European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/90030

15.1.2025

Ceartúchán ar Threoir (AE) 2017/2397 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le cáilíochtaí gairmiúla sa loingseoireacht intíre a aithint agus lena n-aisghairtear Treoir 91/672/CEE ón gComhairle agus Treoir 96/50/CE ón gComhairle

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 345 an 27 Nollaig 2017 )

1.

Cuirtear an leagan iomchuí gramadaí de na focail ‘leabhair taifid seirbhíse’ in ionad an leagain chomhfhreagraigh de na focail ‘leabhair thaifid seirbhíse’ sa Treoir seo tríd síos.

2.

Ar leathanach 70, in Airteagal 25(2):

in ionad:

‘2.   Chun an Treoir seo a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú agus chun meastóireacht a dhéanamh uirthi, chun sábháilteacht a chothabháil, chun loingseoireacht a éascú, agus freisin chun críocha staidrimh agus chun an malartú faisnéise a éascú idir na húdaráis a chuireann an Treoir seo chun feidhme, déanfaidh na Ballstáit sonraí a bhaineann leis na teastais cháilíochta, na leabhair thaifid cáilíochta agus na logleabhair dá dtagraítear i mír 1 a thaifeadadh go hiontaofa…’

,

léitear:

‘2.   Chun an Treoir seo a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú agus chun meastóireacht a dhéanamh uirthi, chun sábháilteacht a chothabháil, chun loingseoireacht a éascú, agus freisin chun críoch staidrimh agus chun an malartú faisnéise a éascú idir na húdaráis a chuireann an Treoir seo chun feidhme, déanfaidh na Ballstáit sonraí a bhaineann leis na teastais cháilíochta, na leabhair taifid seirbhíse agus na logleabhair dá dtagraítear i mír 1 a thaifeadadh go hiontaofa…’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2017/2397/corrigendum/2025-01-15/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)