European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/90271

24.3.2025

Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2024/573 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Feabhra 2024 maidir le gáis ceaptha teasa fhluairínithe, lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 517/2014

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L, 2024/573, 20 Feabhra 2024 )

1.

Ar leathanach 22, Airteagal 10(1), an chéad fhomhír, foclaíocht tosaigh:

in ionad:

‘Deimhneofar daoine nádúrtha chun tabhairt faoi na gníomhaíochtaí seo a leanas ina n-úsáidtear gáis ceaptha teasa fhluairínithe de réir bhrí Airteagal 4(7), Airteagal 5(1) agus Airteagal 8(2), lena gcumhdaítear na gáis ceaptha teasa fhluairínithe a shonraítear sna hAirteagail sin nó ina gcuimsítear roghanna malartacha ábhartha ar gháis ceaptha teasa fhluairínithe, lena n-áirítear cuisneáin nádúrtha:’

,

léitear:

‘Deimhneofar daoine nádúrtha chun tabhairt faoi na gníomhaíochtaí seo a leanas ina n-úsáidtear gáis ceaptha teasa fhluairínithe de réir bhrí Airteagal 4(7), Airteagal 5(1) agus Airteagal 8(1), lena gcumhdaítear na gáis ceaptha teasa fhluairínithe a shonraítear sna hAirteagail sin nó ina gcuimsítear roghanna malartacha ábhartha ar gháis ceaptha teasa fhluairínithe, lena n-áirítear cuisneáin nádúrtha:’.

2.

Ar leathanach 22, Airteagal 10(1), an dara fhomhír, foclaíocht tosaigh:

in ionad:

‘Beidh fianú oiliúna ar a laghad ag daoine nádúrtha chun tabhairt faoi na gníomhaíochtaí seo a leanas ina n-úsáidtear gáis ceaptha teasa fhluairínithe de réir bhrí Airteagal 4(7), Airteagal 5(1) agus Airteagal 8(3) lena gcumhdaítear na gáis ceaptha teasa fhluairínithe a shonraítear sna hAirteagail sin agus roghanna malartacha ábhartha ar gháis ceaptha teasa fhluairínithe, lena n-áirítear cuisneáin nádúrtha, i gcás inarb ábhartha:’

,

léitear:

‘Beidh fianú oiliúna ar a laghad ag daoine nádúrtha chun tabhairt faoi na gníomhaíochtaí seo a leanas ina n-úsáidtear gáis ceaptha teasa fhluairínithe de réir bhrí Airteagal 4(7), Airteagal 5(1), Airteagal 8(1) agus Airteagal 8(10), lena gcumhdaítear na gáis ceaptha teasa fhluairínithe a shonraítear sna hAirteagail sin agus roghanna malartacha ábhartha ar gháis ceaptha teasa fhluairínithe, lena n-áirítear cuisneáin nádúrtha, i gcás inarb ábhartha:’.

3.

Ar leathanach 23, Airteagal 10(9):

in ionad:

‘9.   Beidh na deimhnithe agus na fianuithe oiliúna a eisíodh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 bailí i gcónaí, i gcomhréir leis na coinníollacha faoinar eisíodh an chéad lá iad. Faoin 12 Márta 2027, áiritheoidh na Ballstáit go gceanglófar ar dhaoine nádúrtha deimhnithe páirt a ghlacadh i gcúrsaí oiliúna athnuachana nó próiseas meastóireachta dá dtagraítear i mír 3 a chur i gcrích gach 7 mbliana ar a laghad. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh daoine nádúrtha a bhfuil deimhniú nó fianú oiliúna acu faoi Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 rannpháirteach sna cúrsaí oiliúna athnuachana sin nó go gcuirfidh siad próisis mheastóireachta den sórt sin i gcrích den chéad uair tráth nach déanaí ná an 12 Márta 2029.’

,

léitear:

‘9.   Beidh na deimhnithe agus na fianuithe oiliúna a eisíodh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 bailí i gcónaí, i gcomhréir leis na coinníollacha faoinar eisíodh an chéad lá iad. Faoin 12 Márta 2027, áiritheoidh na Ballstáit go gceanglófar ar dhaoine nádúrtha deimhnithe páirt a ghlacadh i gcúrsaí oiliúna athnuachana nó próiseas meastóireachta dá dtagraítear i mír 3 a chur i gcrích gach 7 mbliana ar a laghad. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh daoine nádúrtha a bhfuil deimhniú nó fianú oiliúna acu faoi Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 rannpháirteach sna cúrsaí oiliúna athnuachana sin nó go gcuirfidh siad próisis mheastóireachta den sórt sin i gcrích den chéad uair tráth nach déanaí ná an 12 Márta 2029.’.

4.

Ar leathanach 26, Airteagal 12(1), foclaíocht tosaigh:

in ionad:

‘1.   Na táirgí agus an trealamh seo a leanas ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe, nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar na gáis sin, ní dhéanfar iad a chur ar an margadh, a sholáthar ina dhiaidh sin nó a chur ar fáil d’aon duine eile, ach amháin má bhíonn lipéad mar a leanas orthu:’

,

léitear:

‘1.   Na táirgí agus an trealamh seo a leanas ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe, nó a bhfuil a bhfeidhmiú ag brath ar na gáis sin, ní dhéanfar iad a chur ar an margadh, a sholáthar ina dhiaidh sin nó a chur ar fáil d’aon duine eile, ach amháin má bhíonn lipéad mar a leanas orthu.Tá feidhm aige sin ar:’.

5.

Ar leathanach 29, Airteagal 13(6):

in ionad:

‘6.   Tar éis iarraidh a bhfuil bunús léi a fháil ó údarás inniúil de chuid Ballstáit agus cuspóirí an Rialacháin seo á gcur san áireamh, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar infhaighteacht na ngás ceaptha teasa fluairínithe atá mínghlanta agus athchúrsáilte a thagann faoi raon feidhme mhír 4 agus mhír 5. I gcás ina léirítear le measúnú ón gCoimisiún ganntanas fíoraithe gáis ceaptha teasa fhluairínithe mhínghlanta agus athchúrsáilte, féadfaidh an Coimisiún, ar bhonn eisceachtúil, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, díolúine ó na toirmisc a leagtar amach i mír 4 nó 5 a údarú, suas le 4 bliana, a mhéid is gá chun aghaidh a thabhairt ar an nganntanas arna shainaithint.’

,

léitear:

‘6.   Tar éis iarraidh a bhfuil bunús léi a fháil ó údarás inniúil de chuid Ballstáit agus cuspóirí an Rialacháin seo á gcur san áireamh, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar infhaighteacht na ngás ceaptha teasa fluairínithe atá mínghlanta agus athchúrsáilte a thagann faoi raon feidhme mhír 4 agus mhír 5. I gcás ina léirítear le measúnú ón gCoimisiún ganntanas fíoraithe gáis ceaptha teasa fhluairínithe mhínghlanta agus athchúrsáilte, féadfaidh an Coimisiún, ar bhonn eisceachtúil, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, díolúine ó na toirmisc a leagtar amach i mír 4 nó 5 a údarú, suas le 4 bliana, a mhéid is gá chun aghaidh a thabhairt ar an nganntanas arna shainaithint. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).’.

6.

Ar leathanach 30, Airteagal 13(9), pointe (c):

in ionad:

‘(c)

ón 1 Eanáir 2028, lascthrealamh leictreach ardvoltais ó 52 kV suas go 145 kV agus an voltas sin san áireamh agus suas go dtí sruth gearrchiorcaid 50 kA agus an sruth sin san áireamh, ar 1 nó níos mó a acmhainneacht téimh dhomhanda:’,

léitear:

‘(c)

ón 1 Eanáir 2028, lascthrealamh leictreach ardvoltais ó níos mó ná 52 kV suas go 145 kV agus an voltas sin san áireamh agus suas go dtí sruth gearrchiorcaid 50 kA agus an sruth sin san áireamh, ar 1 nó níos mó a acmhainneacht téimh dhomhanda:’.

7.

Ar leathanach30, Airteagal 13(11), foclaíocht tosaigh:

in ionad:

‘11.   De mhaolú ar mhír 9, maidir le lascthrealamh leictreach a bhaineann úsáid as meán inslithe nó gearrtha arb ísle ná 1 000 a acmhainneacht téimh dhomhanda, nó a mbraitheann a fheidhmiú ar na meáin sin, ceadaítear é a chur i bhfeidhm, más rud é, tar éis nós imeachta soláthair ina gcuirtear san áireamh sainiúlachtaí teicniúla an trealaimh atá ag teastáil le haghaidh na húsáide sonraí lena mbaineann, go bhfuil feidhm ag ceann amháin de na cásanna seo a leanas:’

,

léitear:

‘11.   De mhaolú ar mhír 9, maidir le lascthrealamh leictreach a bhaineann úsáid meán inslithe nó gearrtha arb ísle ná 1 000 a acmhainneacht téimh dhomhanda, nó a mbraitheann a fheidhmiú ar na meáin sin, ceadaítear é a chur i bhfeidhm, más rud é, tar éis nós imeachta soláthair ina gcuirtear san áireamh sainiúlachtaí teicniúla an trealaimh atá ag teastáil le haghaidh na húsáide sonraí lena mbaineann, go bhfuil feidhm ag ceann amháin de na cásanna seo a leanas:’.

8.

Ar leathanach 31, Airteagal 13(19):

in ionad:

‘19.   Cuirfear toirmeasc ar chur i bhfeidhm aon trealaimh nó ar úsáid aon táirge a liostaítear i bpointí 2(b), 4, 5(c), 7(b), (c) agus (d), 8(b) go (e), 9(b) go (f), 11(c), 17(c) agus 19(b) d’Iarscríbhinn IV, tar éis an dáta toirmisc faoi seach a shonraítear sna pointí sin ach amháin más féidir leis an oibreoir fianaise a chur ar fáil: (a) nach gceadaíonn na ceanglais sábháilteachta ábhartha ag an suíomh áirithe trealamh a shuiteáil ina n-úsáidtear gáis ceaptha teasa fhluairínithe faoi bhun an luacha acmhainneachta téimh dhomhanda atá sonraithe sna toirmisc faoi seach; nó (b) gur cuireadh an trealamh ar an margadh roimh an dáta ábhartha toirmisc a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.’

,

léitear:

‘19.   Cuirfear toirmeasc ar chur i bhfeidhm aon trealaimh nó ar úsáid aon táirge a liostaítear i bpointí 2(b), 4, 5(c), 7(b), (c) agus (d), 8(b) go (e), 9(b) go (f), 11(c), 17(c) agus 19(b) d’Iarscríbhinn IV, tar éis an dáta toirmisc faoi seach a shonraítear sna pointí sin ach amháin más féidir leis an oibreoir fianaise a chur ar fáil: (a) nach gceadaíonn na ceanglais sábháilteachta ábhartha ag an suíomh áirithe trealamh a shuiteáil ina n-úsáidtear gáis ceaptha teasa fhluairínithe faoi bhun an luacha acmhainneachta téimh dhomhanda atá sonraithe sna toirmisc faoi seach; nó (b) gur cuireadh an trealamh ar an margadh roimh an dáta ábhartha toirmisc a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.’.

9.

Ar leathanach 37, Airteagal 22(1), an chéad fhomhír:

in ionad:

‘1.   Allmhairiú agus onnmhairiú gás ceaptha teasa fluairínithe agus táirgí agus trealaimh ina bhfuil na gáis sin nó a bhfuil a bhfeidhmíocht ag brath ar na gáis sin, beidh sé faoi réir ceadúnas bailí arna chur faoi bhráid údaráis chustaim arna eisiúint ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 20(4) agus (5), ach amháin i gcás stóráil shealadach.’

,

léitear:

‘1.   Allmhairiú agus onnmhairiú gás ceaptha teasa fluairínithe agus táirgí agus trealaimh ina bhfuil na gáis sin nó a bhfuil a bhfeidhmíocht ag brath ar na gáis sin, beidh sé faoi réir ceadúnas bailí arna chur faoi bhráid údaráis chustaim arna eisiúint ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 20(4) agus (5), ach amháin i gcás stóráil shealadach.’.

10.

Ar leathanach 38, Airteagal 23(2), an dara fomhír, abairt tosaigh:

in ionad:

‘…Allmhairiú agus onnmhairiú gás ceaptha teasa fluairínithe agus táirgí agus trealaimh ina bhfuil na gáis sin nó a bhfuil a bhfeidhmíocht ag brath ar na gáis sin, beidh sé faoi réir ceadúnas bailí arna chur faoi bhráid údaráis chustaim arna eisiúint ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 20(4) agus (5), ach amháin i gcás stóráil shealadach.’

,

léitear:

‘…Allmhairiú agus onnmhairiú gás ceaptha teasa fluairínithe agus táirgí agus trealaimh ina bhfuil na gáis sin nó a bhfuil a bhfeidhmíocht ag brath ar na gáis sin, beidh sé faoi réir ceadúnas bailí arna chur faoi bhráid údaráis chustaim arna eisiúint ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 20(4) agus (5), ach amháin i gcás stóráil shealadach.’.

11.

Ar leathanach 46, Airteagal 32(2):

in ionad:

‘2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 8(12), Airteagal 12(18), Airteagal 16(3), Airteagal 17(6), Airteagal 24(1), Airteagal 25(2), Airteagal 35(1) agus Airteagal 35(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ón 11 Márta 2024.’

,

léitear:

‘2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 8(12), Airteagal 12(18), Airteagal 16(3), Airteagal 17(7), an dara fomhír, Airteagal 24(1), Airteagal 25(2), Airteagal 35(1) agus Airteagal 35(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ón 11 Márta 2024.’.

12.

Ar leathanach 46, Airteagal 32(3):

in ionad:

‘3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 8(12), Airteagal 12(18), Airteagal 16(3), Airteagal 17(6), Airteagal 24(1), Airteagal 25(2), Airteagal 35(1) agus Airteagal 35(2) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.’

,

léitear:

‘3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 8(12), Airteagal 12(18), Airteagal 16(3), Airteagal 17(6), Airteagal 17(7), an dara fomhír, Airteagal 24(1), Airteagal 25(2), Airteagal 35(1) agus Airteagal 35(2) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.’.

13.

Ar leathanach 46, Airteagal 32(6):

in ionad:

‘6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 8(12), Airteagal 12(18), Airteagal 16(3), Airteagal 17(6), Airteagal 24(1), Airteagal 25(2), Airteagal 35(1) agus Airteagal 35(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.’

,

léitear:

‘6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 8(12), Airteagal 12(18), Airteagal 16(3), Airteagal 17(6), , Airteagal 17 (7), an dara fomhír, Airteagal 24(1), Airteagal 25(2), Airteagal 35(1) agus Airteagal 35(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.’.

14.

Ar leathanach 55, Iarscríbhinn IV, pointe 7 (d):

in ionad:

‘(d)

gáis ceaptha teasa fhluairínithe ar 750 nó níos mó a n-acmhainneacht téimh dhomhanda le haghaidh fuaraitheoirí níos mó ná 12 kW, ach amháin má cheanglaítear orthu ceanglais sábháilteachta ag an láithreán oibriúcháin a chomhlíonadh.’,

léitear:

‘(d)

gáis ceaptha teasa fhluairínithe ar 750 nó níos mó a n-acmhainneacht téimh dhomhanda le haghaidh fuaraitheoirí le toilleadh ainmniúil níos mó ná 12 kW, ach amháin má cheanglaítear orthu ceanglais sábháilteachta ag an láithreán oibriúcháin a chomhlíonadh.’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/573/corrigendum/2025-03-24/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)