|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/37 |
15.1.2026 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 206/2025
an 19 Meán Fómhair 2025
lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/37]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán (AE) 2025/666 ón gCoimisiún an 4 Aibreán 2025 lena leasaítear Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le húsáid ceallalóis carbocsaimeitile sóidiam, guma ceallalóis (E 466) agus an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le sonraíochtaí le haghaidh ceallalóis (E 460), ceallalós meitile (E 461), ceallalós eitile (E 462), ceallalós hiodrocsapróipile (E 463), ceallalós meitile hiodrocsapróipile (E 464), ceallalós meitile eitile (E 465), ceallalós carbocsaimeitile sóidiam, guma ceallalóis (E 466), ceallalós carbocsaimeitile sóidiam trasnasctha, guma ceallalóis trasnasctha (E 468) agus ceallalós carbocsaimeitile hidrealaithe go heinsímeach (E 469) (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Is le reachtaíocht maidir le hábhair bhia a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair bhia, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a bheidh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta leathnaithe chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear i réamhrá Chaibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin. |
|
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear isteach an fhleasc seo a leanas i bpointí 54zzzzr (Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) agus 69 (Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún) de Chaibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:
|
‘— |
32025 R 0666: Rialachán (AE) 2025/666 ón gCoimisiún an 4 Aibreán 2025 (IO L 2025/666, 7.4.2025).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán (AE) 2025/666 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 20 Meán Fómhair 2025, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Meán Fómhair 2025.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Stefán Haukur JÓHANNESSON
(1) IO L 2025/666, 7.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/666/oj.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/37/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)