseacha ar an bPlean Straitéiseach CBT a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin lena bhformheas, agus go háirithe ar an bplean airgeadais leasaithe, agus chun an riosca ar earráidí a sheachaint de dheasca leaganacha iolracha de Phleananna Straitéiseacha CBT a bhfuil measúnú comhthreomhar á dhéanamh orthu, níor cheart don Bhallstát ach aon iarraidh amháin ar leasú straitéiseach a thíolacadh tríd an gcóras um malartú sonraí leictreonacha ‘SFC2021’ ag aon am amháin. Níor cheart don Bhallstát iarraidh nua ar leasú straitéiseach a thíolacadh go dtí go mbeidh an iarraidh roimhe sin tarraingthe siar aige nó tar éis don Choimisiún fógra a thabhairt don Bhallstát faoina chinneadh maidir leis an iarraidh ar leasú straitéiseach a tíolacadh roimhe sin. Tá gá leis sin chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú do na tairbhithe maidir leis an leagan is infheidhme den Phlean Straitéiseach CBT agus maidir le nascadh ceart na n-íocaíochtaí leis an bplean airgeadais leasaithe nua is infheidhme. |
|
(7) |
Is gá rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le fógraí a thabhairt don Choimisiún faoi leasuithe ar Phleananna Straitéiseacha CBT seachas na rialacha sin dá dtagraítear in Airteagal 119(2) de Rialachán (AE) 2021/2115, lena bhforlíontar na rialacha a leagtar síos in Airteagal 119(9) den Rialachán sin. |
|
(8) |
Chun láimhseáil rianúil iarrataí ar leasuithe straitéiseacha agus láimhseáil rianúil fógraí faoi leasuithe eile ar Phleananna Straitéiseacha CBT a áirithiú, ba cheart rialacha a leagan síos maidir le láimhseáil iarrataí ar leasú straitéiseach arna dtíolacadh go comhuaineach agus maidir le fógraí faoi leasuithe eile. Chun láimhseáil leasuithe eile ar na Pleananna Straitéiseacha CBT a shimpliú agus dlús a chur leo, ba cheart an deis a bheith ag an mBallstát na leasuithe eile ar tugadh fógra fúthu agus a ndearna an Coimisiún agóid ina n-aghaidh i gcomhréir le hAirteagal 119(9), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) 2021/2115 a chuimsiú in iarraidh leanúnach ar leasú straitéiseach. Chun a áirithiú go mbeidh a dhóthain ama ag an gCoimisiún measúnú críochnúil a dhéanamh ar an iarraidh ar leasú straitéiseach lena gcuirtear na leasuithe eile sin ar tugadh fógra fúthu a ndearna an Coimisiún agóid ina n-aghaidh, ba cheart a cheangal ar an mBallstát an Coimisiún a chur ar an eolas laistigh de 2 lá oibre ó agóidí a fháil ón gCoimisiún maidir le cinneadh na leasuithe eile sin ar tugadh fógra fúthu a chur le hiarraidh ar leasú straitéiseach a tíolacadh an tráth céanna a tugadh fógra faoi na leasuithe eile sin don Choimisiún nó ina dhiaidh sin. Is gá freisin rialacha a leagan síos maidir le barúlacha an Choimisiúin i gcás ina mbeadh leasuithe eile a ndearna an Coimisiún agóid ina n-aghaidh roimhe sin le cur le hiarraidh leanúnach ar leasú straitéiseach. Ina theannta sin, ba cheart rialacha a leagan síos maidir le ríomh na dteorainneacha ama do ghníomhaíocht an Choimisiúin i ndáil le hiarrataí ar leasú straitéiseach a gcuirtear leasuithe eile leo a ndearna an Coimisiún agóid ina n-aghaidh. |
|
(9) |
Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, chun cearta feirmeoirí agus tairbhithe eile a chosaint agus chun feidhmiú rianúil agus éifeachtúil na n-idirghabhálacha uile a ráthú, ba cheart do na Ballstáit a n-iarrataí ar leasú straitéiseach ar an bPlean Straitéiseach CBT agus a bhfógraí faoi leasuithe eile ar na Pleananna Straitéiseacha CBT a thíolacadh ionas go mbeidh a dhóthain ama ag an gCoimisiún chun measúnú a dhéanamh orthu agus a áirithiú an tráth céanna go dtiocfaidh siad i bhfeidhm, go háirithe maidir le feirmeoirí agus tairbhithe eile, i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 119(8) de Rialachán (AE) 2021/2115. |
|
(10) |
Chun próiseáil thráthúil agus teacht i bhfeidhm tráthúil leasuithe ar Phleananna Straitéiseacha CBT a áirithiú roimh dheireadh na tréimhse le haghaidh incháilitheacht an chaiteachais, is gá teorainneacha ama a leagan síos maidir le hiarrataí ar leasuithe straitéiseacha a thíolacadh agus fógraí a thabhairt faoi leasuithe eile ar Phleananna Straitéiseacha CBT a bhaineann leis na cineálacha idirghabhála dá dtagraítear in Airteagal 42 de Rialachán (AE) 2021/2115 agus a bhaineann leis na cineálacha idirghabhála dá dtagraítear i gCaibidil IV den Rialachán sin. |
|
(11) |
Is gá teorainn ama a leagan síos maidir le hiarrataí a thíolacadh ar leasú straitéiseach ar an bPlean Straitéiseach CBT i ndáil le haistriú leithdháiltí airgeadais de bhun Airteagal 17(5), Airteagal 88(7) agus Airteagal 103(1) agus (6) de Rialachán (AE) 2021/2115, chun cur chun feidhme tráthúil na n-aistrithe leithdháiltí airgeadais sin a áirithiú chomh maith le cur chun feidhme idirghabhálacha arna maoiniú ó na leithdháiltí airgeadais sin. |
|
(12) |
Chun malartú slán éifeachtúil doiciméad idir na Ballstáit agus an Coimisiún a áirithiú maidir le hiarrataí ar leasuithe straitéiseacha agus fógraí faoi leasuithe eile ar Phleananna Straitéiseacha CBT, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit an córas um malartú sonraí leictreonacha ‘SFC2021’ dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2289 ón gCoimisiún (5) a úsáid le haghaidh na malartuithe sin. |
|
(13) |
Chun solúbthacht a áirithiú do na Ballstáit i gcás inar gá Pleananna Straitéiseacha CBT a leasú mar gheall ar bhearta éigeandála lena dtugtar aghaidh ar thubaistí nádúrtha, teagmhais thurraingeacha nó teagmhais dhíobhálacha aeráide arna n-aithint go foirmiúil mar sin ag an údarás poiblí náisiúnta inniúil, athruithe mar gheall ar athrú suntasach tobann ar dhálaí socheacnamaíocha an Bhallstáit nó an réigiúin, nó athruithe mar gheall ar bhearta eisceachtúla in aghaidh suaití sa mhargadh, galair ainmhithe agus lotnaidí plandaí agus chun na hiarrataí sin ar leasú straitéiseach ar an bPlean Straitéiseach CBT a phróiseáil go héifeachtach agus go tráthúil, is gá na cásanna a shainiú nach bhfuil feidhm ag an líon uasta iarrataí ar leasú straitéiseach ar an bPlean Straitéiseach CBT a leagtar síos in Airteagal 119(7) de Rialachán (AE) 2021/2115 maidir leo. Ba cheart a chuimsiú sna cásanna sin athruithe gan choinne ar chreat dlíthiúil an Aontais, agus, i gcás inar gá, saoradh uathoibríoch, chomh maith le modhnuithe ar ionstraimí airgeadais a oibríonn i dtimpeallacht dhinimiciúil mhargaidh ina bhféadfadh gá a bheith le hathruithe rialta chun na hionstraimí airgeadais sin a chur chun feidhme go cuí. Thairis sin, iarrataí ar leasuithe straitéiseacha nach bhfuil iontu ach leasuithe eile ar tugadh fógra fúthu agus a ndearna an Coimisiún agóid ina n-aghaidh i gcomhréir le hAirteagal 119(9) de Rialachán (AE) 2021/2115, níor cheart iad a chur san áireamh sa líon uasta iarrataí ar leasú straitéiseach ar an bPlean Straitéiseach CBT a leagtar síos in Airteagal 119(7) den Rialachán sin. |
|
(14) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/370 a aisghairm. Chun cur chun feidhme éifeachtach Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2025/2649 a áirithiú, lena leagtar síos forálacha idirthréimhseacha a bhaineann le hiarrataí ar leasú ar Phleananna Straitéiseacha CBT arna dtíolacadh de bhun Airteagal 119 de Rialachán (AE) 2021/2115 de réir mar is infheidhme roimh theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2025/2649, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán Tarmligthe sin fós maidir le hiarrataí ar leasú ar an bPlean Straitéiseach CBT arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag na Ballstáit roimh an 1 Eanáir 2026. |
|
(15) |
Ba cheart foráil idirthréimhseach a leagan síos chun a áirithiú nach bhféadfar iarrataí ar leasú straitéiseach ar an bPlean Straitéiseach CBT a thíolacadh go dtí go dtarraingeofar siar iarraidh ar leasú a tíolacadh roimh an 1 Eanáir 2026 nó tar éis don Choimisiún fógra a thabhairt don Bhallstát faoina chinneadh maidir leis an iarraidh sin ar leasú. |
|
(16) |
Chun é a chur ar a gcumas do na Ballstáit iarrataí ar leasú straitéiseach agus fógraí faoi leasuithe eile ar Phleananna Straitéiseacha CBT ina bhfuil an fhaisnéis uile is gá a thíolacadh a luaithe is féidir tar éis theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2025/2649 agus chun é a chur ar a chumas don Choimisiún measúnú agus próiseáil a dhéanamh ar na hiarrataí sin ar leasú straitéiseach agus ar fhógraí faoi leasuithe eile go héifeachtach laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 119 de Rialachán (AE) 2021/2115, rialacha maidir le fógraí agus iarrataí ar leasú straitéiseach ar na Pleananna Straitéiseacha CBT a thíolacadh, teorainneacha ama maidir le hiarrataí ar leasú straitéiseach a thíolacadh agus fógra a thabhairt faoi leasuithe eile ar na Pleananna Straitéiseacha CBT chomh maith le rialacha a bhaineann le cásanna breise iarrataí ar leasú straitéiseach ar na Pleananna Straitéiseacha CBT nach gcuirtear san áireamh maidir leis an líon uasta iarrataí ar leasú straitéiseach atá sa Rialachán seo, ba cheart iad a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(17) |
Chun go mbeidh na Ballstáit in ann tús a chur lena bPleananna Straitéiseacha CBT a leasú i gcomhréir le hAirteagal 119 de Rialachán (AE) 2021/2115, arna leasú le hAirteagal 1, pointe (28) de Rialachán (AE) 2025/2649, tá an córas um malartú sonraí leictreonacha ‘SFC2021’ dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2289 le hathdhearadh. Chun malartú slán éifeachtúil doiciméad a áirithiú idir na Ballstáit agus an Coimisiún maidir le hiarrataí ar leasuithe straitéiseacha agus fógraí faoi leasuithe eile ar Phleananna Straitéiseacha CBT, ba cheart go mbeidh na Ballstáit in ann tús a chur leis an leagan nua den chóras um malartú sonraí leictreonacha ‘SFC2021’ a úsáid ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh, arb é dáta theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2025/2649 é. Ós rud é go leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha maidir le nós imeachta agus teorainneacha ama le haghaidh iarrataí ar leasú straitéiseach ar Phleananna Straitéiseacha CBT agus le haghaidh fógraí faoi leasuithe eile ar Phleananna Straitéiseacha CBT, a n-úsáidfear an córas nua um malartú sonraí leictreonacha ‘SFC2021’ ina leith, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón dáta céanna le dáta theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2025/2649, go háirithe an 1 Eanáir 2026, chun a áirithiú go ndéanfar na leasuithe straitéiseacha a ullmhú agus a thíolacadh go rianúil agus go tráthúil agus go dtabharfar fógra faoi leasuithe eile trí ‘SFC 2021’ agus chun trédhearcacht i leith feirmeoirí, páirtithe leasmhara agus an phobail a áirithiú, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Raon feidhme
Leis an Rialachán seo forlíontar Rialachán (AE) 2021/2115 maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
nósanna imeachta maidir le hiarrataí ar leasuithe straitéiseacha ar Phleananna Straitéiseacha CBT a thíolacadh agus nósanna imeachta maidir le fógraí faoi leasuithe eile ar Phleananna Straitéiseacha CBT; |
|
(b) |
teorainneacha ama maidir le hiarrataí ar leasuithe straitéiseacha ar Phleananna Straitéiseacha CBT a thíolacadh agus maidir le fógraí faoi leasuithe eile ar Phleananna Straitéiseacha CBT; |
|
(c) |
cásanna eile nach bhfuil feidhm ag an líon uasta iarrataí ar leasuithe straitéiseacha ar Phleananna Straitéiseacha CBT dá dtagraítear in Airteagal 119(7) de Rialachán (AE) 2021/2115 maidir leo. |
Airteagal 2
Rialacha maidir leis an nós imeachta um thíolacadh iarrataí ar leasuithe straitéiseacha
1. Léireofar san iarraidh ar leasú straitéiseach ar an bPlean Straitéiseach CBT cén leasú straitéiseach ó liosta na leasuithe straitéiseacha dá dtagraítear in Airteagal 119(2), an chéad fhomhír, pointí (a) go (d), de Rialachán (AE) 2021/2115 atá á iarraidh. Cuirfear in iúl san iarraidh freisin an bhfuil leasuithe ann ar tugadh fógra fúthu roimhe sin agus a ndearna an Coimisiún agóid ina n-aghaidh i gcomhréir le hAirteagal 119(9), an tríú fomhír, den Rialachán sin.
2. I gcás gach leasaithe straitéisigh atá beartaithe ar an bPlean Straitéiseach CBT, beidh an fhaisnéis seo a leanas san iarraidh ar leasú straitéiseach:
|
(a) |
léiriú ar an gcuid den Phlean Straitéiseach CBT a leasaítear; |
|
(b) |
na cúiseanna lena dtugtar údar leis an leasú straitéiseach; |
|
(c) |
tionchar an leasaithe straitéisigh ar bhaint amach na gcuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 6(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2021/2115; |
|
(d) |
tionchar an leasaithe straitéisigh ar gharspriocanna, ar spriocanna agus ar tháscairí; |
|
(e) |
tionchar an leasaithe straitéisigh ar an bplean maoiniúcháin; |
|
(f) |
i gcás inarb infheidhme, maidir le leasú ar tugadh fógra faoi roimhe sin agus a ndearna an Coimisiún agóid ina n-aghaidh i gcomhréir le hAirteagal 119(9), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) 2021/2115, an bonn cirt leis an gcaoi a ndearnadh an leasú sin a choigeartú chun aghaidh a thabhairt ar na hagóidí sin; |
|
(g) |
tuairim ón gCoiste Faireacháin maidir le togra ón údarás bainistíochta maidir le leasú straitéiseach a dhéanamh ar Phlean Straitéiseach CBT agus, a mhéid a bhaineann le togra le haghaidh leasú straitéiseach ar Phlean Straitéiseach CBT a bhaineann le CERT, ar dháta éifeachta an leasaithe straitéisigh arna mholadh ag an údarás bainistíochta i gcomhréir le hAirteagal 124(4), pointe (d), de Rialachán (AE) 2021/2115. |
3. Sa Phlean Straitéiseach CBT leasaithe a ghabhann leis an iarraidh ar leasú straitéiseach, beidh leasuithe ar tugadh fógra fúthu don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 119(9) de Rialachán (AE) 2021/2115 sular tíolacadh an iarraidh sin ar leasú straitéiseach, leasuithe nach ndearna an Coimisiún agóid ina n-aghaidh laistigh den teorainn ama dá dtagraítear in Airteagal 119(9), an tríú fomhír, den Rialachán sin.
4. Féadfaidh athrú beartaithe amháin nó roinnt athruithe beartaithe ar an bPlean Straitéiseach CBT a bheith san iarraidh ar leasú straitéiseach ar an bPlean Straitéiseach CBT.
5. Le haghaidh gach gné den leasú atá beartaithe, déanfaidh an Ballstát an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo agus in Airteagal 119(2) de Rialachán (AE) 2021/2115 a ionchódú ar leithligh sa roinn ‘Plean straitéiseach CBT’ faoi seach den chóras um malartú sonraí leictreonacha ‘SFC2021’ i gcomhréir le hAirteagal 7 den Rialachán seo.
6. Féadfaidh na Ballstáit aon iarraidh amháin ar leasú straitéiseach ar an bPlean Straitéiseach CBT a thíolacadh ag aon am amháin. Ní fhéadfaidh na Ballstáit iarraidh nua ar leasú straitéiseach ar an bPlean Straitéiseach CBT a thíolacadh go dtí go mbeidh an iarraidh roimhe sin tarraingthe siar ag an mBallstát nó tar éis don Choimisiún fógra a thabhairt don Bhallstát faoina chinneadh maidir leis an iarraidh roimhe sin ar leasú straitéiseach dá dtagraítear in Airteagal 119(4) de Rialachán (AE) 2021/2115.
7. I gcás ina ndéanann Ballstát iarraidh ar leasú straitéiseach ar an bPlean Straitéiseach CBT a tharraingt siar, ní féidir iarraidh nua ar leasú straitéiseach a thíolacadh go dtí go ndearbhaíonn an Coimisiún gur tarraingíodh siar an iarraidh roimhe sin.
Airteagal 3
Rialacha maidir leis an nós imeachta um thíolacadh na bhfógraí faoi leasuithe eile de bhun Airteagal 119(9) de Rialachán (AE) 2021/2115
1. San fhógra maidir le leasuithe eile ar an bPlean Straitéiseach CBT dá dtagraítear in Airteagal 119(9) de Rialachán (AE) 2021/2115 beidh an fhaisnéis seo a leanas:
|
(a) |
an tuairisc ar gach leasú eile atá beartaithe, mar aon le léiriú maidir leis an gcuid den Phlean Straitéiseach CBT ina ndéantar gach leasú eile atá beartaithe; |
|
(b) |
na cúiseanna lena dtugtar údar leis na leasuithe eile atá beartaithe agus na héifeachtaí a mheastar a bheidh acu; |
|
(c) |
bonn cirt leis an modhnú atá beartaithe a bheith lasmuigh de raon feidhme Airteagal 119(2) de Rialachán (AE) 2021/2115; |
|
(d) |
maidir le leasuithe i ndáil le caighdeáin 1 agus 4 maidir leis an dea-riocht talmhaíochta agus comhshaoil, an bonn cirt sonrach dá dtagraítear in Airteagal 119(9), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2021/2115; |
|
(e) |
dáta nó dátaí chur i bhfeidhm na leasuithe eile atá beartaithe sa Bhallstát; |
|
(f) |
tuairim ón gCoiste Faireacháin ar thogra ón údarás bainistíochta le haghaidh leasú eile ar Phlean Straitéiseach CBT i gcomhréir le hAirteagal 124(4), pointe (d), de Rialachán (AE) 2021/2115. |
2. Ní fhéadfaidh na Ballstáit fógra faoi leasuithe eile ar an bPlean Straitéiseach CBT a tharraingt siar ach amháin roimh dhul in éag na teorann ama 30 lá oibre dá dtagraítear in Airteagal 119(9), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) 2021/2115.
3. Déanfaidh na Ballstáit na leasuithe eile ar an bPlean Straitéiseach CBT ar tugadh fógra don Choimisiún fúthu a chur isteach sa Phlean Straitéiseach CBT leasaithe a ghabhann leis an gcéad iarraidh eile ar leasú straitéiseach a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin tar éis don teorainn ama 30 lá oibre dá dtagraítear in Airteagal 119(9), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) 2021/2115 dul in éag, ar choinníoll nach ndearna an Coimisiún agóid in aghaidh na leasuithe eile sin.
4. Féadfaidh an Ballstát a chinneadh na leasuithe eile ar tugadh fógra fúthu, agus ar leasuithe iad a ndearna an Coimisiún agóid ina n-aghaidh, a chur le hiarraidh a tíolacadh roimhe sin ar leasú straitéiseach i gcomhréir le hAirteagal 4(1).
Airteagal 4
Rialacha maidir le hiarrataí ar leasuithe straitéiseacha a thíolacadh go comhuaineach de bhun Airteagal 119(2) de Rialachán (AE) 2021/2115 agus fógraí faoi leasuithe eile de bhun Airteagal 119(9) den Rialachán sin
1. I gcás ina ndéanfaidh an Ballstát iarraidh ar leasú straitéiseach de bhun Airteagal 119(2) de Rialachán (AE) 2021/2115 agus fógra faoi leasuithe eile de bhun Airteagal 119(9) den Rialachán sin a thíolacadh an lá céanna nó i gcás ina ndéanfaidh an Ballstát iarraidh ar leasú straitéiseach a thíolacadh tar éis don Bhallstát sin fógra a thabhairt don Choimisiún faoi leasuithe eile ach sula rachaidh an teorainn ama 30 lá oibre dá dtagraítear in Airteagal 119(9), an tríú fomhír, den Rialachán sin in éag, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:
|
(a) |
maidir leis na leasuithe ar tugadh fógra fúthu agus a ndearna an Coimisiún agóid ina n-aghaidh, cuirfidh an Ballstát an Coimisiún ar an eolas faoina chinneadh iad a chur leis an iarraidh ar leasú straitéiseach a tíolacadh roimhe sin laistigh de 2 lá oibre tar éis dó agóidí an Choimisiúin a fháil de bhun Airteagal 119(9), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) 2021/2115; |
|
(b) |
mura gcuireann an Ballstát an Coimisiún ar an eolas laistigh den teorainn ama a leagtar amach i bpointe (a) den mhír seo faoina chinneadh maidir leis na leasuithe eile ar an bPlean Straitéiseach CBT ar tugadh fógra fúthu agus a ndearna an Coimisiún agóid ina n-aghaidh, ní fhéadfar na leasuithe sin a chur ach leis an gcéad iarraidh eile ar leasú straitéiseach de bhun Airteagal 119(2) de Rialachán (AE) 2021/2115; |
|
(c) |
má chuireann an Ballstát an Coimisiún ar an eolas laistigh den teorainn ama a leagtar amach i bpointe (a) den mhír seo maidir lena chinneadh na leasuithe eile ar tugadh fógra fúthu, ar leasuithe iad a ndearna an Coimisiún agóid ina n-aghaidh, a chur le hiarraidh ar leasú straitéiseach a tíolacadh roimhe sin:
|
2. I gcás ina dtabharfaidh an Ballstát fógra don Choimisiún faoi leasuithe eile ar an bPlean Straitéiseach CBT i gcomhréir le hAirteagal 119(9) de Rialachán (AE) 2021/2115 tar éis don Bhallstát sin iarraidh ar leasú straitéiseach a thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 119(2) den Rialachán sin, ní fhéadfaidh an Ballstát na leasuithe eile a ndearna an Coimisiún agóid ina n-aghaidh i gcomhréir le hAirteagal 119(9), an tríú fomhír, den Rialachán sin a thíolacadh ach amháin sa chéad iarraidh eile a thíolacfar de bhun Airteagal 119(2) den Rialachán sin.
Airteagal 5
Teorainneacha ama maidir le hiarrataí ar leasuithe straitéiseacha a thíolacadh agus maidir le fógraí faoi leasuithe eile ar Phleananna Straitéiseacha CBT
1. Cuirfear an tréimhse 3 mhí dá dtagraítear in Airteagal 119(6) de Rialachán (AE) 2021/2115 ar fionraí ón dáta a thíolaic an Coimisiún a bharúlacha maidir leis an iarraidh ar leasú straitéiseach don Bhallstát go dtí an dáta a thíolacfaidh an Ballstát leagan nua den Phlean Straitéiseach CBT tríd an gcóras um malartú sonraí leictreonacha ‘SFC2021’, plean inar thug an Ballstát aghaidh iomlán ar bharúlacha uile an Choimisiúin. Más rud é, sa leagan nua den Phlean Straitéiseach CBT, nár thug an Ballstát aghaidh ach go páirteach ar bharúlacha an Choimisiúin, leantar den tréimhse 3 mhí a chur ar fionraí i ndáil leis an iarraidh sin ar leasú straitéiseach.
2. Cuirfidh na Ballstáit iarrataí ar leasú straitéiseach agus fógraí faoi leasuithe eile a bhaineann leis na cineálacha idirghabhálacha dá dtagraítear in Airteagal 42 de Rialachán (AE) 2021/2115 faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2028.
3. Cuirfidh na Ballstáit iarrataí ar leasú straitéiseach agus fógraí faoi leasuithe eile a bhaineann leis na cineálacha idirghabhálacha dá dtagraítear i gCaibidil IV de Rialachán (AE) 2021/2115 faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2029.
4. Cuirfidh na Ballstáit iarraidh ar leasú straitéiseach a bhaineann le haistrithe dá dtagraítear in Airteagal 103(6) de Rialachán (AE) 2021/2115 faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Márta 2026.
Airteagal 6
Cásanna eile d’iarrataí ar leasú straitéiseach ar an bPlean Straitéiseach CBT
1. Ní áireofar iarrataí ar leasú straitéiseach ar an bPlean Straitéiseach CBT sa líon uasta iarrataí dá dtagraítear in Airteagal 119(7) de Rialachán (AE) 2021/2115 má bhaineann siad leis na cásanna seo a leanas:
|
(a) |
athruithe mar gheall ar bhearta éigeandála is gá chun aghaidh a thabhairt ar thubaistí nádúrtha, teagmhais thurraingeacha nó teagmhais dhíobhálacha aeráide a aithníonn an t-údarás poiblí náisiúnta go foirmiúil mar thubaiste nó mar theagmhais mar sin, nó modhnuithe mar gheall ar athrú suntasach tobann ar dhálaí socheacnamaíocha an Bhallstáit; |
|
(b) |
athruithe mar gheall ar athruithe ar reachtaíocht an Aontais, nó athruithe mar gheall ar chinntí Chúirteanna an Aontais Eorpaigh; |
|
(c) |
athruithe mar gheall ar bhearta eisceachtúla arna nglacadh de bhun Airteagail 219, 220 nó 221 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6); |
|
(d) |
athruithe mar gheall ar thabhairt isteach ionstraimí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 58 de Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) nó mar gheall ar mhodhnuithe orthu; |
|
(e) |
athruithe mar gheall ar shaoradh uathoibríoch sna Pleananna Straitéiseacha CBT dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2021/2116; |
|
(f) |
leasuithe ar tugadh fógra fúthu agus a ndearna an Coimisiún agóid ina n-aghaidh i gcomhréir le hAirteagal 119(9), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) 2021/2115. |
2. Déanfar na hiarrataí ar leasú straitéiseach ar an bPlean Straitéiseach CBT sa chás dá dtagraítear i mír 1, pointe (e), a thíolacadh faoin 30 Meitheamh de gach bliain féilire.
3. Maidir le hiarraidh ar leasú straitéiseach lena gcomhcheanglaítear athruithe sna cásanna dá dtagraítear i mír 1 agus athruithe eile ar an bPlean Straitéiseach CBT, áireofar an iarraidh sin sa líon uasta iarrataí ar leasú straitéiseach a leagtar síos in Airteagal 119(7), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2021/2115.
Airteagal 7
Cumarsáid fhoirmiúil trí ‘SFC2021’
Úsáidfidh na Ballstáit agus an Coimisiún an córas um malartú sonraí leictreonacha ‘SFC2021’ dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2289 chun gach doiciméad foirmiúil a mhalartú maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
na hiarrataí ar leasú straitéiseach dá dtagraítear in Airteagal 119(2) de Rialachán (AE) 2021/2115; |
|
(b) |
na fógraí faoi leasuithe eile dá dtagraítear in Airteagal 119(9) de Rialachán (AE) 2021/2115; |
|
(c) |
na ceartúcháin ar earráidí cléireachais nó earráidí follasacha nó ceartúcháin de chineál eagarthóireachta amháin dá dtagraítear in Airteagal 119(12) de Rialachán (AE) 2021/2115. |
Airteagal 8
Foráil idirthréimhseach
I gcás inar cuireadh iarraidh ar leasú ar Phlean Straitéiseach CBT faoi bhráid an Choimisiúin roimh an 1 Eanáir 2026, de bhun Airteagal 119(2) de Rialachán (AE) 2021/2115 de réir mar is infheidhme tráth a tíolacadh an iarraidh sin, ní fhéadfar iarraidh ar leasú straitéiseach a thíolacadh ach amháin má tharraing an Ballstát siar an iarraidh sin ar leasú nó má thug an Coimisiún fógra don Bhallstát sin faoina chinneadh maidir leis an iarraidh sin ar leasú.
Airteagal 9
Aisghairm
Aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/370.
Mar sin féin, leanfaidh sé d’fheidhm a bheith aige maidir le hiarrataí ar leasuithe ar Phleananna Straitéiseacha CBT a chuir na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin roimh an 1 Eanáir 2026.
Airteagal 10
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2026.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Eanáir 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 435, 6.12.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2115/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/370 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le nósanna imeachta, teorainneacha ama maidir le hiarrataí ó na Ballstáit ar leasuithe ar Phleananna Straitéiseacha CBT a thíolacadh, agus cásanna eile nach bhfuil feidhm ag an líon uasta leasuithe ar Phleananna Straitéiseacha CBT maidir leo (IO L 51, 20.2.2023, lch. 25, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/370/oj).
(3) Rialachán (AE) 2025/2649 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2025 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/2115 a mhéid a bhaineann leis an gcóras coinníollachta, cineálacha idirghabhála i bhfoirm íocaíochta dírí, cineálacha idirghabhála in earnálacha áirithe agus tuarascálacha forbartha tuaithe agus tuarascálacha feidhmíochta bliantúla agus Rialachán (AE) 2021/2116 a mhéid a bhaineann le híocaíochtaí a chur ar fionraí agus imréiteach feidhmíochta bliantúil agus rialuithe agus pionóis (IO L, 2025/2649, 31.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2649/oj).
(4) Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 187, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2116/oj).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2289 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cur i láthair ábhar na bPleananna Straitéiseacha CBT agus maidir leis an gcóras leictreonach um malartú slán faisnéise (IO L 458, 22.12.2021, lch. 463, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/2289/oj).
(6) Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1308/oj).
(7) Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1060/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/174/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)