European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/90171

20.2.2025

Ceartúchán ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2020 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) 2016/429 agus 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le deimhnithe sláinte ainmhithe caighdeánacha, deimhnithe oifigiúla caighdeánacha agus deimhnithe sláinte ainmhithe/oifigiúla caighdeánacha, i dtaca le coinsíneachtaí de chatagóirí áirithe ainmhithe agus earraí a theacht isteach san Aontas agus lena ngluaiseacht laistigh den Aontas, deimhniúchán oifigiúil maidir leis na deimhnithe sin agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 599/2004, Rialacháin Chur Chun Feidhme (AE) Uimh. 636/2014 agus (AE) 2019/628, Treoir 98/68/CE agus Cinntí 2000/572/CE, 2003/779/CE agus 2007/240/CE

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 442, 30 Nollaig 2020 )

Ar leathanach 10, in Airteagal 10, an ceannteideal agus an frása réamhráiteach

in ionad:

Airteagal 10

Deimhnithe oifigiúla caighdeánacha agus deimhniú sláinte ainmhithe/oifigiúil le haghaidh feoil úr a bheartaítear lena caitheamh ag an duine, cé is moite d’fheoil díchnámhaithe go meicniúil, ó leipiridigh fhiáine, mamaigh talún fhiáine áirithe agus coiníní saothraithe a theacht isteach san Aontas

Na deimhnithe oifigiúla agus an deimhniú sláinte ainmhithe/oifigiúil dá dtagraítear in Airteagal 1(3)(b)(ii) a úsáidfear chun feoil úr a bheartaítear lena caitheamh ag an duine, cé is moite d’fheoil díchnámhaithe go meicniúil, ó leipiridigh fhiáine, mamaigh talún fhiáine áirithe agus coiníní saothraithe a theacht isteach san Aontas, freagróidh na deimhnithe sin do cheann amháin de na deimhnithe caighdeánacha seo a leanas, de réir na speiceas agus na gcatagóirí táirgí lena mbaineann:’,

léitear:

Airteagal 10

Deimhnithe oifigiúla caighdeánacha le haghaidh feoil úr a bheartaítear lena caitheamh ag an duine, cé is moite d’fheoil díchnámhaithe go meicniúil, ó leipiridigh fhiáine, mamaigh talún fhiáine áirithe agus coiníní saothraithe a theacht isteach san Aontas

Na deimhnithe oifigiúla dá dtagraítear in Airteagal 1(3), pointe (b)(ii) a úsáidfear chun feoil úr a bheartaítear lena caitheamh ag an duine, cé is moite d’fheoil díchnámhaithe go meicniúil, ó leipiridigh fhiáine, mamaigh talún fhiáine áirithe agus coiníní saothraithe a theacht isteach san Aontas, freagróidh na deimhnithe sin do cheann amháin de na deimhnithe caighdeánacha seo a leanas, de réir na speiceas agus na gcatagóirí táirgí lena mbaineann:’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/2235/corrigendum/2025-02-20/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)