|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/3 |
15.1.2026 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 196/2025
an 19 Meán Fómhair 2025
lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/3]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/808 ón gCoimisiún an 5 Bealtaine 2025 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/408 a mhéid a bhaineann le gáma-ciahalaitrin, iopconasól agus ocsaimil a scriosadh ó liosta na substaintí gníomhacha atá le meas mar shubstaintí lena n-ionadú (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/833 ón gCoimisiún an 5 Bealtaine 2025 lena ndéantar formheas na substainte gníomhaí leanacail a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 agus (AE) 2015/408 ón gCoimisiún (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(3) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/845 ón gCoimisiún an 5 Bealtaine 2025 lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach iarann eiliminteach mar shubstaint ghníomhach ísealriosca i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Caibidil XV d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE, leasaítear í mar a leanas:
|
1. |
Cuirtear na fleasca seo a leanas isteach i bpointe 13a (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún):
|
|
2. |
Cuirtear na fleasca seo a leanas isteach i bpointe 13zzzzt (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/408 ón gCoimisiún):
|
|
3. |
Cuirtear na pointí seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 13zzzzzzzzzzzzzzzh (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/150 ón gCoimisiún):
|
Airteagal 2
Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2025/808, (AE) 2025/833 agus (AE) 2025/845 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d ’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 20 Meán Fómhair 2025, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Meán Fómhair 2025.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Stefán Haukur JÓHANNESSON
(1) IO L 2025/808, 6.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/808/oj.
(2) IO L 2025/833, 6.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/833/oj.
(3) IO L 2025/845, 6.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/845/oj.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/3/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)