|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/106 |
14.1.2026 |
CINNEADH (AE) 2026/106 ÓN gCOMHAIRLE
an 18 Méan Fómhair 2025
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le hIompar Lasta de Bhóthar idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive, a mhéid a bhaineann le leanúint leis an gComhaontú
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Shínigh an tAontas an Comhaontú maidir le hIompar Lasta de Bhóthar idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive (1) (‘an Comhaontú’) an 29 Meitheamh 2022, agus tá sé á chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach ón dáta sin, i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2022/1165 ón gComhairle (2). Tháinig sé i bhfeidhm an 21 Lúnasa 2023. |
|
(2) |
Le hAirteagal 6(1) den Chomhaontú, bunaítear Comhchoiste chun maoirsiú agus faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm agus ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe agus athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar fheidhmiú an Chomhaontaithe i bhfianaise a chuid cuspóirí. |
|
(3) |
Le Cinneadh Uimh. 2/2022 ón gComhchoiste (3), cuireadh síneadh leis an gComhaontú go dtí an 30 Meitheamh 2024. Le Cinneadh Uimh. 1/2024 ón gComhchoiste (4), cuireadh síneadh breise leis an gComhaontú go dtí an 31 Nollaig 2025. |
|
(4) |
Tá an Comhchoiste le tionól 3 mhí ar a dhéanaí roimh dhul in éag an Chomhaontaithe chun measúnú a dhéanamh ar an ngá atá ann leanúint leis an gComhaontú agus cinneadh a dhéanamh ina leith sin. |
|
(5) |
Chun go leanfaidh an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive araon orthu ag tairbhiú den Chomhaontú, ba cheart síneadh a chur leis go dtí an 31 Márta 2027. |
|
(6) |
Le linn an chéad chruinnithe eile a bheidh aige, tá an Comhchoiste le cinneadh a ghlacadh maidir leis an ngá atá ann leanúint leis an gComhaontú. |
|
(7) |
Beidh éifeachtaí dlíthiúla ag an ngníomh atá beartaithe ón gComhchoiste. Dá bhrí sin, is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste a bhunú a mhéid a bhaineann le leanúint leis an gComhaontú. |
|
(8) |
Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais sa Chomhchoiste a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh ón gComhchoiste atá i gceangal leis an gCinneadh seo, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le hIompar Lasta de Bhóthar idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive, a mhéid a bhaineann le leanúint leis an gComhaontú, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ón gComhchoiste atá i gceangal leis an gCinneadh seo.
Féadfaidh ionadaithe an Aontais sa Chomhchoiste mionathruithe ar an dréachtchinneadh ón gComhchoiste a aontú gan cinneadh eile ón gComhairle.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Méan Fómhair 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
L. AAGAARD
(1) IO L 181, 7.7.2022, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2022/1165/oj.
(2) Cinneadh (AE) 2022/1165 ón gComhairle an 27 Meitheamh 2022 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive (IO L 181, 7.7.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/1165/oj).
(3) IO L 79, 17.3.2023, lch. 185, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/604/oj.
(4) IO L, 2024/1266, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1266/oj.
DRÉACHT
CHINNEADH Uimh. 1/2025 ÓN gCOMHCHOISTE A BUNAÍODH LEIS AN gCOMHAONTÚ MAIDIR LE hIOMPAR LASTA DE BHÓTHAR IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS POBLACHT NA MOLDÓIVE,
an …
a mhéid a bhaineann le leanúint leis an gComhaontú
TÁ AN COMHCHOISTE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir le hIompar Lasta de Bhóthar idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive (1), agus go háirithe Airteagal 6(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Cinneadh Uimh. 2/2022 ón gComhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le hIompar Lasta de Bhóthar idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive (‘an Comhaontú’), cuireadh síneadh leis an gComhaontú go dtí an 30 Meitheamh 2024. Le Cinneadh Uimh. 1/2024 ón gComhchoiste, cuireadh síneadh breise leis an gComhaontú go dtí an 31 Nollaig 2025. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 6(2) den Chomhaontú, tá an Comhchoiste le tionól 3 mhí ar a dhéanaí roimh dhul in éag an Chomhaontaithe chun measúnú a dhéanamh ar an ngá atá ann leanúint leis an gComhaontú agus cinneadh a dhéanamh ina leith sin. |
|
(3) |
Léirigh an faireachán ar an gComhaontú gur tugadh tacaíocht do Phoblacht na Moldóive leis an gComhaontú faoi chúinsí uafásacha chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. Léirigh an faireachán a rinneadh ar an gComhaontú freisin go bhfuil an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive araon tar éis tairbhí a bhaint as ó thaobh na trádála de, agus go bhfuil oibreoirí iompair de bhóthar an dá pháirtí tar éis tairbhe a bhaint as an méadú ar sheirbhísí iompair de bhóthar freisin. |
|
(4) |
In éineacht le comhaontú comhchosúil maidir le hiompar de bhóthar a síníodh leis an Úcráin, chuir an Comhaontú go mór freisin le honnmhairiú earraí na hÚcráine chuig an Aontas trí na Lánaí Dlúthpháirtíochta. |
|
(5) |
Ba cheart féachaint ar leanúint leis an gComhaontú mar bheart a rannchuidíonn freisin le hatógáil na hÚcráine tar éis chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. |
|
(6) |
Dá bhrí sin, is iomchuí leanúint leis an gComhaontú go dtí an 31 Márta 2027, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leanúint leis an gComhaontú
Leis seo, leantar leis an gComhaontú maidir le hIompar Lasta de Bhóthar idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive go dtí an 31 Márta 2027.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i/in/sa …, …
Thar ceann an Chomhchoiste
Na Comhchathaoirligh
(1) IO L 181, 7.7.2022, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2022/1165/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/106/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)