European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/42

15.1.2026

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 219/2025

an 19 Meán Fómhair 2025

lena leasaítear Iarscríbhinn XX (An Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/42]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2252 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2021 lena leasaítear Cinneadh 94/741/CE maidir le ceistneoirí do na tuarascálacha ó na Ballstáit maidir le cur chun feidhme Treoracha áirithe in earnáil na dramhaíola (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 1ca (Cinneadh (AE) 94/741/CE ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘—

32021 D 2252: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2252 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2021 (IO L 454, 17.12.2021, lch. 4).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2252 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 20 Meán Fómhair 2025, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Meán Fómhair 2025.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Stefán Haukur JÓHANNESSON


(1)   IO L 454, 17.12.2021, lch. 4.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/42/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)