European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/87

12.1.2026

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/87 ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Eanáir 2026

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2024/287 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i nGuatamala

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/287 ón gComhairle an 12 Eanáir 2024 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i nGuatamala (1), agus go háirithe Airteagal 13(1)agus (4) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 12 Eanáir 2024, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2024/287.

(2)

Ar bhonn athbhreithniú a rinneadh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/287, ba cheart na hiontrálacha a bhaineann le cúigear a thabhairt cothrom le dáta.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2024/287 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/287 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Eanáir 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. RAOUNA


(1)   IO L, 2024/287, 15.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/287/oj.


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/287, faoin gceannteideal ‘A. Daoine Nádúrtha’, cuirtear na hiontrálacha comhfhreagracha seo a leanas in ionad iontrálacha 1, 2, 3, 7 agus 8:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna lena liostú

Dáta liostaithe

‘1.

María Consuelo PORRAS ARGUETA DE PORRES

Post/poist: Ard-Aighne Ghuatamala, Ceann Aireacht Phoiblí (Ministerio Público) Ghuatamala

Dáta breithe: 23.8.1953

Náisiúntacht: Guatamalach

Uimhir aitheantais náisiúnta: 242159605 (pas)

Inscne: baineann

Ina post mar Ard-Aighne Ghuatamala, an státseirbhíseach is airde in Aireacht Phoiblí (Ministerio Público) Ghuatamala (atá coibhéiseach le Ceann Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí nó an Phríomh-Ionchúisitheora), tá baint ag María Consuelo Porras Argueta De Porres (dá ngairtear freisin “Porras”) leis na hiarrachtaí ar thorthaí an chéad bhabhta agus an dara babhta d’olltoghchán a reáchtáladh i mí an Mheithimh agus mí Lúnasa 2023 a chur ar ceal, lena n-áirítear trí imscrúduithe coiriúla gan bhunús atá dírithe ar an mBinse Toghcháin Uachtarach, ar an bpáirtí polaitiúil Movimiento Semilla agus ar an Uachtarán Arévalo. Ina theannta sin, faoina ceannaireacht, tá imeachtaí treallacha tionscanta ag an Aireacht Phoiblí i gcoinne iriseoirí neamhspleácha, ionchúisitheoirí, breithiúna agus ghníomhaithe na sochaí sibhialta, lena n-áirítear ceannairí dúchasacha agus mic léinn.

Dá bhrí sin, tá María Consuelo Porras Argueta De Porres freagrach as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn den daonlathas, den smacht reachta agus d’aistriú síochánta na cumhachta i nGuatamala.

2.2.2024

2.

Ángel Arnoldo PINEDA ÁVILA

Post/poist: Ard-Rúnaí Aireacht Phoiblí (Ministerio Público) Ghuatamala

Dáta breithe: 10.5.1975

Náisiúntacht: Guatamalach

Uimhir aitheantais náisiúnta: 238937186 (pas)

Inscne: fireann

Is é Ángel Pineda Ávila Ard-Rúnaí Aireacht Phoiblí (Ministerio Público) Ghuatamala (atá coibhéiseach le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí). Tá sé ina leascheannasaí ar an Aireacht Phoiblí i ndiaidh an Ard-Aighne, agus ina Cheann ar Ardrúnaíocht na hinstitiúide sin. Sa phost sin, tá Ángel Pineda Ávila páirteach sna hiarrachtaí ar thorthaí an chéad bhabhta agus an dara babhta d’olltoghchán a reáchtáladh i mí an Mheithimh agus i mí Lúnasa 2023 a chur ar ceal, lena n-áirítear trí imscrúduithe coiriúla gan bhunús atá dírithe ar an mBinse Toghcháin Uachtarach, ar an bpáirtí polaitiúil Movimiento Semilla agus ar an Uachtarán Arévalo. I mí na Nollag 2023, ghlac sé páirt i bpreasagallamh inar mhaígh an Aireacht Phoiblí go raibh toradh an chéad bhabhta den toghchán i mí an Mheithimh 2023 neamhbhailí. In 2025, bhí Ángel Pineda Ávila i mbun imscrúdú gan bhunús ar cheannairí dúchasacha, ar cuireadh sceimhlitheoireacht ina leith mar gheall ar a ngníomhaíochtaí chun torthaí thoghcháin 2023 a chosaint.

Dá bhrí sin, tá Ángel Pineda Ávila i mbun gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn den daonlathas, den smacht reachta agus d’aistriú síochánta na cumhachta i nGuatamala.

2.2.2024

3.

José Rafael CURRUCHICHE CUCUL

Post/poist: Ceann na hOifige Ionchúisimh Speisialta i gcoinne na Saoirse ó Phionós, an Aireacht Phoiblí (Ministerio Público) Ghuatamala

Dáta breithe: 28.7.1970

Náisiúntacht: Guatamalach

Uimhir aitheantais náisiúnta: 229488307 (pas)

Inscne: fireann

Is é José Curruchiche Cucul Ceann na hOifige Ionchúisimh Speisialta i gcoinne na Saoirse ó Phionós (FECI), a fheidhmíonn faoi Aireacht Phoiblí (Ministerio Público) Ghuatamala (atá coibhéiseach le hOifig Ionchúisitheoir Poiblí Ghuatamala). Faoina cheannaireacht, bhí FECI ar thús cadhnaíochta san imscrúdú leanúnach maidir le cruthú an pháirtí pholaitiúil Movimiento Semilla de chuid an Uachtaráin, Arévalo. Ghlac sé páirt phearsanta sa ruathar a thug oifig na hAireachta Poiblí ar áitreabh an Bhinse Toghcháin Uachtarach inar osclaíodh boscaí ballóide séalaithe. Ina theannta sin, bhí baint aige leis an iarraidh go gcuirfí pearsantacht dhlítheanach Movimiento Semilla ar fionraí i mí Iúil 2023. I mí na Nollag 2023, ghlac sé páirt i bpreasagallamh inar mhaígh an Aireacht Phoiblí go raibh toradh an chéad bhabhta den toghchán i mí an Mheithimh 2023 neamhbhailí. Bhí baint phearsanta aige le himscrúdú bréagach agus ionchúiseamh bréagach na n-údarás a toghadh go daonlathach, iar-ionadaithe de chuid na meán (mar shampla, an t-iriseoir José Rubén Zamora), chomh maith le hoibreoirí ceartais, go háirithe an t-imscrúdú bréagach agus an t-ionchúiseamh bréagach orthu siúd a throid i gcoinne an éillithe agus na saoirse ó phionós leis an gCoimisiún Idirnáisiúnta i gcoinne na Saoirse ó Phionós i nGuatamala.

Trí na gníomhaíochtaí sin, tá baint ag José Curruchiche Cucul le hiarrachtaí ar thorthaí thoghcháin 2023 i nGuatamala a chur ar ceal. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as gníomhaíochtaí lena mbaintear bonn den daonlathas, den smacht reachta agus d’aistriú síochánta na cumhachta i nGuatamala.

2.2.2024

7.

Ricardo Rafael MÉNDEZ-RUIZ VALDÉS

Post/poist: Uachtarán, an Fhondúireacht i gcoinne na Sceimhlitheoireachta (Fundación contra el Terrorismo), FCT

Dáta breithe: 9.10.1959

Náisiúntacht: Guatamalach

Uimhir aitheantais náisiúnta: 268287872 (pas)

Inscne: fireann

Daoine aonair comhlachaithe: Raúl Amílcar Falla Ovalle

Eintitis chomhlachaithe: an Fhondúireacht i gcoinne na Sceimhlitheoireachta (Fundación contra el Terrorismo), FCT

Na meáin shóisialta: https://x.com/rmendezruiz

Is é Ricardo Méndez-Ruiz Valdés Uachtarán na Fondúireachta i gCoinne na Sceimhlitheoireachta (Fundación contra el Terrorismo), FCT. Tá baint ag FCT le feachtas ionchúiseamh arb iad cúrsaí polaitiúla níos mó ná cúrsaí ceartais is cionsiocair leo agus atá faoi stiúir Oifig Ard-Aighne Ghuatamala i gcoinne iriseoirí, ceannairí dúchasacha, ionchúisitheoirí agus breithiúna a raibh baint acu le héilliú agus saoirse ó phionós a nochtadh i nGuatamala agus i gcoinne rialtas Ghuatamala a toghadh go daonlathach, lena n-áirítear an tUachtarán, Bernardo Arévalo. Thionscain FCT an iliomad imscrúduithe coiriúla i gcoinne oibreoirí ceartais, iriseoirí agus ionadaithe an rialtais trí ghearáin choiriúla a chomhdú agus trí ghníomhú mar ghearánaí tríú páirtí in imeachtaí coiriúla nach n-urramaíonn cearta bunúsacha na gcosantóirí.

Trí na gníomhaíochtaí sin, ghlac Ricardo Méndez-Ruiz Valdés páirt i ngníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn den smacht reachta i nGuatamala agus thacaigh sé leo, lena n-áirítear an ghéarleanúint agus an t-imeaglú ar ionadaithe na meán, an tsochaí shibhialta, agus ar dhlíodóirí, breithiúna agus ionchúisitheoirí.

12.6.2025

8.

Raúl Amílcar FALLA OVALLE

Post/poist: Ionadaí dlíthiúil, an Fhondúireacht i gcoinne na Sceimhlitheoireachta (Fundación contra el Terrorismo), FCT

Dáta breithe: 9.11.1971

Náisiúntacht: Guatamalach

Uimhir aitheantais náisiúnta: 179421166 (pas)

Inscne: fireann

Daoine aonair comhlachaithe: Ricardo Méndez-Ruiz Valdés

Eintitis chomhlachaithe: an Fhondúireacht i gcoinne na Sceimhlitheoireachta (Fundación contra el Terrorismo), FCT

Na meáin shóisialta: https://x.com/RaulFalla31

Is é Raúl Falla Ovalle ionadaí dlíthiúil na Fondúireachta i gcoinne na Sceimhlitheoireachta (Fundación contra el Terrorismo), FCT. Tá baint ag FCT le feachtas ionchúiseamh arb iad cúrsaí polaitiúla níos mó ná cúrsaí ceartais is cionsiocair leo agus atá faoi stiúir Oifig Ard-Aighne Ghuatamala i gcoinne iriseoirí, ceannairí dúchasacha, ionchúisitheoirí agus breithiúna a raibh baint acu le héilliú agus saoirse ó phionós a nochtadh i nGuatamala agus i gcoinne rialtas Ghuatamala a toghadh go daonlathach, lena n-áirítear an tUachtarán, Bernardo Arévalo. Thionscain FCT an iliomad imscrúduithe coiriúla i gcoinne oibreoirí ceartais, iriseoirí agus ionadaithe an rialtais trí ghearáin choiriúla a chomhdú agus trí ghníomhú mar ghearánaí tríú páirtí in imeachtaí coiriúla nach n-urramaíonn cearta bunúsacha na gcosantóirí.

Trí na gníomhaíochtaí sin, glacann Raúl Falla Ovalle páirt i ngníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn den smacht reachta i nGuatamala agus tacaíonn sé leo, lena n-áirítear an ghéarleanúint agus an t-imeaglú ar ionadaithe na meán, an tsochaí shibhialta, agus ar dhlíodóirí, breithiúna agus ionchúisitheoirí.

12.6.2025’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/87/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)