European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/74

20.4.2026

TREOIR TARMLIGTHE (AE) 2026/74 ÓN gCOIMISIÚN

an 12 Eanáir 2026

lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir (AE) 2024/1799 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena gcuirtear deisiú earraí chun cinn chun go gcuimseofar téitheoirí spáis áitiúla tí dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2024/1103 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh téitheoirí spáis áitiúla agus na rialtán gaolmhar ar leithligh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir (AE) 2024/1799 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le rialacha comhchoiteanna lena gcuirtear deisiú earraí chun cinn agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2394 agus Treoracha (AE) 2019/771 agus (AE) 2020/1828 (1), agus go háirithe Airteagal 5(9) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir (AE) 2024/1799, forchuirtear oibleagáid ar mhonaróirí na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn II a dheisiú, arb earraí iad ar bunaíodh ceanglais indeisitheachta ina leith ar leibhéal an Aontais.

(2)

De réir Airteagal 5(9) den Treoir, ba cheart don Choimisiún Iarscríbhinn II a thabhairt cothrom le dáta laistigh de 12 mhí ar a dhéanaí tar éis foilsiú gníomhartha dlí de chuid an Aontais ina bhfuil ceanglais indeisitheachta ábhartha bhreise. Is iad na nithe atá i gceist leis na ceanglais ábhartha sin an oibleagáid atá ar an monaróir páirteanna spártha a sholáthar le linn tréimhsí sonraithe, é a bheith éasca earra a dhíchóimeáil nó a athchóimeáil le haghaidh a dheisithe, agus faisnéis agus/nó uirlisí a bhaineann le deisiú a sholáthar.

(3)

An 18 Aibreán 2024, ghlac an Coimisiún Rialachán (AE) 2024/1103 (2) maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh téitheoirí spáis áitiúla agus na rialtán gaolmhar ar leithligh agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2015/1188 (3) ón gCoimisiún. Leis an Rialachán sin, leagtar síos ceanglais indeisitheachta le haghaidh téitheoirí spáis áitiúla tí. Tá forálacha ann arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar indeisitheacht na n-earraí sin, amhail an oibleagáid atá ar mhonaróirí páirteanna spártha a chur ar fáil ar feadh 10 mbliana ar a laghad tar éis an t-aonad deiridh den chineál lena mbaineann a chur ar an margadh. Leagtar síos ann freisin ceanglais maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil le haghaidh deisitheoirí. Dá bhrí sin, tá ceanglais indeisitheachta in Rialachán (AE) 2024/1103 atá ábhartha maidir le téitheoirí spáis áitiúla tí.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir (AE) 2024/1799 a leasú chun téitheoirí spáis áitiúla tí a chuimsiú,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir (AE) 2024/1799, cuirtear isteach pointe nua (11) seo a leanas:

‘11.

Le haghaidh téitheoirí spáis áitiúla tí, Rialachán (AE) 2024/1103 ón gCoimisiúno (*1).

(*1)  Rialachán (AE) 2024/1103 ón gCoimisiún an 18 Aibreán 2024 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh téitheoirí spáis áitiúla agus na rialtáin ghaolmhara ar leithligh agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2015/1188 ón gCoimisiún (IO L, 2024/1103, 19.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1103/oj).’."

()  Rialachán (AE) 2024/1103 ón gCoimisiún an 18 Aibreán 2024 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh téitheoirí spáis áitiúla agus na rialtáin ghaolmhara ar leithligh agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2015/1188 ón gCoimisiún (IO L, 2024/1103, 19.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1103/oj).’.

Airteagal 2

1.   Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 31 Iúil 2026. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 31 Iúil 2026.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna déanamh sa Bhruiséil, an 12 Eanáir 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L, 2024/1799, 10.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1799/oj.

(2)  Rialachán (AE) 2024/1103 ón gCoimisiún an 18 Aibreán 2024 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh téitheoirí spáis áitiúla agus na rialtáin ghaolmhara ar leithligh agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2015/1188 ón gCoimisiún (IO L, 2024/1103, 19.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1103/oj).

(3)  Rialachán (AE) 2015/1188 ón gCoimisiún an 28 Aibreán 2015 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh téitheoirí spáis áitiúla (IO L 193, 21.7.2015, lch. 76, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/1188/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dir_del/2026/74/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)