European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/170

22.1.2026

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/170 ÓN gCOIMISIÚN

an 21 Eanáir 2026

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/130 a mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis maidir le maoluithe ar chaighdeáin DRTC áirithe agus le faisnéis a thuairiscítear chun críocha an nós imeachta um imréiteach feidhmíochta bliantúil sa tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (1), agus go háirithe Airteagal 134(14) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/130 ón gCoimisiún (2), leagtar síos rialacha maidir le cur chun feidhme Airteagal 134 de Rialachán (AE) 2021/2115 a mhéid a bhaineann le cur i láthair ábhar na tuarascála bliantúla ar fheidhmíocht.

(2)

Le Roinn 1.4 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/130, leagtar síos rialacha maidir le tuairisciú a dhéanamh ar mheasúnuithe ar éifeachtaí chur i bhfeidhm an mhaolaithe ar dhea-riocht talmhaíochta agus comhshaoil (caighdeáin DRTC) ar shlándáil dhomhanda an tsoláthair bia, ar chaomhnú an chomhshaoil agus ar an gcomhrac in aghaidh an athraithe aeráide, i gcomhréir le hAirteagal 2(5) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1317 ón gCoimisiún (3). Ós rud é nach raibh feidhm ag Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1317 ach amháin maidir leis an mbliain éilimh 2023 agus gur chuir na Ballstáit an fhaisnéis atá á lorg le hAirteagal 2(5) den Rialachán Cur Chun Feidhme sin isteach cheana mar chuid de na tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht le haghaidh na bliana airgeadais 2023, ba cheart roinn 1.4 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/130 a scriosadh.

(3)

Le Rialachán (AE) 2025/2649 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), leasaíodh Rialachán (AE) 2021/2115 agus Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) a mhéid a bhaineann le hábhar na tuarascála bliantúla ar fheidhmíocht agus an t-imréiteach feidhmíochta bliantúil. Scoireadh den nós imeachta um imréiteach feidhmíochta bliantúil a leagtar amach in Airteagal 54 de Rialachán (AE) 2021/2116 i leith na bliana airgeadais 2025 agus na mblianta airgeadais uile ina dhiaidh sin.

(4)

Ba cheart Roinn 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/130 a leasú chun an fhaisnéis is gá chun críocha an nós imeachta um imréiteach feidhmíochta bliantúil, agus chun na gcríoch sin amháin, a scriosadh.

(5)

Chun é a chur ar a gcumas do na Ballstáit na tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht le haghaidh na bliana airgeadais 2025 a chur isteach faoin 15 Feabhra 2026, lena n-áirítear na codanna de na tuarascálacha a leasaítear leis an Rialachán seo, agus chun é a chur ar a chumas don Choimisiún measúnú éifeachtach a dhéanamh ar na tuarascálacha sin laistigh de na teorainneacha ama nua a leagtar síos in Airteagal 134(13) de Rialachán (AE) 2021/2115, ba cheart na rialacha atá sa Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(6)

Le hAirteagal 4, an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2025/2649 foráiltear go bhfuil feidhm ag na leasuithe ar Airteagal 134 de Rialachán (AE) 2021/2115 agus na leasuithe ar Rialachán (AE) 2021/2116, ar leasuithe iad a bhaineann le nós imeachta um imréiteach feidhmíochta bliantúil, i leith na bliana airgeadais 2025 agus i leith na mblianta airgeadais uile ina dhiaidh sin. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo ón mbliain airgeadais 2025 ar aghaidh chun a áirithiú go ndéanfar an tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht le haghaidh na bliana airgeadais 2025 a ullmhú agus a chur isteach go rianúil agus go tráthúil. Mar sin féin, níor cheart aon tionchar a bheith ag na rialacha sin ar bhlianta airgeadais roimh an mbliain airgeadais 2025.

(7)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gComhbheartas Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/130 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige i leith na bliana airgeadais 2025 agus na mblianta airgeadais uile ina dhiaidh sin.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Eanáir 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 435, 6.12.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2115/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/130 ón gCoimisiún an 18 Eanáir 2023 lena leagtar síos rialacha i ndáil le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cur i láthair ábhar na tuarascála bliantúla ar fheidhmíocht (IO L 17, 19.1.2023, lch. 77, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/130/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1317 ón gCoimisiún an 27 Iúil 2022 lena ndéantar foráil maidir le maoluithe ar Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le cur i bhfeidhm chaighdeáin 7 agus 8 maidir le dea-riocht talmhaíochta agus comhshaoil talún (caighdeáin GAEC) le haghaidh na bliana éilimh 2023 (IO L 199, 28.7.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/1317/oj).

(4)  Rialachán (AE) 2025/2649 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2025 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/2115 a mhéid a bhaineann leis an gcóras coinníollachta, cineálacha idirghabhála i bhfoirm íocaíochta dírí, cineálacha idirghabhála in earnálacha áirithe agus tuarascálacha forbartha tuaithe agus tuarascálacha feidhmíochta bliantúla agus Rialachán (AE) 2021/2116 a mhéid a bhaineann le híocaíochtaí a chur ar fionraí agus imréiteach feidhmíochta bliantúil agus rialuithe agus pionóis (IO L 2025/2649, 31.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2649/oj).

(5)  Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1306/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 187, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2116/oj).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear mar a leanas an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/130:

(1)

i roinn 1, scriostar pointe 1.4;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad roinn 2:

‘2.   FAISNÉIS CHAINNÍOCHTÚIL AGUS FAISNÉIS CHÁILÍOCHTÚIL FAOI DHIALL LUACHANNA TÁSCAIRÍ TORAIDH Ó GHARSPRIOCANNA

Cuimseofar sa roinn seo an fhaisnéis cháilíochtúil dá dtagraítear in Airteagal 134(4) agus (5) de Rialachán (AE) 2021/2115. Cuimseofar inti freisin faisnéis cháilíochtúil a mhéid a bhaineann le dialltaí ó gharspriocanna dá dtagraítear in Airteagal 134(7), pointe (b), den Rialachán sin.

Cuimseofar inti an bonn cirt sainordaitheach dá dtagraítear in Airteagal 135(2) agus (3) den Rialachán sin. Tuairisceofar na torthaí gnóthaithe agus na haschuir réadaithe i gcomhréir leis na modhanna ríofa a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2290 ón gCoimisiún (*1).

2.1.   Luachanna gnóthaithe na dtáscairí toraidh

Cuimseofar san fhoroinn seo an luach a gnóthaíodh sa bhliain airgeadais roimhe sin in aghaidh gach ceann de na táscairí toraidh a leagtar amach sa Phlean Straitéiseach CBT agus an t-achar go dtí an gharsprioc bhliantúil chomhfhreagrach a leagtar síos sa Phlean Straitéiseach CBT. Thairis sin, ba cheart cúiseanna a leagan amach inti, i gcás inarb iomchuí, le dialltaí ó gharspriocanna agus, i gcás inarb ábhartha, tuairisc a thabhairt inti ar na bearta a rinneadh, i gcomhréir le hAirteagal 134(7), pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/2115.

Sa tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht atá le tíolacadh faoin 15 Feabhra 2026, cuimseofar freisin san fhoroinn seo an bonn cirt sainordaitheach le haon easnamh is mó ná 35 % i sroicheadh na ngarspriocanna ábhartha i gcomhair bhliain airgeadais 2025, dá dtagraítear in Airteagal 135(3) den Rialachán sin.

Sa tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht atá le tíolacadh faoin 15 Feabhra 2027, cuimseofar freisin san fhoroinn seo an bonn cirt sainordaitheach le haon easnamh is mó ná 25 % i sroicheadh na ngarspriocanna ábhartha i gcomhair bhliain airgeadais 2026, dá dtagraítear in Airteagal 135(2) den Rialachán sin.

2.2.   Aschuir réadaithe – aonadmhéideanna – maoiniú náisiúnta breise

Ina aghaidh gach aonadmhéid a leagtar amach sa Phlean Straitéiseach CBT, cuimseofar san fhoroinn seo na haschuir réadaithe, an t-ollchaiteachas agus na haonadmhéideanna réadaithe i gcomhréir le hAirteagal 134(5) de Rialachán (AE) 2021/2115.

2.2.1.   Aonadmhéideanna réadaithe le haghaidh idirghabhálacha i bhfoirm íocaíochtaí díreacha

Cuimseofar an méid seo a leanas san fhaisnéis a sholáthrófar faoin bhforoinn seo:

(a)

aschuir réadaithe de bhun Airteagal 134(5), an chéad fhomhír, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 2021/2115;

(b)

ollchaiteachas ag deireadh na bliana airgeadais arna bhunú de bhun Airteagal 134(5), an chéad fhomhír, pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/2115 atá ábhartha maidir leis na haschuir réadaithe;

(c)

na haonadmhéideanna réadaithe is toradh air sin.

2.2.2.   Aonadmhéideanna réadaithe le haghaidh idirghabhálacha in earnálacha áirithe

Cuimseofar an méid seo a leanas san fhaisnéis a sholáthrófar faoin bhforoinn seo:

(a)

aschuir réadaithe de bhun Airteagal 134(5), an chéad fhomhír, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 2021/2115;

(b)

ollchaiteachas ag deireadh na bliana airgeadais arna bhunú de bhun Airteagal 134(5), an chéad fhomhír, pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/2115 atá ábhartha maidir leis na haschuir réadaithe;

(c)

na haonadmhéideanna réadaithe is toradh air sin.

2.2.3.   Aonadmhéideanna réadaithe le haghaidh idirghabhálacha san fhorbairt tuaithe

Cuimseofar an méid seo a leanas san fhaisnéis a sholáthrófar faoin bhforoinn seo:

(a)

aschuir réadaithe de bhun Airteagal 134(5), an chéad fhomhír, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 2021/2115, cé is moite d’aschuir arna nginiúint go heisiach le maoiniú náisiúnta breise;

(b)

ollchaiteachas ag deireadh na bliana airgeadais arna bhunú de bhun Airteagal 134(5), an chéad fhomhír, pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/2115 atá ábhartha maidir leis na haschuir réadaithe;

(c)

na haonadmhéideanna réadaithe is toradh air sin.

2.2.4.   Maoiniú náisiúnta breise

Aschuir réadaithe arna nginiúint go heisiach le maoiniú náisiúnta breise, tuairisceofar iad de réir na hidirghabhála.

Cúnamh airgeadais náisiúnta agus maoiniú náisiúnta breise dá dtagraítear in Airteagal 134(11) agus in Airteagal 115(5), pointí (a) agus (d), de Rialachán (AE) 2021/2115, tuairisceofar iad de réir na hidirghabhála.

2.3.   Aschuir réadaithe – luachanna comhiomlánaithe

Cuimseofar san fhoroinn seo luachanna comhiomlánaithe na dtáscairí aschuir arna dtuairisciú i gcomhréir leis na modhanna ríofa a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2290.

2.3.1.   Luachanna comhiomlánaithe na dtáscairí aschuir de réir idirghabhálacha agus aonaid tomhais

2.3.2.   Luachanna comhiomlánaithe na dtáscairí aschuir de réir cineálacha idirghabhála agus aonaid tomhais

2.3.3.   Luachanna comhiomlánaithe eile na dtáscairí aschuir

2.5.   Ionstraimí airgeadais a úsáid in idirghabhálacha forbartha tuaithe

San fhoroinn seo beidh faisnéis bhreise faoi úsáid ionstraimí airgeadais sa bhliain airgeadais roimhe sin i gcomhréir le hAirteagal 134(10) de Rialachán (AE) 2021/2115. Tuairisceofar an fhaisnéis bhreise sin de réir an chineáil idirghabhála.

2.6.   Faisnéis faoi shíolta ola, faoi chadás agus faoi chabhair idirthréimhseach náisiúnta

Cuimseofar san fhoroinn seo an fhaisnéis faoi shíolta ola atá le tuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 11(6) de Rialachán (AE) 2021/2115.

Cuimseofar san fhoroinn seo freisin an fhaisnéis faoin íocaíocht bharrshonrach do chadás atá le tuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 137 de Rialachán (AE) 2021/2115.

Cuimseofar san fhoroinn seo freisin an fhaisnéis faoin gcabhair idirthréimhseach idirnáisiúnta atá le tuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 138 de Rialachán (AE) 2021/2115, faisnéis a thuairisceofar de réir na hidirghabhála.

(*1)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2290 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2021 lena leagtar síos rialacha maidir leis na modhanna chun na comhtháscairí aschuir agus toraidh a ríomh a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (IO L 458, 22.12.2021, lch. 486, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/2290/oj).’."


(*1)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2290 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2021 lena leagtar síos rialacha maidir leis na modhanna chun na comhtháscairí aschuir agus toraidh a ríomh a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (IO L 458, 22.12.2021, lch. 486, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/2290/oj).’.’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/170/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)