European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1

6.2.2026

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2026/1 ÓN gCOIMISIÚN

an 1 Nollaig 2025

lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le leithdháiltí na mBallstát le haghaidh íocaíochtaí díreacha agus an miondealú bliantúil in aghaidh an Bhallstáit ar an tacaíocht ón Aontas don fhorbairt tuaithe

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (1), agus go háirithe Airteagal 87(2) agus Airteagal 89(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 103(1), pointe (a), Airteagal 103(2) agus Airteagal 103(5) de Rialachán (AE) 2021/2115, chinn an Danmhairg, an Fhrainc agus an Ísiltír ina bPlean Straitéiseach CBT athbhreithniú a dhéanamh ar chéatadán a leithdháiltí le haghaidh íocaíochtaí díreacha i leith na bliana féilire 2026, ar leithdháiltí iad a aistríodh chuig a leithdháiltí le haghaidh an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT).

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 103(1), pointe (b), Airteagal 103(3) agus Airteagal 103(5) de Rialachán (AE) 2021/2115, chinn an tSlóvaic ina Plean Straitéiseach CBT céatadán dá leithdháileadh le haghaidh CETFT sa bhliain airgeadais 2027 a aistriú chuig a leithdháileadh le haghaidh íocaíochtaí díreacha.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 88(6) agus Airteagal 88(7) de Rialachán (AE) 2021/2115, chinn an tSeicia, an Fhrainc agus an tSlóvaic ina bPlean Straitéiseach CBT athbhreithniú a dhéanamh ar a chéatadán leithdháiltí le haghaidh íocaíochtaí díreacha a úsáidtear le haghaidh cineálacha idirghabhálacha in earnálacha eile dá dtagraítear i dTeideal III, Caibidil III, Roinn 7, de Rialachán (AE) 2021/2115 le haghaidh na mblianta féilire 2026 agus 2027. Ba cheart, dá bhrí sin, na méideanna comhfhreagracha a asbhaint óna leithdháiltí le haghaidh íocaíochtaí díreacha.

(4)

Chun na cinntí sin a léiriú, is gá leithdháiltí na mBallstát sin le haghaidh íocaíochtaí díreacha a leagtar amach in Iarscríbhinní V agus IX a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115 a oiriúnú, chomh maith leis an miondealú bliantúil in aghaidh an Bhallstáit ar an tacaíocht ón Aontas le forbairt tuaithe a leagtar amach in Iarscríbhinn XI a ghabhann leis an Rialachán sin.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinní V, IX agus XI a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115 a leasú dá réir.

(6)

Ós rud é go ndéanann na leasuithe a dhéantar ar an Rialachán sin difear do chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/2115 ón 1 Eanáir 2026, go háirithe a mhéid a bhaineann le cineálacha idirghabhála i bhfoirm íocaíochtaí, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ba cheart feidhm aige ón 1 Eanáir 2026,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinní V, IX agus XI a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2026.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 1 Nollaig 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 435, 6.12.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2115/oj.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinní V, IX agus XI a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115 mar a leanas:

(1)

in Iarscríbhinn V, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh na Seicia, na Danmhairge, na Fraince, na hÍsiltíre agus na Slóvaice:

Bliain féilire

2023

2024

2025

2026

2027 agus na blianta ina dhiaidh sin

‘An tSeicia

823 533 615

823 533 615

823 533 615

804 039 932

846 787 297 ’

‘An Danmhairg

806 313 404

817 524 179

814 937 077

720 879 884

862 367 277 ’

‘An Fhrainc

6 736 440 037

6 718 840 037

6 710 740 037

6 806 340 037

7 257 300 537 ’

‘An Ísiltír

609 237 340

579 591 503

550 477 666

571 282 629

717 382 327 ’

‘An tSlóvaic

394 892 166

397 751 933

400 605 131

445 252 732

403 010 501 ’

(2)

in Iarscríbhinn IX, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh na Seicia, na Danmhairge, na Fraince, na hÍsiltíre agus na Slóvaice:

Bliain féilire

2023

2024

2025

2026

2027 agus na blianta ina dhiaidh sin

‘An tSeicia

823 533 615

823 533 615

823 533 615

804 039 932

846 787 297 ’

‘An Danmhairg

806 313 404

817 524 179

814 937 077

720 879 884

862 367 277 ’

‘An Fhrainc

6 736 440 037

6 718 840 037

6 710 740 037

6 806 340 037

7 257 300 537 ’

‘An Ísiltír

609 237 340

579 591 503

550 477 666

571 282 629

717 382 327 ’

‘An tSlóvaic

399 892 166

402 751 933

405 605 131

450 252 732

403 010 501 ’

(3)

in Iarscríbhinn XI, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh na Danmhairge, na Fraince, na hÍsiltíre agus na Slóvaice, agus na rónna Iomlán AE-27 agus Iomlán:

Bliain

2023

2024

2025

2026

2027

Iomlán 2023-2027

‘An Danmhairg

155 982 060

131 987 933

120 777 158

123 364 260

217 421 453

749 532 864 ’

‘An Fhrainc

2 007 185 070

2 008 000 570

2 008 000 570

2 008 000 570

1 913 900 570

9 945 087 350 ’

‘An Ísiltír

180 985 369

181 413 356

211 059 193

240 173 030

219 368 067

1 032 999 015 ’

‘An tSlóvaic

260 599 909

264 077 909

264 077 909

264 077 909

216 835 677

1 269 669 313 ’

‘Iomlán AE-27

12 904 404 700

13 125 537 974

13 195 687 778

13 301 388 944

13 380 122 800

65 907 142 196 ’

‘Iomlán

12 934 676 920

13 155 810 194

13 225 959 998

13 331 661 164

13 410 395 020

66 058 503 296 ’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/1/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)