|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/90332 |
22.4.2025 |
Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2024/2748 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2024 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 305/2011, (AE) 2016/424, (AE) 2016/425, (AE) 2016/426, (AE) 2023/988 agus (AE) 2023/1230 a mhéid a bhaineann le nósanna imeachta éigeandála le haghaidh an mheasúnaithe comhréireachta, toimhde chomhréireachta, glacadh sonraíochtaí coiteanna agus faireachas margaidh i ngeall ar éigeandáil sa mhargadh inmheánach
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L, 2024/2748, 8 Samhain 2024 )
|
1. |
Ar leathanach 2, in aithris 9, an abairt dheireanach: |
|
in ionad: |
‘Thairis sin, ba cheart na comhlachtaí um measúnú comhréireachta dá dtugtar fógra faoi na Rialacháin leasaithe a spreagadh chun a n-acmhainneacht tástála a mhéadú le haghaidh táirgí arna n-ainmniú mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime agus ar tugadh fógra dóibh ina leith.’, |
|
léitear: |
‘Thairis sin, ba cheart na comhlachtaí um measúnú comhréireachta faoina dtugtar fógra faoi na Rialacháin leasaithe a spreagadh chun a n-acmhainneacht tástála a mhéadú le haghaidh táirgí arna n-ainmniú mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime agus ar tugadh fógra dóibh ina leith.’. |
|
2. |
Ar leathanach 12, Airteagal 2, pointe (2), a bhaineann le hAirteagal 43d(6) de Rialachán (AE) 2016/424: |
|
in ionad: |
‘6. De mhaolú ar Airteagal 43a(3), an chéad fhomhír, mura bhfuil cúis leordhóthanach ann lena chreidiúint go mbaineann riosca do shláinte nó do shábháilteacht daoine leis na fochórais agus na comhpháirteanna sábháilteachta a chumhdaítear leis na caighdeáin nó leis na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, measfar na fochórais agus na comhpháirteanna sábháilteachta atá i gcomhréir leis na caighdeáin sin nó leis na sonraíochtaí coiteanna sin agus atá curtha ar an margadh a bheith i gcomhréir leis na ceanglais riachtanacha is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn II tar éis dul in éag nó a aisghairm gnímh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 2 den Airteagal seo agus tar éis dhul in éag nó dhíghníomhachtú mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh.’ |
|
léitear: |
‘6. De mhaolú ar Airteagal 43a(3), an chéad fhomhír, mura bhfuil cúis leordhóthanach ann lena chreidiúint go mbaineann riosca do shláinte nó do shábháilteacht daoine leis na fochórais agus na comhpháirteanna sábháilteachta a chumhdaítear leis na caighdeáin nó leis na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, measfar na fochórais agus na comhpháirteanna sábháilteachta atá i gcomhréir leis na caighdeáin sin nó leis na sonraíochtaí coiteanna sin agus atá curtha ar an margadh a bheith i gcomhréir leis na ceanglais riachtanacha is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn II tar éis dul in éag nó a aisghairm gnímh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 3 den Airteagal seo agus tar éis dhul in éag nó dhíghníomhachtú mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh.’. |
|
3. |
Ar leathanach 13, in Airteagal 3, pointe (2), maidir le hAirteagal 41a(3), sa dara fomhír, de Rialachán (AE) 2016/425: |
|
in ionad: |
‘Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 41d(7) den Rialachán seo le linn mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh agus tar éis a dhul in éag nó a dhíghníomhachtaithe.’ |
|
léitear: |
‘Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 41c(7) den Rialachán seo le linn mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh agus tar éis a dhul in éag nó a dhíghníomhachtaithe.’. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2748/corrigendum/2025-04-22/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)