|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/168 |
27.1.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/168 ÓN gCOIMISIÚN
an 26 Eanáir 2026
maidir le húdarú ullmhóide arb é atá inti Saccharomyces cerevisiae CBS 493.94 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh athchogantaigh le haghaidh táirgeadh bainne nó le haghaidh an atáirgthe, athchogantaigh óga lena ramhrú seachas uain lena ramhrú agus athchogantaigh lena ramhrú seachas caoirigh lena ramhrú (sealbhóir an údaraithe: All-Technology (Ireland) Limited [Alltech Ireland]) agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1109/2014
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis na forais agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú agus a athnuachan. |
|
(2) |
Údaraíodh ullmhóid arb é atá inti Saccharomyces cerevisiae CBS 493.94 ar feadh 10 mbliana mar bhreiseán beathaithe le haghaidh eallach lena ramhrú, mionspeicis athchogantacha lena ramhrú, ba déiríochta agus mionspeicis athchogantacha déiríochta le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1109/2014 ón gCoimisiún (2). |
|
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh iarratas isteach chun údarú na hullmhóide arb é atá inti Saccharomyces cerevisiae CBS 493.94 a athnuachan mar bhreiseán beathaithe le haghaidh ba déiríochta, mionspeicis athchogantacha déiríochta, eallach lena ramhrú agus mionspeicis athchogantacha lena ramhrú, agus iarradh ann go n-aicmeofaí an breiseán sa chatagóir breiseán ‘breiseáin zóiteicniúla’ agus san fheidhmghrúpa ‘cobhsaitheoirí fhlóra na stéige’. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 14(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas sin. |
|
(4) |
Tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) ar an gconclúid sa tuairim uaidh an 19 Márta 2025 (3) go bhfuil an ullmhóid arb é atá inti Saccharomyces cerevisiae CBS 493.94 fós sábháilte don spriocspeiceas, do thomhaltóirí agus don chomhshaol faoi na coinníollacha úsáide a údaraítear faoi láthair. Tháinig sé ar an gconclúid freisin, maidir leis an ullmhóid arb é atá inti Saccharomyces cerevisiae CBS 493.94, i bhfoirm priollaí níos mó, nach greannaitheoir craicinn ná súl í, agus nach greannaitheoir craicinn í i bhfoirm priollaí ach gur greannaitheoir súl í. Ba cheart a mheas gur íogróir craicinn agus riospráide é an breiseán sa ina dhá fhoirmliú agus meastar gur riosca é aon nochtadh tríd an gcraiceann agus tríd an gconair riospráide. Luaigh an tÚdarás freisin nach bhfuil togra maidir le coinníollacha an údaraithe bunaidh a leasú nó a fhorlíonadh san iarratas ar athnuachan an údaraithe, ar togra é a mbeadh tionchar aige ar éifeachtúlacht na mbreiseán. Dá bhrí sin, tháinig sé ar an gconclúid freisin nach gá measúnú a dhéanamh ar éifeachtúlacht na hullmhóide i gcomhthéacs an athnuachana ar an údarú. Ní mheasann an tÚdarás go bhfuil gá le ceanglais shonracha maidir le faireachán iarmhargaidh. |
|
(5) |
Maidir leis na conclúidí agus na moltaí ar thángthas orthu sa mheasúnú a rinneadh i dtaobh mhodh anailíse na hullmhóide arb é atá inti Saccharomyces cerevisiae CBS 493.94 mar bhreiseán beathaithe i gcomhthéacs na n-údaruithe roimhe seo, mheas an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 go bhfuil na conclúidí agus na moltaí sin bailí agus infheidhme maidir leis an iarratas atá ann faoi láthair. Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 5(4), pointe (c), de Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 ón gCoimisiún (4), níl gá le tuarascáil mheastóireachta ón tSaotharlann Tagartha. |
|
(6) |
I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún go gcomhlíonann an ullmhóid arb é atá inti Saccharomyces cerevisiae CBS 493.94 na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart údarú an bhreiseáin sin a athnuachan. Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte úsáideoirí an bhreiseáin a chosc. Ba cheart na bearta cosanta sin a bheith gan dochar do cheanglais eile sábháilteachta oibrithe faoi dhlí an Aontais. |
|
(7) |
Mar thoradh ar athnuachan údarú na hullmhóide arb é atá inti Saccharomyces cerevisiae CBS 493.94 mar bhreiseán beathaithe, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1109/2014 a aisghairm. |
|
(8) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Athnuachan an údaraithe
Údarú na hullmhóide a shonraítear san Iarscríbhinn, ullmhóid a bhaineann le catagóir na mbreiseán ‘breiseáin zóiteicniúla’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘cobhsaitheoirí fhlóra na stéige’, déantar é a athnuachan faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Aisghairm
Aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1109/2014.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Eanáir 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1109/2014 ón gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2014 maidir le húdarú na hullmhóide arb é atá inti Saccharomyces cerevisiae CBS 493.94 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh eallach lena ramhrú, mionspeicis athchogantacha lena ramhrú, ba déiríochta agus mionspeicis athchogantacha déiríochta agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1288/2004 agus (CE) Uimh. 1811/2005 (sealbhóir an údaraithe Alltech France) (IO L 301, 21.10.2014, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2014/1109/oj).
(3) EFSA Journal [Iris EFSA] 2025;23:e9354 (https://doi.org/10.2903/j.efsa.2025.9354).
(4) Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 ón gCoimisiún an 4 Márta 2005 maidir le rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le dualgais agus cúraimí Shaotharlann Tagartha an Chomhphobail maidir le hiarratais ar údaruithe breiseán beathaithe (IO L 59, 5.3.2005, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2005/378/oj).
IARSCRÍBHINN
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin beathaithe |
Ainm shealbhóir an údaraithe |
Ainm an bhreiseáin |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhíoch |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údarúcháin |
||||
|
ADC/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
|||||||||||||
|
Catagóir: breiseáin zóiteicniúla. Feidhmghrúpa: cobhsaitheoirí fhlóra na stéige. |
|||||||||||||
|
4a1704 |
All-Technology (Ireland) Limited [Alltech Ireland] |
Saccharomyces cerevisiae CBS 493.94 |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Ullmhóid arb é atá inti Saccharomyces cerevisiae CBS 493.94 ina bhfuil íoschion 1 × 109 ADC/g de bhreiseán Foirm sholadach Saintréithriú na substainte gníomhaí Cealla inmharthana Saccharomyces cerevisiae CBS 493.94. Modh anailíse (1) Áireamh: Modh an doirte ar phláta agus úsáid á baint as agar de chlóraimfeineacól deastróis eastóscáin giosta – EN 15789 Sainaithint: Imoibriú slabhrúil polaiméaráise (ISP) (CEN/TS 15790) |
Athchogantaigh le haghaidh táirgeadh bainne nó le haghaidh an atáirgthe |
— |
1 × 107 |
|
|
An 16 Feabhra 2036 |
||||
|
Athchogantaigh óga lena ramhrú seachas uain lena ramhrú agus athchogantaigh lena ramhrú seachas caoirigh lena ramhrú |
1 × 108 |
||||||||||||
(1) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ar shuíomh na Saotharlainne Tagartha ag an seoladh seo a leanas: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/168/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)