|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/17 |
15.1.2026 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 222/2025
an 19 Meán Fómhair 2025
lena leasaítear Iarscríbhinn XX (An Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/17]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/322 ón gCoimisiún an 18 Feabhra 2025 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2323 lena mbunaítear an Liosta Eorpach de shaoráidí athchúrsála long de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hathchúrsáil long (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 32fhd (Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2323 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE:
|
‘— |
32025 D 0322: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/322 ón gCoimisiún an 18 Feabhra 2025 (IO L, 2025/322, 19.2.2025).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/322 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 20 Meán Fómhair 2025, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Meán Fómhair 2025.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Stefán Haukur JÓHANNESSON
(1) IO L 2025/322, 19.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/322/oj.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/17/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)