European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2657

23.12.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2657 ÓN gCOIMISIÚN

an 19 Nollaig 2025

lena socraítear na praghsanna ionadaíocha, na dleachtanna allmhairiúcháin agus na dleachtanna allmhairiúcháin breise is infheidhme maidir le molás in earnáil an tsiúcra ón 23 Nollaig 2025

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagail 183 agus 193a de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 25(5) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2834 ón gCoimisiún (2) foráiltear go measfar gurb é an praghas allmhairiúcháin costais, árachais agus last-táille (‘CAL’) le haghaidh moláis an ‘praghas ionadaíoch’ dá dtagraítear in Airteagal 182(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

(2)

Praghsanna allmhairiúcháin CAL nach mbaineann leis an gcáilíocht chaighdeánach a shainítear in Airteagal 31 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2834, ba cheart iad a choigeartú de réir cháilíocht an mholáis a thairgtear, i gcomhréir le hAirteagal 32 den Rialachán Cur Chun Feidhme sin.

(3)

Na praghsanna ionadaíocha CAL is infheidhme maidir le hallmhairiú moláis a chumhdaítear le cóid AC 1703 10 00 agus 1703 90 00 , ba cheart iad a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2834.

(4)

Na dleachtanna allmhairiúcháin is infheidhme maidir le hallmhairí an mholáis sin, ba cheart iad a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2835 ón gCoimisiún (3).

(5)

I gcás ina mbeidh difríocht idir truicearphraghas an táirge lena mbaineann agus an praghas ionadaíoch CAL, ba cheart dleachtanna allmhairiúcháin breise a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 33 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2834.

(6)

Ba cheart na praghsanna ionadaíocha CAL a shocrú le haghaidh gach bliana margaíochta i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 183 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus féadfaidh an Coimisiún iad a leasú de bhun Airteagal 25(6) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2834.

(7)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2008 ón gCoimisiún (4), leagtar amach na praghsanna ionadaíocha, na dleachtanna allmhairiúcháin agus na dleachtanna allmhairiúcháin breise is infheidhme maidir le hallmhairiú moláis a chumhdaítear le cóid AC 1703 10 00 agus 1703 90 00 ó 1 Deireadh Fómhair 2025.

(8)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2008 a aisghairm.

(9)

Chun rochtain chothrom ar mhargadh an Aontais le haghaidh molás a allmhairítear chuig an margadh sin a áirithiú, is gá feidhm a bheith ag an Rialachán sin a luaithe is féidir tar éis do na sonraí nuashonraithe a bheith curtha ar fáil. Dá bhrí sin, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

San Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo leagtar amach na praghsanna ionadaíocha, na dleachtanna allmhairiúcháin agus na dleachtanna allmhairiúcháin breise is infheidhme maidir le hallmhairiú moláis a chumhdaítear le cóid AC 1703 10 00 agus 1703 90 00 .

Airteagal 2

Aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2008.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 19 Nollaig 2025.

Thar ceann an Choimisiúin,

Thar ceann an Uachtaráin,

Elisabeth WERNER

Ard-Stiúrthóir

Ard-Stiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe


(1)   IO L 347, 20.12.2013, lch. 671, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1308/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2834 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2023 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hallmhairí sna hearnálacha ríse, gránach, siúcra agus leannlusanna (IO L, 2023/2834, 21.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2834/oj).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2835 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2023 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le hallmhairiúchán sna hearnálacha ríse, gránach, siúcra agus leannlusanna, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 3330/94, (CE) Uimh. 2810/95, (CE) Uimh. 951/2006, (CE) Uimh. 972/2006, (CE) Uimh. 504/2007, (CE) Uimh. 1375/2007, (CE) Uimh. 402/2008, (CE) Uimh. 1295/2008, (CE) Uimh. 1312/2008 agus (AE) Uimh. 642/2010, (CEE) Uimh. 1361/76 (CEE) Uimh. 1842/81, (CEE) Uimh. 3556/87, (CEE) Uimh. 3846/87, (CEE) Uimh. 815/89, (CE) Uimh. 765/2002, (CE) Uimh. 1993/2005, (CE) Uimh. 1670/2006, (CE) Uimh. 1731/2006, (CE) Uimh. 1741/2006, (CE) Uimh. 433/2007, (CE) Uimh. 1359/2007, (CE) Uimh. 1454/2007, (CE) Uimh. 508/2008, (CE) Uimh. 903/2008, (CE) Uimh. 147/2009, (CE) Uimh. 612/2009, (AE) Uimh. 817/2010, (AE) Uimh. 1178/2010, (AE) Uimh. 90/2011 ón gCoimisiún agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1373/2013 ón gCoimisiún (IO L, 2023/2835, 21.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/2835/oj).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2008 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2025 lena socraítear na praghsanna ionadaíocha, na dleachtanna allmhairiúcháin agus na dleachtanna allmhairiúcháin breise is infheidhme maidir le molás in earnáil an tsiúcra ón 1 Deireadh Fómhair 2025 (IO L, 2025/2008, 1.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2008/oj).


IARSCRÍBHINN

PRAGHSANNA IONADAÍOCHA, DLEACHTANNA ALLMHAIRIÚCHÁIN AGUS DLEACHTANNA ALLMHAIRIÚCHÁIN BREISE IS INFHEIDHME MAIDIR LE MOLÁS IN EARNÁIL AN tSIÚCRA ÓN 23 NOLLAIG 2025

(in EUR)

Cód AC (1)

Praghas ionadaíoch in aghaidh 100 kg glan den táirge lena mbaineann

Dleacht allmhairiúcháin in aghaidh 100 kg glan den táirge lena mbaineann

Dleacht bhreise in aghaidh 100 kg glan den táirge lena mbaineann

1703 10 00

20,54

0  (2)

-

1703 90 00

7,04

0,35  (3)

0,10


(1)  Le haghaidh na cáilíochta caighdeánaí mar a shainítear in Airteagal 31 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2834 ón gCoimisiún.

(2)  I gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2835 ón gCoimisiún, cuirtear an méid sin in ionad ráta dleachta na Comhtharaife Custaim a shocraítear le haghaidh na dtáirgí sin.

(3)  Tá an méid seo i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2835 ón gCoimisiún.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2657/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)