European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/90184

27.2.2025

Ceartúchán ar Chinneadh (AE) 2024/2581 ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Comhpháirtíochta a bunaíodh leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na hAirméine, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le glacadh an tSásra Idirghabhála, na Rialacha Nós Imeachta agus an Chóid Iompair

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L, 2024/2581, 1 Deireadh Fómhair 2024 )

Cuirtear an dréacht-Chinneadh seo a leanas leis an gCinneadh:

DRÉACHT

CINNEADH Uimh. …/2024 ÓN gCOISTE COMHPHÁIRTÍOCHTA A BUNAÍODH LEIS AN gCOMHAONTÚ COMHPHÁIRTÍOCHTA CUIMSITHEACH FEABHSAITHE IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS AN COMHPHOBHAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH AGUS A mBALLSTÁIT, DE PHÁIRT AMHÁIN, AGUS POBLACHT NA hAIRMÉINE, DEN PHÁIRT EILE

an …

maidir le glacadh an tSásra Idirghabhála, na Rialacha Nós Imeachta agus an Chóid Iompair

TÁ AN COISTE COMHPHÁIRTÍOCHTA,

Ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na hAirméine, den pháirt eile, agus go háirithe Airteagal 319(3) agus Airteagal 335(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Bhí feidhm shealadach ag an gComhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na hAirméine, den pháirt eile (“an Comhaontú”) ón 1 Meitheamh 2018 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Márta 2021.

(2)

Le hAirteagal 363 den Chomhaontú, i gcomhréir le mír 7 de, bunaítear an Coiste Comhpháirtíochta a thagann le chéile i bhfoirmíocht shonrach chun aghaidh a thabhairt ar chúrsaí trádála agus ar chúrsaí a bhaineann leis an trádáil a chumhdaítear faoi Theideal VI den Chomhaontú.

(3)

Chun forlíonadh a dhéanamh ar an sásra um réiteach díospóidí a bunaíodh le Caibidil 13 de Theideal VI den Chomhaontú, ceanglaítear le hAirteagal 319(3) de ar an gCoiste Comhpháirtíochta an Sásra Idirghabhála a ghlacadh trí chinneadh.

(4)

Chun fheidhmiú an tSásra Idirghabhála a bunaíodh le Caibidil 13 de Theideal VI den Chomhaontú a áirithiú, ceanglaítear le hAirteagal 335(2) de go nglacfaidh an Coiste Comhpháirtíochta na Rialacha Nós Imeachta agus an Cód Iompair trí chinneadh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, glactar na gníomhartha dlí seo a leanas:

(a)

an Sásra Idirghabhála atá in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gCinneadh seo;

(b)

na Rialacha Nós Imeachta atá in Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an gCinneadh seo; agus

(c)

an Cód Iompair atá in Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

1.   Tarraingíodh an Cinneadh seo suas i ndúblach i mBéarla. Féadfaidh gach Páirtí téacs an Chinnidh seo a aistriú go dtí na teangacha is gá le haghaidh a nósanna imeachta inmheánacha nó le haghaidh na faisnéise don phobal.

2.   Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh in/sa …,

Thar ceann an Choiste Comhpháirtíochta,

An Cathaoirleach

Na Rúnaithe

‘IARSCRÍBHINN 1

SÁSRA IDIRGHABHÁLA

AIRTEAGAL 1

Cuspóir

Is é cuspóir an tSásra Idirghabhála seo a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 319 den Chomhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na hAirméine, den pháirt eile (dá ngairtear “an Comhaontú” anseo feasta), teacht ar réiteach arna chomhaontú go frithpháirteach a éascú idir na Páirtithe rannpháirteacha trí nós imeachta cuimsitheach gasta le cúnamh ó idirghabhálaí.

ROINN A

AN NÓS IMEACHTA FAOIN SÁSRA IDIRGHABHÁLA

AIRTEAGAL 2

Iarraidh ar fhaisnéis

1.   Tráth ar bith roimh thionscnamh an nós imeachta idirghabhála, féadfaidh Páirtí iarraidh i scríbhinn a chur faoi bhráid an Pháirtí eile ar fhaisnéis maidir le beart lena ndéantar dochar do thrádáil nó infheistíocht idir na Páirtithe. An páirtí a ndéantar an iarraidh sin chuige, déanfaidh sé gach iarracht an fhaisnéis a iarradh a sholáthar i bhfreagra i scríbhinn laistigh de 20 lá ón iarraidh a fháil.

2.   I gcás ina measann an Páirtí is freagróir nach mbeidh sé in ann freagra a chur isteach laistigh de 20 lá tar éis dháta faighte na hiarrata, tabharfaidh sé fógra don Pháirtí is iarrthóir go pras faoi sin, ina luafar na cúiseanna leis an moill agus ina soláthrófar meastachán ar an íostréimhse a bhfuil gá léi chun a fhreagra a chur isteach.

AIRTEAGAL 3

An nós imeachta idirghabhála a thionscnamh

1.   Féadfaidh Páirtí a iarraidh ar an bPáirtí eile dul i mbun nós imeachta tráth ar bith, trí bhíthin iarraidh i scríbhinn atá dírithe chuig an bPáirtí eile. Beidh an iarraidh mionsonraithe go leordhóthanach chun ábhair imní an Pháirtí is iarrthóir a chur i láthair go soiléir agus déanfar an méid seo a leanas léi freisin:

(a)

sainaithneofar an beart sonrach atá i gceist;

(b)

soláthrófar ráiteas maidir leis na héifeachtaí diúltacha líomhainte a chreideann an Páirtí is iarrthóir atá, nó a bheidh, ag an mbeart ar thrádáil nó infheistíocht idir na Páirtithe; agus

(c)

tabharfar míniú ar an nasc cúisíoch idir an beart agus na héifeachtaí díobhálacha ar thrádáil agus infheistíocht idir na Páirtithe.

2.   Ní fhéadfar an nós imeachta idirghabhála a thionscnamh ach le comhaontú frithpháirteach na bPáirtithe. Nuair a dhéantar iarraidh de bhun mhír 1, tabharfaidh an Páirtí a bhfuil an iarraidh dírithe chuige breithniú tuisceanach ar an iarraidh sin agus tabharfaidh sé freagra uirthi trí ghlacadh léi nó trí dhiúltú di i scríbhinn laistigh de 10 lá ón iarraidh a fháil. An dáta a fhaigheann an Páirtí is iarrthóir freagra glactha ón bPáirtí a iarradh, measfar gurb é dáta tionscnaimh an nós imeachta idirghabhála an dáta sin.

AIRTEAGAL 4

Idirghabhálaí a roghnú

1.   Féachfaidh na Páirtithe le teacht ar chomhaontú maidir le hidirghabhálaí laistigh de 15 lá tar éis thionscnamh an nós imeachta idirghabhála.

2.   Mura mbeidh na Páirtithe in ann teacht ar chomhaontú maidir leis an idirghabhálaí laistigh den tréimhse ama a leagtar amach i mír 1, féadfaidh ceachtar Páirtí a iarraidh ar chathaoirleach an Choiste Comhpháirtíochta a bunaíodh le hAirteagal 363 den Chomhaontú (1), nó ar thoscaire an chathaoirligh, an t-idirghabhálaí a roghnú trí chrannchur ó liosta na ndaoine aonair nach náisiúnaigh de cheachtar Páirtí iad dá dtagraítear i mír 1 d’Airteagal 339 den Chomhaontú. Tabharfar cuireadh d’ionadaithe ón dá Pháirtí, le réamhfhógra leordhóthanach, a bheith i láthair nuair a dhéanfar an crannchur. In aon chás, déanfar an crannchur leis an bPáirtí nó na Páirtithe a bheidh i láthair.

3.   Roghnóidh cathaoirleach an Choiste Comhpháirtíochta, nó toscaire an chathaoirligh, an t-idirghabhálaí laistigh de 5 lá tar éis na hiarrata arna déanamh de bhun mhír 2.

4.   Mura mbunófar an liosta dá dtagraítear i mír 1 d’Airteagal 339 den Chomhaontú tráth a dhéanfar iarraidh de bhun Airteagal 3, déanfar an t-idirghabhálaí a tharraingt trí chrannchur as measc na ndaoine aonair a mhol Páirtí amháin nó an dá Pháirtí go foirmiúil chun feidhmiú mar chathaoirleach ar an bpainéal eadrána.

5.   Ní bheidh idirghabhálaí ina náisiúnach de chuid ceachtar den dá Pháirtí ná ní bheidh sé fostaithe ag ceachtar den dá Pháirtí, mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt.

6.   Tabharfaidh an t-idirghabhálaí cúnamh do na Páirtithe ar bhealach neamhchlaonta trédhearcach ó thaobh soiléireacht a thabhairt maidir leis an mbeart atá i gceist agus maidir lena éifeachtaí féideartha ar thrádáil agus infheistíocht idir na Páirtithe, agus ó thaobh teacht ar réiteach a chomhaontaítear ar bhonn frithpháirteach.

7.   An Cód Iompair dá dtagraítear in Airteagal 335 den Chomhaontú, tá feidhm mutatis mutandis aige maidir le hidirghabhálaithe agus maidir lena gcúntóirí agus a bhfoireann chomh maith.

8.   Rialacha 1 go 5 agus 47 go 50 de na Rialacha Nós Imeachta dá dtagraítear in Airteagal 335 den Chomhaontú, tá feidhm mutatis mutandis acu maidir leis an nós imeachta idirghabhála.

AIRTEAGAL 5

Rialacha an nós imeachta idirghabhála

1.   Laistigh de 10 lá tar éis cheapadh an idirghabhálaí, cuirfidh an Páirtí is iarrthóir tuairisc mhionsonraithe i scríbhinn ar a ábhair imní faoi bhráid an idirghabhálaí agus an Pháirtí eile, ina ndéanfar tuairisc go háirithe ar oibriú an bhirt atá i gceist agus ar a éifeachtaí ar thrádáil agus ar infheistíocht idir na Páirtithe. Féadfaidh an Páirtí iarrtha barúlacha i scríbhinn a sholáthar ar an tuairisc sin, laistigh de 20 lá tar éis dó í a fháil. Féadfaidh ceachtar den dá Pháirtí aon fhaisnéis a áireamh ina thuairisc nó ina bharúlacha a mheasann sé is ábhartha.

2.   Féadfaidh an t-idirghabhálaí cinneadh a dhéanamh maidir leis an mbealach is iomchuí chun an beart lena mbaineann agus na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith aige ar thrádáil agus ar infheistíocht a shoiléiriú. Go sonrach, féadfaidh an t-idirghabhálaí cruinnithe a eagrú idir na Páirtithe, dul i gcomhairle leis na Páirtithe go comhpháirteach nó ina n-aonair, cúnamh a lorg ó shaineolaithe agus páirtithe leasmhara ábhartha nó dul i gcomhairle leo, agus aon tacaíocht bhreise arna hiarraidh ag na Páirtithe a sholáthar. Rachaidh an t-idirghabhálaí i gcomhairle leis na Páirtithe roimh chúnamh a lorg ó shaineolaithe agus páirtithe leasmhara ábhartha, nó roimh dhul i gcomhairle leo.

3.   Ní thabharfaidh an t-idirghabhálaí comhairle ná ní thabharfaidh sé barúil i dtaobh an bhfuil an beart atá i gceist comhsheasmhach leis an gComhaontú. Féadfaidh an t-idirghabhálaí comhairle a thairiscint agus réiteach a mholadh lena mheas ag na Páirtithe. Féadfaidh na Páirtithe glacadh leis an réiteach molta nó diúltú dó, nó teacht ar chomhaontú maidir le réiteach eile.

4.   Déanfar an nós imeachta idirghabhála ar an láthair i gcríoch an Pháirtí iarrtha, nó, in aon suíomh eile nó ar aon bhealach eile de réir comhaontú frithpháirteach.

5.   Féachfaidh na Páirtithe le teacht ar réiteach comhaontaithe ar bhonn frithpháirteach laistigh de 60 lá tar éis cheapachán an idirghabhálaí. Sula mbeidh comhaontú críochnaitheach ann, féadfaidh na Páirtithe réitigh eatramhacha fhéideartha a mheas, go háirithe má bhaineann an beart le hearraí meatacha.

6.   Féadfar an réiteach arna chomhaontú go frithpháirteach nó an réiteach eatramhach a ghlacadh trí bhíthin cinneadh ón gCoiste Comhpháirtíochta. Aon réiteach den sórt sin, féadfaidh ceachtar Páirtí é a chur faoi réir aon nós imeachta inmheánach is gá a thabhairt i gcrích. Cuirfear réitigh a chomhaontófar go frithpháirteach ar fáil go poiblí. Sa leagan a nochtar don phobal, ní bheidh aon fhaisnéis atá ainmnithe ag Páirtí mar fhaisnéis rúnda.

7.   Arna iarraidh sin do cheachtar Páirtí, eiseoidh an t-idirghabhálaí dréacht-tuarascáil fhíorasach do na Páirtithe ina soláthrófar achoimre ghairid ar na nithe seo a leanas:

(a)

an beart atá i gceist;

(b)

na nósanna imeachta a leanadh; agus

(c)

aon réiteach arna chomhaontú go frithpháirteach, lena n-áirítear réitigh eatramhacha a d’fhéadfadh a bheith ann, más infheidhme.

Ceadóidh an t-idirghabhálaí 15 lá do na Páirtithe chun barúil a thabhairt ar an dréacht-tuarascáil. Tar éis barúlacha na bPáirtithe arna bhfuarthas laistigh den tréimhse sin a mheas, déanfaidh an t-idirghabhálaí, laistigh de 15 lá, tuarascáil fhíorasach chríochnaitheach a chur ar fáil do na Páirtithe. Ní bheidh aon léirmhíniú ar an gComhaontú seo san áireamh sa dréacht-tuarascáil fhíorasach ná sa tuarascáil fhíorasach chríochnaitheach.

8.   Déanfar an nós imeachta a fhoirceannadh tríd an méid seo a leanas:

(a)

réiteach arna chomhaontú go frithpháirteach a bheith glactha ag na Páirtithe, ar dháta a ghlactha;

(b)

comhaontú frithpháirteach na bPáirtithe ag aon chéim den nós imeachta, dáta an chomhaontaithe sin;

(c)

dearbhú i scríbhinn ón idirghabhálaí, tar éis dul i gcomhairle leis na Páirtithe, nach mbeadh maith ar bith in iarrachtaí breise tráth na hidirghabhála, dáta an dearbhaithe sin; nó

(d)

dearbhú i scríbhinn ó Pháirtí tar éis réitigh arna gcomhaontú go frithpháirteach a fhiosrú faoin nós imeachta idirghabhála agus tar éis aon chomhairle agus réiteach molta ón idirghabhálaí a mheas, ar dháta an dearbhaithe sin.

ROINN B

CUR CHUN FEIDHME

AIRTEAGAL 6

Réiteach arna chomhaontú go frithpháirteach a chur chun feidhme

1.   I gcás ina dtiocfaidh na Páirtithe ar chomhaontú maidir le réiteach, déanfaidh gach Páirtí na bearta is gá chun an réiteach arna chomhaontú go frithpháirteach a chur chun feidhme laistigh den tréimhse ama a chomhaontaítear.

2.   Cuirfidh an Páirtí cur chun feidhme an Páirtí eile agus an Coiste Comhpháirtíochta ar an eolas i scríbhinn faoi aon chéim nó aon bheart a ghlactar chun an réiteach arna chomhaontú go frithpháirteach a chur chun feidhme.

ROINN C

FORÁLACHA GINEARÁLTA

AIRTEAGAL 7

Rúndacht agus an gaol atá aici le réiteach díospóidí

1.   Mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt, agus gan dochar do mhír 6 d’Airteagal 5, beidh na céimeanna uile den nós imeachta rúnda, lena n-áirítear aon chomhairle nó réiteach molta. Mar sin féin, féadfaidh Páirtí a nochtadh don phobal gurb amhlaidh atá idirghabháil ar bun.

2.   Ní dochar an nós imeachta idirghabhála do chearta ná oibleagáidí na bPáirtithe faoi Chaibidil 13 de Theideal VI den Chomhaontú, nó faoi aon chomhaontú eile.

3.   Ní gá comhairliúcháin a dhéanamh faoi Chaibidil 13 de Theideal VI den Chomhaontú sula dtionscnaítear an nós imeachta idirghabhála. Sula dtionscnóidh Páirtí an nós imeachta idirghabhála, áfach, de ghnáth ba cheart dó leas a bhaint as na forálacha comhair nó comhairliúcháin ábhartha eile dá bhforáiltear sa Chomhaontú.

4.   Ní bhraithfidh Páirtí ar an méid seo a leanas, ná ní thabharfaidh sé an méid seo a leanas isteach mar fhianaise, i nósanna imeachta eile um réiteach díospóidí faoin gComhaontú ná in aon chomhaontú eile, ná ní chuirfidh painéal eadrána an méid seo a leanas san áireamh:

(a)

seasaimh arna nglacadh ag an bPáirtí eile le linn an nós imeachta idirghabhála nó faisnéis a bailíodh i gcomhréir le mír 2 d’Airteagal 5;

(b)

gurb amhlaidh a léirigh an Páirtí eile go bhfuil sé toilteanach glacadh le réiteach ar an mbeart atá faoi réir idirghabhála; nó

(c)

comhairle arna tabhairt nó tograí arna ndéanamh ag an idirghabhálaí.

5.   Mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt, ní fhéadfaidh idirghabhálaí feidhmiú mar chomhalta de phainéal in imeachtaí um réiteach díospóidí faoin gComhaontú ná faoi aon chomhaontú eile lena mbaineann an t-ábhar céanna arbh idirghabhálaí é lena aghaidh.

AIRTEAGAL 8

Teorainneacha ama

Aon teorainn ama dá dtagraítear sa doiciméad seo, féadfar síneadh a chur léi trí chomhaontú frithpháirteach idir na Páirtithe.

AIRTEAGAL 9

Costais

1.   Seasfaidh gach Páirtí a speansais féin a eascróidh ó rannpháirtíocht sa nós imeachta idirghabhála.

2.   Déanfaidh na Páirtithe na speansais a eascraíonn as ábhair eagraíochtúla, lena n-áirítear luach saothair agus speansais an idirghabhálaí, a chomhroinnt go comhpháirteach agus go cothrom. Beidh luach saothair an idirghabhálaí i gcomhréir leis an luach saothair a sholáthraítear do chathaoirleach painéil eadrána i gcomhréir le Riail 10 de na Rialacha Nós Imeachta dá dtagraítear in Airteagal 335 den Chomhaontú.

‘IARSCRÍBHINN 2

RIALACHA NÓS IMEACHTA

Tá feidhm ag na Rialacha Nós Imeachta seo maidir le himeachtaí réitigh díospóidí faoi Chaibidil 13 de Theideal VI den Chomhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na hAirméine, den pháirt eile (dá ngairtear “an Comhaontú” anseo feasta).

I.   Fógraí

1.

Aon iarraidh, fógra, aighneacht i scríbhinn nó doiciméad eile (dá ngairtear “fógra” anseo feasta):

(a)

ón bpainéal, seolfar chuig an dá Pháirtí an tráth céanna é;

(b)

ó Pháirtí, agus é le seoladh chuig an bpainéal eadrána, déanfar cóip de a sheoladh chuig an bPáirtí eile an tráth céanna; agus

(c)

ó Pháirtí, agus é le seoladh chuig an bPáirtí eile, déanfar cóip de a sheoladh chuig an bpainéal an tráth céanna.

2.

Déanfar aon fhógra a sheoladh trí ríomhphost nó, i gcás inarb iomchuí, trí aon mheán teileachumarsáide eile lena soláthraítear taifead gur seoladh é. Cuirfidh na Páirtithe agus an painéal eadrána a chéile ar an eolas faoi sheoltaí na mboscaí poist atá ainmnithe chun fógraí a fháil.

3.

Déanfar fógraí a dhíriú chuig Ard-Stiúrthóireacht Trádála an Choimisiúin Eorpaigh agus chuig Aireacht Geilleagair Phoblacht na hAirméine, faoi seach.

4.

Má tá mionearráidí cléireachais i bhfógra a bhaineann le nós imeachta painéil, féadfar iad a cheartú trí dhoiciméad nua a sheachadadh, ina léireofar na hathruithe go soiléir.

5.

Mura gcruthófar a mhalairt, measfar gur seachadadh na fógraí ar dháta a seolta. Más rud é gur lá nach lá oibre ag institiúidí an Aontais Eorpaigh nó rialtas Phoblacht na hAirméine an lá deireanach chun doiciméad a sheachadadh, tiocfaidh deireadh le tréimhse seachadta an doiciméid ar an gcéad lá oibre ina dhiaidh sin. Tá feidhm ag an iarchur sin freisin maidir le dáta tosaigh tréimhse ama a chinneadh más rud é nach lá oibre é dáta an tseachadta san áit a bhfaightear an fógra.

II.   Na headránaithe a cheapadh

6.

Má roghnaítear eadránaí trí chrannchur, de bhun Airteagal 321 den Chomhaontú, cuirfidh cathaoirleach an Choiste Comhpháirtíochta (2) Ceann Toscaireachta an Pháirtí eile ar an eolas go pras faoi dháta, am agus ionad an roghnúcháin trí chrannchur. Féadfaidh an Páirtí a ndearnadh an gearán ina choinne a bheith i láthair le linn an roghnaithe sin má roghnaíonn sé amhlaidh. Déanfar an roghnú leis an bPáirtí nó na Páirtithe a bheidh i láthair.

7.

Tabharfaidh cathaoirleach an Choiste Comhpháirtíochta fógra i scríbhinn do gach duine aonair a roghnaíodh chun feidhmiú mar eadránaí faoina cheapacháin. Dearbhóidh gach duine don dá Pháirtí go bhfuil sé ar fáil, agus déanfaidh sé sin laistigh de 5 lá tar éis dháta seachadta an fhógra.

8.

Chun críocha mhír 7 d’Airteagal 321 den Chomhaontú, roghnóidh cathaoirleach an Choiste Comhpháirtíochta trí chrannchur:

(a)

eadránaí ó na daoine aonair a mhol Páirtí go foirmiúil mar eadránaí le haghaidh a fholiosta de bhun mhír 1 d’Airteagal 339 den Chomhaontú, de réir mar is infheidhme, nó, ina n-éagmais sin, eadránaí ó na daoine aonair a mhol an Páirtí eile go foirmiúil le haghaidh fholiosta an Pháirtí sin;

(b)

cathaoirleach ó na daoine aonair a mhol Páirtí amháin nó an dá Pháirtí go foirmiúil le haghaidh fholiosta na gcathaoirleach de bhun mhír 1 d’Airteagal 339 den Chomhaontú.

9.

D’ainneoin Riail 8, chun críocha mhír 7 d’Airteagal 321 den Chomhaontú, féadfaidh ceachtar Páirtí a iarraidh ar an gcomhlacht seachtrach ar chur an Coiste Comhpháirtíochta (3) de chúram air, más infheidhme, an t-eadránaí nó an cathaoirleach a roghnú. Roghnóidh an comhlacht seachtrach:

(a)

eadránaí ó na daoine aonair a mhol Páirtí go foirmiúil mar eadránaithe le haghaidh a fholiosta de bhun mhír 1 d’Airteagal 339 den Chomhaontú, de réir mar is infheidhme, nó, ina n-éagmais sin, eadránaí ó na daoine aonair a mhol an Páirtí eile go foirmiúil le haghaidh fholiosta an Pháirtí sin;

(b)

cathaoirleach ó na daoine aonair a mhol Páirtí amháin nó an dá Pháirtí go foirmiúil le haghaidh fholiosta na gcathaoirleach de bhun mhír 1 d’Airteagal 339 den Chomhaontú.

10.

Glacfaidh na headránaithe lena gceapachán trí na conarthaí ceapacháin a shíniú. Féachfaidh na Páirtithe lena áirithiú, ar a dhéanaí faoin am a dheimhneoidh na headránaithe roghnaithe go bhfuil siad ar fáil, go bhfuil siad tagtha ar chomhaontú maidir le luach saothair agus aisíocaíocht speansais na n-eadránaithe agus na gcúntóirí, agus go bhfuil na conarthaí ceapacháin a bhfuil gá leo ullmhaithe acu, d’fhonn iad a bheith sínte go pras. Beidh luach saothair agus speansais na bpainéalaithe bunaithe ar chaighdeáin EDT. An luach saothair agus na speansais a íocfar le cúntóir nó cúntóirí de chuid eadránaí, ní mó ná 50 % de luach saothair an eadránaí sin a bheidh i gceist leo.

III.   Cruinniú eagraíochtúil

11.

Mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt, buailfidh siad leis an bpainéal eadrána laistigh de 7 lá tar éis a bhunaithe chun na hábhair is iomchuí, dar leis na Páirtithe nó an painéal eadrána, a chinneadh, lena n-áirítear tráthchlár an nós imeachta painéil.

Féadfaidh eadránaithe agus ionadaithe na bPáirtithe páirt a ghlacadh sa chruinniú sin trí aon mheán, lena n-áirítear teileafón, físchomhdháil nó meáin leictreonacha chumarsáide eile.

IV.   Aighneachtaí i scríbhinn

12.

Cuirfidh an Páirtí is gearánach a aighneacht i scríbhinn isteach tráth nach déanaí ná 20 lá tar éis dháta bunaithe an phainéil eadrána. Cuirfidh an Páirtí a ndearnadh gearán ina aghaidh a aighneacht i scríbhinn isteach tráth nach déanaí ná 20 lá tar éis dháta seachadta aighneachta i scríbhinn an Pháirtí is gearánach. Féadfaidh an Páirtí is gearánach aighneacht eile i scríbhinn a sheachadadh tráth nach déanaí ná 15 lá tar éis dháta seachadta na haighneachta i scríbhinn ón bPáirtí a ndearnadh gearáin ina aghaidh. Sa chás sin, féadfaidh an Páirtí a ndearnadh gearán ina aghaidh a fhreagra a chur isteach laistigh de 15 lá tar éis dháta seachadta an dara haighneacht i scríbhinn ón bPáirtí is gearánach.

V.   Oibríocht an phainéil eadrána

13.

Is é cathaoirleach an phainéil eadrána a bheidh i gceannas ar na cruinnithe ar fad. Féadfaidh an painéal eadrána an t-údarás cinntí riaracháin agus nós imeachta a dhéanamh a tharmligean chuig an gcathaoirleach.

14.

Mura bhforáiltear a mhalairt i gCaibidil 13 de Theideal VI den Chomhaontú nó sna Rialacha Nós Imeachta seo, féadfaidh an painéal a ghníomhaíochtaí a dhéanamh trí aon mheán, lena n-áirítear teileafón, físchomhdháil nó aon mheán leictreonach chumarsáide eile.

15.

Is iad na headránaithe amháin a fhéadfaidh a bheith rannpháirteach i bpléití an phainéil eadrána, ach féadfaidh an painéal eadrána cead a thabhairt do chúntóirí na gcomhaltaí a bheith i láthair ag na pléití.

16.

Leanfaidh dréachtú aon chinnidh nó tuarascála de bheith faoi fhreagracht eisiach an phainéil eadrána agus ní dhéanfar é a tharmligean.

17.

I gcás ina n-eascróidh ceist nós imeachta nach gcumhdaítear le Caibidil 13 de Theideal VI den Chomhaontú ná leis na hIarscríbhinní a ghabhann leis, féadfaidh an painéal eadrána, tar éis dul i gcomhairle leis na Páirtithe, nós imeachta iomchuí a ghlacadh atá ag teacht leis na forálacha sin.

18.

Áiritheoidh an painéal eadrána go réiteofar an díospóid go pras. Más rud é go measann an painéal eadrána gur gá aon cheann de na tréimhsí le haghaidh nós imeachta an phainéil eadrána a mhodhnú seachas na tréimhsí sin a leagtar amach i gCaibidil 13 de Theideal VI den Chomhaontú, nó aon choigeartú nós imeachta nó riaracháin a dhéanamh, cuirfidh sé na Páirtithe ar an eolas i scríbhinn faoi na cúiseanna atá leis an modhnú nó leis an gcoigeartú agus faoin tréimhse nó faoin gcoigeartú is gá. Féadfaidh an painéal eadrána an modhnú nó an coigeartú a ghlacadh tar éis dul i gcomhairle leis na Páirtithe.

VI.   Ionadú

19.

Má mheasann Páirtí nach gcomhlíonann eadránaí ceanglais an Chóid Iompair agus gur cheart, ar an gcúis sin, eadránaí eile a chur ina ionad, tabharfaidh an Páirtí sin fógra don Pháirtí eile laistigh de 15 lá tar éis an dáta a fuair sé fianaise leormhaith maidir le neamh-chomhlíontacht líomhainte an eadránaí.

20.

Rachaidh na Páirtithe i gcomhairle le chéile laistigh de 15 lá i ndiaidh an dáta a bhfaighfear an fógra dá dtagraítear i Riail 19. Cuirfidh siad an t-eadránaí ar an eolas faoin neamh-chomhlíontacht líomhainte agus féadfaidh siad a iarraidh ar an eadránaí céimeanna a thabhairt chun í a leigheas. Féadfaidh siad freisin, má chomhaontaíonn siad amhlaidh, an t-eadránaí a chur as oifig agus eadránaí nua a roghnú i gcomhréir le hAirteagal 321 den Chomhaontú seo.

21.

Mura n-éireoidh leis na Páirtithe teacht ar chomhaontú gur gá eadránaí a ionadú, cé is moite de chathaoirleach an phainéil eadrána, féadfaidh ceachtar den dá Pháirtí a iarraidh go ndéanfar an t-ábhar sin a chur faoi bhráid chathaoirleach an phainéil eadrána agus is cinneadh críochnaitheach a bheidh ina chinneadh.

Má chinneann cathaoirleach an phainéil eadrána nach gcomhlíonann an t-eadránaí ceanglais an Chóid Iompair, cuirfear an t-eadránaí as oifig agus roghnófar eadránaí nua i gcomhréir le hAirteagal 321 den Chomhaontú.

22.

Más rud é nach féidir leis na Páirtithe a chomhaontú gur gá an cathaoirleach a ionadú, féadfaidh ceachtar Páirtí a iarraidh go gcuirfear an cheist sin faoi bhráid duine de na daoine eile ar fholiosta na gcathaoirleach a leagadh síos de bhun Airteagal 339 den Chomhaontú. Is é cathaoirleach an Choiste Comhpháirtíochta, nó toscaire an chathaoirligh, a tharraingeoidh ainm an duine sin trí chrannchur. Is cinneadh críochnaitheach a bheidh i gcinneadh an duine roghnaithe maidir leis an ngá an cathaoirleach a ionadú.

Má chinneann an duine sin nach gcomhlíonann an cathaoirleach ceanglais an Chóid Iompair, cuirfear an cathaoirleach as oifig agus roghnófar cathaoirleach nua i gcomhréir le hAirteagal 321 den Chomhaontú.

VII.   Éisteachtaí

23.

Ar bhonn na féilire a leagfar amach i gcomhréir le Riail 11 agus tar éis do chathaoirleach an phainéil eadrána dul i gcomhairle leis na Páirtithe agus leis na headránaithe eile, tabharfaidh sé fógra do na Páirtithe faoi dháta, am agus láthair na héisteachta. Cuirfidh an Páirtí a mbeidh an éisteacht ar siúl ina chríoch an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí.

24.

Mura gcomhaontaíonn na Páirtithe a mhalairt, is sa Bhruiséil a bheidh an éisteacht más é Poblacht na hAirméine an Páirtí is gearánach, agus in Eireaván más é an tAontas Eorpach an Páirtí is gearánach. Beidh an Páirtí a ndearnadh gearán ina aghaidh i gceannas ar riarachán lóistíochta na héisteachta agus is é a íocfaidh na speansais a eascróidh as sin.

25.

D’ainneoin Riail 24, féadfaidh an painéal eadrána a chinneadh, arna iarraidh sin do Pháirtí, éisteacht fhíorúil nó éisteacht hibrideach a thionól agus socruithe iomchuí a dhéanamh, agus cearta próise cuí agus an gá le trédhearcacht a áirithiú á gcur san áireamh, i gcomhréir le mír 3 d’Airteagal 335 den Chomhaontú.

26.

Féadfaidh an painéal eadrána éisteachtaí breise a thionól má chomhaontaíonn na Páirtithe amhlaidh.

27.

Beidh comhaltaí uile an bhinse eadrána i láthair le linn na héisteachta ina hiomláine.

28.

Mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt, féadfaidh na daoine seo a leanas freastal ar an éisteacht, is cuma cé acu atá nó nach bhfuil an éisteacht ar oscailt don phobal:

(a)

ionadaithe agus comhairleoirí Páirtí; agus

(b)

cúntóirí, ateangairí agus daoine eile a n-éilíonn an painéal eadrána iad a bheith i láthair.

29.

Tráth nach déanaí ná 5 lá roimh dháta éisteachta, seolfaidh gach Páirtí chuig an bpainéal eadrána agus chuig an bPáirtí eile liosta d’ainmneacha na ndaoine a dhéanfaidh argóint nó cur i láthair ó bhéal ag an éisteacht thar ceann an Pháirtí sin agus ainmneacha na n-ionadaithe agus na gcomhairleoirí eile a bheidh ag freastal ar an éisteacht.

30.

Áiritheoidh an painéal eadrána go gcaithfear go cothrom leis na Páirtithe agus go dtabharfar a ndóthain ama dóibh chun a n-argóintí a chur i láthair.

31.

Féadfaidh an painéal eadrána ceisteanna a dhíriú ar cheachtar Páirtí ag am ar bith le linn na héisteachta.

32.

Déanfaidh an painéal eadrána socrú ionas go ndéanfar taifead na héisteachta a sheachadadh chuig na Páirtithe a luaithe is féidir tar éis na héisteachta.

33.

Féadfaidh gach Páirtí aighneacht fhorlíontach i scríbhinn a sheachadadh maidir le haon ábhar a tháinig chun cinn le linn na héisteachta laistigh de 10 lá tar éis dháta na héisteachta.

VIII.   Ceisteanna i scríbhinn

34.

Féadfaidh an painéal eadrána, tráth ar bith le linn an nós imeachta painéil, ceisteanna i scríbhinn a chur faoi bhráid Páirtí amháin nó an dá Pháirtí. Aon cheist a chuirfear faoi bhráid Páirtí amháin, tabharfar cóip di don Pháirtí eile.

35.

Soláthróidh gach Páirtí don Pháirtí eile cóip dá fhreagraí ar na ceisteanna a thíolaic an painéal eadrána. Beidh deis ag an bPáirtí eile barúlacha i scríbhinn a chur ar fáil maidir leis an bhfreagra sin laistigh de 5 lá tar éis an chóip sin a sheachadadh. Ar iarraidh i scríbhinn ó Pháirtí, féadfaidh an painéal eadrána síneadh leis an sprioc-am a dheonú.

IX.   Rúndacht

36.

Aon fhaisnéis atá incháilithe mar fhaisnéis rúnda de bhun Riail 37, déileálfaidh gach Páirtí, na headránaithe, na daoine dá dtagraítear i Riail 28 agus aon duine eile a chuidíonn leis na himeachtaí léi amhail gur faisnéis rúnda í. Más rud é go gcuireann Páirtí aighneacht i scríbhinn ina bhfuil faisnéis rúnda faoi bhráid an phainéil eadrána, cuirfidh sé aighneacht eile faoina bhráid gan an fhaisnéis rúnda inti agus nochtfar an aighneacht sin don phobal.

37.

Is éard atá i bhfaisnéis rúnda:

(a)

faisnéis rúnda gnó;

(b)

faisnéis atá cosanta ar a bheith curtha ar fáil don phobal faoin gComhaontú;

(c)

faisnéis atá cosanta ar a bheith curtha ar fáil don phobal, i gcás faisnéis de chuid an Pháirtí is gearánach, faoi dhlí an Pháirtí is gearánach, agus i gcás faisnéis ón bPáirtí a ndearnadh gearán ina aghaidh, faoi dhlí an Pháirtí a ndearnadh gearán ina aghaidh;

(d)

faisnéis lena gcuirfí bac ar fhorfheidhmiú an dlí dá nochtfaí í; nó

(e)

aon fhaisnéis eile a chomhaontaigh na Páirtithe a mheas mar fhaisnéis rúnda.

38.

Má easaontaíonn na Páirtithe maidir le cé acu a cháilíonn nó nach gcáilíonn faisnéis mar fhaisnéis rúnda, déanfaidh an painéal eadrána cinneadh, arna iarraidh sin do Pháirtí, tar éis dul i gcomhairle leis na Páirtithe.

39.

Is i seisiún dúnta a thiocfaidh an painéal eadrána le chéile má bhíonn faisnéis rúnda in aighneacht agus in argóintí de chuid Páirtí. Aon éisteacht a dhéanfar i seisiún dúnta, coimeádfaidh na Páirtithe faoi rún í.

X.   Teagmhálaithe ex parte

40.

Ní thiocfaidh an painéal eadrána le chéile nó ní dhéanfaidh sé cumarsáid le Páirtí in éagmais an Pháirtí eile.

41.

Ní phléifidh eadránaí aon ghné d’ábhar an nós imeachta painéil le Páirtí amháin ná leis an dá Pháirtí gan na headránaithe eile a bheith i láthair.

42.

Ní bheidh aon teagmháil ag Páirtí le headránaí. Aon teagmháil idir Páirtí agus duine atá á bhreithniú lena roghnú mar eadránaí, beidh sí teoranta do shaincheisteanna a bhaineann leis an duine sin a bheith ar fáil agus leis an gconradh ceapacháin.

XI.   Aighneachtaí amicus curiae

43.

Mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt laistigh de 5 lá tar éis dháta bunaithe an phainéil eadrána, féadfaidh an painéal eadrána aighneachtaí i scríbhinn gan iarraidh a fháil ó dhaoine nádúrtha de chuid Páirtí nó ó dhaoine dlítheanacha atá bunaithe i gcríoch Pháirtí, agus iad neamhspleách ar rialtais na bPáirtithe (dá ngairtear aighneachtaí “amicus curiae” anseo feasta), ar choinníoll gurb amhlaidh an méid seo a leanas:

(a)

go bhfaighidh an painéal eadrána iad faoi dháta a chinnfidh an painéal eadrána, dáta nach déanaí ná an dáta a socraíodh don chéad aighneacht i scríbhinn ón bPáirtí a ndearnadh gearán ina aghaidh;

(b)

go mbeidh na haighneachtaí gonta agus nach mbeidh siad níos faide ná 15 leathanach in aon chás, lena n-áirítear aon iarscríbhinn, agus spásáil dhúbailte á húsáid chun iad a chlóscríobh;

(c)

go mbeidh na haighneachtaí ábhartha go díreach le saincheist fhíorasach nó dhlíthiúil atá á breithniú ag an bpainéal eadrána;

(d)

go bhfuil tuairisc sna haighneachtaí ar an duine a dhéanfaidh an aighneacht, lena n-áirítear, más infheidhme, náisiúntacht nó áit bhunaithe duine, cineál a ghníomhaíochtaí, a stádas dlíthiúil, a chuspóirí ginearálta, foinse a mhaoinithe agus aon eintiteas rialaithe;

(e)

go sonraítear sna haighneachtaí an cineál leasa atá ag an duine sa nós imeachta painéil; agus

(f)

go ndéanfar iad a dhréachtú sa teanga oibre a chinnfear i gcomhréir le Rialacha 47 agus 48 de na Rialacha Nós Imeachta.

44.

Tabharfar fógra faoi na haighneachtaí amicus curiae do na Páirtithe ionas gur féidir leo a mbarúlacha a thabhairt maidir leo. Féadfaidh na Páirtithe a mbarúlacha a thabhairt don phainéal laistigh de 10 lá tar éis iad a sheachadadh do na Páirtithe. Ar iarraidh i scríbhinn ó Pháirtí, féadfaidh an painéal eadrána síneadh leis an sprioc-am a dheonú.

45.

Liostóidh an painéal eadrána ina thuarascáil na haighneachtaí amicus curiae go léir a fuair sé de bhun riail 43. Sa tuarascáil uaidh, ní bheidh sé d’oibleagáid ar an bpainéal eadrána aghaidh a thabhairt ar na hargóintí a rinneadh sna haighneachtaí sin. Más rud é go dtugann an painéal eadrána aghaidh ar na hargóintí a rinneadh sna haighneachtaí, cuirfidh sé aon bharúil a rinne na Páirtithe de bhun riail 44 san áireamh freisin.

XII.   Cásanna práinne

46.

I gcásanna práinne dá dtagraítear in Airteagal 323 den Chomhaontú, déanfaidh an painéal eadrána, tar éis dul i gcomhairle leis na Páirtithe, coigeartú ar na tréimhsí a leagtar amach sna Rialacha Nós Imeachta seo, de réir mar is iomchuí. Tabharfaidh an painéal eadrána fógra do na Páirtithe go ndearnadh na coigeartuithe sin.

XIII.   Teanga oibre agus aistriúcháin

47.

Le linn na gcomhairliúchán dá dtagraítear in Airteagal 318 den Chomhaontú, agus tráth nach déanaí ná sa chruinniú eagrúcháin dá dtagraítear i Riail 11, féachfaidh na Páirtithe le teacht ar chomhaontú faoi theanga oibre choiteann le haghaidh an nós imeachta painéil.

48.

Mura mbeidh na Páirtithe in ann teacht ar chomhaontú maidir le teanga oibre choiteann, is é an Béarla an teanga oibre a úsáidfear le haghaidh an nós imeachta painéil.

49.

Eiseofar tuarascálacha agus cinntí ón bpainéal sa teanga oibre.

50.

Má chuireann Páirtí doiciméad isteach i dteanga nach í an teanga oibre í, cuirfidh sé aistriúchán air isteach an tráth céanna ar a chostas féin.

XIV.   Nósanna imeachta eile

51.

Na tréimhsí a leagtar amach sna Rialacha Nós Imeachta seo, déanfar iad a choigeartú i gcomhréir leis na tréimhsí speisialta dá bhforáiltear maidir le tuarascáil nó cinneadh ón bpainéal eadrána a sheachadadh de bhun Airteagail 328 go 331 den Chomhaontú.

‘IARSCRÍBHINN 3

AN CÓD IOMPAIR

1.   

Tá feidhm ag an gCód Iompair seo le haghaidh comhaltaí de phainéil eadrána agus idirghabhálaithe maidir le himeachtaí réitigh díospóidí faoi Chaibidil 13 de Theideal VI den Chomhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na hAirméine, den pháirt eile (dá ngairtear “an Comhaontú” anseo feasta).

Sainmhínithe

2.

Chun críocha an Chóid Iompair seo:

(a)

ciallaíonn “eadránaí” comhalta de phainéal eadrána a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 321 den Chomhaontú;

(b)

ciallaíonn “iarrthóir” duine aonair a bhfuil a ainm ar liosta na n-eadránaithe dá dtagraítear in Airteagal 339 agus atá faoi bhreithniú lena roghnú mar chomhalta de phainéal eadrána i gcomhréir le hAirteagal 321 den Chomhaontú;

(c)

ciallaíonn “cúntóir” duine aonair a dhéanann, faoi théarmaí ceapacháin eadránaí, taighde don eadránaí sin nó a thugann cúnamh don eadránaí sin;

(d)

ciallaíonn “imeachtaí”, mura sonraítear a mhalairt, imeachtaí an phainéil eadrána faoi Chaibidil 13 de Theideal VI den Chomhaontú;

(e)

ciallaíonn “foireann”, i leith eadránaí, daoine atá faoi stiúradh agus rialú an eadránaí, seachas cúntóirí; agus

(f)

ciallaíonn “idirghabhálaí” duine a dhéanann nós imeachta idirghabhála i gcomhréir le hAirteagal 319 den Chomhaontú.

Prionsabail Ghinearálta

3.

Seachnóidh gach iarrthóir agus eadránaí iompar míchuí agus aon dealramh d’iompar míchuí, beidh siad neamhspleách agus neamhchlaonta, seachnóidh siad coinbhleachtaí leasa díreacha agus indíreacha agus cloífidh siad le hardchaighdeáin iompair ionas go gcaomhnófar sláine agus neamhchlaontacht an sásra um réiteach díospóidí. Comhlíonfaidh na hiar-eadránaithe na hoibleagáidí a leagtar síos i Rialacha 16, 17, 18 agus 19.

Oibleagáidí maidir le nochtadh

4.

Sula ndeimhneofar gur roghnaíodh é mar eadránaí faoi Chaibidil 13 de Theideal VI den Chomhaontú, tuairisceoidh an t-iarrthóir aon leas, aon chaidreamh nó aon ábhar a d’fhéadfadh, le réasún, difear a dhéanamh dá neamhspleáchas nó dá neamhchlaontacht nó a thabhairt le fios go mbeadh iompar míchuí nó claontacht i gceist sna himeachtaí. Chuige sin, déanfaidh iarrthóir gach iarracht réasúnta chun a bheith ar an eolas faoi aon leas, aon chaidreamh nó aon ábhar den sórt sin.

5.

Cuirfidh iarrthóir nó eadránaí ábhair a bhaineann le sáruithe iarbhír nó féideartha ar an gCód Iompair seo in iúl i scríbhinn don Choiste Comhpháirtíochta (4) lena mbreithniú ag na Páirtithe.

6.

Ach eadránaí a bheith roghnaithe, leanfaidh sé de gach iarracht réasúnta a dhéanamh a bheith ar an eolas faoi aon leas, aon chaidreamh nó aon ábhar dá dtagraítear i mír 4 agus nochtfaidh sé iad. Is oibleagáid leanúnach í an oibleagáid maidir le nochtadh lena gceanglaítear ar gach eadránaí aon leas, aon chaidreamh nó aon ábhar den sórt sin d’fhéadfadh teacht chun cinn aon tráth ar bith le linn na n-imeachtaí a nochtadh. Cuirfidh an t-eadránaí aon leas, aon chaidreamh nó aon ábhar den sórt sin in iúl i scríbhinn do na Páirtithe sna himeachtaí um réiteach díospóidí agus don Choiste Comhpháirtíochta chomh maith.

Dualgais na n-eadránaithe

7.

Nuair a dheimhnítear gur roghnaíodh eadránaí, beidh sé ar fáil chun dul i mbun dualgais, agus cuirfidh sé a dhualgais i gcrích go críochnúil agus go héifeachtach le linn na n-imeachtaí, agus é ag léiriú cothromais agus dúthrachta.

8.

Is iad na saincheisteanna a tharraingeofar anuas le linn na n-imeachtaí agus a bhfuil gá leo le haghaidh thuarascáil an phainéal eadrána, agus na saincheisteanna sin amháin, a bhreithneoidh eadránaí, agus ní tharmligfidh sé an dualgas sin chuig aon duine eile.

9.

Déanfaidh eadránaí gach beart is iomchuí chun a áirithiú go bhfuil a chúntóir agus a fhoireann ar an eolas faoi Rialacha 3, 4, 5, 6, 17, 18 agus 19 agus go gcomhlíonann siad na Rialacha sin.

10.

Ní ghlacfaidh eadránaí páirt i dteagmhálacha ex parte maidir leis na himeachtaí.

Neamhspleáchas agus neamhchlaontacht eadránaithe

11.

Beidh eadránaí neamhspleách agus neamhchlaonta, agus seachnóidh sé dealramh iompair mhíchuí nó claonta, agus ní bheidh sé faoi thionchar ag féinleas, brú seachtrach, cúinsí polaitiúla, gleo an phobail agus dílseacht do Pháirtí, nó eagla roimh cháineadh.

12.

Ní rachaidh aon eadránaí faoi aon oibleagáid ná ní ghlacfaidh sé go díreach ná go hindíreach le haon sochar a chuirfeadh isteach ar aon bhealach ar chomhlíonadh cuí a dhualgais, nó a mbainfeadh an chosúlacht leis go gcuirfeadh sé isteach ar chomhlíonadh na ndualgas sin.

13.

Ní úsáidfidh aon eadránaí a stádas mar chomhalta den phainéal eadrána chun aon leas pearsanta nó príobháideach a chur chun cinn. Seachnóidh eadránaí gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh a thabhairt le tuiscint go bhféadfadh daoine eile tionchar a imirt air.

14.

Áiritheoidh gach eadránaí nach mbeidh tionchar ar a iompar ná ar a bhreithiúnas ag caidreamh ná dualgais de chineál airgeadais, tráchtála, gairmiúil, pearsanta ná sóisialta.

15.

Seachnóidh gach eadránaí aon chaidreamh a dhéanamh, nó aon leas airgeadais a fháil ar dhócha go ndéanfadh sé dochar dá neamhchlaontacht, nó a d’fhéadfadh cur le dealramh réasúnach go mbeadh iompar míchuí nó claonadh i gceist.

Oibleagáidí na n-iar-eadránaithe

16.

Seachnóidh gach iar-eadránaí gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh a thabhairt le fios go raibh siad claonta agus iad ag comhlíonadh a ndualgas nó gur bhain siad buntáiste as an gcinneadh nó as an tuarascáil ón bpainéal eadrána.

Rúndacht

17.

Ní nochtfaidh aon eadránaí ná aon iar-eadránaí aon fhaisnéis neamhphoiblí tráth ar bith a bhaineann le himeachtaí nó a fuarthas le linn imeachtaí, ach amháin chun críoch na n-imeachtaí sin, agus ní nochtfaidh siad ná ní úsáidfidh siad in aon chor aon fhaisnéis den sórt sin ar mhaithe lena leas féin ná le leas duine eile ná le haimhleas duine eile.

18.

Ní nochtfaidh eadránaí tuarascáil ón bpainéal eadrána ná codanna di sula bhfoilseofar í i gcomhréir le Caibidil 13 de Theideal VI den Chomhaontú.

19.

Ní nochtfaidh eadránaí ná iar-eadránaí an plé a bhí ag painéal eadrána, ná aon tuairim ó eadránaí tráth ar bith.

Caiteachas

20.

Déanfaidh gach eadránaí taifead ar an méid ama a caitheadh ar an nós imeachta agus ar a speansais, agus ar an méid ama a chaith a chúntóir agus a fhoireann agus ar a speansais chomh maith.

Idirghabhálaithe

21.

Tá feidhm mutatis mutandis ag an gCód Iompair seo maidir le hidirghabhálaithe chomh maith lena gcúntóirí agus lena bhfoireann.

(1)  Chun críocha an tSásra Idirghabhála seo, tagraíonn an téarma “Coiste Comhpháirtíochta” do chruinniú an Choiste Comhpháirtíochta i gcumraíocht trádála.

(2)  Chun críocha na Rialacha Nós Imeachta seo, tagraíonn an téarma “Coiste Comhpháirtíochta” do chruinniú an Choiste Comhpháirtíochta sa chumraíocht trádála.

(3)  Féadfaidh an Coiste Comhpháirtíochta a chinneadh cúram a chur ar chomhlacht seachtrach nósanna imeachta um réiteach díospóidí faoi Chaibidil 13 de Theideal VI den Chomhaontú a bhainistiú nó tacaíocht a sholáthar. Tabharfar aghaidh leis an gcinneadh sin freisin ar na costais a eascraíonn as na cúraimí sin a chur ar an gcomhlacht.

(4)  Chun críocha an Chóid Iompar, tagraíonn an téarma “Coiste Comhpháirtíochta” do chruinniú an Choiste Comhpháirtíochta sa chumraíocht trádála.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2581/corrigendum/2025-02-27/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)