European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2650

23.12.2025

RIALACHÁN (AE) 2025/2650 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 19 Nollaig 2025

lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/1115 a mhéid a bhaineann le hoibleagáidí áirithe oibreoirí agus trádálaithe

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Glacadh Rialachán (AE) 2023/1115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) chun an dífhoraoisiú agus an díghrádú foraoise a laghdú. Leis an Rialachán sin leagtar síos rialacha maidir le táirgí ábhartha, mar a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis, a bhfuil tráchtearraí ábhartha eadhon eallach, cócó, caife, pailm ola, rubar, soighe agus adhmad iontu, a cothaíodh leis na tráchtearraí sin nó ar úsáideadh tráchtearraí ábhartha lena ndéanamh, a chur agus a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais agus a onnmhairiú ón Aontas. Go sonrach, is é is aidhm don Rialachán sin a áirithiú go ndéantar na tráchtearraí agus táirgí ábhartha sin a chur ar mhargadh an Aontais nó a chur ar fáil air nó a onnmhairiú ach amháin má tá siad gan dífhoraoisiú, gur táirgeadh iad i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha na tíre táirgthe agus go gcumhdaítear iad le ráiteas maidir le dícheall cuí.

(2)

I gcomhréir le Rialachán (AE) 2023/1115, d’fhorbair an Coimisiún, i ndlúthchomhar le Ballstáit agus le páirtithe leasmhara eile, córas faisnéise chun ráitis maidir le dícheall cuí a chur isteach (an ‘córas faisnéise’). Bhí páirtithe leasmhara rannpháirteach sa phróiseas forbartha chun a áirithiú go bhfuil an córas faisnéise éifeachtúil agus i gcomhréir le riachtanais na n-oibreoirí eacnamaíocha. Seoladh an córas faisnéise an 4 Nollaig 2024, rud a chuir ar a gcumas d’oibreoirí, trádálaithe nach micrifhiontair, fiontair bheaga ná mheánmhéide iad (‘trádálaithe nach trádálaithe FBManna iad’) agus a n-ionadaithe údaraithe ráitis maidir le dícheall cuí a chur isteach. Mar sin féin, mar thoradh ar na réamh-mheastacháin is déanaí ar líon na n-oibríochtaí agus na n-idirghníomhaíochtaí sa chóras faisnéise sin a bhfuil coinne leo, rinneadh athmheasúnú substaintiúil ar an ualach ar an gcóras, rud a léiríonn trácht i bhfad níos airde ar an gcóras faisnéise ná mar a raibh coinne leis.

(3)

An tráth céanna, tugadh le fios i dtorthaí thuarascáil dar teideal ‘Todhchaí Iomaíochas na hEorpa’ , mar gheall ar an méadú atá ag teacht ar líon agus ar chastacht na rialacha, go gcuirfear teorainn leis an tsolúbthacht atá ann do ghnólachtaí an Aontais agus go gcuirfear cosc orthu leanúint de bheith iomaíoch. Tá ábhair imní maidir le castacht na rialacha tuairiscithe ag comhpháirtithe trádála freisin. I bhfianaise an mhéid sin, ba cheart nósanna imeachta agus ceanglais áirithe a leagtar síos i Rialachán (AE) 2023/1115 a shimpliú agus ba cheart deireadh a chur le hualaí rialála ar ghnólachtaí nach bhfuil gá leo, agus cuspóirí an Rialacháin sin á gcoinneáil an tráth céanna.

(4)

Ina theannta sin, mar chuid de na hiarrachtaí simpliúcháin, ba cheart laghdú a dhéanamh ar an ualach riaracháin a eascraíonn as na hoibleagáidí ar ghníomhaithe iartheachtacha nach micrifhiontair, fiontair bheaga ná mheánmhéide iad agus ar mhicrea-oibreoirí nó ar oibreoirí príomhúla beaga a tháirgeann agus a chuireann a dtáirgí féin ar an margadh.

(5)

Chun soiléireacht dhlíthiúil a sholáthar i slabhraí soláthair iartheachtacha, agus chun ceanglais maidir le tuairisciú bhreise agus ualach comhfhreagrach an chórais faisnéise a laghdú, ba cheart catagóir nua ‘oibreoir iartheachtach’ a thabhairt isteach. Ba cheart oibleagáidí na n-oibreoirí iartheachtacha sin a bheith comhionann leis na hoibleagáidí is infheidhme maidir le trádálaithe. Níor cheart a cheangal ar oibreoirí iartheachtacha ná ar thrádálaithe a fháil amach gur feidhmíodh dícheall cuí nó ráitis maidir le dícheall cuí a chur isteach, rud a laghdódh go mór na ceanglais maidir le tuairisciú agus líon na n-idirghníomhaíochtaí is gá a dhéanamh leis an gcóras faisnéise.

(6)

Tá tionchar suntasach ag oibreoirí iartheachtacha nach FBManna iad agus ag trádálaithe nach FBManna iad ar shlabhraí soláthair agus tá ról tábhachtach acu chun a áirithiú go mbeidh na slabhraí soláthair gan dífhoraoisiú. Ba cheart dá bhrí sin ceangal a bheith orthu fós clárú sa chóras faisnéise. An tráth céanna, ba cheart don chéad oibreoir iartheachtach nó trádálaí, cibé acu is fiontar beag nó meánmhéide é nó nach ea, leanúint d’inrianaitheacht iomlán a áirithiú trí uimhreacha tagartha na ráiteas maidir le dícheall cuí agus na n-aitheantóirí dearbhúcháin arna sannadh do mhicreatháirgeoirí nó do tháirgeoirí beaga a bhailiú. Níor cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid uimhreacha tagartha a bhailiú agus a choinneáil ach amháin maidir leis an gcéad oibreoir iartheachteach nó trádálaí agus níor cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid sin i gcás oibreoirí iartheachtacha agus trádálaithe níos faide síos sa slabhra soláthair.

(7)

Na hoibreoirí uile, gan beann ar a méid, a chuireann táirgí ábhartha ar an margadh nó a onnmhairíonn na táirgí sin, tagann siad faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2023/1115. Cuireann sé sin ualach riaracháin ar mhicreatháirgeoirí nó ar tháirgeoirí beaga a chuireann a dtáirgí féin ar an margadh nó a onnmhairíonn a dtáirgí féin. Chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní a bhaineann le hoibreoirí ar micrifhiontair nó fiontair bheaga iad a tháirgeann a dtáirgí féin agus a chuireann a dtáirgí féin ar an margadh agus chun ualach an chórais faisnéise a laghdú tuilleadh, is gá fochatagóir nua d’oibreoirí a thabhairt isteach nár cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid ráiteas maidir le dícheall cuí a chur isteach i ndáil leo. Ba cheart a chumhdach leis an bhfochatagóir nua sin, ar a dtugtar ‘micrea-oibreoirí príomhúla nó oibreoirí príomhúla beaga’, daoine nádúrtha nó micrifhiontair nó fiontair bheaga atá bunaithe i dtír a aicmítear mar thír ísealriosca i gcomhréir le Rialachán (AE) 2023/1115 a chuireann táirgí ábhartha ar an margadh nó a onnmhairíonn na táirgí sin a tháirgeann siad féin sa tír sin, rud a chiallaíonn go bhfásann siad, go lománaíonn siad, go bhfaigheann siad, nó go dtógann siad, ar dháileachtaí talún ábhartha, nó, maidir le heallach, ar bhunaíochtaí, na tráchtearraí ábhartha atá sna táirgí ábhartha féin. Ba cheart oibreoirí atá bunaithe laistigh nó lasmuigh den Aontas araon a chumhdach leis an sainmhíniú ar mhicreaoibreoir nó ar oibreoir príomhúil beag.

(8)

Chun a áirithiú go mbainfear amach cuspóirí an Rialachán (AE) 2023/1115 go héifeachtúil, is é sin a bheith in ann inrianaitheacht feadh an tslabhra soláthair a áirithiú chun a áirithiú go mbeidh táirgí a chuirtear ar an margadh gan dífhoraoisiú, ba cheart a cheangal ar mhicrea-oibreoirí nó ar oibreoirí príomhúla beaga mar sin féin dearbhú simplithe aonuaire a chur isteach sa chóras faisnéise. Ba cheart aitheantóir dearbhúcháin a eisiúint leis an gcóras faisnéise nuair a chuirfidh micrea-oibreoir príomhúil nó oibreoir príomhúil beag an dearbhú simplithe isteach. Ba cheart an t-aitheantóir dearbhúcháin sin a bheith ag gabháil leis na táirgí ábhartha a chuireann micrea-oibreoir príomhúil nó oibreoir príomhúil beag ar an margadh nó a onnmhairíonn sé. Chun na ceanglais maidir le hinrianaitheacht a choinneáil ar bun faoi Rialachán (AE) 2023/1115 agus chun a chuspóirí a shaothrú, leis an bhfaisnéis sin a áirítear i ndearbhú simplithe, ba cheart measúnú uathoibríoch riosca ag an gcóras faisnéise a chumasú, seiceálacha na n-údarás inniúil a éascú i gcomhréir leis an gcur chuige rioscabhunaithe, agus ba cheart í a bheith infheicthe ag gníomhaithe iartheachtacha a mhéid is féidir, i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme maidir le cosaint sonraí.

(9)

Mar chuid de na hiarrachtaí simpliúcháin, ba cheart laghdú a dhéanamh ar an ualach oibriúchán a eascraíonn as na hiobleagáidí atá ar mhicrea-oibreoirí nó oibreoirí príomhúla beaga dearbhú simplithe aonuaire a thíolacadh faoi Airteagal 4a de Rialachán (AE) 2023/1115, arna leasú leis an Rialachán seo, agus faisnéis a bhailiú faoi Airteagal 9(1) de, trí chead a thabhairt dóibh seoladh poist na ndáileachtaí talún nó na bunaíochta ónar táirgeadh na tráchtearraí ábhartha atá sa táirge ábhartha, nó a ndearnadh an táirge trí úsáid a bhaint as na tráchtearraí, a chur in ionad gheoshuíomh na ndáileachtaí talún, ar choinnoíll go gcomhfhreagraíonn an seoladh poist go soiléir do shuíomh geografach na ndáileachtaí talún nó na bunaíochta lena mbaineann. Leis seo, tugtar saor-rogha do mhicrea-oibreoirí nó d’oibreoirí príomhúla beaga geoshuíomh na ndáileachtaí talún nó seoladh poist na ndáileachtaí talún nó na bunaíochta faoi seach a sholáthar.

(10)

Cheana féin, le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), cuirtear táirgeoirí príomhúla eallaigh atá bunaithe san Aontas faoi réir ceanglais maidir le hinrianaitheacht agus maidir le tuairisciú atá coibhéiseach leis na ceanglais sin a bhunaítear de bhun Rialachán (AE) 2023/1115. Stóráiltear na sonraí ábhartha i mbunachair sonraí náisiúnta na mBallstát. Is iomchuí, dá bhrí sin, micrea-oibreoirí príomhúla nó oibreoirí príomhúla beaga a dhíolmhú ón oibleagáid dearbhú simplithe a chur isteach, i gcás ina bhfuil an fhaisnéis is gá ar fáil cheana féin sna bunachair sonraí sin, agus i gcás ina gcuireann na Ballstáit na sonraí ábhartha ar fáil sa chóras faisnéise. Ba cheart an díolúine sin a bheith infheidhme freisin maidir le micrea-oibreoirí príomhúla nó oibreoirí príomhúla beaga in earnálacha eile ina ndéantar foráil i reachtaíocht náisiúnta an Aontais nó na mBallstát maidir le hoibleagáidí inrianaitheachta nó tuairiscithe coibhéiseacha, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha céanna.

(11)

Mar a leagtar amach sa Treoirdhoiciméad do Rialachán (AE) 2023/1115 maidir le Táirgí gan Dífhoraoisiú (5), i gcásanna ina bhfuil na gníomhaíochtaí diomaibhseach, agus i bhfianaise na n-imthosca uile atá i gceist, ba cheart prionsabal na comhréireachta a urramú. Níor cheart a mheas gur úsáid talmhaíochta den chuid is mó é innilt fhairsing ócáideach nó innilt ócáideach ar mhionscála i bhforaoisí ar choinníoll nach bhfuil éifeacht dhíobhálach ag an táirgeadh ná ag na gníomhaíochtaí gaolmhara ar ghnáthóg na foraoise.

(12)

Chun soiléireacht dhlíthiúil a sholáthar gur féidir le gach micreaghnóthas agus gnóthas beag agus meánmhéide, gan beann ar a bhfoirm dhlíthiúil, tairbhe a bhaint as na forálacha simplithe le haghaidh micreafhiontar, fiontair bheaga agus mheánmhéide i Rialachán (AE) 2023/1115, ba cheart an sainmhíniú ar mhicrifhiontair agus ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide’ a leasú chun a shoiléiriú nár cheart an fhoirm dhlíthiúil a bheith ábhartha chun a chinneadh an dtagann duine nádúrtha nó dlítheanach an faoin sainmhíniú sin. Ba cheart an rud céanna a shoiléiriú freisin i gcás micrea-oibreoirí príomhúla nó oibreoirí príomhúla beaga. Sa bhreis air sin, ba cheart a áireamh sa sainmhíniú ar mhicrea-oibreoirí príomhúla nó oibreoirí príomhúla beaga oibreoirí a sháraíonn teorainneacha dhá cheann ar a laghad de na trí chritéar a leagtar amach in Airteagal 3(1) agus (2), an chéad fhomhír, de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) ach ar féidir leo a léiriú nach ndéanann na codanna d’iomlán a gcláir chomhardaithe, glanláimhdeachas agus meánlíon fostaithe le linn na bliana airgeadais a bhaineann leis na tráchtearraí ábhartha agus na táirgí ábhartha teorainneacha dhá cheann ar a laghad de thrí cinn de na critéir sin a shárú.

(13)

Le Rialachán (AE) 2023/1115, leagtar síos forálacha a bhaineann leis an athbhreithniú ar an Rialachán sin, agus tugtar sainordú don Choimisiún roinnt measúnuithe tionchair a thíolacadh lena ngabhfaidh, más iomchuí, tograí reachtacha. Ós rud é gur cuireadh dáta chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/1115 siar le Rialachán (AE) 2024/3234 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), ní féidir measúnú a dhéanamh ar leathnú féideartha ar raon feidhme Rialachán (AE) 2023/1115 gan fianaise maidir lena chur i bhfeidhm, ar a éifeachtaí ar an dífhoraoisiú agus ar dhíghrádú foraoisí, ar a thionchar ar oibreoirí agus ar thrádálaithe, go háirithe FBManna, agus ar shreafaí trádála. Ar na cúiseanna sin, ba cheart deireadh a chur leis na hoibleagáidí a bhaineann leis na measúnuithe tionchair atá le déanamh ag an gCoimisiún dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2023/1115. Ba cheart na measúnuithe tionchair sin a chumhdach leis an athbhreithniú ginearálta ar Rialachán (AE) 2023/1115. Ba cheart an dáta le haghaidh an athbhreithnithe ghinearálta dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2023/1115 a athrú go dtí an 30 Meitheamh 2030 ionas go bhféadfaí an taithí ar fhorfheidhmiú an Rialacháin sin a chur san áireamh san athbhreithniú. Chun na hoibleagáidí leasaithe ar oibreoirí, oibreoirí iartheachtacha agus trádálaithe a léiriú, ba cheart meastóireacht a dhéanamh san athbhreithniú ginearálta freisin ar thionchar na leasuithe sin ar bhaint amach chuspóirí foriomlána Rialachán (AE) 2023/1115.

(14)

Roimh an athbhreithniú ginearálta ar Rialachán (AE) 2023/1115 atá le déanamh faoin 30 Meitheamh 2030, ar mhaithe le simpliú d’oibreoirí agus do thrádálaithe, ba cheart don Choimisiún measúnú tionchair a dhéanamh ar an Rialachán sin agus tuarascáil a thíolacadh faoin 30 Aibreán 2026. Ba cheart meastóireacht a dhéanamh sa tuarascáil ar an ualach riaracháin agus ar thionchar an Rialacháin sin, go háirithe ar mhicrea-oibreoirí nó ar oibreoirí beaga. Thairis sin, sa tuarascáil, ba cheart don Choimisiún bealaí féideartha a léiriú chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sainaitheanta, lena n-áirítear trí threoirlínte teicniúla, trí fheabhsuithe ar an gcóras TF, agus trí ghníomhartha tarmligthe nó trí ghníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis na cumhachtaí tarmligthe dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2023/1115, agus, i gcás inarb iomchuí, ba cheart dó togra reachtach a chur leis an tuarascáil.

(15)

Ba cheart dáta chur i bhfeidhm fhorálacha Rialachán (AE) 2023/1115 lena leagtar síos oibleagáidí ar oibreoirí, trádálaithe agus údaráis inniúla, eadhon na cinn dá dtagraítear in Airteagal 38(2) den Rialachán sin, a chur siar 12 mhí. Tá gá leis sin chun go mbeidh tríú tíortha, na Ballstáit, oibreoirí agus trádálaithe in ann a bheith ullmhaithe go hiomlán, go háirithe chun a fhágáil gur féidir leis na hoibreoirí agus trádálaithe sin a bheith in ann a n-oibleagáidí a chomhlíonadh go hiomlán.

(16)

I bhfianaise gur cuireadh siar le 12 mhí an dáta cur i bhfeidhm a leagtar amach in Airteagal 38(2) de Rialachán (AE) 2023/1115, na dátaí i bhforálacha gaolmhara eile, eadhon aisghairm Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), na forálacha maidir le cur i bhfeidhm iarchurtha Rialachán (AE) 2023/1115 i ndáil le daoine nádúrtha, micreaghnóthais nó gnóthais bheaga, ba cheart iad a choigeartú dá réir. Chun dóthain ama a sholáthar chun forbairtí teicniúla an chomhéadain leictreonaigh a ailíniú bunaithe ar Thimpeallacht Ionaid Ilfhreastail an Aontais Eorpaigh maidir le Custam le ceanglais Rialachán (AE) 2023/1115 arna leasú leis an Rialachán seo, ba cheart an dáta faoina bhfuil an comhéadan leictreonach le bheith i bhfeidhm a choigeartú dá réir.

(17)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach, eadhon oibleagáidí tuairiscithe áirithe a shimpliú agus amlínte a chuíchóiriú agus cuspóirí Rialachán (AE) 2023/1115 a chaomhnú, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(18)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2023/1115 a leasú dá réir,

(19)

Ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh chun a áirithiú go dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm roimh dháta cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/1115 atá ann faoi láthair,

(20)

I bhfianaise a phráinní atá sé simplithe spriocdhírithe a ghlacadh mar aon le moill a chur ar theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/1115, meastar gurb iomchuí an eisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, a agairt,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2023/1115

Leasaítear Rialachán (AE) 2023/1115 mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (15):

‘(15)

ciallaíonn “oibreoir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chuireann táirgí ábhartha ar an margadh nó a onnmhairíonn iad, le linn gníomhaíocht tráchtála, seachas oibreoirí iartheachtacha;’

:

(b)

cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

‘(15a)

ciallaíonn “micrea-oibreoir príomhúil nó oibreoir príomhúil beag” oibreoir ar duine nádúrtha nó micreaghnóthas nó gnóthas beag é, de réir bhrí Airteagal 3(1) agus Airteagal 3(2), an chéad fhomhír, faoi seach, de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), gan beann ar a fhoirm dhlíthiúil, atá bunaithe i dtír a aicmítear mar thír ísealriosca i gcomhréir le hAirteagal 29 den Rialachán seo, agus a dhéanann, le linn gníomhaíocht tráchtála, táirgí ábhartha a chur ar an margadh nó a onnmhairiú, ar táirgí iad a d’fhás, a lománaigh, a fuair nó a thóg an t-oibreoir sin féin ar dháileachtaí ábhartha talún nó i gcás eallaí, ar bhunaíochtaí atá lonnaithe sa tír sin; áirítear leis sin oibreoirí a sháraíonn teorainneacha dhá cheann ar a laghad de na trí chritéar a leagtar amach in Airteagal 3(1) agus (2), an chéad fhomhír, de Threoir 2013/34/AE ach ar féidir leo a léiriú nach ndéanann na codanna d’iomlán a gcláir chomhardaithe, glanláimhdeachas agus meánlíon fostaithe le linn na bliana airgeadais, a bhaineann leis na tráchtearraí ábhartha agus na táirgí ábhartha teorainneacha, dhá cheann ar a laghad de thrí cinn de na critéir sin a shárú;

(15b)

ciallaíonn “oibreoir iartheachtach” aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chuireann táirgí ábhartha ar an margadh nó a onnmhairíonn táirgí ábhartha, le linn gníomhaíocht tráchtála, ar táirgí iad a dhéantar le táirgí ábhartha agus a bhfuil gach ceann díobh cumhdaithe le ráiteas maidir le dícheall cuí nó le dearbhú simplithe;

(*1)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2013/34/oj).’;"

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (17):

‘(17)

ciallaíonn “trádálaí” aon duine sa slabhra soláthair, seachas an t-oibreoir nó an t-oibreoir iartheachtach, a chuireann táirgí ábhartha ar fáil ar an margadh le linn gníomhaíocht tráchtála,’

;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (19):

‘(19)

ciallaíonn “le linn gníomhaíocht tráchtála” chun críche próiseála, le dáileadh ar thomhaltóirí tráchtála nó neamhthráchtála, nó lena úsáid i ngnó an oibreora, an oibreora iartheachtaigh nó an trádálaí féin;’

;

(e)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (22):

‘(22)

ciallaíonn “ionadaí údaraithe” aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas a bhfuil sainordú i scríbhinn faighte aige, i gcomhréir le hAirteagal 6, ó oibreoir chun gníomhú thar a cheann i ndáil le cúraimí sonraithe maidir le hoibleagáidí an oibreora faoin Rialachán seo;’

;

(f)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (30):

‘(30)

ciallaíonn “micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide” nó “FBManna” micreaghnóthais agus gnóthais bheaga agus mheánmhéide, gan beann ar a bhfoirm dhlíthiúil, de réir bhrí Airteagal 3(1), Airteagal 3(2), an chéad fhomhír, agus Airteagal 3(3), faoi seach, de Threoir 2013/34/AE;’

;

(2)

in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c)

cumhdaítear iad le ráiteas maidir le dícheall cuí nó le dearbhú simplithe, mar a cheanglaítear le forálacha ábhartha an Rialacháin seo.’

;

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil 2:

‘CAIBIDIL 2

OIBLEAGÁIDÍ OIBREOIRÍ, OIBREOIRÍ IARTHEACHTACHA AGUS TRÁDÁLAITHE’

;

(4)

leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Tríd an ráiteas maidir le dícheall cuí a chur ar fáil d’údaráis inniúla nó, i gcás micrea-oibreoirí príomhúla nó oibreoirí príomhúla beaga, tríd an dearbhú simplithe dá dtagraítear in Airteagal 4a a chur isteach, glacfaidh an t-oibreoir freagracht air nó uirthi féin as comhlíontacht an táirge ábhartha le hAirteagal 3. Coimeádfaidh oibreoirí taifead ar na ráitis maidir le dícheall cuí ar feadh 5 bliana ón dáta a thíolacfar an ráiteas tríd an gcóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33.’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.   Maidir le hoibreoirí a fhaigheann faisnéis ábhartha nua nó a chuirtear ar an eolas iad ina leith, lena n-áirítear ábhair imní a bhfuil bunús leo, ina léirítear gur ann do riosca nach gcomhlíonann táirge ábhartha atá curtha ar an margadh acu an Rialachán seo, cuirfidh siad údaráis inniúla na mBallstát inar chuir siad an táirge ábhartha ar an margadh, chomh maith leis na hoibreoirí iartheachtacha agus na trádálaithe ar sholáthair siad an táirge ábhartha dóibh, ar an eolas láithreach. I gcás onnmhairí, cuirfidh oibreoirí údarás inniúil an Bhallstáit, arb í an tír tháirgthe í, ar an eolas.’

;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

‘7.   Cuirfidh oibreoirí na hoibreoirí iartheachtacha agus trádálaithe atá níos faide síos an slabhra soláthair ar an eolas faoi na táirgí ábhartha a chuir siad ar an margadh nó a d’onnmhairigh siad, uimhreacha tagartha na ráiteas maidir le dícheall cuí nó, más infheidhme, na haitheantóirí dearbhúcháin a bhaineann leis na táirgí sin.’

;

(d)

scriostar míreanna 8, 9 agus 10;

(5)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 4a

Córas simplithe le haghaidh micrea-oibreoirí príomhúla nó oibreoirí príomhúla beaga

1.   Ní bheidh feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 4(2), Airteagal 4(3), an dara habairt, agus Airteagal 4(4), pointe (c), maidir le micrea-oibreoirí príomhúla nó oibreoirí príomhúla beaga.

2.   Cuirfidh micrea-oibreoirí príomhúla nó oibreoirí príomhúla beaga dearbhú simplithe aonuaire isteach sa chóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33 sula gcuirfidh siad táirgí ábhartha ar an margadh nó sula n-onnmhaireoidh siad iad. Sannfar aitheantóir dearbhúcháin do na hoibreoirí sin tar éis dóibh a ndearbhú simplithe aonuaire a chur isteach.

3.   Soláthróidh micrea-oibreoirí príomhúla nó oibreoirí príomhúla beaga an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn III agus an dearbhú simplithe á chur isteach acu sa chóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33. Féadfaidh na hoibreoirí sin an fhaisnéis atá ina ndearbhú simplithe a thabhairt cothrom le dáta tar éis aon athruithe móra ar an bhfaisnéis a chuir siad ar fáil.

4.   I gcás ina bhfuil an fhaisnéis uile a liostaítear in Iarscríbhinn III ar fáil i gcóras nó i mbunachar sonraí atá ann faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí na mBallstát, seachas an córas faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33, ní cheanglófar ar mhicrea-oibreoirí príomhúla ná ar oibreoirí príomhúla beaga dearbhú simplithe aonuaire a chur isteach i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo. Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis sin ar fáil in aghaidh an oibreora sa chóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33. Ní chuirfidh an micrea-oibreoir príomhúil ná an t-oibreoir príomhúil beag na táirgí ábhartha ar mhargadh an Aontais ná ní onnmhaireoidh sé iad ach amháin tar éis aitheantóir dearbhúcháin a bheith sannta dó.

5.   I gcás micrea-oibreoirí príomhúla nó oibreoirí príomhúla beaga, féadfar seoladh poist na ndáileachtaí talún uile inar táirgeadh na tráchtearraí ábhartha atá sa táirge ábhartha nó seoladh poist na bunaíochta ina ndearnadh iad, nó lena ndearnadh iad, a chur in ionad an gheoshuímh dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointe (d).’

;

(6)

cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagail 5 agus 6:

‘Airteagal 5

Oibleagáidí oibreoirí iartheachtacha agus trádálaithe

1.   Ní dhéanfaidh oibreoirí iartheachtacha ná trádálaithe táirgí ábhartha a chur ar an margadh nó a chur fáil ar an margadh nó a onnmhairiú ach amháin má tá an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 3 ina seilbh acu.

2.   Oibreoirí iartheachtacha nach FBManna iad (“oibreoirí iartheachtacha nach FBManna iad”) agus trádálaithe nach FBManna iad (“trádálaithe nach trádálaithe FBManna iad”), cláróidh siad sa chóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33 sula ndéanfaidh siad táirgí ábhartha a chur nó a chur ar fail ar an margadh nó sula n-onnmhaireoidh siad iad.

3.   Baileoidh agus coinneoidh oibreoirí iartheachtacha agus trádálaithe an fhaisnéis seo a leanas a bhaineann leis na táirgí ábhartha a bheartaíonn siad a chur nó a chur ar fáil ar an margadh nó a onnmhairiú:

(a)

ainm, trádainm cláraithe nó trádmharc cláraithe, seoladh poist, seoladh ríomhphoist agus, má tá sé ar fáil, seoladh gréasáin na n-oibreoirí, na n-oibreoirí iartheachtacha nó na dtrádálaithe a sholáthair na táirgí ábhartha dóibh, chomh maith le, i gcás inar oibreoir é an soláthróir agus sa chás sin amháin, uimhreacha tagartha na ráiteas maidir le dícheall cuí nó na haitheantóirí dearbhúcháin a bhaineann leis na táirgí sin;

(b)

ainm, trádainm cláraithe nó trádmharc cláraithe, seoladh poist, seoladh ríomhphoist agus, má tá sé ar fáil, seoladh gréasáin na n-oibreoirí iartheachtacha nó na dtrádálaithe ar sholáthair siad na táirgí ábhartha dóibh.

4.   Déanfaidh oibreoirí iartheachtacha agus trádálaithe an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 a choimeád ar feadh 5 bliana ar a laghad ón dáta a cuireadh nó a cuireadh ar fáil ar an margadh iad agus a onnmhairíodh iad, agus soláthróidh siad an fhaisnéis sin do na húdaráis inniúla, arna hiarraidh sin.

5.   Maidir le hoibreoirí iartheachtacha agus trádálaithe a fhaigheann faisnéis ábhartha nua nó a chuirtear ar an eolas iad ina leith, lena n-áirítear ábhair imní a bhfuil bunús leo, ina léirítear gur ann do riosca nach gcomhlíonann táirge ábhartha atá curtha nó curtha ar fáil ar an margadh acu an Rialachán seo, cuirfidh siad údaráis inniúla na mBallstát inar chuir siad an táirge ábhartha ar an margadh nó inar chuir siad an táirge ábhartha ar fáil ar an margadh, chomh maith leis na hoibreoirí iartheachtacha agus na trádálaithe ar sholáthair siad an táirge ábhartha dóibh, ar an eolas láithreach. I gcás onnmhairí, cuirfidh oibreoirí iartheachtacha údarás inniúil an Bhallstáit, arb í an tír tháirgthe í, ar an eolas.

6.   Má fhaigheann oibreoirí iartheachtacha nach FBManna iad agus trádálaithe nach FBManna iad faisnéis ábhartha, nó má chuirtear ar an eolas iad faoi fhaisnéis ábhartha, lena léirítear nach bhfuil táirge ábhartha i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo, sula gcuirtear táirgí ábhartha ar an margadh nó sula gcuirfear iad ar fáil ar an margadh nó sula ndéantar iad a onnmhairiú, déanfaidh siad údaráis inniúla na mBallstát ina bhfuil sé beartaithe acu an táirge ábhartha a chur ar an margadh nó a chur ar fáil ar an margadh nó óna bhfuil sé beartaithe acu an táirge ábhartha a onnmhairiú a chur ar an eolas láithreach. I gcás ábhair imní a bhfuil bunús leo, fíoróidh siad gur feidhmíodh dícheall cuí agus nár aimsíodh aon riosca nó nár aimsíodh ach riosca diomaibhseach. Ní chuirfidh siad táirgí ábhartha ar an margadh ná ní chuirfidh siad táirgí ábhartha ar fáil ar an margadh ná ní dhéanfaidh siad iad a onnmhairiú ach amháin má léirítear leis an bhfíorúcháin nach bhfuil aon riosca neamhchomhlíonta ann nó nach bhfuil ach riosca diomaibhseach neamhchomhlíonta ann.

7.   Tabharfaidh na hoibreoirí iartheachtacha agus trádálaithe gach cúnamh is gá do na húdaráis inniúla chun déanamh na seiceálacha faoi Airteagal 19 a éascú, lena n-áirítear rochtain ar áitreabh agus doiciméad agus taifead a chur ar fáil.

Airteagal 6

Ionadaithe údaraithe

1.   Féadfaidh oibreoirí ionadaí údaraithe a shainordú chun an ráiteas maidir le dícheall cuí de bhun Airteagal 4(2) nó dearbhú simplithe de bhun Airteagal 4a(2) a chur isteach thar a gceann. I gcásanna den sórt sin, coinneoidh an t-oibreoir an fhreagracht as comhlíontacht an táirge ábhartha le hAirteagal 3.

2.   Arna iarraidh sin dó nó di, déanfaidh an t-ionadaí údaraithe cóip den sainordú i dteanga oifigiúil de chuid an Aontais agus cóip i dteanga oifigiúil den Bhallstát ina láimhseáiltear an ráiteas maidir le dícheall cuí nó an dearbhú simplithe nó, mura féidir é sin a dhéanamh, i mBéarla, a sholáthar do na húdaráis inniúla.

3.   Féadfaidh oibreoir ar duine nádúrtha nó micrifhiontar é nó í sainordú a thabhairt don chéad oibreoir iartheachtach eile nó don chéad trádálaí eile níos faide anonn sa slabhra soláthair nach duine nádúrtha ná micrifhiontar é gníomhú mar ionadaí údaraithe. Ní dhéanfaidh an chéad oibreoir iartheachtach eile ná an chéad trádálaí eile sin níos faide síos an slabhra soláthair táirgí ábhartha a chur ar an margadh ná a chur ar fáil ar an margadh ná ní dhéanfaidh sé iad a onnmhairiú gan an ráiteas maidir le dícheall cuí a chur isteach de bhun Airteagal 4(2) thar ceann an oibreora sin nó, i gcás micrea-oibreoir príomhúil nó oibreoir príomhúil beag, gan dearbhú simplithe a chur isteach thar ceann an mhicrea-oibreora phríomhúil nó an oibreora phríomhúil bhig sa chóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33. I gcásanna den sórt sin, coinneoidh an t-oibreoir ar duine nádúrtha nó micrifhiontar é nó í an fhreagracht as comhlíontacht an táirge ábhartha le hAirteagal 3.’

;

(7)

in Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Sula gcuirfear táirgí ábhartha ar an margadh nó sula n-onnmhaireofar iad, feidhmeoidh oibreoirí dícheall cuí maidir le gach táirge ábhartha.’

;

(8)

in Airteagal 9, leasaítear mír 1 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

cainníocht na dtáirgí ábhartha; maidir le táirgí ábhartha a thugtar isteach sa mhargadh nó a chuirtear amach as, ní mór an chainníocht a shloinneadh i gcileagraim de ghlanmhais agus, i gcás inarb infheidhme, san aonad forlíontach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (*2) in aghaidh chód an Chórais Chomhchuibhithe, nó, i ngach cás eile, ní mór an chainníocht a shloinneadh i nglanmhais nó, i gcás inarb infheidhme, glantoirt nó líon na n-ítimí; beidh feidhm ag aonad forlíontach i gcás ina shaineofar go comhsheasmhach é le haghaidh gach fo-cheannteidil a d’fhéadfadh a bheith ann faoi chód an Chórais Chomhchuibhithe dá dtagraítear sa ráiteas maidir le dícheall cuí nó i gcás ina soláthraítear é mar chuid den dearbhú simplithe;

(*2)  Rialachán (CEE) ón gComhairle Uimh. 2658/87 an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1987/2658/oj).’;"

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):

‘(f)

ainm, seoladh poist agus seoladh ríomhphoist aon ghnólachta, aon oibreora iartheachtaigh nó aon trádálaí ar soláthraíodh na táirgí ábhartha dóibh;’

;

(9)

in Airteagal 15, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.   Féadfaidh an Coimisiún éascú a dhéanamh ar chur chun feidhme comhchuibhithe an Rialacháin seo, trí threoirlínte ábhartha a eisiúint agus trí mhalartú leanúnach a áirithiú le saineolaithe, páirtithe leasmhara agus oibrithe ábhartha uile, lena n-áirítear micrea-oibreoirí príomhúla nó oibreoirí príomhúla beaga, oibreoirí iartheachtacha agus trádalaithe, trí dhea-chleachtais a fhorbairt agus trí aiseolas teicniúil a bhailiú ó Shainghrúpa an Choimisiúin/an Ardáin Ilgheallsealbhóra maidir le Foraoisí an Domhain a Chosaint agus a Athbhunú, agus trí mhalartú faisnéise leordhóthanach, comhordú agus comhar a chur chun cinn idir údaráis inniúla, idir údaráis inniúla agus údaráis chustaim, agus idir údaráis inniúla agus an Coimisiún.’

;

(10)

leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Déanfaidh na húdaráis inniúla seiceálacha laistigh dá gcríoch chun a shuí cibé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann oibreoirí, oibreoirí iartheachtacha agus trádálaithe atá bunaithe san Aontas an Rialachán seo. Déanfaidh na húdaráis inniúla seiceálacha laistigh dá gcríoch chun a shuí cibé acu a chomhlíonfar nó nach gcomhlíonfar an Rialachán seo leis na táirgí ábhartha arna gcur, arna gcur ar fáil ar an margadh nó arna onnmhairiú ag an oibreoir nó ag an trádálaí, nó a bhfuil sé beartaithe ag an oibreoir nó an trádálaí iad a chur, a chur ar fáil ar an margadh, nó a onnmhairiú.’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Úsáidfidh na húdaráis inniúla cur chuige rioscabhunaithe chun na seiceálacha atá le déanamh a shainaithint. Sainaithneofar critéir riosca bunaithe ar anailís ar na rioscaí nach gcomhlíonfar an Rialachán seo, agus an méid a leanas á chur san áireamh go háirithe: na tráchtearraí ábhartha, castacht agus fad slabhraí soláthair, lena n-áirítear an bhfuil meascadh táirgí ábhartha i gceist leo, agus céim phróiseála an táirge ábhartha, an bhfuil na dáileachta talún lena mbaineann cóngarach d’fhoraoisí, riosca a shannadh do thíortha nó do chodanna díobh i gcomhréir le hAirteagal 29, agus aird ar leith á tabhairt ar staid na dtíortha nó gcodanna díobh a aicmítear mar thíortha nó mar chodanna ardriosca, a mhéid nár chomhlíon oibreoirí, oibreoirí iartheachtacha nó trádálaithe an Rialachán seo feadh an tslabhra soláthair ábhartha san am a chuaigh thart, rioscaí i ndáil le himchéimniú agus aon fhaisnéis ábhartha eile. Leis an anailís ar rioscaí, cuirfear leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 9 agus 10 agus féadfar tógáil ar an bhfaisnéis atá sa chóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33, agus féadfar foinsí ábhartha eile a bheith mar thaca leis, amhail sonraí faireacháin, próifílí riosca ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, ábhair imní a bhfuil bunús leo arna gcur isteach faoi Airteagal 31, nó conclúidí ó chruinnithe saineolaithe de chuid an Choimisiúin.’

;

(c)

i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

roghnú na n-oibreoirí, na n-oibreoirí iartheachtacha agus na dtrádálaithe atá le seiceáil; tá an roghnú sin le bheith bunaithe ar na critéir riosca náisiúnta dá dtagraítear i bpointe (a), agus úsáid á baint, inter alia, as faisnéis atá sa chóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33 agus as teicnící leictreonacha próiseála sonraí; maidir le gach oibreoir, oibreoir iartheachtach nó trádálaí a bheidh le seiceáil, féadfaidh údaráis inniúla ráitis ar leith maidir le dícheall cuí a bheidh le seiceáil a shainaithint.’

;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 8 go 11:

‘8.   Áiritheoidh gach Ballstát go gcumhdófar, leis na seiceálacha bliantúla a dhéanann a údaráis inniúla de bhun mhír 1 den Aireagal seo, ar a laghad 3 % de na hoibreoirí, d’oibreoirí iartheachtacha nach FBManna iad agus trádálaithe nach FBManna iad a dhéanann táirgí ábhartha a bhfuil tráchtearraí ábhartha iontu nó ar úsáideadh tráchtearraí ábhartha lena ndéanamh, agus a táirgeadh i dtír tháirgthe nó i gcodanna de thír tháirgthe a aicmítear mar thír ghnáthriosca nó mar chodanna gnáthriosca i gcomhréir le hAirteagal 29 a chur, a chur ar fáil ar an margadh nó a onnmhairiú.

9.   Áiritheoidh gach Ballstát go gcumhdófar, leis na seiceálacha bliantúla a dhéanann a údaráis inniúla de bhun mhír 1 den Airteagal seo, ar a laghad 9 % de na hoibreoirí, d’oibreoirí iartheachtacha nach FBManna iad agus trádálaithe nach FBManna iad a dhéanann táirgí ábhartha a bhfuil tráchtearraí ábhartha iontu nó ar úsáideadh tráchtearraí ábhartha lena ndéanamh a chur, a chur ar fáil ar an margadh nó a onnmhairiú, chomh maith le 9 % de chainníocht na dtáirgí ábhartha a bhfuil tráchtearraí ábhartha iontu nó ar úsáideadh tráchtearraí ábhartha lena ndéanamh, agus a táirgeadh i dtír nó i gcodanna de thír a aicmítear mar thír nó mar chodanna ardriosca i gcomhréir le hAirteagal 29.

10.   Áiritheoidh gach Ballstát go gcumhdófar, leis na seiceálacha bliantúla a dhéanann a údaráis inniúla, de bhun mhír 1 den Airteagal seo, ar a laghad 1 % de na hoibreoirí, d’oibreoirí iartheachtacha nach FBManna iad agus trádálaithe nach FBManna iad a dhéanann táirgí ábhartha a bhfuil tráchtearraí ábhartha iontu nó ar úsáideadh tráchtearraí ábhartha lena ndéanamh agus a táirgeadh i dtír nó i gcodanna de thír a aicmítear mar thír nó mar chodanna ísealriosca, i gcomhréir le hAirteagal 29 a chur, a chur ar fáil ar an margadh nó a onnmhairiú.

11.   Déanfar cuspóirí cainníochtaithe na seiceálacha atá le déanamh ag údaráis inniúla a chomhlíonadh ar leithligh i gcás gach ceann de na tráchtearraí ábhartha. Déanfar na cuspóirí cainníochtaithe a ríomh trí thagairt a dhéanamh don líon iomlán oibreoirí, oibreoirí iartheachtacha nach FBManna iad agus trádálaithe nach trádálaithe FBManna iad a rinne táirgí ábhartha a chur, a chur ar fáil ar an margadh, nó a onnmhairiú sa bhliain roimhe sin, agus do chainníocht, i gcás inarb infheidhme. Measfar go mbeidh seiceáil déanta ar oibreoirí i gcás ina mbeidh seiceáil déanta ag an údarás inniúil ar na gnéithe dá dtagraítear in Airteagal 18(1), pointí (a) agus (b). Measfar go mbeidh seiceáil déanta ar oibreoirí iartheachtacha agus ar thrádálaithe i gcás ina mbeidh seiceáil déanta ag an údarás inniúil ar na gnéithe dá dtagraítear in Airteagal 19(1).’

;

(e)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 13:

‘13.   Déanfar seiceálacha gan réamhrabhadh a thabhairt don oibreoir, don oibreoir iartheachtach nó don trádálaí, ach amháin i gcás ina mbeidh gá le réamhfhógra a thabhairt don oibreoir, don oibreoir iartheachtach nó don trádálaí chun éifeachtacht na seiceálacha a áirithiú.’

;

(11)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 18 agus 19:

‘Airteagal 18

Seiceálacha ar oibreoirí

1.   Áireofar leis na seiceálacha ar oibreoirí:

(a)

scrúdú ar a gcóras díchill chuí, lena n-áirítear nósanna imeachta measúnaithe riosca agus maolaithe riosca, agus ar dhoiciméadacht agus taifid lena léirítear dea-fheidhmiú chóras an díchill chuí;

(b)

scrúdú ar dhoiciméadacht agus ar thaifid lena léirítear go gcomhlíontar an Rialachán seo le táirge ábhartha sonrach, atá curtha ar an margadh ag an oibreoir, nó a bhfuil sé beartaithe aige nó aici é a chur ar an margadh, nó a d’onnmhairigh an t-oibreoir nó a bhfuil sé beartaithe aige nó aici é a onnmhairiú, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí bhíthin birt mhaolaithe, mar aon le scrúdú ar na ráitis ábhartha maidir le dícheall cuí, nó, i gcás micrea-oibreoirí príomhúla nó oibreoirí príomhúla beaga, scrúdú ar an dearbhú simplithe ábhartha nó ar an bhfaisnéis arna cur ar fáil ag na Ballstáit in aghaidh an oibreora sa chóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33.

2.   Sna seiceálacha ar oibreoirí, i gcás inarb iomchuí, go háirithe i gcás inar ardaíodh ceisteanna leis na scrúduithe dá dtagraítear i mír 1, féadfar na nithe seo a leanas a áireamh freisin:

(a)

scrúdú ar an láthair ar thráchtearraí ábhartha nó ar na táirgí ábhartha d’fhonn a shuíomh go gcomhfhreagraíonn siad do na doiciméadacht a úsáidtear chun dícheall cuí a fheidhmiú;

(b)

scrúdú ar bhearta ceartaitheacha a rinneadh faoi Airteagal 24;

(c)

aon mhodh teicniúil agus eolaíoch atá leordhóthanach chun an speiceas nó an áit bheacht a chinneadh inar táirgeadh an tráchtearra nó táirge ábhartha, lena n-áirítear anailís anatamaíoch, cheimiceach nó DNA;

(d)

aon mhodh teicniúil agus eolaíoch atá leormhaith chun a chinneadh cibé acu atá na táirgí ábhartha gan dífhoraoisiú nó nach bhfuil, lena n-áirítear sonraí um fhaire na Cruinne amhail sonraí as clár Copernicus agus as a chuid uirlisí nó ó fhoinsí ábhartha eile atá ar fáil go poiblí nó go príobháideach; agus

(e)

seiceálacha ar an láthair, lena n-áirítear iniúchtaí allamuigh agus lena n-áirítear i gcás inarb iomchuí i dtríú tíortha, ar choinníoll go n-aontóidh na tríú tíortha sin, trí chomhar le húdaráis riaracháin de chuid na dtríú tíortha sin.

Airteagal 19

Seiceálacha ar oibreoirí iartheachtacha agus ar thrádálaithe

1.   Áireofar ar na seiceálacha ar oibreoirí iartheachtacha agus ar thrádálaithe scrúdú ar dhoiciméadacht agus ar thaifid lena léirítear go bhfuil Airteagal 5(2), (3) agus (4) á gcomhlíonadh acu.

2.   Sna seiceálacha ar oibreoirí iartheachtacha agus ar thrádálaithe, i gcás inarb iomchuí, go háirithe i gcás inar ardaíodh ceisteanna leis na scrúduithe dá dtagraítear i mír 1, féadfar seiceálacha ar an láthair, lena n-áirítear iniúchtaí allamuigh, a áireamh freisin.’

;

(12)

in Airteagal 20, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Féadfaidh na Ballstáit a údarú dá n-údaráis inniúla iomlán chostais a ngníomhaíochtaí a éileamh ar ais ó na hoibreoirí, ó na hoibreoirí iartheachtacha nó ó na trádálaithe i leith neamhchomhlíonadh.’

;

(13)

in Airteagal 21, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:

‘2.   Bunóidh údaráis inniúla socruithe riaracháin leis an gCoimisiún maidir le faisnéis faoi imscrúduithe a tharchur agus leis an mbealach a ndéanfar imscrúduithe. Cuirfidh údaráis inniúla in iúl don Choimisiún freisin aon earráidí teicniúla doiciméadaithe suntasacha nó aon suaití suntasacha a eascraíonn as an gcóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33.

3.   Malartóidh údaráis inniúla an fhaisnéis is gá chun an Rialachán seo a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear tríd an gcóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33. Áireofar leis sin rochtain ar fhaisnéis ar oibreoirí, ar oibreoirí iartheachtacha agus ar thrádálaithe a thabhairt d’údaráis inniúla na mBallstát eile agus faisnéis ina leith a mhalartú leo, lena n-áirítear ráitis maidir le dícheall cuí agus dearbhú simplithe i gcás micrea-oibreoirí príomhúla nó oibreoirí príomhúla beaga, agus cineál agus torthaí na seiceálacha a rinneadh, chun forfheidhmiú an Rialacháin seo a éascú.’

;

(14)

in Airteagal 22(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (b) agus (c):

‘(b)

líon agus torthaí na seiceálacha a rinneadh ar oibreoirí, ar oibreoirí iartheachtacha agus ar thrádálaithe agus an líon iomlán oibreoirí, oibreoirí iartheachtacha nach FBManna iad agus nach FBManna iad, lena n-áirítear na cineálacha neamhchomhlíontachta a sainaithníodh;

(c)

cainníocht na dtáirgí ábhartha arna seiceáil i ndáil le cainníocht iomlán na dtáirgí ábhartha arna gcur ar an margadh nó arna n-onnmhairiú agus arna gcumhdach le ráiteas maidir le dícheall cuí sa chóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33 den Rialachán seo; na tíortha táirgthe; maidir le táirgí ábhartha a thugtar isteach sa mhargadh nó a chuirtear amach as, ní mór an chainníocht a shloinneadh i gcileagraim de ghlanmhais agus, i gcás inarb infheidhme, san aonad forlíontach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 in aghaidh chód an Chórais Chomhchuibhithe, nó, i ngach cás eile, ní mór an chainníocht a shloinneadh i nglanmhais nó, i gcás inarb infheidhme, glantoirt nó líon na n-ítimí; beidh feidhm ag aonad forlíontach i gcás ina shaineofar go comhsheasmhach é le haghaidh gach fo-cheannteidil a d’fhéadfadh a bheith ann faoi chód an Chórais Chomhchuibhithe dá dtagraítear sa ráiteas maidir le dícheall cuí;’

;

(15)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 24:

‘Airteagal 24

Gníomhaíocht cheartaitheach i gcás neamhchomhlíonta

1.   Gan dochar d’Airteagal 25, i gcás ina suífidh údaráis inniúla nár chomhlíon oibreoir, oibreoir iartheachtach nó trádálaí an Rialachán seo nó go bhfuil táirge ábhartha a chuirtear nó a chuirtear ar fáil ar an margadh nó a onnmhairítear uaidh neamhchomhlíontach, cuirfidh siad de cheangal gan mhoill ar an oibreoir, ar an oibreoir iartheachtach nó ar an trádálaí sin gníomhaíocht cheartaitheach iomchuí chomhréireach a dhéanamh chun deireadh a chur leis an neamhchomhlíonadh laistigh de thréimhse ama réasúnta shonraithe.

2.   Chun críocha mhír 1, áireofar ceann amháin ar a laghad de na nithe seo a leanas leis an ngníomh ceartaitheach a cheanglófar ar an oibreoir, ar an oibreoir iartheachtach nó ar an trádálaí a dhéanamh, de réir mar is infheidhme:

(a)

aon neamhchomhlíonadh foirmiúil, go háirithe maidir le ceanglais Chaibidil 2, a chur ina cheart;

(b)

cosc a chur ar an táirge ábhartha a chur nó a chur ar fáil ar an margadh nó a onnmhairiú;

(c)

an táirge ábhartha a aistarraingt nó a aisghairm láithreach;

(d)

an táirge ábhartha a dheonú chun críocha carthanacha nó ar mhaithe le leas an phobail nó, murar féidir é sin a dhéanamh, é a dhiúscairt i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le bainistiú dramhaíola.

3.   Gan beann ar an ngníomh ceartaitheach a rinneadh faoi mhír 2, tabharfaidh an t-oibreoir, an t-oibreoir iartheachtach nó an trádálaí aghaidh ar aon easnaimh sa chóras díchill chuí d’fhonn an riosca ar thuilleadh neamhchomhlíonadh an Rialacháin seo a chosc.

4.   Má mhainníonn an t-oibreoir, an t-oibreoir iartheachtach nó an trádálaí gníomhaíocht cheartaitheach dá dtagraítear i mír 2 a dhéanamh laistigh den tréimhse ama a shonróidh an t-údarás inniúil faoi mhír 1, nó i gcás ina leanfaidh an neamhchomhlíonadh dá dtagraítear i mír 1 ar aghaidh, tar éis na tréimhse ama sin cinnteoidh na húdaráis inniúla go bhfeidhmeofar an ghníomhaíocht cheartaitheach riachtanach dá dtagraítear i mír 2 ar gach uile bhealach a bheidh ar fáil dóibh faoi dhlí an Bhallstáit lena mbaineann.’

;

(16)

leasaítear Airteagal 25 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát faoi Threoir 2008/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3), leagfaidh na Ballstáit rialacha síos a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo arna ndéanamh ag oibreoirí, ag oibreoirí iartheachtacha agus ag trádálaithe agus glacfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha agus na bearta sin agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin lena ndéanfar difear dóibh.

(*3)  Treoir 2008/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le cosaint an chomhshaoil tríd an dlí coiriúil (IO L 328, 6.12.2008, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2008/99/oj).’;"

(b)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a), (b) agus (c):

‘(a)

fíneálacha atá ar comhréir leis an damáiste comhshaoil agus le luach na dtráchtearraí nó táirgí ábhartha lena mbaineann, agus leibhéal na bhfíneálacha sin á ríomh ar bhealach lena n-áiritheofar go mbainfear na tairbhí a eascraíonn as na sáruithe sin go héifeachtach díobh siúd atá freagrach astu, agus leibhéal na bhfíneálacha sin á mhéadú de réir a chéile as sáruithe leantacha; i gcás duine dlítheanach, is 4 % ar a laghad de láimhdeachas bliantúil iomlán an oibreora, an oibreora iartheachtaigh nó an trádálaithe ar fud an Aontais sa bhliain airgeadais roimh an gcinneadh fíneála a bheidh in uasmhéid na fíneála sin, agus an méid sin á ríomh i gcomhréir le ríomh an láimhdeachais chomhiomláin do ghnóthais a leagtar síos in Airteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 (*4) ón gComhairle (6), agus méadófar é, i gcás inar gá, chun an sochar eacnamaíoch a d’fhéadfadh a bheith ann a shárú;

(b)

coigistiú na dtáirgí ábhartha lena mbaineann ar an oibreoir, ar an oibreoir iartheachtach agus/nó ar an trádálaí;

(c)

coigistiú ioncam arna bhfáil ag an oibreoir, ag an oibreoir iartheachtach agus/nó ag an trádálaí as idirbheart leis na táirgí ábhartha lena mbaineann;

(*4)  Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (Rialachán CE um Chumaisc) (IO L 24, 29.1.2004, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2004/139/oj).’;"

(17)

leasaítear Airteagal 26 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Déanfar uimhir thagartha an ráitis maidir le dícheall cuí nó an t-aitheantóir dearbhúcháin i gcás micrea-oibreoirí príomhúla nó oibreoirí príomhúla beaga a chur ar fáil do na húdaráis chustaim sula ndéanfar táirge ábhartha a thugtar isteach sa mhargadh nó a chuirtear amach as a scaoileadh i saorchúrsaíocht nó sula n-onnmhaireofar é. Chun na críche sin, seachas i gcás ina ndéanfar an ráiteas maidir le dícheall cuí a chur ar fáil tríd an gcomhéadan leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 28(2), déanfaidh an duine a thaisceann an dearbhú custaim maidir le táirge ábhartha a scaoileadh i saorchúrsaíocht nó a onnmhairiú uimhir thagartha an ráitis díchill chuí nó an t-aitheantóir dearbhúcháin i gcás micrea-oibreoirí príomhúla nó oibreoirí príomhúla beaga a shanntar don táirge ábhartha sin a chur ar fáil d’údaráis chustaim. Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le táirge ábhartha a onnmhairiú ag oibreoir iartheachtach’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

‘7.   I gcás ina léirítear leis an stádas dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo gur sainaithníodh gur gá an táirge ábhartha a thugtar isteach sa mhargadh nó a chuirtear amach as, de bhun Airteagal 17(2), a sheiceáil sula gcuirtear ar an margadh é, nó sula n-onnmhairítear é, cuirfidh na húdaráis chustaim scaoileadh i saorchúrsaíocht nó onnmhairiú an táirge ábhartha sin ar fionraí.’

;

(18)

in Airteagal 27, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Féadfaidh na húdaráis chustaim faisnéis rúnda a fhaigheann na húdaráis chustaim agus a ndualgais á bhfeidhmiú acu nó a chuirtear ar fáil ar bhonn rúnda do na húdaráis chustaim, a chur in iúl, i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t-oibreoir, an t-oibreoir iartheachtach, an trádálaí nó an t-ionadaí údaraithe bunaithe.’

;

(19)

leasaítear Airteagal 28 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Forbróidh an Coimisiún comhéadan leictreonach a bheidh bunaithe ar Thimpeallacht Ionaid Ilfhreastail an Aontais Eorpaigh maidir le Custam, arna bhunú le Rialachán (AE) 2022/2399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5), chun gur féidir sonraí, go háirithe na fógraí agus na hiarrataí dá dtagraítear in Airteagal 26(6) go (9) den Rialachán seo, a tharchur idir na córais chustaim náisiúnta agus an córas faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33 den Rialachán seo. Beidh an comhéadan leictreonach sin i bhfeidhm faoin 1 Nollaig 2029.

(*5)  Rialachán (AE) 2022/2399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 lena mbunaítear Timpeallacht Ionaid Ilfhreastail an Aontais Eorpaigh maidir le Custaim agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 (IO L 317, 9.12.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2399/oj).’;"

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2, pointe (a):

‘(a)

chun go gcuirfear ar a gcumas d’oibreoirí an oibleagáid a chomhlíonadh i dtaca leis an ráiteas maidir le dícheall cuí ar thráchtearra ábhartha nó ar tháirge ábhartha a thíolacadh de bhun Airteagal 4 den Rialachán seo, trína sholáthar tríd an timpeallacht ionaid ilfhreastail náisiúnta maidir le custam dá dtagraítear in Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2022/2399 agus aiseolas a fháil ina leith ó údaráis inniúla; agus’

;

(20)

leasaítear Airteagal 31 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

‘1.   Féadfaidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha ábhair imní a bhfuil bunús leo a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil i gcás ina measfaidh siad nach bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh ag oibreoir, oibreoir iartheachtach nó trádálaí amháin nó níos mó.

2.   Déanfaidh údaráis inniúla measúnú, gan moill mhíchuí, ar na hábhair imní a bhfuil bunús leo go dícheallach neamhchlaonta, lena n-áirítear cibé acu atá nó nach bhfuil bonn maith leis an maíomh, agus déanfaidh siad na bearta is gá, lena n-áirítear seiceálacha ar oibreoirí, ar oibreoirí iartheachtacha agus ar thrádálaithe agus éisteachtaí a thabhairt dóibh, d’fhonn neamhchomhlíontacht fhéideartha ar an Rialacháin seo a bhrath agus, i gcás inarb iomchuí, bearta eatramhacha a dhéanamh faoi Airteagal 23 chun cosc a chur ar tháirgí ábhartha atá faoi imscrúdú a bheith á gcur nó á gcur ar fáil ar an margadh agus á n-onnmhairiú.’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Gan dochar do na hoibleagáidí de bhun Threoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6), déanfaidh na Ballstáit foráil do bhearta chun cosaint a thabhairt do chéannacht na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha a chuireann isteach ábhair imní a bhfuil bunús leo nó a dhéanann imscrúduithe arb é is aidhm leo a fhíorú an bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh ag oibreoirí, oibreoirí iartheachtacha nó trádálaithe.

(*6)  Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/1937/oj).’;"

(21)

leasaítear Airteagal 33 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 2 mar a leanas:

(i)

tar éis phointe (a), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

‘(aa)

oibreoirí iartheachtacha nach FBManna iad agus trádálaithe nach FBManna iad a chlárú i gcomhréir le hAirteagal 5(2);’

;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (b) agus (c):

‘(b)

ráitis maidir le dícheall cuí a chlárú lena n-áirítear uimhir thagartha le haghaidh gach ráitis maidir le dícheall cuí arna thíolacadh tríd an gcóras faisnéise a chur in iúl don oibreoir lena mbaineann;

(c)

dearbhuithe simplithe arna dtíolacadh ag micrea-oibreoirí príomhúla nó ag oibreoirí príomhúla beaga a chlárú agus aitheantóir dearbhúcháin a shannadh don oibreoir lena mbaineann.’

;

(iii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

‘(g)

faisnéis ábhartha a sholáthar chun tacú le próifíliú riosca do phlean na seiceálacha dá dtagraítear in Airteagal 16(5), lena n-áirítear torthaí na seiceálacha, próifíliú riosca na n-oibreoirí, na n-oibreoirí iartheachtacha, na dtrádálaithe agus na dtráchtearraí ábhartha agus na dtáirgí ábhartha chun críche oibreoirí, oibreoirí iartheachtacha agus trádálaithe atá le seiceáil dá dtagraítear in Airteagal 16(5) a shainaithint, bunaithe ar theicnící leictreonacha próiseála sonraí, agus chun críche táirgí ábhartha atá le seiceáil ag na húdaráis inniúla;’

;

(iv)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

‘(i)

tacú leis an gcumarsáid idir údaráis inniúla agus oibreoirí, oibreoirí iartheachtacha agus trádálaithe chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí uirlisí digiteacha bainistithe soláthair a úsáid.’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha maidir le feidhmiú an chórais faisnéise faoin Airteagal seo, lena n-áirítear:

(a)

rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta agus malartú sonraí le córais eile TF;

(b)

socruithe teagmhasacha i gcás nach mbeidh feidhmiúlachtaí an chórais faisnéise ar fáil.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 36(2).’

;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Tabharfaidh an Coimisiún rochtain ar an gcóras faisnéise sin d’údaráis chustaim, d’údaráis inniúla, d’oibreoirí, d’oibreoirí iartheachtacha agus do thrádálaithe agus, más infheidhme, dá n-ionadaithe údaraithe, i gcomhréir lena gcuid oibleagáidí féin faoin Rialachán seo.’

;

(22)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 34:

‘Airteagal 34

Athbhreithniú

1.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 chun Iarscríbhinn I a leasú maidir le cóid AC ábhartha na dtáirgí ábhartha a bhfuil tráchtearraí ábhartha iontu, a cothaíodh le tráchtearraí ábhartha nó ar úsáideadh tráchtearraí ábhartha lena ndéanamh.

1a.   Faoin 30 Aibreán 2026, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú simplithe ar an Rialachán seo agus ar an mbonn sin, cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle lena ngabhfaidh, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach.

2.   Faoin 30 Meitheamh 2030 agus gach 5 bliana ar a laghad ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ginearálta ar an Rialachán seo, agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle lena ngabhfaidh, más iomchuí, togra reachtach. Áireofar sa chéad cheann de na tuarascálacha meastóireacht ar an méid seo a leanas go háirithe, bunaithe ar staidéir shonracha:

(a)

an gá atá le tuilleadh uirlisí éascaithe trádála, agus a n-indéantacht – agus go háirithe do thíortha is lú forbairt a mbeidh tionchar mór ag an Rialachán seo orthu agus do thíortha nó codanna díobh a aicmíodh riosca caighdeánach nó ardriosca ina leith – chun tacú le gnóthú chuspóirí an Rialacháin seo;

(b)

tionchar an Rialacháin seo ar fheirmeoirí, go háirithe feirmeoirí beaga, Pobail Dhúchasacha agus pobail áitiúla agus an gá a d’fhéadfadh a bheith ann le tuilleadh tacaíochta le haghaidh an aistrithe chuig slabhraí soláthair inbhuanaithe agus d’fheirmeoirí beaga chun ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh;

(c)

síneadh breise a chur leis an sainmhíniú ar díghrádú foraoisí, ar bhonn mionanailíse, agus an dul chun cinn a rinneadh sa phlé idirnáisiúnta ar an ábhar sin á chur san áireamh;

(d)

an tairseach d’úsáid éigeantach polagán dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (28), agus an tionchar atá aici ar dhul i ngleic le dífhoraoisiú agus díghrádú foraoisí á chur san áireamh;

(e)

athruithe ar phatrúin trádála na dtáirgí ábhartha agus na dtráchtearraí ábhartha a áirítear faoi raon feidhme an Rialacháin seo nuair a d’fhéadfadh na hathruithe sin a léiriú gur teacht timpeall atá i gceist leo;

(f)

measúnú ar cibé acu a bhí nó nach raibh na seiceálacha a rinneadh éifeachtach chun a áirithiú go gcomhlíontar Airteagal 3 leis na tráchtearraí ábhartha agus táirgí ábhartha a chuirtear ar fáil ar an margadh nó a onnmhairítear;

(g)

leathnú féideartha raon feidhme an Rialacháin seo chun coillearnach eile agus an scoithdháta dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (13) a chur san áireamh, d’fhonn rannchuidiú an Aontais le tiontú agus díghrádú éiceachóras nádúrtha a íoslaghdú;

(h)

leathnú féideartha raon feidhme an Rialacháin seo chuig éiceachórais nádúrtha eile, lena n-áirítear talamh eile ina bhfuil stoic mhóra charbóin agus lena mbaineann luach ard bithéagsúlachta, amhail féarthailte, tailte portaigh agus bogaigh;

(i)

tionchar na dtráchtearraí ábhartha ar dhífhoraoisiú agus ar dhíghrádú foraoisí, mar a léirítear le fianaise eolaíoch, agus athruithe ar thomhaltas á gcur san áireamh, lena n-áirítear an gá atá le raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú chuig tráchtearraí breise, lena n-áirítear arbhar Indiach, agus a indéanta atá sé sin, agus an gá atá leis an liosta táirgí ábhartha a leasú nó a leathnú, lena n-áirítear an fhéidearthacht bithbhreoslaí a áireamh (cód CC 382600) in Iarscríbhinn I, agus a indéanta atá sé sin;

(j)

ról na n-institiúidí airgeadais maidir le cosc a chur ar shreafaí airgeadais lena rannchuidítear go díreach nó go hindíreach leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoisí agus an gá atá le foráil a dhéanamh maidir le haon oibleagáid shonrach ar institiúidí airgeadais i ngníomhartha dlí de chuid an Aontais;

(k)

ról na n-oibreoirí iartheachtacha agus na dtrádálaithe maidir lena áirithiú go mbeidh slabhraí soláthair gan dífhoraoisiú agus go mbainfear cuspóirí an Rialacháin seo amach;

(l)

ról na micrea-oibreoirí príomhúla nó na n-oibreoirí príomhúla beaga maidir lena áirithiú go mbeidh an táirgeadh gan dífhoraoisiú agus go mbainfear cuspóirí an Rialacháin seo amach, agus an riosca a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le himchéimniú.’

;

(23)

cuirtear an méid seo a leanas in ionas Airteagal 35:

‘Airteagal 35

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 34(1) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 29 Meitheamh 2023. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 6 mhí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas i leith tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 34(1) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 34(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.’

;

(24)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 37:

‘Airteagal 37

Aisghairm

1.   Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 le héifeacht ón 30 Nollaig 2026.

2.   Mar sin féin, leanfaidh Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 d’fheidhm a bheith aige go dtí an 31 Nollaig 2029 maidir le hadhmad agus táirgí adhmaid mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 995/2010, a táirgeadh roimh an 29 Meitheamh 2023 agus a cuireadh ar an margadh ón 30 Nollaig 2026.

3.   De mhaolú ar Airteagal 1(2) den Rialachán seo, leis an adhmad agus na táirgí adhmaid mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 995/2010, a táirgeadh roimh an 29 Meitheamh 2023 agus a cuireadh ar an margadh ón 31 Nollaig 2029, déanfar Airteagal 3 den Rialachán seo a chomhlíonadh.’

;

(25)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 38:

‘Airteagal 38

Teacht i bhfeidhm agus dáta cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Faoi réir mhír 3 den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagail 3 go 13, Airteagail 16 go 24 agus Airteagail 26, 31 agus 32 ón 30 Nollaig 2026.

3.   Seachas a mhéid a bhaineann leis na táirgí a chumhdaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 995/2010, i gcás oibreoirí, cibé acu daoine nádúrtha nó micreaghnóthais nó gnóthais bheaga de réir bhrí Airteagal 3(1) nó Airteagal 3(2), an chéad fhomhír, faoi seach, de Threoir 2013/34/AE, gan beann ar a bhfoirm dhlíthiúil, a bunaíodh amhlaidh faoin 31 Nollaig 2024, beidh feidhm ag na hAirteagail dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo ón 30 Meitheamh 2027.’

;

(26)

in Iarscríbhinn I, sa tábla, scriostar an líne ‘ex 49 Leabhair chlóite, nuachtáin, pictiúir agus táirgí eile de chuid thionscal na clódóireachta; lámhscríbhinní, clóscríbhinní agus pleananna, as páipéar’;

(27)

leasaítear Iarscríbhinn II i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;

(28)

cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo isteach mar Iarscríbhinn III.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Nollaig 2025.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BJERRE


(1)  Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Nollaig 2025 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 18 Nollaig 2025.

(3)  Rialachán (AE) 2023/1115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le tráchtearraí agus táirgí áirithe atá bainteach leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoisí a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais agus a onnmhairiú ón Aontas agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 ( IO L 150, 9.6.2023, lch. 206, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1115/oj).

(4)  Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj).

(5)   IO C, C/2025/4524, 12.8.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4524/oj.

(6)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2013/34/oj).

(7)  Rialachán (AE) 2024/3234 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/1115 a mhéid a bhaineann le forálacha a bhaineann leis an dáta cur i bhfeidhm (IO L, 2024/3234, 23.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/3234/oj)

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 lena leagtar síos oibleagáidí na n-oibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh (IO L 295, 12.11.2010, lch. 23, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/995/oj).


IARSCRÍBHINN I

In Iarscríbhinn II, scriostar pointe 4.


IARSCRÍBHINN II

‘IARSCRÍBHINN III

Dearbhú simplithe maidir le micrea-oibreoirí príomhúla nó oibreoirí príomhúla beaga

An fhaisnéis atá le bheith sa dearbhú simplithe aonuaire maidir le micrea-oibreoirí príomhúla nó oibreoirí príomhúla beaga i gcomhréir le hAirteagal 4a(3):

1.

Ainm agus seoladh an micrea-oibreora príomhúla nó an t-oibreoir príomhúla agus, i gcás tráchtearraí ábhartha agus táirgí ábhartha a thugtar isteach sa mhargadh nó a chuirtear amach as, an uimhir Chláraithe agus Aitheantais Oibreoirí Eacnamaíocha (EORI) i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

2.

Cód Córais Chomhchuibhithe na dtáirgí ábhartha agus tuairisc saorthéacs orthu, lena n-áirítear ainm trádála, agus cainníocht bhliantúil aonuaire mheasta na dtáirgí ábhartha atá beartaithe a chur ar an margadh nó a onnmhairiú, arna sloinneadh i nglanmhais lena sonraítear meastachán nó diall céatadáin nó, i gcás inarb infheidhme, méid nó líon na n-ítimí. Maidir le táirgí ábhartha a thugtar isteach sa mhargadh nó a chuirtear amach as, ní mór an chainníocht mheasta a shloinneadh i gcileagraim de ghlanmhais agus, i gcás inarb infheidhme, san aonad forlíontach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 in aghaidh an chóid Córais Chomhchuibhithe atá léirithe freisin nó, i ngach cás eile, ní mór í a shloinneadh i nglanmhais lena sonrófar meastachán nó diall céatadáin nó, i gcás inarb infheidhme, méid nó líon na n-ítimí. Beidh feidhm ag aonad forlíontach i gcás ina saineofar go comhsheasmhach é le haghaidh gach fo-cheannteidil a d’fhéadfadh a bheith ann faoin gcód Córais Chomhchuibhithe dá dtagraítear sa ráiteas maidir le dícheall cuí.

3.

Tír tháirgthe agus geoshuíomh gach dáileachta talún, nó seoladh poist na bunaíochta nó gach dáileachta talún ar a dtáirgeann an micrea-oibreoir príomhúil nó an t-oibreoir príomhúil beag tráchtearraí ábhartha. I gcás táirgí ábhartha ina bhfuil eallach nó a dhéantar agus úsáid á baint as eallach, agus i gcás na dtáirgí ábhartha sin arna gcothú le táirgí ábhartha, tagróidh an seoladh poist nó an geoshuíomh do gach bunaíocht ina gcoimeádtar an t-eallach. I gcás ina dtáirgtear na táirgí ábhartha ar dháileachtaí talún éagsúla, áireofar seoladh poist nó geoshuíomh gach dáileachta talún igcomhréir le hAirteagal 9(1), pointe (d).

4.

An téacs: “Leis an dearbhú seo, deimhníonn an micrea-oibreoir príomhúil nó an t-oibreoir príomhúil beag go bhfeidhmeoidh sé dícheall cuí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2023/1115 i leith gach táirge a chuireann sé ar an margadh nó a onnmhairíonn siad, agus nach gcuirfidh sé ar an margadh ná nach n-onnmhaireoidh sé iad ach amháin i gcás nach bhfaighfear aon riosca nó nach bhfaighfear ach riosca diomaibhseach nach gcomhlíonann na táirgí ábhartha Airteagal 3, pointe (a) nó (b), den Rialachán sin.”.’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2650/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)