European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/100

19.1.2026

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/100 ÓN gCOIMISIÚN

an 15 Eanáir 2026

lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 748/2012 agus (AE) Uimh. 1321/2014 a mhéid a bhaineann leis an bpróiseas athbhreithnithe aeracmhainneachta, leis an deimhniú aeracmhainneachta agus le tuairisciú ar tharluithe, agus lena gceartaítear Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2111/2005, (CE) Uimh. 1008/2008, (AE) Uimh. 996/2010, (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoracha 2014/30/AE agus 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 552/2004 agus (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 17(1) pointí (a), (e) agus (g), Airteagal 62(14), pointe (a), agus Airteagal 72(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 ón gCoimisiún (2) na ceanglais maidir le haeracmhainneacht tosaigh aerárthaí, lena n-áirítear na ceanglais maidir leis an deimhniú aeracmhainneachta agus an deimhniú srianta aeracmhainneachta a eisiúint.

(2)

Leagtar síos le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún (3) na ceanglais maidir le haeracmhainneacht leanúnach aerárthaí, lena n-áirítear na ceanglais maidir leis an deimhniú ar athbhreithniú aeracmhainneachta a eisiúint.

(3)

Ba cheart castacht na rialacha cur chun feidhme sin a laghdú chun iad a ailíniú leis na rioscaí a bhaineann le catagóirí éagsúla aerárthaí, le cineálacha éagsúla oibríochtaí agus le stair na n-aerárthaí. Is gá na rialacha a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann le Rialacháin (AE) Uimh. 748/2012 agus (AE) Uimh. 1321/2014 a shimpliú agus a chomhchuibhiú chun iad a dhéanamh níos soiléire agus chun míthuiscintí a sheachaint.

(4)

I gcomhréir le hIarscríbhinn I (Cuid-M) agus Iarscríbhinn Vb (Cuid-ML) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014, déanfar athbhreithniú aeracmhainneachta go tréimhsiúil ar aerárthach chun bailíocht an deimhnithe aeracmhainneachta a áirithiú. Is é an toradh atá ar athbhreithniú aeracmhainneachta a chur i gcrích go sásúil deimhniú ar athbhreithniú aeracmhainneachta (DABA) nó moladh maidir le DABA a eisiúint, de réir mar is infheidhme. I gcás ina n-eisítear moladh, tá sé le seoladh chuig an údarás inniúil náisiúnta a eisíonn DABA tar éis measúnú sásúil a dhéanamh.

(5)

Ba cheart an gá le moladh a theorannú do chásanna ina bhfuil gá le rannpháirtíocht na n-údarás inniúil náisiúnta chun an leibhéal sábháilteachta a bhfuil coinne leis a ráthú. Dá bhrí sin, chun éifeachtúlacht an athbhreithnithe aeracmhainneachta a fheabhsú, is gá athruithe a thabhairt isteach ar na ceanglais maidir leis an athbhreithniú aeracmhainneachta a leagtar amach in Iarscríbhinn I (Cuid-M), Iarscríbhinn Vb (Cuid-ML), Iarscríbhinn Vc (Cuid-CAMO) agus Iarscríbhinn Vd (Cuid-CAO) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014.

(6)

Mar gheall ar na spleáchais chasta idir Rialacháin (AE) Uimh. 748/2012 agus (AE) Uimh. 1321/2014 i ndáil le deimhniú aeracmhainneachta agus deimhniú ar athbhreithniú aeracmhainneachta faoi seach, is gá feabhas a chur ar an ailíniú idir an dá Rialachán sin, go háirithe i gcás aerárthaí a aistrítear idir Ballstáit nó a allmhairítear isteach san Aontas.

(7)

D’fhonn saorghluaiseacht aerárthaí laistigh den Aontas a fheabhsú, is gá an próiseas chun eisiúint deimhnithe aeracmhainneachta a éascú nuair a aistrítear aerárthaí idir Ballstáit agus cead a thabhairt d’iarratasóirí deimhniú aeracmhainneachta a iarraidh ar údarás inniúil náisiúnta an Bhallstáit inar mian leo an t-aerárthach a chlárú.

(8)

Is gá malartú faisnéise idir údaráis inniúla náisiúnta a chothú aon uair a bhraitear neamhchomhlíonadh suntasach a laghdaíonn an tsábháilteacht nó a chuireann sábháilteacht eitilte i mbaol mór.

(9)

Tá tábhacht ar leith ag baint le malartú faisnéise nuair nach ionann údarás inniúil an stáit chláraithe agus údarás inniúil na heagraíochta atá freagrach as aeracmhainneacht leanúnach an aerárthaigh nó údarás inniúil na heagraíochta a d’eisigh an DABA.

(10)

Ba cheart ceanglais maidir le hiarratais ar dheimhnithe aeracmhainneachta agus ar dheimhnithe srianta aeracmhainneachta a leasú chun cásanna aerárthaí athláimhe seachas aerárthaí de thionscnamh tríú tíortha a chur san áireamh, amhail aerárthaí a úsáideadh roimhe sin le haghaidh gníomhaíochtaí nó seirbhísí a shainítear in Airteagal 2(3), pointe (a), de Rialachán (AE) 2018/1139.

(11)

Nuair a bheidh iarratas á dhéanamh ar dheimhniú aeracmhainneachta nó ar dheimhniú srianta aeracmhainneachta d’aerárthach a allmhairítear ó thríú tír, beidh gá le ráiteas ina léireofar stádas aeracmhainneachta aerárthaigh. I gcás nach bhfuil fáil ar an ráiteas sin agus nach féidir é a fháil, ba cheart sásra malartach a thabhairt isteach bunaithe ar ghníomhaíochtaí imscrúdaithe agus meastóireachta.

(12)

Le Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), leagtar síos oibleagáidí sonracha le haghaidh eagraíochtaí agus daoine aonair maidir le tarluithe san eitlíocht shibhialta a thuairisciú, leis an anailís a dhéantar orthu agus leis na bearta leantacha a dhéantar ina leith. Is ann do na hoibleagáidí sin go fóill i gcomhthráth leis na ceanglais tuairiscithe a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014. Chun comhlíonadh agus cur chun feidhme aonfhoirmeach na n-oibleagáidí sin a áirithiú, ba cheart córais tuairiscithe tarluithe na n-eagraíochtaí agus na ndaoine aonair atá faoi réir Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 a ailíniú leis na prionsabail a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 376/2014.

(13)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialacháin (AE) Uimh. 748/2012 agus (AE) Uimh. 1321/2014 a leasú dá réir.

(14)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/111 ón gCoimisiún (5) leasaíodh Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 trí fhochatagóir ceadúnais B1.E a thabhairt isteach d’eitleáin ag a bhfuil córas tiomána leictreach agus uasmhais éirí de thalamh (MTOM) faoi bhun 5 700 kg. I ndáil leis sin, le hAirteagal 5(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 deonaítear maolú chun an t-aistriú chuig an bhfochatagóir ceadúnais nua sin a éascú. Leis an maolú, ceadaítear eitleáin ag a bhfuil córas tiomána leictreach agus MTOM faoi bhun 5 700 kg a fhormhuiniú sna fochatagóirí ceadúnais B1.1 agus B1.2 atá ann cheana go dtí an 13 Feabhra 2028. Tagraíonn an maolú sin do phointe 66.A.3(1)(b) d’Iarscríbhinn III (Cuid-66) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014, ach ba cheart é a cheartú chun tagairt a dhéanamh do phointe 66.A.3(a)(2) den Iarscríbhinn sin chun fochatagóir B1.E a chumhdach.

(15)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/203 ón gCoimisiún (6) leasaíodh Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 trí phointe nua a chur le pointe CAMO.B.300 in Iarscríbhinn Vc (Cuid-CAMO) a ghabhann leis an Rialachán sin. Cuireadh an pointe isteach mar phointe (g), ach ba cheart é a chur isteach mar phointe (h) ós rud é gur cuireadh pointe (g) le pointe CAMO.B.300 cheana le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/410 ón gCoimisiún (7).

(16)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 a cheartú dá réir, agus ba cheart feidhm a bheith ag na ceartúcháin ó na dátaí a thiocfaidh Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2025/111 agus (AE) 2023/203, faoi seach, chun bheith infheidhme.

(17)

Tá na tuairimí dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le Tuairim 08/2024, a d’eisigh Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 76(1) de Rialachán (AE) 2018/1139.

(18)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim an choiste a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 127(1) de Rialachán (AE) 2018/1139,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 mar a leanas:

(1)

leasaítear Iarscríbhinn I (Cuid 21) i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;

(2)

leasaítear Iarscríbhinn Ib (Cuid 21 Éadrom) i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 3(3), cuirtear an méid a leanas in ionad phointe (c):

‘(c)

go ndearnadh athbhreithniú aeracmhainneachta i gcomhréir le pointe M.A.903 d’Iarscríbhinn I (Cuid-M) agus gur eisíodh deimhniú nua ar athbhreithniú aeracmhainneachta i gcomhréir le pointe M.A.901 nó M.B.901 d’Iarscríbhinn I (Cuid-M), de réir mar is infheidhme.’;

(2)

Leasaítear Iarscríbhinn I (Cuid-M) i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo;

(3)

leasaítear Iarscríbhinn Vb (Cuid-ML) i gcomhréir le hIarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo;

(4)

leasaítear Iarscríbhinn Vc (Cuid-CAMO) i gcomhréir le hIarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo;

(5)

leasaítear Iarscríbhinn Vd (Cuid-CAO) i gcomhréir le hIarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

 

Ceartaítear Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5, mír 8:

‘8.   De mhaolú ar phointe 66.A.3(a)(2) agus phointe 66.A.45(a) d’Iarscríbhinn III (Cuid-66), go dtí an 13 Feabhra 2028, féadfar eitleán ag a bhfuil córas tiomána leictreach agus MTOM faoi bhun 5 700 kg a fhormhuiniú i gceadúnas le fochatagóir B1.1 nó B1.2 nuair a chomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

tá 6 mhí ar a laghad de thaithí chothabhála ag sealbhóir an cheadúnais i leith aerárthaí a chumhdaítear leis an gcatagóir cheadúnais nó leis an bhfochatagóir cheadúnais le 24 mhí anuas;

(b)

ní hé an t-eitleán atá á fhormhuiniú an chéad eitleán atá formhuinithe don (fho)chatagóir ábhartha;

(c)

tá oiliúint i leith cineál aerárthaigh déanta ag sealbhóir an cheadúnais i gcomhréir le Foscríbhinn III a ghabhann le hIarscríbhinn III (Cuid-66), tá an nós imeachta um fhormheas díreach oiliúna i leith cineál aerárthaigh a leagtar amach i bpointe 66.B.130 nó an nós imeachta ar a dtugtar tuairisc i bpointe 66.A.45(da) d’Iarscríbhinn III (Cuid-66) leanta aige.’

;

(2)

ceartaítear Iarscríbhinn Vc (Cuid-CAMO) i gcomhréir le hIarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 7 Lúnasa 2026.

Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 3, pointe (1), ón 13 Feabhra 2026 agus Airteagal 3, pointe (2), ón 22 Feabhra 2026.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Eanáir 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 212, 22.8.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1139/oj.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 ón gCoimisiún an 3 Lúnasa 2012 lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme maidir le haeracmhainneacht agus deimhniú comhshaoil nó dearbhú comhlíontachta aerárthaí agus táirgí gaolmhara, comhpháirteanna gaolmhara, fearas gaolmhar, aonad rialaithe agus faireacháin gaolmhar agus comhpháirteanna gaolmhara aonad rialaithe agus faireacháin, chomh maith le ceanglais maidir le cumas na n-eagraíochtaí deartha agus táirgthe ( IO L 224, 21.8.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/748/oj).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2014 maidir le haeracmhainneacht leanúnach aerárthaí agus táirgí, páirteanna agus fearas aerloingseoireachta, agus maidir le formheas na n-eagraíochtaí agus an phearsanra a bhfuil baint acu leis na cúraimí sin ( IO L 362, 17.12.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/1321/oj).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le tarluithe san eitlíocht shibhialta a thuairisciú, leis an anailís a dhéantar orthu agus leis na bearta leantacha a dhéantar ina leith, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1321/2007 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 1330/2007 ón gCoimisiún (IO L 122, 24.4.2014, lch. 18, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/376/oj).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/111 ón gCoimisiún an 23 Eanáir 2025 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 a mhéid a bhaineann le haeracmhainneacht leanúnach i gcás aerárthaí faoi thiomáint leictreach agus hibrideach agus aerárthaí neamhghnácha eile (IO L, 2025/111, 24.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/111/oj).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/203 ón gCoimisiún an 27 Deireadh Fómhair 2022 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais maidir le bainistiú rioscaí a bhaineann le slándáil faisnéise lena ngabhann tionchar féideartha ar an tsábháilteacht eitlíochta le haghaidh eagraíochtaí a chumhdaítear le Rialacháin (AE) Uimh. 1321/2014, (AE) Uimh. 965/2012, (AE) Uimh. 1178/2011, (AE) 2015/340 ón gCoimisiún, Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 agus (AE) 2021/664 ón gCoimisiún, agus le haghaidh údaráis inniúla a chumhdaítear le Rialacháin (AE) Uimh. 748/2012, (AE) Uimh. 1321/2014, (AE) Uimh. 965/2012, (AE) Uimh. 1178/2011, (AE) 2015/340 agus (AE) Uimh. 139/2014 ón gCoimisiún, Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 agus (AE) 2021/664 ón gCoimisiún, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1178/2011, (AE) Uimh. 748/2012, (AE) Uimh. 965/2012, (AE) Uimh. 139/2014, (AE) Uimh. 1321/2014, (AE) 2015/340 ón gCoimisiún, agus Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 agus (AE) 2021/664 ón gCoimisiún (IO L 31, 2.2.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/203/oj).

(7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/410 ón gCoimisiún an 10 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 a mhéid a bhaineann le bainistiú aeracmhainneachta leanúnaí i ngrúpáil aonair ghnó aeriompróra (IO L 84, 11.3.2022, lch. 20, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/410/oj).


IARSCRÍBHINN I

Leasaítear Iarscríbhinn I (Cuid 21) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 mar a leanas:

(1)

i bpointe 21.B.320, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) agus (b):

‘(a)

Cé is moite de dheimhniú aeracmhainneachta a eisiúint de bhun phointí 21.B.326(a)(2)(i) nó 21.B.327(a)(2)(i), déanfaidh údarás inniúil Bhallstát an chláraithe gníomhaíochtaí leordhóthanacha imscrúdaithe chun údar a thabhairt le heisiúint, bailíocht leanúnach, leasú, fionraí nó cúlghairm an deimhnithe aeracmhainneachta nó an deimhnithe srianta aeracmhainneachta.

(b)

Bunóidh údarás inniúil Bhallstát an chláraithe na nósanna imeachta dá imscrúduithe, lena gcumhdófar na gnéithe seo a leanas ar a laghad:

1.

meastóireacht ar incháilitheacht an iarratasóra;

2.

meastóireacht ar choinníollacha an iarratais;

3.

aicmiú na ndeimhnithe aeracmhainneachta;

4.

meastóireacht ar an doiciméadacht a fuarthas leis an iarratas;

5.

cigireacht ar an aerárthach;

6.

na coinníollacha, na srianta nó na teorainneacha is gá maidir leis na deimhnithe aeracmhainneachta a chinneadh;

7.

glacadh leis an gclár meastóireachta agus measúnú ar an tuarascáil mheastóireachta arna forbairt i gcomhréir le pointe 21.A.174(d).’;

(2)

i bpointe 21.B.325, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c)

I gcás inarb infheidhme, sa bhreis ar an deimhniú aeracmhainneachta dá dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b), eiseoidh údarás inniúil Bhallstát an chláraithe deimhniú ar athbhreithniú aeracmhainneachta i gcomhréir le pointe M.B.901 d’Iarscríbhinn I (Cuid-M) nó pointe ML.B.901 d’Iarscríbhinn Vb (Cuid-ML) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014, nó pointe AR.UAS.CAW.902 den Iarscríbhinn (Cuid-AR.UAS) a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1109 ón gCoimisiún (*1), de réir mar is infheidhme.

(*1)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1109 ón gCoimisiún an 10 Aibreán 2024 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais agus nósanna imeachta riaracháin don údarás inniúil maidir le deimhniúchán, formhaoirseacht agus forfheidhmiú ar aeracmhainneacht leanúnach córas aerárthaí deimhnithe gan foireann, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/203 (IO L, 2024/1109, 23.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1109/oj).’;"

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 21.B.326:

21.B.326   Deimhniú aeracmhainneachta

(a)

Eiseoidh údarás inniúil Bhallstát an chláraithe deimhniú aeracmhainneachta le haghaidh na nithe seo a leanas:

(1)

aerárthaí nua :

(i)

an doiciméadacht a cheanglaítear le pointe 21.A.174(b)(2) a thabhairt ar aird;

(ii)

i gcás ina bhfuil údarás inniúil Bhallstát an chláraithe sásta go gcomhlíonann an t-aerárthach na ceanglais is infheidhme maidir le hastaíochtaí CO2 ar an dáta a eisítear an deimhniú aeracmhainneachta den chéad uair;

(2)

aerárthaí athláimhe a aistríodh ó Bhallstát eile ag a bhfuil deimhniú aeracmhainneachta arna eisiúint i gcomhréir leis an Iarscríbhinn seo, ach cóip den deimhniú aeracmhainneachta reatha agus ceann amháin díobh seo a leanas a thabhairt ar aird:

(i)

an doiciméadacht a cheanglaítear le pointe 21.A.174(b)(3)(i)(A);

(ii)

an doiciméadacht a cheanglaítear le pointe 21.A.174(b)(3)(i)(B);

(3)

aerárthaí athláimhe nach bhfuil deimhniú aeracmhainneachta acu arna eisiúint i gcomhréir leis an Iarscríbhinn seo, tar éis an doiciméadacht a cheanglaítear le pointe 21.A.174(b)(3)(ii) a thabhairt ar aird, ar doiciméadacht í a léiríonn go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(i)

comhlíonann an t-aerárthach nó an córas aerárthaí gan foireann, de réir mar is infheidhme, dearadh formheasta faoi dheimhniú cineáil agus aon deimhniú cineáil forlíontach, tá athrú nó deisiú formheasta i gcomhréir leis an Iarscríbhinn seo;

(ii)

gur comhlíonadh na treoracha aeracmhainneachta is infheidhme;

(iii)

go ndearnadh athbhreithniú aeracmhainneachta i gcomhréir leis an gceanglas is infheidhme d’Iarscríbhinn I (Cuid-M) nó Iarscríbhinn Vb (Cuid-ML) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014, nó le hIarscríbhinn I (Cuid-ML.UAS) a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1107, de réir mar is infheidhme;

(iv)

go raibh an t-aerárthach i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme maidir le hastaíochtaí CO2 ar dháta eisiúna a chéad deimhnithe aeracmhainneachta.

(b)

Maidir leis na cásanna dá dtagraítear i bpointí (a)(1), (a)(2)(ii) agus (a)(3), eiseoidh an Ballstát cláraithe deimhniú aeracmhainneachta i gcás inar deimhin leis go bhfuil an t-aerárthach nó UAS, de réir mar is infheidhme, i gcomhréir le dearadh formheasta agus go bhfuil sé i riocht a oibrithe go sábháilte. D’fhéadfadh iniúchtaí de chuid údarás inniúil Bhallstát an chláraithe a áireamh anseo.’;

(4)

leasaítear pointe 21.B.327 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

Eiseoidh údarás inniúil Bhallstát an chláraithe deimhniú srianta aeracmhainneachta le haghaidh na nithe seo a leanas:

1.

aerárthaí nua, ar thabhairt ar aird na doiciméadachta a cheanglaítear le pointe 21.A.174(b)(2);

2.

aerárthaí athláimhe a aistríodh ó Bhallstát eile ag a bhfuil deimhniú srianta aeracmhainneachta arna eisiúint i gcomhréir leis an Iarscríbhinn seo, ar chóip den deimhniú srianta aeracmhainneachta reatha agus aon cheann díobh seo a leanas a thabhairt ar aird:

(i)

an doiciméadacht a cheanglaítear le pointe 21.A.174(b)(3)(i)(A);

(ii)

an doiciméadacht a cheanglaítear le pointe 21.A.174(b)(3)(i)(B);

3.

aerárthaí athláimhe nach bhfuil deimhniú srianta aeracmhainneachta acu arna eisiúint i gcomhréir leis an Iarscríbhinn seo, ach an doiciméadacht a cheanglaítear le pointe 21.A.174(b)(3)(ii) a thabhairt ar aird, ar doiciméadacht í a léiríonn go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(i)

comhlíonann an t-aerárthach nó an córas aerárthaí gan foireann, de réir mar is infheidhme, dearadh formheasta faoi dheimhniú cineáil agus aon deimhniú cineáil forlíontach, tá athrú nó deisiú formheasta i gcomhréir leis an Iarscríbhinn seo;

(ii)

gur comhlíonadh na treoracha aeracmhainneachta is infheidhme;

(iii)

go ndearnadh athbhreithniú aeracmhainneachta i gcomhréir leis an gceanglas is infheidhme d’Iarscríbhinn I (Cuid-M) nó Iarscríbhinn Vb (Cuid-ML) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014, nó le hIarscríbhinn I (Cuid-ML.UAS) a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1107, de réir mar is infheidhme.’;

(b)

cuirtear pointe (d) a leanas leis:

‘(d)

Maidir leis na cásanna dá dtagraítear i bpointí (a)(1), (a)(2)(ii) agus (a)(3), eiseoidh an Ballstát cláraithe deimhniú srianta ar aeracmhainneacht i gcás inar deimhin leis go bhfuil an t-aerárthach nó an córas aerárthaí gan foireann, de réir mar is infheidhme, i gcomhréir le dearadh formheasta agus go bhfuil sé i riocht a oibrithe go sábháilte. D’fhéadfadh iniúchtaí de chuid údarás inniúil Bhallstát an chláraithe a áireamh anseo.’.


(*1)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1109 ón gCoimisiún an 10 Aibreán 2024 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais agus nósanna imeachta riaracháin don údarás inniúil maidir le deimhniúchán, formhaoirseacht agus forfheidhmiú ar aeracmhainneacht leanúnach córas aerárthaí deimhnithe gan foireann, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/203 (IO L, 2024/1109, 23.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1109/oj).’;’


IARSCRÍBHINN II

Leasaítear Iarscríbhinn Ib (Cuid 21L) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 mar a leanas:

(1)

leasaítear pointe 21L.B.161 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

Bunóidh údarás inniúil Bhallstát an chláraithe na nósanna imeachta dá imscrúduithe, lena gcumhdófar na gnéithe seo a leanas ar a laghad:

1.

meastóireacht ar incháilitheacht an iarratasóra;

2.

meastóireacht ar choinníollacha an iarratais;

3.

aicmiú na ndeimhnithe aeracmhainneachta;

4.

meastóireacht ar an doiciméadacht a fuarthas leis an iarratas;

5.

cigireacht ar an aerárthach;

6.

na coinníollacha, na srianta nó na teorainneacha is gá maidir leis na deimhnithe aeracmhainneachta a chinneadh;

7.

glacadh leis an gclár meastóireachta agus measúnú ar an tuarascáil mheastóireachta arna forbairt i gcomhréir le pointe 21L.A.143(h).’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c)

Cé is moite de dheimhniú aeracmhainneachta a eisiúint mar a thuairiscítear i bpointe 21L.B.162(c)(1), déanfaidh údarás inniúil Bhallstát an chláraithe gníomhaíochtaí leordhóthanacha imscrúdaithe chun údar a thabhairt le heisiúint, bailíocht leanúnach, leasú, fionraí nó cúlghairm an deimhnithe aeracmhainneachta nó an deimhnithe srianta aeracmhainneachta. Agus imscrúduithe á ndéanamh aige maidir le deimhniú aeracmhainneachta nó deimhniú srianta aeracmhainneachta a eisiúint d’aerárthach nuatháirgthe, déanfaidh údarás inniúil Bhallstát an chláraithe meastóireacht ar an ngá atá le hiniúchadh fisiciúil a dhéanamh ar an aerárthach chun comhréireacht agus sábháilteacht eitilte an aerárthaigh a áirithiú sula n-eiseofar deimhniú aeracmhainneachta nó deimhniú srianta aeracmhainneachta. Cuirfear an méid seo a leanas san áireamh sa mheastóireacht sin:

1.

torthaí na cigireachta fisicí ar an gcéad earra den táirge sin sa chumraíocht dheireanach, arna déanamh i gcomhréir le pointe 21L.B.143(b) nó pointe 21L.B.251(b) ag údarás inniúil Bhallstát an chláraithe, nó ag an údarás inniúil a dhéanann maoirseacht ar an eagraíocht nó ar an duine nádúrtha nó dlítheanach a tháirg an t-aerárthach sin, murab ionann iad;

2.

an tréimhse ama ón iniúchadh fisiceach deireanach a rinne údarás inniúil Bhallstát an chláraithe aerárthaigh a tháirg an eagraíocht, nó an duine nádúrtha nó dlítheanach a tháirg an t-aerárthach sin;

3.

torthaí na maoirseachta a rinneadh faoi Roinn B, Fochuid G den Iarscríbhinn seo nó faoi Roinn B, Fhochuid G d’Iarscríbhinn I (Cuid 21) ar an eagraíocht a eisíonn an ráiteas comhréireachta don aerárthach, nó an fíorú a rinneadh faoi Roinn A, Fochuid R den Iarscríbhinn seo ar ráitis chomhréireachta eile (Foirm 52B EASA) nó deimhnithe eisiúna údaraithe (Foirm 1 EASA) a d’eisigh an sínitheoir céanna;

4.

an tréimhse ama ón gcuairt dheireanach mhaoirseachta a thug an eagraíocht i gcomhréir le Roinn B, Fochuid G, den Iarscríbhinn seo, nó Roinn B, Fochuid G, d’Iarscríbhinn I (Cuid 21), nó ón uair a rinneadh an fíorú deireanach faoi Roinn A, Fochuid R, den Iarscríbhinn seo ar ráiteas comhréireachta (Foirm 52B EASA) nó ar dheimhniú eisiúna údaraithe (Foirm 1 EASA) a d’eisigh an sínitheoir céanna.’;

(2)

leasaítear pointe 21L.B.162 mar a leanas:

(a)

i bpointe (a)(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (iii):

‘(iii)

go ndearnadh athbhreithniú aeracmhainneachta i gcomhréir leis an gceanglas is infheidhme d’Iarscríbhinn I (Cuid-M) nó Iarscríbhinn Vb (Cuid-ML) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014.’;

(b)

i bpointe (b)(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (iii):

‘(iii)

go ndearnadh athbhreithniú aeracmhainneachta i gcomhréir leis an gceanglas is infheidhme d’Iarscríbhinn I (Cuid-M) nó Iarscríbhinn Vb (Cuid-ML) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014.’;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (c) agus (d):

‘(c)

De mhaolú ar phointí (a) agus (b), i gcás aerárthaigh athláimhe a aistrítear ó Bhallstát eile agus ag a bhfuil deimhniú aeracmhainneachta arna eisiúint i gcomhréir leis an Iarscríbhinn seo, eiseoidh údarás inniúil Bhallstát an chláraithe nua an deimhniú aeracmhainneachta nó an deimhniú srianta aeracmhainneachta i gcás ina bhfuil sé sásta go gcomhlíonann an t-iarratasóir pointe 21L.A.144(a) agus gur sholáthair sé cóip den deimhniú aeracmhainneachta reatha nó den deimhniú srianta aeracmhainneachta reatha agus ceann amháin díobh seo a leanas:

1.

an doiciméadacht a cheanglaítear le pointe 21L.A.143(e)(1);

2.

an doiciméadacht a cheanglaítear le pointe 21L.A.143(e)(2).

(d)

I gcás inarb infheidhme, sa bhreis ar an deimhniú aeracmhainneachta dá dtagraítear i bpointe (a), pointe (b) nó i bpointe (c), eiseoidh údarás inniúil Bhallstát an chláraithe deimhniú ar athbhreithniú aeracmhainneachta i gcomhréir le pointe M.B.901 d’Iarscríbhinn I (Cuid-M) nó pointe ML.B.901 d’Iarscríbhinn Vb (Cuid-ML) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014, de réir mar is infheidhme.’.


IARSCRÍBHINN III

Leasaítear Iarscríbhinn I (Cuid-M) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad chlár na n-ábhar:

‘CLÁR

M.1

ROINN A —

CEANGLAIS THEICNIÚLA

FOCHUID A —

GINEARÁLTA

M.A.101

Raon feidhme

FOCHUID B —

CUNTASACHT

M.A.201

Freagrachtaí

M.A.202

Tuairisciú ar tharluithe

FOCHUID C —

AERACMHAINNEACHT LEANÚNACH

M.A.301

Cúraimí aeracmhainneachta leanúnaí

M.A.302

Clár cothabhála aerárthaigh

M.A.303

Treoracha maidir le haeracmhainneacht

M.A.304

Sonraí a bhaineann le modhnuithe agus deisiúcháin

M.A.305

Córas um thaifead aeracmhainneachta leanúnaí

M.A.306

Logleabhar teicniúil an aerárthaigh

M.A.307

Taifid maidir le haeracmhainneacht leanúnach aerárthaí a aistriú

FOCHUID D —

CAIGHDEÁIN CHOTHABHÁLA

M.A.401

Sonraí cothabhála

M.A.402

Feidhmíocht cothabhála

M.A.403

Fabhtanna aerárthaí

FOCHUID E —

COMHPHÁIRTEANNA

M.A.501

Aicmiú agus suiteáil

M.A.502

Cothabháil comhpháirteanna

M.A.503

Páirteanna a bhfuil teorainn lena saolré agus comhpháirteanna atá faoi rialú ama

M.A.504

Deighilt comhpháirteanna

FOCHUID F —

EAGRAÍOCHT CHOTHABHÁLA

M.A.601

Raon feidhme

M.A.602

Iarratas

M.A.603

Méid an fhormheasa

M.A.604

Lámhleabhar na heagraíochta cothabhála

M.A.605

Saoráidí

M.A.606

Ceanglais maidir le pearsanra

M.A.607

An pearsanra deimhnithe agus an pearsanra athbhreithnithe aeracmhainneachta

M.A.608

Comhpháirteanna, trealamh agus uirlisí

M.A.609

Sonraí cothabhála

M.A.610

Orduithe oibre cothabhála

M.A.611

CAIGHDEÁIN CHOTHABHÁLA

M.A.612

Deimhniú scaoilte iarchothabhála aerárthaí

M.A.613

Deimhniú scaoilte iarchothabhála i dtaca leis an gcomhpháirt

M.A.614

Taifid ar chothabháil agus ar athbhreithniú aeracmhainneachta

M.A.615

Pribhléidí na heagraíochta

M.A.616

Athbhreithniú eagraíochtúil

M.A.617

Athruithe ar an eagraíocht chothabhála cheadaithe

M.A.618

Formheas a bheith bailí fós

M.A.619

Torthaí

FOCHUID G —

EAGRAÍOCHT UM BAINISTIÚ AERACMHAINNEACHTA LEANÚNAÍ

M.A.701

Raon feidhme

M.A.702

Iarratas

M.A.703

Méid an fhormheasa

M.A.704

Tuairiscleabhar um Bainistiú Aeracmhainneachta Leanúnaí

M.A.705

Saoráidí

M.A.706

Ceanglais maidir le pearsanra

M.A.707

An pearsanra athbhreithnithe aeracmhainneachta

M.A.708

Bainistíocht aeracmhainneachta leanúnaí

M.A.709

Doiciméadacht

M.A.710

Athbhreithniú aeracmhainneachta

M.A.711

Pribhléidí na heagraíochta

M.A.712

Córas cáilíochta

M.A.713

Athruithe ar an eagraíocht fhormheasta aeracmhainneachta leanúnaí

M.A.714

Taifid a choinneáil

M.A.715

Formheas a bheith bailí fós

M.A.716

Torthaí

FOCHUID H —

DEIMHNIÚ SCAOILTE IARCHOTHABHÁLA (“CRS”)

M.A.801

Deimhniú scaoilte iarchothabhála aerárthaí

M.A.802

Deimhniú scaoilte iarchothabhála i dtaca leis an gcomhpháirt

M.A.803

Údarú an úinéara is píolóta

FOCHUID I —

DEIMHNIÚ AR ATHBHREITHNIÚ AERACMHAINNEACHTA

M.A.901

Athbhreithniú aeracmhainneachta — Ginearálta

M.A.902

Bailíocht an deimhnithe ar athbhreithniú aeracmhainneachta

M.A.903

Próiseas le haghaidh athbhreithniú aeracmhainneachta

M.A.904

An pearsanra athbhreithnithe aeracmhainneachta

M.A.905

Clárú aerárthaí a aistriú laistigh den Aontas

M.A.906

Athbhreithniú aeracmhainneachta ar aerárthaí gan deimhniú aeracmhainneachta arna eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012

M.A.907

Torthaí

FOCHUID B –

NÓSANNA IMEACHTA LE hAGHAIDH NA nÚDARÁS INNIÚIL

FOCHUID A —

GINEARÁLTA

M.B.101

Raon feidhme

M.B.102

Údarás inniúil

M.B.103

Torthaí agus bearta forfheidhmiúcháin — daoine

M.B.104

Taifid a choinneáil

M.B.105

Malartú frithpháirteach faisnéise

FOCHUID B —

CUNTASACHT

M.B.201

Freagrachtaí

M.B.202

Faisnéis don Ghníomhaireacht

FOCHUID C —

AERACMHAINNEACHT LEANÚNACH

M.B.301

Clár cothabhála aerárthaigh

M.B.302

Díolúintí

M.B.303

Faireachán ar aeracmhainneacht leanúnach aerárthaí

M.B.304

Cúlghairm agus fionraí

M.B.305

Logleabhar teicniúil an aerárthaigh

FOCHUID D —

CAIGHDEÁIN CHOTHABHÁLA

FOCHUID E —

COMHPHÁIRTEANNA

FOCHUID F —

EAGRAÍOCHT CHOTHABHÁLA

M.B.601

Iarratas

M.B.602

Formheas Tosaigh

M.B.603

Eisiúint an fhormheasa

M.B.604

Formhaoirseacht leanúnach

M.B.605

Torthaí

M.B.606

Athruithe

M.B.607

Cúlghairm, fionraí agus teorannú formheasa

FOCHUID G —

EAGRAÍOCHT UM BAINISTIÚ AERACMHAINNEACHTA LEANÚNAÍ

M.B.701

Iarratas

M.B.702

Formheas Tosaigh

M.B.703

Eisiúint an fhormheasa

M.B.704

Formhaoirseacht leanúnach

M.B.705

Torthaí

M.B.706

Athruithe

M.B.707

Cúlghairm, fionraí agus teorannú formheasa

FOCHUID H —

DEIMHNIÚ SCAOILTE IARCHOTHABHÁLA (‘CRS’)

FOCHUID I —

DEIMHNIÚ AR ATHBHREITHNIÚ AERACMHAINNEACHTA

M.B.901

Deimhniú ar athbhreithniú aeracmhainneachta arna eisiúint ag an údarás inniúil

M.B.902

Measúnú ar mholtaí

M.B.905

Clárú aerárthaí a aistriú laistigh den Aontas

M.B.906

Athbhreithniú aeracmhainneachta ar aerárthaí gan deimhniú aeracmhainneachta arna eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012

M.B.907

Torthaí

Foscríbhinn I —

Conradh maidir le haeracmhainneacht leanúnach a bhainistiú

Aguisín II —

Deimhniú Údaraithe um Scaoileadh — Foirm 1 EASA

Foscríbhinn III —

Deimhniú ar athbhreithniú aeracmhainneachta — Foirm 15 EASA

Foscríbhinn IV —

Córas aicmithe agus rátála le haghaidh na dtéarmaí ceadaithe eagraíochtaí cothabhála dá dtagraítear in Iarscríbhinn I (Cuid-M), Fochuid F

Foscríbhinn V —

Deimhniú Eagraíochta Cothabhála dá dtagraítear in Iarscríbhinn I (Cuid-M) Fochuid F — Foirm 3-MF EASA

Foscríbhinn VI —

Deimhniú eagraíochta um bainistiú aeracmhainneachta leanúnaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I (Cuid-M) Fochuid G — Foirm 14-MG EASA

Foscríbhinn VII —

Cúraimí Cothabhála Casta

Foscríbhinn VIII —

Cothabháil an úinéara píolóta theoranta’;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe M.A.202:

‘M.A.202   Tuairisciú ar tharluithe

(a)

Tuairisceoidh na daoine seo a leanas aon teagmhas a bhaineann le sábháilteacht nó bail shainaitheanta aerárthaigh nó comhpháirte a chuireann aerárthach, na daoine atá ar bord nó aon duine eile i mbaol nó, mura gceartófaí é nó mura dtabharfaí aghaidh air, a d’fhéadfadh an t-aerárthach, na daoine atá ar bord nó aon duine eile a chur i mbaol:

(1)

an t-úinéir a dhéanann cúraimí aeracmhainneachta leanúnaí an aerárthaigh iad féin i gcomhréir le pointí M.A.201(i)(2) agus (3);

(2)

an pearsanra deimhnithe neamhspleách dá dtagraítear i bpointe M.A.801(b)(1);

(3)

an t-úinéir is píolóta dá dtagraítear i bpointe M.A.801(b)(2).

(b)

Maidir leis na tuarascálacha a cheanglaítear le pointe (a):

(1)

déanfar iad a chur faoi bhráid údarás inniúil Bhallstát an chláraithe aerárthaigh agus faoi bhráid na heagraíochta atá freagrach as dearadh an aerárthaigh nó na comhpháirte;

(2)

déanfar iad a luaithe is indéanta, ach in aon chás laistigh de 72 uair an chloig tar éis teacht ar an eolas faoin tarlú nó faoin staid mura gcoisctear é sin de dheasca tosca eisceachtúla;

(3)

déanfar iad i bhfoirm agus ar bhealach a bhunóidh údarás inniúil Bhallstát an chláraithe aerárthaigh;

(4)

beidh an fhaisnéis ábhartha uile iontu faoin teagmhas nó faoin staid is eol don phearsa.

(c)

De bhreis ar na ceanglais a leagtar amach i bpointí (a) agus (b), déanfaidh duine a choinníonn an t-aerárthach aon teagmhas nó staid den sórt sin a dhéanann difear don aerárthach a thuairisciú don duine nó don eagraíocht atá freagrach i gcomhréir le pointe M.A.201 as aeracmhainneacht leanúnach na n-aerárthaí sin.’;

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí M.A.901, M.A.902, M.A.903, M.A.904 agus M.A.905:

‘M.A.901   Athbhreithniú aeracmhainneachta — Ginearálta

(a)

Chun bailíocht an deimhnithe aeracmhainneachta a áirithiú, rachaidh aerárthach faoi athbhreithniú aeracmhainneachta go tréimhsiúil i gcomhréir le pointe M.A.903.

(b)

Beidh an méid seo a leanas mar thoradh ar athbhreithniú aeracmhainneachta a chur i gcrích go sásúil:

(1)

deimhniú ar athbhreithniú aeracmhainneachta (DABA) arna eisiúint i gcomhréir le Foscríbhinn III (Foirm 15b EASA), má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(i)

rinneadh aeracmhainneacht leanúnach an aerárthaigh a bhainistiú go leanúnach i gcomhréir le pointe M.A.201 den Iarscríbhinn seo nó pointe ML.A.201 d’Iarscríbhinn Vb, de réir mar is infheidhme, ó eisíodh an DABA roimhe sin;

(ii)

coinníodh an t-aerárthach i gcomhréir leis an Rialachán seo, ó eisíodh an DABA roimhe sin;

(iii)

gur eisíodh an deimhniú aeracmhainneachta i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 agus nach ndéantar é a chúlghairm ná a thabhairt suas tráth an athbhreithnithe;

(2)

moladh maidir le DABA a eisiúint don údarás inniúil, mura gcomhlíontar na coinníollacha i bpointe (1).

(c)

Eagraíocht atá formheasta chun athbhreithnithe aeracmhainneachta a dhéanamh i gcomhréir le pointe CAMO.A.125(e) d’Iarscríbhinn Vc (Cuid-CAMO) nó pointe CAO.A.095(c)(1) d’Iarscríbhinn Vd (Cuid-CAO), féadfaidh sí athbhreithniú aeracmhainneachta a dhéanamh ar aerárthach a áirítear ina raon feidhme oibre.

(d)

Nuair a dhéanfaidh an eagraíocht a shonraítear i bpointe (c) an t-athbhreithniú aeracmhainneachta, síneoidh an pearsanra athbhreithnithe aeracmhainneachta a rinne an t-athbhreithniú aeracmhainneachta an DABA nó an moladh.

(e)

Áiritheoidh an duine nó an eagraíocht atá freagrach as aeracmhainneacht leanúnach an aerárthaigh i gcomhréir le pointe M.A.201, arna iarraidh sin agus i gcás inar gá chun na gcríoch sin, go ndéanfaidh an eagraíocht nó an t-údarás inniúil a dhéanann an t-athbhreithniú aeracmhainneachta nó an measúnú ar mholadh DABA an méid seo a leanas:

(1)

go bhfuil na doiciméid agus na taifid aerárthaigh is gá aige;

(2)

a bhfuil cóiríocht oiriúnach don fhoireann ag an suíomh iomchuí;

(3)

go bhfuil rochtain aige ar an aerárthach;

(4)

cúnamh an phearsanra deimhnithe iomchuí.

(f)

De mhaolú ar phointe M.A.902(a), féadfar an t-athbhreithniú aeracmhainneachta a dhéanamh 90 lá nó níos lú roimh dháta éaga an DABA, gan leanúnachas an phatrúin athbhreithnithe aeracmhainneachta a chailleadh.

(g)

Ní ligfear an t-athbhreithniú aeracmhainneachta ar fochonradh.

(h)

Ní eiseofar DABA má tá fianaise ann nó má tá comharthaí ann nach bhfuil an t-aerárthach aeracmhainneach.

(i)

Seolfar cóip d’aon DABA arna eisiúint nó arna shíneadh i leith aerárthaigh chuig údarás inniúil Bhallstát cláraithe an aerárthaigh lena mbaineann laistigh de 10 lá tar éis na heisiúna nó an tsínidh.

(j)

Gan dochar do phointe (b) de phointe M.B.901, i gcás aerárthaí ag a bhfuil MTOM 2 730 kg agus atá faoi bhun an údaráis inniúil, féadfaidh siad an t-athbhreithniú aeracmhainneachta a dhéanamh agus DABA féin a eisiúint, arna iarraidh sin don úinéir.

(k)

Ar thabhairt suas nó ar chúlghairm, tabharfar an DABA ar ais d’údarás inniúil Bhallstát an chláraithe, arna iarraidh sin don údarás lena mbaineann.

M.A.902   Bailíocht an deimhnithe ar athbhreithniú aeracmhainneachta

(a)

Beidh DABA bailí ar feadh bliana amháin agus féadfar síneadh bliana eile a chur lena bhailíocht ar feadh dhá shíneadh as a chéile ar a mhéid. Tosóidh an síneadh ar bhailíocht an DABA ar an méid seo a leanas:

(1)

an dáta éaga roimhe sin, más rud é:

(i)

go ndéanfar an síneadh laistigh de 30 lá roimh dháta éaga an DABA;

(ii)

déantar an síneadh tar éis dháta éaga an DABA;

(2)

an dáta a dhéanfar an síneadh, má dhéantar é níos mó ná 30 lá roimh dháta éaga an DABA.

(b)

Is í an eagraíocht a bhainistíonn aeracmhainneacht leanúnach an aerárthaigh, agus í sin amháin, a chuirfidh síneadh leis an DABA, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(1)

rinne an eagraíocht sin aeracmhainneacht leanúnach an aerárthaigh a bhainistiú go leanúnach ó eisíodh an DABA;

(2)

go bhfuil an t-aerárthach á chothabháil ó eisíodh an DABA ag eagraíocht chothabhála arna formheas i gcomhréir le hIarscríbhinn II (Cuid-145) nó Iarscríbhinn Vd (Cuid-CAO), de réir mar is infheidhme;

(3)

níl aon fhianaise ná cúis ag an eagraíocht a bhainistíonn aeracmhainneacht leanúnach an aerárthaigh lena chreidiúint nach bhfuil an t-aerárthach aeracmhainneach.

Féadfar a áireamh ar an gcothabháil dá dtagraítear sa chéad mhír, pointe (2), cúraimí cothabhála an úinéara is píolóta a dhéanann nó a scaoileann an t-úinéir píolóta nó pearsanra deimhniúcháin neamhspleách.

(c)

Tiocfaidh DABA chun bheith neamhbhailí más rud é:

(1)

go bhfuil sé imithe in éag, curtha ar fionraí, tugtha suas nó cúlghairthe;

(2)

go ndéantar an deimhniú aeracmhainneachta a chur ar fionraí, a thabhairt suas nó a chúlghairm.

(d)

Ní eitleoidh aerárthach má tá an DABA neamhbhailí nó mura gcomhlíonann aeracmhainneacht leanúnach an aerárthaigh nó aon chomhpháirte atá suiteáilte ar an aerárthach ceanglais infheidhme na hIarscríbhinne seo.

M.A.903   Próiseas le haghaidh athbhreithniú aeracmhainneachta

(a)

Is éard is athbhreithniú aeracmhainneachta ann próiseas ina gcuimsítear na cúraimí agus na gníomhaíochtaí go léir chun meastóireacht a dhéanamh ar stádas aeracmhainneachta aerárthaigh bunaithe ar athbhreithniú doiciméadaithe ar thaifid aeracmhainneachta leanúnaí na n-aerárthaí gaolmhara agus ar shuirbhé fisiceach.

(b)

Tríd an athbhreithniú doiciméadaithe ar an aerárthach, beidh an pearsanra athbhreithnithe aeracmhainneachta sásta:

(1)

gur taifeadadh i gceart an saolré iomlán inseirbhíse arna charnadh sa pharaiméadar is infheidhme maidir leis an aerárthach, an t-inneall/na hinnill, an lián/na liáin, na páirteanna a bhfuil teorainn lena saolré agus na comhpháirteanna atá faoi rialú ama;

(2)

go bhfuil an lámhleabhar eitilte infheidhme maidir leis an gcumraíocht aerárthaigh agus go gcoinnítear cothrom le dáta é;

(3)

go ndearnadh an chothabháil atá dlite ar an aerárthach de réir an chlár cothabhála aerárthaigh, mar a shonraítear i bpointe M.A.302;

(4)

rinneadh gach locht aitheanta a cheartú nó, nuair is infheidhme, a iarchur i gcomhréir le pointe M.A.403;

(5)

gur comhlíonadh na treoracha aeracmhainneachta is infheidhme agus na bearta arna sainordú ag an údarás inniúil agus gur cuireadh isteach i gceart iad i gcóras taifid aeracmhainneachta leanúnaí an aerárthaigh;

(6)

gur cuireadh na modhnuithe agus na deisiúcháin a cuireadh i bhfeidhm ar an aerárthach isteach i gcóras taifid aeracmhainneachta leanúnaí an aerárthaigh agus comhlíonann siad pointe M.A.304;

(7)

go ndéanfar na páirteanna a bhfuil teorainn lena saolré agus na comhpháirteanna atá faoi rialú ama atá suiteáilte ar an aerárthach a shainaithint i gceart, go gcuirfear isteach i gcóras taifid aeracmhainneachta leanúnaí an aerárthaigh iad agus nár sháraigh siad a dteorannú;

(8)

más infheidhme, go léiríonn an ráiteas maise agus comhardaithe reatha cumraíocht an aerárthaigh agus tá sé bailí;

(9)

go gcomhlíonann an t-aerárthach an dearadh cineáil is infheidhme;

(10)

má eisítear é, go bhfuil deimhniú aeracmhainneachta bailí ag an aerárthach i gcomhréir le Roinn A, Fochuid H, d’Iarscríbhinn I (Cuid 21) nó, de réir mar is infheidhme, Roinn A, Fochuid H, d’Iarscríbhinn Ib (Cuid 21 Éadrom) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012;

(11)

má eisítear é, go bhfuil deimhniú torainn bailí ag an aerárthach a fhreagraíonn do chumraíocht reatha an aerárthaigh i gcomhréir le Fochuid I d’Iarscríbhinn I (Cuid 21) nó, de réir mar is infheidhme, le Roinn A, Fochuid I, d’Iarscríbhinn Ib (Cuid 21 Éadrom) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012;

(12)

má scaoileadh cothabháil i gcomhréir le haon cheann díobh seo a leanas:

(i)

ceanglais infheidhme an Rialacháin seo, don tréimhse a mbeidh an t-aerárthach faoi raon feidhme an Rialacháin seo lena linn;

(ii)

ceanglais iomchuí aeracmhainneachta an Stáit a bhí freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an aerárthach ar feadh na tréimhse nach raibh an t-aerárthach faoi raon feidhme an Rialacháin seo lena linn.

Má tá fianaise nó cúis ann lena chreidiúint nach leor an chothabháil sa tréimhse dá dtagraítear sa chéad mhír, pointe (ii), áiritheoidh an pearsanra athbhreithnithe aeracmhainneachta go ndéanfar gníomhaíochtaí iomchuí.

(c)

Trí shuirbhé fisiceach an aerárthaigh, beidh an pearsanra athbhreithnithe aeracmhainneachta sásta:

(1)

go bhfuil na marcálacha agus na póstaeir riachtanacha go léir suiteáilte i gceart agus a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i bpointe 21.A.175 d’Iarscríbhinn I (Cuid 21) nó, de réir mar is infheidhme, i bpointe 21L.A.144(a) d’Iarscríbhinn Ib (Cuid 21 Éadrom) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh 748/2012;

(2)

comhlíonann an t-aerárthach a lámhleabhar eitilte formheasta;

(3)

go gcomhlíonann cumraíocht an aerárthaigh an doiciméadacht fhormheasta;

(4)

nach féidir aon locht follasach a aimsiú nár tugadh aghaidh air i gcomhréir le pointe M.A.403;

(5)

nach féidir aon neamhréireacht a aimsiú idir an t-aerárthach agus an t-athbhreithniú doiciméadaithe ar thaifid dá dtagraítear i bpointe (b).

(d)

Maidir leis an suirbhé fisiceach, beidh pearsanra cáilithe den chineál sin de chúnamh ag an bpearsanra athbhreithnithe aeracmhainneachta nach bhfuil cáilithe mar phearsanra deimhnithe ar an aerárthach sonrach atá faoi réir an athbhreithnithe aeracmhainneachta.

(e)

Déanfar an t-athbhreithniú aeracmhainneachta a phleanáil agus a chur i gcrích sa chaoi go mbeidh an t-am idir an t-athbhreithniú ar thaifid aeracmhainneachta leanúnaí an aerárthaigh agus an fíorú comhfhreagrach a dhéanfar orthu le linn an tsuirbhé fhisiciúil chomh gearr agus is féidir.

(f)

Más rud é, ar chúis ar bith, nach féidir athbhreithniú aeracmhainneachta a chur i gcrích, cuirfidh an eagraíocht a dhéanann an t-athbhreithniú údarás inniúil an Bhallstáit cláraithe ar an eolas a luaithe is féidir.

(g)

Ní eiseofar an DABA ná an moladh go dtí go mbeidh gach gníomhaíocht chun deireadh a chur leis an neamhchomhlíonadh braite curtha chun feidhme.

(h)

Déanfar mionsonraí agus toradh athbhreithnithe aeracmhainneachta a thaifeadadh i dtuarascáil ar athbhreithniú aeracmhainneachta.

M.A.904   An pearsanra athbhreithnithe aeracmhainneachta

(a)

Beidh an pearsanra athbhreithnithe aeracmhainneachta a ghníomhaíonn thar ceann an údaráis inniúil cáilithe i gcomhréir le pointe M.B.901(c).

(b)

Beidh an pearsanra athbhreithnithe aeracmhainneachta a ghníomhaíonn thar ceann eagraíochta dá dtagraítear in Iarscríbhinn Vc (Cuid-CAMO) nó Iarscríbhinn Vd (Cuid CAO) cáilithe i gcomhréir le hIarscríbhinn Vc (Cuid-CAMO) nó Iarscríbhinn Vd (Cuid-CAO) faoi seach.

M.A.905   Clárú aerárthaí a aistriú laistigh den Aontas

(a)

Agus clárú aerárthaigh á aistriú laistigh den Aontas ag a bhfuil, tráth an iarratais, deimhniú aeracmhainneachta arna eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012, déanfaidh an t-iarratasóir an méid seo a leanas:

(1)

ar an gcéad dul síos, fógra a thabhairt d’údarás inniúil Bhallstát an chláraithe ina bhfuil an t-aerárthach cláraithe faoi ainm an Bhallstáit ina gclárófar an t-aerárthach;

(2)

dá éis sin, iarratas a dhéanamh chuig údarás inniúil Bhallstát nua an chláraithe ar dheimhniú aeracmhainneachta nua a eisiúint i gcomhréir le pointe 21.A.174(b)(3)(i) d’Iarscríbhinn I (Cuid 21) nó, de réir mar is infheidhme, pointe 21L.A.143(e) d’Iarscríbhinn Ib (Cuid 21 Éadrom) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012.

(b)

Tráth an iarratais chuig Ballstát nua an chláraithe:

(1)

má tá an DABA bailí, déanfaidh sé an méid seo a leanas:

(i)

beidh sé bailí go dtí a dháta éaga, ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i bpointe M.A.902(c);

(ii)

leasóidh údarás inniúil Bhallstát an chláraithe é leis na marcanna náisiúntachta agus marcanna clárúcháin nua;

(2)

má tá an DABA neamhbhailí nó má thagann sé chun bheith neamhbhailí le linn an phróisis aistrithe, déanfaidh an t-iarratasóir ceann de na céimeanna seo a leanas:

(i)

a áirithiú go n-athbhunófar bailíocht an DABA;

(ii)

a áirithiú go bhfaighfear DABA nua i gcomhréir le pointe M.A.901.’;

(4)

cuirtear isteach na pointí M.A.906 agus M.A.907 seo a leanas:

‘M.A.906   Athbhreithniú aeracmhainneachta ar aerárthaí gan deimhniú aeracmhainneachta arna eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012

(a)

Agus iarratas á dhéanamh ar dheimhniú aeracmhainneachta d’aerárthaí nach bhfuil deimhniú aeracmhainneachta acu arna eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 tráth an iarratais, déanfaidh an t-iarratasóir an méid seo a leanas:

(1)

iarratas a dhéanamh chuig údarás inniúil Bhallstát an chláraithe ar dheimhniú aeracmhainneachta nua a eisiúint i gcomhréir le hIarscríbhinn I (Cuid 21) nó, de réir mar is infheidhme, Iarscríbhinn Ib (Cuid 21 Éadrom) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012;

(2)

i gcás aerárthaí seachas aerárthaí nua, athbhreithniú aeracmhainneachta a dhéanamh agus a chur i gcrích go sásúil i gcomhréir le pointe M.A.903;

(3)

gach cothabháil a dhéanamh chun an clár cothabhála aerárthaigh arna fhormheas i gcomhréir le pointe M.A.302 a chomhlíonadh;

(4)

má eisíodh an t-iardheimhniú aeracmhainneachta i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012, ach má rinneadh é a chúlghairm nó a thabhairt suas, fógra a thabhairt don údarás inniúil a d’eisigh an t-iardheimhniú aeracmhainneachta, murab ionann é, faoi ainm an Bhallstáit ina gclárófar an t-aerárthach.

(b)

Seolfaidh an t-iarratasóir moladh maidir le heisiúint DABA chuig údarás inniúil Bhallstát an chláraithe, mar a shonraítear i bpointe 21.A.174(b)(3)(ii) d’Iarscríbhinn I (Cuid 21) nó, de réir mar is infheidhme, i bpointe 21L.A.143(f) d’Iarscríbhinn Ib (Cuid 21 Éadrom) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012, ach amháin más é an t-údarás inniúil a dhéanann an t-athbhreithniú aeracmhainneachta i gcomhréir le pointe M.A.901(j) den Iarscríbhinn seo.

(c)

I gcás ina cheanglaítear clár meastóireachta i gcomhréir le pointe 21.A.174(b)(3)(ii)(G)(b) nó pointe 21.A.174(d) d’Iarscríbhinn I (Cuid 21) nó, mar is infheidhme, pointe 21L.A.143(f)(6)(b) nó 21L.A.143(h) d’Iarscríbhinn Ib (Cuid 21 Éadrom) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012, déanfar an tuarascáil ar an meastóireacht dá dtagraítear i bpointe 21.A.174(d)(4) d’Iarscríbhinn Ib (Cuid 21) nó pointe 21L.A.143(h)(4) d’Iarscríbhinn Ib (Cuid 21 Éadrom) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012, cuirfear san áireamh iad ag an eagraíocht nó an údarás inniúil a dhéanann an t-aeracmhainneachta. Cuirfear an tuarascáil mheastóireachta isteach in éineacht leis an moladh dá dtagraítear i bpointe (b) den phointe seo, mura ndéanfaidh an t-údarás inniúil an t-athbhreithniú aeracmhainneachta i gcomhréir le pointe M.A.901(j) den Iarscríbhinn seo.

M.A.907   Torthaí

Tar éis fógra faoi thorthaí a fháil ón údarás inniúil i gcomhréir le pointe M.B.907, déanfaidh an duine nó an eagraíocht atá freagrach as aeracmhainneacht leanúnach an aerárthaigh de bhun pointe M.A.201 plean gníomhaíochta ceartaithí a bhunú lena n-áirítear ceartúcháin agus gníomhaíochtaí ceartaithe agus, laistigh den thréimhse chomhaontaithe ama, cur chun feidhme an cheartúcháin a léiriú don údarás inniúil.’;

(5)

i bpointe M.B.104, cuirtear an pointe (g) seo a leanas isteach:

‘(g)

Coinneoidh an t-údarás inniúil taifid ar an bhfoireann athbhreithnithe aeracmhainneachta uile agus ar an bpearsanra údaraithe uile a dhéanann measúnú ar mholtaí, más infheidhme, ar feadh 3 bliana tar éis don fhoireann sin an t-údarás inniúil a fhágáil. Áireofar sna taifid sin sonraí maidir le haon cháilíocht iomchuí a shealbhaítear mar aon le hachoimre ar thaithí agus ar oiliúint ábhartha i ndáil le bainistíocht aeracmhainneachta leanúnaí.’;

(6)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe M.B.202:

‘M.B.202   Faisnéis don Ghníomhaireacht

(a)

Tabharfaidh údarás inniúil Ballstáit fógra don Ghníomhaireacht i gcás ina mbeidh fadhbanna suntasacha ann maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2018/1139 agus lena ghníomhartha tarmligthe agus lena ghníomhartha cur chun feidhme laistigh de 30 lá ón tráth a chuirtear an t-údarás inniúil ar an eolas faoi na fadhbanna.

(b)

Gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus dá ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme, soláthróidh an t-údarás inniúil, a luaithe is féidir, aon fhaisnéis don Ghníomhaireacht atá suntasach ó thaobh na sábháilteachta de agus a eascraíonn as na tuarascálacha ar tharluithe a stóráiltear sa bhunachar sonraí náisiúnta de bhun Airteagal 6(6) de Rialachán (AE) Uimh. 376/2014.’;

(7)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe M.B.304:

‘M.B.304   Cúlghairm agus fionraí

Déanfaidh an t-údarás inniúil:

(a)

DABA a chur ar fionraí ar fhorais réasúnacha i gcás bagairt sábháilteachta a d’fhéadfadh a bheith ann; nó

(b)

DABA a chur ar fionraí nó a chúlghairm de bhun phointe M.B.907(c), an dara mír.’;

(8)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí M.B.901 agus M.B.902:

‘M.B.901   Athbhreithniú ar aeracmhainneacht arna eisiúint ag an údarás inniúil

(a)

Eiseoidh an t-údarás inniúil DABA agus úsáid á baint as an teimpléad i bhFoscríbhinn III (Foirm 15a EASA) i gceann de na cásanna seo a leanas:

(1)

tar éis don údarás inniúil sin an t-athbhreithniú aeracmhainneachta a chur i gcrích go sásúil i gcomhréir le pointe M.A.903;

(2)

tar éis measúnú sásúil a dhéanamh ar mholadh i gcomhréir le pointe M.B.902;

(3)

i gcás aerárthach nua.

(b)

Déanfaidh an t-údarás inniúil an t-athbhreithniú aeracmhainneachta i gcomhréir le pointe M.A.903 i gcás ina nochtar bagairt fhéideartha sábháilteachta.

(c)

Beidh pearsanra iomchuí athbhreithnithe aeracmhainneachta ag an údarás inniúil chun athbhreithnithe aeracmhainneachta a dhéanamh.

(1)

I gcás gach aerárthaigh a úsáideann aeriompróirí atá ceadúnaithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, agus i gcás aerárthaí os cionn 2 730 kg MTOM, beidh an méid seo a leanas ag an bhfoireann sin:

(i)

tá 5 bliana ar a laghad de thaithí faighte acu ar aeracmhainneacht leanúnach;

(ii)

go bhfuair siad ceadúnas iomchuí i gcomhréir le hIarscríbhinn III (Cuid-66), nó céim aerloingseoireachta nó a coibhéis náisiúnta;

(iii)

go bhfuil oiliúint chothabhála aerloingseoireachta fhoirmiúil faighte acu.

Féadfar 5 bliana de thaithí ar aeracmhainneacht leanúnach a chur in ionad an cheanglais a leagtar síos sa chéad mhír, pointe (ii), sa bhreis ar na blianta a cheanglaítear cheana féin le pointe (i) den chéad mhír.

(2)

I gcás aerárthaí nach n-úsáideann aeriompróirí atá ceadúnaithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, agus i gcás aerárthaí de 2 730 kg MTOM agus faoina bhun, beidh an méid seo a leanas ag an bhfoireann sin:

(i)

tá 3 bliana ar a laghad de thaithí faighte acu ar aeracmhainneacht leanúnach;

(ii)

go bhfuair siad ceadúnas iomchuí i gcomhréir le hIarscríbhinn III (Cuid-66), nó céim aerloingseoireachta nó a coibhéis náisiúnta;

(iii)

go bhfuair siad oiliúint chothabhála aerloingseoireachta iomchuí.

An ceanglas a leagtar síos sa chéad mhír, pointe (ii), féadfar 4 bliana de thaithí ar aeracmhainneacht leanúnach a chur ina ionad sa bhreis ar na blianta a cheanglaítear cheana féin le pointe (i) den gcéad mhír.

M.B.902   Measúnú ar mholtaí

(a)

Tar éis dó iarratas agus an moladh gaolmhar maidir le heisiúint DABA a fháil, déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú. Próiseas dhá chéim a bheidh sa mheasúnú sin, mar a leagtar amach i bpointí (b) agus (c).

(b)

Fíoróidh an t-údarás inniúil ar dtús go bhfuil an fhaisnéis ábhartha uile sa mholadh agus go bhfuil sí ceart agus cruinn. Áiritheofar leis an bhfíorú go ndearnadh athbhreithniú aeracmhainneachta i gcomhréir le pointe M.A.903, agus go ndearnadh an t-athbhreithniú aeracmhainneachta le leibhéal leordhóthanach fíoraithe.

(c)

Tar éis an fhíoraithe dá dtagraítear i bpointe (b), déanfaidh an t-údarás inniúil gníomhaíochtaí leordhóthanacha imscrúdúcháin, lena bhféadfaí a áireamh faisnéis bhreise a iarraidh ar an iarratasóir chun tacú leis an measúnú ar an moladh nó suirbhé fisiceach a dhéanamh ar an aerárthach.

(d)

Áiritheoidh an t-údarás inniúil go bhfuil an pearsanra atá údaraithe chun moltaí a mheasúnú cáilithe chun na cúraimí dá dtagraítear i bpointe (b) nó i bpointe (c) nó sa dá phointe sin a dhéanamh.

(e)

Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra don iarratasóir faoi na torthaí a ardaíodh le linn an mheasúnaithe ar an moladh.

(f)

Ní eiseoidh an t-údarás inniúil DABA mura gceartaítear na torthaí ar tugadh fógra ina leith i gcomhréir le pointe (e) laistigh de thréimhse réasúnta arna cinneadh ag an údarás inniúil, nó má tá neamhréireachtaí tromchúiseacha idir an fhaisnéis a soláthraíodh sa mholadh agus an measúnú a rinne an t-údarás inniúil. I gcásanna den sórt sin, cuirfidh an t-údarás inniúil eolas ar an údarás inniúil na heagraíochta a rinne an t-athbhreithniú aeracmhainneachta, murab ionann é.’;

(9)

scriostar pointí M.B.903 agus M.B.904;

(10)

cuirtear isteach na pointí M.B.905, M.B.906 agus M.B.907 seo a leanas:

‘M.B.905   Clárú aerárthaí a aistriú laistigh den Aontas

(a)

Ar fhógra a fháil maidir le haistriú aerárthaí idir na Ballstáit i gcomhréir le pointe M.A.905:

(1)

cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t-aerárthach cláraithe faoi láthair údarás inniúil an Bhallstáit ina mbeidh an t-aerárthach cláraithe ar an eolas faoi aon fhadhbanna is eol a bheith ann maidir leis an aerárthach atá á aistriú;

(2)

áiritheoidh údarás inniúil an Bhallstáit ina gclárófar an t-aerárthach go mbeidh fógra ceart tugtha d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t-aerárthach cláraithe faoi láthair faoin aistriú.

(b)

Leasóidh údarás inniúil Bhallstát nua an chláraithe an DABA atá ann cheana mar a shonraítear i bpointe M.A.905(b)(1)(ii) nó eiseoidh sé DABA nua i gcomhréir le pointe M.B.901(a)(1) nó pointe M.B.901(a)(2).

M.B.906   Athbhreithniú aeracmhainneachta ar aerárthaí gan deimhniú aeracmhainneachta arna eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012

I gcás iarratas ar dheimhniú aeracmhainneachta i gcomhréir le pointe M.A.906(a), más rud é gur eisíodh an t-iardheimhniú aeracmhainneachta i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012, ach gur cúlghaireadh nó gur tugadh suas é:

(a)

ar fhógra a fháil i gcomhréir le pointe M.A.906(a)(4), cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit a d’eisigh an t-iardheimhniú aeracmhainneachta údarás inniúil an Bhallstáit ina gclárófar an t-aerárthach ar an eolas, murab ionann iad, faoi aon fhadhbanna is eol a bheith ann leis an aerárthach;

(b)

áiritheoidh údarás inniúil an Bhallstáit ina gclárófar an t-aerárthach, murab ionann é, gur tugadh fógra cuí d’údarás inniúil an Bhallstáit a d’eisigh an t-iardheimhniú aeracmhainneachta.

M.B.907   Torthaí

(a)

Eiseoidh an t-údarás inniúil toradh leibhéal 1 nuair a bhraitear aon neamhchomhlíonadh suntasach le ceanglais infheidhme na hIarscríbhinne seo, a laghdaíonn an tsábháilteacht nó a chuireann sábháilteacht eitilte i mbaol mór.

(b)

Eiseoidh an t-údarás inniúil toradh leibhéal 2 nuair a bhraitear aon neamhchomhlíontacht le ceanglais infheidhme na hIarscríbhinne seo, nach n-aicmítear mar thoradh leibhéal 1.

(c)

Más rud é, le linn suirbhéanna aerárthaí nó ar mhodh eile, go bhfaightear fianaise a léiríonn neamhchomhlíonadh cheanglais na hIarscríbhinne seo, éileoidh an t-údarás inniúil go ndéanfar ceartú iomchuí ar an neamhchomhlíonadh a chur chun feidhme:

(1)

i gcás torthaí leibhéal 1, roimh eitilt bhreise;

(2)

i gcás thorthaí leibhéal 2, laistigh de thréimhse ama a nglacann an t-údarás inniúil léi nó ar chuir sé síneadh léi.

Déanfar DABA a chúlghairm nó a chur ar fionraí mura gcuirfear an ceartúchán i gcomhréir leis an gcéad mhír, pointe (1), chun feidhme láithreach.

(d)

Mura ndéanfar an ceartú iomchuí ar an neamhchomhlíonadh a cheanglaítear faoi phointe (c)(2) a chur chun feidhme laistigh den tréimhse ama ar ghlac an t-údarás inniúil léi nó ar chuir sé síneadh léi, breithneoidh an t-údarás inniúil an toradh leibhéal 2 a ardú go toradh leibhéal 1 agus mura gcuirtear an ceartú chun feidhme láithreach, déanfaidh sé an DABA a chúlghairm nó a chur ar fionraí.

(e)

Nuair a ardaítear toradh leibhéal 1, cuirfidh an t-údarás inniúil an méid seo a leanas ar an eolas, más éagsúil agus de réir mar is infheidhme:

(1)

údarás inniúil na heagraíochta atá freagrach as aeracmhainneacht leanúnach an aerárthaigh de bhun phointe M.A.201;

(2)

údarás inniúil na heagraíochta a d’eisigh an DABA reatha.’;

(11)

i bhFoscríbhinn III, cuirtear an méid seo a leanas in ionad foirmeacha 15b agus 15a:

‘[BALLSTÁT (***)]

Ballstát den Aontas Eorpach (**)

DEIMHNIÚ AR ATHBHREITHNIÚ AERACMHAINNEACHTA (DABA)

Tagairt DABA: …

De bhun Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an eagraíocht seo a leanas, arna formheas i gcomhréir le Roinn A d’Iarscríbhinn Vc (Cuid-CAMO) nó Roinn A d’Iarscríbhinn Vd (Cuid-CAO) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún, dearbhaíonn

[AINM NA hEAGRAÍOCHTA CEADAITHE AGUS SEOLADH]

[TAGAIRT AN CHEADAITHE]

go bhfuil athbhreithniú aeracmhainneachta déanta aici i gcomhréir le pointe M.A.903 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 maidir leis na haerárthaí seo a leanas:

Monaróir aerárthaí: …

Ainmniú an mhonaróra aerárthaí: …

Clárú an aerárthaigh: …

Sraithuimhir an aerárthaigh: …

agus meastar go bhfuil an t-aerárthach seo aeracmhainneach tráth an athbhreithnithe.

Dáta eisiúna: … Dáta éaga: …

Uaireanta eitilte aerfhráma (FHanna) ar dháta an athbhreithnithe (**): …

Ainm agus síniú: … Uimh. Údarúcháin: …

An chéad síneadh: Cuireadh síneadh leis an deimhniú ar athbhreithniú aeracmhainneachta i gcomhréir le pointe M.A.902 d’Iarscríbhinn I (Cuid-M) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014.

Dáta eisiúna: … Dáta éaga: …

Uaireanta eitilte aerfhráma (FHanna) ar dháta na heisiúna (**): …

Sínithe: .…Uimh. Údarúcháin: …

Ainm na heagraíochta ceadaithe: … Tagairt formheasa: …

An dara síneadh: Cuireadh síneadh leis an deimhniú ar athbhreithniú aeracmhainneachta i gcomhréir le pointe M.A.902 d’Iarscríbhinn I (Cuid-M) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014.

Dáta eisiúna: … Dáta éaga: …

Uaireanta eitilte aerfhráma (FHanna) ar dháta na heisiúna (**): …

Sínithe: … Uimh. Údarúcháin: …

Ainm na heagraíochta ceadaithe: … Tagairt formheasa: …

(*)

Scriostar seo i gcás Stát nach Ballstát den Aontas é nó EASA.

(**)

Ach amháin i gcás aerlong.

(***)

nó ‘EASA’, más é EASA an t-údarás inniúil

Nuair a eiseofar an fhoirm i dteanga eile seachas an Béarla, beidh aistriúchán Béarla uirthi.

Foirm 15b EASA Eagrán 7

[BALLSTÁT ]

Ballstát den Aontas Eorpach (**)

DEIMHNIÚ AR ATHBHREITHNIÚ AERACMHAINNEACHTA (DABA)

Tagairt DABA: …

De bhun Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, deimhníonn [ÚDARÁS INNIÚIL AN BHALLSTÁIT] leis seo maidir leis na haerárthaí seo a leanas:

Monaróir aerárthaí: …

Ainmniú an mhonaróra aerárthaí: …

Clárú an aerárthaigh: …

Sraithuimhir an aerárthaigh: …

agus meastar go bhfuil (an t-aerárthach seo) aeracmhainneach tráth an athbhreithnithe.

Dáta eisiúna: … Dáta éaga: …

Uaireanta eitilte aerfhráma (FHanna) ar dháta an athbhreithnithe (**): …

Sínithe: … Uimhir Údaraithe (más infheidhme): …

An chéad síneadh: Cuireadh síneadh leis an deimhniú ar athbhreithniú aeracmhainneachta i gcomhréir le pointe M.A.902 d’Iarscríbhinn I (Cuid-M) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún.

Dáta eisiúna: … Dáta éaga: …

Uaireanta eitilte aerfhráma (FHanna) ar dháta na heisiúna (**): …

Sínithe: … Uimh. Údarúcháin: …

Ainm na heagraíochta ceadaithe: … Tagairt formheasa: …

An dara síneadh: Cuireadh síneadh leis an deimhniú ar athbhreithniú aeracmhainneachta i gcomhréir le pointe M.A.902 d’Iarscríbhinn I (Cuid-M) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014.

Dáta eisiúna: … Dáta éaga: …

Uaireanta eitilte aerfhráma (FHanna) ar dháta na heisiúna (**): …

Sínithe: … Uimh. Údarúcháin: …

Ainm na heagraíochta ceadaithe: … Tagairt formheasa: …

(*)

Scriostar seo i gcás Stát nach Ballstát den Aontas é.

(**)

Ach amháin i gcás aerlong.

Nuair a eiseofar an fhoirm i dteanga eile seachas an Béarla, beidh aistriúchán Béarla uirthi.’

Foirm 15a EASA Eagrán 6’.


IARSCRÍBHINN IV

Leasaítear Iarscríbhinn Vb (Cuid-ML) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad chlár na n-ábhar:

‘CLÁR

ML.1

ROINN A —

CEANGLAIS THEICNIÚLA

FOCHUID A —

GINEARÁLTA

ML.A.101

Raon feidhme

FOCHUID B —

CUNTASACHT

ML.A.201

Freagrachtaí

ML.A.202

Tuairisciú ar tharluithe

FOCHUID C —

AERACMHAINNEACHT LEANÚNACH

ML.A.301

Cúraimí aeracmhainneachta leanúnaí

ML.A.302

Clár cothabhála aerárthaigh

ML.A.303

Treoracha maidir le haeracmhainneacht

ML.A.304

Sonraí a bhaineann le modhnuithe agus deisiúcháin

ML.A.305

Córas um thaifead aeracmhainneachta leanúnaí

ML.A.307

Taifid maidir le haeracmhainneacht leanúnach aerárthaí a aistriú

FOCHUID D —

CAIGHDEÁIN CHOTHABHÁLA

ML.A.401

Sonraí cothabhála

ML.A.402

Feidhmíocht cothabhála

ML.A.403

Fabhtanna aerárthaí

FOCHUID E —

COMHPHÁIRTEANNA

ML.A.501

Aicmiú agus suiteáil

ML.A.502

Cothabháil comhpháirteanna

ML.A.503

Comhpháirteanna a bhfuil teorainn lena saolré

ML.A.504

Comhpháirteanna neamhfhóinteacha a rialú

FOCHUID H —

DEIMHNIÚ SCAOILTE IARCHOTHABHÁLA (‘CRS’)

ML.A.801

Deimhniú scaoilte iarchothabhála aerárthaí

ML.A.802

Deimhniú scaoilte iarchothabhála i dtaca leis an gcomhpháirt

ML.A.803

Údarú an úinéara is píolóta

FOCHUID I —

DEIMHNIÚ AR ATHBHREITHNIÚ AERACMHAINNEACHTA (“DABA”)

ML.A.901

Athbhreithniú aeracmhainneachta — Ginearálta

ML.A.902

Bailíocht an deimhnithe ar athbhreithniú aeracmhainneachta

ML.A.903

Próiseas le haghaidh athbhreithniú aeracmhainneachta

ML.A.904

An pearsanra athbhreithnithe aeracmhainneachta

ML.A.905

Clárú aerárthaí a aistriú laistigh den Aontas

ML.A.906

Athbhreithniú aeracmhainneachta ar aerárthaí gan deimhniú aeracmhainneachta arna eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012

ML.A.907

Torthaí

FOCHUID B –

NÓSANNA IMEACHTA LE hAGHAIDH NA nÚDARÁS INNIÚIL

FOCHUID A —

GINEARÁLTA

ML.B.101

Raon feidhme

ML.B.102

Údarás inniúil

ML.B.104

Taifid a choinneáil

ML.B.105

Malartú frithpháirteach faisnéise

FOCHUID B —

CUNTASACHT

ML.B.201

Freagrachtaí

ML.B.202

Faisnéis don Ghníomhaireacht

FOCHUID C —

AERACMHAINNEACHT LEANÚNACH

ML.B.302

Díolúintí

ML.B.303

Faireachán ar aeracmhainneacht leanúnach aerárthaí

ML.B.304

Cúlghairm agus fionraí

FOCHUID I —

DEIMHNIÚ AR ATHBHREITHNIÚ AERACMHAINNEACHTA (“DABA”)

ML.B.901

Deimhniú ar athbhreithniú aeracmhainneachta arna eisiúint ag an údarás inniúil

ML.B.905

Clárú aerárthaí a aistriú laistigh den Aontas

ML.B.906

Athbhreithniú aeracmhainneachta ar aerárthaí gan deimhniú aeracmhainneachta arna eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012

ML.B.907

Torthaí

Foscríbhinn I —

Conradh maidir le haeracmhainneacht leanúnach a bhainistiú

Foscríbhinn II —

Cothabháil theoranta a dhéanann an t-úinéir is píolóta

Foscríbhinn III —

Cúraimí cothabhála casta nach bhfuil le scaoileadh ag an úinéir is píolóta

Foscríbhinn IV —

Deimhniú ar athbhreithniú aeracmhainneachta (Foirm 15c EASA)’;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe ML.A.202:

‘ML.A.202   Tuairisciú ar tharluithe

(a)

Tuairisceoidh na daoine seo a leanas aon teagmhas a bhaineann le sábháilteacht nó bail shainaitheanta aerárthaigh nó comhpháirte a chuireann aerárthach, na daoine atá ar bord nó aon duine eile i mbaol nó, mura gceartófaí é nó mura dtabharfaí aghaidh air, a d’fhéadfadh an t-aerárthach, na daoine atá ar bord nó aon duine eile a chur i mbaol:

(1)

an t-úinéir dá dtagraítear i bpointe ML.A.201(f) a dhéanann cúraimí aeracmhainneachta leanúnaí an aerárthaigh iad féin;

(2)

an pearsanra deimhnithe neamhspleách dá dtagraítear i bpointe ML.A.801(b)(2);

(3)

an t-úinéir is píolóta dá dtagraítear i bpointe ML.A.801(b)(3).

(b)

Maidir leis na tuarascálacha a cheanglaítear le pointe (a):

(1)

déanfar iad a chur faoi bhráid údarás inniúil Bhallstát an chláraithe aerárthaigh agus faoi bhráid na heagraíochta atá freagrach as dearadh an aerárthaigh nó na comhpháirte;

(2)

déanfar iad a luaithe is indéanta, ach in aon chás laistigh de 72 uair an chloig tar éis teacht ar an eolas faoin tarlú nó faoin staid mura gcoisctear é sin de dheasca tosca eisceachtúla;

(3)

déanfar iad i bhfoirm agus ar bhealach a bhunóidh údarás inniúil Bhallstát an chláraithe aerárthaigh;

(4)

beidh an fhaisnéis ábhartha uile iontu faoin teagmhas nó faoin staid is eol don phearsa.

(c)

I dteannta na gceanglas a leagtar amach i bpointí (a) agus (b), déanfaidh duine a dhéanann athbhreithniú cothabhála nó aeracmhainneachta aon teagmhas nó staid den sórt sin a dhéanann difear don aerárthach a thuairisciú freisin don duine nó don eagraíocht atá freagrach i gcomhréir le pointe ML.A.201 as aeracmhainneacht leanúnach na n-aerárthaí sin.’;

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí ML.A.901, ML.A.902 agus ML.A.903:

‘ML.A.901   Athbhreithniú aeracmhainneachta — Ginearálta

(a)

Chun bailíocht dheimhniú aeracmhainneachta an aerárthaigh a áirithiú, rachaidh an t-aerárthach faoi athbhreithniú aeracmhainneachta go tréimhsiúil i gcomhréir le pointe ML.A.903.

(b)

Is é an toradh a bheidh ar athbhreithniú aeracmhainneachta a chur i gcrích go sásúil deimhniú ar athbhreithniú aeracmhainneachta (DABA) arna eisiúint i gcomhréir le Foscríbhinn IV (Foirm 15c EASA).

(c)

Is ceann díobh seo a leanas a dhéanfaidh an t-athbhreithniú aeracmhainneachta agus eisiúint an DABA i gcomhréir le pointe ML.A.903:

(1)

an t-údarás inniúil;

(2)

eagraíocht aeracmhainneachta comhcheangailte arna formheas go hiomchuí ag a bhfuil na pribhléidí a shonraítear i bpointe CAO.A.095(c)(1) d’Iarscríbhinn Vd nó CAMO arna formheas go hiomchuí ag a bhfuil na pribhléidí a shonraítear i bpointe CAMO.A.125(e) d’Iarscríbhinn Vc;

(3)

eagraíocht aeracmhainneachta comhcheangailte arna formheas go hiomchuí ag a bhfuil na pribhléidí a shonraítear i bpointe CAO.A.095(c)(2) d’Iarscríbhinn Vd, nó eagraíocht Chuid-145 ag a bhfuil na pribhléidí a shonraítear i bpointe 145.A.75(f) d’Iarscríbhinn II, agus an chigireacht 100-h/bliain atá in AMP á déanamh;

(4)

maidir le haerárthaí a oibrítear faoi Iarscríbhinn VII (Cuid-NCO) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 nó, i gcás balúin, nach n-oibrítear faoi Fhochuid-ADD d’Iarscríbhinn II (Cuid-BOP) a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/395 nó, i gcás seoleitleáin, nach leanann Fochuid DEC d’Iarscríbhinn II (Cuid-SAO) a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1976, foireann deimhniúcháin neamhspleách agus an chigireacht 100-h/bliain atá sa chlár cothabhála aerárthaigh á déanamh acu, nuair atá siad cáilithe i gcomhréir le pointe ML.A.904(c) den Iarscríbhinn seo.

(d)

Nuair a dhéanfaidh an duine nó an eagraíocht a shonraítear i bpointí (c)(2), (c)(3) nó (c)(4), an t-athbhreithniú aeracmhainneachta, síneoidh an pearsanra athbhreithnithe aeracmhainneachta a rinne an t-athbhreithniú aeracmhainneachta an DABA.

(e)

Áiritheoidh an duine nó an eagraíocht atá freagrach as aeracmhainneacht leanúnach an aerárthaigh i gcomhréir le pointe ML.A.201, arna iarraidh sin agus i gcás inar gá chun na gcríoch sin, go ndéanfaidh an duine, an eagraíocht nó an t-údarás inniúil a dhéanann an t-athbhreithniú aeracmhainneachta an méid seo a leanas:

(1)

go bhfuil na doiciméid agus na taifid aerárthaigh is gá aige;

(2)

a bhfuil cóiríocht oiriúnach don fhoireann ag an suíomh iomchuí;

(3)

go bhfuil rochtain aige ar an aerárthach;

(4)

cúnamh an phearsanra deimhnithe iomchuí.

(f)

De mhaolú ar phointe ML.A.902(a), féadfar an t-athbhreithniú aeracmhainneachta a dhéanamh 90 lá nó níos lú roimh dháta éaga an DABA, gan leanúnachas an phatrúin athbhreithnithe aeracmhainneachta a chailleadh.

(g)

Ní ligfear an t-athbhreithniú aeracmhainneachta ar fochonradh.

(h)

Ní eiseofar DABA má tá fianaise ann nó má tá comharthaí ann nach bhfuil an t-aerárthach aeracmhainneach.

(i)

Seolfar cóip d’aon DABA arna eisiúint nó arna shíneadh i leith aerárthaigh chuig údarás inniúil Bhallstát cláraithe an aerárthaigh lena mbaineann laistigh de 10 lá tar éis na heisiúna nó an tsínidh.

(j)

Ar thabhairt suas nó ar chúlghairm, tabharfar an DABA ar ais d’údarás inniúil Bhallstát an chláraithe, arna iarraidh sin don údarás lena mbaineann.

ML.A.902   Bailíocht an deimhnithe ar athbhreithniú aeracmhainneachta

(a)

Beidh DABA bailí ar feadh bliana amháin agus féadfar síneadh bliana eile a chur lena bhailíocht ar feadh dhá shíneadh as a chéile ar a mhéid. Tosóidh an síneadh ar bhailíocht an DABA ar an méid seo a leanas:

(1)

an dáta éaga roimhe sin, más rud é:

(i)

go ndéanfar an síneadh laistigh de 30 lá roimh dháta éaga an DABA;

(ii)

déantar an síneadh tar éis dháta éaga an DABA;

(2)

an dáta a dhéanfar an síneadh, má dhéantar é níos mó ná 30 lá roimh dháta éaga an DABA.

(b)

Is í an eagraíocht a bhainistíonn aeracmhainneacht leanúnach an aerárthaigh, agus í sin amháin, a chuirfidh síneadh leis an DABA, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(1)

rinne an eagraíocht sin aeracmhainneacht leanúnach an aerárthaigh a bhainistiú go leanúnach ó eisíodh an DABA;

(2)

go bhfuil an t-aerárthach á chothabháil ó eisíodh an DABA ag eagraíocht chothabhála arna formheas i gcomhréir le hIarscríbhinn II (Cuid-145) nó Iarscríbhinn Vd (Cuid-CAO);

(3)

níl aon fhianaise ná cúis ag an eagraíocht a bhainistíonn aeracmhainneacht leanúnach an aerárthaigh lena chreidiúint nach bhfuil an t-aerárthach aeracmhainneach.

Féadfar a áireamh ar an gcothabháil dá dtagraítear sa chéad mhír, pointe (2), cúraimí cothabhála an úinéara is píolóta a dhéanann nó a scaoileann an t-úinéir píolóta nó pearsanra deimhniúcháin neamhspleách.

(c)

Tiocfaidh DABA chun bheith neamhbhailí más rud é:

(1)

go bhfuil sé imithe in éag, curtha ar fionraí, tugtha suas nó cúlghairthe;

(2)

go ndéantar an deimhniú aeracmhainneachta a chur ar fionraí, a thabhairt suas nó a chúlghairm.

(d)

Ní eitleoidh aerárthach má tá an DABA neamhbhailí nó mura gcomhlíonann aeracmhainneacht leanúnach an aerárthaigh nó aon chomhpháirte atá suiteáilte ar an aerárthach ceanglais infheidhme na hIarscríbhinne seo.

ML.A.903   Próiseas le haghaidh athbhreithniú aeracmhainneachta

(a)

Is éard is athbhreithniú aeracmhainneachta ann próiseas ina gcuimsítear na cúraimí agus na gníomhaíochtaí go léir chun meastóireacht a dhéanamh ar stádas aeracmhainneachta aerárthaigh bunaithe ar athbhreithniú doiciméadaithe ar thaifid aeracmhainneachta leanúnaí na n-aerárthaí gaolmhara agus ar shuirbhé fisiceach.

(b)

Tríd an athbhreithniú doiciméadaithe ar an aerárthach, beidh an pearsanra athbhreithnithe aeracmhainneachta sásta:

(1)

gur taifeadadh i gceart an saolré iomlán inseirbhíse arna charnadh sa pharaiméadar is infheidhme maidir leis an aerárthach, an t-inneall/na hinnill, an lián/na liáin, na páirteanna a bhfuil teorainn lena saolré agus na comhpháirteanna atá faoi rialú ama;

(2)

tá an lámhleabhar eitilte infheidhme maidir le cumraíocht an aerárthaigh agus coinneofar cothrom le dáta é;

(3)

go ndearnadh an chothabháil atá dlite ar an aerárthach de réir an chlár cothabhála aerárthaigh, mar a shonraítear i bpointe ML.A.302;

(4)

rinneadh gach locht aitheanta a cheartú nó, nuair is infheidhme, a iarchur i gcomhréir le pointe ML.A.403;

(5)

gur comhlíonadh na treoracha aeracmhainneachta is infheidhme agus na bearta arna sainordú ag an údarás inniúil agus gur cuireadh isteach i gceart iad i gcóras taifid aeracmhainneachta leanúnaí an aerárthaigh;

(6)

gur cuireadh na modhnuithe agus na deisiúcháin a cuireadh i bhfeidhm ar an aerárthach isteach i gcóras taifid aeracmhainneachta leanúnaí an aerárthaigh agus comhlíonann siad pointe ML.A.304;

(7)

go ndéanfar na páirteanna a bhfuil teorainn lena saolré agus na comhpháirteanna atá faoi rialú ama atá suiteáilte ar an aerárthach a shainaithint i gceart, go gcuirfear isteach i gcóras taifid aeracmhainneachta leanúnaí an aerárthaigh iad agus nár sháraigh siad a dteorannú;

(8)

más infheidhme, go léiríonn an ráiteas maise agus comhardaithe reatha cumraíocht an aerárthaigh agus tá sé bailí;

(9)

comhlíonann an t-aerárthach an dearadh cineáil is infheidhme;

(10)

má eisítear é, go bhfuil deimhniú aeracmhainneachta bailí ag an aerárthach i gcomhréir le Roinn A, Fochuid H, d’Iarscríbhinn I (Cuid 21) nó, de réir mar is infheidhme, Roinn A, Fochuid H, d’Iarscríbhinn Ib (Cuid 21 Éadrom) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012;

(11)

más eisítear é, tá deimhniú torainn bailí ag an aerárthach a fhreagraíonn do chumraíocht reatha an aerárthaigh i gcomhréir le Fochuid I d’Iarscríbhinn I (Cuid 21) nó, de réir mar is infheidhme, le Roinn A, Fochuid I, d’Iarscríbhinn Ib (Cuid 21 Éadrom) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012.

(12)

má scaoileadh cothabháil i gcomhréir le haon cheann díobh seo a leanas:

(i)

ceanglais infheidhme an Rialacháin seo, don tréimhse a mbeidh an t-aerárthach faoi raon feidhme an Rialacháin seo lena linn;

(ii)

ceanglais iomchuí aeracmhainneachta an Stáit a bhí freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an aerárthach ar feadh na tréimhse nach raibh an t-aerárthach faoi raon feidhme an Rialacháin seo lena linn.

Má tá fianaise nó cúis ann lena chreidiúint nach leor an chothabháil sa tréimhse dá dtagraítear sa chéad mhír, pointe (ii), áiritheoidh an pearsanra athbhreithnithe aeracmhainneachta go ndéanfar gníomhaíochtaí iomchuí.

(c)

Trí shuirbhé fisiceach an aerárthaigh, áiritheoidh an pearsanra athbhreithnithe aeracmhainneachta an méid seo a leanas:

(1)

go bhfuil na marcálacha agus na póstaeir riachtanacha go léir suiteáilte i gceart agus a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i bpointe 21.A.175 d’Iarscríbhinn I (Cuid 21) nó, de réir mar is infheidhme, i bpointe 21L.A.144(a) d’Iarscríbhinn Ib (Cuid 21 Éadrom) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh 748/2012;

(2)

comhlíonann an t-aerárthach a lámhleabhar eitilte formheasta;

(3)

go gcomhlíonann cumraíocht an aerárthaigh an doiciméadacht fhormheasta;

(4)

nach féidir aon locht follasach a aimsiú nár tugadh aghaidh air i gcomhréir le pointe ML.A.403;

(5)

nach féidir aon neamhréireacht a aimsiú idir an t-aerárthach agus an t-athbhreithniú doiciméadaithe ar thaifid dá dtagraítear i bpointe (b).

(d)

Maidir leis an suirbhé fisiceach, beidh pearsanra cáilithe den chineál sin de chúnamh ag an bpearsanra athbhreithnithe aeracmhainneachta nach bhfuil cáilithe mar phearsanra deimhnithe ar an aerárthach sonrach atá faoi réir an athbhreithnithe aeracmhainneachta.

(e)

Déanfar an t-athbhreithniú aeracmhainneachta a phleanáil agus a chur i gcrích sa chaoi go mbeidh an t-am idir an t-athbhreithniú ar thaifid aeracmhainneachta leanúnaí an aerárthaigh agus an fíorú comhfhreagrach a dhéanfar orthu le linn an tsuirbhé fhisiciúil chomh gearr agus is féidir.

(f)

Más rud é, ar chúis ar bith, nach féidir athbhreithniú aeracmhainneachta a chur i gcrích, cuirfidh an duine nó an eagraíocht a dhéanann an t-athbhreithniú aeracmhainneachta údarás inniúil Bhallstát an chláraithe ar an eolas a luaithe is féidir.

(g)

Ní eiseofar an DABA go dtí go mbeidh gach gníomhaíocht chun deireadh a chur leis an neamhchomhlíonadh braite curtha chun feidhme.

(h)

Déanfar mionsonraí agus toradh athbhreithnithe aeracmhainneachta a thaifeadadh i dtuarascáil ar athbhreithniú aeracmhainneachta.

(i)

Féadfar éifeachtacht an clár cothabhála aerárthaigh a athbhreithniú i gcomhar leis an athbhreithniú aeracmhainneachta i gcomhréir le pointe ML.A.302(c)(9). Is é an duine a rinne an t-athbhreithniú aeracmhainneachta a chuirfidh an t-athbhreithniú sin i gcrích. Má léiríonn an t-athbhreithniú go bhfuil easpaí ar an aerárthach atá nasctha le heaspaí in ábhar an chláir cothabhála aerárthaigh, leasófar an clár cothabhála aerárthaigh dá réir. Cuirfidh an duine a dhéanann an t-athbhreithniú údarás inniúil Bhallstát an chláraithe ar an eolas mura n-aontaíonn sé leis na bearta lena leasaítear an clár cothabhála aerárthaigh a ghlac an t-úinéir, CAMO nó eagraíocht aeracmhainneachta comhcheangailte. Sa chás sin, cinnfidh an t-údarás inniúil cé na leasuithe ar an gclár cothabhála aerárthaigh is gá, lena n-ardófar na torthaí comhfhreagracha dá dtagraítear i bpointe ML.B.907 agus, más gá, freagairt i gcomhréir le pointe ML.B.304.’;

(4)

leasaítear pointe ML.A.904 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘ML.A.904   An pearsanra athbhreithnithe aeracmhainneachta’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a), (b) agus (c):

‘(a)

Beidh an pearsanra athbhreithnithe aeracmhainneachta a ghníomhaíonn thar ceann an údaráis inniúil cháilithe i gcomhréir le pointe ML.B.901(c).

(b)

Beidh an pearsanra athbhreithnithe aeracmhainneachta a ghníomhaíonn thar ceann eagraíocht dá dtagraítear Iarscríbhinn II (Cuid-145), in Iarscríbhinn Vc (Cuid-CAMO) nó Iarscríbhinn Vd (Cuid CAO) cáilithe i gcomhréir le hIarscríbhinn II (Cuid-145), Iarscríbhinn Vc (Cuid-CAMO) nó Iarscríbhinn Vd (Cuid-CAO) faoi seach.

(c)

Pearsanra athbhreithnithe aeracmhainneachta ag gníomhú thar a gceann féin, mar a cheadaítear de bhun pointe ML.A.901(c)(4), beidh na nithe seo a leanas acu:

(1)

ceadúnas arna eisiúint i gcomhréir le hIarscríbhinn III (Cuid-66) atá rátaithe le haghaidh an aerárthaigh chomhfhreagraigh; agus

(2)

údarú arna eisiúint ag an údarás inniúil a d’eisigh an ceadúnas i gcomhréir le hIarscríbhinn III (Cuid-66).’;

(5)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí ML.A.905, ML.A.906 agus ML.A.907:

‘ML.A.905   Clárú aerárthaí a aistriú laistigh den Aontas

(a)

Agus clárú aerárthaigh á aistriú laistigh den Aontas ag a bhfuil, tráth an iarratais, deimhniú aeracmhainneachta arna eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012, déanfaidh an t-iarratasóir an méid seo a leanas:

(1)

ar an gcéad dul síos, fógra a thabhairt d’údarás inniúil Bhallstát an chláraithe ina bhfuil an t-aerárthach cláraithe faoi ainm an Bhallstáit ina gclárófar an t-aerárthach;

(2)

dá éis sin, iarratas a dhéanamh chuig údarás inniúil Bhallstát nua an chláraithe ar dheimhniú aeracmhainneachta nua a eisiúint i gcomhréir le pointe 21.A.174(b)(3)(i) d’Iarscríbhinn I (Cuid 21) nó, de réir mar is infheidhme, pointe 21L.A.143(e) d’Iarscríbhinn Ib (Cuid 21 Éadrom) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012.

(b)

Tráth an iarratais chuig Ballstát nua an chláraithe:

(1)

má tá an DABA bailí, déanfaidh sé an méid seo a leanas:

(i)

beidh sé bailí go dtí a dháta éaga, ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i bpointe ML.A.902(c);

(ii)

leasófar é leis na marcanna nua náisiúntachta agus clárúcháin ag údarás inniúil Bhallstát nua an chláraithe;

(2)

má tá an DABA neamhbhailí nó má thagann sé chun bheith neamhbhailí le linn an phróisis aistrithe, déanfaidh an t-iarratasóir ceann de na céimeanna seo a leanas:

(i)

a áirithiú go n-athbhunófar bailíocht an DABA;

(ii)

a áirithiú go bhfaighfear DABA nua i gcomhréir le pointe ML.A.901.

ML.A.906   Athbhreithniú aeracmhainneachta ar aerárthaí gan deimhniú aeracmhainneachta arna eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012

(a)

Agus iarratas á dhéanamh ar dheimhniú aeracmhainneachta d’aerárthaí nach bhfuil deimhniú aeracmhainneachta acu arna eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 tráth an iarratais, déanfaidh an t-iarratasóir an méid seo a leanas:

(1)

iarratas a dhéanamh chuig údarás inniúil Bhallstát an chláraithe ar dheimhniú aeracmhainneachta nua a eisiúint i gcomhréir le hIarscríbhinn I (Cuid 21) nó, de réir mar is infheidhme, Iarscríbhinn Ib (Cuid 21 Éadrom) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012;

(2)

i gcás aerárthaí seachas aerárthaí nua, athbhreithniú aeracmhainneachta a dhéanamh agus a chur i gcrích go sásúil i gcomhréir le pointe ML.A.903;

(3)

gach cothabháil a dhéanamh chun an clár cothabhála aerárthaigh arna fhormheas i gcomhréir le pointe ML.A.302 a chomhlíonadh;

(4)

má eisíodh an t-iardheimhniú aeracmhainneachta i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012, ach má rinneadh é a chúlghairm nó a thabhairt suas, fógra a thabhairt don údarás inniúil a d’eisigh an t-iardheimhniú aeracmhainneachta, murab ionann é, faoi ainm an Bhallstáit ina gclárófar an t-aerárthach.

(b)

Má chomhlíonann an t-aerárthach na ceanglais ábhartha, déanfaidh an t-údarás inniúil, CAMO nó eagraíocht aeracmhainneachta comhcheangailte, an eagraíocht chothabhála nó an pearsanra deimhniúcháin neamhspleách a dhéanann an t-athbhreithniú aeracmhainneachta, dá bhforáiltear i bpointe ML.A.901(c), DABA a eisiúint.

(c)

I gcás ina gceanglaítear clár meastóireachta i gcomhréir le pointe 21.A.174(b)(3)(ii)(G)(b) nó pointe 21.A.174(d) d’Iarscríbhinn I (Cuid 21) nó, de réir mar is infheidhme, pointe 21L.A.143(f)(6)(b) nó pointe 21L.A.143(h) d’Iarscríbhinn Ib (Cuid 21 Éadrom) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012, maidir leis an tuarascáil mheastóireachta dá dtagraítear i bpointe 21.A.174(d)(4) d’Iarscríbhinn I (Cuid 21) nó 21L.A.143(h)(4) d’Iarscríbhinn Ib (Cuid 21 Éadrom) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012, cuirfidh an duine, an t-údarás inniúil nó an eagraíocht a dhéanann an t-athbhreithniú aeracmhainneachta san áireamh í. Cuirfear an tuarascáil mheastóireachta isteach in éineacht le cóip de DABA arna eisiúint mar a cheanglaítear le pointe ML.A.901(i) den Iarscríbhinn seo, mura ndéanfaidh an t-údarás inniúil an t-athbhreithniú aeracmhainneachta.

ML.A.907   Torthaí

Tar éis an fógra a fháil maidir leis na torthaí ón údarás inniúil i gcomhréir le pointe ML.B.907, bunóidh an duine nó an eagraíocht atá freagrach as aeracmhainneacht leanúnach an aerárthaigh de bhun phointe ML.A.201 plean gníomhaíochta ceartaithí lena n-áirítear ceartúcháin agus gníomhaíochtaí ceartaitheacha agus, laistigh den tréimhse a comhaontaíodh, léireoidh sé cur chun feidhme an cheartúcháin don údarás inniúil.’;

(6)

i bpointe ML.B.104, cuirtear an pointe (e) seo a leanas isteach:

‘(e)

Coinneoidh an t-údarás inniúil taifid ar an bpearsanra athbhreithnithe aeracmhainneachta uile ar feadh 3 bliana tar éis don phearsanra sin an t-údarás inniúil a fhágáil. Áireofar sna taifid sin sonraí maidir le haon cháilíocht iomchuí a shealbhaítear mar aon le hachoimre ar thaithí agus ar oiliúint ábhartha i ndáil le bainistíocht aeracmhainneachta leanúnaí.’;

(7)

cuirtear an pointe ML.B.202 seo a leanas leis:

‘ML.B.202   Faisnéis don Ghníomhaireacht

(a)

Tabharfaidh údarás inniúil Ballstáit fógra don Ghníomhaireacht i gcás ina mbeidh fadhbanna suntasacha ann maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2018/1139 agus lena ghníomhartha tarmligthe agus lena ghníomhartha cur chun feidhme laistigh de 30 lá ón tráth a chuirtear an t-údarás inniúil ar an eolas faoi na fadhbanna.

(b)

Gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus dá ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme, soláthróidh an t-údarás inniúil, a luaithe is féidir, aon fhaisnéis don Ghníomhaireacht atá suntasach ó thaobh na sábháilteachta de agus a eascraíonn as na tuarascálacha ar tharluithe a stóráiltear sa bhunachar sonraí náisiúnta de bhun Airteagal 6(6) de Rialachán (AE) Uimh. 376/2014.’;

(8)

i bpointe ML.B.303, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

‘(d)

Déanfar aon torthaí a shainaithneofar a chatagóiriú i gcomhréir le pointe ML.B.907 agus a dhearbhú i scríbhinn don duine nó don eagraíocht atá freagrach de bhun phointe ML.A.201. Beidh nós imeachta i bhfeidhm ag an údarás inniúil chun anailís a dhéanamh ar thorthaí i ndáil lena dtábhacht ó thaobh sábháilteachta de.’;

(9)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe ML.B.304:

‘ML.B.304   Cúlghairm agus fionraí

(a)

Déanfaidh an t-údarás inniúil:

(1)

DABA a chur ar fionraí ar fhorais réasúnacha i gcás bagairt sábháilteachta a d’fhéadfadh a bheith ann; nó

(2)

DABA a chur ar fionraí nó a chúlghairm de bhun phointe ML.B.907(c), an dara mír.

(b)

Déanfaidh an t-údarás inniúil a d’eisigh an t-údarú athbhreithnithe aeracmhainneachta de bhun phointe ML.A.904(c) don phearsanra deimhniúcháin neamhspleách an t-údarú sin a chúlghairm má léiríonn an sealbhóir drochfheidhmíocht an athbhreithnithe aeracmhainneachta nó má úsáideann sé an t-údarú sin ar bhealach míchuí.’;

(10)

cuirtear isteach an pointe ML.B.901 seo a leanas:

‘ML.B.901   Athbhreithniú ar aeracmhainneacht arna eisiúint ag an údarás inniúil

(a)

Eiseoidh an t-údarás inniúil DABA agus úsáid á baint as an teimpléad i bhFoscríbhinn IV (Foirm 15c EASA) i gceann de na cásanna seo a leanas:

(1)

tar éis don údarás inniúil sin an t-athbhreithniú aeracmhainneachta a chur i gcrích go sásúil i gcomhréir le pointe ML.A.903;

(2)

i gcás aerárthach nua.

(b)

Déanfaidh an t-údarás inniúil an t-athbhreithniú aeracmhainneachta i gcomhréir le pointe ML.A.903 i gcás ina nochtar bagairt fhéideartha sábháilteachta.

(c)

Beidh pearsanra iomchuí athbhreithnithe aeracmhainneachta ag an údarás inniúil chun athbhreithnithe aeracmhainneachta a dhéanamh. Beidh an méid seo a leanas ag na baill foirne sin:

(1)

tá 3 bliana ar a laghad de thaithí faighte acu ar aeracmhainneacht leanúnach;

(2)

go bhfuair siad ceadúnas iomchuí i gcomhréir le hIarscríbhinn III (Cuid-66), nó céim aerloingseoireachta nó a coibhéis náisiúnta;

(3)

go bhfuair siad oiliúint chothabhála aerloingseoireachta iomchuí.

Féadfar 4 bliana de thaithí ar aeracmhainneacht leanúnach a chur in ionad an cheanglais a leagtar síos sa chéad mhír, pointe (2), sa bhreis ar na blianta a cheanglaítear cheana féin leis an gcéad mhír, pointe (1).’;

(11)

scriostar pointí ML.B.902 agus ML.B.903;

(12)

cuirtear isteach na pointí ML.B.905, ML.B.906 agus ML.B.907 seo a leanas:

‘ML.B.905   Clárú aerárthaí a aistriú laistigh den Aontas

(a)

Ar fhógra a fháil maidir le haistriú aerárthaí idir na Ballstáit i gcomhréir le pointe ML.A.905:

(1)

cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t-aerárthach cláraithe faoi láthair údarás inniúil an Bhallstáit ina mbeidh an t-aerárthach cláraithe ar an eolas faoi aon fhadhbanna is eol a bheith ann maidir leis an aerárthach atá á aistriú;

(2)

áiritheoidh údarás inniúil an Bhallstáit ina gclárófar an t-aerárthach go mbeidh fógra ceart tugtha d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t-aerárthach cláraithe faoi láthair faoin aistriú.

(b)

Leasóidh údarás inniúil Bhallstát nua an chláraithe an DABA atá ann cheana mar a shonraítear i bpointe ML.A.905(b)(1)(ii) nó eiseoidh sé DABA nua i gcomhréir le pointe ML.B.901(a)(1).

ML.B.906   Athbhreithniú aeracmhainneachta ar aerárthaí gan deimhniú aeracmhainneachta arna eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012

I gcás iarratas ar dheimhniú aeracmhainneachta i gcomhréir le pointe ML.A.906(a), más rud é gur eisíodh an t-iardheimhniú aeracmhainneachta i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012, ach gur cúlghaireadh nó gur tugadh suas é:

(a)

ar fhógra a fháil i gcomhréir le pointe ML.A.906(a)(4), cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit a d’eisigh an t-iardheimhniú aeracmhainneachta údarás inniúil an Bhallstáit ina gclárófar an t-aerárthach ar an eolas, murab ionann iad, faoi aon fhadhb aitheanta leis an aerárthach;

(b)

áiritheoidh údarás inniúil an Bhallstáit ina gclárófar an t-aerárthach, murab ionann é, gur tugadh fógra cuí d’údarás inniúil an Bhallstáit a d’eisigh an t-iardheimhniú aeracmhainneachta.

ML.B.907   Torthaí

(a)

Eiseoidh an t-údarás inniúil toradh leibhéal 1 nuair a bhraitear aon neamhchomhlíonadh suntasach le ceanglais infheidhme na hIarscríbhinne seo, a laghdaíonn an tsábháilteacht nó a chuireann sábháilteacht eitilte i mbaol mór.

(b)

Eiseoidh an t-údarás inniúil toradh leibhéal 2 nuair a bhraitear aon neamhchomhlíontacht le ceanglais infheidhme na hIarscríbhinne seo, nach n-aicmítear mar thoradh leibhéal 1.

(c)

Más rud é, le linn suirbhéanna aerárthaí nó ar mhodh eile, go bhfaightear fianaise a léiríonn neamhchomhlíonadh cheanglais na hIarscríbhinne seo, éileoidh an t-údarás inniúil go ndéanfar ceartú iomchuí ar an neamhchomhlíonadh a chur chun feidhme:

(1)

i gcás torthaí leibhéal 1, roimh eitilt bhreise;

(2)

i gcás thorthaí leibhéal 2, laistigh de thréimhse ama a nglacann an t-údarás inniúil léi nó ar chuir sé síneadh léi.

Déanfar DABA a chúlghairm nó a chur ar fionraí mura gcuirfear an ceartúchán i gcomhréir leis an gcéad mhír, pointe (1), chun feidhme láithreach.

(d)

Mura ndéanfar an ceartú iomchuí ar an neamhchomhlíonadh a cheanglaítear faoi phointe (c)(2) a chur chun feidhme laistigh den tréimhse ama ar ghlac an t-údarás inniúil léi nó ar chuir sé síneadh léi, breithneoidh an t-údarás inniúil an toradh leibhéal 2 a ardú go toradh leibhéal 1 agus mura gcuirtear an ceartú chun feidhme láithreach, déanfaidh sé an DABA a chúlghairm nó a chur ar fionraí.

(e)

Nuair a ardaítear toradh leibhéal 1, cuirfidh an t-údarás inniúil an méid seo a leanas ar an eolas, más éagsúil agus de réir mar is infheidhme:

(1)

údarás inniúil na heagraíochta atá freagrach as aeracmhainneacht leanúnach an aerárthaigh de bhun phointe ML.A.201;

(2)

údarás inniúil na heagraíochta a d’eisigh an DABA reatha, nó an t-údarás inniúil a d’eisigh an t-údarú i gcomhréir le pointe ML.A.904(c)(2), i gcás ina bhfuil foireann athbhreithnithe aeracmhainneachta ag gníomhú thar a gceann féin.’;

(13)

i bhFoscríbhinn I, cuirtear pointe (f) a leanas leis:

‘(f)

I gcás ina ndéanann úinéir nó oibreoir CAMO nó eagraíocht aeracmhainneachta comhcheangailte a chonradh i gcomhréir le pointe ML.A.201 den Iarscríbhinn seo, sonrófar go soiléir oibleagáidí gach páirtí maidir le tuairisciú éigeantach agus deonach ar tharluithe i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 376/2014.’;

(14)

i bhFoscríbhinn IV, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Fhoirm 15c:

DEIMHNIÚ AR ATHBHREITHNIÚ AERACMHAINNEACHTA (DABA) (I GCÁS AERÁRTHAÍ A CHOMHLÍONANN CUID-ML)

Tagairt DABA: …

De bhun Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle:

Deimhníonn [AINM AN ÚDARÁIS INNIÚIL]

leis seo:

… go bhfuil athbhreithniú aeracmhainneachta déanta aici i gcomhréirle pointe ML.A.903 d’Iarscríbhinn Vb a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún maidir leis na haerárthaí seo a leanas:

[nó]

… maidir leis na haerárthaí nua seo a leanas:

Monaróir aerárthaí: … Ainmniú an mhonaróra aerárthaí: …

Clárú an aerárthaigh: … Sraithuimhir an aerárthaigh: …

(agus) meastar go bhfuil (an t-aerárthach seo) aeracmhainneach tráth an athbhreithnithe.

Dáta eisiúna: .…. Dáta éaga: …

Uaireanta eitilte (FHanna) UA ar dháta an athbhreithnithe (*): …

Sínithe: … Uimhir Údaraithe (más infheidhme): …

[NÓ]

Deimhníonn [AINM NA hEAGRAÍOCHTA CEADAITHE, SEOLADH AGUS TAGAIRT AN CHEADAITHE] (**)

[nó]

[AINM IOMLÁN PHEARSANRA AN DEIMHNITHE AGUS UIMHIR CHEADÚNAIS CUID-66 (NÓ UIMHIR NÁISIÚNTA CHOIBHÉISEACH)] (**)

go bhfuil athbhreithniú aeracmhainneachta déanta aici i gcomhréir le pointe ML.A.903 d’Iarscríbhinn Vb a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún maidir leis na haerárthaí seo a leanas:

Monaróir aerárthaí: … Ainmniú an mhonaróra aerárthaí: …

Clárú an aerárthaigh: … Sraithuimhir an aerárthaigh: …

agus meastar go bhfuil (an t-aerárthach seo) aeracmhainneach tráth an athbhreithnithe.

Dáta eisiúna: … Dáta éaga: …

Uaireanta eitilte aerfhráma (FHanna) ar dháta an athbhreithnithe (**): …

Ainm agus síniú: … Uimhir Údaraithe (más infheidhme): …

=================================================================================

An chéad síneadh: Cuireadh síneadh leis an deimhniú ar athbhreithniú aeracmhainneachta i gcomhréir le pointe ML.A.902 d’Iarscríbhinn Vb (Cuid-ML) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014.

Dáta eisiúna: … Dáta éaga: …

Uaireanta eitilte (FHanna) UA ar dháta na heisiúna (*): …

Sínithe: … Uimh. Údarúcháin: …

Ainm na heagraíochta ceadaithe: … Tagairt formheasa: …

=================================================================================

An dara síneadh: Cuireadh síneadh leis an deimhniú ar athbhreithniú aeracmhainneachta i gcomhréir le pointe ML.A.902 d’Iarscríbhinn Vb (Cuid-ML) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014.

Dáta eisiúna: .…. Dáta éaga: …

Uaireanta eitilte (FHanna) UA ar dháta na heisiúna (*): …

Sínithe: …. Uimh. Údarúcháin: …

Ainm na heagraíochta ceadaithe: … Tagairt formheasa: …

(*)

Seachas balúin agus aerlonga

(**)

Is féidir le heisitheoir na foirme í a chur in oiriúint dá riachtanais tríd an t-ainm, an ráiteas deimhniúcháin, an tagairt don aerárthach is ábhar don tástáil agus na mionsonraí eisiúna nach bhfuil ábhartha dá n-úsáid a scriosadh.

Nuair a eiseofar an fhoirm i dteanga eile seachas an Béarla, beidh aistriúchán Béarla uirthi.

Foirm 15c EASA — Eagrán 5’.


IARSCRÍBHINN V

Leasaítear Iarscríbhinn Vc (Cuid-CAMO) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún mar a leanas:

(1)

leasaítear pointe CAMO.A.125 mar a leanas:

(a)

i bpointe (d), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (4):

‘(4)

síneadh a chur le bailíocht deimhnithe ar athbhreithniú aeracmhainneachta atá ann cheana i gcomhréir le pointe M.A.902(a) d’Iarscríbhinn I (Cuid-M) nó pointe ML.A.902(a) d’Iarscríbhinn Vb (Cuid-ML), de réir mar is infheidhme, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i bpointe M.A.902(b) d’Iarscríbhinn I (Cuid-M) nó i bpointe ML.A.902(b) d’Iarscríbhinn Vb (Cuid-ML), de réir mar is infheidhme.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (e) agus (f):

‘(e)

Eagraíocht arna formheas i gcomhréir leis an Iarscríbhinn seo agus a bhfuil a príomháit ghnó i mBallstát, féadfar í a fhormheas freisin chun athbhreithnithe aeracmhainneachta a dhéanamh i gcomhréir le pointe M.A.903 d’Iarscríbhinn I (Cuid-M) nó pointe ML.A.903 d’Iarscríbhinn Vb (Cuid-ML), de réir mar is infheidhme, agus:

(1)

an deimhniú ar athbhreithniú aeracmhainneachta gaolmhaire a eisiúint faoi na coinníollacha a leagtar amach i bpointe M.A.901(b)(1) d’Iarscríbhinn I (Cuid-M) nó i gcomhréir le pointe ML.A.901(b) d’Iarscríbhinn Vb (Cuid-ML), de réir mar is infheidhme;

(2)

moladh a eisiúint maidir le deimhniú ar athbhreithniú aeracmhainneachta a eisiúint d’údarás inniúil Bhallstát an chláraithe, faoi na coinníollacha a leagtar amach i bpointe M.A.901(b)(2) d’Iarscríbhinn I (Cuid-M).

(f)

Féadfar eagraíocht ag a bhfuil na pribhléidí dá dtagraítear i bpointe (e) den phointe seo a fhormheas freisin chun cead eitilte a eisiúint i gcomhréir le pointe 21.A.711(d) d’Iarscríbhinn I (Cuid 21) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 le haghaidh an aerárthaigh a bhfuil an eagraíocht formheasta chun an t-athbhreithniú aeracmhainneachta a dhéanamh ina leith, nuair a fhianaíonn an eagraíocht go bhfuil na coinníollacha eitilte formheasta á gcomhlíonadh, faoi réir nós imeachta leordhóthanach sa Tuairiscleabhar um Bainistiú Aeracmhainneachta Leanúnaí (TL-BAL) dá dtagraítear i bpointe CAMO.A.300 den Iarscríbhinn seo.

Ina theannta sin, i gcás aerárthaí a úsáideann aeriompróirí atá ceadúnaithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, nó le haghaidh aerárthaí os cionn 2 730 kg MTOM, féadfar an cead eitilte sin a eisiúint ar choinníoll:

(i)

go gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i bpointí M.A.902(b)(1) agus M.A.902(b)(2);

(ii)

gurb é an CAMO a eisíonn an cead eitilte a bhainistíonn aeracmhainneacht leanúnach an aerárthaigh;’;

(c)

cuirtear pointe (g) a leanas leis:

‘(g)

Ina theannta sin, i gcás an aerárthaigh a bhfuil an eagraíocht formheasta chun an t-athbhreithniú aeracmhainneachta a dhéanamh ina leith, agus faoi réir nós imeachta leordhóthanach in TL-BAL dá dtagraítear i bpointe CAMO.A.300, féadfar eagraíocht ag a bhfuil na pribhléidí dá dtagraítear i bpointe (e) a fhormheas chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(1)

clár meastóireachta a fhorbairt i gcomhréir le pointe 21.A.174(d)(3) d’Iarscríbhinn I (Cuid 21) nó, de réir mar is infheidhme, pointe 21L.A.143(h)(3) d’Iarscríbhinn Ib (Cuid 21 Éadrom) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012;

(2)

déanfaidh sé na gníomhaíochtaí imscrúdaithe a mholtar sa chlár meastóireachta agus eiseoidh sé an tuarascáil mheastóireachta i gcomhréir le pointe 21.A.174(d)(4) d’Iarscríbhinn I (Cuid 21) nó, de réir mar is infheidhme, pointe 21L.A.143(h)(4) d’Iarscríbhinn Ib (Cuid 21 Éadrom) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012.

Is baill foirne atá formheasta chun athbhreithniú aeracmhainneachta a dhéanamh ar an aerárthach sin a dhéanfaidh na cúraimí dá dtagraítear sa chéad mhír, pointí (1) agus (2).’;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe CAMO.A.160:

‘CAMO.A.160   Tuairisciú ar tharluithe

(a)

Mar chuid de chóras bainistíochta na heagraíochta, déanfaidh sí córas tuairiscithe ar tharluithe a bhunú agus a choinneáil ar bun, lena n-áirítear tuairisciú éigeantach agus deonach. I gcás eagraíochtaí a bhfuil a bpríomháit ghnó i mBallstát, féadfar córas aonair a bhunú chun ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus a ghníomhartha cur chun feidhme agus Rialachán (AE) 2018/1139 agus a ghníomhartha tarmligthe agus a ghníomhartha cur chun feidhme a chomhlíonadh.

(b)

Tuairisceoidh an eagraíocht dá húdarás inniúil agus don eagraíocht atá freagrach as dearadh an aerárthaigh nó na comhpháirte aon teagmhas nó staid a bhaineann le sábháilteacht aerárthaigh nó chomhpháirte arna shainaithint ag an eagraíocht, ar teagmhas nó staid atá ann ina gcuirtear aerárthach, na daoine ar bord nó aon duine eile i gcontúirt, nó ina gcuirfí i gcontúirt iad murach go ndéanfaí ceartú ina leith nó mura dtabharfaí aghaidh ar an teagmhas nó ar an staid sin, agus tuairisceoidh sí go háirithe aon tionóisc nó teagmhas tromchúiseach.

(c)

Tuairisceoidh an eagraíocht freisin aon teagmhas nó staid den sórt sin a dhéanann difear d’aerárthach nó do chomhpháirt, de réir mar is infheidhme:

(1)

don úinéir nó don oibreoir an aerárthaigh sin, nuair a sainaithníodh teagmhas nó staid den sórt sin agus an aeracmhainneacht leanúnach á bainistiú i gcomhréir le pointe M.A.201 d’Iarscríbhinn I (Cuid-M) nó pointe ML.A.201 d’Iarscríbhinn Vb (Cuid-ML), de réir mar is infheidhme;

(2)

don duine nó don eagraíocht atá freagrach as aeracmhainneacht leanúnach an aerárthaigh sin i gcomhréir le pointe M.A.201 d’Iarscríbhinn I (Cuid-M) nó pointe ML.A.201 d’Iarscríbhinn Vb (Cuid-ML), de réir mar is infheidhme, nuair a sainaithníodh teagmhas nó riocht den sórt sin agus gníomhaíochtaí aeracmhainneachta leanúnaí á ndéanamh arna n-iarraidh ag an duine nó ag an eagraíocht sin.

(d)

I gcás eagraíochtaí nach bhfuil a bpríomháit ghnó i mBallstát:

(1)

maidir leis an tuarascáil shainordaitheach tosaigh:

(i)

déanfar rúndacht chéannacht an tuairisceora agus na ndaoine a luaitear sa tuarascáil a chosaint go hiomchuí;

(ii)

déanfar iad a luaithe is indéanta, ach in aon chás laistigh de 72 uair an chloig tar éis don eagraíocht teacht ar an eolas faoin tarlú mura gcoisctear é sin de dheasca tosca eisceachtúla;

(iii)

déanfar iad i bhfoirm agus ar mhodh a bhunóidh an t-údarás inniúil;

(iv)

beidh an fhaisnéis ábhartha uile iontu faoin staid is eol don eagraíocht;

(2)

i gcás inarb ábhartha, a luaithe a shainaithneofar na gníomhaíochtaí atá beartaithe ag an eagraíocht a dhéanamh chun tarluithe comhchosúla a chosc amach anseo, déanfar tuarascáil leantach ina soláthrófar mionsonraí faoi na gníomhaíochtaí sin; maidir leis na tuarascálacha leantacha sin:

(i)

seolfar iad chuig na heintitis dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) ar seoladh an tuarascáil tosaigh chucu;

(ii)

déanfar iad i bhfoirm agus ar bhealach a bhunóidh an t-údarás inniúil.’;

(3)

leasaítear pointe CAMO.A.220(a) mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (3), (4), (5) agus (6):

‘(3)

Coinneoidh an eagraíocht cóip de gach deimhniú athbhreithnithe aeracmhainneachta agus de gach moladh a eisítear, de réir mar is infheidhme, mar aon leis an tuarascáil ar athbhreithniú aeracmhainneachta.

(4)

Coinneoidh an eagraíocht cóip de gach clár meastóireachta agus tuarascáil mheastóireachta a eisítear i gcomhréir le forálacha phointe 21.A.174(d) d’Iarscríbhinn I (Cuid 21) nó, de réir mar is infheidhme, i gcomhréir le pointe 21L.A.143(h) d’Iarscríbhinn Ib (Cuid 21 Éadrom) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012.

(5)

Coinneoidh an eagraíocht cóip de gach cead eitilte a eisítear, agus de na doiciméid ghaolmhara, i gcomhréir le forálacha phointe 21.A.5(c)(2) d’Iarscríbhinn I (Cuid 21) nó, de réir mar is infheidhme, pointe 21L.A.7(c) d’Iarscríbhinn Ib (Cuid 21 Éadrom) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 ar feadh tréimhse 5 bliana ón dáta a eisíodh an cead eitilte.

(6)

Coinneoidh an eagraíocht cóip de na taifid uile dá dtagraítear i bpointí (2), (3) agus (4) den phointe seo ar feadh tréimhse 3 bliana tar éis do bhainistiú aeracmhainneachta leanúnaí an aerárthaigh i gcomhréir le pointe M.A.201 d’Iarscríbhinn I (Cuid-M) nó le pointe ML.A.201 d’Iarscríbhinn Vb (Cuid-ML), de réir mar is infheidhme, a bheith aistrithe chuig duine nó eagraíocht eile.’;

(b)

cuirtear isteach na pointí (7) agus (8) seo a leanas:

‘(7)

Más rud é nach ionann an eagraíocht a eisíonn an deimhniú athbhreithnithe aeracmhainneachta, an moladh, an clár meastóireachta/an tuarascáil nó an cead eitilte agus an eagraíocht a bhainistíonn aeracmhainneacht leanúnach an aerárthaigh, coinneoidh an eagraíocht eisiúna cóip de na taifid uile dá dtagraítear i bpointí (3), (4) agus (5) agus de na doiciméid tacaíochta uile ar feadh tréimhse 5 bliana ón dáta a eisíodh an deimhniú ar athbhreithniú aeracmhainneachta, an moladh, an clár meastóireachta/tuarascáil nó an cead eitilte.

(8)

Nuair a scoirfidh an eagraíocht d’oibríochtaí, aistreofar na taifid uile a choinnítear chuig úinéir an aerárthaigh.’;

(4)

leasaítear pointe CAMO.A.300(a) mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (8):

‘(8)

liosta den fhoireann atá údaraithe chun deimhnithe athbhreithnithe aeracmhainneachta nó moltaí dá dtagraítear i bpointe CAMO.A.305(e) a eisiúint, lena sonraítear, i gcás inarb infheidhme, an fhoireann atá údaraithe chun ceadanna eitilte a eisiúint i gcomhréir le pointe CAMO.A.125(f) chomh maith leis an bhfoireann atá údaraithe chun clár meastóireachta a fhorbairt agus na gníomhaíochtaí imscrúdúcháin comhfhreagracha a dhéanamh i gcomhréir le pointe CAMO.A.125(g);’;

(b)

i bpointe (11), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (iii):

‘(iii)

bainistiú aeracmhainneachta leanúnaí, athbhreithniú aeracmhainneachta, clár meastóireachta agus nósanna imeachta um chead eitilte, de réir mar is infheidhme;’;

(5)

leasaítear pointe CAMO.A.310 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

D’fhonn a bheith formheasta chun athbhreithnithe aeracmhainneachta a dhéanamh agus, más infheidhme, ceadanna eitilte a eisiúint, beidh pearsanra athbhreithnithe aeracmhainneachta ag an eagraíocht a chomhlíonfaidh na ceanglais uile seo a leanas:

(1)

tá 5 bliana ar a laghad de thaithí faighte acu ar aeracmhainneacht leanúnach;

(2)

tá ceadúnas iomchuí acu i gcomhréir le hIarscríbhinn III (Cuid-66), nó céim aerloingseoireachta nó a coibhéis náisiúnta;

(3)

tá oiliúint chothabhála aerloingseoireachta iomchuí faighte acu;

(4)

tá post acu laistigh den eagraíocht fhormheasta a bhfuil na freagrachtaí iomchuí air.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (c) agus (d):

‘(c)

Sula n-eiseoidh an eagraíocht údarú pearsanra athbhreithnithe aeracmhainneachta d’iarrthóir, déanfaidh an ball pearsanra sin athbhreithniú aeracmhainneachta faoi mhaoirseacht an údaráis inniúil nó faoi mhaoirseacht duine atá údaraithe ag an eagraíocht cheana féin mar bhall pearsanra athbhreithnithe aeracmhainneachta, i gcomhréir le nós imeachta arna fhormheas ag an údarás inniúil. Má tá an t-athbhreithniú aeracmhainneachta faoi mhaoirseacht sin sásúil, glacfaidh an t-údarás inniúil go foirmiúil leis an duine sin mar chuid den phearsanra athbhreithnithe aeracmhainneachta.

(d)

Áiritheoidh an eagraíocht go bhfuil pearsanra athbhreithnithe aeracmhainneachta in ann a léiriú go bhfuair siad taithí bhainistíochta iomchuí i dtaca leis an aeracmhainneacht leanúnach le déanaí.’;

(6)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe CAMO.A.320:

‘CAMO.A.320   Athbhreithniú aeracmhainneachta

Nuair a dhéanfaidh an eagraíocht a formheasadh i gcomhréir le pointe CAMO.A.125(e) den Iarscríbhinn seo athbhreithnithe aeracmhainneachta, déanfar iad i gcomhréir le pointe M.A.903 d’Iarscríbhinn I (Cuid-M) nó pointe ML.A.903 d’Iarscríbhinn Vb (Cuid-ML), de réir mar is infheidhme.’;

(7)

i bpointe CAMO.B.125, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) agus (b):

‘(a)

Tabharfaidh údarás inniúil Ballstáit fógra don Ghníomhaireacht i gcás ina mbeidh fadhbanna suntasacha ann maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2018/1139 agus lena ghníomhartha tarmligthe agus lena ghníomhartha cur chun feidhme laistigh de 30 lá ón tráth a chuirtear an t-údarás inniúil ar an eolas faoi na fadhbanna.

(b)

Gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus dá ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme, soláthróidh an t-údarás inniúil, a luaithe is féidir, aon fhaisnéis don Ghníomhaireacht atá suntasach ó thaobh na sábháilteachta de agus a eascraíonn as na tuarascálacha ar tharluithe a stóráiltear sa bhunachar sonraí náisiúnta de bhun Airteagal 6(6) de Rialachán (AE) Uimh. 376/2014.’.


IARSCRÍBHINN VI

Leasaítear Iarscríbhinn Vd (Cuid-CAO) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad chlár na n-ábhar:

‘CLÁR

CAO.1

Ginearálta

ROINN A –

CEANGLAIS EAGRAÍOCHTA

CAO.A.010

Raon feidhme

CAO.A.015

Iarratas

CAO.A.017

Modhanna comhlíontachta

CAO.A.020

Téarmaí an fhormheasa

CAO.A.025

Tuairiscleabhar aeracmhainneachta comhcheangailte

CAO.A.030

Saoráidí

CAO.A.035

Ceanglais maidir le pearsanra

CAO.A.040

An pearsanra deimhnithe

CAO.A.045

An pearsanra athbhreithnithe aeracmhainneachta

CAO.A.050

Comhpháirteanna, trealamh agus uirlisí

CAO.A.055

Sonraí cothabhála agus orduithe oibre

CAO.A.060

CAIGHDEÁIN CHOTHABHÁLA

CAO.A.065

Deimhniú scaoilte iarchothabhála aerárthaí

CAO.A.070

Deimhniú scaoilte iarchothabhála i dtaca le comhpháirteanna

CAO.A.075

Bainistíocht aeracmhainneachta leanúnaí

CAO.A.080

Sonraí maidir le bainistiú aeracmhainneachta leanúnaí

CAO.A.085

Athbhreithniú aeracmhainneachta

CAO.A.090

Taifid a choinneáil

CAO.A.095

Pribhléidí na heagraíochta

CAO.A.100

Córas cáilíochta agus athbhreithniú eagraíochtúil

CAO.A.105

Athruithe ar an eagraíocht

CAO.A.110

Bailíocht leanúnach

CAO.A.115

Torthaí

CAO.A.120

Tuairisciú ar tharluithe

ROINN B —

CEANGLAIS AR AN ÚDARÁS

CAO.B.010

Raon feidhme

CAO.B.017

Modhanna comhlíontachta

CAO.B.020

Taifid a choinneáil

CAO.B.025

Malartú frithpháirteach faisnéise

CAO.B.030

Freagrachtaí

CAO.B.035

Díolúintí

CAO.B.040

Iarratas

CAO.B.045

An nós imeachta tosaigh maidir le deimhniúchán

CAO.B.050

Eisiúint an chéad deimhnithe

CAO.B.055

Formhaoirseacht leanúnach

CAO.B.060

Torthaí

CAO.B.065

Athruithe

CAO.B.070

Fionraíocht, teorannú agus cúlghairm

CAO.B.075

Faisnéis don Ghníomhaireacht

Foscríbhinn I —

Deimhniú Eagraíochta Aeracmhainneachta Comhcheangailte (CAO) — Foirm 3-CAO EASA’;

(2)

i bpointe CAO.A.025(a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (7):

‘(7)

liosta den phearsanra athbhreithnithe aeracmhainneachta lena raon feidhme formheasa, chomh maith leis an bpearsanra atá údaraithe chun clár meastóireachta a fhorbairt agus na gníomhaíochtaí comhfhreagracha imscrúdaithe a dhéanamh, más ann don fhoireann sin;’;

(3)

i bpointe CAO.A.045, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) agus (b):

‘(a)

D’fhonn a bheith formheasta chun athbhreithnithe aeracmhainneachta a dhéanamh agus, más infheidhme, ceadanna eitilte a eisiúint, beidh pearsanra athbhreithnithe aeracmhainneachta ag an eagraíocht a chomhlíonfaidh na ceanglais uile seo a leanas:

(1)

beidh bliain amháin ar a laghad de thaithí faighte acu ar aeracmhainneacht leanúnach i gcás seoleitleán agus balún agus beidh 3 bliana ar a laghad de thaithí acu i gcás gach aerárthaigh eile;

(2)

go bhfuil ceadúnas iomchuí acu a eisíodh i gcomhréir le hIarscríbhinn III (Cuid-66) nó céim san aerloingseoireacht acu nó a coibhéis náisiúnta, nó go bhfuair siad taithí ar aeracmhainneacht leanúnach sa bhreis ar an aeracmhainneacht dá dtagraítear i bpointe (1), ar 2 bhliain ar a laghad an taithí sin i gcás seoleitleán agus balún agus 4 bliana ar a laghad i gcás gach aerárthaigh eile;

(3)

tá oiliúint chothabhála aerloingseoireachta iomchuí faighte acu.

(b)

Sula n-eiseoidh an eagraíocht údarú pearsanra athbhreithnithe aeracmhainneachta d’iarrthóir, déanfaidh an ball pearsanra sin athbhreithniú aeracmhainneachta faoi mhaoirseacht an údaráis inniúil nó faoi mhaoirseacht duine atá údaraithe ag an eagraíocht cheana féin mar bhall pearsanra athbhreithnithe aeracmhainneachta, i gcomhréir le nós imeachta arna fhormheas ag an údarás inniúil. Má tá an t-athbhreithniú aeracmhainneachta faoi mhaoirseacht sin sásúil, glacfaidh an t-údarás inniúil go foirmiúil leis an duine sin mar chuid den phearsanra athbhreithnithe aeracmhainneachta.’;

(4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe CAO.A.085:

‘CAO.A.085   Athbhreithniú aeracmhainneachta

Déanfaidh CAO aon athbhreithniú aeracmhainneachta i gcomhréir le pointe M.A.903 d’Iarscríbhinn I (Cuid-M) nó pointe ML.A.903 d’Iarscríbhinn Vb (Cuid-ML), de réir mar is infheidhme.’;

(5)

leasaítear pointe CAO.A.090 mar a leanas:

(a)

leasaítear pointe (a) mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (3) agus (4):

‘(3)

cóip de gach cead eitilte a eisítear, agus na doiciméid ghaolmhara i gcomhréir le forálacha phointe 21.A.5(c)(2) d’Iarscríbhinn I (Cuid 21) nó, de réir mar is infheidhme, pointe 21L.A.7(c) d’Iarscríbhinn Ib (Cuid 21 Éadrom) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 ar feadh tréimhse 5 bliana ón dáta a eisíodh an cead eitilte.

(4)

cóip de gach deimhniú ar athbhreithniú agus moladh aeracmhainneachta a eisítear, de réir mar is infheidhme, mar aon leis an tuarascáil ar athbhreithniú aeracmhainneachta.’;

(ii)

cuirtear an pointe (5) seo a leanas leis:

‘(5)

cóip de gach clár meastóireachta agus tuarascáil mheastóireachta a eisítear i gcomhréir le forálacha phointe 21.A.174(d) d’Iarscríbhinn I (Cuid 21) nó, de réir mar is infheidhme, i gcomhréir le pointe 21L.A.143(h) d’Iarscríbhinn Ib (Cuid 21 Éadrom) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c)

Coinneoidh an eagraíocht cóip de na taifid uile dá dtagraítear i bpointí (a)(4) agus (a)(5) den phointe seo ar feadh tréimhse 3 bliana tar éis don eagraíocht bainistiú aeracmhainneachta leanúnaí a dhéanamh ar an aerárthach i gcomhréir le pointe M.A.201 d’Iarscríbhinn I (Cuid-M) nó pointe ML.A.201 d’Iarscríbhinn Vb (Cuid-ML), de réir mar is infheidhme, tar éis í a aistriú chuig duine nó eagraíocht eile.

Más rud é nach ionann an eagraíocht a eisíonn an deimhniú athbhreithnithe aeracmhainneachta, an moladh, an clár meastóireachta/an tuarascáil nó an cead eitilte agus an eagraíocht a bhainistíonn aeracmhainneacht leanúnach an aerárthaigh, coinneoidh an eagraíocht eisiúna cóip de na taifid uile dá dtagraítear i bpointí (a)(3), (a)(4) agus (a)(5) agus de na doiciméid tacaíochta uile ar feadh tréimhse 5 bliana ón dáta a eisíodh an deimhniú ar athbhreithniú aeracmhainneachta, an moladh, an clár meastóireachta/tuarascáil nó an cead eitilte.’;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):

‘(f)

I gcás ina n-aistrítear bainistíocht aeracmhainneachta leanúnaí aerárthaigh chuig eagraíocht nó duine eile, déanfar na taifid go léir a choinnítear faoi phointí (a)(2) go (a)(5) a aistriú chuig an eagraíocht sin nó chuig an duine sin. Ó thráth an aistrithe, beidh feidhm ag pointe (c) maidir leis an eagraíocht nó leis an duine sin.’;

(d)

i bpointe (g), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (2):

‘(2)

déanfar na taifid dá dtagraítear i bpointí (a)(2) go (a)(5) a aistriú chuig úinéir an aerárthaigh’;

(6)

leasaítear pointe CAO.A.095 mar a leanas:

(a)

i bpointe (b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (4):

‘(4)

Síneadh a chur le bailíocht deimhnithe ar athbhreithniú aeracmhainneachta atá ann cheana i gcomhréir le pointe M.A.902(a) d’Iarscríbhinn I (Cuid-M) nó pointe ML.A.902(a) d’Iarscríbhinn Vb (Cuid-ML), de réir mar is infheidhme, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i bpointe M.A.902(b) d’Iarscríbhinn I (Cuid-M) nó i bpointe ML.A.902(b) d’Iarscríbhinn Vb (Cuid-ML), de réir mar is infheidhme.’;

(b)

i bpointe (c), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (1):

‘(1)

Féadfar CAO a bhfuil a phríomháit ghnó i mBallstát, a bhfuil na pribhléidí dá dtagraítear i bpointe (b) den phointe seo san áireamh ina fhormheas, a fhormheas chun athbhreithnithe aeracmhainneachta a dhéanamh i gcomhréir le pointe M.A.903 d’Iarscríbhinn I (Cuid-M) nó pointe ML.A.903 d’Iarscríbhinn Vb (Cuid-ML), de réir mar is infheidhme, agus:

(i)

an deimhniú ar athbhreithniú aeracmhainneachta gaolmhaire a eisiúint faoi na coinníollacha a leagtar amach i bpointe M.A.901(b)(1) d’Iarscríbhinn I (Cuid-M) nó i gcomhréir le pointe ML.A.901(b) d’Iarscríbhinn Vb (Cuid-ML), de réir mar is infheidhme;

(ii)

moladh a eisiúint maidir le deimhniú ar athbhreithniú aeracmhainneachta a eisiúint d’údarás inniúil Bhallstát an chláraithe, faoi na coinníollacha a leagtar amach i bpointe M.A.901(b)(2) d’Iarscríbhinn I (Cuid-M).’;

(c)

i bpointe (c), cuirtear isteach an pointe (3) seo a leanas:

‘(3)

Ina theannta sin, i gcás an aerárthaigh a bhfuil an eagraíocht formheasta chun an t-athbhreithniú aeracmhainneachta a dhéanamh ina leith, agus faoi réir nós imeachta leordhóthanach in CAE dá dtagraítear i bpointe CAO.A.025, féadfar eagraíocht aeracmhainneachta comhcheangailte ag a bhfuil na pribhléidí dá dtagraítear i bpointe (1) nó i bpointe (2) a fhormheas chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(i)

clár meastóireachta a fhorbairt i gcomhréir le pointe 21.A.174(d)(3) d’Iarscríbhinn I (Cuid 21) nó, de réir mar is infheidhme, pointe 21L.A.143(h)(3) d’Iarscríbhinn Ib (Cuid 21 Éadrom) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012;

(ii)

déanfaidh sé na gníomhaíochtaí imscrúdaithe a mholtar sa chlár meastóireachta agus eiseoidh sé an tuarascáil mheastóireachta i gcomhréir le pointe 21.A.174(d)(4) d’Iarscríbhinn I (Cuid 21) nó, de réir mar is infheidhme, pointe 21L.A.143(h)(4) d’Iarscríbhinn Ib (Cuid 21 Éadrom) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012.

Is baill foirne atá formheasta chun athbhreithniú aeracmhainneachta a dhéanamh ar an aerárthach sin a dhéanfaidh na cúraimí dá dtagraítear sa chéad mhír, pointí (i) agus (ii).’;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

‘(d)

Cead eitilte

Féadfar CAO a bhfuil a phríomháit ghnó i gceann de na Ballstáit, a n-áirítear lena fhormheas na pribhléidí dá dtagraítear i bpointe (c)(1) nó i bpointe (c)(2) den phointe seo, a fhormheas chun cead eitilte a eisiúint i gcomhréir le pointe 21.A.711(d) d’Iarscríbhinn I (Cuid 21) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 le haghaidh na n-aerárthaí sin ar féidir le CAO an deimhniú ar athbhreithniú aeracmhainneachta a eisiúint ina leith nuair a fhianaíonn sé comhréireacht leis na dálaí eitilte formheasta, faoi réir nós imeachta leordhóthanach in CAE dá dtagraítear i bpointe CAO.A.025 den Iarscríbhinn seo.

Ina theannta sin, i gcás aerárthaí os cionn MTOM 2 730 kg, féadfar an cead eitilte sin a eisiúint ar choinníoll:

(i)

go gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i bpointí M.A.902(b)(1) agus M.A.902(b)(2) d’Iarscríbhinn I (Cuid-M);

(ii)

gurb é CAO a eisíonn an cead eitilte a bhainistíonn aeracmhainneacht leanúnach an aerárthaigh.’;

(7)

cuirtear isteach an pointe CAO.A.120 seo a leanas:

‘CAO.A.120   Tuairisciú ar tharluithe

(a)

Déanfaidh an eagraíocht córas tuairiscithe tarluithe a bhunú agus a choinneáil ar bun, lena n-áirítear tuairisciú éigeantach agus tuairisciú deonach. I gcás eagraíochtaí a bhfuil a bpríomháit ghnó i mBallstát, féadfar córas aonair a bhunú chun ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus a ghníomhartha cur chun feidhme agus Rialachán (AE) 2018/1139 agus a ghníomhartha tarmligthe agus a ghníomhartha cur chun feidhme a chomhlíonadh.

(b)

Tuairisceoidh an eagraíocht dá húdarás inniúil agus don eagraíocht atá freagrach as dearadh an aerárthaigh nó na comhpháirte aon teagmhas nó staid a bhaineann le sábháilteacht aerárthaigh nó chomhpháirte arna shainaithint ag an eagraíocht, ar teagmhas nó staid atá ann ina gcuirtear aerárthach, na daoine ar bord nó aon duine eile i gcontúirt, nó ina gcuirfí i gcontúirt iad murach go ndéanfaí ceartú ina leith nó mura dtabharfaí aghaidh ar an teagmhas nó ar an staid sin, agus tuairisceoidh sí go háirithe aon tionóisc nó teagmhas tromchúiseach.

(c)

Tuairisceoidh an eagraíocht freisin aon teagmhas nó staid den sórt sin a dhéanann difear d’aerárthach nó do chomhpháirt, de réir mar is infheidhme:

(1)

don úinéir nó don oibreoir an aerárthaigh sin, nuair a sainaithníodh teagmhas nó staid den sórt sin agus an aeracmhainneacht leanúnach á bainistiú i gcomhréir le pointe M.A.201 d’Iarscríbhinn I (Cuid-M) nó pointe ML.A.201 d’Iarscríbhinn Vb (Cuid-ML), de réir mar is infheidhme;

(2)

don duine nó don eagraíocht atá freagrach as aeracmhainneacht leanúnach an aerárthaigh sin i gcomhréir le pointe M.A.201 d’Iarscríbhinn I (Cuid-M) nó pointe ML.A.201 d’Iarscríbhinn Vb (Cuid-ML), de réir mar is infheidhme, nuair a sainaithníodh teagmhas nó riocht den sórt sin agus gníomhaíochtaí aeracmhainneachta leanúnaí á ndéanamh arna n-iarraidh ag an duine nó ag an eagraíocht sin;

(3)

don duine nó don eagraíocht a d’iarr cothabháil na comhpháirte, murab ionann é agus pointe (2), nuair a sainaithníodh teagmhas nó coinníoll den sórt sin agus cothabháil comhpháirte á déanamh.

(d)

I gcás eagraíochtaí nach bhfuil a bpríomháit ghnó i mBallstát:

(1)

maidir leis an tuarascáil shainordaitheach tosaigh:

(i)

déanfar rúndacht chéannacht an tuairisceora agus na ndaoine a luaitear sa tuarascáil a chosaint go hiomchuí;

(ii)

déanfar iad a luaithe is indéanta, ach in aon chás laistigh de 72 uair an chloig tar éis don eagraíocht teacht ar an eolas faoin tarlú mura gcoisctear é sin de dheasca tosca eisceachtúla;

(iii)

déanfar iad i bhfoirm agus ar mhodh a bhunóidh an t-údarás inniúil;

(iv)

beidh an fhaisnéis ábhartha uile iontu faoin staid is eol don eagraíocht;

(2)

i gcás inarb ábhartha, a luaithe a shainaithneofar na gníomhaíochtaí atá beartaithe ag an eagraíocht a dhéanamh chun tarluithe comhchosúla a chosc amach anseo, déanfar tuarascáil leantach ina soláthrófar mionsonraí faoi na gníomhaíochtaí sin; maidir leis na tuarascálacha leantacha sin:

(i)

seolfar iad chuig na heintitis dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) ar seoladh an tuarascáil tosaigh chucu;

(ii)

déanfar iad i bhfoirm agus ar bhealach a bhunóidh an t-údarás inniúil.’;

(8)

cuirtear an pointe CAO.B.075 seo a leanas leis:

‘CAO.B.075   Faisnéis don Ghníomhaireacht

(a)

Tabharfaidh údarás inniúil Ballstáit fógra don Ghníomhaireacht i gcás ina mbeidh fadhbanna suntasacha ann maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2018/1139 agus lena ghníomhartha tarmligthe agus lena ghníomhartha cur chun feidhme laistigh de 30 lá ón tráth a chuirtear an t-údarás inniúil ar an eolas faoi na fadhbanna.

(b)

Gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus dá ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme, soláthróidh an t-údarás inniúil, a luaithe is féidir, aon fhaisnéis don Ghníomhaireacht atá suntasach ó thaobh na sábháilteachta de agus a eascraíonn as na tuarascálacha ar tharluithe a stóráiltear sa bhunachar sonraí náisiúnta de bhun Airteagal 6(6) de Rialachán (AE) Uimh. 376/2014.’.


IARSCRÍBHINN VII

Ceartaítear Iarscríbhinn Vc (Cuid-CAMO) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

‘(g)

I gcás ina dtugtar conradh i gcrích i gcomhréir le pointe M.A.201(ea) d’Iarscríbhinn I (Cuid-M), an t-údarás inniúil atá freagrach as formhaoirseacht a dhéanamh ar CAMO agus na húdaráis inniúla atá freagrach as formhaoirseacht a dhéanamh ar na hoibreoirí lena mbaineann, comhoibreoidh siad chun malartú faisnéise atá ábhartha le haghaidh chomhlíonadh a gcúraimí a áirithiú. Áireofar sa chomhoibriú sin malartú faisnéise maidir le torthaí na ngníomhaíochtaí formhaoirseachta a dhéanann na húdaráis inniúla sin agus féadfar a áireamh air sin cúraimí formhaoirseachta ar CAMO arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla atá freagrach as na hoibreoirí.’;

(b)

cuirtear pointe (h) a leanas leis:

‘(h)

Maidir le deimhniú agus le formhaoirseacht chomhlíontacht na heagraíochta le pointe CAMO.A.200A, i dteannta phointí (a) go (f) a chomhlíonadh, athbhreithneoidh an t-údarás inniúil aon fhormheas arna thabhairt faoi phointe IS.I.OR.200(e) den Rialachán seo nó faoi phointe IS.D.OR.200(e) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1645 tar éis an timthriall iniúchta formhaoirseachta is infheidhme agus cibé uair a chuirtear athruithe chun feidhme i raon feidhme oibre na heagraíochta.’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/100/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)