|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/135 |
13.4.2026 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2026/135 ÓN gCOIMISIÚN
an 20 Eanáir 2026
lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí madraí, cat agus firéad a thabhairt isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis iad a thabhairt isteach
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 234(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2016/429 leagtar síos rialacha maidir le cosc agus rialú galar ainmhithe, ar galair iad atá in-tarchurtha go hainmhithe nó go daoine, lena n-áirítear, inter alia, rialacha maidir le hainmhithe a thabhairt isteach san Aontas. Go háirithe, leagtar síos i gCuid V, Caibidil I, Roinn 1 den Rialachán sin na ceanglais sláinte ainmhithe maidir le hainmhithe a thabhairt isteach san Aontas, agus maidir le gluaiseacht agus láimhseáil na n-ainmhithe sin tar éis iad a thabhairt isteach. |
|
(2) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (2) forlíontar na rialacha maidir le sláinte ainmhithe a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/429, a mhéid a bhaineann, inter alia, le coinsíneachtaí speiceas agus catagóirí áirithe ainmhithe a thabhairt isteach san Aontas, agus lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis a iad a thabhairt isteach. Go háirithe, le Teideal 5 de Chuid II den Rialachán Tarmligthe sin, leagtar síos na ceanglais sláinte ainmhithe maidir le madraí, cait agus firéid a thabhairt isteach san Aontas. |
|
(3) |
Foráiltear le hAirteagal 74 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 nach gceadófar do choinsíneachtaí madraí, cat agus firéad teacht isteach san Aontas, ach amháin má shainaithnítear gach ainmhí sa choinsíneacht go haonarach le trasfhreagróir in-insteallta ionphlandaithe i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 ón gCoimisiún (3). |
|
(4) |
Foráiltear le hAirteagal 76 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 nach gceadófar do choinsíneachtaí madraí, cat agus firéad teacht isteach san Aontas ach amháin má chomhlíonann na hainmhithe sin na ceanglais shonracha maidir le sláinte ainmhithe a leagtar síos san Airteagal sin. Áirítear ar na ceanglais sin go ndéantar na hainmhithe a vacsaíniú in aghaidh an chonfaidh, go ndearnadh tástáil le haghaidh thoirtmheascadh antasubstainte an chonfaidh orthu a raibh torthaí fabhracha uirthi, agus i gcás coinsíneachtaí madraí a thagann isteach i mBallstáit a bhfuil stádas saor ó ghalair acu maidir le Echinococcus multilocularis, go ndéantar na madraí a chóireáil i gceart in aghaidh an inmhíolaithe sin. Leagtar síos leis freisin na coinníollacha maidir le madraí, cait agus firéid chun maolú a fháil ar an gceanglas éigeantach maidir le tástáil le haghaidh thoirtmheascadh antasubstainte an chonfaidh. |
|
(5) |
In Iarscríbhinn XXI a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 leagtar síos ceanglais shonracha a mhéid a bhaineann le madraí, cait agus firéid a bhfuil sé beartaithe iad a thabhairt isteach san Aontas, lena n-áirítear na ceanglais mhionsonraithe maidir le bailíocht na tástála le haghaidh thoirtmheascadh antasubstainte an chonfaidh agus maidir leis na bearta maolaithe riosca le haghaidh Echinococcus multilocularis. |
|
(6) |
Leis na ceanglais theicniúla maidir le trasfhreagróirí in-insteallta, na ceanglais sláinte ainmhithe a bhaineann leis na ceanglais bhailíochta le haghaidh vacsaíní frithchonfaidh, agus an tástáil le haghaidh thoirtmheascadh antasubstainte an chonfaidh agus na coinníollacha maidir le maolú ar an gceanglas tástála sin, agus na bearta maolaithe riosca le haghaidh Echinococcus multilocularis, mar a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692, cuirtear roinnt crostagairtí do na rialacha atá i Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), agus i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 577/2013 (5) ón gCoimisiún agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/772 (6) ón gCoimisiún a glacadh faoi chuimsiú Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 san áireamh agus déantar roinnt crostagairtí dóibh. |
|
(7) |
Rinneadh Rialachán (AE) Uimh. 576/2013, lena leagtar síos na rialacha maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí, a aisghairm le hAirteagal 270(2) de Rialachán (AE) 2016/429 ón 21 Aibreán 2021. Mar sin féin, foráiltear le hAirteagal 277 de Rialachán (AE) 2016/429, d’ainneoin na haisghairme sin, go leanfaidh Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 d’fheidhm a bheith aige go dtí an 21 Aibreán 2026 maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí, in ionad Chuid VI de Rialachán (AE) 2016/429. |
|
(8) |
Na rialacha maidir le ceanglais bhailíochta i ndáil le vacsaíní frithchonfaidh agus leis an tástáil le haghaidh thoirtmheascadh antasubstainte an chonfaidh a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 576/2013, mar aon le bearta maolaithe riosca le haghaidh Echinococcus multilocularis, léiríodh go bhfuil siad éifeachtach chun an riosca a bhaineann le leathadh na ngalar liostaithe sin trí ghluaiseachtaí madraí, cat agus firéad a íoslaghdú. Dá réir sin, ba cheart príomhfhorálacha na rialacha sin a choinneáil ar bun i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692, arna leasú leis an Rialachán seo, ach ba cheart iad a thabhairt cothrom le dáta chun an taithí phraiticiúil a fuair na Ballstáit agus iad á gcur i bhfeidhm a chur san áireamh. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a leasú leis an Rialachán seo chun rialacha mionsonraithe a sholáthar maidir le bailíocht an vacsaínithe frithchonfaidh le haghaidh madraí, cat, firéad agus le haghaidh na tástála le haghaidh thoirtmheascadh antasubstainte an chonfaidh agus maidir le bearta in aghaidh Echinococcus multilocularisnuair a thagann na hainmhithe sin isteach san Aontas ó thríú tíortha nó ó thríú críocha. |
|
(9) |
Ina theannta sin, ós rud é gur leasaíodh na rialacha maidir le sainaithint madraí, cat agus firéad a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 le Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/132 ón gCoimisiún (7), is gá na rialacha a leagtar síos in Airteagal 74 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a thabhairt cothrom le dáta. |
|
(10) |
Ós rud é go bhfuil deireadh le teacht leis an idirthréimhse a bhaineann le haisghairm Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 an 21 Aibreán 2026, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne agus ba cheart feidhm a bheith aige ón 22 Aibreán 2026, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692
Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 74, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír (1): ‘1. Ní cheadófar do choinsíneachtaí madraí, cat agus firéad teacht isteach san Aontas ach amháin má shainaithnítear gach ainmhí sa choinsíneacht go haonarach le trasfhreagróir in-insteallta ionphlandaithe ar ionphlandaigh tréidlia é, ar trasfhreagróir é dá dtagraítear in Airteagal 70, pointe (b)(i), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035, agus a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 70, pointe (a), agus Airteagal 70a, pointí (a) agus (b), den Rialachán Tarmligthe sin.’ |
|
(2) |
Leasaítear Airteagal 76 mar a leanas:
|
|
(3) |
Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn XXI. |
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 22 Aibreán 2026.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Eanáir 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí ainmhithe áirithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thabhairt isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis iad a thabhairt isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/692/oj).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha le haghaidh bunaíochtaí ina gcoimeádtar ainmhithe talún agus gorlanna, agus maidir le hinrianaitheacht ainmhithe talún ar coimeád áirithe agus uibheacha goir áirithe (IO L 314, 5.12.2019, lch. 115, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2019/2035/oj).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 (IO L 178, 28.6.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/576/oj).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 577/2013 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2013 maidir leis na doiciméid aitheantais atá de réir teimpléad caighdeánach le haghaidh gluaiseacht neamhthráchtála madraí, cat agus firéad, maidir le liostaí de chríocha agus tríú tíortha a bhunú agus maidir le formáid, leagan amach agus ceanglais teanga na ndearbhuithe lena bhfianaítear comhlíonadh coinníollacha áirithe dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 178, 28.6.2013, lch. 109, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/577/oj).
(6) Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/772 ón gCoimisiún an 21 Samhain 2017 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta coisctheacha sláinte chun ionfhabhtú Echinococcus multilocularis i madraí a rialú, agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1152/2011 (IO L 130, 28.5.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2018/772/oj).
(7) Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/132 an 20 Eanáir 2026 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le hinrianaitheacht madraí, cat agus firéad ar coimeád (IO L, 2026/132, 27.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/132/oj).
IARSCRÍBHINN
‘IARSCRÍBHINN XXI
CEANGLAIS SHONRACHA MAIDIR LE MADRAÍ, CAIT AGUS FIRÉID A BHFUIL SÉ BEARTAITHE IAD A THABHAIRT ISTEACH SAN AONTAS
1. CEANGLAIS MAIDIR LE TÁSTÁIL LE hAGHAIDH THOIRTMHEASCADH ANTASUBSTAINTE AN CHONFAIDH:
Maidir leis an tástáil toirtmheasctha antasubstainte in aghaidh an chonfaidh, déanfar an méid seo a leanas:
|
(a) |
déanfar í gan moill mhíchuí tar éis sampla a bhailiú ar shampla arna bhailiú ag tréidlia oifigiúil nó tréidlia údaraithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/131 30 lá ar a laghad tar éis dháta an vacsaínithe phríomhúil, nó laistigh de shraith vacsaínithe bhailí atá ann faoi láthair, agus tráth nach lú ná 90 lá roimh dháta eisiúna an deimhnithe sláinte ainmhithe a ghabhann leis an gcoinsíneacht ainmhithe chuig an Aontas; |
|
(b) |
déanfar títear antasubstaintí chun an víreas confaidh a neodrú a thomhas, ar leibhéal é atá cothrom le 0,5 IU/ml nó níos mó ná sin agus modh a úsáid a fhorordaítear sa chuid ábhartha den chaibidil a bhaineann leis an gconfadh sa Lámhleabhar um Thástálacha Diagnóiseacha agus um Vacsaíní Ainmhithe Talún ón Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe (WOAH); |
|
(c) |
déanfar í i gceann amháin de na cineálacha saotharlann seo a leanas:
|
|
(d) |
déanfar í a dheimhniú le tuarascáil oifigiúil ón tsaotharlann ainmnithe dá dtagraítear i bpointe (c) a mhéid a bhaineann le torthaí na tástála le haghaidh thoirtmheascadh antasubstainte an chonfaidh. Beidh gné shlándála i bhformáid cóid i dtuarascáil a eiseofar ón 1 Eanáir 2028 ionas gur féidir barántúlacht an chóid a fhíorú ar leathanaigh thiomnaithe atá bunaithe ar an idirlíon ón tsaotharlann ainmnithe agus beidh sí i gceangal leis an deimhniú sláinte ainmhithe dá dtagraítear i bpointe (a); |
|
(e) |
ní gá é a athnuachan ar ainmhí a athvacsaíníodh in aghaidh an chonfaidh tar éis na tástála le haghaidh thoirtmheascadh antasubstainte an chonfaidh agus torthaí sásúla uirthi laistigh de thréimhse bhailíochta an vacsaínithe phríomhúil dá dtagraítear i bpointe (a) agus gach vacsaín bhailí ina dhiaidh sin sa tsraith. |
2. CÓIREÁIL IN AGHAIDH INMHÍOLÚ LE ECHINOCCOCUS MULTILOCULARIS
Sula rachaidh siad isteach i mBallstát nó i gcrios de ag a bhfuil stádas saor ó ghalair maidir le Echinococcus multilocularis, déanfar madraí a chóireáil in aghaidh inmhíolú le Echinococcus multilocularis, mar a leanas:
|
(a) |
is éard a bheidh sa chóireáil táirge íocshláinte tréidliachta formheasta ina bhfuil an dáileog iomchuí de phrasacuantal nó substaintí eile atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de, a bhfuil sé cruthaithe ina n-aonar nó i dteannta a chéile go laghdaíonn siad ualach na bhfoirmeacha stéigeacha aibí agus neamhaibí de Echinococcus multilocularis i madraí ar a laghad chomh héifeachtach céanna le prasacuantal; |
|
(b) |
tabharfaidh tréidlia an táirge do mhadraí laistigh de thréimhse dar tús tréimhse nach faide ná 120 uair an chloig agus dar críoch tréimhse nach lú ná 24 uair an chloig roimh an tráth a thagann an siad isteach sa Bhallstát sin nó sa chrios sin. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/135/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)