|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2649 |
31.12.2025 |
RIALACHÁN (AE) 2025/2649 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 19 Nollaig 2025
lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/2115 a mhéid a bhaineann leis an gcóras coinníollachta, cineálacha idirghabhála i bhfoirm íocaíochta dírí, cineálacha idirghabhála in earnálacha áirithe agus tuarascálacha forbartha tuaithe agus tuarascálacha feidhmíochta bliantúla agus Rialachán (AE) 2021/2116 a mhéid a bhaineann le híocaíochtaí a chur ar fionraí agus imréiteach feidhmíochta bliantúil agus rialuithe agus pionóis
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Sna teachtaireachtaí ón gCoimisiún an 29 Eanáir 2025 dar teideal A Competitiveness compass for the EU [Compás iomaíochais don Aontas Eorpach] agus an 11 Feabhra 2025 dar teideal A simpler and faster Europe: Communication on implementation and simplification [Eoraip níos simplí agus níos tapúla: Teachtaireacht maidir le cur chun feidhme agus simpliú], leag sé béim ar an ngá atá le hiomaíochas a fheabhsú, nuálaíocht a chothú, agus tacú le fás ar fud an Aontais, ar tosca cumasúcháin ríthábhachtacha iad simpliú agus laghdú an ualaigh riaracháin ina leith. Is gá, dá bhrí sin, aghaidh a thabhairt ar ualaí rialála costasacha, ar chastachtaí dhlí an Aontais agus ar a cur chun feidhme, lena n-áirítear oibleagáidí tuairiscithe iomarcacha, agus aird á tabhairt an tráth céanna ar riachtanais shonracha na n-eintiteas beag agus meánmhéide. |
|
(2) |
Sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2025 maidir le fís don talmhaíocht agus don bhia, cuireann sé i dtábhacht gur cheart feirmeoirí a bheith ina bhfiontraithe agus ina soláthraithe nach bhfuil ualaí maorlathacha nó rialála neamhriachtanacha orthu chun an nuálaíocht agus an inbhuanaitheacht a spreagadh i gcleachtais talmhaíochta. Leis an bpeirspictíocht sin agus le héagsúlacht na hearnála, iarrtar cur chuige saincheaptha seachas réitigh ‘a oireann do chách’, in éineacht le seiceálacha réaltachta ar dhlí an Aontais, agus simplithe, agus na tairbhí a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha á gcur san áireamh freisin, amhail teicneolaíochtaí lena gcumasaítear tuairisciú uathoibrithe. Tá gá le cothromaíocht níos fearr idir ceanglais agus dreasachtaí chun aistriú inbhuanaitheachta na feirmeoireachta a threorú agus chun an nuálaíocht a chothú. Mar gheall ar riachtanais speisialta na bhfeirmeacha beaga, atá mar bhonn agus mar thaca ag beogacht na bpobal tuaithe, trí chosaint a thabhairt don dúlra agus do shlite beatha, tá gá le tacaíocht níos oiriúnaí agus níos simplí faoin gComhbheartas Talmhaíochta (CBT), lena n-íoslaghdaítear an t-ualach riaracháin. Is minic a bhíonn feirmeacha beaga faoi mhíbhuntáiste maidir le rochtain a fháil ar chistiú agus úsáid a bhaint as, rud a chuireann bac ar a gcumas infheistíocht a dhéanamh, nuálaíocht a dhéanamh agus deiseanna forbartha a shaothrú. |
|
(3) |
Le Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), bunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoi CBT (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT). Le Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), bunaítear rialacha maidir le CBT a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air. In 2024, glacadh Rialachán (AE) 2024/1468 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), Rialachán arb é ab aidhm dó creat tacaíochta CBT an Aontais a choigeartú ar bhealach níos fearr do réaltachtaí ar an bhfeirm, feabhas a chur ar riar Phleananna Straitéiseacha CBT ag na Ballstáit agus an t-ualach a bhaineann le seiceálacha a laghdú. Ina theannta sin, ghlac an Coimisiún Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1235 (6) lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126 ón gCoimisiún (7), lena bhforáiltear go háirithe go bhféadfaidh na Ballstáit an cóimheas tagartha le haghaidh chaighdeán Dea-Riocht Talmhaíochta agus Comhshaoil (GAEC) 1 a choigeartú bunaithe ar athruithe struchtúracha ar chórais feirmeoireachta agus maidir le maoluithe ar an oibleagáid oibleagáidí ath-thiontaithe a fhorchur ar fheirmeoirí agus ar thairbhithe eile. |
|
(4) |
An t-aiseolas agus taithí ón dá bhliain de chur chun feidhme Phleananna Straitéiseacha CBT faoi chreat dlíthiúil CBT an Aontais atá ann faoi láthair, cuireann sé in iúl go bhfuil gá le tuilleadh coigeartuithe teoranta ar an gcreat dlíthiúil sin chun aghaidh a thabhairt ar na scrogaill agus na castachtaí a sainaithníodh. Áirítear orthu sin nach gcuirtear imthosca, cleachtais agus riachtanais shonracha grúpaí áirithe feirmeoirí, amhail feirmeoirí orgánacha, feirmeoirí óga, banfheirmeoirí, feirmeoirí i gceantair sléibhe, feirmeoirí beaga agus feirmeoirí beostoic, san áireamh go leordhóthanach fós i gcreat dlíthiúil CBT an Aontais, rud nach gceadaíonn do na Ballstáit na hionstraimí éagsúla a chur in oiriúint do chúinsí, cleachtais agus riachtanais shonracha na bhfeirmeoirí sin. Chomh maith leis sin, tá tearcúsáid á baint as deiseanna simplithe áirithe laistigh de CBT, amhail cnapshuimeanna nó roghanna costais simplithe a úsáid, mar gheall ar chastachtaí maidir lena gcur chun feidhme agus lena mbainistiú. D’fhéadfadh sé sin a bheith ina chúis le ceanglais fhorluiteacha nó dhébhríocha le haghaidh feirmeoirí, rochtain feirmeoirí ar thacaíocht a dhéanamh níos casta, agus bac a chur ar dheiseanna forbartha gnó le haghaidh feirmeoirí, amhail feirmeoirí óga agus feirmeoirí nua. Tá dolúbthachtaí áirithe sna rialacha a bhfuil tionchar acu ar an gcaoi a ndéanann na Ballstáit a bPleananna Straitéiseacha CBT a bhainistiú agus a leasú agus ar an gcaoi a gcomhlíonann siad a n-oibleagáidí tuairiscithe. Ar deireadh, ní mór an t-ualach a bhaineann le cuairteanna agus seiceálacha ar an bhfeirm a mhaolú fós, is é sin an t-ualach ar fheirmeoirí agus ar chomhlachtaí riaracháin araon, go háirithe trí mhodheolaíochtaí níos éifeachtúla a thabhairt isteach le haghaidh measúnuithe cáilíochta agus rialuithe coinníollachta ar an gCóras Comhtháite Riaracháin agus Rialúcháin (CCRR). Trí na scrogaill, na castachtaí agus na dolúbthachtaí sin a shárú, chuideofaí leis na Ballstáit úsáid a bhaint as Pleananna Straitéiseacha CBT chun deiseanna a uasmhéadú ar mhaithe le feirmeoirí agus tairbhithe eile CBT, chun an t-ualach riaracháin agus an chastacht a laghdú, agus chun úsáid níos fearr a bhaint as acmhainní tearca. Chun éifeacht na n-íocaíochtaí díreacha a dheonaítear faoin gcóras tacaíochta a bhunaítear le creat dlíthiúil CBT a uasmhéadú, go háirithe maidir le hioncam cóir agus caighdeáin mhaireachtála na bhfeirmeoirí, tá sé tábhachtach go gceapfar bearta náisiúnta lasmuigh de CBT ar bhealach nach ndéanfaidh difear diúltach do na híocaíochtaí díreacha. |
|
(5) |
Bunaítear le hAirteagal 4(3), pointe (c), de Rialachán (AE) 2021/2115, i gcás ina n-úsáidtear limistéar talmhaíochta mar fhéarthalamh agus nár áiríodh é in uainíocht barr an ghabháltais ar feadh 5 bliana nó níos mó, go measfar gur féarthalamh buan é. Mar sin féin, baintear úsáid as uainíocht barr ar thalamh arúil le roinnt córas feirmeoireachta i gcás nach n-áirítear na féara ná an foráiste luibheach eile san uainíocht barr ar feadh tréimhsí níos faide ná cúig bliana, ach i gcás ina ndéantar na limistéir sin a threabhadh chun go bhfanfaidh siad ina dtalamh arúil. Mar thoradh air sin, bíonn deacrachtaí ag feirmeoirí sna Ballstáit ina gcuirtear córais feirmeoireachta den sórt sin i bhfeidhm maidir lena n-uainíocht agranamaíoch a bhainistiú agus maidir le leanúint de bheith inmharthana agus na ceanglais maidir le cur chun feidhme chaighdeán GAEC 1 á gcomhlíonadh acu. Ina theannta sin, d’fhéadfadh tairbhí suntasacha a bheith ag baint le húsáid uainíochtaí barr níos faide le féarthailte ó thaobh na bithéagsúlachta agus seirbhísí éiceachórais de, agus níos mó solúbthachta á tabhairt d’fheirmeoirí maidir lena mbainistiú agranamaíoch an tráth céanna. Dá bhrí sin, chun cleachtais agranamaíocha sholúbtha agus inbhuanaithe den sórt sin a chur chun cinn maidir le féarthailte a bhainistiú, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann síneadh ó 5 bliana go 7 mbliana a chur leis an tréimhse lena gcinntear aicmiú limistéir mar fhéarthalamh buan. Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 4(3), pointe (c), de Rialachán (AE) 2021/2115 a leasú dá réir sin. |
|
(6) |
Mar sin féin, trí thalamh arúil a thiontú go huathoibríoch ina fhéarthalamh buan tar éis tréimhse shocraithe, is féidir brú rialála nach bhfuil gá leis a chruthú d’fheirmeoirí ar mian leo a dtalamh a choinneáil aicmithe mar thalamh arúil. Dá bhrí sin, chun níos mó solúbthachta a sholáthar, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a chinneadh go bhfuil talamh a aicmítear mar thalamh arúil an 1 Eanáir 2026 fós ina thalamh arúil, fiú i gcás ina bhfuil an tréimhse 5 bliana nó 7 mbliana imithe in éag. I gcás den sórt sin, ba cheart an deis a thabhairt d’fheirmeoirí diúltú don chinneadh a rinne an Ballstát agus leanúint den riail a chur i bhfeidhm maidir lena dtalamh arúil a thiontú ina bhféarthalamh buan tar éis don tréimhse 5 bliana nó 7 mbliana dul in éag. Chun comhsheasmhacht agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit a chuireann an tsolúbthacht sin chun feidhme a áirithiú freisin nach ndéanann a gcinneadh difear do ghealltanais chomhshaoil ilbhliantúla leanúnacha a dhéantar faoi Airteagal 70 de Rialachán (AE) 2021/2115, agus go dtugtar an deis do thairbhithe an t-iarratas dá dtagraítear in Airteagal 69(1) de Rialachán (AE) 2021/2116 a leasú nó a tharraingt siar dá réir sa bhliain tar éis chinneadh na mBallstát. |
|
(7) |
Chun an riosca a íoslaghdú go n-imreofar tionchair dhiúltacha ar an margadh aonair agus ar thrádáil idirnáisiúnta na n-íocaíochtaí nua géarchéime le feirmeoirí tar éis tubaistí nádúrtha, teagmhais dhíobhálacha aeráide nó teagmhais thurraingeacha i gcomhréir le hAirteagal 78a de Rialachán (AE) 2021/2115, ba cheart do na Ballstáit na hidirghabhálacha faoina bhfuil an tacaíocht sin ón Aontas le deonú a cheapadh sa chaoi go gcáileoidh siad faoi chritéir Iarscríbhinn 2 a ghabhann le Comhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) maidir leis an Talmhaíocht. |
|
(8) |
Le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2021/2115 déantar foráil maidir le sásra chun an meabhrán tuisceana maidir le síolta ola a chur chun feidhme, lena n-áirítear forálacha maidir le méaduithe ar aschuir atá beartaithe agus comhéifeachtaí laghdaithe ionas nach sárófar an limistéar uasta tacaíochta don Aontas ina iomláine. Is gá an fhoráil sin a leasú chun leasuithe ar Airteagal 119 den Rialachán sin, a thugtar isteach leis an Rialachán seo, a chur san áireamh. |
|
(9) |
Is é is aidhm don chóras coinníollachta lena gcuimsítear ceanglais reachtúla bhainistíochta (CRB) agus caighdeáin GAEC rannchuidiú le talmhaíocht inbhuanaithe a fhorbairt trí fheasacht mhéadaithe a bheith ag na tairbhithe ar an ngá atá leis na bunchaighdeáin agus na buncheanglais sin a chomhlíonadh. Is é is aidhm dó freisin comhsheasmhacht CBT leis na cuspóirí comhshaoil, sláinte poiblí, sláinte plandaí agus leasa ainmhithe a shaothraítear le dlí an Aontais a mhéadú. Mar sin féin, ós rud é go bhfuil teorainn leis an limistéar talmhaíochta atá á bhainistiú ag feirmeoirí beaga a thairbhíonn d’íocaíochtaí faoi na hidirghabhálacha dá dtagraítear in Airteagal 28 de Rialachán (AE) 2021/2115, ní leor na tairbhí a bhaineann leis an gcóras coinníollachta a chur i bhfeidhm maidir leis na feirmeoirí beaga sin a bhainistíonn formhór na bhfeirmeacha san Aontas i gcomparáid le costais shuntasacha, agus cuireann sé ualach riaracháin mór ar na feirmeoirí agus ar na riaracháin náisiúnta sin. Chun na costais sin a laghdú agus chun an t-ualach riaracháin gaolmhar a éascú, is iomchuí feirmeoirí beaga a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm an chórais coinníollachta. |
|
(10) |
Is cuid den chóras coinníollachta dá dtagraítear in Airteagal 12 den Rialachán sin iad na caighdeáin GAEC dá dtagraítear in Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2021/2115. Rannchuidíonn siad le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú dó, agus le cosaint an chomhshaoil, lena n-áirítear uisce, ithir agus bithéagsúlacht éiceachóras. Áirítear ar na prionsabail ghinearálta ar a bhfuil táirgeadh orgánach de bhun Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) bunaithe caomhnú gnéithe den tírdhreach nádúrtha, amhail láithreáin oidhreachta nádúrtha agus úsáid fhreagrach fuinnimh agus acmhainní nádúrtha, amhail uisce, ithir, ábhar orgánach agus aer. |
|
(11) |
Is é is aidhm do chaighdeán GAEC 1, a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115 féarthalamh buan a choinneáil ar bun chun stoc carbóin a chaomhnú. Le pointí 1.7.3 agus 1.9.1.1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848, leagtar béim ar a thábhachtaí atá sé úsáid innilte agus féaraigh a uasmhéadú, rud a chuireann cosc ar fhéarthalamh buan a thiontú ar mhaithe le húsáidí talún eile, agus i gcomhréir le príomhchuspóir chaighdeán GAEC 1, caomhnaítear stoc carbóin i bhféarthailte buana. Is é is aidhm do chaighdeáin GAEC 3, 5 agus 6, a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115 ábhar orgánach ithreach a choinneáil ar bun, creimeadh a theorannú, agus ithreacha a chosaint le linn tréimhsí íogaire, faoi seach. Baintear na cuspóirí sin amach cheana féin trí na cleachtais curaíochta agus saothraithe a chuirtear i bhfeidhm i dtáirgeadh plandaí orgánacha, go háirithe iad siúd dá dtagraítear i bpointe 1.9 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848. Is é is aidhm do chaighdeán GAEC 4, a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115, uisce a chosaint ar thruailliú. Ar an gcaoi chéanna, is é is aidhm do phointí 1.5, 1.7, 1.9 agus 1.10 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 an riosca truaillithe uisce a laghdú trí úsáid táirgí íocshláinte tréidliachta a theorannú, úsáid leasachán agus lotnaidicídí a shrianadh, agus dlús stocála a shrianadh. Is léir ón taithí a fuarthas go bhfuil tionchar dearfach ag an bhfeirmeoireacht orgánach a mhéid a bhaineann le láisteadh cothaitheach agus rith chun srutha cothaitheach, rud a fhágann gur lú an dóchúlacht go gcuirfeadh feirmeoir orgánach cáilíocht an uisce i mbaol, agus ar an gcaoi sin go mbainfí amach príomhchuspóir chaighdeán GAEC 4. Dá bhrí sin, i bhfianaise na bprionsabal agus na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/848 agus na gcleachtas atá ann cheana faoi na córais feirmeoireachta orgánaí, ba cheart a mheas go gcomhlíonann feirmeoirí atá deimhnithe i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/848 caighdeáin GAEC 1, 3, 4, 5, 6, agus, mar is amhlaidh cheana, 7 i ndáil lena n-aonaid táirgthe orgánacha agus lena n-aonaid táirgthe atá á dtiontú, mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2018/848. Chun an t-ualach riaracháin ar údaráis inniúla na mBallstát a laghdú agus iarracht á déanamh an fhéidearthacht sin maidir leis an toimhde go gcomhlíontar caighdeáin GAEC áirithe a chur i bhfeidhm ar an mbealach is iomchuí, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a chinneadh nach mbeidh feidhm ag toimhde den sórt sin ach amháin i gcás ina bhfuil gabháltas iomlán an fheirmeora atá deimhnithe i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/848 comhdhéanta d’aonaid táirgthe orgánacha nó d’aonaid táirgthe atá á dtiontú mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2018/848, nó de dhá aonad táirthe den sórt sin araon. |
|
(12) |
Chun comhsheasmhacht na gceanglas ar fheirmeoirí a fheabhsú agus chun socrú chaighdeáin GAEC ag na Ballstáit a shimpliú, ba cheart Airteagal 13(1) de Rialachán (AE) 2021/2115 a leasú chun a shoiléiriú go bhféadfaidh na Ballstáit caighdeáin GAEC a leagan amach ina bPleananna Straitéiseacha CBT i gcomhréir le ceanglais náisiúnta éigeantacha, ar choinníoll go gcomhlíonann na ceanglais náisiúnta sin na caighdeáin GAEC a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin. Ba cheart a shoiléiriú, go háirithe, nach gá do chaighdeáin GAEC a leagtar amach i bPleananna Straitéiseacha CBT dul thar na ceanglais náisiúnta éigeantacha atá ann cheana, ar choinníoll go gcomhlíonann na ceanglais náisiúnta sin na caighdeáin GAEC a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115, go háirithe príomhchuspóirí na gcaighdeán GAEC sin. |
|
(13) |
Ba cheart Airteagal 13(2a) de Rialachán (AE) 2021/2115 a leasú chun a chur ar a gcumas do na Ballstáit, agus caighdeáin GAEC á gcur chun feidhme acu, foráil a dhéanamh do mhaoluithe sealadacha ó na ceanglais a bhaineann le híoschaighdeáin freisin i gcás galair plandaí nó inmhíolú lotnaidí lena gcuirtear cosc ar fheirmeoirí na ceanglais sin a chomhlíonadh in aon bhliain ar leith. |
|
(14) |
Le caighdeán GAEC 9, cuirtear cosc ar fhéarthailte buana a athrú nó a threabhadh arna n-ainmniú mar fhéarthailte buana íogaire comhshaoil i láithreáin Natura 2000. Mar sin féin, is léir ón taithí a fuarthas go bhféadfadh sé go mbeadh cásanna eisceachtúla ann ina ndéantar damáiste d’fhéarthalamh buan den sórt sin atá íogair ó thaobh an chomhshaoil de, mar shampla damáiste mar gheall ar speicis ionracha, agus go bhféadfadh gá a bheith le bearta iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar chásanna den sórt sin, lena n-áirítear eisceachtaí ón gcosc ar threabhadh na limistéar lena mbaineann chun féarthalamh buan den sórt sin a athbhunú, chun a áirithiú go rannchuidíonn ceanglais chaighdeán GAEC 9 le cosaint gnáthóg agus speiceas. I gcomhréir le cuspóir an tsimplithe, d’fhéadfadh na Ballstáit úsáid a bhaint go háirithe as na córais rialaithe atá acu cheana i láithreáin Natura 2000 ar bhonn anailís riosca. Thairis sin, d’fhéadfadh na Ballstáit úsáid a bhaint as ceanglais éigeantacha a bhunaítear i bpleananna bainistithe Natura 2000, ar choinníoll go gcomhlíonann na ceanglais sin caighdeán GAEC 9 a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115. |
|
(15) |
Le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) 2021/2115, beidh na Ballstáit in ann suas le 3 % de na híocaíochtaí díreacha a íoc le feirmeoir chun tacú le ranníocaíocht na bhfeirmeoirí le huirlis bainistithe riosca. Ní mór do na Ballstáit a chinneann an rogha sin a úsáid í a chur i bhfeidhm maidir le gach tairbhí a fhaigheann íocaíochtaí díreacha in aon bhliain ar leith. Is léir ón taithí a fuarthas nach mbaineann ach fíorbheagán Ballstát úsáid as an rogha sin. Léiríodh sa phlé leis na Ballstáit gur bac ar chur chun feidhme an Airteagail sin é an easpa uirlisí bainistithe riosca, cibé ar bhunaigh na Ballstáit iad nó an bhfuil siad ar fáil trí árachas príobháideach, agus ar fáil do gach feirmeoir a fhaigheann íocaíochtaí díreacha. Chun glacadh agus úsáid na rogha sin a mhéadú, is gá an tAirteagal 19 sin a leasú chun a chur chun feidhme a dhéanamh níos solúbtha agus é a chur in oiriúint do na huirlisí bainistithe riosca atá ann cheana sna Ballstáit. Mar thoradh ar an leasú sin, na Ballstáit a chinneann úsáid a bhaint as an rogha suas le 3 % de na híocaíochtaí díreacha atá le híoc le feirmeoir mar ranníocaíocht feirmeoirí le huirlisí bainistithe riosca a choinneáil, ba cheart dóibh a bheith in ann a chinneadh an bhfuil feidhm aige maidir le gach feirmeoir a fhaigheann íocaíochtaí díreacha in aon bhliain ar leith, nó an bhfuil feidhm aige maidir leis na feirmeoirí a bhfuil uirlis bainistithe riosca ann dóibh in aon bhliain ar leith, ar an gcoinníoll go gcomhfhreagraíonn a gcinneadh do na huirlisí bainistithe riosca atá i bhfeidhm. |
|
(16) |
Leis an scéim íocaíochta shimplithe a cheap na Ballstáit le haghaidh feirmeoirí beaga faoi Airteagal 28 de Rialachán (AE) 2021/2115, laghdaítear castacht an phróisis iarratais ar thacaíocht ioncaim, le haghaidh feirmeoirí beaga agus údaráis riaracháin araon. Chun a tarraingteacht a fheabhsú agus líon níos mó feirmeoirí beaga a spreagadh chun tairbhiú den scéim sin, ba cheart an t-uasmhéid is féidir a fháil faoin scéim sin a mhéadú. Chun rannpháirtíocht feirmeoirí beaga a thairbhíonn de na híocaíochtaí dá dtagraítear san Airteagal sin sna héiciscéimeanna dá dtagraítear in Airteagal 31 den Rialachán sin a chothú, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag na Ballstáit íocaíochtaí a fhaigheann na feirmeoirí sin faoi na héiciscéimeanna a eisiamh ón uasmhéid íocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 28 den Rialachán sin. |
|
(17) |
I gcás ina gcinnfidh Ballstát de bhun Airteagal 28, an dara mír, de Rialachán (AE) 2021/2115 nach gcuirfear an íocaíocht le feirmeoirí beaga dá dtagraítear in Airteagal 28, an chéad mhír den Rialachán sin, in ionad na tacaíochta le haghaidh éiciscéimeanna arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 31 den Rialachán sin, ba cheart do na héiciscéimeanna leanúint de na ceanglais uile a leagtar síos in Airteagal 31(5) den Rialachán sin a chomhlíonadh. Ba cheart an prionsabal sin a urramú freisin maidir le hidirghabhálacha faoi Airteagal 70 den Rialachán sin i ndáil le feirmeoirí a fhaigheann íocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 28 den Rialachán sin. Chun a áirithiú go gcomhlíonfar an prionsabal ginearálta nach ndéantar foráil maidir le híocaíochtaí ach amháin i gcás gealltanais a théann thar na ceanglais choinníollachta, agus chun uaillmhian na n-idirghabhálacha, ar cuid d’ollstruchtúr comhshaoil agus aeráide CBT iad, a choimirciú, níor cheart d’fheirmeoirí a fhaigheann íocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 28 den Rialachán sin íocaíochtaí a fháil faoi éiciscéimeanna dá dtagraítear in Airteagal 31 den Rialachán sin ná íocaíochtaí faoi idirghabhálacha dá dtagraítear in Airteagal 70 den Rialachán sin ach amháin má chomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 31(5), an chéad fhomhír, pointe (a), den Rialachán sin nó na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 70(3), an chéad fhomhír, pointe (a), den Rialachán sin. |
|
(18) |
Chun a áirithiú go gcoinnítear teorainn leis an tionchar ar staid airgeadais agus eacnamaíoch na bhfeirmeoirí lena mbaineann nuair a thagann méadú ar líon na gcuspóirí comhshaoil, aeráide, leasa ainmhithe agus frithsheasmhachta in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha a éiríonn leis na Ballstáit a thabhairt i gcrích trí reachtaíocht náisiúnta a choinneáil ar bun nó a ghlacadh a théann thar na híoscheanglais chomhfhreagracha a leagtar síos i ndlí an Aontais, is gá Airteagal 31(5) de Rialachán (AE) 2021/2115 a leasú. Ba cheart, le leasú den sórt sin, a cheadú do Bhallstáit tacaíocht a dheonú le haghaidh gealltanais a rannchuidíonn le comhlíonadh na gceanglas éigeantach arna bhforchur leis an dlí náisiúnta a théann thar na híoscheanglais a leagtar síos i ndlí an Aontais, is cuma cé acu a forchuireadh nó nár forchuireadh iad le déanaí nó arbh ann dóibh cheana. Thairis sin, trí dheireadh a chur le teorainn na tréimhse ar lena linn a fhéadfar tacaíocht a dheonú le haghaidh gealltanais faoi éiciscéimeanna, shimpleofaí bainistiú na n-éiciscéimeanna do na Ballstáit. Laghdófaí leis sin an gá atá le modhnuithe ar éiciscéimeanna i bPleananna Straitéiseacha CBT le linn na clárthréimhse sin mar gheall ar athruithe ar an reachtaíocht náisiúnta sin nó mar gheall ar dhul in éag na tréimhse 24 mhí ar lena linn is féidir tacaíocht a dheonú le haghaidh gealltanais a rannchuidíonn le comhlíonadh na reachtaíochta náisiúnta sin. |
|
(19) |
Is é is aidhm do chaighdeán GAEC 2, a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115, ithreacha ar mhórán carbóin a chosaint. Is é is aidhm do chaighdeán GAEC 9, a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115, gnáthóga agus speicis a chosaint trí chosc a chur ar fhéarthailte buana a athrú nó a threabhadh arna n-ainmniú ina bhféarthailte buana íogaire comhshaoil i láithreáin Natura 2000. Is léir ón taithí a fuarthas, agus cosaint ithreacha ar mhórán carbóin agus féarthailte buana íogaire comhshaoil i láithreáin Natura 2000 faoi seach, á ráthú an tráth céanna. gur chruthaigh na ceanglais a leagtar amach i bPleananna Straitéiseacha CBT faoi chaighdeáin GAEC 2 agus 9 dúshláin d’fheirmeoirí agus do na Ballstáit, go háirithe a mhéid a bhaineann le hinmharthanacht eacnamaíoch na bhfeirmeoirí lena mbaineann. Is féidir le comhlíonadh ceanglas áirithe arna mbunú faoi chaighdeáin GAEC 2 agus 9, amhail na ceanglais sin a bhaineann le teorannú táirgeachta nó cosc ar fhéarthailte buana íogaire comhshaoil i láithreáin Natura 2000 a athrú nó a threabhadh, a bheith costasach d’fheirmeoirí nó teorainn shuntasach a chur lena n-acmhainneacht úsáid a gcuid talún a athrú nó a choigeartú. Thairis sin, bíonn tionchar níos mó ag caighdeáin GAEC 2 agus 9 ar fheirmeoirí i roinnt Ballstát ná i mBallstáit eile mar gheall ar chion éagsúil na mbogach agus na dtailte portaigh nó na bhféarthailte buana íogaire comhshaoil i láithreáin Natura 2000 laistigh dá gcríocha. Agus na ceanglais atá ann cheana faoi chaighdeáin GAEC 2 agus 9 á gcoinneáil ar bun, ceanglais a leagtar amach go comhsheasmhach le ceanglais náisiúnta éigeantacha, mar a thugtar isteach leis an Rialachán seo, ba cheart é a bheith indéanta feirmeoirí a chúiteamh as comhlíonadh na n-oibleagáidí a eascraíonn as na caighdeáin sin. Dá bhrí sin, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann caighdeáin GAEC 2 agus 9 a eisiamh ón gceanglas a leagtar síos in Airteagal 31(5), pointe (a), den Rialachán sin. Leis sin, ba cheart é a chur ar a gcumas do na Ballstáit tacaíocht a sholáthar ina bPleananna Straitéiseacha CBT faoi na héiciscéimeanna dá dtagraítear in Airteagal 31 den Rialachán sin ionas gur féidir le feirmeoirí gníomhacha lena mbaineann caighdeáin GAEC 2 agus 9 ceanglais na gcaighdeán sin a chomhlíonadh agus ardleibhéal cosanta do bhogaigh agus tailte portaigh á choinneáil ar bun an tráth céanna, go háirithe acmhainneacht ceaptha carbóin na limistéar sin, agus ardléibhéal cosanta d’fhéarthailte buana íogaire comhshaoil i láithreáin Natura 2000, faoi seach. |
|
(20) |
Chun gur féidir tacaíocht a thabhairt do mhodhanna feirmeoireachta orgánaí le haghaidh beostoic mar chuid de na héiciscéimeanna dá dtagraítear in Airteagal 31 de Rialachán (AE) 2021/2115, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a chinneadh go mbeidh tacaíocht a dheonaítear do ghealltanais a bhaineann le cleachtais agus modhanna feirmeoireachta orgánaí a thiontú nó a choinneáil ar bun i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/848 i bhfoirm íocaíocht bhliantúil le haghaidh aonaid bheostoic. Ba cheart a shoiléiriú freisin go bhféadfar tacaíocht do ghealltanais lena bhfeabhsaítear cleachtais feirmeoireachta a bhaineann le beachadóireacht a dheonú i bhfoirm íocaíocht bhliantúil le haghaidh coirceog bheach toisc go simpleoidh sé sin ríomh na n-íocaíochtaí le haghaidh na ngealltanas sin. Chun comhleanúnachas na sainmhínithe a úsáidtear i bPleananna Straitéiseacha CBT a áirithiú, ba cheart go gciallódh ‘coirceog beach’ chun tacaíocht a dheonú faoi éiciscéimeanna dá dtagraítear in Airteagal 31 de Rialachán (AE) 2021/2115 ‘coirceog beach’ mar a shainmhínítear sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 56, pointe (b), den Rialachán sin. |
|
(21) |
Ba cheart Airteagal 48 de Rialachán (AE) 2021/2115 a leasú chun an tagairt d’imréiteach feidhmíochta bliantúil a scriosadh, i bhfianaise an nós imeachta sin a scriosadh ó Rialachán (AE) 2021/2116 leis an Rialachán seo. |
|
(22) |
Tá ról tábhachtach ag eagraíochtaí táirgeoirí agus ag comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí maidir le seasamh na bhfeirmeoirí sa slabhra soláthair a threisiú. Tá tacaíocht ó CBT do na heagraíochtaí sin ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna sonracha agus ar chuspóirí earnála nó chun cleachtais thairbheacha a chúiteamh. Dá bhrí sin, eagraíochtaí táirgeoirí agus comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí a chuireann chun feidhme ina gcláir oibríochtúla idirghabháil earnála amháin nó níos mó atá nasctha le haon cheann de na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 46, pointe (d), (e), (f), (h), (i) nó (j), de Rialachán (AE) 2021/2115, is iomchuí cead a thabhairt dóibh tairbhiú den teorainn mhéadaithe ar chúnamh airgeadais ón Aontas dá dtagraítear in Airteagal 52(2) den Rialachán sin, ar choinníoll go gcaithfear an méid atá os cionn na dteorainneacha a leagtar síos in Airteagal 52(2), an chéad fhomhír, den Rialachán sin chun na hidirghabhálacha earnála sin a mhaoiniú agus chuige sin amháin. |
|
(23) |
Ba cheart Airteagal 69 de Rialachán (AE) 2021/2115 a leasú chun teideal an chineáil idirghabhála le haghaidh forbairt tuaithe dá dtagraítear i bpointe (e) den Airteagal sin a chur i gcomhréir leis na leasuithe ar Airteagal 75 den Rialachán sin agus chun teideal an chineáil nua idirghabhála dá dtagraítear in Airteagal 78a den Rialachán sin a chur san áireamh. |
|
(24) |
Chun a áirithiú go gcoinnítear teorainn leis an tionchar ar staid airgeadais agus eacnamaíoch na bhfeirmeoirí lena mbaineann nuair a thagann méadú ar líon na gcuspóirí comhshaoil, aeráide, leasa ainmhithe agus frithsheasmhachta in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha a éiríonn leis na Ballstáit a thabhairt i gcrích, trí reachtaíocht náisiúnta a choinneáil ar bun nó a ghlacadh a théann thar na híoscheanglais chomhfhreagracha a leagtar síos i ndlí an Aontais, is gá Airteagal 70(3) de Rialachán (AE) 2021/2115 a leasú. Ba cheart, le leasú den sórt sin, a cheadú do Bhallstáit tacaíocht a dheonú le haghaidh gealltanais a rannchuidíonn le comhlíonadh na gceanglas éigeantach arna bhforchur leis an dlí náisiúnta a théann thar na híoscheanglais a leagtar síos i ndlí an Aontais, cibé ar forchuireadh iad as an nua nó an raibh siad ann cheana. Thairis sin, trí dheireadh a chur le teorainn na tréimhse ar lena linn a fhéadfar tacaíocht a dheonú le haghaidh gealltanais agra-chomhshaoil-aeráide, shimpleofaí bainistiú na ngealltanas sin do na Ballstáit Ba cheart go laghdófaí leis sin an gá atá le modhnuithe ar na hidirghabhálacha sin i bPleananna Straitéiseacha CBT le linn na clárthréimhse sin mar gheall ar athruithe ar an reachtaíocht náisiúnta sin nó mar gheall ar dhul in éag na tréimhse 24 mhí ar lena linn is féidir tacaíocht a dheonú le haghaidh gealltanais a rannchuidíonn le comhlíonadh na reachtaíochta náisiúnta sin. |
|
(25) |
Is léir ón taithí a fuarthas gur chruthaigh na ceanglais a leagtar amach i bPleananna Straitéiseacha CBT faoi chaighdeáin GAEC 2 agus 9 dúshláin shuntasacha d’fheirmeoirí agus na Ballstáit, go háirithe a mhéid a bhaineann le hinmharthanacht eacnamaíoch na bhfeirmeoirí lena mbaineann, agus cosaint ithreacha ar mhórán carbóin agus féarthailte buana íogaire comhshaoil i láithreáin Natura 2000 faoi seach, á ráthú an tráth céanna. D’fhéadfadh comhlíonadh ceanglas áirithe arna mbunú faoi chaighdeáin GAEC 2 agus 9, amhail na ceanglais sin lena mbaineann teorannú táirgeachta nó cosc fhéarthailte buana íogaire comhshaoil i láithreáin Natura 2000 a athrú nó a threabhadh, a bheith costasach d’fheirmeoirí nó teorainn shuntasach a chur lena n-acmhainneacht úsáid a gcuid talún a athrú nó a choigeartú. Thairis sin, bíonn tionchar níos mó ag caighdeáin GAEC 2 agus 9 ar fheirmeoirí i roinnt Ballstát ná i mBallstáit eile mar gheall ar chion éagsúil na mbogach agus na dtailte portaigh laistigh dá gcríocha. Agus na ceanglais atá ann cheana faoi chaighdeán GAEC 2 á gcoinneáil ar bun, ceanglais a leagtar amach go comhsheasmhach le ceanglais náisiúnta éigeantacha, mar a thugtar isteach leis an Rialachán seo, ba cheart é a bheith indéanta feirmeoirí a chúiteamh as comhlíonadh na n-oibleagáidí a eascraíonn as na caighdeáin sin. Dá bhrí sin, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann caighdeáin GAEC 2 agus 9 a eisiamh ón gceanglas a leagtar síos in Airteagal 70(3), pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/2115 maidir le hidirghabhálacha bunaithe ar Airteagal 70 den Rialachán sin. Leis sin, ba cheart é a chur ar a gcumas do na Ballstáit foráil a dhéanamh ina bPleananna Straitéiseacha CBT maidir le tacaíocht faoi idirghabhálacha dá dtagraítear in Airteagal 70 den Rialachán sin ionas gur féidir le feirmeoirí agus tairbhithe eile lena mbaineann caighdeáin GAEC 2 agus 9 ceanglais na gcaighdeán sin a chomhlíonadh agus ardleibhéal cosanta le haghaidh bogach agus tailte portaigh á choinneáil ar bun an tráth céanna, go háirithe acmhainneacht ceaptha carbóin na limistéar sin, agus ardleibhéal cosanta le haghaidh féarthailte buana íogaire comhshaoil i láithreáin Natura 2000, faoi seach. |
|
(26) |
De bhun Airteagal 70(8) de Rialachán (AE) 2021/2115, bunóidh na Ballstáit íocaíochtaí le haghaidh gealltanais agra-chomhshaoil-aeráide nó gealltanais chun aistriú chuig cleachtais agus modhanna feirmeoireachta orgánaí nó iad a choinneáil ar bun mar íocaíochtaí in aghaidh an heicteáir amháin. Chun comhsheasmhacht leis an tacaíocht faoi na héiciscéimeanna dá dtagraítear in Airteagal 31 den Rialachán sin a áirithiú, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, tacaíocht a dheonú le haghaidh na ngealltanas sin i bhfoirm íocaíocht in aghaidh an aonaid beostoic. Chun gníomhaíochtaí atá chun leasa an chomhshaoil a éascú i gcás na beachadóireachta, ba cheart go bhféadfaí tacaíocht a dheonú le haghaidh gealltanais agra-chomhshaoil-aeráide nó gealltanais aistriú chuig an bhfeirmeoireacht orgánach nó í a chothabháil i bhfoirm íocaíocht in aghaidh na coirceoige beach. Chun comhleanúnachas na sainmhínithe a úsáidtear i bPleananna Straitéiseacha CBT a áirithiú, ba cheart go gciallódh ‘coirceog beach’ chun tacaíocht a dheonú le haghaidh na ngealltanas sin a bheith comhionann ‘coirceog beach’ mar a shainmhínítear sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 56, pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/2115. |
|
(27) |
Le hAirteagal 72(5) de Rialachán (AE) 2021/2115, leagtar síos rialacha maidir le ríomh na n-íocaíochtaí le haghaidh míbhuntáistí a bhaineann go sonrach le limistéar chun na costais bhreise agus an t-ioncam a tarscaoileadh a eascraíonn as comhlíonadh ceanglas éigeantach áirithe a théann thar na caighdeáin ábhartha GAEC. Ní dheonaítear leis íocaíochtaí le haghaidh míbhuntáistí a bhaineann go sonrach le limistéar a eascraíonn as na caighdeáin ábhartha GAEC. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé a bheith costasach d’fheirmeoirí ceanglais áirithe arna mbunú faoi chaighdeán GAEC 2 a chomhlíonadh toisc go mbaineann teorainneacha táirgeachta leo mar gheall ar shrianta suntasacha ar úsáid talún. Chun costais a bhaineann le comhlíonadh chaighdeán GAEC 2 a chomhtháthú i ríomh na n-íocaíochtaí le haghaidh míbhuntáistí a eascraíonn as comhlíonadh ceanglas éigeantach áirithe, ba cheart é a bheith indéanta do na Ballstáit míbhuntáistí a eascraíonn as ceanglais an chaighdeáin GAEC sin a áireamh i ríomhanna den sórt sin. |
|
(28) |
Chun a áirithiú go mbeidh níos mó ama agus solúbthachta ag feirmeoirí chun iad féin a chur in oiriúint do cheanglais nua de dhlí an Aontais i gcomhthéacs teannas geopholaitiúil, dúshláin struchtúracha agus deacrachtaí eacnamaíocha a bhaineann, inter alia, le praghsanna arda fuinnimh agus le praghsanna arda ionchuir, ba cheart Airteagal 73(5) de Rialachán (AE) 2021/2115 a leasú. Le leasú den sórt sin, ba cheart síneadh a chur leis an tréimhse ar lena linn is féidir tacaíocht a dheonú d’infheistíochtaí a rannchuidíonn le comhlíonadh ceanglas nua den sórt sin ó 24 go 36 mhí ón dáta a bheidh na ceanglais nua sin éigeantach le haghaidh an ghabháltais. |
|
(29) |
Tá deacrachtaí déimeagrafacha ag earnáil feirmeoireachta an Aontais le lucht saothair ag dul in aois. Cé go bhfuil sé ríthábhachtach feirmeoirí óga a mhealladh chun todhchaí inbhuanaithe a áirithiú le haghaidh na talmhaíochta, tá dúshlán airgeadais ag baint le cruthú agus forbairt gníomhaíochta eacnamaíche nua in earnáil na talmhaíochta ag feirmeoirí óga. Chun a mbunú den chéad uair a éascú tuilleadh, ba cheart síneadh a chur leis an tréimhse incháilitheachta le haghaidh infheistíochtaí chun caighdeáin nua an Aontais a chomhlíonadh i gcás feirmeoirí óga. |
|
(30) |
Chun iomaíochas agus inbhuanaitheacht chóras bia an Aontais a neartú, tá gá le hinfheistíochtaí suntasacha agus le forbairt gnólachtaí. Ba cheart spreagadh a thabhairt go háirithe d’fhorbairt na bhfeirmeacha beaga, a bhfuil dúshláin ar leith rompu agus a d’fhéadfadh a bheith inmharthana ar bhonn eacnamaíoch. An tráth céanna, is gá cur chun feidhme na tacaíochta d’fheirmeacha beaga a shimpliú chun an t-ualach riaracháin a íoslaghdú. Chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais sin, is iomchuí Airteagal 75 de Rialachán (AE) 2021/2115 a leasú chun forbairt gnó na bhfeirmeacha beaga a áireamh i measc na n-idirghabhálacha a bhfuil na Ballstáit in ann tacú leo agus chun foráil a dhéanamh maidir le tacaíocht chnapshuime EUR 75 000 le haghaidh na hidirghabhála sin. Ar mhaithe le comhsheasmhacht, ba cheart do na Ballstáit an sainmhíniú céanna ar fheirmeacha beaga a úsáid le haghaidh infheistíochtaí de bhun Airteagal 73(4), pointe (b), den Rialachán sin agus le haghaidh forbairt gnó de bhun Airteagal 75 den Rialachán sin. |
|
(31) |
Tá idirghabhálacha bainistithe riosca an-úsáideach chun feirmeoirí a dhéanamh níos athléimní agus, dá bhrí sin, ba cheart iad a spreagadh. Mar sin féin, is léir ón taithí a fuarthas go bhfuil na rialacha atá ann faoi láthair ródhocht chun leas iomlán a bhaint as an gcineál idirghabhála sin. Go háirithe, dealraíonn sé nach bhfuil an fhoirmle atá ann faoi láthair chun caillteanais a ríomh curtha in oiriúint do chás sonrach tairbhithe áirithe, amhail feirmeoirí óga, do limistéir ina bhfuil barra buana nó do chásanna eile a bhfuil bonn cirt leo nach iomchuí foirmle ríofa na gcaillteanas ina leith. Chun úsáid agus glacadh uirlisí bainistithe riosca a mhéadú faoi Airteagal 76 de Rialachán (AE) 2021/2115, ba cheart níos mó solúbthachta a bheith ag na Ballstáit chun na caillteanais le haghaidh tairbhithe nó barra den sórt sin a ríomh, chun a chur ar a gcumas dóibh a gcásanna sonracha a chur san áireamh. |
|
(32) |
Chun tacaíocht éifeachtúil a thabhairt d’fheirmeoirí a ndearna tubaistí nádúrtha, teagmhais dhíobhálacha aeráide nó teagmhais thurraingeacha eile damáiste dá dtáirgeacht, amhail ráigeanna eipeasótacha agus ráigeanna lotnaidí coraintín, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann íocaíochtaí géarchéime a sholáthar trí idirghabhálacha le haghaidh forbairt tuaithe. Leis na cineálacha tacaíochta sin, ba cheart solúbthacht leordhóthanach a thabhairt do na Ballstáit maidir leis na hidirghabhálacha a phleanáil. Agus an caillteanas táirgeachta atá le cúiteamh á ríomh, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann innéacsanna a úsáid agus na forbairtí is déanaí ar phraghsanna a chur san áireamh chun go léireoidh an ríomh an margadhluach iarbhír. Chun bainistiú fónta airgeadais chistí an Aontais a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach mbeidh róchúiteamh ná cistiú dúbailte ann mar thoradh ar an gcúiteamh iomlán a fhaigheann an feirmeoir, in éineacht le foirmeacha eile tacaíochta de chuid an Aontais nó de thacaíocht náisiúnta lena n-áirítear maoiniú náisiúnta breise, agus maoiniú ó árachas príobháideach nó scéimeanna bainistithe riosca eile. |
|
(33) |
Le hAirteagal 79(1) de Rialachán (AE) 2021/2115 leagtar síos na rialacha a bhaineann le húdaráis bhainistíochta critéir roghnúcháin a leagan síos le haghaidh idirghabhálacha a bhaineann le cineálacha áirithe idirghabhála. Maidir leis an liosta cineálacha idirghabhála ar ina leith a n-úsáidfidh na Ballstáit na critéir roghnúcháin, ba cheart é a leasú chun na leasuithe ar na cineálacha idirghabhála dá dtagraítear in Airteagal 75 den Rialachán sin a chur san áireamh. |
|
(34) |
In Airteagal 80 de Rialachán (AE) 2021/2015, leagtar síos na rialacha agus na prionsabail maidir le cur chun feidhme ionstraimí airgeadais in CBT. Le hAirteagal 80(2) den Rialachán sin, áirithítear comhsheasmhacht le Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) maidir le hionstraimí airgeadais. Chun na sineirgí sa chur chun feidhme agus sa rialú idir ionstraimí airgeadais CBT agus na hionstraimí airgeadais eile a rialaítear le Rialachán (AE) 2021/1060 a neartú a thuilleadh, ba cheart Airteagal 80 de Rialachán (AE) 2021/2115 a leasú chun a áirithiú go mbeidh na ceanglais maidir leis an rian iniúchóireachta le haghaidh ionstraimí airgeadais mar an gcéanna i Rialachán (AE) 2021/2115 agus i Rialachán (AE) 2021/1060. |
|
(35) |
In Airteagal 80(3) de Rialachán (AE) 2021/2115, leagtar amach an uasteorainn ar an gcoibhéis deontais chomhláin is infheidhme nuair a thacaíonn ionstraimí airgeadais le gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme Airteagal 42 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Chun ailíniú leis na hathruithe nua a tugadh isteach sa réimeas ginearálta státchabhrach faoi Airteagal 3(2) de Rialachán (AE) 2023/2831 ón gCoimisiún (10) a áirithiú, ní mór an uasteorainn a mhéadú dá réir. Thairis sin, ba cheart an tréimhse thagartha a athrú ó bhlianta fioscacha go blianta chun í a chur i gcomhréir le hAirteagal 3(2) de Rialachán (AE) 2023/2831. A mhéid a bhaineann le tacaíocht le haghaidh caipiteal oibre le haghaidh gníomhaíochtaí nach dtagann faoi raon feidhme Airteagal 42 CFAE, ba cheart feidhm a bheith fós ag rialacha ginearálta státchabhrach. |
|
(36) |
Sainmhínítear in Airteagal 80(5) de Rialachán (AE) 2021/2115 incháilitheacht an chaiteachais i gcás ina soláthraítear tacaíocht trí ionstraimí airgeadais. Chun soiléireacht agus cóir chomhionann a áirithiú faoi na hionstraimí airgeadais uile a rialaítear le Rialachán (AE) 2021/1060, ba cheart Airteagal 80(5) de Rialachán (AE) 2021/2115 a leasú chun na rialacha incháilitheachta a leagan amach maidir le cáin bhreisluacha (‘CBL’). |
|
(37) |
Le hAirteagal 81 de Rialachán (AE) 2021/2115 leagtar síos na rialacha agus na coinníollacha maidir le haistrithe leithdháiltí CETFT a dhéanann na Ballstáit chuig an gClár InvestEU arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11). Chun glacadh is mó is féidir na ndeiseanna nua a tugadh isteach faoi Airteagal 10a(4) de Rialachán (AE) 2021/523 a áirithiú, ba cheart Airteagal 81 de Rialachán (AE) 2021/2115 a leasú. |
|
(38) |
Le hAirteagal 83 de Rialachán (AE) 2021/2115 leagtar síos na rialacha maidir le roghanna costais simplithe a ríomh agus a chur i bhfeidhm. Chun cur chun feidhme infheistíochtaí agus idirghabhálacha eile le haghaidh forbairt tuaithe a shimpliú agus borradh a chur fúthu, agus chun úsáid roghanna costais simplithe a mhéadú, ba cheart é a bheith indéanta úsáid a bhaint as na modhanna ríofa a bunaíodh faoi Rialachán (AE) 2021/1060 gan gá le réasúnuithe breise a sholáthar. |
|
(39) |
Le hAirteagal 86(2) agus (3) de Rialachán (AE) 2021/2115, leagtar síos rialacha maidir le hincháilitheacht an chaiteachais a eascraíonn as leasuithe ar Phleananna Straitéiseacha CBT le haghaidh ranníocaíocht ó CERT agus CETFT, faoi seach. Chun na rialacha maidir le hincháilitheacht caiteachais a shimpliú, chun feabhas a chur ar shineirgí idir CERT agus CETFT agus chun an tsolúbthacht a mhéadú do na Ballstáit chun dáta éifeachta na leasuithe a bhaineann le CERT ar Phleananna Straitéiseacha CBT a chinneadh, is iomchuí caiteachas a eascraíonn as leasú straitéiseach formheasta ar Phlean Straitéiseach CBT le haghaidh ranníocaíocht CERT a cheadú a bheith incháilithe ó dháta éifeachta an leasaithe arna shocrú ag an mBallstát lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 119(8) den Rialachán sin, ach tráth nach luaithe ná an dáta a chuirtear an iarraidh ar leasú faoi bhráid an Choimisiúin. I gcás leasuithe eile ar Phleananna Straitéiseacha CBT a bhaineann le CERT, ba cheart an caiteachas a bheith incháilithe le haghaidh ranníocaíocht ó CERT ón dáta a thabharfar fógra faoin leasú don Choimisiún, mar a leagtar síos in Airteagal 119(9) de Rialachán (AE) 2021/2115, arna leasú leis an Rialachán seo. |
|
(40) |
Chun maoiniú leordhóthanach a áirithiú don chineál nua idirghabhála le haghaidh íocaíochtaí géarchéime le feirmeoirí tar éis tubaistí nádúrtha, teagmhais dhíobhálacha aeráide nó teagmhais thurraingeacha, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann sciar áirithe de chistiú CETFT a fhorchoimeád don chineál idirghabhála sin. Mar sin féin, d’fhonn a áirithiú go mbeidh maoiniú leordhóthanach ar fáil fós chun tosaíochtaí eile CBT a chumhdach, ba cheart an sciar sin a theorannú d’uasmhéid bliantúil atá ar fáil in aghaidh an Bhallstáit, méid a chomhfhreagraíonn do 3 % d’iomlán comhcheangailte na n-íocaíochtaí díreacha agus de chistiú CETFT in aghaidh na bliana. |
|
(41) |
Mar gheall ar a cineál ar leith, an cineál nua idirghabhála le haghaidh íocaíochtaí géarchéime le feirmeoirí tar éis tubaistí nádúrtha, teagmhais dhíobhálacha aeráide nó teagmhais thurraingeacha, ba cheart iad a dhíolmhú ón oibleagáid rannchuidiú leis na táscairí toraidh a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115. |
|
(42) |
Is iomchuí a cheadú do na Ballstáit ina bhfuil na réigiúin is forimeallaí cuid den mhéid den imchlúdach a leithdháileadh roimh ré ar an bhforbairt tuaithe atá tiomanta do na réigiúin is forimeallaí a aistriú i bhfabhar bearta airgeadais trí Chláir na Roghanna a Bhaineann go Sonrach leis an Iargúltacht agus leis an Oileánachas (cláir POSEI). Le solúbthacht den sórt sin, ba cheart na leithdháiltí uasta airgeadais a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) le haghaidh cláir POSEI don mhéid a aistrítear chuig na cláir sin ón imchlúdach maidir le forbairt tuaithe. |
|
(43) |
Foráiltear le hAirteagal 119(4) de Rialachán (AE) 2021/2115 go bhformheasfaidh an Coimisiún iarrataí ar leasuithe ar Phleananna Straitéiseacha CBT a chuireann na Ballstáit isteach. Le hAirteagal 119(9) den Rialachán sin, cuirtear ar a gcumas do na Ballstáit modhnuithe ar eilimintí dá bPleananna Straitéiseacha CBT a bhaineann leis na hidirghabhálacha dá dtagraítear i dTeideal III, Caibidil IV, den Rialachán sin a dhéanamh agus a chur i bhfeidhm., Tá na modhnuithe sin san áireamh sa chéad iarraidh eile ar leasú ar na Pleananna Straitéiseacha CBT atá le formheas ag an gCoimisiún. Is léir ón taithí a fuarthas, fiú i gcás nach n-athraítear treoshuíomh straitéiseach na bPleananna Straitéiseacha CBT leo, gur minic a bhíonn roinnt mhaith eilimintí teicniúla sna leasuithe a fhágann go mbíonn siad casta agus dochraideach do na Ballstáit, agus go mbíonn moilleanna ar na nósanna imeachta formheasa mar thoradh orthu. Cuireann sé sin isteach ar Phleananna Straitéiseacha CBT a oiriúnú go tráthúil agus go héifeachtach do réaltacht eacnamaíoch atá ag athrú agus do riachtanais feirmeoirí agus tairbhithe eile sna Ballstáit agus bíonn tionchar diúltach aige ar chur chun feidhme na bPleananna Straitéiseacha CBT sin. Chun éifeachtúlacht na nósanna imeachta um leasú a shimpliú agus a fheabhsú, go háirithe maidir le gnéithe de Phleananna Straitéiseacha CBT nach de chineál straitéiseach iad, níor cheart formheas ón gCoimisiún a cheangal ach amháin le haghaidh leasuithe straitéiseacha ar Phleananna Straitéiseacha CBT. Chun na críche sin, ba cheart leasuithe straitéiseacha a shainmhíniú i Rialachán (AE) 2021/2115 mar leasuithe ar eilimintí tábhachtacha de Phleananna Straitéiseacha CBT a mbíonn tionchar suntasach acu ar straitéis agus loighic idirghabhála na bpleananna sin, lena n-áirítear aistrithe leithdháiltí airgeadais idir CETFT agus CERT, leithdháiltí airgeadais uasta agus íosta, agus athruithe ar phleananna sprice agus airgeadais. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann gach leasú eile ar a bPleananna Straitéiseacha CBT a dhéanamh agus a chur i bhfeidhm tar éis fógra a thabhairt don Choimisiún fúthu. Níor cheart na leasuithe eile sin a bheith faoi réir formheas a fháil ón gCoimisiúin. |
|
(44) |
Chun comhoiriúnacht Phleananna Straitéiseacha CBT le creat dlíthiúil CBT a áirithiú, ba cheart an chumhacht a bheith ag an gCoimisiún agóid a dhéanamh in aghaidh leasuithe ar tugadh fógra ina leith i gcás ina measann sé nach bhfuil na leasuithe sin comhoiriúnach le Rialachán (AE) 2021/2115 ná Rialachán (AE) 2021/2116 ná na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh dá mbun. Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú d’fheirmeoirí agus do thairbhithe eile, tar éis dóibh agóid ón gCoimisiún in aghaidh leasú a fháil, ar leasú é ar tugadh fógra ina leith, níor cheart do na Ballstáit an leasú sin a chur i bhfeidhm agus ba cheart an leasú sin a bhaint den Phlean Straitéiseach CBT leasaithe a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin. Níor cheart caiteachas a bhaineann le leasuithe den sórt sin a bheith incháilithe ach oiread do ranníocaíocht ó EAFG nó CETFT. Is léir ón taithí a fuarthas go bhféadfaidh na Ballstáit fógra a thabhairt faoi roinnt leasuithe casta ar a bPleananna Straitéiseacha CBT. Dá bhrí sin, ba cheart tréimhse réasúnta a bheith ag an gCoimisiún chun measúnú a dhéanamh ar na leasuithe ar tugadh fógra ina leith, i gcás inar gá, chun agóid a dhéanamh ina n-aghaidh. Ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag na Ballstáit leasuithe a chur isteach a ndearna an Coimisiún agóidí ina leith lena bhformheas mar chuid d’iarraidh ar leasú straitéiseach dá dtagraítear in Airteagal 119(2) de Rialachán (AE) 2021/2115, arna leasú leis an Rialachán seo. Ba cheart a áirithiú leis sin nach mbeidh éifeacht dhlíthiúil leis na leasuithe sin ach amháin má chomhlíonann siad Rialachán (AE) 2021/2115 agus Rialachán (AE) 2021/2116, chomh maith le gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh dá mbun. |
|
(45) |
Foráiltear le hAirteagal 119(8), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) 2021/2115 go gcinnfidh na Ballstáit dáta éifeachta le haghaidh leasuithe ar Phleananna Straitéiseacha CBT a bhaineann le CERT. Ba cheart an dáta sin a bheith níos déanaí ná dáta formheasta na hiarrata ar leasú ag an gCoimisiún. Chun an tsolúbthacht a mhéadú do na Ballstáit maidir leis na dátaí éifeachta a shocrú le haghaidh leasuithe straitéiseacha ar Phleananna Straitéiseacha CBT a bhaineann le CERT agus chun sineirgí a mhéadú idir na rialacha is infheidhme maidir le leasuithe straitéiseacha a bhaineann le CERT ar Phleananna Straitéiseacha CBT agus leasuithe a bhaineann le CETFT ar Phleananna Straitéiseacha CBT, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann dáta éifeachta na leasuithe straitéiseacha ar Phleananna Straitéiseacha CBT a shocrú idir an dáta a chuirfear an iarraidh ar leasú straitéiseach dá dtagraítear in Airteagal 119(2) de Rialachán (AE) 2021/2115, arna leasú leis an Rialachán seo, faoi bhráid an Choimisiúin, agus dáta formheasta iarrata den sórt sin ón gCoimisiún. |
|
(46) |
Le hAirteagal 120 de Rialachán (AE) 2021/2115, áirithítear go dtabharfar Pleananna Straitéiseacha CBT cothrom le dáta ionas go mbeidís ag teacht le leasuithe a rinneadh ar na gníomhartha reachtacha a liostaítear in Iarscríbhinn XIII a ghabhann leis an Rialachán sin agus a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an aeráid, ar leasuithe iad ar cheart do Phleananna Straitéiseacha CBT rannchuidiú leo agus a bheith comhsheasmhach leo. Chun na críche sin, tá na Ballstáit le measúnú a dhéanamh maidir le cé acu ba ceart nó nár cheart a bPleananna Straitéiseacha CBT a leasú, agus, i gcás inar gá, ba cheart dóibh iarraidh ar leasú a chur isteach, i gcás ina modhnaítear aon cheann de na gníomhartha reachtacha. Chun próisis riaracháin nach bhfuil gá leo a sheachaint ag céim dhéanach chur chun feidhme Phleananna Straitéiseacha CBT, ba cheart Airteagal 120 de Rialachán (AE) 2021/2115 a scriosadh. |
|
(47) |
Ba cheart Airteagal 122 de Rialachán (AE) 2021/2115 a leasú chun na leasuithe ar Airteagal 119 den Rialachán sin a léiriú, leasuithe a thugtar isteach leis an Rialachán seo. |
|
(48) |
Ba cheart Airteagal 124(4) de Rialachán (AE) 2021/2115 a leasú chun é a chur ar a chumas don choiste faireacháin a thuairim a thabhairt maidir le dáta éifeachta na leasuithe uile a bhaineann le CERT chun a áirithiú go mbeidh a ndóthain ama ag feirmeoirí agus tairbhithe na leasuithe atá beartaithe a chur san áireamh. |
|
(49) |
In Airteagal 134 de Rialachán (AE) 2021/2115, leagtar amach ceanglais maidir le hábhar na dtuarascálacha feidhmíochta bliantúla agus an nós imeachta is infheidhme maidir leo, tuarascálacha ar bonn iad le haghaidh imréiteach feidhmíochta bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 54 de Rialachán (AE) 2021/2116. I bhfianaise go scriostar an nós imeachta maidir le himréiteach feidhmíochta bliantúil ó Rialachán (AE) 2021/2116 leis an Rialachán seo, ba cheart na ceanglais sin a mhodhnú. Le modhnú den sórt sin, ba cheart scriosadh faisnéise a éilítear chun críocha an nós imeachta sin amháin a áireamh, mar shampla faisnéis maidir le haonadmhéideanna réadaithe agus na réasúnuithe atá le tabhairt ag na Ballstáit i gcás ina sáraíonn na haonadmhéideanna réadaithe na haonadmhéideanna comhfhreagracha atá beartaithe a leagtar amach i bPleananna Straitéiseacha CBT. |
|
(50) |
Ní mór Airteagal 134(7) de Rialachán (AE) 2021/2115 a shoiléiriú chun an nasc idir an tuarascáil feidhmíochta bhliantúil agus an t-athbhreithniú débhliantúil ar fheidhmíocht dá dtagraítear in Airteagal 135 den Rialachán sin a neartú, a mhéid a bhaineann le húdair le heasnaimh i gcás nár baineadh garspriocanna amach chun críoch athbhreithnithe dhébhliantúil ar fheidhmíocht a áireamh sa tuarascáil feidhmíochta bhliantúil. |
|
(51) |
De bhun Airteagal 134(13) de Rialachán (AE) 2021/2115, féadfaidh an Coimisiún barúlacha a thabhairt maidir le tuarascáil feidhmíochta bhliantúil inghlactha laistigh de mhí amháin ó cuireadh isteach í. Is léir ón taithí a fuarthas maidir leis an measúnú ar inghlacthacht na tuarascála feidhmíochta bliantúla de bhun Airteagal 134(3) den Rialachán sin agus measúnú cuimsitheach ar an tuarascáil feidhmíochta bhliantúil a cuireadh isteach, nach féidir iad a dhéanamh i gcomhthreo le chéile. Dá bhrí sin, is gá an dáta óna ríomhtar an teorainn ama chun barúlacha a sheoladh, dá dtagraítear in Airteagal 134(13) den Rialachán sin, a leasú go dtí an dáta a bheidh an tuarascáil feidhmíochta bhliantúil inghlactha, i gcomhréir le hAirteagal 134(3) den Rialachán sin. |
|
(52) |
De bhun Airteagal 159 de Rialachán (AE) 2021/2115, faoin 31 Nollaig 2025, tá an Coimisiún le hathbhreithniú a dhéanamh ar an liosta gníomhartha reachtacha in Iarscríbhinn XIII a ghabhann leis an Rialachán sin agus, i gcás inarb iomchuí, le tograí reachtacha a dhéanamh chun gníomhartha reachtacha breise a chur leis an Iarscríbhinn sin. I bhfianaise scriosadh Airteagal 120 den Rialachán sin, ba cheart Airteagal 159 den Rialachán sin a scriosadh freisin leis an Rialachán seo chun comhleanúnachas Phleananna Straitéiseacha CBT a áirithiú agus chun cur isteach ar chur chun feidhme Phleananna Straitéiseacha CBT ag údaráis náisiúnta, ag feirmeoirí agus ag tairbhithe eile a sheachaint. |
|
(53) |
Leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115 táscairí tionchair, táscairí toraidh agus aschuir de bhun Airteagal 7 den Rialachán sin. An tábla ‘Imréiteach feidhmíochta bliantúil – ASCHUR – Cineálacha idirghabhála agus a dtáscairí aschuir’ in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin, ba cheart é a ionadú chun táscairí aschuir a thabhairt isteach atá nasctha leis na cineálacha idirghabhála nua a tugadh isteach agus leis na cineálacha idirghabhála leasaithe agus chun scriosadh an imréitigh feidhmíochta bhliantúil dá bhforáiltear in Airteagal 54 de Rialachán (AE) 2021/2116 leis an Rialachán seo a chur san áireamh. |
|
(54) |
In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115, liostaítear ina míreanna ábhartha d’Iarscríbhinn 2 a ghabhann le Comhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála ar Thalmhaíocht le haghaidh gach cineáil idirghabhála den Rialachán sin. Dá bhrí sin, ba cheart a áireamh in Iarscríbhinn II an cineál idirghabhála a tugadh isteach le déanaí le haghaidh íocaíochtaí géarchéime le feirmeoirí tar éis tubaistí nádúrtha, teagmhais dhíobhálacha aeráide nó teagmhais thurraingeacha. |
|
(55) |
Is é is aidhm do chaighdeán GAEC 1, a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115, féarthailte buana a choinneáil ar bun chun stoc carbóin a chaomhnú bunaithe ar chóimheas féarthalamh buan i ndáil leis an limistéar talmhaíochta ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach, foréigiúnach, grúpa gabháltas nó gabháltais i gcomparáid leis an mbliain tagartha 2018, le huaslaghdú 5 % i gcomparáid leis an mbliain tagartha. Athruithe struchtúracha ar fheirmeacha a d’fhéadfadh tarlú le linn na clárthréimhse 2023-2027, go háirithe in earnáil an bheostoic, d’fhéadfadh athruithe tapa ar úsáid talún ar leibhéal na feirme a bheith ag gabháil leis na hathruithe sin, go háirithe chun tionchair an athraithe aeráide ar bheatha agus ar infhaighteacht farae a mhaolú. D’fhéadfadh sé nach mbeadh athruithe struchtúracha den sórt sin le feiceáil sna sonraí atá ar fáil ach tar éis moille. D’fhéadfadh athruithe struchtúracha den sórt sin ar fheirmeacha a fhágáil go mbeidh éagsúlachtaí ann sa chóimheas bliantúil féarthailte buana i gcomparáid leis an mbliain tagartha 2018. I bhfianaise na n-éagsúlachtaí sin agus d’fhonn cur chun feidhme chaighdeán GAEC 1 a éascú, ba cheart uaschéatadán an laghdaithe ar an gcóimheas féarthailte buana i gcomparáid leis an mbliain tagartha 2018 a mhéadú go 10 %, chun é a chur ar a gcumas do na Ballstáit na forbairtí le linn na clárthréimhse 2023-2027 agus riachtanais na bhfeirmeacha, go háirithe in earnáil an bheostoic, a chur san áireamh. |
|
(56) |
Is é is aidhm do chaighdeán GAEC 4, a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115, cúrsaí abhann a chosaint ar thruailliú agus ar rith chun srutha trí chriosanna bána a bhunú feadh sruthanna uisce. Is léir ón taithí a fuarthas, chun críocha an chaighdeáin GAEC sin, gur cheart an deis a bheith ag na Ballstáit an sainmhíniú ar shruth uisce a ailíniú leis an sainmhíniú ar shruthanna uisce arna bhunú ag na Ballstáit sa reachtaíocht náisiúnta, lena n-áirítear reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear chun feidhme dlí an Aontais, ar cuid de SMR é a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin. Mar sin féin, ba cheart an sainmhíniú ar shruthanna uisce a úsáideann na Ballstáit chun críocha chaighdeán GAEC 4 a bheith i gcomhréir le príomhchuspóir an chaighdeáin GAEC sin, go háirithe an cuspóir maidir leis an riosca a laghdú go n-eisiafaí sruthanna uisce níos lú a d’fhéadfadh truailliú a thabhairt le sruth ó raon feidhme an chaighdeáin GAEC sin. |
|
(57) |
Ba cheart Airteagal 21(1) lena leagtar amach rialacha maidir le híocaíochtaí míosúla, agus Airteagal 32(8) de Rialachán (AE) 2021/2116 lena leagtar amach rialacha maidir le híocaíochtaí eatramhacha, a leasú chun a chur san áireamh gur scriosadh an t-imréiteach feidhmíochta bliantúil dá bhforáiltear in Airteagal 54 den Rialachán sin leis an Rialachán seo. Thairis sin, ba cheart Airteagal 21(2) de Rialachán (AE) 2021/2116 a leasú freisin chun a áirithiú, tar éis na leasuithe a thugtar isteach leis an Rialachán seo in Airteagal 86(2) agus Airteagal 119(8) de Rialachán (AE) 2021/2115, nach ndearbhófar don Choimisiún caiteachas a éireoidh ina chaiteachas incháilithe do ranníocaíocht CERT ó dháta éifeachta, roimh fhormheas an leasaithe ag an gCoimisiún ach tar éis an dáta a cuireadh an iarraidh ar leasú faoi bhráid an Choimisiúin, go dtí go bhformheasfaidh an Coimisiún an leasú i gcomhréir le hAirteagal 119(10) de Rialachán (AE) 2021/2115. Chuige sin, caiteachas nach féidir a dhearbhú sa mhí lena mbaineann de bharr formheas ar leasú a bheith ar feitheamh, ba cheart a bheith in ann é a dhearbhú sna míonna ina dhiaidh sin den bhliain airgeadais chéanna nó, ar a dhéanaí, i gcuntais bhliantúla na bliana airgeadais sin atá le cur chuig an gCoimisiún faoin 15 Feabhra den bhliain tar éis na bliana airgeadais sin. Agus dáta éifeachta leasaithe á chinneadh agus chun a áirithiú gur féidir aon chaiteachas a eascraíonn as an leasú a íocadh cheana le tairbhithe a dhearbhú fós laistigh den bhliain airgeadais faoi seach, ba cheart do na Ballstáit na teorainneacha ama le haghaidh an nós imeachta formheasa a leagtar síos in Airteagal 119 de Rialachán (AE) 2021/2115 a chur san áireamh. |
|
(58) |
Ní mór Airteagal 40 de Rialachán (AE) 2021/2116 maidir le híocaíochtaí a chur ar fionraí i ndáil le riachtanais an imréitigh feidhmíochta bhliantúil a leasú chun a chur san áireamh gur scriosadh an t-imréiteach feidhmíochta bliantúil dá bhforáiltear in Airteagal 54 den Rialachán sin leis an Rialachán seo. |
|
(59) |
Foráiltear le hAirteagal 44(2) de Rialachán (AE) 2021/2116 go bhféadfaidh na Ballstáit réamhíocaíochtaí suas le 50 % a íoc le haghaidh idirghabhálacha i bhfoirm íocaíochtaí díreacha agus le haghaidh na mbeart dá dtagraítear i gCaibidil IV de Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 agus i gCaibidil IV de Rialachán (AE) Uimh. 229/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) agus réamhíocaíochtaí suas le 75 % a íoc le haghaidh idirghabhálacha forbartha tuaithe limistéarbhunaithe agus ainmhíbhunaithe faoi Rialachán (AE) 2021/2115. Foráiltear le hAirteagal 44(6) de Rialachán (AE) 2021/2116, arna iarraidh sin do Bhallstát, i gcás éigeandála, tá an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, le gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena maolaítear ar Airteagal 44(2) den Rialachán sin a mhéid agus ar feadh cibé tréimhse atá fíor-riachtanach. I gcás gach ceann de na blianta sa chlárthréimhse reatha, ciallaíonn sé sin na blianta 2023, 2024 agus 2025, d’iarr na Ballstáit maoluithe ar Airteagal 44(2) de Rialachán (AE) 2021/2116 chun ráta níos airde réamhíocaíochtaí a cheadú. Bhí go leor cúiseanna leis na maoluithe sin, lena n-áirítear coinbhleacht mhíleata san Eoraip agus sa Mheánoirthear, dálaí adhaimsire agus teagmhais aeráide eisceachtúla, agus méaduithe gan choinne ar phraghsanna ionchuir agus ar bhoilsciú d’fheirmeoirí, mar aon le praghsanna réasúnta íseal ar thráchtearraí talmhaíochta. Ós rud é nach dócha go réiteofar na brúnna breise sin sa bhliain 2026 nó 2027, is iomchuí, ar mhaithe le simpliú, na huasrátaí le haghaidh réamhíocaíochtaí i Rialachán (AE) 2021/2116 a athrú go buan, ionas go bhféadfar an ráta níos airde a íoc don chuid eile den chlárthréimhse reatha. |
|
(60) |
Le hAirteagal 53 de Rialachán (AE) 2021/2116, foráiltear, ar bhonn na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 9(3), an chéad fhomhír, pointe (a) agus pointe (d) den Rialachán sin, go bhfuil an Coimisiún le gníomhartha cur chun feidhme ina mbeidh a chinneadh maidir le cuntais na ngníomhaireachtaí íocaíochta creidiúnaithe a imréiteach, le haghaidh an chaiteachais dá dtagraítear in Airteagal 5(2) agus Airteagal 6 den Rialachán sin. Ba cheart Airteagal 53 de Rialachán (AE) 2021/2116 a leasú chun a chur san áireamh gur scriosadh an t-imréiteach feidhmíochta bliantúil dá bhforáiltear in Airteagal 54 de Rialachán (AE) 2021/2116 leis an Rialachán seo. |
|
(61) |
In Airteagal 54 de Rialachán (AE) 2021/2116, foráiltear, i gcás nach mbeidh aschur comhfhreagrach, mar a thuairiscítear sa tuarascáil feidhmíochta bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 9(3) agus Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2021/2116 agus in Airteagal 134 de Rialachán (AE) 2021/2115 ag an gcaiteachas dá dtagraítear in Airteagal 5(2) agus Airteagal 6 den Rialachán sin agus atá i gcomhréir leis na hidirghabhálacha dá dtagraítear i dTeideal III de Rialachán (AE) 2021/2115, tá an Coimisiún le gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh roimh an 15 Deireadh Fómhair den bhliain tar éis na bliana buiséadaí lena gcinnfear na méideanna atá le laghdú ó mhaoiniú an Aontais. Léiríonn an taithí a fuarthas ón gcéad bhliain de chur chun feidhme an chleachtaidh maidir le himréiteach feidhmíochta bliantúil, agus ó ullmhú an chleachtaidh le haghaidh an dara bliain, go bhfuil ualach riaracháin díréireach ar na Ballstáit maidir leis an bhfaisnéis is gá le haghaidh na tuarascála feidhmíochta bliantúla agus le linn an imréitigh feidhmíochta bhliantúil a ullmhú agus a sholáthar. Chun an t-ualach riaracháin ar na Ballstáit a laghdú, ba cheart an t-imréiteach feidhmíochta bliantúil dá bhforáiltear in Airteagal 54 de Rialachán (AE) 2021/2116 a scriosadh. An ceanglas go ndéanfar caiteachas arna dhéanamh ag gníomhaireachtaí íocaíochta a mheaitseáil le haschur comhfhreagrach, a leagtar síos in Airteagal 37(1), pointe (b)(i), den Rialachán sin, cumhdaítear é leis an nós imeachta comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 55 den Rialachán sin. |
|
(62) |
An ceanglas go ndéanfar caiteachas i gcomhréir leis na córais rialachais is infheidhme, a leagtar síos in Airteagal 37(1), pointí (b)(ii), de Rialachán (AE) 2021/2116, rialaíonn na gníomhaireachtaí íocaíochta é, agus fíoraíonn comhlachtaí deimhniúcháin é ina dhiaidh sin ar bhonn bliantúil, agus fíoraíonn an Coimisiún é i bhfoirm athbhreithnithe ar thuairimí agus tuarascálacha an chomhlachta deimhniúcháin agus mar chuid d’obair leantach ar na torthaí, agus le linn nósanna imeachta comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 55 den Rialachán sin. Soláthraíonn na nósanna imeachta sin an dearbhú is gá go mbaintear amach na haschuir réadaithe i gcomhréir le dlí an Aontais. In éineacht leis an athbhreithniú débhliantúil ar fheidhmíocht dá dtagraítear in Airteagal 135 de Rialachán (AE) 2021/2115, áirithítear leis na nósanna imeachta sin freisin go mbainfidh na Ballstáit amach na garspriocanna agus na spriocanna dá dtagraítear in Airteagal 109(1), pointe (a), den Rialachán sin, arna leagan síos acu mar chuid dá gcórais feidhmíochta sna Pleananna Straitéiseacha CBT. Ba cheart Airteagal 54 de Rialachán (AE) 2021/2116 a scriosadh, dá bhrí sin. |
|
(63) |
Ní mór ailíniú breise ionstraimí airgeadais CBT le hionstraimí airgeadais beartas eile faoi bhainistíocht chomhroinnte a bhaint amach i gcomhthéacs neamhrialtachtaí agus ceartuithe airgeadais, nuair a léiríonn comhlachtaí a chuireann ionstraimí airgeadais chun feidhme gur comhlíonadh tacar carnach coinníollacha. Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 57 de Rialachán (AE) 2021/2116 a leasú chun comhsheasmhacht le hAirteagal 103(6) de Rialachán (AE) 2021/1060 a áirithiú. |
|
(64) |
Tá gearán déanta ag feirmeoirí arís agus arís eile faoin mbrú a bhaineann le bheith faoi réir seiceálacha iomadúla i rith na bliana. Tá an fhéidearthacht ag na Ballstáit cheana roinnt seiceálacha a ghrúpáil in aon chuairt amháin ar an láthair. Chun an líon cuairteanna allamuigh in aghaidh na feirme a laghdú agus, ar an gcaoi sin, an t-ualach riaracháin ar thairbhithe a mhaolú, i gcás inar féidir, níor cheart do na Ballstáit tairbhí a roghnú a roghnaíodh cheana le haghaidh seiceáil ar an láthair don bhliain sin, ach amháin i gcás ina n-éilítear seiceáil bhreise leis na himthosca chun cosaint leasanna airgeadais an Aontais a áirithiú. Ina theannta sin, níor cheart leibhéal na seiceálacha a laghdú leis an laghdú sin. Chun na críche sin, ba cheart Airteagal 60(1) de Rialachán (AE) Uimh. 2021/2116 a leasú dá réir. |
|
(65) |
Ba cheart Airteagal 67(1) de Rialachán (AE) 2021/2116 a leasú chun an tagairt d’imréiteach feidhmíochta bliantúil a scriosadh dá dtagraítear in Airteagal 54 den Rialachán sin. |
|
(66) |
Léiríonn an taithí a fuarthas gur cheart na measúnuithe cáilíochta ar an gcóras aitheantais le haghaidh dáileachtaí talmhaíochta (LPIS), ar an gcóras iarratais geospásúil (GSA) agus ar an gcóras faireacháin limistéir (AMS) faoi seach a chumasc. Ós rud é go bhfuil na córais sin nasctha go dlúth, is dúshlán é measúnú a dhéanamh ar cháilíocht córais amháin gan an tionchar ar na córais eile a mheas. Thairis sin, trí na measúnuithe cáilíochta ar na córais sin a chumasc, thairbheodh riaracháin na mBallstát d’ualach oibre laghdaithe a bhaineann leis na nósanna imeachta cigireachta agus na hoibleagáidí tuairiscithe. Ina theannta sin, nuair is gá, bheadh sé de bhuntáiste ag na Ballstáit gníomhaíocht cheartaitheach aonair a mholadh lena gcuimseofaí na trí chóras sin, rud a mhéadódh a n-éifeachtúlacht. Chun na críche sin, ba cheart airteagal nua a chur isteach i Rialachán (AE) 2021/2116 agus ba cheart na tagairtí ábhartha a leasú dá réir. |
|
(67) |
Bunaithe ar na chéad bhlianta den chur chun feidhme, is cosúil go bhfuil sé iomarcach seiceálacha ar an láthair a dhéanamh ar idirghabhálacha a ndéantar faireachán orthu le sonraí satailíte ó na satailítí Sentinel de chuid chlár Copernicus nó le sonraí eile a bhfuil luach coibhéiseach ar a laghad acu, rud a chuireann ualach gan údar ar na Ballstáit agus ar na feirmeoirí. Dá bhrí sin, i gcás na gcoinníollacha incháilitheachta sin, níor cheart é a bheith d’oibleagáid ar na Ballstáit seiceálacha ar an láthair a dhéanamh, lena n-áirítear na seiceálacha sin a dhéantar go cianda trí húsáid na teicneolaíochta. Chuige sin, ba cheart Airteagal 72 de Rialachán (AE) Uimh. 2021/2116 a leasú dá réir. |
|
(68) |
Is léir ón taithí a fuarthas i gcur chun feidhme an chórais rialúcháin coinníollachta, lena n-áirítear trí nósanna imeachta comhréireachta, go bhfuil coinníollacha áirithe dolúbtha gan ghá agus go gcuireann siad ualach míchuí ar na Ballstáit, agus ní gá go gcuirfidís feabhas ar chosaint chistí an Aontais. Chun an córas rialúcháin a chuíchóiriú agus an t-ualach riaracháin a laghdú agus, an tráth céanna, a éifeachtacht a choinneáil ar bun maidir le comhlíonadh na gceanglas coinníollachta a fhíorú, ba cheart níos mó solúbthachta a thabhairt do na Ballstáit agus a gcórais rialaithe á gceapadh acu. Chuige sin, ba cheart an ceanglas maidir le hathbhreithniú bliantúil ar an gcóras rialúcháin a scriosadh agus ba cheart na tosca atá le breithniú san anailís riosca a fhágáil faoi rogha na mBallstát. |
|
(69) |
Le Rialachán (AE) 2024/1468, leasaíodh Airteagail 83 agus 84 de Rialachán (AE) 2021/2116 chun an t-ualach ar fheirmeoirí beaga agus ar riaracháin náisiúnta a laghdú, ualach a bhaineann le rialuithe agus pionóis choinníollachta. Go sonrach, díolmhaítear leis feirmeoirí a bhfuil uasmhéid gabháltas acu nach mó ná 10 heicteár de limistéar talmhaíochta a dhearbhaítear i gcomhréir le hAirteagal 69(1) de Rialachán (AE) 2021/2116 ó rialuithe coinníollachta agus ó chur i bhfeidhm pionós riaracháin maidir le neamhchomhlíonadh na gceanglas coinníollachta. Mar sin féin, áirítear san iarratas geospásúil dá dtagraítear in Airteagal 69(1) de Rialachán (AE) 2021/2116 limistéir seachas an limistéar talmhaíochta agus tá srianta teicniúla ann maidir leis na limistéir thalmhaíochta a ríomh, ós rud é go bhféadfaí cuid de na heilimintí agus de na gnéithe tírdhreacha a eisiamh ó na tomhais nó go bhféadfaidís athrú ó thaobh méide de le himeacht ama. Dá bhrí sin, ba cheart na díolúintí a bheith bunaithe ar an limistéar atá incháilithe do na híocaíochtaí agus ar an tacaíocht atá ábhartha don choinníollacht. |
|
(70) |
Thairis sin, ní fhéadfaidh tairbhithe beaga seachas feirmeoirí, ar nós bainisteoirí talún, tairbhiú de na díolúintí ó rialuithe agus pionóis choinníollachta. Mar sin féin, an t-ualach riaracháin a bhaineann leis na rialuithe agus cur i bhfeidhm pionós le haghaidh na gceanglas coinníollachta sin dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2021/2116, d’fhéadfadh sé a bheith ard ar bhealach díréireach do na tairbhithe sin. Ar an mbonn céanna, ós rud é go bhfuil an limistéar a bhainistíonn na tairbhithe sin teoranta agus go mbíonn na pionóis íseal i gcoitinne do thairbhithe beaga, d’fhéadfadh sé freisin go gcuirfeadh cur i bhfeidhm pionós ualach díréireach ar riaracháin na mBallstát. Dá bhrí sin, ba cheart tairbhithe beaga seachas feirmeoirí a dhíolmhú freisin ó rialuithe coinníollachta agus ó chur i bhfeidhm pionós riaracháin maidir le ceanglais choinníollachta. Mar sin féin, tá sé tábhachtach go leanfaidh CBT de bheith ag rannchuidiú leis na cuspóirí comhshaoil a leagtar amach in Airteagal 6(1), pointí (d), (e) agus (f), de Rialachán (AE) 2021/2115 trí cheanglais choinníollachta agus chun cobhsaíocht na gceanglas sin a áirithiú mar bhonnlíne choiteann do na Ballstáit agus na tairbhithe. Ba cheart feidhm a bheith fós ag na ceanglais choinníollachta dá bhrí sin maidir leis na tairbhithe uile a liostaítear in Airteagal 83(1) de Rialachán (AE) 2021/2116. |
|
(71) |
Is féidir leis an ualach riaracháin atá nasctha leis na rialuithe le haghaidh na gceanglas a bhaineann le caighdeán GAEC 7 dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2021/2116 a bheith ard ar bhealach díréireach d’fheirmeoirí beaga agus riaracháin náisiúnta. Dá bhrí sin, ba cheart an t-ualach ar fheirmeoirí beaga agus riaracháin náisiúnta atá nasctha leis na rialuithe dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2021/2116 a laghdú i leith chaighdeán GAEC 7. Feirmeoirí a bhfuil uasmhéid gabháltas acu nach mó ná 30 heictéar de limistéar talmhaíochta dearbhaithe, ba cheart iad a dhíolmhú ó rialuithe ar cheanglais a bhaineann le caighdeán GAEC 7. |
|
(72) |
Ós rud é, maidir leis an limistéar talmhaíochta atá faoi cheanglais a bhaineann le caighdeán GAEC 7 atá faoi bhainistíocht feirmeoirí beaga, go bhfuil sé teoranta, agus go bhféadfadh sé go gcuirfeadh cur i bhfeidhm pionós ualach díréireach ar riaracháin na mBallstát, ba cheart feirmeoirí beaga atá díolmhaithe ó rialuithe coinníollachta i leith caighdeán GAEC 7 a dhíolmhú freisin ó chur i bhfeidhm pionós riaracháin as neamhchomhlíonadh ceanglas a bhaineann le caighdeán GAEC 7. |
|
(73) |
Ba cheart leasú a dhéanamh ar Airteagail 102 agus 103 de Rialachán (AE) 2021/2116 lena leagtar síos rialacha a bhaineann le feidhmiú tharmligean na cumhachta chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh agus an nós imeachta coiste is infheidhme maidir le gníomhartha cur chun feidhme chun leasuithe ar fhorálacha eile de Rialachán (AE) 2021/2116 a chur san áireamh, go háirithe scriosadh Airteagal 54 de, a thugtar isteach leis an Rialachán seo. |
|
(74) |
Chun comhleanúnachas a áirithiú i measc fhorálacha éagsúla Rialachán (AE) 2021/2116, ba cheart an Rialachán sin a leasú chun tagairtí don nós imeachta maidir le himréiteach feidhmíochta bliantúil a scriosadh, go háirithe tagairtí d’Airteagal 54 den Rialachán sin. |
|
(75) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialacháin (AE) 2021/2115 agus (AE) 2021/2116 a leasú dá réir. |
|
(76) |
Ba cheart forálacha idirthréimhseacha a leagan síos i dtaca le leasuithe ar Airteagal 119 de Rialachán (AE) 2021/2115, a thugtar isteach leis an Rialachán seo, chun a áirithiú go bhformheasfar iarrataí ar leasú agus fógraí faoi mhodhnuithe ar Phleananna Straitéiseacha CBT arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag na Ballstáit roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo trí úsáid a bhaint as na nósanna imeachta is infheidhme tráth a chuirtear isteach na hiarrataí sin ar leasú nó ar fhógraí. |
|
(77) |
Chun a chur san áireamh gur scriosadh, leis an Rialachán seo, an t-imréiteach feidhmíochta bliantúil dá bhforáiltear in Airteagal 54 de Rialachán (AE) 2021/2116, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127 (14) ón gCoimisiún a leasú dá réir. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (15). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
|
(78) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme i bhfianaise scriosadh an imréitigh feidhmíochta bhliantúil dá bhforáiltear in Airteagal 54 de Rialachán (AE) 2021/2116, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128 ón gCoimisiún (16) a thabhairt cothrom le dáta dá réir. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17). |
|
(79) |
Chun cur chun feidhme rianúil na mbeart a thugtar isteach leis an Rialachán seo a áirithiú agus chun leibhéal riachtanach comhleanúnachais idir, ar thaobh amháin, an laghdú ar ualach riaracháin ar údaráis na mBallstát a bhfuil baint acu le hullmhú na tuarascála feidhmíochta bliantúla don bhliain airgeadais talmhaíochta 2025 agus, ar an taobh eile, scriosadh an imréitigh feidhmíochta bhliantúil ón mbliain airgeadais talmhaíochta 2025, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha ábhartha maidir leis an tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht agus maidir leis an imréiteach feidhmíochta i ndáil leis an mbliain airgeadais talmhaíochta 2025 agus i ndáil le gach bliain airgeadais talmhaíochta ina dhiaidh sin agus níor cheart aon tionchar a bheith aige ar bhlianta airgeadais talmhaíochta roimhe sin. |
|
(80) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach, ach i bhfianaise na nasc idir an Rialachán seo agus ionstraimí eile CBT, agus mar gheall ar ráthaíocht ilbhliantúil maoinithe ón Aontas agus an bealach a bhfuil an Rialachán seo nasctha go dlúth le gnóthú phríomhthosaíochtaí an Aontais, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. |
|
(81) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) agus thug an Maoirseoir tuairim an 10 Iúil 2025, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2021/2115
Leasaítear Rialachán (AE) 2021/2115 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 4(3), pointe (c), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre: ‘is é a bheidh i gceist le “féarthailte buana agus féarach buan” (dá dtagraítear i dteannta a chéile mar “féarthailte buana”) talamh a úsáidtear chun féar nó foráiste luibheach eile a fhás go nádúrtha (féinsíolaithe) nó trína shaothrú (síolaithe) agus nár áiríodh in uainíocht bharr an ghabháltais ar feadh 5 bliana nó níos mó nó, i gcás ina gcinneann na Ballstáit amhlaidh, ar feadh 7 mbliana nó níos mó agus, i gcás ina gcinneann na Ballstáit amhlaidh, nár treabhadh, ná nár saothraíodh, ná nár athshíolaíodh le cineálacha éagsúla féir ná foráiste luibheach eile, ar feadh 5 bliana nó níos mó nó ar feadh 7 mbliana nó níos mó; d’fhéadfaí go n-áireofaí speicis eile leis amhail toir nó crainn atá innilte agus, i gcás ina gcinneann na Ballstáit amhlaidh, speicis eile amhail toir nó crainn a dhéanann beatha ainmhithe a tháirgeadh, ar choinníoll go bhfuil na féara agus an foráiste luibheach eile ceannasach i gcónaí. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go leanfaidh talamh a aicmíodh mar thalamh arúil an 1 Eanáir 2026 de bheith aicmithe mar thalamh arúil agus nach n-athaicmítear mar fhéarthailte buana é fiú má tá an tréimhse dá dtagraítear sa chéad fhomhír imithe in éag agus nach ndearnadh an talamh a threabhadh, ná a shaothrú, ná a athshíolú le cineálacha éagsúla féir nó foráiste luibhigh eile.’ ; |
|
(2) |
in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír: ‘Go háirithe, an tacaíocht bhunúsach ioncaim i dtaobh na hinbhuanaitheachta, an tacaíocht ioncaim athdháilte fhorlíontach i dtaobh na hinbhuanaitheachta, an tacaíocht ioncaim fhorlíontach d’fheirmeoirí óga agus na scéimeanna aeráide, comhshaoil agus leasa ainmhithe, agus na híocaíochtaí géarchéime le feirmeoirí tar éis tubaistí nádúrtha, teagmhais dhíobhálacha aeráide nó teagmhais thurraingeacha, cáileoidh siad faoi na critéir i míreanna d’Iarscríbhinn 2 a ghabhann le Comhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir leis an Talmhaíocht a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo le haghaidh na n-idirghabhálacha sin. I gcás idirghabhálacha eile, is míreanna táscacha iad na míreanna d’Iarscríbhinn 2 a ghabhann le Comhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir leis an Talmhaíocht a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo agus féadfaidh na hidirghabhálacha sin, ina ionad sin, mír d’Iarscríbhinn 2 a ghabhann le Comhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir leis an Talmhaíocht a chomhlíonadh, nach liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, má shonraítear agus má mhínítear é sin sa Phlean Straitéiseach CBT.’ ; |
|
(3) |
leasaítear Airteagal 11 mar a leanas:
|
|
(4) |
in Airteagal 12, cuirtear an mhír seo a leanas isteach: ‘1a. De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, ní bheidh feidhm ag an gcóras coinníollachta maidir le tairbhithe íocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 28.’ |
|
(5) |
leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:
|
|
(6) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19: ‘Airteagal 19 Rannchuidiú le huirlisí bainistithe riosca De mhaolú ar Airteagal 44(1) de Rialachán (AE) 2021/2116, féadfaidh Ballstát a chinneadh suas le 3 % de na híocaíochtaí díreacha atá le híoc le feirmeoir a shannadh mar ranníocaíocht na bhfeirmeoirí le huirlisí bainistithe riosca. Na Ballstáit a chinnfidh úsáid a bhaint as an bhforáil seo, cuirfidh siad i bhfeidhm í maidir le gach feirmeoir a fhaigheann íocaíochtaí díreacha in aon bhliain ar leith. De rogha air sin, féadfaidh Ballstáit den sórt sin a chinneadh í a chur i bhfeidhm maidir leis na feirmeoirí a bhfuil uirlis bainistithe riosca ann dóibh in aon bhliain ar leith más fearr a chomhfhreagraíonn sé sin don uirlis bainistithe riosca atá i bhfeidhm.’ |
|
(7) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 28: ‘Airteagal 28 Íocaíochtaí le haghaidh feirmeoirí beaga 1. Féadfaidh na Ballstáit íocaíocht a dheonú d’fheirmeoirí beaga, arna cinneadh ag na Ballstáit, trí bhíthin cnapshuime nó méideanna eile in aghaidh an heicteáir a chuirfear in ionad na n-íocaíochtaí díreacha faoin Roinn seo agus faoi Roinn 3 den Chaibidil seo. Déanfaidh na Ballstáit an idirghabháil chomhfhreagrach a cheapadh sa Phlean Straitéiseach CBT mar idirghabháil roghnach d’fheirmeoirí. 2. De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh sna Pleananna Straitéiseacha CBT nach dtiocfaidh an íocaíocht le feirmeoirí beaga dá dtagraítear sa mhír sin in ionad íocaíochtaí díreacha a dhéantar chun tacú le héiciscéimeanna a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 31. 3. Ní bheidh an íocaíocht bhliantúil le haghaidh gach feirmeora faoi mhír 1 níos mó ná EUR 3 000. 4. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh cnapshuimeanna nó méideanna éagsúla in aghaidh an heicteáir a shocrú a bheidh nasctha le tairseacha limistéir éagsúla.’ |
|
(8) |
leasaítear Airteagal 31 mar a leanas:
|
|
(9) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 48: ‘Airteagal 48 Pleanáil agus tuairisciú ar leibhéal an chláir oibríochtúil Beidh feidhm ag Airteagal 7(1), pointe (a), Airteagal 102, Airteagal 111, pointí (g) agus (h), Airteagal 112(3), pointe (b), agus Airteagal 134 maidir leis na cineálacha idirghabhála sna hearnálacha dá dtagraítear in Airteagal 42, pointí (a), (d), (e) agus (f) ar leibhéal na gclár oibríochtúil, seachas ar leibhéal na hidirghabhála. Déanfar an phleanáil agus an tuairisciú le haghaidh na gcineálacha idirghabhála sin ar leibhéal na gclár oibríochtúil freisin.’ |
|
(10) |
in Airteagal 49, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre: ‘In earnáil na dtorthaí agus na nglasraí dá dtagraítear in Airteagal 42, pointe (a), saothróidh na Ballstáit ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 46. Cuimseofar na táirgí, bídís úr nó próiseáilte, faoi na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 46, pointí (d) go (i) agus (k), ach ní chuimseofar ach táirgí úra amháin leis na cuspóirí a leagtar amach i bpointí eile den Airteagal sin.’ ; |
|
(11) |
in Airteagal 52(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír: ‘Féadfar na teorainneacha sin a mhéadú faoi 0,5 pointe céatadáin, i gcás ina gcuimsítear sa chlár oibríochtúil idirghabháil amháin nó níos mó atá nasctha le haon cheann de na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 46, pointe (d), (e), (f), (h), (i) nó (j), ar choinníoll nach n-úsáidtear an méid atá os cionn an chéatadáin ábhartha a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo ach amháin chun caiteachas a eascraíonn as cur chun feidhme na n-idirghabhálacha sin a mhaoiniú. I gcás comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí, lena n-áirítear comhlachais thrasnáisiúnta eagraíochtaí táirgeoirí, féadfaidh an comhlachas na hidirghabhálacha sin a chur chun feidhme thar ceann a chomhaltaí.’ ; |
|
(12) |
leasaítear Airteagal 69 mar a leanas:
|
|
(13) |
leasaítear Airteagal 70 mar a leanas:
|
|
(14) |
in Airteagal 72(5), cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas: ‘De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh costais bhreise agus ioncam a tarscaoileadh a áireamh sa ríomh i ndáil le míbhuntáistí a eascraíonn as comhlíonadh chaighdeán GAEC 2 a bhunaítear faoi Chaibidil I, Roinn 2, den Teideal seo.’ ; |
|
(15) |
leasaítear Airteagal 73 mar a leanas:
|
|
(16) |
leasaítear Airteagal 75 mar a leanas:
|
|
(17) |
in Airteagal 76(5), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre: ‘Áiritheoidh na Ballstáit nach ndeonófar tacaíocht ach chun caillteanais a chúiteamh a sháraíonn tairseach 20 % ar a laghad den mheántáirgeacht bhliantúil nó de mheánioncam an fheirmeora le linn tréimhse 3 bliana roimhe sin nó le linn meántréimhse 3 bliana bunaithe ar an tréimhse 5 bliana roimhe sin, lena n-eisiatar an iontráil is airde agus an iontráil is ísle. Leis na huirlisí bainistithe riosca táirgeachta earnála, ríomhfar na caillteanais ar leibhéal an ghabháltais, ar leibhéal ghníomhaíocht an ghabháltais san earnáil lena mbaineann, sin nó i ndáil leis an limistéar sonrach atá faoi árachas. I gcás nach iomchuí na modhanna ríofa dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar na caillteanais ar bhonn mheántáirgeacht bhliantúil nó mheánioncam an fheirmeora thar thréimhse nach faide ná 8 mbliana, lena n-eisiatar an iontráil is airde agus an iontráil is ísle. Féadfaidh na Ballstáit measúnú malartach iomchuí a chur i bhfeidhm chun na caillteanais i gcás feirmeoirí óga agus feirmeoirí nua a ríomh.’ ; |
|
(18) |
in Airteagal 77(8), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
; |
|
(19) |
i dTeideal III, Caibidil IV, Roinn 1, cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 78a Íocaíochtaí géarchéime le feirmeoirí tar éis tubaistí nádúrtha, teagmhais dhíobhálacha aeráide nó teagmhais thurraingeacha 1. Féadfaidh na Ballstáit íocaíochtaí géarchéime a sholáthar d’fheirmeoirí gníomhacha a ndéanann tubaistí nádúrtha, teagmhais dhíobhálacha aeráide nó teagmhais thurraingeacha difear dóibh. Is é is aidhm do na híocaíochtaí sin leanúnachas ghníomhaíocht talmhaíochta na bhfeirmeoirí sin a áirithiú agus beidh siad faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo agus mar atá sonraithe a thuilleadh ag na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha CBT. 2. Beidh an tacaíocht faoin Airteagal seo faoi réir aitheantas foirmiúil ó údarás inniúil an Bhallstáit gur tharla tubaiste nádúrtha, teagmhas díobhálach aeráide nó teagmhas turraingeach, mar atá sainithe ag an mBallstát, agus gurbh iad na teagmhais sin, nó na bearta sin arna nglacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/2031 chun galar plandaí nó lotnaid a dhíothú nó a shrianadh, nó bearta arna nglacadh chun galair ainmhithe a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (*2) a chosc nó a dhíothú nó bearta arna nglacadh maidir le galar atá ag teacht chun cinn i gcomhréir le hAirteagal 6(3) agus Airteagal 259 de Rialachán (AE) 2016/429 ba chúis dhíreach le damáiste ar scriosadh 30 % ar a laghad de mheántáirgeacht bhliantúil an fheirmeora le linn na tréimhse 3 bliana roimhe sin nó le linn meántréimhse 3 bliana bunaithe ar an tréimhse 5 bliana roimhe sin mar thoradh air, lena n-eisiatar an iontráil is airde agus an iontráil is ísle. Ríomhfar na caillteanais ar leibhéal an ghabháltais, ar leibhéal ghníomhaíocht an ghabháltais san earnáil lena mbaineann nó i ndáil leis an réimse sonrach lena mbaineann. 3. Áiritheoidh na Ballstáit go ndíreofar tacaíocht faoin Airteagal seo ar na feirmeoirí is mó a ndéanann tubaistí nádúrtha, teagmhais dhíobhálacha aeráide nó teagmhais thurraingeacha difear dóibh, trí choinníollacha incháilitheachta a chinneadh ar bhonn na fianaise atá ar fáil. 4. Bunóidh na Ballstáit na rátaí tacaíochta is infheidhme chun an caillteanas táirgeachta a chúiteamh. Beidh na rátaí sin níos airde i gcás feirmeoirí a chumhdaítear le scéim árachais nó le huirlis bainistithe riosca eile. Féadfar innéacsanna a úsáid chun caillteanas táirgeachta a ríomh. 5. Agus tacaíocht á deonú faoin Airteagal seo, áiritheoidh na Ballstáit go seachnófar róchúiteamh mar thoradh ar mheascán idirghabhála faoin Airteagal seo agus ionstraimí tacaíochta náisiúnta eile nó ionstraimí tacaíochta eile de chuid an Aontais nó scéimeanna árachais phríobháidigh. 6. De mhaolú ar Airteagal 111, ní bheidh feidhm ag an gcéad mhír, pointí (h) agus (i) den mhír sin maidir le tacaíocht faoin gcineál idirghabhála seo. (*2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe coiscthe agus rialaithe galar a chur i bhfeidhm i leith catagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a bhfuil riosca suntasach ag gabháil leo maidir le leathadh na ngalar liostaithe sin (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/1882/oj).’;" |
|
(20) |
in Airteagal 79(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre: ‘Tar éis dul i gcomhairle leis an gcoiste faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 124 (“an coiste faireacháin”), déanfaidh an t-údarás bainistíochta náisiúnta, na húdaráis bhainistíochta réigiúnacha i gcás inarb ábhartha, nó comhlachtaí idirmheánacha ainmnithe na critéir roghnúcháin maidir le hidirghabhálacha a thagann faoi na cineálacha idirghabhála seo a leanas a leagan amach: infheistíochtaí, cabhrú le feirmeoirí óga agus feirmeoirí nua dul i mbun gnó, le gnólachtaí tuaithe nuathionscanta agus forbairt gnó feirmeacha beaga, comhar, malartú eolais agus scaipeadh faisnéise. Beidh sé d’aidhm leis na critéir roghnúcháin sin cóir chomhionann i leith na n-iarratasóirí, úsáid fheabhsaithe acmhainní airgeadais agus spriocdhíriú na tacaíochta i gcomhréir le cuspóir na n-idirghabhálacha a áirithiú.’ ; |
|
(21) |
leasaítear Airteagal 80 mar a leanas:
|
|
(22) |
leasaítear Airteagal 81 mar a leanas:
|
|
(23) |
in Airteagal 83(2), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:
; |
|
(24) |
in Airteagal 86, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3: ‘2. Caiteachas a thagann chun bheith incháilithe mar thoradh ar leasú ar Phlean Straitéiseach CBT, beidh sé incháilithe do ranníocaíocht ó CERT ó dháta éifeachta an leasaithe a shocraíonn an Ballstát lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 119(8), ach tráth nach luaithe ná an dáta a chuirtear an iarraidh ar leasú faoi bhráid an Choimisiúin, nó ón dáta a dhéantar fógra a chur faoi bhráid an Choimisiúin dá dtagraítear in Airteagal 119(9). 3. Caiteachas a thagann chun bheith incháilithe mar thoradh ar leasú ar Phlean Straitéiseach CBT, beidh sé incháilithe do ranníocaíocht ó CETFT ón dáta a chuirtear an iarraidh ar leasú faoi bhráid an Choimisiúin, nó ón dáta a thugtar fógra dá dtagraítear in Airteagal 119(9). De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo agus ar mhír 4, an dara fomhír, den Airteagal seo, féadfar a fhoráil sa Phlean Straitéiseach CBT, i gcásanna ina bhfuil bearta éigeandála i gceist i ngeall ar thubaistí nádúrtha, teagmhais thurraingeacha nó teagmhais dhíobhálacha aeráide nó i ngeall ar athrú suntasach agus tobann ar dhálaí socheacnamaíocha an Bhallstáit nó an réigiúin, go bhféadfar tús a chur le hincháilitheacht an chaiteachais arna mhaoiniú le CETFT a bhaineann le leasuithe ar an bPlean Straitéiseach CBT ón dáta a tharla an teagmhas.’ |
|
(25) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 96a Leithdháiltí airgeadais uasta le haghaidh íocaíochtaí géarchéime le feirmeoirí tar éis tubaistí nádúrtha, teagmhais dhíobhálacha aeráide nó teagmhais thurraingeacha 1. Beidh an t-uasmhéid i gcás gach Ballstáit a fhéadfar a fhorchoimeád le haghaidh na n-íocaíochtaí géarchéime le feirmeoirí tar éis tubaistí nádúrtha, teagmhais dhíobhálacha aeráide nó teagmhais thurraingeacha dá dtagraítear in Airteagal 78a teoranta do na méideanna bliantúla a leagtar amach in Iarscríbhinn XV. 2. An caiteachas CETFT iomlán ar na híocaíochtaí géarchéime dá dtagraítear in Airteagal 78a, ní sháróidh sé suim na leithdháiltí táscacha airgeadais le haghaidh an chineáil sin idirghabhála do na blianta airgeadais 2026 agus 2027, arna bhunú ag na Ballstáit ina bpleananna airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 112(2), pointe (a), agus arna fhormheas ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 119. Uasteorainn airgeadais arna socrú le dlí an Aontais a bheidh san uasteorainn airgeadais sin.’ |
|
(26) |
in Airteagal 103, cuirtear an mhír seo a leanas isteach: ‘6. D’ainneoin Airteagal 6(1) agus Airteagal 30(2) agus (3) de Rialachán (AE) Uimh. 228/2013, féadfaidh na Ballstáit ina bhfuil na réigiúin is forimeallaí de réir bhrí Airteagal 349 CFAE a chinneadh, in iarraidh ar leasú straitéiseach ar Phlean Straitéiseach CBT dá dtagraítear in Airteagal 119 den Rialachán seo, suas le 25 % den mhéid atá beartaithe ina bPleananna Straitéiseacha CBT dá réigiúin is forimeallaí a aistriú, ar cuid é den mhéid a leithdháiltear orthu don bhliain airgeadais forbartha tuaithe 2027 faoi Iarscríbhinn XI a ghabhann leis an Rialachán seo, chuig a gcláir POSEI a bhunaítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 chun iad a threisiú. Beidh réasúnú maidir leis an aistriú sin agus a rannchuidiú leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 6(1) agus (2) den Rialachán seo a ghnóthú san iarraidh ar leasú straitéiseach. Má dhéanann Ballstát aistriú i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo, measfar na huasmhéideanna bliantúla comhfhreagracha dá bhforáiltear in Airteagal 30(2) agus (3) de Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 don bhliain airgeadais 2027 a bheith méadaithe faoin méid sonrach a aistreofar a luaithe a bheidh an leasú ar an bPlean Straitéiseach CBT formheasta ag an gCoimisiún.’ |
|
(27) |
in Airteagal 111, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír: ‘Ní bheidh feidhm ag pointe (e) den chéad mhír maidir leis an gcineál idirghabhála in earnáil na beachadóireachta dá dtagraítear in Airteagal 55(1), pointí (a) agus (c) go (g), idirghabhálacha faoin gcineál idirghabhála in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 58(1), pointí (h) go (k), na gníomhaíochtaí faisnéise agus cur chun cinn le haghaidh scéimeanna cáilíochta faoin gcineál idirghabhála le haghaidh comhair dá dtagraítear in Airteagal 77, agus idirghabhálacha faoin gcineál idirghabhála le haghaidh íocaíochtaí géarchéime le feirmeoirí tar éis tubaistí nádúrtha, teagmhais dhíobhálacha aeráide nó teagmhais thurraingeacha dá dtagraítear in Airteagal 78a.’ ; |
|
(28) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 119: ‘Airteagal 119 Leasuithe ar an bPlean Straitéiseach CBT 1. Féadfaidh na Ballstáit a bPleananna Straitéiseacha CBT a leasú. Déanfaidh siad amhlaidh trí iarrataí ar leasú straitéiseach a thíolacadh de bhun mhír 2 nó trí fhógra a thabhairt faoin leasú de bhun mhír 9. 2. Cuirfear iarrataí ar leasuithe straitéiseacha ar a bPleananna Straitéiseacha CBT faoi bhráid an Choimisiúin. Tá na leasuithe seo a leanas ar na Pleananna Straitéiseacha CBT ina leasuithe straitéiseacha:
Beidh údar cuí leis na hiarrataí ar leasuithe straitéiseacha agus leagfar amach iontu, go háirithe, an tionchar a mbeifear ag súil leis ó na hathruithe ar an bPlean Straitéiseach CBT maidir leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 6(1) agus (2) a ghnóthú. Beidh an Plean Straitéiseach CBT leasaithe ag gabháil leo lena n-áirítear na hiarscríbhinní a thugtar cothrom le dáta de réir mar is iomchuí. 3. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht na leasuithe straitéiseacha leis an Rialachán seo agus le Rialachán (AE) 2021/2116, mar aon leis na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh dá mbun, agus rannchuidiú éifeachtach na leasuithe straitéiseacha leis na cuspóirí sonracha a ghnóthú. 4. Formheasfaidh an Coimisiún an leasú straitéiseach a iarrtar ar choinníoll gur chuir Ballstát lena mbaineann an fhaisnéis is gá faoina bhráid agus go bhfuil an leasú straitéiseach comhoiriúnach don Rialachán seo agus do Rialachán (AE) 2021/2116, mar aon leis na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh dá mbun. 5. Déanfaidh an Coimisiún a chuid barúlacha a thabhairt ina leith laistigh de 30 lá oibre ón dáta a chuirtear an iarraidh ar leasú straitéiseach faoina bhráid. Soláthróidh na Ballstáit an fhaisnéis bhreise ar fad is gá don Choimisiún. 6. Déanfaidh an Coimisiún iarraidh ar leasú straitéiseach a fhormheas tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis don Bhallstát í a thíolacadh. 7. Féadfar iarraidh ar leasú straitéiseach a thíolacadh dhá uair in aghaidh na bliana féilire, faoi réir díolúintí a d’fhéadfadh a bheith ann dá bhforáiltear sa Rialachán seo nó atá le cinneadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 122. Ina theannta sin, féadfar trí iarraidh bhreise ar leasú straitéiseach a thíolacadh le linn thréimhse an Phlean Straitéisigh CBT. Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le hiarrataí ar leasuithe chun eilimintí an Phlean Straitéisigh CBT atá in easnamh a thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 118(5). Ní chuirfear iarraidh ar leasú straitéiseach a bhaineann le hAirteagal 17(5), Airteagal 88(7) nó Airteagal 103(5) nó (6) san áireamh i leith na teorann a leagtar síos sa chéad fhomhír den mhír seo. 8. Gabhfaidh éifeacht le leasú straitéiseach a bhaineann le hAirteagal 17(5), Airteagal 88(7) nó Airteagal 103(1) i ndáil le CERT ón 1 Eanáir den bhliain féilire tar éis na bliana a d’fhormheas an Coimisiún an iarraidh ar an leasú straitéiseach sin agus tar éis an leasú comhfhreagrach a dhéanamh ar na leithdháiltí i gcomhréir le hAirteagal 87(2). Maidir le leasú straitéiseach a bhaineann le hAirteagal 103(1) nó (6) i ndáil le CETFT, gabhfaidh éifeacht leis tar éis don Choimisiún an iarraidh ar an leasú straitéiseach sin a fhormheas agus tar éis an leasú comhfhreagrach a dhéanamh ar na leithdháiltí i gcomhréir le hAirteagal 89(4). Gabhfaidh éifeacht le leasú straitéiseach a bhaineann le CERT, cé is moite de na leasuithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, ó dháta a chinnfidh an Ballstát ach tráth nach luaithe ná an dáta a chuirfear an iarraidh ar an leasú sin faoi bhráid an Choimisiúin. Féadfaidh na Ballstáit dáta éagsúil nó dátaí éagsúla éifeachta a shocrú do gach eilimint éagsúil an leasaithe straitéisigh. I gcás ina bhféadfadh an leasú straitéiseach na feirmeoirí lena mbaineann a chur i gcás nach bhfuil chomh fabhrach céanna leis an gcás a bhí acu roimh an leasú sin, cuirfidh na Ballstáit san áireamh, agus dáta éifeachta an leasaithe á chinneadh acu, an gá atá ag feirmeoirí agus tairbhithe eile a ndóthain ama a bheith acu an leasú sin a chur san áireamh. An dáta éifeachta atá beartaithe le haghaidh leasú straitéiseach a bhaineann le CERT, sonróidh an Ballstát é san iarraidh ar leasú straitéiseach agus beidh sé faoi réir fhormheas an Choimisiúin i gcomhréir le mír 10 den Airteagal seo. 9. Féadfaidh na Ballstáit, tráth ar bith, leasuithe a dhéanamh agus a chur i bhfeidhm ar a bPleananna Straitéiseacha CBT, seachas leasuithe straitéiseacha. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún faoi na leasuithe eile sin faoin tráth a thosóidh siad á gcur i bhfeidhm agus cuirfidh siad leis an bPlean Straitéiseach CBT leasaithe iad a thíolacfar in éineacht leis an gcéad iarraidh eile ar leasú straitéiseach i gcomhréir le mír 2. I gcás ina dtabharfar isteach leasuithe i ndáil le caighdeáin GAEC 1 agus 4, áiritheoidh na Ballstáit agus soláthróidh siad údar sonrach nach gcuirfidh na leasuithe sin cuspóirí comhshaoil agus aeráide i mbaol a bhaineann le caomhnú féarthailte buana nó le cosaint sruthanna uisce ar thruailliú, de réir mar is iomchuí. I gcás nach ndéanfaidh an Coimisiún agóid in aghaidh leasuithe ar tugadh fógra ina leith laistigh de 30 lá oibre ón dáta a chuirtear an fógra faoina bhráid, beidh éifeachtaí dlíthiúla ag na leasuithe ón dáta a chuirtear an fógra faoina bhráid. Déanfaidh an Coimisiún agóid in aghaidh leasú ar tugadh fógra ina leith má chinneann sé nach bhfuil an leasú comhoiriúnach don Rialachán seo ná do Rialachán (AE) 2021/2116, ná do na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh dá mbun. Na leasuithe ar tugadh fógra ina leith agus a ndearna an Coimisiún agóidí ina n-aghaidh, ní bheidh éifeachtaí dlíthiúla leo agus scriosfaidh na Ballstáit iad ón bPlean Straitéiseach CBT leasaithe a tíolacadh de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo. Ní bheidh an caiteachas a thiocfaidh as na leasuithe sin incháilithe le haghaidh ranníocaíocht ó CETFT ná ó CERT. Féadfaidh an Ballstát na leasuithe sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin lena bhformheas in iarraidh ar leasú straitéiseach dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo. Beidh feidhm mutatis mutandis ag na rialacha a bhaineann le formheas leasuithe straitéiseacha dá dtagraítear i míreanna 2 go 8 agus 10 agus 11 den Airteagal seo maidir le formheas leasuithe a ndearna an Coimisiún agóid ina n-aghaidh i gcomhréir leis an dara fomhír den mhír seo. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 121 maidir le gníomhaíochtaí an Choimisiúin de bhun na míre seo. 10. Déanfaidh an Coimisiún gach leasú straitéiseach a fhormheas trí bhíthin cinneadh cur chun feidhme gan an nós imeachta coiste dá dtagraítear in Airteagal 153 a chur i bhfeidhm. 11. Gan dochar d’Airteagal 86, ní bheidh éifeachtaí dlí ag leasuithe straitéiseacha go dtí go ndéanfaidh an Coimisiún iad a fhormheas. 12. Ceartúcháin ar earráidí cléireachais nó earráidí follasacha nó ceartúcháin de chineál eagarthóireachta amháin nach ndéanfaidh difear do chur chun feidhme an bheartais agus na hidirghabhála, ní mheasfar iad a bheith mar a bheadh iarraidh ar leasú nó ar fhógra faoin Airteagal seo. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir leis na ceartúcháin sin.’ |
|
(29) |
scriostar Airteagal 120; |
|
(30) |
in Airteagal 122, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
; |
|
(31) |
in Airteagal 124(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):
; |
|
(32) |
leasaítear Airteagal 134 mar a leanas:
|
|
(33) |
in Airteagal 155(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití: ‘Caiteachas a bhaineann le gealltanais dhlíthiúla i leith tairbhithe a thabhaítear faoi na bearta ilbhliantúla dá dtagraítear in Airteagail 22, 28, 29, 33 agus 34 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 nó an beart dá dtagraítear in Airteagal 31 den Rialachán sin, féadfaidh siad bheith incháilithe le haghaidh ranníocaíocht CETFT le linn thréimhse an Phlean Straitéisigh CBT, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:’ ; |
|
(34) |
scriostar Airteagal 159; |
|
(35) |
leasaítear Iarscríbhinní I, II agus III i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo; |
|
(36) |
cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo leis mar Iarscríbhinn XV. |
Airteagal 2
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2021/2116
Leasaítear Rialachán (AE) 2021/2116 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 9(3), an chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
; |
|
(2) |
in Airteagal 10(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
; |
|
(3) |
in Airteagal 12(2), an chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):
; |
|
(4) |
leasaítear Airteagal 21 mar a leanas:
|
|
(5) |
in Airteagal 32, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8: ‘8. Gan dochar d’Airteagal 53 agus 55, déanfaidh an Coimisiún íocaíochtaí eatramhacha laistigh de 45 lá tar éis do dhearbhú caiteachais, lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos i mír 6 den Airteagal seo, a bheith cláraithe.’ |
|
(6) |
leasaítear Airteagal 40 mar a leanas:
|
|
(7) |
in Airteagal 44(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír: ‘D’ainneoin na chéad fomhíre, féadfaidh na Ballstáit an méid a leanas a dhéanamh:
|
|
(8) |
in Airteagal 45(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
; |
|
(9) |
in Airteagal 53(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír: ‘Cumhdófar leis na gníomhartha cur chun feidhme sin sláine, cruinneas agus fírinne na gcuntas bliantúil a thíolacfar agus beidh siad gan dochar d’ábhar na ngníomhartha cur chun feidhme a ghlacfar ina dhiaidh sin de bhun Airteagal 55.’ ; |
|
(10) |
scriostar Airteagal 54; |
|
(11) |
in Airteagal 57, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘3. Na comhlachtaí a chuireann ionstraimí airgeadais chun feidhme, déanfaidh siad ranníocaíochtaí cláir a ndearna neamhrialtachtaí difear dóibh a aisíoc leis na Ballstáit, maille le hús agus aon ghnóthachain eile arna nginiúint ag na ranníocaíochtaí sin. De mhaolú ar mhír 1, na comhlachtaí a chuireann ionstraimí airgeadais chun feidhme, ní dhéanfaidh siad na méideanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a aisíoc leis na Ballstáit, ar choinníoll go léiríonn na comhlachtaí sin, i gcás neamhrialtacht áirithe, go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
|
|
(12) |
cuirtear an fhomhír seo a leanas le hAirteagal 60(1): ‘I gcás inar roghnaíodh tairbhí le haghaidh seiceáil ar an láthair ar iarratas ar chabhair, ar éileamh íocaíochta nó ar chomhlíonadh na rialacha maidir le coinníollacht de bhun Airteagal 83, ní roghnóidh na Ballstáit, a mhéid is féidir agus na rioscaí gaolmhara á gcur san áireamh, an tairbhí sin le haghaidh seiceáil agus sampla rialaithe ina dhiaidh sin le haghaidh na bliana sin, ach amháin i gcás ina n-éilítear seiceáil bhreise leis na himthosca chun cosaint éifeachtach leasanna airgeadais an Aontais a áirithiú. Ní laghdódh an fhoráil sin leibhéal na seiceálacha.’ ; |
|
(13) |
in Airteagal 67(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre: ‘Taifeadfaidh agus coinneoidh na Ballstáit aon sonraí agus doiciméadacht ar na haschuir bhliantúla a thuairiscítear i gcomhthéacs an dul chun cinn a thuairiscítear i dtreo spriocanna mar a leagtar amach sa Phlean Straitéiseach CBT agus ar a ndéantar faireachán i gcomhréir le hAirteagal 128 de Rialachán (AE) 2021/2115.’ ; |
|
(14) |
in Airteagal 68, scriostar mír 3; |
|
(15) |
leasaítear Airteagal 69 mar a leanas:
|
|
(16) |
in Airteagal 70, scriostar mír 2; |
|
(17) |
cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 70a Measúnú cáilíochta ar an gcóras aitheantais le haghaidh dáileachtaí talmhaíochta, ar an gcóras iarratais gheo-spásúil agus ar an gcórais faireacháin limistéir Gach bliain déanfaidh na Ballstáit measúnú ar cháilíocht na n-eilimintí dá dtagraítear in Airteagail 68, 69 agus 70 i gcomhréir leis an modheolaíocht arna bunú ar leibhéal an Aontais. I gcás ina léireofar sa mheasúnú go bhfuil easnaimh sna córais, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann gníomhaíochtaí ceartaitheacha iomchuí nó, dá uireasa sin, iarrfaidh an Coimisiún go ndéanfaidh an Ballstát sin plean gníomhaíochta a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 42. Tar éis an mheasúnaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil mheasúnachta agus, i gcás inarb iomchuí, na gníomhaíochtaí ceartaitheacha agus an tráthchlár chun iad a chur chun feidhme faoi bhráid an Choimisiúin faoin 15 Feabhra tar éis na bliana féilire lena mbaineann.’ |
|
(18) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 72: ‘Airteagal 72 Córas rialaithe agus pionóis Déanfaidh na Ballstáit córas rialaithe agus pionóis dá dtagraítear in Airteagal 66(1), pointe (e), a chur ar bun. Déanfaidh na Ballstáit, trí na gníomhaireachtaí íocaíochta nó na comhlachtaí arna dtarmligean acu, seiceálacha riaracháin ar bhonn bliantúil ar an iarratas ar chabhair agus ar na héilimh ar íocaíocht chun dlíthiúlacht agus rialtacht i gcomhréir le hAirteagal 59(1), pointe (a), a fhíorú. Déanfar na seiceálacha sin a fhorlíonadh le seiceálacha ar an láthair agus féadfar iad a dhéanamh go cianda trí úsáid a bhaint as an teicneolaíocht. Mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit a roghnú gan seiceálacha ar an láthair a dhéanamh i gcás ina ndéantar faireachán ar choinníollacha incháilitheachta na n-idirghabhálacha faoin gcóras faireacháin limistéir dá dtagraítear in Airteagal 70.’ |
|
(19) |
in Airteagal 74, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
; |
|
(20) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 75: ‘Airteagal 75 Cumhachtaí cur chun feidhme a bhaineann le hAirteagal 68 go 70a Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha maidir leis na nithe seo a leanas:
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 103(3).’ |
|
(21) |
leasaítear Airteagal 83 mar a leanas:
|
|
(22) |
leasaítear Airteagal 84 mar a leanas:
|
|
(23) |
leasaítear Airteagal 102 mar a leanas:
|
|
(24) |
in Airteagal 103(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír: ‘Chun críocha Airteagail 11, 12, 17, 18, 23, 26, 32, 39 go 44, 47, 51 go 53, 55, 58, 59, 60, 64, 75, 82, 92, 95 agus 100, a mhéid a bhaineann le hábhair a bhaineann le hidirghabhálacha i bhfoirm íocaíochtaí díreacha, idirghabhálacha in earnálacha áirithe, idirghabhálacha forbartha tuaithe agus chomheagrú na margaí, tabharfaidh an Coiste um na Cistí Talmhaíochta, Coiste an Chomhbheartais Talmhaíochta arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/2115 agus an Coiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 faoi seach, cúnamh don Choimisiún.’. |
Airteagal 3
Forálacha agus bearta idirthréimhseacha
1. Formheas iarrataí ar leasú ar Phleananna Straitéiseacha CBT a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, is le hAirteagal 119 de Rialachán (AE) 2021/2115 a rialófar iad de réir mar is infheidhme tráth a chuirfear na hiarrataí sin faoi bhráid an Choimisiúin.
2. Modhnuithe ar Phleananna Straitéiseacha CBT a dtugtar fógra don Choimisiún ina leith de bhun Airteagal 119(9) de Rialachán (AE) 2021/2115 ach nár fhormheas an Coimisiún roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, áireofar iad sa chéad iarraidh eile ar leasú straitéiseach ar an bPlean Straitéiseach CBT arna tíolacadh de bhun Airteagal 119(2) de Rialachán (AE) 2021/2115, arna leasú leis an Rialachán seo.
3. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 102 de Rialachán (AE) 2021/2116 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127 chun a léiriú gur scriosadh, leis an Rialachán seo, Airteagal 54 de Rialachán (AE) 2021/2116.
4. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena dtugtar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128 cothrom le dáta chun a léiriú gur scriosadh, leis an Rialachán seo, Airteagal 54 de Rialachán (AE) 2021/2116. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 103(3) de Rialachán (AE) Uimh. 2021/2116.
Airteagal 4
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag Airteagal 1, pointe (32), agus Airteagal 2, pointí (1), (2), (3), (4)(a), (5), (6), (8), (9), (10), (13), (23) agus (24), i ndáil leis an mbliain airgeadais talmhaíochta 2025 agus i ndáil le gach bliain airgeadais talmhaíochta ina dhiaidh sin.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Nollaig 2025.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. BJERRE
(1) Tuairim an 18 Meán Fómhair 2025 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil).
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Nollaig 2025 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 18 Nollaig 2025.
(3) Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2115/oj).
(4) Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 187, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2116/oj).
(5) Rialachán (AE) 2024/1468 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/2115 agus (AE) 2021/2116 a mhéid a bhaineann le caighdeáin maidir le dea-riocht talmhaíochta agus comhshaoil, scéimeanna aeráide, comhshaoil agus leasa ainmhithe, leasuithe ar Phleananna Straitéiseacha CBT, athbhreithniú ar Phleananna Straitéiseacha CBT agus díolúintí ó rialuithe agus pionóis (IO L, 2024/1468, 24.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1468/oj).
(6) Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1235 ón gCoimisiún an 12 Márta 2024 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na rialacha maidir leis an gcóimheas i dtaca le caighdeán 1 maidir leis an dea-riocht talmhaíochta agus comhshaoil (DRTC) (IO L, 2024/1235, 26.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1235/oj).
(7) Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le ceanglais bhreise maidir le cineálacha áirithe idirghabhála arna sonrú ag na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha CBT le haghaidh na tréimhse 2023 go 2027 faoin Rialachán sin mar aon le rialacha maidir leis an gcóimheas i dtaca le caighdeán 1 maidir leis an dea-riocht talmhaíochta agus comhshaoil (DRTC) (IO L 20, 31.1.2022, lch. 52, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/126/oj).
(8) Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (IO L 150, 14.6.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/848/oj).
(9) Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1060/oj).
(10) Rialachán (AE) 2023/2831 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2023 maidir hAirteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm maidir le cabhair de minimis (IO L, 2023/2831, 15.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2831/oj).
(11) Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/523/oj).
(12) Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 247/2006 ón gComhairle (IO L 78, 20.3.2013, lch. 23, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/228/oj).
(13) Rialachán (AE) Uimh. 229/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht i bhfabhar na n-oileán beag Aeigéach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1405/2006 ón gComhairle (IO L 78, 20.3.2013, lch. 41, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/229/oj).
(14) Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, urrúis agus úsáid an euro (IO L 20, 31.1.2022, lch. 95, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/127/oj).
(15) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2016/512/oj).
(16) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, seiceálacha, urrúis agus trédhearcacht (IO L 20, 31.1.2022, lch. 131, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/128/oj).
(17) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/182/oj).
(18) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
IARSCRÍBHINN I
(1)
in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tábla ‘Imréiteach feidhmíochta bliantúil – ASCHUR – Cineálacha idirghabhála agus a dtáscairí aschuir’:‘Faireachán – ASCHUR
Cineálacha idirghabhála agus a dtáscairí aschuir (*1)
|
Cineálacha idirghabhála |
Táscairí aschuir |
|
Comhar (Airteagal 77) |
O.1 Líon na dtionscadal grúpa oibríochtúil de chuid na Comhpháirtíochta Eorpaí um Nuáil (CEN) |
|
Malartú eolais agus scaipeadh faisnéise (Airteagal 78) |
O.2 Líon na ngníomhaíochtaí nó na n-aonad comhairle chun tacaíocht nuálaíochta a chur ar fáil chun tionscadail grúpa oibríochtúil na Comhpháirtíochta Eorpaí um Nuáil (CEN) a ullmhú nó a chur chun feidhme |
|
Táscairí cothrománacha |
O.3 Líon na dtairbhithe de thacaíocht CBT |
|
Tacaíocht bhunúsach ioncaim (Airteagal 21) |
O.4 An líon heicteár a bhaineann tairbhe as tacaíocht bhunúsach ioncaim |
|
Íocaíocht d’fheirmeoirí beaga (Airteagal 28) |
O.5 Líon na dtairbhithe nó na heicteár a bhaineann tairbhe as íocaíochtaí d’fheirmeoirí beaga |
|
Tacaíocht ioncaim fhorlíontach d’fheirmeoirí óga (Airteagal 30) |
O.6 Líon na heicteár a bhaineann tairbhe as tacaíocht ioncaim fhorlíontach d’fheirmeoirí óga |
|
Tacaíocht ioncaim athdháilte (Airteagal 29) |
O.7 An líon heicteár a bhaineann tairbhe as tacaíocht d’ioncaim athdháilte |
|
Éiciscéimeanna (Airteagal 31) |
O.8 An líon heicteár nó aonad beostoic nó coirceog a bhaineann tairbhe as tacaíocht d’éiciscéimeanna |
|
Uirlisí bainistithe riosca (Airteagal 76) |
O.9 Líon na n-aonad a chumhdaítear le huirlisí bainistithe riosca dá dtugtar tacaíocht CBT |
|
Íocaíochtaí géarchéime le haghaidh feirmeoirí tar éis tubaistí nádúrtha, teagmhais dhíobhálacha aeráide nó teagmhais thurraingeacha (Airteagal 78a) |
O.9a An líon feirmeoirí a thairbhíonn d’íocaíochtaí géarchéime tar éis tubaistí nádúrtha, teagmhais dhíobhálacha aeráide nó teagmhais thurraingeacha |
|
Tacaíocht ioncaim chúpláilte (Airteagal 32) |
O.10 An líon heicteár a fhaigheann tacaíocht ioncaim chúpláilte |
|
O.11 An líon feirmeoirí atá ina gceann gabháltais a thairbhíonn de thacaíocht ioncaim chúpláilte |
|
|
Srianta nádúrtha nó srianta eile a bhaineann go sonrach le limistéar (Airteagal 71) |
O.12 An líon heicteár a thairbhíonn de thacaíocht do limistéir a bhfuil srianta nádúrtha nó srianta sonracha eile ag bagairt orthu, lena n-áirítear miondealú de réir chineál na limistéar |
|
Míbhuntáistí de thoradh ceanglais éigeantacha áirithe a bhaineann go sonrach le limistéar (Airteagal 72) |
O.13 An líon heicteár a thairbhíonn de thacaíocht faoi Natura 2000 nó faoi Threoir 2000/60/CE |
|
Gealltanais chomhshaoil, gealltanais a bhaineann leis an aeráid agus gealltanais bhainistíochta eile (Airteagal 70) |
O.14 An líon heicteár (seachas foraoiseacht) nó líon na n-aonad eile a chumhdaítear le gealltanais chomhshaoil nó gealltanais a bhaineann leis an aeráid a théann thar na ceanglais éigeantacha |
|
O.15 An líon heicteár (foraoiseacht) nó líon aonad eile a chumhdaítear le gealltanais chomhshaoil nó gealltanais a bhaineann leis an aeráid a théann thar na ceanglais éigeantacha |
|
|
O.16 An líon heicteár nó líon na n-aonad eile atá faoi ghealltanais chothabhála le haghaidh foraoisiú agus agrafhoraoiseachta |
|
|
O.17 An líon heicteár nó líon na n-aonad eile a thairbhíonn de thacaíocht le haghaidh na feirmeoireachta orgánaí |
|
|
O.18 An líon aonad beostoic (LU) a thairbhíonn de thacaíocht le haghaidh leas agus sláinte ainmhithe nó níos mó bearta bithshlándála |
|
|
O.19 An líon oibríochtaí nó aonad lena dtugtar tacaíocht maidir le hacmhainní géiniteacha |
|
|
Infheistíochtaí (Airteagail 73 agus 74) |
O.20 An líon oibríochtaí nó aonad infheistíochta táirgiúla ar fheirmeacha dá dtugtar tacaíocht |
|
O.21 An líon oibríochtaí nó aonad infheistíochta neamhtháirgiúla ar fheirmeacha dá dtugtar tacaíocht |
|
|
O.22 An líon oibríochtaí nó aonad infheistíochta bonneagair dá dtugtar tacaíocht |
|
|
O.23 An líon oibríochtaí nó aonad infheistíochta neamhtháirgiúla taobh amuigh den fheirm dá dtugtar tacaíocht |
|
|
O.24 An líon oibríochtaí nó aonad infheistíochta táirgiúla taobh amuigh den fheirm dá dtugtar tacaíocht |
|
|
Cabhrú le feirmeoirí óga, feirmeoirí nua dul i mbun gnó, le gnólachtaí tuaithe nuathionscanta agus forbairt gnó d’fheirmeacha beaga (Airteagal 75) |
O.25 An líon feirmeoirí óga dá dtugtar tacaíocht maidir le dul i mbun gnó |
|
O.26 An líon feirmeoirí óga a fhaigheann tacaíocht maidir le dul i mbun gnó (seachas feirmeoirí óga a thuairiscítear faoi O.25) |
|
|
O.27 An líon gnólachtaí tuaithe a fhaigheann tacaíocht chun dul i mbun gnó |
|
|
O.27a An líon feirmeacha beaga a fhaigheann tacaíocht d’fhorbairt gnó |
|
|
Comhar (Airteagal 77) |
O.28 An líon grúpaí táirgeoirí agus eagraíochtaí táirgeoirí a fhaigheann tacaíocht |
|
O.29 An líon tairbhithe dá dtugtar tacaíocht chun bheith rannpháirteach i scéimeanna cáilíochta oifigiúla |
|
|
O.30 An líon oibríochtaí nó aonad dá dtugtar tacaíocht le haghaidh athnuachan ó ghlúin go glúin (seachas tacaíocht maidir le dul i mbun gnó) |
|
|
O.31 An líon straitéisí forbartha áitiúla (LEADER) nó gníomhaíochtaí ullmhúcháin dá dtugtar tacaíocht |
|
|
O.32 An líon oibríochtaí nó aonad eile comhair dá dtugtar tacaíocht (gan CEN a thuairiscítear in O.1 a áireamh) |
|
|
Malartú eolais agus scaipeadh faisnéise (Airteagal 78) |
O.33 An líon gníomhaíochtaí nó aonad oiliúna, comhairle agus feasachta dá dtugtar tacaíocht |
|
Táscairí cothrománacha |
O.34 An líon heicteár atá faoi chleachtais chomhshaoil (táscaire achoimre maidir leis an limistéar fisiceach a chumhdaítear faoi choinníollacht, éiciscéimeanna, agus gealltanais maidir le bainistiú agra-chomhshaoil-aeráide agus foraois-chomhshaoil-aeráide) |
|
Cineálacha idirghabhála in earnálacha áirithe (Airteagal 47) |
O.35 An líon clár oibríochtúil dá dtugtar tacaíocht |
|
Cineálacha idirghabhála san earnáil fíona (Airteagal 58) |
O.36 An líon gníomhaíochtaí nó aonad dá dtugtar tacaíocht in earnáil an fhíona |
|
Cineálacha idirghabhála san earnáil beachaireachta (Airteagal 55) |
O.37 An líon gníomhaíochtaí nó aonad chun an bheachaireacht a chaomhnú nó a fheabhsú |
(2)
in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115, sa Tábla ‘TACAÍOCHT INTÍRE ÓN EAGRAÍOCHT DHOMHANDA TRÁDÁLA DE BHUN AIRTEAGAL 10’, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas:|
‘Íocaíochtaí géarchéime le feirmeoirí tar éis tubaistí nádúrtha, teagmhais dhíobhálacha aeráide nó teagmhais thurraingeacha |
Airteagal 78a |
8’ |
(3)
leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115 mar a leanas:|
(a) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála ‘GAEC 1’:
|
|
(b) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála ‘GAEC 4’:
|
|
(c) |
san fhonóta a ghabhann leis an iontráil ‘GAEC 7’, scriostar an abairt dheireanach. |
(*1) Déanfaidh siad na sonraí maidir lena gcaiteachas arna chur in iúl a dhearbhú gach bliain.’;
(*2) Mar riail ghinearálta agus i gcomhréir le dlí an Aontais, sna stiallacha maoláin faoin gcaighdeán GAEC seo feadh sruthanna uisce, beidh íosleithead 3 mhéadar saor ó úsáid lotnaidicídí agus leasachán.
I limistéir ina bhfuil díoga suntasacha dí-uiscithe agus uiscithe, féadfaidh na Ballstáit, i gcás a bhfuil údar cuí leis le haghaidh na limistéar sin, an t-íosleithead a choigeartú i gcomhréir leis na cúinsí áitiúla sonracha.
Féadfaidh na Ballstáit, chun críocha an chaighdeáin GAEC seo, an sainmhíniú ar shruthanna uisce a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta a úsáid, ar choinníoll go bhfuil an sainmhíniú sin i gcomhréir le príomhchuspóir an chaighdeáin GAEC seo.’;
IARSCRÍBHINN II
‘IARSCRÍBHINN XV
An t-uasmhéid in aghaidh an Bhallstáit is féidir a chur in áirithe le haghaidh íocaíochtaí géarchéime le feirmeoirí dá dtagraítear in Airteagal 96a(1)
|
(Praghsanna reatha in EUR) |
||
|
Ballstát |
Bliain airgeadais 2026 |
Bliain airgeadais 2027 |
|
An Bheilg |
17 331 805 |
17 331 805 |
|
An Bhulgáir |
33 153 681 |
33 412 568 |
|
An tSeicia |
33 122 850 |
33 122 850 |
|
An Danmhairg |
28 149 040 |
28 149 040 |
|
An Ghearmáin |
180 241 656 |
180 241 656 |
|
An Eastóin |
8 705 240 |
8 791 062 |
|
Éire |
44 937 679 |
44 937 679 |
|
An Ghréig |
73 458 409 |
73 458 409 |
|
An Spáinn |
177 305 135 |
177 524 124 |
|
An Fhrainc |
261 562 218 |
261 394 218 |
|
An Chróit |
20 162 329 |
20 162 329 |
|
An Iodáil |
149 173 516 |
149 173 516 |
|
An Chipir |
2 142 542 |
2 142 542 |
|
An Laitvia |
14 276 793 |
14 429 368 |
|
An Liotuáin |
23 989 755 |
24 246 239 |
|
Lucsamburg |
1 351 754 |
1 351 754 |
|
An Ungáir |
49 801 629 |
49 801 629 |
|
Málta |
737 356 |
737 356 |
|
An Ísiltír |
23 719 521 |
23 719 521 |
|
An Ostair |
35 928 198 |
35 928 198 |
|
An Pholainn |
134 243 576 |
135 179 090 |
|
An Phortaingéil |
35 146 807 |
35 410 328 |
|
An Rómáin |
89 072 611 |
89 899 353 |
|
An tSlóivéin |
7 251 007 |
7 251 007 |
|
An tSlóvaic |
20 090 491 |
20 146 020 |
|
An Fhionlainn |
26 326 118 |
26 380 675 |
|
An tSualainn |
26 954 340 |
26 961 185 ’. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2649/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)