European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/125

20.1.2026

CINNEADH (AE) 2026/125 ÓN gCOMHAIRLE

an 8 Nollaig 2025

maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Trádala Digití idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shingeapór

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(6)(a) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2025/798 (1) ón gComhairle, síníodh an Comhaontú Trádála Digití idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shingeapór (‘an Comhaontú’) an 7 Bealtaine 2025, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí.

(2)

Ba cheart an Comhaontú a fhormheas thar ceann an Aontais Eorpaigh.

(3)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus thug sé tuairim uaidh an 21 Márta 2025,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, déantar an Comhaontú Trádála Digití idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shingeapór (3) a fhormheas thar ceann an Aontais.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha (4).

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Nollaig 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

R. STOKLUND


(1)  Cinneadh (AE) 2025/798 ón gComhairle an 14 Aibreán 2025 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Trádála Digití idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shingeapór (IO L, 2025/798, 25.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/798/oj).

(2)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).

(3)   IO L, 2026/126, 20.1.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2026/126/oj.

(4)  Déanfaidh Ardrúnaíocht na Comhairle dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/125/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)