|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/93 |
16.1.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/93 ÓN gCOIMISIÚN
an 15 Eanáir 2026
maidir le húdarú sulfáite L-lísín arna táirgeadh le Corynebacterium glutamicum CGMCC 23982 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis na forais agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú. |
|
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh isteach iarratas maidir le húdarú sulfáite L-lísín arna táirgeadh le Corynebacterium glutamicum CGMCC 23982. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas sin. |
|
(3) |
Baineann an t-iarratas le húdarú sulfáite L-lísín arna táirgeadh le Corynebacterium glutamicum CGMCC 23982 mar bhreiseán beathaithe lena úsáid i mbeatha agus in uisce óil le haghaidh gach speicis ainmhíoch, iarratas ina n-iarrtar an breiseán a aicmiú sa chatagóir breiseán ‘breiseáin chothaitheacha’ agus san fheidhmghrúpa ‘aimíonaigéid, a salainn agus analóga’. |
|
(4) |
Tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) ar an gconclúid sna tuairimí uaidh an 18 Márta 2025 (2) go bhfuil sulfáit L-lísín arna táirgeadh le Corynebacterium glutamicum CGMCC 23982 sábháilte don spriocspeiceas nuair a thugtar trí bheatha í. Ní bheidh úsáid lísín ‘per se’ ina cúis imní sábháilteachta do na spriocainmhithe ar choinníoll go ndéantar é a fhorlíonadh i méideanna iomchuí leis na haistí bia. Mar gheall ar an riosca go mbeadh míchothromaíochtaí cothaitheacha ann nó ar chúiseanna sláinteachais, tá imní ar an Údarás maidir le húsáid sulfáite L-lísín in uisce óil. Maidir leis an gcion ard intreach sulfáite sa bhreiseán sin, measann an tÚdarás, agus an breiseán á úsáid aige, gur cheart uasleibhéal inghlactha an tsulfair iomláin a chur san áireamh go cúramach i bhfoirmliú an ábhair beatha iomláin. Ba cheart a chur san áireamh an méid a chuireann an sulfar/sulfáit atá in uisce óil leis an iontógáil iomlán sulfair. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go bhfuil úsáid sulfáite L-lísín arna táirgeadh le Corynebacterium glutamicum CGMCC 23982 i gcothú ainmhithe sábháilte do thomhaltóirí agus don chomhshaol. Tháinig sé ar an gconclúid freisin gur cheart an breiseán a mheas mar ghreannaitheoir don chraiceann, do na súile agus don chonair riospráide. Is riosca é aon nochtadh don bhreiseán. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid thairis sin gur foinse éifeachtúil den aimíonaigéad riachtanach L-lísín í an tsubstaint le haghaidh speicis ainmhíocha neamh-athchogantacha, agus gur cheart an L-lísín forlíontach a chosaint ar dhíghrádú sa chogansach ionas go mbeadh sé chomh héifeachtúil céanna i gcás na n-athchogantach agus atá i gcás na speiceas neamh-athchogantach. Níor mheas an tÚdarás go bhfuil gá le ceanglais shonracha maidir le faireachán iarmhargaidh. D’fhíoraigh sé freisin an tuarascáil ar an modh anailíse ar an mbreiseán beathaithe i mbeatha arna cur isteach ag an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. |
|
(5) |
I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún go gcomhlíonann sulfáit L-lísín arna táirgeadh le Corynebacterium glutamicum CGMCC 23982 na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na substainte sin mar bhreiseán beathaithe a údarú. Measann an Coimisiún go bhfuil úsáid shábháilte an aimíonaigéid sin in uisce óil, maidir le rioscaí sláinteachais a d’fhéadfadh a bheith ann, le breithniú faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 183/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) lena leagtar síos ceanglais maidir le sláinteachas beatha ainmhithe. Is iomchuí an t-úsáideoir a chur ar an eolas chun go gcuirfidh sé an soláthar cothaithe san áireamh leis na haimíonaigéid uile atá riachtanach agus atá riachtanach go coinníollach, go háirithe i gcás ina mbaintear úsáid as sulfáit L-lísín mar fhorlíonadh trí uisce óil. Nuair a thugtar í d’athchogantaigh, ní mór sulfáit L-lísín arna táirgeadh le Corynebacterium glutamicum CGMCC 23982 a chosaint ar dhíghrádú sa chogansach. Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur cheart leibhéal uasta a bhunú le haghaidh sulfáit L-lísín arna táirgeadh le Corynebacterium glutamicum CGMCC 23982 mar gheall ar na héifeachtaí díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith ann ón gcion ard intreach sulfáite sa bhreiseán. Ba cheart é a bhunú ar 10 000 mg/kg d’ábhar beatha iomlán a measadh a bheith sábháilte de réir na tuairime ón Údarás an 16 Meitheamh 2015 (4) a eisíodh maidir le sulfáit L-lísín eile. Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte úsáideoirí an bhreiseáin a chosc. |
|
(6) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Údarú
An tsubstaint a shonraítear san Iarscríbhinn, ar substaint í a bhaineann leis an gcatagóir breiseán ‘breiseáin chothaitheacha’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘aimíonaigéid, a salainn agus analóga’, údaraítear í mar bhreiseán i gcothú ainmhithe, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Eanáir 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj.
(2) EFSA Journal [Iris EFSA] 2025; 23(4), e9346 (https://doi.org/10.2903/j.efsa.2025.9346).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 183/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Eanáir 2005 lena leagtar síos ceanglais maidir le sláinteachas beatha ainmhithe, (IO L 35, 8.2.2005, lch. 1, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2005/183/oj).
(4) EFSA Journal [Iris EFSA] 2015; 13(7):4155, 22 lch. (https://doi.org/10.2903/j.efsa.2015.4155).
IARSCRÍBHINN
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin beathaithe |
Ainm an bhreiseáin |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse. |
Speiceas nó catagóir ainmhíoch |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údarúcháin |
||||||||||||||||||||||||
|
mg de bhreiseán/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Catagóir: breiseáin chothaitheacha. Feidhmghrúpa: aimíonaigéid, a salainn agus analóga |
||||||||||||||||||||||||||||||||
|
3c330 |
Sulfáit L-lísín |
Comhdhéanamh an bhreiseáin: Sulfáit L-lísín ina bhfuil íoschion L-lísín 55 % agus uaschion sulfáite 21 %. Foirm sholadach Saintréithriú na substainte gníomhaí: Sulfáit L-lísín arna táirgeadh le Corynebacterium glutamicum CGMCC 23982 Foirmle cheimiceach: C12H28N4O4-O4S Uimhir CAS: 60343-69-3 Modhanna anailíse (1): Maidir le sulfáit sa bhreiseán beathaithe a shainaithint:
Maidir le lísín sa bhreiseán beathaithe a chinneadh:
Maidir le lísín i réamh-mheascáin a chinneadh:
Maidir le lísín i mbeatha chumaisc a chinneadh:
Maidir le lísín in uisce óil a chinneadh:
|
Gach speiceas ainmhíoch |
- |
- |
10 000 |
|
5 Feabhra 2036 |
||||||||||||||||||||||||
(1) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ar shuíomh na Saotharlainne Tagartha ag an seoladh seo a leanas: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga
(2) Rialachán (CE) Uimh. 152/2009 ón gCoimisiún an 27 Eanáir 2009 lena leagtar síos na modhanna samplála agus anailíse chun rialú oifigiúil a dhéanamh ar bheatha (IO L 54, 26.2.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/152/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/93/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)