European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2643

29.12.2025

RIALACHÁN (AE) 2025/2643 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Nollaig 2025

lena mbunaítear an Clár um an Tionscal Cosanta Eorpach agus creat beart chun infhaighteacht agus soláthar tráthúil táirgí cosanta a áirithiú (Rialachán EDIP)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 114(1), 173(3), 212(2), agus 322(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a tharchur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (3),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (4),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá tionchar diúltach ar shlándáil an Aontais agus na mBallstát ag an gcogaíocht ard-déine a d’eascair as cogadh foghach gan chúis gan údar na Rúise ar an Úcráin agus ní mór méadú suntasach a dhéanamh ar acmhainneacht na mBallstát a gcumais chosanta a threisiú. Mar gheall ar shlándáil réigiúnach agus dhomhanda a bheith ag éirí níos measa le fada, tá gá le hathrú ó bhonn ar an scála agus ar an luas lenar féidir le Bonn Tionsclaíoch agus Teicneolaíoch na Cosanta Eorpaí (BTTCE) speictream iomlán cumas míleata a fhorbairt agus a tháirgeadh.

(2)

Gheall Cinn Stáit nó Rialtais an Aontais, ag teacht le chéile dóibh in Versailles an 11 Márta 2022, cumais chosanta Eorpacha a neartú. Chomhaontaigh siad a gcaiteachais chosanta a mhéadú, dlús a chur leis an gcomhar trí thionscadail chomhpháirteacha, agus trí sholáthar comhpháirteach na gcumas cosanta, easnaimh a dhúnadh, borradh a chur faoin nuálaíocht agus tionscal cosanta Eorpach a neartú agus a fhorbairt.

(3)

Chuir an Coimisiún agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’) Teachtaireacht Chomhpháirteach i láthair maidir leis an Anailís ar Bhearnaí Infheistíochta i Réimse na Cosanta agus an Bealach Chun Tosaigh an 18 Bealtaine 2022, inar léiríodh gurbh ann do bhearnaí airgeadais, tionsclaíocha agus cumais sa tionscal cosanta san Aontas.

(4)

Sna conclúidí uaithi an 14 agus 15 Nollaig 2023, chuir an Chomhairle Eorpach i dtábhacht, tar éis di an obair a bhreithniú a rinneadh chun dearbhú Versailles an 11 Márta 2022 agus an Compás Straitéiseach um Shlándáil agus Cosaint a d’fhormheas an Chomhairle an 21 Márta 2022, a chur chun feidhme, gur gá níos mó a dhéanamh chun cuspóirí an Aontais maidir le hullmhacht cosanta a mhéadú. Chun an ullmhacht sin a bhaint amach agus chun an tAontas a chosaint, is réamhriachtanas é tionscal cosanta Eorpach láidir, athléimneach, nuálach agus iomaíoch.

(5)

An 20 Iúil 2023, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Rialachán (AE) 2023/1525 (5), darb aidhm borradh a chur, ar bhonn práinneach, faoi acmhainneachtaí monaraíochta an tionscail cosanta Eorpaigh, slabhraí soláthair a dhaingniú, nósanna imeachta soláthair éifeachtúla a éascú, aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh in acmhainneachtaí táirgeachta agus infheistíochtaí a chur chun cinn. An 18 Deireadh Fómhair 2023, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Rialachán (AE) 2023/2418 (6), darb aidhm tacú leis an gcomhar idir na Ballstáit ag céim an tsoláthair chun na bearnaí is práinní agus is criticiúla a líonadh ar bhealach comhoibríoch, go háirithe na bearnaí sin a cruthaíodh leis an bhfreagairt ar chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin.

(6)

Dearadh Rialacháin (AE) 2023/1525 agus (AE) 2023/2418 mar chláir phráinnfhreagartha agus ghearrthéarmacha, a rachadh in éag an 30 Meitheamh 2025 agus an 31 Nollaig 2025 faoi seach.

(7)

Leis an Rialachán seo, ba cheart cur le Rialacháin (AE) 2023/1525 agus (AE) 2023/2418 agus lena loighic a leathnú faoi pheirspictíocht níos fadtéarmaí agus níos struchtúrtha, trí thacaíocht airgeadais a sholáthar don tréimhse 2025-2027 chun iomaíochas, freagrúlacht agus cumas BTTCE a threisiú chun infhaighteacht agus soláthar táirgí cosanta a áirithiú ar bhealach intuartha leanúnach tráthúil. I bhfianaise na staide slándála atá ann faoi láthair, is cosúil gur gá an tacaíocht sin ón Aontas a leathnú chun comhar idir na Ballstáit a dhreasú maidir le raon feidhme níos leithne trealaimh cosanta a sholáthar.

(8)

An 23 Meitheamh 2022, chinn an Chomhairle Eorpach stádas tír is iarrthóir a dheonú don Úcráin, rud a léirigh toil láidir go ndéanfaí an atógáil a nascadh le hathchóirithe agus í ar a conair Eorpach. An 15 Nollaig 2023, chinn an Chomhairle Eorpach tús a chur le caibidlíocht aontachais leis an Úcráin agus dhearbhaigh sí go bhfuil an tAontas agus a Bhallstáit tiomanta i gcónaí rannchuidiú, san fhadtéarma agus i gcomhar lena gcomhpháirtithe, leis na gealltanas slándála a tugadh don Úcráin, rud a chuideoidh leis an Úcráin í féin a chosaint, cur in aghaidh na n-iarrachtaí díchobhsaithe agus bac a chur ar ghníomhartha foghacha amach anseo. Tá tacaíocht láidir don Úcráin ina príomhthosaíocht ag an Aontas agus is freagairt iomchuí í ar thiomantas láidir polaitiúil an Aontais tacú leis an Úcráin a fhad is gá.

(9)

Mar dheasca an damáiste a rinne cogadh foghach na Rúise do gheilleagar, sochaí agus bonneagar na hÚcráine, agus go háirithe an damáiste a rinneadh do Bhonn Teicneolaíoch agus Tionsclaíoch Cosanta na hÚcráine (‘BTTC na hÚcráine’), tá gá le tacaíocht chuimsitheach chun BTTC na hÚcráine a atógáil. Tá an tacaíocht sin ríthábhachtach chun go mbeidh sé d’acmhainn ag an Úcráin feidhmeanna bunriachtanacha stáit a choinneáil ar bun, rannchuidiú le téarnamh tapa, le hatógáil agus nuachóiriú na tíre, le comhtháthú BTTC na hÚcráine in BTTCE, agus BTTC na hÚcráine a oiriúnú chun caighdeáin Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT) agus caighdeáin ábhartha eile a chomhlíonadh. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh BTTC láidir ag an Úcráin ar mhaithe lena slándáil fhadtéarmach agus ar mhaithe lena hatógáil.

(10)

Ba cheart don Aontas tacaíocht airgeadais a thabhairt do ghníomhaíochtaí lena dtacaítear le BTTC na hÚcráine a threisiú. Go háirithe, leis an Ionstraim Tacaíochta don Úcráin faoin Rialachán seo, ba cheart na Ballstáit a dhreasú chun dul i gcomhar leis an Úcráin agus le BTTC na hÚcráine d’fhonn acmhainneachtaí monaraíochta cosanta na hÚcráine a mhéadú agus soláthar comhoibríoch táirgí cosanta ó BTTC na hÚcráine a chothú. Tá an tacaíocht sin comhlántach leis an tacaíocht a sholáthraítear faoin tSaoráid don Úcráin a bunaíodh le Rialachán (AE) 2024/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), agus leis an tacaíocht mhíleata a sholáthraítear don Úcráin faoin tSaoráid Eorpach Síochána a bunaíodh le Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle (8) agus trí chúnamh déthaobhach arna thabhairt ag na Ballstáit. Tá sé comhsheasmhach freisin le tacaíocht leanúnach bhuanseasmhach an Aontais do neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta.

(11)

Ní mór an Rúis a thabhairt chun cuntais go hiomlán agus ní mór di íoc as an damáiste ollmhór a rinneadh de dheasca an chogaidh fhoghaigh atá á cur aici ar an Úcráin, ar sárú follasach é ar Chairt na Náisiún Aontaithe. Ba cheart don Aontas agus dá Bhallstáit, i ndlúthchomhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta eile, leanúint de bheith ag obair chun an sprioc sin a bhaint amach, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí idirnáisiúnta, agus á chur san áireamh go bhfuil an toirmeasc ar úsáid fornirt a chumhdaítear in Airteagal 2(4) de Chairt na Náisiún Aontaithe agus prionsabal na freagrachta Stáit as gníomhartha éagóracha idirnáisiúnta, lena n-áirítear an oibleagáid an damáiste atá inmheasúnaithe ó thaobh airgeadais de a chúiteamh, sáraithe go tromchúiseach ag an Rúis. I gcomhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta, rinneadh dul chun cinn maidir leis an gcaoi a bhféadfaí ioncam urghnách atá i seilbh eintitis phríobháideacha a eascraíonn go díreach as blocáil shócmhainní ceannasacha na Rúise a dhíriú ar thacaíocht a thabhairt don Úcráin, lena n-áirítear BTTC na hÚcráine, ar bhealach atá comhsheasmhach leis na hoibleagáidí conarthacha is infheidhme agus i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí idirnáisiúnta. D’fhéadfaí tacaíocht bhreise a fháil trí úsáid a bhaint as iarmhéideanna urghnácha airgid thirim na dtaisclann lárnach urrús a thagann ón ioncam neamhthuartha urghnách arna eascairt as sócmhainní ceannasacha blocáilte na Rúise, nó as aon bheart sriantach ábhartha eile de chuid an Aontais, dá n-aistreofaí na hiarmhéideanna sin chuig an Aontas.

(12)

Tar éis do cheannairí G7 a dhearbhú go daingean go raibh siad tiomanta cabhrú leis an Úcráin a riachtanais phráinneacha mhaoinithe ghearrthéarmacha a chomhlíonadh agus tacú lena tosaíochtaí fadtéarmacha téarnaimh agus atógála, an 28 Deireadh Fómhair 2024, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Rialachán (AE) 2024/2773 (9) lenar bunaíodh an Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin agus lenar soláthraíodh cúnamh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin. Foráiltear le Rialachán (AE) 2024/2773 go n-áireofar, sa mheabhrán tuisceana maidir le coinníollacha beartais don chúnamh macrairgeadais sin, gealltanas chun comhar leis an Aontas a chur chun cinn maidir le téarnamh, atógáil agus nuachóiriú thionscal cosanta na hÚcráine, i gcomhréir le cuspóirí chláir an Aontais agus cláir ábhartha eile de chuid an Aontais darb aidhm BTTC na hÚcráine, a théarnamh, a atógáil agus a nuachóiriú.

(13)

Ba cheart comhaontú maoiniúcháin de réir bhrí Airteagal 114(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) (‘an Rialachán Airgeadais’) a thabhairt i gcrích leis an Úcráin chun na gníomhaíochtaí a leagtar amach sa Rialachán seo a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí iad a bhaineann leis an Úcráin nó le heintitis dhlítheanacha atá bunaithe san Úcráin a fhaigheann cistiú ón Aontas. Leis an gcomhaontú maoiniúcháin leis an Úcráin, mar aon leis na conarthaí agus na comhaontuithe a síníodh le heintitis dhlítheanacha atá bunaithe san Úcráin agus a fhaigheann cistiú ón Aontas, ba cheart comhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 129 den Rialachán Airgeadais a áirithiú.

(14)

Chun cistiú a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí darb aidhm iomaíochas agus ullmhacht BTTCE a neartú bunaithe ar Airteagal 173 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus ar na gníomhaíochtaí darb aidhm rannchuidiú le téarnamh, atógáil agus nuachóiriú BTTC na hÚcráine, agus é á chur san áireamh go bhféadfaí é a chomhtháthú amach anseo in BTTCE, faoi Airteagal 212 CFAE, ba cheart Clár um an Tionscal Cosanta Eorpach (an ‘Clár’) a bhunú leis an Rialachán seo ina leagfar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht airgeadais a fháil ón Aontas faoi Airteagal 173 CFAE agus Ionstraim um Thacaíocht don Úcráin ina leagfar amach na coinníollacha sonracha maidir le tacaíocht airgeadais a fháil ón Aontas faoi Airteagal 212 CFAE.

(15)

Ba cheart an Clár a bheith comhsheasmhach leis na tosaíochtaí maidir le cumas cosanta arna gcomhaontú go comhchoiteann ag na Ballstáit faoi chuimsiú an chomhbheartais eachtraigh agus slándála (CBES), comhar na mBallstát faoi chuimsiú an bhuanchomhair struchtúrtha (PESCO) a bunaíodh le Cinneadh (CBES) 2017/2315 ón gComhairle (11), tionscnaimh agus tionscadail na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint (GEC), agus chúnamh sibhialta agus míleata an Aontais don Úcráin. Ba cheart an aird chuí a thabhairt sa Chlár ar na gníomhaíochtaí ábhartha arna ndéanamh ag ECAT agus ag comhpháirtithe eile nuair a fhónann na gníomhaíochtaí sin do leasanna slándála agus cosanta an Aontais.

(16)

Leis an Rialachán seo, ba cheart imchlúdach airgeadais a leagan síos don tréimhse 2025 go 2027 arb éard a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha, de réir bhrí pointe 18 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais chomh maith le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (12), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil. Is iomchuí cead a thabhairt acmhainní airgeadais breise a chur ar fáil don Chlár agus don Ionstraim um Thacaíocht don Úcráin, lena n-áirítear trí ranníocaíochtaí breise arna soláthar ag na Ballstáit.

(17)

Dúirt an Chomhairle Eorpach, sna conclúidí uaithi i mí Iúil 2020, gur cheart, de ghnáth, ré chláir earnála an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) a ailíniú le creat ama CAI 2021-2027. Nuair a rachaidh CAI 2021-2027 in éag, beidh cistiú ón Aontas do chláir earnála faoi réir thoradh na caibidlíochta maidir leis an gcéad CAI eile, is infheidhme ó 2028 ar aghaidh.

(18)

D’fhéadfaí na féidearthachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 73(4) de Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) a chur i bhfeidhm ar choinníoll go gcomhlíonann an tionscadal na rialacha a leagtar amach sa Rialachán sin agus raon feidhme Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus Chiste Sóisialta na hEorpa Plus mar a leagtar amach é i Rialacháin (AE) 2021/1058 (14) agus (AE) 2021/1057 (15) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, faoi seach. D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh go háirithe i gcás ina mbíonn clistí margaidh sonracha nó cásanna infheistíochta fo-optamacha roimh tháirgeadh táirgí cosanta ábhartha i gcríocha na mBallstát, go háirithe i limistéir leochaileacha agus iargúlta, agus i gcás ina rannchuidíonn na hacmhainní sin le cuspóirí an chláir óna n-aistrítear iad a bhaint amach. I gcomhréir le hAirteagal 24 de Rialachán (AE) 2021/1060, tá an Coimisiún le measúnú a dhéanamh ar na cláir leasaithe arna gcur isteach ag an mBallstát agus barúlacha a thabhairt laistigh de 2 mhí tar éis chur isteach an chláir leasaithe.

(19)

I bhfianaise an ghá atá le hinfheistíocht níos fearr a dhéanamh le chéile in iomaíochas, freagrúlacht agus cumas BTTCE chun infhaighteacht agus soláthar tráthúil táirgí cosanta a áirithiú agus i dtéarnamh, atógáil agus nuachóiriú BTTC na hÚcráine, ba cheart do na Ballstáit, d’institiúidí, comhlachtaí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, do thríú tíortha, d’eagraíochtaí idirnáisiúnta, d’institiúidí idirnáisiúnta airgeadais agus do thríú páirtithe eile a bheith in ann rannchuidiú le cur chun feidhme an Chláir agus na hIonstraime um Thacaíochta don Úcráin. Ba cheart ranníocaíochtaí den sórt sin a chur chun feidhme i gcomhréir leis na rialacha agus na coinníollacha céanna agus ba cheart iad a bheith ina n-ioncam sannta seachtrach de réir bhrí Airteagal 21(2), pointe (a), (d) nó (e), den Rialachán Airgeadais agus ba cheart iad a léiriú sa nós imeachta buiséadach bliantúil i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais. Ba cheart an tsolúbthacht a bheith ag na Ballstáit cinneadh a dhéanamh maidir le leithdháileadh na méideanna arna ranníoc leis an gClár nó leis an Ionstraim um Thacaíocht don Úcráin. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a roghnú go gcuirfí na cistí sin ar fáil do na heintitis uile atá incháilithe chun cistiú a fháil faoin Rialachán seo, nach gcuirfí ar fáil iad ach chun tairbhe na mBallstát lena mbaineann amháin, nó go gcuirfí ar fáil iad chun tairbhe Ballstát eile nó, i gcás inarb ábhartha, chun tairbhe na hÚcráine. Tá an tsolúbthacht sin fíor-riachtanach chun a áirithiú go mbainfear an úsáid is éifeachtúla as acmhainní agus gur féidir cistiú a leithdháileadh sna háiteanna is mó a bhfuil gá léi.

(20)

Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann an tsolúbthacht a úsáid agus a gcuid leithdháiltí bainistíochta comhpháirtí á gcur chun feidhme, ar leithdháiltí iad a chuirtear ar fáil le Rialachán (AE) 2021/1060. Ba cheart a bheith in ann, mar sin, leibhéil áirithe chistithe a aistriú idir leithdháiltí bainistíochta comhpháirtí agus an Clár nó an Ionstraim um Thacaíocht don Úcráin, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1060. Ba cheart é a bheith indéanta acmhainní nár gealladh fós faoi dheireadh 2028 a aistriú ar ais chuig clár foinseach amháin nó níos mó faoi seach, arna iarraidh sin don Bhallstát lena mbaineann, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1060.

(21)

Féadfaidh na cuspóirí a shaothraítear faoin gClár chun iomaíochas agus ullmhacht BTTCE a mhéadú trí choigeartú an tionscail a thionscnamh agus trí dhlús a chur le coigeartú an tionscail d’athruithe struchtúracha arna bhforchur ag an timpeallacht slándála atá ag athrú, lena n-áirítear d’fhonn slándáil soláthair táirgí cosanta a áirithiú ar fud an Aontais, féadfaidh na cuspóirí sin rannchuidiú le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais a chur chun cinn mar a fhoráiltear faoi Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16). Dá bhrí sin, ba cheart foráil a dhéanamh chun go bhféadfar ranníocaíochtaí na mBallstát a fhaigheann tacaíocht ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a úsáid chun tacú le gníomhaíochtaí atreisithe thionsclaíoch faoin Rialachán seo. Ba cheart an fhéidearthacht sin a úsáid a mhéid a rannchuidíonn sí leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2021/241 a bhaint amach. Tá cur i bhfeidhm an phrionsabail ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) fíor-riachtanach chun a áirithiú go ndéanfar na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a dhéantar faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a chur chun feidhme ar bhealach inbhuanaithe. Tá gach beart a fhaigheann tacaíocht ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta le déanamh i gcomhréir le acquis comhshaoil an Aontais is infheidhme agus le acquis comhshaoil náisiúnta is infheidhme, go háirithe maidir le measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol agus cosaint an dúlra. Ag an am céanna, de bharr a gcineáil féin, is dócha go ndéanfaidh roinnt táirgí deiridh cosanta dochar díreach nó indíreach don chomhshaol. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh sé indéanta an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ a chur i bhfeidhm maidir le rannchuidiú na mBallstát lena dtacaítear le gníomhaíochtaí treisithe tionsclaíocha a bhaineann leis na táirgí sin. Ina theannta sin, d’fhéadfadh sé a bheith iomchuí gan an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ a chur i bhfeidhm i gcás ina mbaineann an ghníomhaíocht atreisithe thionsclaíoch a dtacaítear léi le táirgí cosanta, nó le comhpháirteanna nó amhábhair chosanta atá beartaithe nó a úsáidtear go hiomlán chun táirgí cosanta a tháirgeadh. Go deimhin, tá an tAontas ag dul i ngleic le meath mór ar a chomhthéacs slándála, rud a mhéadaigh leibhéal na bagartha don Aontas. Chuige sin, tá gá le hinfheistíochtaí ollmhóra láithreacha in athléimneacht agus uas-scálú BTTCE agus tacaíocht a thabhairt dó chun a chumas ullmhú do ghéarchéimeanna soláthair amach anseo a neartú agus chun infhaighteacht agus soláthar tráthúil táirgí cosanta ar fud an Aontais a áirithiú. Is é atá sa mhéid sin, sa chás seo, cuspóir sáraitheach den tslándáil phoiblí a bhfuil tosaíocht aige ar chúinsí eile. Sa chomhthéacs sin, is gá aon suaitheadh feadh shlabhraí soláthair na cosanta a chosc, go háirithe trína cheadú tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí treisithe tionsclaíocha a bhaineann le táirgí, comhpháirteanna agus amhábhair chosanta, i gcás inarb iomchuí, gan srianta a bhaineann le cur i bhfeidhm an phrionsabail ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’. Dá bhrí sin, i gcás ina n-úsáideann na Ballstáit a rannchuidiú deonach le tacaíocht ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta i bhfabhar gníomhaíochtaí treisithe tionsclaíocha faoin Rialachán seo, níor cheart na gníomhaíochtaí sin a bheith faoi réir chur i bhfeidhm an phrionsabail ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’, ar choinníoll go dtugann an Ballstát lena mbaineann údar sa chomhaontú ranníocaíochta leis an gCoimisiún nach bhfuil sé indéanta ná iomchuí a áirithiú go gcomhlíonann na cineálacha gníomhaíochtaí a bheartaítear le tacaíocht a fháil faoin Rialachán seo an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’.

(22)

Ba cheart do thríú tíortha ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a bheith in ann a bheith rannpháirteach sa chlár mar thíortha comhlachaithe faoi chuimsiú an chomhair arna bhunú faoin gComhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (18), lena bhforáiltear do chur chun feidhme na gclár ar bhonn cinneadh arna ghlacadh faoin gComhaontú sin.

(23)

Ós rud é gurb é is aidhm don Rialachán seo iomaíochas agus éifeachtúlacht thionscail cosanta an Aontais agus na hÚcráine a fheabhsú, agus chun a áirithiú go gcosnófar leasanna slándála agus cosanta bunriachtanacha an Aontais agus a Bhallstát, chun tairbhiú de thacaíocht airgeadais ón Aontas faoin gClár agus faoin Ionstraim um Thacaíocht don Úcráin, ba cheart faighteoirí na tacaíochta airgeadais sin a bheith ina n-eintitis dhlítheanacha atá bunaithe san Aontas, i dtíortha comhlachaithe nó san Úcráin agus a bhfuil a struchtúir bainistíochta feidhmiúcháin acu san Aontas, i dtíortha comhlachaithe nó san Úcráin agus a úsáideann, chun críocha na gníomhaíochta, bonneagar, saoráidí, sócmhainní agus acmhainní atá lonnaithe ar chríoch Ballstáit, críoch tíre comhlachaithe nó críoch na hÚcráine. Ina theannta sin, níor cheart faighteoirí tacaíochta airgeadais a bheith faoi réir rialú tríú tír neamhchomhlachaithe seachas an Úcráin ná faoi rialú eintiteas de chuid tríú tír eile. Ós amhlaidh atá, ba cheart rialú a thuiscint mar an cumas tionchar cinntitheach a fheidhmiú ar eintiteas dlítheanach go díreach nó go hindíreach trí eintiteas dlítheanach idirmheánach amháin nó níos mó. I gcás inar Ballstáit, tíortha comhlachaithe nó an Úcráin iad faighteoirí na tacaíochta airgeadais sin, chun críche soláthair chomhoibríoch, ba cheart feidhm a bheith ag critéir choibhéiseacha maidir leis na conraitheoirí agus na fochonraitheoirí le haghaidh na gconarthaí soláthair, d’fhonn a áirithiú go mbeidh feidhm ag na coinníollacha céanna maidir leo agus a léiriú ag an am céanna nach faighteoirí cistithe ón Aontas iad na conraitheoirí agus na fochonraitheoirí sin.

(24)

Leis na critéir incháilitheachta, ba cheart na slabhraí soláthair atá ann cheana agus an comhar tionsclaíoch le tríú tíortha neamhchomhlachaithe seachas an Úcráin a chur san áireamh agus ba cheart a bheith in ann na ceanglais cumais a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, ba cheart soláthairtí comhoibríocha lena mbaineann fochonraitheoir amháin a leithdháiltear idir 15 % agus 35 % de luach an chonartha, agus nach bhfuil bunaithe nó nach bhfuil a struchtúir bainistíochta feidhmiúcháin san Aontas, i dtír chomhlachaithe nó, i gcás inarb ábhartha, san Úcráin, ba cheart na soláthairtí sin a bheith incháilithe chun cistiú a fháil faoin gClár agus faoin Ionstraim um Thacaíocht don Úcráin, faoi choinníoll áirithe.

(25)

In imthosca áirithe, ba cheart a bheith in ann maolú ón bprionsabal go n-úsáidfeadh eintitis dhlíthiúla atá páirteach i ngníomhaíocht a fhaigheann tacaíocht ón gClár, go n-úsáidfidís bonneagar, saoráidí, sócmhainní agus acmhainní atá suite ar chríoch Ballstáit nó tíre comhlachaithe, agus nach mbeidís faoi réir rialú ag tríú tíortha neamhchomhlachaithe nó ag eintitis de chuid tríú tíortha neamhchomhlachaithe. Sa chomhthéacs sin, ba cheart d’eintiteas dlítheanach atá bunaithe san Aontas nó i dtír chomhlachaithe a úsáideann bonneagar, saoráidí, sócmhainní nó acmhainní atá lonnaithe lasmuigh de chríoch Ballstáit nó críoch tíre comhlachaithe, nó atá á rialú ag tríú tír neamhchomhlachaithe nó ag eintiteas de chuid tríú tír neamhchomhlachaithe, ba cheart dó a bheith in ann a bheith rannpháirteach mar fhaighteoir má chomhlíontar coinníollacha dochta a bhaineann le leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus a Bhallstát, lena n-áirítear prionsabal an dea-chaidrimh comharsanachta, mar a bhunaítear faoi chuimsiú CBES de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), lena n-áirítear i ndáil le BTTCE a neartú. Ba cheart maoluithe comhchosúla a chur ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht faoin Ionstraim um Thacaíocht don Úcráin, chun go bhféadfar úsáid a bhaint as bonneagar, saoráidí, sócmhainní nó acmhainní atá lonnaithe lasmuigh de chríoch Ballstáit nó na hÚcráine, agus go bhféadfaidh eintitis dhlítheanacha atá bunaithe san Aontas agus atá á rialú ag tríú tír seachas an Úcráin nó ag eintiteas eile de chuid tríú tír a bheith páirteach sna gníomhaíochtaí sin.

(26)

Ba cheart eintitis dhlítheanacha atá bunaithe san Aontas nó i dtír chomhlachaithe agus atá á rialú ag tríú tír neamhchomhlachaithe nó ag eintiteas de chuid tríú tír neamhchomhlachaithe a bheith incháilithe le bheith ina bhfaighteoir má chuirtear ráthaíochtaí ar fáil don Choimisiún, arna bhformheas i gcomhréir le nósanna imeachta náisiúnta an Bhallstáit nó na tíre comhlachaithe ina bhfuil siad bunaithe, agus má dhéantar measúnú orthu sula ndéanfar cinneadh cistiú ón Aontas a dhámhachtain. Níor cheart na ráthaíochtaí sin a eisiúint ach amháin ar choinníoll go gcomhlíonfar agus go gcoinneofar ar bun, le linn na gníomhaíochta, coinníollacha dochta a bhaineann le leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus a Bhallstát, mar a bhunaítear faoi chuimsiú CBES de bhun Theideal V CAE. Ag teacht le chéile dóibh mar an Coiste, ba cheart don Choimisiún na Ballstáit a chur ar an eolas faoi eintitis dhlítheanacha a mheastar a bheith incháilithe tar éis an mheasúnaithe sin. Chun trédhearcacht a áirithiú maidir leis an bhfaireachán ar chomhlíonadh leanúnach na gcoinníollacha incháilitheachta, tuairisceofar freisin do na Ballstáit, ag teacht le chéile dóibh mar choiste, faisnéis a bhaineann le measúnú incháilitheachta a dhéantar ina dhiaidh sin, mar gheall—inter alia —ar athrú úinéireachta tuairiscithe le linn an chur chun feidhme. Níor cheart rannpháirtíocht eintiteas arna rialú ag tíortha neamhchomhlachaithe nó ag eintitis de chuid tríú tíortha neamhchomhlachaithe cuspóirí an Rialacháin seo a shárú. Chun críocha na hIonstraime um Thacaíocht don Úcráin, ba cheart feidhm a bheith ag rialacha den sórt sin maidir le hincháilitheacht céanna i gcás eintitis dhlítheanacha atá bunaithe san Aontas agus atá á rialú ag tríú tír neamhchomhlachaithe seachas an Úcráin nó ag eintiteas de chuid tríú tír eile.

(27)

Chun iomaíochas BTTCE a mhéadú, chun téarnamh, atógáil agus nuachóiriú BTTC na hÚcráine a chothú, agus chun infhaighteacht agus soláthar tráthúil táirgí cosanta ó na boinn theicneolaíocha agus thionsclaíocha chosanta sin a áirithiú, tá sé tábhachtach íoscheanglais a bhunú maidir leis an luach a ghintear laistigh den Aontas agus de thíortha comhlachaithe nó, i gcás inarb ábhartha, den Úcráin. Cuirfidh sin le héifeachtúlacht thacaíocht an Aontais faoin gClár agus faoin Ionstraim um Thacaíocht don Úcráin. Dá bhrí sin, i gcás gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó chistiú ón Aontas faoin gClár nó faoin Ionstraim um Thacaíocht don Úcráin, níor cheart costas na gcomhpháirteanna de thionscnamh lasmuigh den Aontas agus de thionscnamh tíortha comhlachaithe nó, i gcás inarb ábhartha, de thionscnamh na hÚcráine, a bheith níos mó ná 35 % de chostas measta chomhpháirteanna an táirge deiridh nó an táirge arb é a mhéadú acmhainneachta táirgeachta a fhaigheann tacaíocht ó chistiú ón Aontas. Is éifeachtaí ar fad a bhainfear amach na cuspóirí a shaothraítear faoin Rialachán seo más ísle ná an tairseach 35 % costas na gcomhpháirteanna sin. Iarrtar ar fhaighteoirí cistithe ón Aontas díriú ar an gcéatadán sin a ísliú de réir a chéile le haghaidh táirgí nua. Ní mheastar gur comhpháirteanna iad amhábhair.

(28)

Ós rud é nach mór cumas oibríochtúil fhórsaí armtha na mBallstát a chaomhnú agus nach mór a áirithiú gur féidir úsáid a bhaint as na táirgí cosanta a chumhdaítear le gníomhaíocht arna déanamh faoin gClár gan teorainneacha arna bhforchur ag tríú tíortha, tá sé den riachtanas ceanglais bhreise a bhunú a bhaineann leis an gcumas cinneadh ar shainiú, oiriúnú agus éabhlóid dhearadh na dtáirgí cosanta sin. Dá bhrí sin, níor cheart faighteoirí cistithe ón Aontas nó, i gcás inarb ábhartha, an conraitheoir nó an cuibhreannas conraitheoirí a bheith faoi réir teorainneacha dlíthiúla nó conarthacha arna bhforchur ag tríú tíortha neamhchomhlachaithe nó ag eintitis de chuid tríú tíortha neamhchomhlachaithe, ar teorainneacha iad a dhéanfadh difear dá gcumas cinneadh ar shainiú, oiriúnú agus éabhlóid dhearadh an táirge cosanta, lena n-áirítear maidir le hionadú nó baint na gcomhpháirteanna atá faoi réir srianta arna bhforchur ag tríú tíortha neamhchomhlachaithe nó ag eintitis de chuid tríú tíortha neamhchomhlachaithe. I bhfianaise na staide geopholaitiúla atá ann faoi láthair, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le maolú sonrach spriocdhírithe ar an gceanglas sin go heisceachtúil agus go sealadach chun borradh a chur faoi acmhainneachtaí tionsclaíocha chun armlón agus diúracáin a tháirgeadh. Is é ba cheart a bheith sa mhaolú sin cead a thabhairt d’fhaighteoirí cistithe ón Aontas nó do na húdaráis rialtais ábhartha na mBallstát lena mbaineann gealltanas atá ceangailteach ó thaobh dlí a thabhairt don Choimisiún ón tríú tír neamhchomhlachaithe nó ón eintiteas de chuid an tríú tír neamhchomhlachaithe lena mbaineann go bhfaighidh na faighteoirí an cumas sin cinneadh a dhéanamh. Ba cheart do na faighteoirí gach beart a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirfear an gealltanas sin chun feidhme. I gcás nach féidir leis na faighteoirí, d’ainneoin a n-iarrachtaí, an cumas sin a fháil chun cinneadh a dhéanamh, dhéanfaí bearta ceartaitheacha i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, go háirithe Airteagal 132 de.

(29)

Chun a áirithiú, agus an Rialachán seo á chur chun feidhme, go n-urramófaí oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais agus a Bhallstát, níor cheart gníomhaíochtaí a bhaineann le táirgí nó teicneolaíochtaí a bhfuil toirmeasc ar a n-úsáid, a bhforbairt nó a dtáirgeadh faoin dlí idirnáisiúnta is infheidhme a bheith incháilithe chun cistiú a fháil faoin gClár ná faoin Ionstraim um Thacaíocht don Úcráin.

(30)

Ba cheart don Chlár agus don Ionstraim Tacaíochta don Úcráin tacaíocht airgeadais a sholáthar i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, do ghníomhaíochtaí a rannchuidíonn le hiomaíochas, freagrúlacht agus cumas BTTCE a neartú nó le téarnamh, atógáil agus nuachóiriú BTTC na hÚcráine chun infhaighteacht agus soláthar tráthúil táirgí cosanta a áirithiú, cuir i gcás comhar le heintitis dhlítheanacha maidir le soláthar comhoibríoch táirgí cosanta agus gníomhaíochtaí atá dírithe ar dhlús a chur leis an gcoigeartú ar athruithe struchtúracha ar an acmhainneacht táirgeachta i gcás táirgí cosanta, comhpháirteanna cosanta agus amhábhair chomhfhreagracha. D’fhéadfaí a áireamh leis sin comhordú tionsclaíoch maidir le forchoimeád táirgí cosanta, rochtain ar mhaoiniú do ghnóthais a bhfuil baint acu le monarú táirgí cosanta, forchoimeád acmhainneachtaí monaraíochta (‘saoráidí ar tapa’) nó próisis thionsclaíocha athchóirithe táirgí atá imithe in éag, leathnú, barrfheabhsú, nuachóiriú, uasghrádú nó athrú cuspóra acmhainneachtaí táirgeachta atá ann cheana sa réimse sin. Thairis sin, d’fhéadfaí roinnt gníomhaíochtaí tacaíochta breise a chumhdach leis, i gcomhréir le cuspóirí an Rialacháin seo, mar atá oiliúint, athsciliú nó uas-sciliú pearsanra.

(31)

I bhfianaise an chomhthéacs gheopholaitiúil atá ann faoi láthair, agus go háirithe cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, ní mór, chun leasanna bunúsacha slándála an Aontais a chosaint, bearta sonracha a ghlacadh maidir le soláthar na dtáirgí cosanta darb aidhm iomaíochas BTTCE a chothú agus infhaighteacht agus soláthar tráthúil na dtáirgí cosanta arna soláthar ó BTTCE a áirithiú, ar fud an Aontais. Chun leasanna bunúsacha slándála an Aontais a chosaint, ní mór don Úcráin agus do thíortha atá ina mbaill den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a bheith rannpháirteach freisin sna bearta sin, ní hamháin mar gheall ar a suíomh geografach agus go bhfuil cogadh foghach leanúnach na Rúise ar siúl san Úcráin féin, ach i bhfianaise a ndlúth-chomhpháirtíochta soláthair leis an Aontas freisin, mar a léirítear go háirithe sa Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile (19) agus sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.

(32)

Ós den tábhacht é aon saobhadh ar an margadh a mhaolú, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann an brabús a ghintear trí aon ghníomhaíochtaí atreisithe thionsclaíoch rathúil a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais a aisghabháil i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta. De mhaolú ar Airteagal 195(2) den Rialachán Airgeadais, ba cheart an t-ioncam ar fad a ghintear a chur san áireamh go hiomlán le haisghabháil na mbrabús sin, lena n-áirítear ioncam ó thacaíocht na mBallstát, na hÚcráine agus tríú páirtí don ghníomhaíocht, sa bhreis ar an tacaíocht ón Aontas féin. Is chun tairbhe chuspóirí an Rialacháin seo ba cheart an brabús a aisghabhtar a athúsáid.

(33)

Ní leanann feidhmiú earnáil an tionscail cosanta na gnáthrialacha ná na gnáthmhúnlaí gnó lena rialaítear margaí níos traidisiúnta. Tagann an t-éileamh go heisiach ó stáit arb iad na stáit sin freisin a rialaíonn fáil iomlán na dtáirgí agus na dteicneolaíochtaí a bhaineann leis an gcosaint, lena n-áirítear onnmhairí. Dá bhrí sin, ní dhéanann tionscal na cosanta infheistíochtaí tionsclaíocha suntasacha féinmhaoinithe ach amháin mar thoradh ar orduithe daingne. Thairis sin, tá bacainní leanúnacha roimh BTTCE maidir le rochtain a fháil ar mhaoiniú, lena n-áirítear cómhaoiniú, go háirithe maoiniú príobháideach le haghaidh infheistíochtaí, mar gheall ar na rioscaí a thuigeann gníomhaithe margaidh a bheith ag baint le infheistíochtaí den sórt sin. Tá sé ríthábhachtach infheistíocht phoiblí a ghiaráil d’earnáil cosanta an Aontais i bhfianaise an mhórghá atá le borradh a chur faoin infheistíocht san earnáil sin. Baineann sé sin go háirithe le gníomhaíochtaí tacaíochta, a théann chun tairbhe BTTCE ar bhealach níos leithne, mar shampla trí ghníomhaíochtaí eile a leagtar amach sa Rialachán seo a chumasú agus a éascú, agus ar an gcaoi sin gníomhú mar iolraitheoirí a bhféadfadh éifeacht ghiarála ard a bheith acu. Ós rud é nach dtabharfaí faoi na gníomhaíochtaí tacaíocht ar aon slí eile, dealraíonn sé, de mhaolú ar Airteagal 193(1) den Rialachán Airgeadais, go bhfuil údar maith ann go gcumhdófaí 100 % de na costais incháilithe le haghaidh na ngníomhaíochtaí sin le tacaíocht airgeadais an Aontais faoin gClár.

(34)

Ós rud é go bhfuil na cineálacha éagsúla gníomhaíochtaí comhlántach agus riachtanach chun castacht an chomhair a fhritháireamh agus chun an riosca a bhaineann le hinfheistíochtaí tionsclaíocha a bhaint trí thacaíocht airgeadais ón Aontas lenar féidir tionscal na cosanta a oiriúnú níos tapúla d’athrú struchtúrach leanúnach sa mhargadh, is cosúil go bhfuil údar maith ann go bhforchoimeádfaí méid suntasach is é sin 15 % ar a laghad den imchlúdach airgeadais a leithdháilfear ar an gClár le haghaidh gníomhaíochtaí dá dtagraítear i ngníomhaíochtaí soláthair chomhoibríoch agus go bhforchoimeádtar 30 % ar a laghad den imchlúdach sin le haghaidh gníomhaíochtaí atreisithe thionsclaíoch. Ba cheart suas le 35 % de na costais incháilithe a chumhdach leis an tacaíocht ón Aontas le haghaidh gníomhaíochtaí atreisithe thionsclaíoch ionas go mbeidh faighteoirí in ann gníomhaíochtaí a chur chun feidhme a luaithe is féidir chun an riosca a bhaineann lena n-infheistíocht a laghdú agus, dá bhrí sin, dlús a chur le hinfhaighteacht na dtáirgí cosanta ábhartha.

(35)

Maidir le gníomhaíochtaí faoin Ionstraim um Thacaíocht don Úcráin, ba cheart tacaíocht ón Aontas le haghaidh atreisiú tionscail agus gníomhaíochtaí tacaíochta a mbíonn eintitis dhlítheanacha arna mbunú san Úcráin páirteach iontu a bheith in ann suas le 100 % de na costais incháilithe a chumhdach chun freastal ar chastacht mhéadaithe agus timpeallacht tionscal cosanta na hÚcráine, lena n-áirítear an gá atá le caighdeáin ábhartha ECAT a chomhlíonadh, agus caighdeáin ábhartha eile, chomh maith leis na rioscaí méadaithe a bhaineann le cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, agus é á chur san áireamh gur gá acmhainneachtaí tionsclaíocha a atógáil agus a nuachóiriú ar bhealach athléimneach.

(36)

Ba cheart gníomhaíochtaí soláthair chomhoibríoch a chistiú faoin Rialachán seo trí bhíthin deontais i bhfoirm maoiniú nach bhfuil nasctha le costas atá bunaithe ar thorthaí a bhaint amach faoi threoir pacáistí oibre, garspriocanna nó spriocanna a bhaineann leis an bpróiseas soláthair chomhoibríoch, chun an éifeacht dreasachta is gá a chruthú.

(37)

Níor cheart ranníocaíocht airgeadais an Aontais faoin gClár le haghaidh gníomhaíochtaí soláthair chomhoibríoch, atá beartaithe mar dhreasacht le haghaidh comhair, a bheith níos mó ná 15 % de luach measta an chonartha soláthair chomhoibríoch. I bhfianaise na castachta méadaithe a bhaineann le soláthar comhoibríoch leis an Úcráin, níor cheart ranníocaíocht airgeadais an Aontais faoin Ionstraim um Thacaíocht don Úcráin a bheith níos mó ná 25 % de luach measta an chonartha soláthair chomhoibríoch.

(38)

Ar chomhlíonadh coinníollacha sonracha a bhaineann le cuspóirí an Chláir, ba cheart an uasteorainn le haghaidh ranníocaíocht airgeadais an Aontais le gníomhaíochtaí soláthair chomhoibríoch a ardú go 25 % de luach measta an chonartha soláthair chomhoibríoch chun castachtaí áirithe a bhaineann le comhar trasteorann feabhsaithe laistigh den Aontas agus le comhar laistigh de chomhthéacs Struchtúr do Chláir Armála na hEorpa (SCAE) a chúiteamh. Ba cheart a chur san áireamh freisin an gá atá le spleáchais straitéiseacha a laghdú de réir a chéile, rud a thugann údar le ráta cistiúcháin a mhéadú i gcás ina dtacaíonn an ghníomhaíocht le soláthar comhoibríoch táirgí deiridh atá saor ó shrianta. Ina theannta sin, i bhfianaise staid slándála ar leith na hÚcráine agus na Moldóive i bhfianaise chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, is iomchuí freisin foráil a dhéanamh maidir leis an méadú sin ar an ráta cistiúcháin i gcásanna ina mbeidh soláthar comhoibríoch le haghaidh cainníochtaí breise táirgí cosanta don dá thír sin mar thoradh ar an ngníomhaíocht a dtacaítear léi. Ina theannta sin, de dheasca an chomhthéacs gheopholaitiúil, lena n-áirítear cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, tá an tAontas agus na Ballstáit neamhchosanta anois i gcás ina dtiocfaidh gnáthbhagairtí míleata chun cinn, rud a chruthaíonn gá le hinfheistíochtaí méadaithe cosanta. Dá bhrí sin, tá údar maith freisin le foráil a dhéanamh maidir le ráta cistiúcháin a ardú go dtí suas le 25 % le haghaidh gníomhaíochtaí soláthair chomhoibríoch i gcásanna inar mó caiteachas infheistíochta cosanta fhormhór na mBallstát atá rannpháirteach sa ghníomhaíocht lena mbaineann ná 30 % dá gcaiteachas cosanta faoi seach. I gcás gníomhaíochtaí atreisithe thionsclaíoch, ba cheart a bheith in ann an uasteorainn a ardú go dtí suas le 50 % de na costais incháilithe i gcás inar fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) nó cuideachtaí meánchaipitlithe (CMCanna) atá bunaithe i mBallstáit nó i dtíortha comhlachaithe iad formhór na dtairbhithe nó i gcás inar SCAE a dhéanann an ghníomhaíocht, agus i gcás ina léirítear leis an ngníomhaíocht go rannchuidíonn sé le comhar trasteorann nua a chruthú, amhail trí raon feidhme geografach na slabhraí soláthair atá ann cheana a leathnú nó trí mhéadú suntasach a dhéanamh ar an trádáil, ar an gcomhar nó ar na tionscadail chomhpháirteacha a dhéantar idir eintitis i mBallstáit éagsúla nó trí líonraí trasteorann atá ann cheana a leathnú ar bhealaí lena bhfeabhsaítear acmhainneacht fhoriomlán agus athléimneacht fhoriomlán BTTCE, i gcás ina mbaineann sé le bonneagar, saoráidí nó línte táirgthe nua a thógáil, nó i gcás ina rannchuidíonn sé le hacmhainneacht mhonaraíochta nua táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime a bhunú, nó le borradh a chur faoi acmhainneachtaí monaraíochta atá ann cheana. Ina theannta sin, nuair a chinneann na Ballstáit go sonrach cistiú a leithdháileadh ar an gClár nach dtéann chun tairbhe ach do na Ballstáit lena mbaineann nó a théann chun tairbhe bhreise do Bhallstáit eile, ba cheart é a bheith indéanta, de mhaolú ar Airteagal 193(1) den Rialachán Airgeadais, solúbthacht a mhéadú agus foráil a dhéanamh maidir le ranníocaíocht airgeadais ón Aontas le gníomhaíochtaí atreisithe thionsclaíoch lena gcumhdaítear suas le 100 % de na costais incháilithe. Ba cheart feidhm a bheith ag an bhféidearthacht sin freisin maidir le cásanna ina n-úsáidtear ranníocaíochtaí de chuid na mBallstát, ar ranníocaíochtaí iad a fhaigheann tacaíocht ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, chun na gníomhaíochtaí sin a chistiú. Leis sin, déanfar tionchar agus éifeachtacht na gníomhaíochta a uasmhéadú.

(39)

I gcomhréir le hAirteagal 196(2) den Rialachán Airgeadais, féadfar deontas a dhámhachtain do ghníomhaíocht atá tosaithe cheana, ar choinníoll gur féidir leis an iarratasóir a thaispeáint gur gá tús a chur leis an ngníomhaíocht sula síneofar an comhaontú deontais. Mar sin féin, níl costais arna dtabhú roimh an dáta a chuirtear an t-iarratas ar dheontas isteach incháilithe, seachas sna cásanna dá bhforáiltear in Airteagal 196(2), an dara fomhír, den Rialachán Airgeadais. Chun go mbeidh leanúnachas ann maidir le peirspictíocht chistithe le haghaidh gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh tacaíocht a fháil le cistiú 2024 faoi Rialacháin (AE) 2023/1525 nó (AE) 2023/2418 a atreisiú trí sholáthar comhoibríoch, sa chinneadh maidir le maoiniú, ba cheart, de mhaolú ar Airteagal 196(2), an dara fomhír, den Rialachán Airgeadais, a bheith in ann foráil a dhéanamh maidir le ranníocaíochtaí airgeadais faoin gClár i ndáil le gníomhaíochtaí lena gcumhdaítear tréimhse ón 5 Márta 2024 ar aghaidh agus nár tugadh chun críche iad sular síníodh an comhaontú deontais. I bhfianaise na nasc idir an Clár agus an Ionstraim um Thacaíocht don Úcráin, chomh maith leis an ngá atá le tacaíocht a thabhairt go práinneach d’atógáil, téarnamh agus nuachóiriú BTTC na hÚcráine, agus a chomhtháthú sin in BTTCE amach anseo á chur san áireamh, ba cheart feidhm a bheith ag an maolú céanna maidir le ranníocaíochtaí airgeadais faoin Ionstraim um Thacaíocht don Úcráin. Níor cheart na costais chéanna a mhaoiniú faoi dhó ó bhuiséad an Aontais i gcás ar bith.

(40)

Agus measúnú á dhéanamh ar thograí arna gcur isteach ag iarratasóirí, ba cheart don Choimisiún aird ar leith a thabhairt ar ranníocaíocht na tograí sin le cuspóirí an Rialacháin seo. Ba cheart measúnú a dhéanamh ar na tograí, go háirithe, i bhfianaise a mhéid a rannchuidíonn siad leis an méadú ar ullmhacht agus athléimneacht thionsclaíoch i réimse na cosanta agus i bhfianaise a mhéid a rannchuidíonn siad le comhar tionsclaíoch i réimse na cosanta trasteorann idir na Ballstáit, na tíortha comhlachaithe agus an Úcráin.

(41)

Tá sé ríthábhachtach acmhainneachtaí monaraíochta cosanta a fhorbairt ar fud an Aontais, agus na rioscaí a bhaineann leis an meath méadaithe ar chomhthéacs slándála an Aontais á gcur san áireamh, chun a áirithiú go rannchuideoidh na Ballstáit uile le BTTCE agus go mbainfidh siad tairbhe as. I gcás gníomhaíochtaí atreisithe thionsclaíoch, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar rannchuidiú na gníomhaíochta leis an athléimneacht thionsclaíoch, go háirithe ar infhaighteacht agus slándáil an tsoláthair táirgí cosanta a áirithiú ar fud an Aontais mar fhreagairt ar rioscaí sainaitheanta, cuir i gcás neamhchosaint ar an riosca go dtiocfaidh gnáthbhagairtí míleata chun cinn.

(42)

I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) agus Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (21), (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (22) agus (AE) 2017/1939 ón gComhairle (23), déanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin bearta comhréireacha, lena n-áirítear bearta a bhaineann le neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath, a cheartú agus imscrúdú a dhéanamh orthu, lena n-áirítear calaois, agus a bhaineann freisin le haisghabháil cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart agus, i gcás inarb iomchuí, le pionóis riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialacháin (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, tá sé de chumhacht ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. Tugtar de chumhacht d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, imscrúdú a dhéanamh ar chionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais agus iad a ionchúiseamh, dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24). I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, aon duine nó aon eintiteas a fhaigheann cistiú ón Aontas ní mór dó comhoibriú go hiomlán maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus, i leith na mBallstát sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, do OIPE, agus chun a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistithe ón Aontas cearta coibhéiseacha.

(43)

Ba cheart foráil ar leith a thabhairt isteach leis an Rialachán seo lena gceanglaítear ar na tíortha comhlachaithe atá rannpháirteach sa Chlár na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don oifigeach údarúcháin atá freagrach, do OLAF agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa chun a n-inniúlachtaí faoi seach a fheidhmiú go cuimsitheach.

(44)

De bhun Airteagal 85 de Chinneadh (AE) 2021/1764 ón gComhairle (25), tá daoine nádúrtha agus comhlachtaí agus eintitis atá bunaithe i dtíortha agus i gcríocha thar lear (OCTanna) incháilithe chun cistiú a fháil faoi réir rialacha agus chuspóirí an Chláir agus faoi réir na socruithe féideartha is infheidhme maidir leis an mBallstát lena mbaineann an OCT ábhartha.

(45)

Ba cheart don Aontas Tionscadail Eorpacha Leasa Choitinn i réimse na Cosanta (TELCCanna) a shainaithint ar cheart iarrachtaí agus acmhainní a dhíriú orthu, ar cheart tionscadail thionsclaíocha chomhoibríocha a bheith iontu atá dírithe ar iomaíochas BTTCE a threisiú ar fud an Aontais agus, ag an am céanna, a rannchuidíonn le forbairt chumais mhíleata na mBallstát atá ríthábhachtach do leasanna slándála agus cosanta an Aontais, lena n-áirítear iad siúd a áirithíonn rochtain ar na réimsí oibríochtúla uile. I ngeall ar a íogaire atá an cinneadh TELCC a shainaithint i bhfianaise an tionchair a d’fhéadfadh a bheith aige ar leasanna slándála náisiúnta, agus a thábhachtaí atá sé rannchuidiú na dtionscadal sin le hullmhacht cosanta na mBallstát uile a áirithiú, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Chomhairle gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun TELCCanna a shainaithint, ar thogra ón gCoimisiún. Sula molfadh sé gníomhartha cur chun feidhme mar sin, ba cheart don Choimisiún tuairimí na mBallstát uile, chomh maith leis na tograí tionscadail atá acu maidir le TELCCanna féideartha, a chur san áireamh. Agus na tograí tionscadail sin á n-ullmhú acu, ba cheart do na Ballstáit comhordú a dhéanamh ar bhealach cuimsitheach, agus úsáid á baint acu chun na críche sin as tacaíocht ó GEC nuair is gá. Sa chomhthéacs sin, féadfaidh na Ballstáit cumais dé-úsáide leasa choitinn a shainaithint. A mhéid a iompaíonn na tograí tionscadail sin ina TELCCanna, d’fhéadfaí na cumais dé-úsáide arna sainaithint ag na Ballstáit a fhorbairt don Aontas, dá institiúidí, dá chomhlachtaí agus dá ghníomhaireachtaí i gcomhthéacs na TELCCanna lena mbaineann. Chomh maith le bheith comhsheasmhach leis na tosaíochtaí cumais a sainaithníodh i gcomhthéacs CBES, lena n-áirítear an Plean Forbartha Cumais (PFC), cuspóirí an Chompáis Straitéisigh um Shlándáil agus Cosaint agus na deiseanna comhoibríocha a sainaithníodh i gcomhthéacs an Athbhreithnithe Chomhordaithe Bhliantúil ar Chosaint (CARD), ba cheart do TELCCanna na tionscadail a comhaontaíodh i gcomhthéacs PESCO, tionscnaimh GEC agus na gníomhaíochtaí ábhartha arna ndéanamh ag ECAT, amhail Próiseas Pleanála um Chosaint ECAT, a chur san áireamh. Sula dtíolacfaidh sé togra le haghaidh gníomh cur chun feidhme, ba cheart don Choimisiún a iarraidh ar an Ardionadaí agus ar GEC, de réir mar is gá, ionchur a sholáthar d’fhonn comhsheasmhacht leis na tosaíochtaí agus na cuspóirí sin a áirithiú. Comhlánóidh an t-ionchur sin an fhaisnéis a chuirfidh na Ballstáit ar fáil maidir le tograí tionscadail. Ba cheart don Chomhairle a bheith in ann tionscadail a chur leis nó a bhaint nó leasuithe eile a dhéanamh ar an togra ón gCoimisiún le haghaidh gníomh cur chun feidhme. Agus measúnú á dhéanamh ag an gComhairle ar thogra le haghaidh gníomh cur chun feidhme, Ba cheart di aibíocht an tionscadail, an rannchuidiú a bheartaítear a dhéanamh le hullmhacht cosanta agus líon na mBallstát atá rannpháirteach ann a chur san áireamh.

(46)

I gcomhthéacs chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, tá saineolas sonrach forbartha ag an Úcráin agus ag BTTC na hÚcráine maidir le tionscadail thionsclaíocha i réimse na cosanta, lena n-áirítear i gcomhar leis na Ballstáit agus le BTTCE. D’fhéadfadh an saineolas sin a bheith ríthábhachtach chun TELCCanna a fhorbairt agus a bhforbairt sin a éascú, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le hiomaíochas BTTCE a threisiú agus, ag an am céanna, rannchuidiú le forbairt chumais mhíleata na mBallstát atá ríthábhachtach do leasanna slándála agus cosanta an Aontais. Is iomchuí, dá bhrí sin, sna cásanna sin, rannpháirtíocht na hÚcráine in TELCCanna a cheadú. Ba cheart don Choimisiún a fhíorú gur cuireadh na Ballstáit uile, na tíortha comhlachaithe uile agus an Úcráin ar an eolas faoi theacht chun cinn tionscadail agus gur tugadh an deis dóibh a bheith rannpháirteach. Ós rud é go bhféadfadh saineolas iomchuí a bheith ag an gCoimisiún chun tacú le cur chun feidhme TELCCanna ar mhaithe le hiomaíochas BTTCE ar fud an Aontais, is iomchuí cead a thabhairt dó a bheith rannpháirteach in TELCCanna chun saineolas mar sin a roinnt, dá n-iarrfadh na Ballstáit rannpháirteacha amhlaidh.

(47)

I bhfianaise an tionchair shuntasaigh a d’fhéadfadh a bheith ag na TELCCanna ar iomaíochas agus ullmhacht thionsclaíoch BTTCE, ba cheart don Chlár tacú le cuibhreannais na mBallstát rannpháirteach agus na dtíortha comhlachaithe rannpháirteach agus iad á n-imscaradh acu. Ba cheart an tacaíocht airgeadais sin ón gClár a theorannú do ghníomhaíochtaí arna ndéanamh ag na cuibhreannais sin a bhaineann le soláthar comhoibríoch táirgí cosanta, dlús a chur leis an gcoigeartú d’athruithe struchtúracha ar acmhainneacht táirgeachta táirgí cosanta chomh maith le gníomhaíochtaí tacaíochta gaolmhara, forbairt thionsclaíoch táirgí cosanta nua nó uasghrádú táirgí cosanta atá ann cheana, agus forbairt agus soláthar an bhonneagair is gá. I bhfianaise scála ar leith na dtionscadal sin lena n-éilítear leibhéal dífhasaigh comhair agus comhordaithe idir na Ballstáit agus an tionscal, agus na rioscaí airgeadais do na Ballstáit rannpháirteacha agus do na tíortha comhlachaithe á gcur san áireamh, ba cheart a bheith in ann, trí mhaolú ar Airteagal 193(1) den Rialachán Airgeadais, suas le 100 % de na costais incháilithe a chumhdach le cistiú ón Aontas. Ní dochar an méid sin don fhéidearthacht go dtabharfaí tacaíocht airgeadais do ghníomhaíochtaí áirithe TELCC faoi ghníomhaíochtaí eile, ar choinníoll go gcomhlíonfaidís na coinníollacha a leagtar síos do na gníomhaíochtaí sin agus nach bhfuil cistiú faighte acu faoi chláir eile de chuid an Aontais, i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais. Ba cheart do na Ballstáit rannpháirteacha a áirithiú go gcomhlíonann gníomhaíochtaí TELCC cuspóirí an Chláir, lena n-áirítear nuair nach bhfuil aon tacaíocht airgeadais ón Aontas ann. Chun faireachán ar chomhlíonadh na gcuspóirí sin a éascú, ba cheart do na Ballstáit atá rannpháirteach in TELCC tuarascáil chomhpháirteach a tharchur chuig an gCoimisiún, ar bhonn bliantúil, maidir le cur chun feidhme ghníomhaíochtaí TELCC. Ba cheart don Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, a bheith in ann leasú a dhéanamh ar na gníomhartha cur chun feidhme lena sainaithnítear TELCCanna, lena n-áirítear trí TELCCanna a bhaint den liosta. Beidh na Ballstáit atá rannpháirteach in TELCC in ann, chun na gníomhaíochtaí is gá lena chur chun feidhme a dhéanamh, brath ar shaineolas agus ar acmhainneacht riaracháin GEC nó eagraíochtaí idirnáisiúnta mar atá an Eagraíocht um Chomhchomhar Armála (OCCAR) agus Gníomhaireacht Tacaíochta agus Soláthair ECAT (NSPA).

(48)

Tá sé ríthábhachtach d'iomaíochas BTTCE go ndéanfaí infhaighteacht na dtáirgí cosanta a áirithiú ó thaobh ama agus méid de, go háirithe le linn tréimhsí ardteannais slándála. Le linn na dtréimhsí sin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh an acmhainneacht táirgeachta ba ghá ag BTTCE chun freastal ar riachtanais phráinneacha na mBallstát agus d’fhéadfadh sé nach mbeadh a tháirgí chomh feiceálach céanna do na Ballstáit leis na táirgí a bheadh á dtairiscint ag eintitis tríú tíortha. Dá bhrí sin, ba cheart sásra díolacháin mhíleata Eorpach a sholáthar leis an Rialachán seo, lena n-áirítear bearta chun luas chun margaidh na dtáirgí cosanta ó BTTCE a mhéadú trí nósanna imeachta a éascú le haghaidh soláthar comhoibríoch na dtáirgí cosanta agus trí úsáid conarthaí arna ndámhachtain ag rialtas amháin ar rialtas eile a ghiaráil.

(49)

Ba cheart do na Ballstáit, tíortha comhlachaithe agus an Úcráin, nó SCAE, a bheith in ann comhthiomsuithe ullmhachta tionsclaíche i réimse na cosanta a bhunú, a bhainistiú agus a choinneáil ar bun ina mbeadh táirgí cosanta a d’fhéadfadh na Ballstáit, tíortha comhlachaithe agus an Úcráin a cheannach nó a úsáid go héasca, chun iomaíochas BTTCE agus atógáil, téarnamh agus nuachóiriú BTTC na hÚcráine a neartú. Is é a dhéanfadh na comhthiomsuithe sin, ina bhfuil stoic de tháirgí cosanta arna soláthar ó BTTCE nó ó BTTC na hÚcráine, éileamh a mhealladh agus intuarthacht a mhéadú don earnáil cosanta. Thabharfaidís comharthaí dearfacha don Aontas agus do thionscal na hÚcráine, agus dhreasófaí iad chun táirgí cosanta a tháirgeadh agus chun infheistíocht a dhéanamh lena neartófaí acmhainneachtaí tionsclaíocha san earnáil sin. Ina theannta sin, chuirfeadh na comhthiomsuithe ullmhachta tionsclaíche i réimse na cosanta feabhas freisin ar shlándáil soláthair na dtáirgí cosanta do na Ballstáit trí fheabhas a chur ar infhaighteacht táirgí agus trí agaí seachadta a laghdú, lena n-áirítear i gcás géarchéim soláthair. I gcás inar i gcomhthéacs SCAE a bhunaítear na comhthiomsuithe sin, ba cheart an Clár agus an Ionstraim um Thacaíocht don Úcráin a bheith in ann tacú le soláthar comhoibríoch cainníochtaí breise de tháirgí cosanta trí ghníomhaíochtaí soláthair chomhoibríoch arna ndéanamh ag SCAE, chomh maith le tacú le maidir le bunú agus feidhmiú an SCAE chun na comhthiomsuithe sin a bhainistiú agus a chothabháil.

(50)

Chun feabhas a chur ar fheasacht na mBallstát ar hinfhaighteacht táirgí BTTCE agus BTTC na hÚcráine, ba cheart don Chlár a bheith in ann tacú leis an gCoimisiún chun catalóg aonair, láraithe agus cothrom le dáta de tháirgí cosanta arna bhforbairt ag BTTCE agus BTTC na hÚcráine a bhunú, bunaithe ar ranníocaíochtaí deonacha arna ndéanamh ag na Ballstáit, an Úcráin agus oibreoirí eacnamaíocha (Catalóg Eorpach um Dhíolacháin Mhíleata). Chun na críche sin, ba cheart gur oibreoirí eacnamaíocha atá bunaithe agus a bhfuil a struchtúir bainistíochta feidhmiúcháin san Aontas, i dtír chomhlachaithe nó san Úcráin a dhéanfadh na táirgí atá sa chatalóg a mhonarú, agus ba cheart an bonneagar, na saoráidí, na sócmhainní agus na hacmhainní a úsáidtear chun na táirgí sin a mhonarú a bheith lonnaithe san Aontas, i dtír chomhlachaithe nó san Úcráin. Agus an chatalóg sin á leagan síos, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle le GEC agus a shaineolas a chur san áireamh.

(51)

Agus an taithí a fuarthas inter alia nuair a bunaíodh an tSaoráid Cothromais Cosanta i gcomhthéacs an Chiste Eorpaigh Chosanta mar oibríocht mheasctha de chuid an chláir InvestEU á húsáid aige, ba cheart don Choimisiún a dhícheall a dhéanamh chun saoráid thiomnaithe a bhunú mar chuid den Chlár, saoráid ar a dtabharfar Ciste Chun Dlús a Chur le Claochlú Shlabhra Soláthair na Cosanta (FAST). Ba cheart FAST a chur chun feidhme faoi bhainistíocht indíreach. Na hinfheistíochtaí is gá chun acmhainneachtaí monaraíochta cosanta fiontar beag agus meánmhéide agus cuideachtaí meánchaipitlithe beaga atá bunaithe san Aontas a mhéadú, le FAST, déanfar na hinfheistíochtaí sin a ghiaráil, laghdófar an riosca a bhaineann leo agus cuirfear dlús leo i bhfoirm oibríocht mheasctha lena dtabharfar tacaíocht fiachas nó tacaíocht chothromais. Ós rud é go bhféadfar a áireamh san iarratas ar thacaíocht i bhfoirm fiachais faoi FAST faisnéis a bhaineann leis na bonneagair, na saoráidí, na sócmhainní nó na hacmhainní a úsáideann an FBM nó an chuideachta meánchaipitlithe bheag chun críche tionsclú nó monarú táirgí cosanta, is iomchuí an tacaíocht sin a chur faoi réir rialacha lena gceanglaítear go mbeidh na bonneagair, na saoráidí, na sócmhainní agus na hacmhainní sin lonnaithe ar chríoch Ballstáit nó ar chríoch tíre comhlachaithe, cé is moite de roinnt eisceachtaí spriocdhírithe. Ba cheart FAST a bhunú mar oibríocht mheasctha, lena n-áirítear faoin gclár InvestEU arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26), i ndlúthchomhar lena chomhpháirtithe cur chun feidhme.

(52)

Le FAST, ba cheart éifeacht iolraitheora shásúil a bhaint amach i gcomhréir leis an meascán d’fhiach agus cothromas, agus ba cheart dó rannchuidiú le maoiniú ón earnáil phoiblí agus ón earnáil phríobháideach araon a mhealladh. Chun rannchuidiú leis an gcuspóir foriomlán iomaíochas BTTCE a fheabhsú, ba cheart do FAST tacaíocht a chur ar fáil freisin do FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá i mbun fáis, agus do chuideachtaí meánchaipitlithe beaga ar fud an Aontais atá páirteach i slabhraí soláthair cosanta an Aontais nó a bhfuil pleananna acu a bheith páirteach iontu gan mhoill, le linn an tionsclaithe nó na monaraíochta a mhéid a bhaineann le táirgí cosanta nó a bhfuil pleananna acu é sin a dhéanamh gan mhoill, ach a bhfuil deacrachtaí acu rochtain a fháil ar mhaoiniú. Le FAST, ba cheart dlús a chur leis an infheistíocht i réimse monaraíochta na dteicneolaíochtaí agus na dtáirgí cosanta freisin, agus dá bhrí sin, slándáil an tsoláthair a neartú i slabhraí luacha thionscal cosanta an Aontais.

(53)

Ní mór líon agus méid na soláthairtí comhoibríocha táirgí cosanta ó BTTCE agus ó BTTC na hÚcráine a mhéadú má táthar le cuspóirí an Chláir agus na hIonstraime um Thacaíocht don Úcráin a bhaint amach. I gcomhréir le hAirteagal 168(2) agus (3) den Rialachán Airgeadais, féadfaidh na Ballstáit a iarraidh ar an gCoimisiún dul i mbun soláthar comhpháirteach leo, lena n-áirítear trí chomhaontuithe réamhcheannaigh, nó mar chomhlacht lárnach ceannaigh. Ba cheart do thíortha comhlachaithe a bheith in ann a iarraidh ar an gCoimisiún dul i mbun soláthar comhpháirteach, de mhaolú ar Airteagal 168(2), an dara fomhír, den Rialachán Airgeadais, toisc nach ndéantar foráil maidir leis an bhféidearthacht sin i gconradh déthaobhach nó iltaobhach leis na tíortha sin. In éineacht le Ballstát amháin ar a laghad, ba cheart do thíortha comhlachaithe a bheith in ann a iarraidh ar an gCoimisiún gníomhú mar chomhlacht lárnach ceannaigh, de mhaolú ar Airteagal 168(3) den Rialachán Airgeadais, toisc nach ndéantar foráil sa Rialachán Airgeadais maidir le rannpháirtíocht tríú tíortha i ngníomhaíocht den sórt sin. Ar an gcaoi chéanna, chun críocha na hIonstraime um Thacaíocht don Úcráin, ba cheart don Úcráin a bheith in ann a bheith rannpháirteach sna gníomhaíochtaí sin. In éineacht le Ballstát amháin ar a laghad, ba cheart don Úcráin a bheith in ann a iarraidh ar an gCoimisiún dul i mbun soláthar comhpháirteach, de mhaolú ar Airteagal 168(2), an dara fomhír, den Rialachán Airgeadais, ós rud é nach bhforáiltear don fhéidearthacht sin i gconradh déthaobhach nó iltaobhach leis an Úcráin. Ba cheart don Úcráin, in éineacht le Ballstát amháin ar a laghad, a bheith in ann a iarraidh ar an gCoimisiún gníomhú mar chomhlacht lárnach ceannaigh, de mhaolú ar Airteagal 168(3) den Rialachán Airgeadais, ar an gcúis chéanna a luaitear thuas. Chun comhiomlánú an éilimh a chothú i gcás soláthar comhpháirteach, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go mbeidh an nós imeachta soláthair sin oscailt do na Ballstáit uile agus, i gcás inarb ábhartha, do thíortha comhlachaithe. D’fhonn borradh tionsclaíoch acmhainneachtaí monaraíochta BTTCE agus BTTC na hÚcráine a chothú, ba cheart don Choimisiún, thairis sin, tabhairt i gcrích comhaontuithe ceannaithe táirgí a éascú i gcomhréir le rialacha iomaíochais agus soláthair an Aontais. Chun críche soláthar comhpháirteach le tacaíocht ón gCoimisiún, beidh úsáid bhuiséad an Aontais i gcomhréir le cuspóirí agus critéir incháilitheachta infheidhme an Chláir nó na hIonstraime um Thacaíocht don Úcráin agus beidh sé d’aidhm aige tacú le hoiriúnú acmhainneacht mhonaraíochta shlabhraí soláthair tionsclaíocha na cosanta. D’fhéadfadh sé, go háirithe, an riosca a bhaint d’infheistíochtaí tionsclaíocha, amhail an méadú ar acmhainneachtaí monaraíochta nó fáil na meaisín-uirlisí riachtanacha chun a áirithiú go gcomhlíonfar conradh agus ba cheart, in aon chás, é a theorannú go docht chun na costais neamh-athfhillteacha arna dtabhú i gcomhthéacs táirgí cosanta a cheannach nó a chothabháil a chumhdach. Ba cheart é a áireamh i gCláir Oibre an Chláir agus san Ionstraim um Thacaíocht don Úcráin.

(54)

Sna cásanna a chumhdaítear leis an Rialachán seo, d’fhéadfadh údar cuí a bheith le conradh a dhámhachtain agus a chomhlíonadh láithreach sula síneofar é mar thoradh ar nósanna imeachta soláthair a dhéantar le tacaíocht ón gCoimisiún chun críocha an Rialacháin seo i bhfianaise na staide geopholaitiúla atá ann cheana, go háirithe i gcás ina n-éilíonn tromchúis na n-imthosca agus a n-impleachtaí do shlándáil shaoránaigh an Aontais go ndéanfaí seachadtaí an táirge cosanta lena mbaineann go héifeachtach gan aon mhoill. Chun na críche sonraí sin agus de mhaolú ar Airteagal 175(1) den Rialachán Airgeadais, ba cheart go bhféadfaí tosú ar chomhlíonadh an chonartha sula síneofar an conradh, i gcás ina ndéanfaidh an t-údarás conarthach an gá le beart den sórt sin a dhoiciméadú go cuí.

(55)

Tá dúshláin mhóra roimh chomharchláir armála san Aontas ós rud é go mbunaítear iad ar bhonn ad hoc den chuid is mó, agus gur minic a bhíonn an chastacht, moilleanna agus an róchaiteachas ag siúl leo. Chun an scéal sin a leigheas, agus chun tiomantas leanúnach na mBallstát a áirithiú go deireadh shaolré na dtáirgí cosanta, ní mór cur chuige níos struchtúraithe a bheith ann ar leibhéal an Aontais. Chun an cur chuige sin a shaothrú, ba cheart tacú le hiarrachtaí na mBallstát trí chreat dlíthiúil nua a chur ar fáil, eadhon an SCAE, chun an comhar eatarthu a neartú agus bonn taca a chur faoi. Chun a chuspóir a bhaint amach iomaíochas a chothú in BTTCE agus, i gcás inarb ábhartha, in BTTC na hÚcráine, ba cheart do SCAEnna a bheith in ann forbairt, soláthar agus bainistiú saolré comhchoiteann nó bainistiú dinimiciúil infhaighteachta táirgí cosanta a stiúradh. Ba cheart SCAEnna a bheith in ann gníomhaíochtaí breise a dhéanamh atá riachtanach chun a gcuspóirí a bhaint amach, amhail gníomhaíochtaí a bhaineann le bonneagair ag a bhfuil nasc díreach le táirgí cosanta. Ba cheart na gníomhaíochtaí a dhéantar faoi chreat SCAE agus na gníomhaíochtaí a dhéantar faoi CBES a bheith ag treisiú a chéile, go háirithe i gcomhthéacs PFC. Níor cheart do na gníomhaíochtaí sin leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus na mBallstát a shárú, lena n-áirítear an urraim do phrionsabal an dea-chaidrimh comharsanachta.

(56)

Laistigh de na SCAEnna, ba cheart do na Ballstáit tairbhe a bhaint as nósanna imeachta caighdeánaithe a d’fhéadfadh an Coimisiún a chur ar fáil chun cláir armála chomhoibríocha a thionscnamh agus a bhainistiú, lena n-áirítear treoirlínte maidir le bainistiú tionscadal, soláthar, bainistíocht airgeadais, agus tuairisciú. Leis an gcomhar faoi chreat SCAE, ba cheart foráil a dhéanamh freisin, faoi na coinníollacha a leagtar amach i dTreoracha 2006/112/CE (27) agus (AE) 2020/262 (28) ón gComhairle, maidir le díolúine ó CBL nó ó dhleacht mháil, i gcás inar leis an SCAE an trealamh arna sholáthar. Sa bhreis ar ranníocaíochtaí ón gClár agus ón Ionstraim um Thacaíocht don Úcráin, ba cheart SCAEnna a bheith in ann ranníocaíochtaí a fháil freisin ó chláir eile de chuid an Aontais, ar choinníoll nach gcumhdaíonn na ranníocaíochtaí an costas céanna. Ba cheart feidhm a bheith ag rialacha chlár ábhartha an Aontais maidir leis an ranníocaíocht chomhfhreagrach a dhéantar leis an ngníomhaíocht lena mbaineann.

(57)

Más mian le gach comhalta den SCAE é sin a dhéanamh, ba cheart SCAEnna a bheith in ann urrúis a eisiúint i gcomhréir le dlí an Bhallstáit ina bhfuil a n-oifig chláraithe chun plean maoinithe fadtéarmach na gclár armála agus comhlíonadh an chreata rialachais eacnamaíoch a áirithiú. Níor cheart an tAontas a bheith faoi dhliteanas maidir le hurrúis arna n-eisiúint ag SCAEnna. Le ranníocaíocht airgeadais ón Aontas, d’fhéadfadh sé go gcuirfí feabhas ar na dálaí faoina maoineofaí na Ballstáit na cláir armála.

(58)

Chun a chuspóirí a bhaint amach, ba cheart SCAE a bheith in ann ceann amháin nó níos mó dá chúraimí a chur de chúram, trí chomhaontú tarmligin, ar cheann amháin nó níos mó de na heintitis atá incháilithe chun cistiú a fháil faoi ghníomhaíochtaí soláthair chomhoibríoch faoin gClár. Go háirithe, tá, ag eagraíochtaí idirnáisiúnta mar OCCAR agus NSPA, chomh maith le GEC, acmhainní, inniúlachtaí agus scileanna acu maidir le bainistiú an chomhair cosanta a d’fhéadfadh breisluach a chur ar fáil do SCAEnna. I gcás ina gcuirfidh SCAE déanamh a chúraimí de chúram ar eintiteas eile, ba cheart dó leanúint de bheith freagrach as a oibleagáidí a chomhlíonadh faoi dhlí an Aontais agus faoin Rialachán seo go háirithe. Ba cheart dó a áirithiú, dá bhrí sin, go n-áireofar na hoibleagáidí sin sa chomhaontú um tharmligean agus ba cheart dó gach beart iomchuí a dhéanamh lena áirithiú go gcomhlíonfar iad.

(59)

Chun gur féidir nós imeachta éifeachtúil maidir le SCAE a bhunú, ní mór do na Ballstáit, do thíortha comhlachaithe nó don Úcráin, má tá siad toilteanach SCAE a bhunú, iarratas a chur faoi bhráid an Choimisiúin inar cheart measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil reachtanna beartaithe an SAE i gcomhréir leis an Rialachán seo. Ba cheart dearbhú a bheith in iarratas mar sin ón mBallstát ina bhforáiltear oifig chláraithe a bheith ag an SCAE lena n-aithnítear an SCAE mar chomhlacht nó eagraíocht idirnáisiúnta chun críche chur i bhfeidhm Threoracha 2006/112/CE agus (AE) 2020/262 ón uair a bhunófar é. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an iarratas gan moill mhíchuí, go hidéalach laistigh de dhá mhí ón iarratas iomlán a fháil. Ba cheart don Choimisiún, chun na críche sin, iarraidh ar GEC a shaineolas a chur ar fáil.

(60)

Ar chúiseanna trédhearcachta, na gníomhartha cur chun feidhme lena mbunaítear SCAEnna, agus na fógraí a bhaineann le SCAE a fhoirceannadh agus a dhúnadh, chomh maith le haon fhógraí i gcás nach mbeadh SCAE in ann a fhiacha a íoc, ba cheart iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(61)

Chun a chuid cúraimí a chur i gcrích ar an mbealach is éifeachtúla, ba cheart pearsantacht dhlítheanach a bheith ag SCAE amhail ón lá a thagann an gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear an SCAE i bhfeidhm agus ba cheart dó tairbhe a bhaint as an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge i ngach Ballstát. Ba cheart do SCAE tairbhe a bhaint freisin as an inniúlacht dhlíthiúil is fairsinge i dtíortha comhlachaithe agus san Úcráin i gcásanna ina bhfuil siad ina gcomhaltaí den SCAE. Ba cheart oifig chláraithe a bheith aige laistigh de chríoch Ballstáit.

(62)

Féadfaidh Ballstáit, tíortha comhlachaithe agus an Úcráin a bheith ina gcomhaltaí de SCAE. Ba cheart trí chomhalta ar a laghad a bheith in SCAE agus gur Ballstáit iad dhá chomhalta ar a laghad acu sin.

(63)

Chun an SCAE a chur chun feidhme, ba cheart forálacha níos mionsonraithe a leagan síos ina reachtanna, ar ar a mbonn ba cheart don Choimisiún scrúdú a dhéanamh ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann iarratas rialacha an Rialacháin seo. Tá sé tábhachtach go soiléireofaí leis na reachtanna cad iad na hacmhainneachtaí riaracháin atá beartaithe chun a áirithiú go gcomhlíonfaí rialacha an Aontais is infheidhme agus na rialacha náisiúnta is infheidhme maidir le láimhseáil táirgí cosanta. Gan dochar do rialacha an Aontais agus do rialacha náisiúnta atá ann cheana maidir le honnmhairiú táirgí cosanta, ba cheart do chomhaltaí SCAE a bheith in ann teacht ar chomhaontú d’aon toil maidir le cur chuige i leith na n-onnmhairí sin.

(64)

Ar thaobh amháin, is gá a áirithiú go bhfuil an tsolúbthacht is gá ag SCAE chun a reachtanna a leasú agus, ar an taobh eile, go gcaomhnaítear eilimintí fíor-riachtanacha áirithe, go háirithe na heilimintí sin a raibh gá leo chun stádas an SCAE a dheonú, trí rialú is gá ar leibhéal an Aontais. Má bhaineann leasú le gné bhunriachtanach de na reachtanna, ba cheart don Choimisiún an leasú sin a fhormheas, sula dtiocfadh sé i bhfeidhm agus, ba cheart fógra a thabhairt don Choimisiún faoi aon leasú eile. Cé is moite de leasuithe a bhaineann le cur chuige féideartha i leith táirgí cosanta a onnmhairiú, ba cheart deis a bheith ag an gCoimisiún agóid a dhéanamh i gcoinne leasuithe mar sin má mheasann sé go bhfuil siad contrártha don Rialachán seo.

(65)

Ba cheart do SCAE a bheith in ann táirgí cosanta a sholáthar thar a cheann féin nó in ainm a chomhaltaí nó thar ceann a chomhaltaí. Chun na gcríoch sin, ba cheart SCAEnna a mheas mar eagraíochtaí idirnáisiúnta de réir bhrí Airteagal 12, pointe (c), de Threoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29). Dá bhrí sin, níor cheart feidhm a bheith ag Treoir 2009/81/CE maidir leis an soláthar sin. I gcás ina soláthraíonn SCAE thar ceann a chomhaltaí ar Ballstáit nó, i gcás inarb ábhartha, ar tíortha comhlachaithe iad, níor cheart feidhm a bheith ag Treoir 2009/81/CE sna cásanna sin nuair a chomhlíonann an nós imeachta soláthair na cuspóirí atá ag an SCAE i dtaca le hiomaíochas BTTCE agus, i gcás inarb ábhartha, iomaíochas BTTC na hÚcráine a chothú. Níor cheart feidhm a bheith ag Treoir 2009/81/CE ach oiread maidir leis na nósanna imeachta soláthair arna ndéanamh ag na Ballstáit agus soláthar á dhéanamh acu thar ceann SCAE nó ina ainm, ós rud é gur cheart na conarthaí sin a dhámhachtain i gcomhréir le rialacha soláthair an SCAE. I gcás ina gceannaíonn Ballstáit, nó, i gcás inarb infheidhme, tíortha comhlachaithe; táirgí cosanta ó SCAE, ba cheart a mheas gur conradh arna dhamhachtain ag rialtas amháin ar rialtas eile é an soláthar sin, dá dtagraítear in Airteagal 13, pointe (f) de Threoir 2009/81/CE. Ba cheart do SCAEnna a rialacha soláthair féin a shainiú, i gcomhréir le prionsabail dhlí príomha an Aontais is infheidhme maidir le soláthar, go háirithe na prionsabail sin a bhaineann le cóir chomhionann, trédhearcacht, neamh-idirdhealú agus comhréireacht agus leis na rialacha a leagtar amach sa Rialachán seo. I gcás ina gcuirfidh SCAE cúraimí soláthair de chúram ar eintiteas amháin nó níos mó, ba cheart dó a áirithiú go gcomhlíontar na prionsabail sin leis na rialacha soláthair atá le cur i bhfeidhm.

(66)

Ba cheart do na Ballstáit atá rannpháirteach in SCAE a áirithiú go gcomhlíonann beartas soláthair an SCAE na cuspóirí maidir le hiomaíochas BTTCE nó BTTC na hÚcráine a chothú, lena n-áirítear nuair nach bhfuil aon tacaíocht airgeadais ón Aontas ann. Tá an méid sin gan dochar do na coinníollacha sonracha a bhfuil feidhm acu i gcás ina bhfaigheann SCAE cistiú ón Aontas faoi chlár ábhartha.

(67)

Chun a chuid cúraimí a dhéanamh ar an mbealach is éifeachtúla, agus mar iarmhairt loighciúil ar a phearsantacht dhlítheanach, ba cheart SCAE a bheith faoi dhliteanas i leith a chuid fiach. Chun go mbeidh comhaltaí de SCAE in ann teacht ar réitigh iomchuí maidir lena ndliteanas, ba cheart an rogha a thabhairt dóibh foráil a dhéanamh sna reachtanna maidir le córais dliteanais éagsúla a théann os cionn an dliteanais atá teoranta do ranníocaíochtaí na gcomhaltaí.

(68)

Chun a áirithiú go ndéantar rialú leordhóthanach ar chomhlíonadh an Rialacháin seo, ba cheart do SCAE a thuarascáil bhliantúil a tharchur chuig an gCoimisiún, chomh maith le haon fhaisnéis maidir le tosca atá ina mbagairt ghéar do bhaint amach a chúraimí. I gcás ina léirítear don Choimisiún, sa tuarascáil bhliantúil nó in aon rud eile, go bhfuil an SCAE ag sárú an Rialacháin seo nó dlí eile is infheidhme ar bhonn tromchúiseach, ba cheart dó mínithe nó gníomhaíochtaí a iarraidh ar an SCAE nó ar a chomhaltaí. I gcásanna tromchúiseacha agus mura ndéantar aon ghníomhaíocht feabhais, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann an gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear an SCAE a aisghairm, rud a d’fhágfadh go ndéanfaí an SCAE a fhoirceannadh. Ba cheart don Choimisiún tuarascáil bhliantúil chomhiomlánaithe a chur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le gníomhaíochtaí gach SCAE gníomhach.

(69)

Tar éis chogadh foghach gan chúis gan údar na Rúise ar an Úcráin, tá slándáil an tsoláthair ina toisc atá ag éirí níos tábhachtaí i gcinntí soláthair na mBallstát maidir le táirgí cosanta. Mar thoradh air sin, is toisc chinntitheach in iomaíochas na mBallstát é a bheith de chumas ag slabhraí soláthair trasteorann an Aontais soláthar gan suaitheadh a áirithiú le haghaidh táirgí cosanta. D’fhéadfadh éifeachtaí dearfacha ar iomaíochas BTTCE teacht as dá bhrí sin dá dtabharfaí isteach córas slándála soláthair uile-Aontais.

(70)

Ar ghlacadh Rialachán (AE) 2023/1525, d’iarr Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an gCoimisiún féachaint an bhféadfaí creat dlíthiúil a chur chun cinn darb aidhm slándáil an tsoláthair a áirithiú, ina ráiteas comhpháirteach an 11 Iúil 2023. Bhí an Ráiteas Comhpháirteach sin ag teacht leis na conclúidí ón gComhairle Eorpach i mí na Nollag 2013 inar iarradh go mbeadh córas cuimsitheach uile-Aontais ann maidir le slándáil an tsoláthair agus an moladh ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Meitheamh 2022 inar tathantaíodh ar an gCoimisiún a leithéid de chóras a chur i láthair gan mhoill.

(71)

Le géarchéimeanna a tharla le déanaí, amhail paindéim COVID-19 agus an méadú géar ar an éileamh ar tháirgí cosanta áirithe, go háirithe armlón, nochtadh leochaileachtaí i slabhraí soláthair an Aontais. Léirigh na géarchéimeanna sin freisin an chaoi ar féidir le suaitheadh i soláthar na dtáirgí sin nó na gcomhpháirteanna nó na n-amhábhar atá ríthábhachtach dá dtáirgeadh bac a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Leis na géarchéimeanna sin, léiríodh an riosca is dócha a bheidh ann go dtiocfaidh bearta éagsúla chun cinn ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear chun stoic a chaomhnú mar ábhar slándála náisiúnta agus chun táirgí cosanta a dheimhniú, agus an easpa comhordaithe ar leibhéal an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais táirgí a bhfuil ríthábhacht leo chun freagairt do na géarchéimeanna atá ag teacht chun cinn, chomh maith le comhpháirteanna agus amhábhair atá fíor-riachtanach dá dtáirgeadh, rud a d'fhágfadh go mbeadh deacrachtaí ann maidir le rochtain a fháil ar na táirgí, na comhpháirteanna agus na hamhábhair is gá nó leis na táirgí, na comhpháirteanna agus na hamhábhair is gá a fháil chun na táirgí ábhartha a mhonarú nó a fháil, agus an riosca nithiúil ann go gcuirfí bac ar na slabhraí táirgthe ina n-iomláine ar an gcaoi sin. Tá sé ríthábhachtach cosc a chur ar theacht chun cinn bacainní ar thrádáil trasteorann idir na Ballstáit mar gheall ar éagsúlachtaí sa dlí náisiúnta, toisc go gcuirfí srian le héagsúlachtaí den sórt sin ar shaorghluaiseacht táirgí criticiúla agus na gcomhpháirteanna gaolmhara agus na n-amhábhar gaolmhar sa mhargadh inmheánach agus go gcuirfí isteach ar fheidhmiú a shlabhraí soláthair. Léirigh na deacrachtaí sin feadh na slabhraí soláthair freisin easpa uirlisí bainistithe géarchéime agus sásraí comhordúcháin, agus comhroinnt neamhleor faisnéise chomh maith le forléargas neamhleor ar na hacmhainneachtaí monaraíochta ar fud an Aontais, go háirithe le haghaidh táirgí cosanta.

(72)

De dheasca dhíghrádú leanúnach an chomhthéacs slándála, dar príomhthréith bagairtí fadtéarmacha atá ag dul i méid, an dlús le forbairt na teicneolaíochta cosanta agus na nuálaíochta, agus an méadú dóchúil ar an gcaiteachas cosanta, is dócha go spreagfar borradh san éileamh ar tháirgí cosanta agus go gcuirfidh sé le géarchéimeanna soláthair i leith na dtáirgí sin amach anseo. Is dócha go gcuireann éileamh méadaithe den sórt sin leis an mbrú ar shlabhraí soláthair an Aontais le haghaidh táirgí cosanta agus, mura nglacfar aon chreat ar leibhéal an Aontais, go dtiocfaidh chun cinn nó go gcuirfear ar ais bearta náisiúnta éagsúla chun dul i ngleic le ganntanais, agus ar an gcaoi sin tiocfaidh bacainní ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh as agus bainfear an bonn de leasanna cosanta agus slándála an Aontais agus a Bhallstát.

(73)

Thairis sin, d’fhéadfadh an timpeallacht slándála atá ag athrú go tapa cur le géarchéimeanna eile de chineálacha éagsúla, amhail cibirionsaithe ar thionscail chosanta nó suaití mórscála ar bhonneagar criticiúil, lena n-éileofaí freagairtí comhordaithe tapa cinntitheacha chun suaitheadh tromchúiseach ar na slabhraí soláthair cosanta gaolmhara a chosc. In oirchill éileamh méadaithe ar tháirgí cosanta agus brú níos déine ar na slabhraí soláthair gaolmhara, tá feidhmiú iontaofa na slabhraí soláthair sin fíor-riachtanach, dá bhrí sin, chun feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh do tháirgí cosanta a áirithiú.

(74)

Mar a léirítear leis na ceachtanna a foghlaimíodh ó obair an Tascfhórsa um Sholáthar Comhpháirteach in Earnáil na Cosanta maidir le riachtanais soláthair cosanta an-ghearrthéarmach a chomhordú agus ó chur chun feidhme Rialachán (AE) 2023/1525, is minic a bhíonn gné thrasteorann ag slabhraí soláthair cosanta an Aontais, go háirithe ar leibhéil níos ísle. Tá sé ríthábhachtach nach mbeadh easpa infheictheachta maidir le hacmhainneachtaí táirgeachta foriomlána agus slabhraí soláthair BTTCE agus nach mbeadh na Ballstáit in ann cinntí eolasacha a dhéanamh mar thoradh ar chastacht mhéadaitheach na slabhraí soláthair uile-Aontais le haghaidh táirgí cosanta, go háirithe chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais nó chun riosca ina leith sin a mhaolú.

(75)

Tá riosca nithiúil ann nach leor na bearta maidir le slándáil an tsoláthair arna nglacadh ar an leibhéal náisiúnta chun dul i ngleic go héifeachtach amach anseo le dúshláin agus nach féidir leis na Ballstáit aonair na héifeachtaí trasteorann ar shlabhraí soláthair cosanta uile-Aontais a chur san áireamh go leordhóthanach ná aghaidh a thabhairt orthu go hiomchuí. Ina theannta sin, is féidir tionchar diúltach tromchúiseach a bheith ag cuir chuige neamhchomhordaithe ar an leibhéal náisiúnta, go háirithe maidir le deimhniú agus aistriú táirgí cosanta laistigh den Aontas agus tosaíocht a thabhairt d’orduithe a bhfuil cuspóir míleata acu, ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh do tháirgí cosanta, go háirithe trí bhacainní a chruthú ar thrádáil trasteorann, agus na ganntanais fhoriomlána agus an suaitheadh foriomlán sna slabhraí soláthair a ghéarú.

(76)

I bhfianaise na ndúshlán sin, is cosúil gur gá agus gurb iomchuí córas uile-Aontais maidir le slándáil an tsoláthair a bhunú darb aidhm slándáil an tsoláthair táirgí cosanta a mhéadú chun feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú agus chun é a dhéanamh athléimneach in aghaidh aon suaitheadh. Sa chomhthéacs sin, tá sé ríthábhachtach foráil a dhéanamh maidir le bearta comhordúcháin agus ullmhú agus freagairt do thionchar géarchéimeanna soláthair a bheidh ann amach anseo ar an margadh inmheánach do tháirgí cosanta; slándáil an tsoláthair a áirithiú do tháirgí cosanta, do chomhpháirteanna agus d’amhábhair na dtáirgí sin, agus d’aon táirgí agus seirbhísí atá ríthábhachtach dá dtáirgeadh, a bhfuil a n-infhaighteacht fíor-riachtanach chun feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus a shlabhraí soláthair a áirithiú agus nach mór iad a ráthú chun freagairt do ghéarchéim soláthair (‘táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime’); agus chun feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh do tháirgí cosanta a áirithiú, lena n-áirítear trí chosc a chur ar theacht chun cinn bacainní air. Ba cheart na bearta sin a bheith bunaithe ar Airteagal 114 CFAE.

(77)

Baineann Treoir 2009/81/CE, i measc nithe eile, le creat reachtach iomchuí a bhunú, ar réamhriachtanas é chun margadh Eorpach um threalamh cosanta a chruthú, le comhordú nósanna imeachta soláthair chun conarthaí a dhámhachtain lena gcomhlíonfaí ceanglais slándála na mBallstát agus leis na hoibleagáidí a eascraíonn as CFAE. Chun an aidhm sin a bhaint amach, foráiltear le Treoir 2009/81/CE sin, go háirithe, do chásanna géarchéime, go sonrach trí fhorálacha sonracha a sholáthar a chuirfí i bhfeidhm i gcás práinne arna eascairt as géarchéim, amhail tréimhsí giorraithe chun tairiscintí a fháil agus an fhéidearthacht an nós imeachta caibidlithe a úsáid gan fógra conartha a fhoilsiú roimh ré. Mar sin féin, i gcásanna áirithe práinne, d’fhéadfadh sé nár leormhaith na rialacha sin, go háirithe i gcás nárbh fhéidir aghaidh a thabhairt ar an bpráinn arna heascairt as an ngéarchéim ach amháin trí dhá Bhallstát nó níos mó a bheith rannpháirteach i soláthar comhoibríoch. Sna cásanna sin, is minic gurb é an t-aon réiteach atá ann lena n-áiritheofaí leasanna slándála na mBallstát sin creat-chomhaontú atá ann cheana a oscailt d’údaráis chonarthacha na mBallstát nach raibh ina bpáirtithe ann ar dtús, fiú murar foráladh dá leithéid sa chreat-chomhaontú bunaidh. Ós rud é nach bhforáiltear do na féidearthachtaí sin i dTreoir 2009/81/CE tráth theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, foráiltear leis an Rialachán sin go bhféadfaí foráil na Treorach sin a chomhlánú nó maolú uirthi i gcásanna práinne arna eascairt as géarchéim, ar choinníoll go bhfaighfí comhaontú an ghnóthais a thug an creat-chomhaontú i gcrích.

(78)

I gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, tá modhnuithe ar chonradh poiblí le bheith teoranta go docht don mhéid atá fíor-riachtanach sna himthosca, agus prionsabail an neamh-idirdhealaithe, na trédhearcachta agus na comhréireachta á gcomhlíonadh a mhéid is féidir. I ndáil leis sin, ba cheart a bheith in ann maolú ar Threoir 2009/81/CE trí na cainníochtaí dá bhforáiltear i gcreat-chomhaontú a mhéadú suas le 100 % de luach an chreat-chomhaontaithe sin i gcás ina n-osclaítear é d’údaráis chonarthacha as Ballstáit eile, a mhéid a bhfuil fíorghá leis an méadú sin chun an creat-chomhaontú a oscailt do na húdaráis chonarthacha sin. A mhéid a bhaineann leis na cainníochtaí breise sin, ba cheart na coinníollacha céanna a bheith ag na húdaráis chonarthacha sin agus atá ag an údarás conarthach bunaidh a thug an creat-chomhaontú bunaidh i gcrích. Ina theannta sin, ba cheart bearta iomchuí trédhearcachta a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirtear na páirtithe leasmhara féideartha uile ar an eolas.

(79)

Le blianta beaga anuas, tá na Ballstáit ag gabháil níos mó agus níos mó don chomhar cosanta, go háirithe d’fhonn a gcumais mhíleata a chóineasú. Is é is cuspóir go háirithe do phróisis eile de chuid an Aontais, amhail ACBC agus PESCO, tacú le cur chun feidhme na dtosaíochtaí ábhartha trí dheiseanna comhair fheabhsaithe a shainaithint agus a thapú d’fhonn leibhéal uaillmhéine an Aontais i réimse na slándála agus na cosanta a chomhlíonadh. Mar gheall ar an meath leanúnach atá ag teacht ar an timpeallacht gheopholaitiúil agus ar mhórluaineacht na timpeallachta idirnáisiúnta, is riachtanaí fós le comhar oibríochtúil a fhorbairt. Chun bheith éifeachtach, d’fhéadfadh sé go gciallódh comhar cosanta gur gá go n-úsáidfeadh fórsaí armtha na mBallstát agus iad ag obair i gcomhar le chéile an táirge cosanta ceannann céanna nó, ar a laghad, táirgí chomh gar sin go bhfuil siad inmhalartaithe. Sna cásanna sin, ba cheart cead a bheith ag Ballstát atá rannpháirteach i mbunú nó a ghlacann páirt i dtionscnamh comhair den sórt sin, ar mó ná soláthar comhoibríoch táirgí cosanta amháin atá i gceist leis, maolú ar phrionsabail na trédhearcachta agus na hiomaíochta agus conradh a dhámhachtain go díreach gan iomaíocht roimh ré ná fógra conartha a fhoilsiú roimh ré don ghnóthas ón BTTCE a tháirgeann an táirge sin, ar choinníoll go bhfuil gá leis sin chun an comhar cosanta lena mbaineann a chur chun feidhme.

(80)

I bhfianaise an chomhthéacs slándála agus an teannais agus na scrogall atá ann cheana agus atá intuartha sa mhargadh inmheánach do tháirgí cosanta agus a shlabhraí soláthair a eascraíonn go háirithe as an neamhréir idir acmhainneachtaí monaraíochta teoranta san Aontas agus an borradh ar an éileamh ó thús chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, ní mór foráil a dhéanamh maidir le sraith beart lena gcuirfear ar chumas an Aontais réamh-mheas a dhéanamh agus ullmhú do rioscaí go mbeadh suaitheadh tromchúiseach i soláthar na dtáirgí cosanta agus na rioscaí sin a mhaolú, ar rioscaí iad ar as a shiocair a ghlacfaí nó is dócha a ghlacfaí beart náisiúnta éagsúil as a n-eascródh tionchar diúltach tromchúiseach ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh.

(81)

Maidir le cumas an Aontais géarchéimeanna i soláthar na dtáirgí cosanta a réamh-mheas agus aghaidh a thabhairt orthu, ar géarchéimeanna iad a dhéanann difear d’fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, bíonn an cumas sin ag brath ar an eolas a bhíonn ar fáil agus ar an bhfaireachas a dhéantar, ar leibhéal an Aontais, ar struchtúr, láidreachtaí agus laigí shlabhraí soláthair an Aontais le haghaidh na dtáirgí sin. I bhfianaise chastachtaí shlabhraí soláthair na cosanta agus an teannais agus an riosca ganntanas atá ann cheana feadh na slabhraí soláthair sin, is gá ionstraimí a sholáthar le haghaidh cur chuige comhordaithe leanúnach maidir le mapáil agus faireachán a dhéanamh ar shlabhraí soláthair an Aontais maidir le táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime. Cuireann torthaí mapála den sórt sin faisnéis ábhartha ar fáil freisin chun bearta de chuid an Aontais a fhorbairt darb aidhm iomaíochas BTTCE a neartú agus chun measúnú a dhéanamh ar sheasamh an Aontais i slabhraí soláthair cosanta domhanda. Sa chomhthéacs sin, ba cheart mapáil agus faireachán a dhéanamh ar tháirgí ar as a shiocair, dá mbeadh suaitheadh tromchúiseach ina soláthar nó dá mba ann do gharbhaol an tsuaite sin, a ghlacfaí nó is dócha a ghlacfaí beart náisiúnta éagsúil as a n-eascródh iarmhairt dhiúltach ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, go háirithe bacainní ar thrádáil trasteorann.

(82)

Chun críocha na mapála, ba cheart don Choimisiún liosta táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime a shainaithint agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta, ag díriú ar shuaitheadh nó scrogaill a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do shlándáil soláthair na dtáirgí sin. Ba cheart sainaithint na dtáirgí sin ag an gCoimisiún a bheith bunaithe ar shonraí arna soláthar ag na Ballstáit agus a eascraíonn as sainaithint na n-acmhainneachtaí monaraíochta agus na slabhraí soláthair ábhartha. Chun uileghabhálacht na sonraí comhiomlánaithe a áirithiú, ba cheart don Choimisiún na sonraí sin a chros-seiceáil, agus úsáid á baint, chun na críche sin, as na sonraí atá ar fáil agus, más gá, as sonraí a fhaightear trí iarrataí deonacha ar fhaisnéis ó ghnóthais.

(83)

Ba cheart don Choimisiún foráil a dhéanamh maidir le creat agus modheolaíocht chun táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime a shainaithint. Chun éifeachtúlacht na mapála a áirithiú, ba cheart an creat sin agus an mhodheolaíocht sin a shainiú ar bhealach lena seachnófar ualach riaracháin nach bhfuil gá leis a chur ar na Ballstáit. Dá bhrí sin, ba cheart dóibh cur leis na creataí agus na modheolaíochtaí náisiúnta atá ann cheana agus a roinnfeadh na Ballstáit leis an gCoimisiún. Ba cheart an creat sin agus an mhodheolaíocht sin a dhíriú, ar an gcéad dul síos, ar scrogaill atá ann cheana feadh slabhraí soláthair cosanta agus ba cheart sainaithint acmhainneachtaí monaraíochta agus slabhraí soláthair na n-acmhainneachtaí sin a bheith mar thoradh air.

(84)

Mar chuid den mhapáil, ba cheart don Choimisiún freisin liosta táscairí luathrabhaidh a shainaithint agus a fhorbairt darb aidhm tosca a shainaithint a d’fhéadfadh soláthar na dtáirgí sin a shuaitheadh, é a chur i mbaol nó tionchar diúltach a imirt air. D’fhéadfaí a áireamh ar na táscairí sin: méaduithe neamhthipiciúla ar aga tionscanta; infhaighteacht amhábhar, táirgí idirmheánacha agus an chaipitil dhaonna is gá chun táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime nó trealamh monaraíochta iomchuí a mhonarú; éileamh tuartha; borradh praghsanna atá níos mó ná an ghnáthluaineacht praghsanna, timpistí, ionsaithe, tubaistí nádúrtha nó teagmhais thromchúiseacha eile; éifeacht beartas trádála, taraifí, srianta ar onnmhairiú, bacainní trádála agus bearta eile a bhaineann le trádáil; agus an éifeacht a bhíonn ag gnólachtaí a bheith ag dúnadh, ag seachfhoinsiú nó ag éadálacha príomhsholáthróirí táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime. Ba cheart na gníomhaíochtaí faireacháin a dhéanann an Coimisiún a dhíriú ar na táscairí luathrabhaidh sin, agus d’fhéadfadh iarrataí ar fhaisnéis dheonach chuig gníomhaithe ábhartha a bheith i gceist leis na gníomhaíochtaí sin más gá.

(85)

Chun an t-ualach ar ghnóthais a fhreagraíonn ar an bhfaireachán a íoslaghdú agus chun a áirithiú gur féidir an fhaisnéis a fhaightear a thiomsú ar bhealach fóinteach, ba cheart don Choimisiún foráil a dhéanamh maidir le modhanna caighdeánaithe slána le haghaidh aon bhailiú faisnéise. Ba cheart a áirithiú leis na modhanna sin go gcaithfear le haon fhaisnéis a bhailítear faoi rún, chun rúndacht ghnó agus cibearshlándáil a áirithiú. Ar an gcaoi chéanna, chun an t-ualach riaracháin ar riaracháin náisiúnta a theorannú, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit a iarraidh ar an gCoimisiún na cúraimí ar cuireadh de chúram orthu a dhéanamh chun slabhraí soláthair táirgí cosanta a mhapáil.

(86)

Ar bhonn liosta na dtáirgí a bhíonn ábhartha i gcás géarchéime arna sainaithint ag an gCoimisiún, ba cheart do na Ballstáit a aithint, ar a gcríoch féin, cé hiad príomhsholáthróirí na dtáirgí sin. Ba cheart liosta na soláthróirí sin a tharchur chuig an gCoimisiún chun cur chuige comhordaithe éifeachtúil a áirithiú ar leibhéal an Aontais. Chun a bheith in ann aon teagmhas a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le hiarmhairtí diúltacha marthanacha d’infhaighteacht agus do sholáthar tráthúil na dtáirgí sin a aithint agus a thuairisciú, ba cheart do na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar chumas na soláthróirí sin a ngníomhaíochtaí a chur i gcrích, i bhfianaise na dtáscairí luathrabhaidh a aithníonn an Coimisiún. Chun na críche céanna sin, ba cheart do na príomhsholáthróirí táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime an Ballstát a bhfuil siad bunaithe ar a chríoch a chur ar an eolas freisin má bhraitheann siad suaitheadh soláthair a d’fhéadfadh difear suntasach a dhéanamh dá ngníomhaíochtaí a bhaineann le táirgeadh táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime.

(87)

Mar chuid den chreat ullmhachta i gcomhair géarchéimeanna, ba cheart don Choimisiún tástálacha struis agus ionsamhlúcháin a dhéanamh agus a chomhordú, agus é ag tógáil go háirithe ar chomhairle an Bhoird um Shlándáil an tSoláthair i Réimse na Cosanta (an ‘Bord’) maidir le hábhair ríthábhachtacha le haghaidh slabhraí soláthair cosanta. Sa chomhthéacs sin, d’fhéadfadh an Choimisiún cásanna agus paraiméadair a fhorbairt lena léirítear na rioscaí ar leith a bhaineann le géarchéim i soláthar táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime. Chun ullmhacht na ngníomhaithe ábhartha uile i gcomhair géarchéimeanna a áirithiú, ní mór a iarraidh ar na Ballstáit uile agus, i gcás inarb ábhartha, ar an Ardionadaí, GEC, agus ar ghníomhaithe ábhartha eile, páirt a ghlacadh ar bhonn deonach sna tástálacha struis sin. Sa chomhthéacs sin, d’fhéadfadh an Coimisiún forbairt straitéisí ullmhachta éigeandála a éascú agus a spreagadh, lena n-áirítear straitéisí le haghaidh cumarsáid i gcás géarchéime agus faisnéis a mhalartú faoi na srianta is infheidhme in imthosca dúshlánacha. I bhfianaise íogaireacht na faisnéise a bhaineann le scrogaill sna slabhraí soláthair do leasanna cosanta agus slándála an Aontais agus a Bhallstát, ba cheart torthaí na dtástálacha struis sin a bheith rúnaicmithe.

(88)

Mar thoradh ar an easpa trédhearcachta maidir le céannacht na n-údarás deimhniúcháin agus nósanna imeachta deimhnithe táirgí cosanta laistigh den Aontas, is teoranta an trasdeimhniú a dhéantar ar tháirgí cosanta, agus ar an gcaoi sin déantar an margadh inmheánach do tháirgí cosanta a ilroinnt a thuilleadh, go háirithe le linn géarchéimeanna soláthair, mar a léiríodh le linn na géarchéime soláthair armlóin in 2023. Mar chuid den chreat ullmhachta, is gá, dá bhrí sin, trédhearcacht a mhéadú maidir le próisis deimhniúcháin náisiúnta agus comhroinnt faisnéise idir údaráis deimhniúcháin a éascú, d’fhonn trasdeimhniú táirgí cosanta a éascú agus gluaiseacht an dtáirgí sin sa mhargadh inmheánach a chothú. Chun na críche sin, ba cheart don Choimisiún liosta de na húdaráis deimhniúcháin náisiúnta a tharraingt suas agus a choinneáil cothrom le dáta.

(89)

Chun an riosca a laghdú, go mbeadh ganntanais táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime is gá dlús a chur le borradh na saoráidí táirgthe a bhaineann le táirgeadh na dtáirgí sin, go háirithe trína áirithiú go gcaithfear go héifeachtúil agus go tráthúil le haon iarratas a bhaineann le pleanáil, tógáil agus oibriú na saoráidí sin. Ar an gcúis sin, ba cheart do na húdaráis náisiúnta a áirithiú go gcaithfear leis na hiarratais sin chomh mear agus is féidir de réir dlí.

(90)

Chun a chur ar a chumas don Aontas a bheith in ann an riosca a mhaolú go dtosódh géarchéim soláthair, ba cheart do na húdaráis inniúla náisiúnta an Bord a chur ar an eolas i gcás ina dtiocfaidh siad ar an eolas faoi riosca go mbeidh suaitheadh tromchúiseach i soláthar táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime, nó ina mbeidh faisnéis nithiúil iontaofa acu faoi aon toisc nó teagmhas riosca ábhartha eile a thiocfaidh chun cinn. Chun cur chuige comhordaithe a áirithiú agus an riosca sin a mhaolú, ba cheart don Choimisiún, nuair a bheidh sé ar an eolas faoin riosca sin, gníomhaíochtaí coisctheacha a dhéanamh, amhail cruinniú urghnách den Bhord a thionól chun déine an tsuaite a d’fhéadfadh a bheith ann a phlé chomh maith le freagairtí féideartha agus, i gcás inarb ábhartha, dul i gcomhairle le tríú tíortha ábhartha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta d’fhonn réitigh chomhoibríocha a lorg chun suaitheadh sna slabhraí soláthair a sheachaint nó chun aghaidh a thabhairt orthu, i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta.

(91)

Ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo freisin maidir le hionstraimí chun aghaidh a thabhairt, ar bhealach éifeachtúil comhordaithe, ar ghéarchéim soláthair atá ar tí tarlú nó atá tagtha chun cinn. Mar gheall ar an ngá atá le foráil a dhéanamh maidir le bearta spriocdhírithe agus sin ag brath ar cé acu a bhaineann nó nach mbaineann tionchar diúltach tromchúiseach ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, nó gar-riosca ina leith, le táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime nach táirgí cosanta ná táirgí cosanta atá ábhartha i gcás géarchéime iad, ba cheart foráil a dhéanamh leis an Rialachán seo maidir le dhá staid géarchéime soláthair éagsúla dá bhrí sin.

(92)

Ba cheart an staid géarchéime soláthair a ghníomhachtú ar bhonn fianaise nithiúil iontaofa, i gcás ina bhfuil suaitheadh tromchúiseach nó a gharbhaol sin i soláthar táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime, agus i gcás inar as siocair an tsuaite sin nó a gharbhaol a ghlacfaí nó is dócha a ghlacfaí bearta náisiúnta éagsúla a bhainfeadh le soláthar táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime nach táirgí cosanta iad, as a n-eascródh tionchar diúltach tromchúiseach ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, go háirithe bacainní ar thrádáil trasteorann táirgí den sórt sin atá ábhartha i gcás géarchéime.

(93)

Ba cheart an staid géarchéime soláthair a bhaineann leis an tslándáil a ghníomhachtú i gcás ina bhfuil suaitheadh tromchúiseach nó garbhaol go dtarlóidh a leithéid i soláthar táirgí cosanta, agus i gcás inar as siocair an tsuaite sin nó an gharbhaoil go dtarlódh sé a ghlacfaí nó is dócha a ghlacfaí bearta náisiúnta éagsúla a bhainfeadh le táirgí cosanta atá ábhartha i gcás géarchéime, as a n-eascródh tionchar diúltach tromchúiseach ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, go háirithe bacainní ar thrádáil trasteorann táirgí cosanta mar sin atá ábhartha i gcás géarchéime. Agus measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar chomhlíonadh na coinníollacha chun an staid géarchéime soláthair a bhaineann leis an tslándáil a ghníomhachtú, ba cheart dó a chur san áireamh ar sainaithníodh géarchéim a dhéanann difear do leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus a Bhallstát laistigh de réimse CBES, amhail ar ghníomhachtaigh Ballstát an clásal um chúnamh frithpháirteach de bhun Airteagal 42(7) CAE. Sa chomhthéacs sin, d’fhéadfadh an Coimisiún a chur san áireamh ar sainaithníodh géarchéim mar sin in ECAT freisin.

(94)

Mar gheall ar a íogaire atá an cinneadh an staid géarchéime soláthair nó an staid géarchéime soláthair a bhaineann leis an tslándáil a ghníomhachtú, ar íogaire é a eascraíonn go háirithe as iarmhairtí féideartha na mbeart a d’fhéadfaí a dhéanamh mar fhreagairt ar an staid sin, lena n-áirítear an tionchar suntasach a d’fhéadfadh a bheith ag na bearta sin ar ghnóthais phríobháideacha san Aontas, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Chomhairle gníomh cur chun feidhme a ghlacadh a mhéid a bhaineann leis na staideanna géarchéime soláthair sin a ghníomhachtú, a fhadú agus a fhoirceannadh. Chun a áirithiú go gcuirfear an fhreagairt ar leibhéal an Aontais in oiriúint do chineál na géarchéime soláthair, ba cheart don Chomhairle a chinneadh freisin cé acu de na bearta dá bhforáiltear leis an Rialachán seo ba cheart a ghníomhachtú chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim soláthair leanúnach, agus ba cheart di a bheith in ann a shainaithint cé na táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime ar cheart na bearta sin a ghníomhachtú ina leith.

(95)

Chun gur féidir measúnuithe beachta agus neas-fhíorama a chumasú lena ndéanamh ar chineál agus ar dhéine na géarchéime soláthair agus ar cé acu an bhfuil gá le bearta tosaíochta a imscaradh, ba cheart don Choimisiún, i gcás ina bhforáiltear amhlaidh sa ghníomh cur chun feidhme ón gComhairle faoin staid géarchéime soláthair nó faoin staid géarchéime soláthair a bhaineann leis an tslándáil, a bheith in ann iarrataí ar fhaisnéis a chur chuig oibreoirí eacnamaíocha a rannchuidíonn le táirgeadh na dtáirgí lena mbaineann atá ábhartha i gcás géarchéime. Níor cheart iarrataí den sórt sin ar fhaisnéis a chur ach amháin i gcás nach leor an fhaisnéis atá ar fáil agus ba cheart iad a theorannú d’fhaisnéis maidir le cumais táirgeachta, acmhainneachtaí táirgeachta nó aon suaitheadh príomha a d’fhéadfadh tarlú. I bhfianaise íogaireacht na faisnéise a d’fhéadfaí a iarraidh, ba cheart don Choimisiún comhaontú a fháil roimh ré ón mBallstát ina bhfuil láithreán táirgthe an oibreora eacnamaíoch ábhartha lonnaithe, agus ba cheart an fhaisnéis iarrtha a sheoladh tríd an mBallstát sin. I gcás ina n-aontaíonn an Ballstát lena mbaineann iarraidh den sórt sin ar fhaisnéis a sheoladh, ba cheart dó a bheith in ann cinneadh a dhéanamh an iarraidh sin a dhíriú go díreach chuig an oibreoir eacnamaíoch ábhartha agus an Coimisiún a chur ar an eolas faoi sin. Tá sé tábhachtach freisin go mbeadh an Coimisiún ar an eolas faoi iarrataí ar fhaisnéis ó thríú tíortha a bhaineann le gníomhaíochtaí oibreoirí eacnamaíocha atá bunaithe san Aontas maidir le soláthar táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime toisc go bhféadfadh bearta tosaíochta ó na tríú tíortha sin a bhféadfadh tionchar suntasach a bheith acu ar sholáthar na dtáirgí sin san Aontas agus ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a bheith mar thoradh ar iarrataí ar fhaisnéis mar sin. Dá bhrí sin, ba cheart don oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann an Ballstát a bhfuil a láithreán táirgthe lonnaithe ar a chríoch a chur ar an eolas in am trátha agus ba cheart don Bhallstát sin, ar a uain, an Coimisiún a chur ar an eolas, ionas go mbeidh an Ballstát lena mbaineann agus an Coimisiún in ann a iarraidh ar an oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann faisnéis atá cosúil leis an bhfaisnéis arna hiarraidh ag an tríú tír a chur ar fáil.

(96)

I gcásanna ina bhfuil ganntanais thromchúiseacha leanúnacha táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime ann nó i gcás éileamh thar a bheith ard ar tháirgí atá ábhartha i gcás géarchéime as a n-eascródh tionchar diúltach tromchúiseach ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh nó lena mbaineann garbhaol go dtarlódh a leithéid, d’fhéadfadh bearta tosaíochta ar leibhéal an Aontais darb aidhm infhaighteacht táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime a áirithiú a bheith fíor-riachtanach chun feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh do tháirgí cosanta agus a shlabhraí soláthair a áirithiú. I ndáil leis sin, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann, arna iarraidh sin do Bhallstát, iarrataí a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo a úsáid chun soláthar táirgí cosanta atá ábhartha i gcás géarchéime agus táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime nach táirgí cosanta iad araon a éascú, agus orduithe a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo chun soláthar táirgí atá ábhartha i gcas géarchéime nach táirgí cosanta iad a áirithiú. Ba cheart don Chomhairle na bearta tosaíochta sin a ghníomhachtú.

(97)

Ba cheart iarrataí ón gCoimisiún a bheith i gceist le hiarrataí a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo, ar thionscnamh Ballstáit, ar oibreoirí eacnamaíocha ábhartha atá bunaithe san Aontas chun glacadh le horduithe táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime nó chun tosaíocht a thabhairt dóibh. Mar ionstraim na rogha deiridh chun a áirithiú gur féidir le slabhraí soláthair cosanta leanúint de bheith ag oibriú le linn géarchéim soláthair, agus nuair is gá agus nuair is comhréireach iad a úsáid chun na críche sin amháin, ba cheart na hiarrataí tosaíochta sin a dhíriú ar thacaíocht a thabhairt do Bhallstát a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha aige ordú a dhéanamh nó conradh a fhorghníomhú chun táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime a sholáthar. Ba cheart an deis a bheith ag oibreoirí eacnamaíocha diúltú a bheith faoi réir iarraidh a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint léi. Agus iarraidh a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint léi á heisiúint aige, ba cheart don Choimisiún an tionchar diúltach a d’fhéadfadh a bheith aici ar an iomaíocht sa mhargadh inmheánach a chur san áireamh, chomh maith leis an mbaol go ngéarófaí saobhadh an mhargaidh léi. Ina theannta sin, agus faighteoirí agus tairbhithe na n-iarrataí a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo á roghnú, níor cheart a bheith idirdhealaitheach.

(98)

I bhfianaise an mheatha mhéadaithe ar chomhthéacs slándála an Aontais, rud atá nasctha le bagairt leanúnach threisithe na Rúise i gcomhthéacs a cogaidh fhoghaigh ar an Úcráin, tá sé ríthábhachtach aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag na Ballstáit maidir le hordú a dhéanamh nó conradh a fhorghníomhú a bhaineann le soláthar táirgí cosanta, go háirithe i gcás ina n-eascraíonn na deacrachtaí sin as suaitheadh i soláthar táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime ach nach táirgí cosanta iad. Go deimhin, i gcás inar táirgí dé-úsáide nó sibhialta iad na táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime, is féidir le slabhraí soláthair cosanta, agus iad ag iarraidh rochtain a fháil ar na táirgí sin atá ábhartha i gcás géarchéime, a bheith san iomaíocht le slabhraí soláthair nach mbaineann leis an gcosaint, agus a bhfuil cumhacht ceannaitheora i bhfad níos láidre acu. Is gá, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh maidir le hionstraim bhreise na rogha deiridh, i gcásanna nach bhfuil táirgeadh nó soláthar na dtáirgí sin atá ábhartha i gcás géarchéime nach táirgí cosanta iad a bhaint amach le haon bheart eile, lena n-áirítear iarraidh tosaíochta. Dá bhrí sin, le horduithe a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo, ba cheart é a chur ar a chumas don Choimisiún oibleagáid a chur ar oibreoirí eacnamaíocha atá bunaithe san Aontas táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime nach táirgí cosanta iad a tháirgeadh nó a sholáthar tar éis comhaontú roimh ré a fháil ón mBallstát a bhfuil láithreán táirgthe an oibreora eacnamaíoch lena mbaineann lonnaithe ar a chríoch agus ón mBallstát a bhfuil struchtúr bainistíochta feidhmiúcháin an oibreora eacnamaíoch lonnaithe ar a chríoch. Níor cheart don Choimisiún orduithe a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo a eisiúint i gcás nach bhfuil an t-oibreoir eacnamaíoch in ann an t-ordú a chomhlíonadh fiú má thugtar tosaíocht dó, bíodh sin mar gheall ar chumas táirgeachta nó acmhainneacht táirgeachta neamhleor nó ar fhorais theicniúla, nó toisc go gcuirfeadh sé sin ualach eacnamaíoch míréasúnta ar an oibreoir eacnamaíoch agus go mbeadh agus cruatan ar leith i gceist leis dó, lena n-áirítear riosca substaintiúil a bhainfeadh le leanúnachas gnó. I gcás ina dtagann cúiseanna mar sin chun cinn tar éis don Choimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena gcuirtear oibreoir eacnamaíoch faoi réir aon ordú nó iarraidh a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leis, ba cheart an t-oibreoir eacnamaíoch sin a bheith in ann a iarraidh ar an gCoimisiún an gníomh cur chun feidhme lena mbaineann a mhodhnú.

(99)

Maidir le hordú nó iarraidh a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leis ba cheart é a ghlacadh ar bhonn sonraí oibiachtúla fíorasacha intomhaiste cuí-réasúnaithe. Leis an iarraidh sin, ba cheart aird a thabhairt ar leasanna dlisteanacha na ngnóthas, chomh maith leis an gcostas agus leis an iarracht is gá maidir le haon athrú ar sheicheamh na táirgeachta. Nuair a ghlacfar í nó nuair a fhorchuirfear í, ba cheart tosaíocht a bheith ag an oibleagáid an iarraidh a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint léi nó an t-ordú a bhfuil tosaíocht ag baint leis a chomhlíonadh thar aon oibleagáidí feidhmíochta faoin dlí príobháideach nó faoin dlí poiblí. I gcás ina mbaineann cuspóir iarrata tosaíochta le táirge cosanta, ba cheart a shonrú san iarraidh raon feidhme na n-oibleagáidí conarthacha ar cheart tosaíocht a bheith aige ina leith. Gach iarraidh nó ordú tosaíochta a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leis nó léi, ba cheart í a chur isteach ar phraghas cóir réasúnta. Ba cheart bheith in ann praghas mar sin a ríomh ar bhonn na bpraghsanna is infheidhme le blianta beaga anuas, faoi réir cúiseanna a thabhairt maidir le haon mhéadú nó laghdú, mar shampla, boilsciú nó costais ionchuir a chur san áireamh. I bhfianaise a thábhachtaí atá sé soláthar táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime a áirithiú, ar táirgí iad atá fíor-riachtanach d’fheidhmiú iomchuí an mhargaidh inmheánaigh agus dá shlabhraí soláthair, níor cheart go bhfágfadh comhlíonadh na hoibleagáide maidir le hiarraidh nó ordú a chomhlíonadh a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint léi nó leis go mbeadh tríú páirtithe faoi dhliteanas i leith damáistí a d’fhéadfadh eascairt as aon sárú i leith oibleagáidí conarthacha arna rialú le dlí Ballstáit, a mhéid ba ghá na hoibleagáidí sin a shárú chun an tosaíocht shainordaithe a chomhlíonadh. Ba cheart cead a bheith ag oibreoirí eacnamaíocha a d’fhéadfadh a bheith laistigh de raon feidhme iarrata tosaíochta foráil a dhéanamh, faoi choinníollacha a gconarthaí tráchtála, d’iarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ag iarraidh tosaíochta.

(100)

I gcás inar ghlac an t-oibreoir eacnamaíoch go sainráite le hiarraidh a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint léi agus ina bhfuil gníomh cur chun feidhme glactha ag an gCoimisiún tar éis an ghlactha sin, nó i gcás inar forchuireadh ordú a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leis ar an oibreoir eacnamaíoch le gníomh cur chun feidhme arna ghlacadh ag an gCoimisiún, ba cheart don oibreoir eacnamaíoch coinníollacha uile an ghnímh cur chun feidhme sin a chomhlíonadh. Mura gcomhlíonann an t-oibreoir eacnamaíoch na coinníollacha a leagtar síos sa ghníomh cur chun feidhme, ba cheart an tairbhe a bhaineann le tarscaoileadh dliteanais chonarthaigh a chailleadh mar gheall air sin. Nuair a dhéantar an neamhchomhlíonadh d’aon ghnó nó nuair is mórfhaillí is cúis leis, ba cheart an Coimisiún a bheith in ann fíneáil nó íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorchur ar an oibreoir eacnamaíoch, faoi réir phrionsabal na comhréireachta. Ba cheart don Choimisiún aon chúis cuí-mhínithe arna cur in iúl ag an oibreoir eacnamaíoch a chur san áireamh chun a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil sé riachtanach agus comhréireach fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur.

(101)

Sa chás eisceachtúil go bhfuil oibreoir eacnamaíoch atá bunaithe san Aontas faoi réir beart lena mbaineann ordú a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leis nó iarraidh tosaíochta ar tháirge atá ábhartha i gcás géarchéime ó thríú tír, ba cheart dó fógra a thabhairt don Choimisiún, chun bonn eolais a chur faoi mheasúnú i dtaobh an mbeidh tionchar suntasach ag an mbeart sin ar shlándáil an tsoláthair táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime agus ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, chomh maith le haon bheart iomchuí a bhféadfadh gá a bheith léi mar fhreagairt ar an mbeart sin.

(102)

Leis an iarraidh nó an oibleagáid maidir le tosaíocht a thabhairt do tháirgeadh nó do sholáthar táirgí áirithe, ní bhíonn éifeacht dhíréireach aici sin ar an tsaoirse chun gnó a sheoladh agus ar an tsaoirse conartha a chosnaítear le hAirteagal 16 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’), ná ar an gceart chun maoine a leagtar síos in Airteagal 17 di. I gcomhréir le hAirteagal 52(1) den Chairt, ní mór foráil a dhéanamh le dlí d’aon teorannú ar fheidhmiú na gceart agus na saoirsí sin agus ní mór inneachar sár-riachtanach na gceart agus na saoirsí sin a urramú, agus ní mór é a bheith faoi réir phrionsabal na comhréireachta.

(103)

I gcás ina ngníomhachtófar an staid géarchéime soláthair a bhaineann leis an tslándáil ba cheart na bearta atá ar fáil faoin staid géarchéime soláthair a bheith ar fáil freisin má mheasann an Chomhairle gurb iomchuí sin agus má shonraítear iad sa ghníomh cur chun feidhme lena ngníomhachtaítear an staid géarchéime soláthair a bhaineann leis an tslándáil.

(104)

Rialaítear aistrithe táirgí cosanta laistigh den Aontas le Treoir 2009/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30), darb aidhm na haistrithe sin a shimpliú chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh do tháirgí cosanta a áirithiú. Mar a doiciméadaíodh i meastóireachtaí a rinneadh ar an Treoir sin roimhe seo, is gnách i gcónaí ceadúnais aistrithe a priori, idir aonair agus domhanda, a dheonú maidir le gluaiseacht táirgí cosanta laistigh den mhargadh inmheánach agus bíonn éagsúlachtaí ann, ar éagsúlachtaí suntasacha iad uaireanta, ó Bhallstát amháin go Ballstát eile maidir leis an meán-am chun iarratais a phróiseáil. Le linn géarchéim soláthair a bhaineann leis an tslándáil, agus i gcás ina measann an Chomhairle go bhfuil gá leis, ba cheart don Chomhairle gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena ngníomhachtaítear an staid géarchéime soláthair a bhaineann leis an tslándáil a bheith in ann tréimhse ama a chinneadh, nár cheart a bheith níos faide ná 2 sheachtain, inar cheart do na húdaráis náisiúnta lena mbaineann déileáil leis na hiarratais a luaithe a gheofar ina n-iomláine iad chun gluaiseacht na dtáirgí sin sa mhargadh inmheánach a éascú a thuilleadh. Ina theannta sin, is é is aidhm don Rialachán seo aistrithe táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime laistigh den Aontas a éascú i gcomhthéacs géarchéim soláthair. Dá bhrí sin, ba cheart a shoiléiriú, maidir le Ballstát a fhorchuireann teorainneacha le honnmhairiú comhpháirteanna ar táirgí iad atá ábhartha i gcás géarchéime agus a mheasann sé a bheith íogair de réir bhrí Threoir 2009/43/CE, nár cheart dó údaruithe breise a éileamh chun na comhpháirteanna lena mbaineann a aistriú laistigh den Aontas i gcás ina soláthraíonn an faighteoir dearbhú úsáide ina ndearbhaíonn sé go bhfuil na comhpháirteanna atá faoi réir an cheadúnais aistrithe sin comhtháite nó go bhfuil siad le comhtháthú i dtáirge cosanta agus nach féidir iad a aistriú ná a onnmhairiú ar an ábhar sin. Níor cheart do na bearta sin difear a dhéanamh do rialacha an Aontais ná do rialacha náisiúnta atá ann cheana lena rialaítear aistriú agus onnmhairiú táirgí cosanta.

(105)

Ós rud é go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh deimhnithe ag táirgí cosanta chun feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh do tháirgí cosanta a áirithiú, go háirithe le linn géarchéim soláthair a bhaineann leis an tslándáil, ba cheart a chumasú leis an Rialachán seo, sa bhreis ar dhlús a chur leis na próisis náisiúnta atá ann cheana, aitheantas frithpháirteach éigeantach a thabhairt do tháirge cosanta atá ábhartha i gcás géarchéime agus atá deimhnithe go dleathach i mBallstát.

(106)

I dteannta na mbeart eile dá bhforáiltear sa Rialachán seo chun aghaidh a thabhairt ar an staid géarchéime soláthair a bhaineann leis an tslándáil, ba cheart do na Ballstáit, i gcás ina ngníomhachtóidh an Chomhairle na bearta sin, breithniú a dhéanamh, de réir an cháis, ar úsáid a bhaint as díolúintí nó maoluithe a bhaineann leis an tslándáil faoin dlí náisiúnta agus faoi dhlí an Aontais is infheidhme, chun ceadúnais a dheonú a bhaineann le saoráidí táirgthe táirgí cosanta a bhaineann leis an tslándáil a phleanáil, a thógáil agus a oibriú nó d’fhonn leanúnachas táirgthe na dtáirgí sin a áirithiú, má mheasann siad go n-éascódh úsáid na ndíolúintí nó na maoluithe sin slándáil soláthair táirgí cosanta atá ábhartha i gcás géarchéime. D’fhéadfadh feidhm a bheith aige sin go háirithe maidir le dlí an Aontais a bhaineann le saincheisteanna comhshaoil, sláinte agus sábháilteachta, rud atá fíor-riachtanach chun cosaint shláinte an duine agus an chomhshaoil a fheabhsú, chomh maith le forbairt inbhuanaithe agus shábháilte a bhaint amach. Ós rud é go bhfuil bacainní ar ghluaiseacht táirgí cosanta atá ábhartha i gcás géarchéime ar an margadh inmheánach mar shaintréith de ghéarchéim soláthair a bhaineann leis an tslándáil, is iomchuí, sna himthosca sin, tacaíocht airgeadais a cheadú faoin gClár de ghníomhaíochtaí nuálaíochta, rud a fhágann gur féidir táirgí cosanta a bheith ar fáil go han-tapa ar an margadh. Go deimhin, rannchuideodh tacaíocht do ghníomhaíochtaí den sórt sin le haghaidh a thabhairt ar na bacainní lena mbaineann, go háirithe trí ghiorrú suntasach ar aga seachadta táirgí cosanta nó olltáirgeadh táirgí den sórt sin a chumasú. Dá bhrí sin, ba cheart don Chomhairle a bheith in ann, nuair a ghníomhachtóidh sí staid na géarchéime soláthair a bhaineann leis an tslándáil, na gníomhaíochtaí nuálaíochta sin a dhéanamh incháilithe faoin gClár.

(107)

Ba cheart comhlíonadh na n-oibleagáidí a fhorchuirtear faoin Rialachán seo a bheith infhorfheidhmithe trí bhíthin fíneálacha agus íocaíochtaí tréimhsiúla pionóis. Chuige sin, ba cheart leibhéil iomchuí fíneálacha a leagan síos i leith neamhchomhlíonadh iarrataí ar fhaisnéis, neamhchomhlíonadh oibleagáidí a eascraíonn as iarraidh a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint léi n agus neamhchomhlíonadh oibleagáid fógra a thabhairt a bhfuil feidhm aici i gcás ina bhfuil oibreoir eacnamaíoch atá bunaithe san Aontas faoi réir beart tosaíochta tríú tír, agus leibhéil éagsúla tromchúise an neamhchomhlíonta idir an dá oibleagáid, agus uasteorainneacha éagsúla do FBManna á gcur san áireamh. Thairis sin, ba cheart íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a leagan síos i gcás neamhchomhlíonadh na hoibleagáide maidir le horduithe a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo a ghlacadh agus a chomhlíonadh, ar cheart dóibh a bheith comhréireach, agus uasteorainneacha éagsúla acu i gcás FBManna. Ba cheart feidhm a bheith ag tréimhsí teorann maidir le fíneálacha agus íocaíochtaí tréimhsiúla pionóis a fhorchur, sa bhreis ar na tréimhsí teorann chun pionóis a fhorfheidhmiú. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún ceart éisteachta a thabhairt do na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann.

(108)

Bhí sé ar cheann de na dúshláin a sainaithníodh le linn ghéarchéim COVID-19 nárbh ann do líonra chun ullmhacht a áirithiú, agus nár leor an chomhroinnt faisnéise ná an comhordú le haghaidh bearta freagartha idir na Ballstáit, ar thaobh amháin, agus idir na Ballstáit agus an Coimisiún, ar an taobh eile. Dá bhrí sin, ba cheart sásra rialachais a bheith ann chun tacú le gnóthú an chuspóra a shaothraítear leis an Rialachán seo maidir le hullmhú do thionchar na ngéarchéimeanna soláthair a bheidh ann amach anseo ar an margadh inmheánach do tháirgí cosanta agus freagairt ar an tionchar sin. Leis an Rialachán seo, ba cheart Bord a bhunú, chun comhar, malartú faisnéise agus cur chun feidhme rianúil, éifeachtach agus comhchuibhithe na mbeart dá bhforáiltear sa Rialachán seo a éascú, darb aidhm slándáil an tsoláthair táirgí cosanta a áirithiú. Ba cheart ionadaithe ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún a bheith ar an mBord. Is iomchuí go ndéanfadh an Coimisiún agus an Ballstát ag a bhfuil uachtaránacht rothlach na Comhairle comhchathaoirleacht ar an mBord ós rud é nach mór, chun feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh do tháirgí cosanta tráth géarchéime soláthair, nó ullmhú do na géarchéimeanna soláthair sin, go gcuirfí san áireamh cumas na mBallstát a gcumais chosanta a fhorbairt, a fháil agus a bhainistiú agus a n-ullmhacht cosanta a fheabhsú. Ina theannta sin, i bhfianaise a mhéid a rannchuidíonn an córas slándála soláthair le cumas an Aontais a leasanna slándála agus cosanta a chosaint, ba cheart an tArdionadaí agus an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint (GEC) a bheith ina gcomhaltaí den Bhord freisin. Go háirithe, d’fhéadfadh snáitheanna oibre leanúnacha GEC maidir le slándáil an tsoláthair táirgí cosanta a úsáid chun an Rialachán seo a chur chun feidhme. Éascaíonn GEC comhroinnt dea-chleachtas agus treisíonn sé comhar idir na Ballstáit maidir le slándáil an tsoláthair i réimse na cosanta. Gineann sé léargais freisin ar scrogaill a dhéanann difear do shlabhraí soláthair táirgí cosanta. Dá bhrí sin, ba cheart GEC a bheith in ann a thuairimí agus a shaineolas a roinnt, inter alia, ar an mBord, a rannchuideoidh le hullmhú do thionchar géarchéimeanna soláthair ar an margadh inmheánach do tháirgí cosanta agus freagairt ar an tionchar sin. Ba cheart é a bheith de cheart ag tíortha comhlachaithe a bheith ina gcomhaltaí, gan cearta vótála, den Bhord i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach faoin gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch. Ba cheart cuireadh a thabhairt d’ionadaithe ó Pharlaimint na hEorpa chuig cruinnithe an Bhoird mar bhreathnóirí. Ba cheart don Bhord comhordú idir na Ballstáit a éascú agus moltaí a sholáthar don Choimisiún agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir le cur chun feidhme na sásraí a bhunaítear leis an Rialachán seo darb aidhm slándáil an tsoláthair a áirithiú, go háirithe trí ghéarchéimeanna i soláthar táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime a réamh-mheas, a ullmhú, a chosc agus aghaidh a thabhairt orthu.

(109)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil le cláir oibre a ghlacadh chun na tosaíochtaí cistiúcháin agus na coinníollacha cistiúcháin is infheidhme a leagan amach, cistiú a dhámhachtain le haghaidh gníomhaíochtaí sonracha, SCAEnna a bhunú, táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime a shainaithint agus a thabhairt cothrom le dáta, liosta d’údaráis náisiúnta deimhniúcháin a bhunú agus a choinneáil ar bun, bearta tosaíochta, agus pionóis a fhorchur. Ba cheart sainiúlachtaí na hearnála cosanta a chur san áireamh, go háirithe freagracht na mBallstát, na dtíortha comhlachaithe nó na hÚcráine maidir leis an bpróiseas pleanála agus fála. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31).

(110)

Ba cheart é a bheith indéanta cuireadh a thabhairt d’ionadaithe na hÚcráine chuig cruinnithe an choiste i gcás inar gá a n-ionchur i ndáil le bearta cur chun feidhme a bhaineann leis an Úcráin, amhail na gníomhartha cur chun feidhme a bhaineann leis an Ionstraim um Thacaíocht don Úcráin. Chuirfeadh sé sin ar chumas ionadaithe den sórt sin a dtuairimí a roinnt agus freagra a thabhairt ar cheisteanna ó na Ballstáit. Mar sin féin, níor cheart cead a bheith acu a bheith i láthair le linn an phlé, ná páirt a ghlacadh i vótáil an choiste.

(111)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo gan dochar do rialacha iomaíochta an Aontais, go háirithe Airteagail 101 go 109 CFAE agus do na gníomhartha dlí a thugann éifeacht do na hAirteagail sin.

(112)

Níor cheart ach na costais is gá chun cuspóirí an Chláir agus na hIonstraime um Thacaíocht don Úcráin a shaothrú a chumhdach le cistiú ón Aontas faoin Rialachán seo agus ní féidir na costais a eascraíonn as CES a chumhdach leis. Mar thoradh air sin, níor cheart, le cistiú ón Aontas faoin gClár agus leis an Ionstraim um Thacaíocht don Úcráin, na costais a chumhdach a bhaineann le táirgí cosanta a cheannach ná a chothabháil chun críoch míleata nó cosanta, lena n-áirítear i gcomhthéacs comhthiomsú ullmhachta tionsclaíche i réimse na cosanta a bhunú, a bhainistiú agus a chothabháil. Ba cheart, áfach, a bheith in ann cistiú ón Aontas faoin gClár agus faoin Ionstraim um Thacaíocht don Úcráin na costais a thabhaítear i gcomhthéacs cheannach nó chothabháil na dtáirgí sin a chumhdach i gcás ina bhfuil na costais sin riachtanach chun iomaíochas BTTCE a neartú nó chun BTTC na hÚcráine a théarnamh, a atógáil agus a nuachóiriú, go háirithe costais neamh-athfhillteacha.

(113)

I gcomhréir le hAirteagal 241 CFAE, is féidir leis an gComhairle a iarraidh ar an gCoimisiún dul i mbun aon staidéir a mheasann an Chomhairle a bheith fóinteach chun na cuspóirí coiteanna a ghnóthú, agus aon tograí iomchuí a chur faoina bráid. Déanfaidh an Coimisiún breithniú pras mionsonraithe ar aon iarraidh den chineál sin ar thograí.

(114)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo gan dochar do cháilíocht shonrach beartais slándála agus cosanta Ballstát áirithe.

(115)

Tá an Rialachán seo gan dochar do rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta atá ann faoi láthair maidir le honnmhairiú táirgí cosanta agus do na hoibleagáidí dá bhforáiltear le Treoir 2009/43/CE.

(116)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon ceannaireacht theicniúil, nuálaíocht, ullmhacht, iomaíochas fadtéarmach, athléimneacht, comhtháthú agus ullmhacht BTTCE a fheabhsú, rud lena n-áiritheofar go mbeidh táirgí cosanta ar fáil agus á soláthar go tráthúil, agus lena rannchuideofar le téarnamh, atógáil agus nuachóiriú BTTC na hÚcráine, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr gur fearr fairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(117)

Chun go bhféadfar tús a chur le cur chun feidhme an Rialacháin seo a luaithe is féidir d’fhonn a chuspóirí a bhaint amach, ba cheart dó teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Cuspóirí ginearálta agus ábhar

1.   Is é is aidhm don Rialachán seo ceannaireacht theicniúil, nuálaíocht, ullmhacht, iomaíochas fadtéarmach, athléimneacht, comhtháthú agus ullmhacht Bhonn Tionsclaíoch agus Teicneolaíoch na Cosanta Eorpaí (BTTCE) a fheabhsú, rud lena n-áiritheofar go mbeidh táirgí cosanta ar fáil agus á soláthar go tráthúil, agus lena rannchuideofar le téarnamh, atógáil agus nuachóiriú Bhonn Tionsclaíoch agus Teicneolaíoch Cosanta na hÚcráine (BTTC na hÚcráine).

2.   Leis an Rialachán seo, bunaítear buiséad don tréimhse ó 2025 go 2027 agus an méid seo a leanas:

(1)

an Clár um an Tionscal Cosanta Eorpach (an ‘Clár’), ina bhfuil bearta chun iomaíochas, freagrúlacht agus cumas BTTCE a neartú, mar a leagtar amach i gCaibidil II;

(2)

an Ionstraim um Thacaíocht don Úcráin, clár comhair leis an Úcráin d’fhonn téarnamh, atógáil agus nuachóiriú a dhéanamh ar BTTC na hÚcráine, agus comhtháthú féideartha BTTC na hÚcráine in BTTCE amach anseo á chur san áireamh, mar a leagtar amach i gCaibidil III;

(3)

creat dlí le haghaidh Tionscadail Eorpacha Leasa Choitinn i réimse na Cosanta (TELCCanna), mar a leagtar amach i gCaibidil IV

(4)

Sásra Eorpach maidir le Díolacháin Mhíleata, mar a leagtar amach i gCaibidil V;

(5)

creat dlíthiúil maidir le Struchtúir do Chláir Armála na hEorpa (SCAEnna), mar a leagtar amach i gCaibidil VI;

(6)

creat dlíthiúil, chun ullmhú don tionchar a bheidh ag géarchéimeanna soláthair ar an margadh inmheánach, mar a leagtar amach i gCaibidil VII, a bhfuil sé d’aidhm aige an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

slándáil soláthair táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime; agus

(b)

feidhmiú cuí mhargadh inmheánach le haghaidh táirgí cosanta, lena n-áirítear trí chosc a chur ar theacht chun cinn bacainní air.

3.   Tá an Rialachán seo gan dochar don fhreagracht atá ar gach Ballstát faoi leith as a shlándáil náisiúnta, dá bhforáiltear in Airteagal 4(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), ná don cheart atá ag gach Ballstát leasanna bunúsacha a shlándála a chosaint, i gcomhréir le hAirteagal 346 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘comhaontú réamhcheannaigh’ conradh poiblí le hoibreoir eacnamaíoch amháin nó níos mó arb é is aidhm don chonradh sin tacú le forbairt nó táirgeadh tapa táirge, agus ar dá bhua go bhfuil an ceart chun líon sonrach táirgí a cheannach laistigh de thréimhse ama ar leith agus ar phraghas ar leith faoi réir cuid de na costais tosaigh atá ag na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann a bheith á réamh-mhaoiniú; cé go bhfuil comhaontú réamhcheannaigh ceangailteach ó thaobh dlí de ar na húdaráis chonarthacha rannpháirteacha agus ar an gconraitheoir, ní mór é a chur chun feidhme a thuilleadh trí na conarthaí leis na conraitheoirí lena mbaineann a thabhairt i gcrích;

(2)

ciallaíonn ‘eintiteas de chuid tríú tír eile’ eintiteas dlítheanach atá bunaithe i dtríú tír neamhchomhlachaithe seachas an Úcráin, nó eintiteas dlítheanach atá bunaithe san Aontas, san Úcráin nó i dtír chomhlachaithe, ach a bhfuil a struchtúir bainistíochta feidhmiúcháin aige i dtríú tír neamhchomhlachaithe seachas an Úcráin

(3)

ciallaíonn ‘tíortha comhlachaithe’ comhaltaí de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a chuireann an Rialachán seo i bhfeidhm i gcomhréir leis an gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch;

(4)

ciallaíonn ‘scrogall’ pointe plódaithe i gcóras táirgthe a chuireann stop le táirgeadh nó a chuireann moill mhór air;

(5)

ciallaíonn ‘oibríocht mheasctha’ gníomhaíocht a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear laistigh de shaoráid mheasctha nó ardán measctha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (6), den Rialachán Airgeadais, lena gcomhcheanglaítear cineálacha tacaíochta neamh-inaisíoctha nó ionstraimí airgeadais ó bhuiséad an Aontais le cineálacha tacaíochta inaisíoctha ó institiúidí forbartha nó institiúidí airgeadais poiblí eile, nó ó institiúidí airgeadais tráchtála agus infheisteoirí tráchtála;

(6)

ciallaíonn ‘faisnéis rúnaicmithe’ faisnéis nó ábhar, i bhfoirm ar bith, a bhféadfadh a nochtadh neamhúdaraithe a bheith ina chúis le leibhéil éagsúla dochair do leasanna an Aontais, nó do leasanna Ballstáit amháin nó níos mó, agus ar a bhfuil marc rúnaicmithe de chuid an Aontais nó marc rúnaicmithe comhfhreagrach, de réir mar a bhunaítear é sa Chomhaontú idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le cosaint faisnéise rúnaicmithe a chomh-mhalartaítear ar mhaithe le leas an Aontais Eorpaigh (32);

(7)

ciallaíonn ‘údaráis chonarthacha’ údaráis chonarthacha mar a shainmhínítear iad in Airteagal 2(1), pointe (1), de Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (33) agus in Airteagal 3(1) de Threoir 2014/25/AE (34) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

(8)

ciallaíonn ‘rialú’ an cumas tionchar cinntitheach a fheidhmiú ar eintiteas dlítheanach, go díreach nó go hindíreach, trí eintiteas dlítheanach idirmheánach amháin nó níos mó;

(9)

ciallaíonn ‘táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime’ táirgí cosanta nó comhpháirteanna nó amhábhair díobh nó aon táirgí nó seirbhísí atá ríthábhachtach dá dtáirgeadh, a bhfuil sé fíor-riachtanach iad a bheith ar fáil chun feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus a shlabhraí soláthair a áirithiú agus ar gá iad a ráthú chun freagairt do ghéarchéim soláthair;

(10)

ciallaíonn ‘gníomhaíocht nuálaíochta i réimse na cosanta’ gníomhaíocht arb é atá inti go príomha gníomhaíochtaí darb aidhm dhíreach pleananna agus socruithe nó dearaí a tháirgeadh i gcomhair táirgí, próisis nó seirbhísí cosanta nua, athraithe nó feabhsaithe, agus a bhféadfadh fréamhshamhlú, tástáil, taispeáint, píolótú, bailíochtú táirgí ar an mórgóir agus macasamhlú an mhargaidh a bheith san áireamh leo;

(11)

ciallaíonn ‘táirgí cosanta’ aon táirgí a bhaineann leis an gcosaint dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2009/43/CE, chomh maith le hoibreacha, soláthairtí agus seirbhísí a bhaineann go díreach leis na táirgí sin ar feadh aon ghné agus gach gné dá saolré de réir bhrí Airteagal 2, pointe (c) de Threoir 2009/81/CE;

(12)

ciallaíonn ‘bainistiú infhaighteachta dinimiciúil’ táirgí cosanta a sholáthar in am, ag an suíomh a comhaontaíodh agus ar na leibhéil infhaighteachta a comhaontaíodh, chomh maith le bainistiú a dhéanamh ar rioscaí infhaighteachta a d’fhéadfadh teacht chun cinn i bhfoirm ghanntanais an táirge cosanta lena mbaineann; sa chomhthéacs sin, ciallaíonn ‘infhaighteacht’ cumas an táirge cosanta feidhmiú gan locht i ndálaí sainithe agus é réidh le húsáid nuair is gá;

(13)

ciallaíonn ‘struchtúr bainistíochta feidhmiúcháin’ comhlacht de chuid eintitis dhlítheanaigh, a cheaptar i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, agus, i gcás inarb infheidhme, a thugann tuairisc don phríomhoifigeach feidhmiúcháin, a bhfuil sé de chumhacht aige straitéis, cuspóirí agus treo foriomlán an eintitis dhlítheanaigh sin a bhunú, agus a dhéanann maoirseacht agus faireachán ar chinnteoireacht bhainistíochta an eintitis dhlítheanaigh

(14)

ciallaíonn ‘faisnéis tulra’ sonraí, fios gnó nó faisnéis a ghintear laistigh de ghníomhaíocht ar leith faoin Rialachán seo, is cuma cén fhoirm nó cineál atá i gceist;

(15)

ciallaíonn ‘aga’ an tréimhse ama idir ordú ceannaigh a chur isteach agus an t-ordú sin a bheith comhlánaithe ag an monaróir;

(16)

ciallaíonn ‘eintiteas dlítheanach’ duine dlítheanach a bunaíodh mar eintiteas agus a aithnítear mar eintiteas faoi dhlí an Aontais, faoin dlí náisiúnta nó faoin dlí idirnáisiúnta, ag a bhfuil pearsantacht dhlíthiúil agus ag a bhfuil an cumas gníomhú ina ainm féin, cearta a fheidhmiú agus a bheith faoi réir oibleagáidí, nó aon eintiteas nach bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aige dá dtagraítear in Airteagal 200(2), pointe (c), den Rialachán Airgeadais;

(17)

ciallaíonn ‘saolré’ gach céim chomhleanúnach fhéideartha de tháirge, ó thaighde agus forbairt go díchoimisiúnú agus diúscairt;

(18)

ciallaíonn ‘cothabháil’ gach gníomhaíocht a dhéantar chun ullmhacht agus cumas oibríochtúil táirge cosanta a áirithiú, go háirithe chun trealamh a choinneáil i ndálaí sonraithe nó chun é a chur ar ais i ndálaí sonraithe go dtí deireadh a úsáide, lena n-áirítear ullmhacht, fad saoil agus uasghráduithe misin, saincheapadh agus speisialtóireacht, cigireacht, tástáil, seirbhísiú, modhnú, aicmiú maidir le hinseirbhíseacht, deisiú, aisghabháil, atógáil, míntíriú, tarrtháil agus canablú;

(19)

ciallaíonn ‘cuideachta mheánchaipitlithe’ fiontar nach FBM é agus a fhostaíonn uaslíon 3 000 duine, agus líon na foirne á ríomh i gcomhréir le hAirteagail 3 go 6 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (35);

(20)

ciallaíonn ‘eintiteas de chuid tríú tír neamhchomhlachaithe’ eintiteas dlítheanach atá bunaithe i dtríú tír neamhchomhlachaithe, nó eintiteas dlítheanach atá bunaithe san Aontas nó i dtír chomhlachaithe ach a bhfuil a struchtúir bainistíochta feidhmiúcháin aige i dtríú tír neamhchomhlachaithe;

(21)

ciallaíonn ‘costais neamh-athfhillteacha’ costais a tharlaíonn ar bhonn aonuaire nó ag eatraimh neamhrialta, go háirithe na costais dearaidh, forbartha agus infheistíochta is gá chun táirgí cosanta a tháirgeadh nó a chothabháil nó chun acmhainneachtaí monaraíochta a chur i leataobh;

(22)

ciallaíonn ‘comhaontú ceannaithe táirgí’ aon chomhaontú conarthach idir, de pháirt amháin, trí Bhallstát ar a laghad agus, i gcás inarb ábhartha, tíortha comhlachaithe nó an Úcráin agus, den pháirt eile, aon mhonaróir táirgí cosanta amháin ar a laghad, ar comhaontú é ina bhfuil gealltanas ó na Ballstáit agus, i gcás inarb ábhartha, ó thíortha comhlachaithe nó ón Úcráin, cainníocht áirithe de tháirgí cosanta a sholáthar le linn tréimhse áirithe, nó gealltanas ó mhonaróir na dtáirgí cosanta an rogha a thabhairt do na Ballstáit, agus i gcás inarb ábhartha, tíortha comhlachaithe nó an Úcráin, déanamh amhlaidh;

(23)

ciallaíonn ‘tionscnóir’ institiúid, gníomhaireacht nó comhlacht de chuid an Aontais, Ballstát, nó eintiteas arna bhunú faoin Rialachán seo ar faoina údarás a cruthaíodh faisnéis rúnaicmithe;

(24)

ciallaíonn ‘gníomhaire soláthair’ údarás conarthach atá bunaithe i mBallstát nó i dtír chomhlachaithe, Struchtúr do Chláir Armála na hEorpa (SCAE), an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint (GEC), nó eagraíocht idirnáisiúnta arna hainmniú ag na Ballstáit, ag tíortha comhlachaithe, ag an Úcráin nó ag SCAE chun soláthar comhoibríoch a dhéanamh ar a son;

(25)

ciallaíonn ‘amhábhair’ na hamhábhair mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) 2024/1252 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (36);

(26)

ciallaíonn ‘torthaí’ aon éifeacht inláimhsithe nó doláimhsithe de chuid na gníomhaíochta, amhail sonraí, fios gnó nó faisnéis, is cuma cad é a foirm nó a cineál agus cibé acu is féidir í a chosaint nó nach féidir, mar aon le cearta ar bith atá ag gabháil léi, lena n-áirítear ceart maoine intleachtúla;

(27)

ciallaíonn ‘séala barr feabhais’ lipéad cáilíochta a thugann le fios i ndáil le togra a cuireadh isteach faoi ghlao ar thograí faoin gClár nó faoin Ionstraim um Thacaíocht don Úcráin, gur éirigh leis na tairseacha meastóireachta ar fad a leagtar amach sa chlár oibre a chomhlíonadh, ach nár féadadh é a chistiú de dheasca easpa buiséid don ghlao sin ar thograí sa chlár oibre, agus go bhféadfadh sé go bhfaigheadh sé tacaíocht ó fhoinsí eile cistiúcháin de chuid an Aontais nó náisiúnta;

(28)

ciallaíonn ‘faisnéis íogair’ faisnéis agus sonraí neamh-rúnaicmithe, atá le cosaint ar rochtain nó nochtadh neamhúdaraithe mar gheall ar oibleagáidí arna leagan síos i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta, i gcás inarb infheidhme, nó atá le cosaint chun príobháideachas nó slándáil duine nádúrtha nó duine dhlítheanaigh a choimirciú;

(29)

ciallaíonn ‘fiontair bheaga agus mheánmhéide’ (FBManna) fiontair bheaga agus mheánmhéide mar a shainmhínítear in Airteagal 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE;

(30)

tá le ‘cuideachta mheánchaipitlithe bheag’ an bhrí a shanntar dó san Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh (AE) 2025/1099 ón gCoimisiún (37);

(31)

ciallaíonn ‘fochonraitheoir’ oibreoir eacnamaíoch arna mholadh ag iarrthóir nó tairgeoir nó conraitheoir chun cúraimí nó seirbhísí sonracha a dhéanamh faoi mhaoirseacht an phríomhchonraitheora, a rannchuidíonn le dearadh nó monarú táirge cosanta, seachas an méid a sholáthraíonn soláthróirí chun an conradh a chur chun feidhme, ar ina leith a leithdháiltear 15 % ar a laghad de luach an chonartha, agus a dteastaíonn rochtain ar fhaisnéis rúnaicmithe uaidh chun an conradh sin a chomhlíonadh; chun críocha an tsainmhínithe seo, tuigfear gur oibreoir eacnamaíoch é ‘soláthróir’ a sheachadann don chonraitheoir comhpháirteanna a dhear nó a tháirg sé féin.

Airteagal 3

Buiséad

1.   Na himchlúdaigh airgeadais le haghaidh chur chun feidhme an Chláir don tréimhse ón 30 Nollaig 2025 go dtí an 31 Nollaig 2027, beidh siad comhdhéanta den mhéid seo a leanas:

(a)

EUR 1 200 000 000 i bpraghsanna reatha; agus

(b)

ranníocaíochtaí breise i gcomhréir le hAirteagal 5.

2.   Na himchlúdaigh airgeadais le haghaidh chur chun feidhme na hIonstraime um Thacaíocht don Úcráin don tréimhse ón 30 Nollaig 2025 go dtí an 31 Nollaig 2027, beidh siad comhdhéanta den mhéid seo a leanas:

(a)

EUR 300 000 000 i bpraghsanna reatha; agus

(b)

ranníocaíochtaí breise i gcomhréir le hAirteagal 23, a mhéid a chuirtear in áirithe iad.

3.   Ní chumhdófar le cistiú ón Aontas faoin Rialachán seo ach na costais is gá chun cuspóirí an Chláir agus na hIonstraime um Thacaíocht don Úcráin a shaothrú. Dá bhrí sin, ní dhéanfar le cistiú ón Aontas faoin gClár agus leis an Ionstraim um Thacaíocht don Úcráin na costais a chumhdach a bhaineann le táirgí cosanta a cheannach ná a chothabháil chun críoch míleata nó cosanta, lena n-áirítear i gcomhthéacs comhthiomsuithe ullmhachta tionsclaíche i réimse na cosanta, dá dtagraítear in Airteagal 38 (‘comhthuimsuithe ullmhachta tionsclaíche i réimse na cosanta’), a bhunú, a bhainistiú agus a chothabháil. Féadfar na costais a thabhaítear i gcomhthéacs cheannach nó chothabháil na dtáirgí sin a chumhdach le cistiú an Aontais faoin Rialachán seo, nuair atá na costais sin riachtanach chun iomaíochas BTTCE a neartú nó chun BTTC na hÚcráine a théarnamh, a atógáil agus a nuachóiriú, go háirithe costais neamh-athfhillteacha.

4.   Déanfar 15 % ar a laghad den imchlúdach airgeadais dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), den Airteagal seo a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 11, agus leithdháilfear 30 % ar a laghad den imchlúdach airgeadais sin ar ghníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 12. Féadfar suas le 25 % den imchlúdach airgeadais sin a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 35.

5.   Chun freagairt do chásanna gan choinne nó ar fhorbairtí agus riachtanais nua, féadfaidh an Coimisiún na méideanna dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo a aistriú idir an Clár agus an Ionstraim um Thacaíocht don Úcráin i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

6.   Suas le 3,5 % den mhéid dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, féadfar é a úsáid le haghaidh cúnamh teicniúil agus riaracháin chun an Clár agus an Ionstraim um Thacaíocht don Úcráin a chur chun feidhme, ar nós gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialúcháin, iniúchóireachta agus meastóireachta, lena n-áirítear imscrúduithe ar phraghsanna agus córais agus ardáin chorparáideacha teicneolaíochta faisnéise, chomh maith le gach cúnamh teicniúil agus riaracháin eile nó caiteachas a bhaineann le foireann arna thabhú ag an gCoimisiún chun an Ionstraim um Thacaíocht don Úcráin a bhainistiú.

7.   Féadfar gealltanais bhuiséadacha maidir le gníomhaíochtaí ar faide iad ná bliain airgeadais amháin a roinnt ina dtráthchodanna bliantúla thar roinnt blianta.

8.   Más gá, chun gur féidir gníomhaíochtaí nach mbeidh tugtha chun críche faoin 31 Nollaig 2027 a bhainistiú, féadfar leithreasuithe a iontráil i mbuiséad an Aontais go dtí 2033 chun go gcumhdófar na costais is gá chun na cuspóirí a chomhlíonadh a leagtar amach don Chlár in Airteagal 4 nó, i gcás inarb ábhartha, in Airteagal 22 don Ionstraim um Thacaíocht don Úcráin, ionas go mbeifear in ann na gníomhaíochtaí a bhainistiú nach mbeidh curtha i gcrích faoi dheireadh an Chláir nó na hIonstraime um Thacaíocht don Úcráin, mar aon le costais lena gcumhdaítear gníomhaíochtaí agus seirbhísí oibríochtúla criticiúla.

CAIBIDIL II

AN CLÁR

ROINN 1

FORÁLACHA GINEARÁLTA IS INFHEIDHME MAIDIR LEIS AN GCLÁR

Airteagal 4

Cuspóirí

1.   Beidh sé d'aidhm ag an gClár iomaíochas, athléimneacht agus ullmhacht BTTCE a mhéadú trí choigeartú an tionscail d’athruithe struchtúracha arna bhforchur ag an timpeallacht slándála atá ag síorathrú a thionscnamh agus dlús a chur leis. Beidh sé d’aidhm ag an gClár an méid seo a leanas a dhéanamh go háirithe:

(a)

feabhas a chur ar an gcomhar sa soláthar cosanta trí dhreasachtaí a thabhairt do na Ballstáit chun an t-éileamh ar tháirgí cosanta a chomhiomlánú, ceanglais cumais cosanta a chomhchuibhiú agus an dlúthpháirtíocht eatarthu a neartú, ionas go dtiocfaidh as an méid sin ar fad idir-inoibritheacht agus idirmhalartacht níos mó, agus trí intuarthacht an éilimh ar BTTCE a fheabhsú, i gcomhréir le riachtanais táirgí cosanta na mBallstát;

(b)

acmhainneacht agus luas oiriúnaithe na slabhraí soláthair tionsclaíocha i réimse na cosanta a fheabhsú, slabhraí soláthair a oscailt le haghaidh comhar trasteorann, go háirithe do FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe, na hacmhainneachtaí monaraíochta a mhéadú, aga táirgeachta na dtáirgí cosanta a laghdú, agus tacú le tionsclú agus tráchtálú na dtáirgí cosanta a fhaigheann tacaíocht ó ghníomhaíochtaí arna gcistiú ag an Aontas nó ó ghníomhaíochtaí comhair eile de chuid an Aontais arna ndéanamh le tacaíocht ó na Ballstáit d’fhonn infhaighteacht agus soláthar táirgí cosanta a áirithiú ar fud an Aontais, agus riachtanais shonracha na mBallstát á gcur san áireamh i gcás ina dtiocfaidh ann do ghnáthbhagairtí míleata;

(c)

slándáil soláthair agus athléimneacht BTTCE a fheabhsú trí thacú le forbairt agus láithreacht BTTCE ar fud an Aontais.

2.   Nuair a chuirfear an Clár chun feidhme cuirfear cuspóirí an Chompáis Straitéisigh um Shlándáil agus Cosaint san áireamh, agus beidh an clár i gcomhréir leis na tosaíochtaí maidir le cumas cosanta arna gcomhaontú go comhchoiteann ag na Ballstáit faoi chuimsiú an chomhbheartais eachtraigh agus slándála (CBES), go háirithe i gcomhthéacs an phlean forbartha cumais (PFC), agus leis na deiseanna comhoibríocha arna sainaithint san Athbhreithniú Comhordaithe Bliantúil ar Chosaint (CARD).

3.   Beidh an Clár i gcomhréir le comhar na mBallstát faoi chuimsiú buanchomhar struchtúrtha (PESCO, thionscnaimh agus thionscadail GEC, agus chúnamh sibhialta agus míleata an Aontais don Úcráin. Tabharfar an aird chuí sa Chlár ar na gníomhaíochtaí ábhartha arna ndéanamh ag Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT) agus ag comhpháirtithe eile nuair a fhónann na gníomhaíochtaí sin do leasanna slándála agus cosanta an Aontais.

Airteagal 5

Acmhainní airgeadais breise

1.   Féadfaidh Ballstáit, institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais, tríú tíortha, eagraíochtaí idirnáisiúnta, institiúidí airgeadais idirnáisiúnta nó tríú páirtithe eile, ranníocaíochtaí airgeadais breise a chur ar fáil don Chlár, lena n-áirítear don Chiste chun dlús a chur le claochlú shlabhra soláthair na cosanta (FAST) dá dtagraítear in Airteagal 14 den Rialachán seo, i gcomhréir le hAirteagal 211(2) den Rialachán Airgeadais. Ioncam sannta seachtrach a bheidh sna ranníocaíochtaí airgeadais sin de réir bhrí Airteagal 21(2), pointí (a), (d) nó (e), nó Airteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais.

2.   Ar choinníoll go rannchuidíonn siad le ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2021/241 a bhaint amach, úsáidfear ranníocaíochtaí na mBallstát a fhaigheann tacaíocht ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta chun tairbhe an Bhallstáit lena mbaineann agus, de mhaolú ar Airteagal 20(6) den Rialachán seo agus ar Airteagal 193(1) den Rialachán Airgeadais, féadfar iad a úsáid chun rannchuidiú le cistiú gníomhaíochtaí incháilithe faoi Airteagal 12 den Rialachán seo, suas le 100 % de na costais incháilithe.

De mhaolú ar Airteagal 5(2), Airteagal 18(4), pointe (d), agus Airteagal 19(3), pointe (d) de Rialachán (AE) 2021/241 agus critéar 2.4 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis, ní bheidh feidhm ag an bprionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ maidir le ranníocaíochtaí na mBallstát a fhaigheann tacaíocht ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, ar choinníoll go dtabharfaidh an Ballstát lena mbaineann údar sa chomhaontú ranníocaíochta is ábhartha leis an gCoimisiún nach bhfuil sé indéanta ná iomchuí a áirithiú go gcomhlíonfar leis an gcineál gníomhaíochtaí a mbeartaítear tacú leis faoin Rialachán seo an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’.

3.   Is é a bheidh in aon mhéid breise a fhaightear faoi chomhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha arna dtabhairt i gcrích de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2025/1106 ón gComhairle (38) ioncam sannta seachtrach de réir bhrí Airteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais agus úsáidfear le haghaidh an Chláir é i gcomhréir leis an Rialacháin seo.

4.   Maidir le hacmhainní arna leithdháileadh ar Bhallstáit faoi bhainistíocht chomhroinnte, féadfar, arna iarraidh sin ag na Ballstáit lena mbaineann, iad a aistriú chuig an gClár, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1060. Cuirfidh an Coimisiún na hacmhainní sin chun feidhme go díreach i gcomhréir le hAirteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (a), den Rialachán Airgeadais nó go hindíreach i gcomhréir le pointe (c) den fhomhír sin. Úsáidfear na hacmhainní sin chun leas an Bhallstáit lena mbaineann.

5.   Maidir leis na méideanna arna ranníoc i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit lena mbaineann cinntí a dhéanamh maidir le cion na méideanna sin atá le cur ar fáil do na heintitis uile atá incháilithe le haghaidh cistiú faoin Rialachán seo, atá le cur ar fáil chun tairbhe an Bhallstáit lena mbaineann agus chun a dtairbhe sin amháin, nó atá le cur ar fáil chun tairbhe Ballstát eile. I gcás ina gcuirtear na méideanna ar fáil chun tairbhe an Bhallstáit lena mbaineann nó chun tairbhe bhreise Ballstát eile, féadfar na méideanna sin a úsáid, de mhaolú ar Airteagal 20(6) den Rialachán seo agus ar Airteagal 193(1) den Rialachán Airgeadais, chun rannchuidiú le cistiú na ngníomhaíochtaí incháilithe faoi Airteagal 12 den Rialachán seo, suas le 100 % de na costais incháilithe.

6.   I gcás nach bhfuil gealltanas dlíthiúil tugtha ag an gCoimisiún faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach le haghaidh acmhainní arna n-aistriú i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo agus ar a dhéanaí faoin 31 Nollaig 2028, féadfar na hacmhainní comhfhreagracha nár gealladh a aistriú ar ais chuig clár foinseach ábhartha amháin nó níos mó faoi seach, arna iarraidh sin don Bhallstát lena mbaineann, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1060.

Airteagal 6

Cistiú malartach, comhcheangailte agus carnach

1.   Cuirfear an Clár chun feidhme i sineirge le cláir eile de chuid an Aontais. Gníomhaíocht ar tugadh ranníocaíocht di ó chlár eile de chuid an Aontais, féadfar ranníocaíocht a thabhairt di faoin gClár freisin, ar choinníoll nach gcumhdaítear na costais chéanna leis an ranníocaíocht. Beidh feidhm ag rialacha chlár ábhartha an Aontais maidir leis an ranníocaíocht chomhfhreagrach, nó d’fhéadfaí sraith aonair rialacha aon cheann de chláir an Aontais is ranníocóirí a chur i bhfeidhm maidir leis na ranníocaíochtaí uile, agus d’fhéadfaí gealltanas dlíthiúil aonair a thabhairt i gcrích. Ní sháróidh an tacaíocht charnach ó bhuiséad an Aontais na costais incháilithe iomlána a bhaineann leis an ngníomhaíocht, agus féadfar í a ríomh ar bhonn pro rata i gcomhréir leis na doiciméid ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht a fháil.

2.   Chun Séala Barr Feabhais a fháil faoin gClár, comhlíonfaidh gníomhaíochtaí na coinníollacha seo a leanas uile:

(a)

rinneadh measúnú orthu i nglao ar thograí faoin gClár;

(b)

comhlíonann siad na híoscheanglais cháilíochta a bhaineann leis an nglao sin ar thograí;

(c)

i ngeall ar shrianta buiséadacha, níl siad le maoiniú faoin nglao sin ar thograí.

3.   I gcomhréir le forálacha ábhartha Rialachán (AE) 2021/1060, féadfaidh Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) nó Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) tacaíocht a thabhairt do thograí a chuirtear isteach de thoradh glao ar thograí faoin gClár agus ar bronnadh Séala Barr Feabhais orthu.

Airteagal 7

Cur chun feidhme agus foirmeacha cistiúcháin ón Aontas

1.   Cuirfear an Clár chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais nó faoi bhainistíocht indíreach le heintitis dá dtagraítear in Airteagal 62(1), pointe (c), den Rialachán Airgeadais.

2.   Gan dochar d’Airteagal 20(3) den Rialachán seo, féadfar cistiú ón Aontas a chur ar fáil in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, go háirithe i bhfoirm dámhachtana, duaiseanna, soláthar agus ionstraimí airgeadais laistigh d’oibríochtaí measctha faoi chlár InvestEU i gcomhréir le Teideal X den Rialachán Airgeadais.

3.   I gcás gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 12(1) den Rialachán seo a fhaigheann cistiú ón Aontas i bhfoirm deontais agus a dhéanann brabús, beidh an Coimisiún i dteideal an céatadán den bhrabús a aisghabháil a chomhfhreagraíonn don ranníocaíocht ón Aontas leis na costais incháilithe arna dtabhú iarbhír ag an tairbhí a bhfuil an ghníomhaíocht á déanamh aige, suas le méid deiridh na ranníocaíochta ón Aontas. De mhaolú ar Airteagal 195(2) den Rialachán Airgeadais, ríomhfar an brabús le barrachas na bhfáltas roinnte ar chostais incháilithe na gníomhaíochta, i gcás ina bhfuil fáltais teoranta do chistiú ón Aontas, do chistiú ó na Ballstáit, lena n-áirítear soláthar, d’ioncam eile a ghintear le linn na gníomhaíochta agus d’aon ioncam a eascraíonn as an ngníomhaíocht. Féadfar tuilleadh mionsonraí a leagan amach sa chlár oibre dá dtagraítear in Airteagal 21 den Airteagal seo.

4.   De mhaolú ar Airteagal 196(2) den Rialachán Airgeadais, féadfar a chumhdach le ranníocaíochtaí airgeadais, i gcás inarb ábhartha agus inar gá chun gníomhaíocht a chur chun feidhme, gníomhaíochtaí ar cuireadh tús leo agus costais a tabhaíodh roimh an dáta a cuireadh isteach an togra le haghaidh na ngníomhaíochtaí sin, ar choinníoll nár cuireadh tús leis na gníomhaíochtaí sin roimh an 5 Márta 2024 agus nár tugadh i gcrích iad sular síníodh an comhaontú deontais.

Airteagal 8

Tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár

Beidh an Clár oscailte le haghaidh rannpháirtíocht tíortha comhlachaithe, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.

Airteagal 9

Eintitis dhlítheanacha incháilithe

1.   Ní bheidh ach eintitis dhlítheanacha atá bunaithe san Aontas nó i dtír chomhlachaithe agus a bhfuil a struchtúir bainistíochta feidhmiúcháin san Aontas nó i dtír chomhlachaithe incháilithe chun bheith ina bhfaighteoirí cistithe ón Aontas faoin Rialachán seo.

2.   Beidh feidhm ag na critéir incháilitheachta a leagtar amach i míreanna 3 go 9 den Airteagal seo i dteannta na gcritéar a leagtar amach i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

3.   Maidir le bonneagar, saoráidí, sócmhainní agus acmhainní fhaighteoirí cistithe ón Aontas atá rannpháirteach i ngníomhaíocht agus a úsáidtear chun críocha na gníomhaíochta sin, beidh siad lonnaithe ar chríoch Ballstáit nó tíre comhlachaithe ar feadh thréimhse iomlán na gníomhaíochta.

4.   De mhaolú ar mhír 3 den Airteagal seo, i gcás nach bhfuil aon rogha mhalartach ná bonneagar, saoráidí, sócmhainní agus acmhainní ábhartha ar fáil go héasca san Aontas nó i dtír chomhlachaithe d’fhaighteoirí cistithe ón Aontas atá rannpháirteach i ngníomhaíocht, féadfaidh siad úsáid a bhaint as a mbonneagar, a saoráidí, a sócmhainní nó a n-acmhainní atá lonnaithe nó atá i seilbh acu lasmuigh de chríoch na mBallstát nó na dtíortha comhlachaithe, ar choinníoll nach sáróidh an úsáid sin leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus a mBallstát, lena n-áirítear urraim do phrionsabal an dea-chaidrimh comharsanachta, agus go bhfuil sí i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 4. Na costais a bhaineann le gníomhaíochtaí ina n-úsáidtear an bonneagar, na saoráidí, na sócmhainní nó na hacmhainní sin, ní bheidh siad incháilithe le haghaidh tacaíocht ón gClár.

5.   Ní bheidh faighteoirí cistithe ón Aontas faoin gClár faoi réir rialú tríú tír neamhchomhlachaithe ná eintitis de chuid tríú tír neamhchomhlachaithe.

6.   De mhaolú ar mhír 5 den Airteagal seo, eintiteas dlítheanach atá bunaithe san Aontas nó i dtír chomhlachaithe agus atá á rialú ag tríú tír neamhchomhlachaithe nó ag eintiteas de chuid tríú tír neamhchomhlachaithe, beidh sé incháilithe le cistiú ón Aontas a fháil má chuirtear ar fáil don Choimisiún ráthaíochtaí arna bhformheas i gcomhréir le nósanna imeachta náisiúnta an Bhallstáit nó na tíre comhlachaithe ina bhfuil siad bunaithe, ar nós bearta leordhóthanacha de bhun scagadh, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (39).

Tabharfar dearbhuithe leis na ráthaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo nach sáróidh rannpháirtíocht i ngníomhaíocht de chuid eintiteas dlítheanach dá dtagraítear san fhomhír sin leasanna slándála agus cosanta an Aontais ná a Bhallstát mar a bhunaítear faoi chuimsiú CBES de bhun Theideal V CAE, lena n-áirítear urraim do phrionsabal an dea-chaidrimh comharsanachta ná na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 4 den Rialachán seo. Go háirithe, tabharfar fianaise sna ráthaíochtaí sin go bhfuil bearta i bhfeidhm, chun críoch na gníomhaíochta, chun an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

ní fheidhmítear rialú an eintitis dhlítheanaigh ar bhealach lena gcuirfí srian nó teorainn lena chumas an ghníomhaíocht a dhéanamh agus torthaí a bhaint amach, lena gcuirfí teorainn lena bhonneagar, saoráidí, sócmhainní, acmhainní, maoin intleachtúil nó fios gnó is gá chun críocha na gníomhaíochta, nó lena mbainfí dá chumais agus de na caighdeáin is gá chun an ghníomhaíocht a dhéanamh;

(b)

go bhfuil cosc ar rochtain a bheith ag tríú tír neamhchomhlachaithe nó ag eintiteas de chuid tríú tír neamhchomhlachaithe ar fhaisnéis rúnaicmithe nó íogair a bhaineann leis an ngníomhaíocht agus go bhfuil imréiteach náisiúnta slándála, arna eisiúint ag Ballstát nó ag tír chomhlachaithe, ag na fostaithe nó ag daoine eile a bhfuil baint acu leis an ngníomhaíocht, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir le dlíthe agus rialacháin náisiúnta;

(c)

nach bhfuil úinéireacht maoine intleachtúla a eascraíonn as gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 12(1), pointe (d), faoi réir a srianta ag tríú tír neamhchomhlachaithe nó ag eintiteas de chuid tríú tír neamhchomhlachaithe ná níor aistríodh í chuig eintitis atá bunaithe lasmuigh de chríoch na mBallstát nó na dtíortha comhlachaithe, gan formheas an Bhallstáit nó na tíre comhlachaithe ina bhfuil an t-eintiteas dlítheanach bunaithe. Ní sháróidh an formheas sin na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 4.

Má mheasann an Ballstát nó an tír chomhlachaithe ina bhfuil an t-eintiteas dlítheanach bunaithe go bhfuil siad iomchuí, féadfar tuilleadh ráthaíochtaí a sholáthar.

Cuirfidh an Coimisiún an coiste dá dtagraítear in Airteagal 77 ar an eolas faoi aon eintiteas dlítheanach eile a mheasfar a bheith incháilithe le cistiú ón Aontas a fháil i gcomhréir leis an mír seo.

7.   Féadfaidh na ráthaíochtaí dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo a bheith bunaithe ar theimpléad caighdeánaithe arna sholáthar ag an gCoimisiún, le cúnamh ón gcoiste dá dtagraítear in Airteagal 77, chun cur chuige comhchuibhithe ar fud an Aontais a áirithiú.

8.   Agus gníomhaíocht incháilithe á déanamh ag faighteoirí, féadfaidh siad oibriú i gcomhar freisin le heintitis dhlítheanacha atá bunaithe lasmuigh de chríoch na mBallstát nó na dtíortha comhlachaithe, nó atá á rialú ag tríú tír neamhchomhlachaithe nó ag eintiteas de chuid tríú tír neamhchomhlachaithe, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as sócmhainní, bonneagar, saoráidí agus acmhainní na n-eintiteas dlítheanach sin, ar choinníoll nach sáraítear le húsáid den sórt sin leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus a Bhallstát, lena n-áirítear urraim do phrionsabal an dea-chaidrimh comharsanachta, ná na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 4.

Ní bheidh aon rochtain neamhúdaraithe ag tríú tír neamhchomhlachaithe ná ag eintiteas eile de chuid tríú tír neamhchomhlachaithe ar fhaisnéis rúnaicmithe a bhaineann le cur i ngníomh na gníomhaíochta, agus seachnófar éifeachtaí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ann ar shlándáil sholáthar na n-ionchur atá riachtanach don ghníomhaíocht.

Na costais a bhaineann le comhar le heintitis dhlítheanacha atá bunaithe lasmuigh de chríoch na mBallstát nó na dtíortha comhlachaithe nó atá á rialú ag tríú tír neamhchomhlachaithe nó ag eintiteas de chuid tríú tír neamhchomhlachaithe, ní bheidh siad incháilithe le haghaidh tacaíocht ón gClár.

9.   Ní bheidh feidhm ag míreanna 5 agus 6 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

údaráis chonarthacha na mBallstát agus na dtíortha comhlachaithe;

(b)

eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(c)

SCAEnna;

(d)

GEC.

ROINN 2

GNÍOMHAÍOCHTAÍ INCHÁILITHE

Airteagal 10

Gníomhaíochtaí incháilithe

1.   Le gníomhaíochtaí atá incháilithe chun cistiú a fháil faoin gClár, cuirfear chun feidhme na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 4 agus féadfaidh siad a bheith i gceann de na foirmeacha seo a leanas, nó teaglaim díobh:

(a)

gníomhaíochtaí soláthair chomhoibríoch dá dtagraítear in Airteagal 11, lena n-áirítear chun comhthiomsuithe ullmhachta tionsclaíche i réimse na cosanta a bhunú, a bhainistiú nó a chothabháil;

(b)

gníomhaíochtaí atreisithe thionsclaíoch dá dtagraítear in Airteagal 12;

(c)

gníomhaíochtaí tacaíochta dá dtagraítear in Airteagal 13;

(d)

imscaradh na TELCCanna dá dtagraítear in Airteagal 35.

2.   Ní bheidh na gníomhaíochtaí seo a leanas incháilithe chun cistiú a fháil faoin gClár:

(a)

gníomhaíochtaí a bhaineann le táirgí cosanta a bhfuil toirmeasc orthu faoin dlí idirnáisiúnta is infheidhme;

(b)

gníomhaíochtaí a bhaineann le córais uathrialacha mharfacha a oibríonn lasmuigh de shlabhra freagrach ceannais agus rialaithe dhaonna nó nach féidir a úsáid i gcomhréir leis an dlí daonnúil idirnáisiúnta;

(c)

gníomhaíochtaí a bhaineann le cnuasmhuinisin;

(d)

gníomhaíochtaí, nó codanna díobh, atá á maoiniú go hiomlán cheana féin ó fhoinsí poiblí nó príobháideacha eile.

3.   I gcás soláthar a dhéantar de bhun Airteagail 11, 13 agus 35, a dtacaítear leo le cistiú ón Aontas, ní bheidh costas na gcomhpháirteanna, de thionscnamh lasmuigh den Aontas agus de thíortha comhlachaithe, níos airde ná 35 % de chostas measta chomhpháirteanna an táirge deiridh. Ní bhfaighfear aon chomhpháirt ó thríú tíortha a sháraíonn leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus a Bhallstát.

4.   I gcás gníomhaíochtaí a dhéantar de bhun Airteagal 12 agus gníomhaíochtaí a dhéantar de bhun Airteagal 35 seachas gníomhaíochtaí soláthair, ní bheidh costas na gcomhpháirteanna de thionscnamh lasmuigh den Aontas agus de thíortha comhlachaithe níos airde ná 35 % de chostas measta chomhpháirteanna an táirge a dtacaíonn cistiú ón Aontas leis an méadú ar a n-acmhainneacht táirgeachta. Ní bhfaighfear ó thríú tíortha a sháraíonn leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus a Bhallstáit aon chomhpháirt den táirge a dtacaíonn cistiú ón Aontas lena acmhainneacht táirgeachta.

5.   Beidh sé de chumas ag faighteoirí cistithe ón Aontas nó, i gcás inarb ábhartha, conraitheoirí cinneadh a dhéanamh, gan srianta arna bhforchur ag tríú tíortha neamhchomhlachaithe nó ag eintitis de chuid tríú tíortha neamhchomhlachaithe, maidir le sainmhíniú, oiriúnú agus éabhlóid dhearadh na dtáirgí cosanta lena mbaineann, lena n-áirítear an t-údarás dlíthiúil chun comhpháirteanna nua a chur in ionad comhpháirteanna atá faoi réir srianta arna bhforchur ag tríú tíortha neamhchomhlachaithe nó ag eintitis de chuid tríú tíortha neamhchomhlachaithe nó na comhpháirteanna sin a bhaint.

6.   Gan dochar d’Airteagal 5 de Threoir 2009/43/CE, féadfaidh na Ballstáit ceadúnais aistriúcháin ghinearálta a fhoilsiú chun táirgí a bhaineann le gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ón gClár a aistriú chuig Ballstáit eile.

Airteagal 11

Gníomhaíochtaí soláthair chomhoibríoch

1.   Is é a bheidh i ngníomhaíochtaí soláthair chomhoibríoch gníomhaíochtaí a bhaineann leis an gcomhar idir eintitis dhlítheanacha maidir le soláthar táirgí cosanta, tráth ar bith le linn saolré táirgí cosanta den sórt sin, lena n-áirítear chun comhthiomsuithe ullmhachta tionsclaíche i réimse na cosanta a bhunú, a bhainistiú agus a chothabháil.

2.   Ní beidh ach na heintitis dhlítheanacha seo a leanas incháilithe do ghníomhaíochtaí soláthair chomhoibríoch:

(a)

údaráis chonarthacha na mBallstát nó na dtíortha comhlachaithe;

(b)

eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(c)

SCAEnna;

(d)

GEC.

3.   Is iad seo a leanas a dhéanfaidh gníomhaíochtaí soláthair chomhoibríoch:

(a)

cuibhreannas d’eintitis dhlítheanacha dá tagraítear i mír 2, lena n-áirítear trí eintiteas ar a laghad dá dtagraítear i mír 2, pointe (a), ó thrí Bhallstát nó trí tíortha comhlachaithe ar a laghad a mbeidh dhá cheann díobh ar a laghad ina n-údaráis chonarthacha de chuid dhá Bhallstát; nó

(b)

SCAE.

4.   Ceapfaidh na Ballstáit agus tíortha comhlachaithe a dhéanann gníomhaíocht soláthair chomhoibríoch, ceapfaidh siad gníomhaire soláthair, d’aon toil, chun gníomhú thar a gceann chun críocha an tsoláthair chomhoibríoch sin. Is é an gníomhaire soláthair a dhéanfaidh na nósanna imeachta soláthair agus tabharfaidh sé na conarthaí a thiocfaidh astu i gcrích leis na conraitheoirí thar ceann na dtíortha rannpháirteacha. Féadfaidh an gníomhaire soláthair a bheith rannpháirteach sa bheart mar thairbhí agus gníomhú mar chomhordaitheoir ar chuibhreannais na n-eintiteas dlítheanach agus, dá bhrí sin, is féidir leis cistí ón gClár agus cistí ó na Ballstáit agus tíortha comhlachaithe rannpháirteacha a bhainistiú agus a chomhcheangal.

5.   Na nósanna imeachta soláthair dá dtagraítear i mír 2, beidh siad bunaithe ar chomhaontú a bheidh le síniú ag na Ballstáit agus tíortha comhlachaithe rannpháirteacha leis an ngníomhaire soláthair faoi na coinníollacha a leagtar amach sa chlár oibre. Cinnfear leis an gcomhaontú, go háirithe, na socruithe praiticiúla a rialaíonn an soláthar comhoibríoch agus an próiseas cinnteoireachta a mhéid a bhaineann le roghnú an nós imeachta, measúnú na dtairiscintí agus dámhachtain an chonartha.

6.   Cuirfidh an gníomhaire soláthair critéir i bhfeidhm atá coibhéiseach leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 9 maidir lena nósanna imeachta soláthair agus lena chonarthaí le conraitheoirí, agus ceanglóidh sé go gcuirfear na critéir sin i bhfeidhm maidir le fochonraitheoirí.

7.   De mhaolú ar mhír 6, chun comhar tionsclaíoch le tríú tíortha neamhchomhlachaithe a chur san áireamh, soláthar comhoibríoch lena mbaineann fochonraitheoir ar a leithdháiltear idir 15 % agus 35 % de luach an chonartha, agus nach bhfuil bunaithe nó nach bhfuil a struchtúir bainistíochta feidhmiúcháin san Aontas nó i dtír chomhlachaithe, beidh sé incháilithe chun tacaíocht a fháil faoin gClár ar choinníoll go mbeidh caidreamh conarthach díreach a bhaineann leis an táirge cosanta bunaithe idir an conraitheoir agus an fochonraitheoir sin roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

8.   Tabharfaidh gníomhairí soláthair fógra don Choimisiún faoi na ráthaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 9(6). Cuirfear tuilleadh faisnéise maidir leis na ráthaíochtaí sin ar fáil don Choimisiún arna iarraidh sin dó. Cuirfidh an Coimisiún an coiste dá dtagraítear in Airteagal 77 ar an eolas faoi aon fhógra arna thabhairt, agus déanfaidh sé amhlaidh i gcomhréir leis an mír seo.

9.   Sula seolfar nós imeachta soláthair le haghaidh gníomhaíocht soláthair chomhoibríoch faoin Rialachán seo, cuirfidh an gníomhaire soláthair na Ballstáit nach bhfuil rannpháirteach sa nós imeachta atá beartaithe ar an eolas, agus tabharfaidh sé deis dóibh iarraidh chuí-réasúnaithe a chur isteach chuig an ngníomhaire soláthair, laistigh de thréimhse réasúnta, chun cainníochtaí breise de tháirgí cosanta a cheannach dóibh. Má chuirtear an iarraidh sin isteach, forchoimeádfar sa chonradh soláthair chomhoibríoch ceart na n-údarás conarthach rannpháirteach chun cainníochtaí breise de tháirgí cosanta a cheannach le haghaidh na mBallstát sin, gan dochar do rialacha is infheidhme an Aontais agus rialacha náisiúnta a bhaineann le honnmhairiú táirgí cosanta.

10.   Sula seolfar nós imeachta soláthair le haghaidh gníomhaíocht soláthair chomhoibríoch faoin Rialachán seo, cuirfidh an gníomhaire soláthair na tíortha comhlachaithe agus an Úcráin ar an eolas, i gcás inar féidir, faoin nós imeachta atá beartaithe, agus tabharfaidh sé deis dóibh iarraidh chuí-réasúnaithe a chur faoi bhráid an ghníomhaire soláthair chun cainníochtaí breise de tháirgí cosanta a cheannach dóibh. Má chuirtear an iarraidh sin isteach, forchoimeádfar leis an gconradh soláthair chomhoibríoch ceart na n-údarás conarthach rannpháirteach cainníochtaí breise de tháirgí cosanta a cheannach do thíortha comhlachaithe agus don Úcráin.

Airteagal 12

Gníomhaíochtaí atreisithe thionsclaíoch

1.   Is é a bheidh sna gníomhaíochtaí atreisithe thionsclaíoch gníomhaíochtaí a bhaineann le dlús a chur leis an gcoigeartú ar athruithe struchtúracha ar an acmhainneacht táirgeachta le haghaidh táirgí cosanta, lena n-áirítear a gcomhpháirteanna agus na hamhábhair chomhfhreagracha a mhéid a bheartaítear iad nó a úsáidtear go hiomlán iad chun táirgí cosanta a tháirgeadh, an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

an acmhainneacht táirgeachta reatha le haghaidh táirgí cosanta, comhpháirteanna cosanta agus amhábhair chomhfhreagracha a bharrfheabhsú, a leathnú, a nuachóiriú (lena n-áirítear uathoibriú), a uasghrádú, nó a gcuspóir a athrú, nó acmhainneacht táirgeachta nua a bhunú le haghaidh táirgí cosanta, comhpháirteanna cosanta agus amhábhair chomhfhreagracha, lena n-áirítear ar bhonn na meaisín-uirlisí riachtanacha agus aon ionchur eile is gá a sholáthar nó a fháil;

(b)

comhpháirtíochtaí tionsclaíocha trasteorann a bhunú, lena n-áirítear trí chomhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí nó cineálacha eile comhair thionsclaíoch, lena n-áirítear comhar le FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe beaga, in iarracht thionsclaíoch chomhpháirteach, lena n-áirítear gníomhaíochtaí darb aidhm foinsiú nó cur i leataobh agus stoc-charnadh táirgí cosanta, comhpháirteanna agus amhábhar comhfhreagrach a chomhordú, agus chun acmhainneachtaí táirgeachta agus pleananna táirgthe a chomhordú freisin;

(c)

acmhainneachtaí borrtháirgeachta arna gcur i leataobh a mhéadú agus a chur ar fáil le haghaidh táirgí cosanta, a gcomhpháirteanna agus a n-amhábhar comhfhreagrach, i gcomhréir le méideanna táirgeachta a ordaíodh nó atá beartaithe;

(d)

tionsclú agus tráchtálú a chothú i ndáil le táirgí cosanta a fhorbraítear faoi chuimsiú gníomhaíochtaí arna gcistiú ag an Aontas nó i ndáil le gníomhaíochtaí comhair eile a rinneadh le tacaíocht ó dhá Bhallstát ar a laghad, agus é sin a dhéanamh, i measc bealaí eile, trí chomhpháirtíochtaí tionsclaíocha trasteorann, comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí nó cineálacha eile comhair thionsclaíoch a bhunú agus trí bhorradh a chur faoin táirgeadh tosaigh agus faoin táirgeadh a cheadúnú, i gcás inarb iomchuí;

(e)

tástáil, lena n-áirítear an bonneagar is gá, agus, de réir mar is iomchuí, deimhniú athchóirithe na dtáirgí cosanta d’fhonn aghaidh a thabhairt ar a ndífheidhmeacht agus chun gur féidir le húsáideoirí deiridh iad a úsáid.

2.   I gcás na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1, pointe (d), is eintitis dhlítheanacha a dhéanfaidh an ghníomhaíocht, ar eintitis iad atá ag comhoibriú laistigh de chuibhreannas ina mbeidh trí eintiteas dhlítheanacha incháilithe ar a laghad agus a mbeidh dhá cheann díobh ar a laghad bunaithe i mBallstáit éagsúla. Le linn na tréimhse iomláine ina ndéantar an ghníomhaíocht, ní bheidh ar a laghad trí cinn de na heintitis dhlítheanacha incháilithe sin atá bunaithe in dhá Bhallstát éagsúla ar a laghad á rialú, go díreach nó go hindíreach, ag an eintiteas dlítheanach céanna ná ní dhéanfaidh siad rialú ar a chéile.

3.   Gan beann ar mhír 2, féadfaidh SCAE na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh.

4.   Chun armlón agus diúracáin a tháirgeadh, beidh sé de chumas ag faighteoirí cistithe ón Aontas nó ag údaráis rialtais ábhartha na mBallstát lena mbaineann cinneadh a dhéanamh, gan srianta arna bhforchur ag tríú tíortha neamhchomhlachaithe nó ag eintitis de chuid tríú tíortha neamhchomhlachaithe, maidir le sainmhíniú, oiriúnú agus éabhlóid dhearadh an táirge cosanta lena mbaineann, lena n-áirítear an t-údarás dlíthiúil chun comhpháirteanna nua a chur in ionad comhpháirteanna atá faoi réir srianta arna bhforchur ag tríú tíortha neamhchomhlachaithe nó ag eintitis de chuid tríú tíortha neamhchomhlachaithe nó na comhpháirteanna sin a bhaint, nó, de rogha air sin, de mhaolú ar Airteagal 10(5), beidh gealltanas atá ceangailteach ó thaobh dlí de faighte aige ón tríú tír neamhchomhlachaithe nó ón eintiteas de chuid tríú tír neamhchomhlachaithe lena mbaineann go mbeidh sé de chumas acu cinneadh a dhéanamh laistigh de thréimhse ama réasúnta a bheidh i gcomhréir le castacht na gníomhaíochta lena mbaineann, agus in aon chás tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2033.

Airteagal 13

Gníomhaíochtaí tacaíochta

1.   Is é a bheidh sna gníomhaíochtaí tacaíochta:

(a)

gníomhaíochtaí chun idir-inoibritheacht agus idirmhalartacht a mhéadú, lena n-áirítear trasdeimhniú táirgí agus gníomhaíochtaí cosanta as a dtagann aitheantas frithpháirteach deimhniúcháin nó chun cur chun feidhme caighdeán míleata a éascú, go háirithe caighdeáin ECAT agus caighdeáin ábhartha eile, agus ar an gcaoi sin aon difreáil iomarcach ar tháirgí cosanta ar fud an Aontais a laghdú;

(b)

gníomhaíochtaí chun rochtain ar mhargadh na cosanta a éascú le haghaidh FBManna, cuideachtaí meánchaipitlithe agus gnólachtaí nuathionscanta, agus tacaíocht a thabhairt dóibh i ndáil leis na deimhnithe riachtanacha cáilíochta agus táirgeachta a fháil;

(c)

fothú acmhainneachta, oiliúint, athsciliú nó uas-sciliú pearsanra i ndáil leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 10(1);

(d)

soláthar córas cosanta fisicí agus córas cibearchosanta i ndáil leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 12;

(e)

comhordú agus gníomhaíochtaí tacaíochta teicniúla, go háirithe i dtaca le haghaidh a thabhairt ar scrogaill in acmhainneachtaí táirgeachta agus i slabhraí soláthair d’fhonn táirgeadh táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime a chinntiú agus dlús a chur leis an táirgeadh sin chun soláthar éifeachtach agus infhaighteacht thráthúil na dtáirgí sin a áirithiú;

(f)

Catalóg Eorpach um Dhíolacháin Mhíleata dá dtagraítear i gCaibidil V a bhunú;

(g)

tacaíocht do bhunú agus feidhmiú SCAEnna, lena n-áirítear chun comhthiomsuithe ullmhachta tionsclaíche i réimse na cosanta a bhunú, a bhainistiú agus a chothabháil;

(h)

gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh táirgí sibhialtacha a oiriúnú agus a mhodhnú go tapa le haghaidh feidhmeanna cosanta;

(i)

gníomhaíochtaí nuálaíochta i réimse na cosanta, lena n-áirítear gníomhaíochtaí nuálaíochta éigeandála i réimse na cosanta, i gcás ina ndéantar an beart dá dtagraítear in Airteagal 68 a ghníomhachtú.

2.   I gcás na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), is eintitis dhlítheanacha a dhéanfaidh an ghníomhaíocht, ar eintitis iad atá ag comhoibriú laistigh de chuibhreannas ina bhfuil trí eintiteas dhlítheanacha incháilithe ar a laghad, a bhfuil dhá cheann díobh ar a laghad bunaithe in dhá Ballstát éagsúla ar a laghad. Le linn na tréimhse iomláine ina ndéantar an ghníomhaíocht, beidh trí cinn ar a laghad de na heintitis dhlítheanacha incháilithe sin nach mbeidh siad á rialú, go díreach nó go hindíreach, ag an eintiteas dlítheanach céanna ná ní dhéanfaidh siad rialú ar a chéile.

3.   Gan beann ar mhír 2, féadfaidh SCAE na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh.

ROINN 3

AN CISTE CHUN DLÚS A CHUR LE CLAOCHLÚ SHLABHRAÍ SOLÁTHAIR NA COSANTA (FAST)

Airteagal 14

An Ciste chun dlús a chur le claochlú shlabhraí soláthair na cosanta (FAST)

1.   Chun na hinfheistíochtaí is gá a ghiaráil, a dhí-rioscú agus borradh a chur fúthu chun acmhainneachtaí monaraíochta cosanta FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe beaga a mhéadú a chomhlíonann critéir atá coibhéiseach leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 9(1) agus, i gcás inarb ábhartha, Airteagal 9(3) agus (4), féadfar oibríocht mheasctha lena dtairgtear tacaíocht fiachais, tacaíocht chothromais nó an dá rud a bhunú, dar teideal ‘Ciste chun dlús a chur le claochlú shlabhraí soláthair na cosanta’ (FAST). Cuirfear chun feidhme í i gcomhréir le Teideal X den Rialachán Airgeadais agus le Rialachán (AE) 2021/523.

2.   Is iad seo a leanas na cuspóirí sonracha a shaothrófar le FAST:

(a)

éifeacht iolraitheora shásúil a bhaint amach atá i gcomhréir leis an meascán d’fhiach agus cothromas a rannchuidíonn le maoiniú ón earnáil phoiblí agus ón earnáil phríobháideach araon a mhealladh;

(b)

tacaíocht a thabhairt do FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá i mbun fáis, agus do chuideachtaí meánchaipitlithe beaga ar fud an Aontais a bhfuil deacrachtaí acu rochtain a fháil ar mhaoiniú agus ar fíor an méid seo a leanas ina leith:

(i)

tá siad i mbun tionsclaíochta nó monaraíochta a mhéid a bhaineann le táirgí cosanta nó tá plean acu é sin a dhéanamh gan mhoill; nó

(ii)

tá siad mar chuid de shlabhra soláthair cosanta an Aontais, nó tá plean acu a bheith mar chuid de gan mhoill;

(c)

cuireann siad dlús leis an infheistíocht i réimsí mhonarú na dtáirgí cosanta, agus forbairt teicneolaíochtaí cosanta, agus dá bhrí sin, tá slándáil an tsoláthair a neartú acu i slabhraí luacha thionscal cosanta an Aontais.

ROINN 4

SOLÁTHAR

Airteagal 15

Soláthar le tacaíocht ón gCoimisiún

1.   I gcomhréir le hAirteagal 168 den Rialachán Airgeadais, féadfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas a iarraidh ar an gCoimisiún:

(a)

dul i mbun soláthar comhpháirteach leo, dá dtagraítear in Airteagal 168(2) den Rialachán Airgeadais, trína bhféadfaidh na Ballstáit na táirgí cosanta arna soláthar go comhpháirteach a fháil, a fháil ar cíos nó a léasú go hiomlán;

(b)

gníomhú mar chomhlacht lárnach ceannaigh dá dtagraítear in Airteagal 168(3) den Rialachán Airgeadais chun táirgí cosanta a sholáthar thar ceann nó in ainm na mBallstát leasmhar.

2.   Agus iad ag iarraidh ar an gCoimisiún gníomhú i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, measfar gur chomhlíon údaráis chonarthacha na mBallstát na ceanglais a leagtar síos i dTreoir 2009/81/CE.

3.   De mhaolú ar Airteagal 168(2), an dara fomhír, den Rialachán Airgeadais, féadfaidh tír chomhlachaithe a iarraidh ar an gCoimisiún dul i mbun soláthar comhpháirteach, mar a thagraítear dó i mír 1, pointe (a), den Airteagal seo. Beidh feidhm ag na coinníollacha eile a leagtar amach in Airteagal 168(2) den Rialachán Airgeadais maidir leis na soláthairtí comhpháirteacha sin.

4.   De mhaolú ar Airteagal 168(3) den Rialachán Airgeadais, féadfaidh tír chomhlachaithe in éineacht le Ballstát amháin ar a laghad a iarraidh ar an gCoimisiún gníomhú mar chomhlacht lárnach ceannaigh dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), den Airteagal seo. Beidh feidhm ag na coinníollacha atá coibhéiseach leo siúd a leagtar amach in Airteagal 168(3) den Rialachán Airgeadais i gcás ina ngníomhaíonn an Coimisiún mar chomhlacht lárnach ceannaigh.

5.   Anuas ar na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán Airgeadais, comhlíonfaidh an nós imeachta soláthair dá dtagraítear i míreanna 1, 3 agus 4 den Airteagal seo na coinníollacha seo a leanas freisin:

(a)

tá rannpháirtíocht sa nós imeachta soláthair oscailte do na Ballstáit uile agus, de mhaolú ar Airteagal 168(2) agus (3) den Rialacháin Airgeadais, féadfaidh sí a bheith oscailte do thíortha comhlachaithe;

(b)

iarrann an Coimisiún ar shaineolaí amháin ar a laghad as gach tír rannpháirteach agus ag a bhfuil taithí atá ábhartha don chaibidlíocht comhfhoireann caibidlíochta a bhunú;

(c)

luann na tíortha rannpháirteacha go sainráite an bhfuil cinneadh déanta acu próisis chaibidlíochta chomhthreomhara a reáchtáil don táirge lena mbaineann, agus beidh an cinneadh sin faoi réir fhormheas d’aon toil na dtíortha rannpháirteacha.

6.   I gcás ina ngníomhaíonn an Coimisiún mar chomhlacht lárnach ceannaigh de bhun mhír 1, pointe (b), agus mhír 4, féadfaidh sé comhpháirteanna agus amhábhair a sholáthar, thar ceann na mBallstát nó na dtíortha comhlachaithe nó in ainm na mBallstát nó na dtíortha comhlachaithe, ar comhpháirteanna agus amhábhair iad is gá chun táirgí cosanta a sholáthar chun cur leis na cúltacaí straitéiseacha ó thíortha rannpháirteacha, lena n-áirítear stoc-charnadh.

7.   I gcás ina mbeidh údar cuí leis mar gheall ar fhíorphráinn an cháis, féadfaidh an Coimisiún, de mhaolú ar Airteagal 175(1) den Rialachán Airgeadais, seachadadh táirgí cosanta a iarraidh ón dáta a sheolfar na dréachtchonarthaí a eascraíonn as an soláthar a dhéantar chun críocha an Rialacháin seo.

8.   Chun comhaontuithe ceannaigh a dhéanamh le hoibreoirí eacnamaíocha, féadfaidh ionadaithe ón gCoimisiún, nó saineolaithe arna n-ainmniú ag an gCoimisiún, cuairteanna ar an láthair a dhéanamh i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta ábhartha ag suíomhanna saoráidí táirgthe na dtáirgí cosanta ábhartha.

9.   Beidh an tAirteagal seo gan dochar do rialacha an Aontais agus do na rialacha náisiúnta atá ann cheana lena rialaítear úinéireacht, onnmhairiú agus aistriú táirgí cosanta.

10.   Áiritheoidh an Coimisiún go gcaitear go comhionann leis na tíortha atá rannpháirteach nuair a bhíonn na nósanna imeachta soláthair á ndéanamh agus na comhaontuithe a eascraíonn astu á gcur chun feidhme.

11.   De bhreis ar na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán Airgeadais, beidh feidhm ag critéir atá coibhéiseach leo siúd a leagtar síos in Airteagal 9(1), (3) agus (4) den Rialachán seo, maidir le tairgeoirí, conraitheoirí agus fochonraitheoirí i gconarthaí a eascraíonn as soláthar a dhéantar de bhun an Airteagail seo freisin.

12.   I gcás soláthar a dhéantar de bhun mhír 1, pointe (a), agus mhír 3 den Airteagal seo, beidh feidhm ag na rialacha a leagtar amach in Airteagal 10(3) agus (5).

Airteagal 16

Réamhcheannach táirgí cosanta

1.   Féadfaidh an soláthar comhpháirteach dá dtagraítear in Airteagal 15(1), pointe (a), a bheith i bhfoirm comhaontuithe réamhcheannaigh maidir le táirgí cosanta arna gcaibidil agus arna dtabhairt i gcrích in ainm, nó thar ceann, na dtíortha rannpháirteacha. Féadfar sásra réamhíocaíochta a áireamh sna comhaontuithe sin chun na táirgí sin a tháirgeadh i gcomaoin ar an gceart chun an toraidh, rud nach sáróidh na codanna den chonradh maidir le costais neamh-athfhillteacha, lena n-áirítear cur i leataobh acmhainneachtaí monaraíochta.

2.   I gcás ina n-áirítear sásra réamhíocaíochta sna comhaontuithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, féadfar an íocaíocht tosaigh leis an gconraitheoir a chumhdach leis an gclúdach airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 3(1). Cuirfear ranníocaíochtaí na dtíortha rannpháirteacha dá dtagraítear in Airteagal 5 san áireamh i dtéarmaí comhionanna in aghaidh na hítime arna n-ordú ag na tíortha rannpháirteacha.

3.   I gcásanna inar mó na méideanna caibidlithe ná an t-éileamh, bunóidh an Coimisiún, arna iarraidh sin do na tíortha rannpháirteacha lena mbaineann, sásra lena ndéantar ath-leithdháileadh ar na stoc-chairn náisiúnta nó lena mbunaítear comhthiomsuithe ullmhachta tionsclaíche i réimse na cosanta.

Airteagal 17

Comhaontuithe ceannaithe táirgí a éascú

1.   Cuirfidh an Coimisiún córas ar bun chun tabhairt i gcrích comhaontuithe ceannaigh táirgí a éascú, ar comhaontuithe iad a bhaineann le borradh tionsclaíoch a chur faoi acmhainneachtaí monaraíochta BTTCE, idir na Ballstáit agus, i gcás inarb ábhartha, tíortha comhlachaithe ar thaobh amháin agus oibreoirí BTTCE ar an taobh eile, i gcomhréir le rialacha iomaíochta agus soláthair an Aontais. Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh cosc ar rochtain a bheith ag tríú tír neamhchomhlachaithe nó ag eintiteas de chuid tríú tír neamhchomhlachaithe ar fhaisnéis aicmithe nó íogair a bhaineann leis an ngníomhaíocht agus go bhfuil imréiteach náisiúnta slándála, arna eisiúint ag Ballstát nó ag tír chomhlachaithe, ag na fostaithe nó ag daoine eile a bhfuil baint acu leis an ngníomhaíocht.

2.   Leis an gcóras dá dtagraítear i mír 1, ceadófar do na Ballstáit leasmhara agus do thíortha comhlachaithe tairiscintí a dhéanamh le haghaidh táirgí cosanta lena léireofar an méid seo a leanas:

(a)

an méid agus an cháilíocht;

(b)

an praghas nó an raon praghsanna atá beartaithe;

(c)

an fad a bheartaítear don chomhaontú ceannaithe táirgí.

3.   Ceadóidh an córas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo do mhonaróirí táirgí cosanta a chomhlíonann na critéir is comhionann leo sin a leagtar amach in Airteagal 9(1), (3) agus (4) tairiscintí a dhéanamh ina léireofar an méid seo a leanas:

(a)

méid agus cáilíocht na dtáirgí cosanta a bhfuil siad ag iarraidh comhaontuithe ceannaithe táirgí a thabhairt i gcrích ina leith;

(b)

an praghas nó an raon praghsanna a bheartaítear faoina mbeidís sásta díolachán a dhéanamh;

(c)

aga seachadta measta na dtáirgí cosanta atá faoi chuimsiú an chomhaontaithe ceannaithe táirgí;

(d)

an fad a bheartaítear don chomhaontú ceannaithe táirgí.

4.   Bunaithe ar na tairiscintí a fhaightear de bhun mhíreanna 2 agus 3, cuirfidh an Coimisiún monaróirí ábhartha na dtáirgí cosanta i dteagmháil leis na Ballstáit leasmhara agus leis na tíortha comhlachaithe leasmhara.

5.   Sa bhreis ar an teagmháil dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, féadfaidh tíortha leasmhara a iarraidh ar an gCoimisiún dul i mbun nós imeachta soláthair chomhpháirtigh nó nós imeachta soláthair ina n-ainm nó thar a gceann de bhun Airteagal 15.

6.   Féadfaidh an t-imchlúdach airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 3(1) na codanna den chonradh maidir le costais neamh-athfhillteacha, lena n-áirítear cur i leataobh acmhainneachtaí monaraíochta a chumhdach.

ROINN 5

CRITÉIR DHÁMHACHTANA AGUS CLÁIR OIBRE

Airteagal 18

Critéir dhámhachtana

1.   Déanfar meastóireacht ar thograí le haghaidh gníomhaíochtaí i bhfianaise na gcuspóirí arna leagan síos le haghaidh na gníomhaíochta ábhartha, na dtorthaí a bhfuil coinne leo don ghníomhaíocht ábhartha, agus cháilíocht agus éifeachtúlacht a chur chun feidhme. Go háirithe, beidh ceann amháin nó níos mó de na critéir seo a leanas san áireamh sa mheastóireacht:

(a)

rannchuidiú leis an iomaíochas;

(b)

rannchuidiú le hathléimneacht agus dáileadh geografach na n-acmhainneachtaí monaraíochta;

(c)

méadú ar an acmhainneachtaí táirgeachta;

(d)

méadú ar an idir-inoibritheacht;

(e)

méadú ar an idirmhalartacht; agus

(f)

rannchuidiú le spleáchais straitéiseacha a laghdú.

2.   Chomh maith leis na critéir a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, déanfar meastóireacht ar thograí le haghaidh gníomhaíochtaí soláthair chomhoibríoch dá dtagraítear in Airteagal 11 bunaithe ar na critéir seo a leanas:

(a)

líon na mBallstát rannpháirteach nó na dtíortha comhlachaithe;

(b)

rannchuidiú na gníomhaíochta le hoiriúnú, nuachóiriú agus forbairt BTTCE ar fud an Aontais; agus

(c)

rannpháirtíocht FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe.

3.   Chomh maith leis na critéir a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, déanfar meastóireacht ar thograí le haghaidh gníomhaíochtaí atreisithe thionsclaíoch dá dtagraítear in Airteagal 12 bunaithe ar na critéir seo a leanas:

(a)

an laghdú ar aga táirgeachta agus an méadú ar an acmhainneacht táirgeachta san Aontas, ar an acmhainneacht arna cur i leataobh agus ar lucht saothair oilte;

(b)

an rannchuidiú le hinfhaighteacht agus slándáil an tsoláthair a áirithiú ar fud an Aontais mar fhreagairt ar rioscaí sainaitheanta, lena n-áirítear go háirithe neamhchosaint ard ar an riosca go dtiocfadh ann do ghnáthbhagairtí míleata; agus

(c)

an rannchuidiú le comhar trasteorann tionsclaíoch i réimse na cosanta ar fud an Aontais, feabhas a chur ar chuimsiú FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe, nó an nasc le horduithe a eascraíonn as soláthar comhoibríoch táirgí cosanta arna dhéanamh ag trí Bhallstát nó ag trí thír chomhlachaithe ar a laghad.

4.   Leagfar síos sa chlár oibre dá dtagraítear in Airteagal 21 tuilleadh sonraí maidir le cur i bhfeidhm na gcritéar a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo, lena n-áirítear aon ualú atá le cur i bhfeidhm. Ní shocrófar tairseacha aonair leis na cláir oibre.

5.   Féadfaidh saineolaithe seachtracha neamhspleácha cúnamh a thabhairt don choiste meastóireachta i gcomhréir le hAirteagal 153(3) den Rialachán Airgeadais. Féadfar a shonrú sna cláir oibre go bhfuil ceangal ar na saineolaithe sin imréiteach slándála pearsanta bailí a bheith acu.

Airteagal 19

Nós imeachta roghnúcháin agus dámhachtana

Cé is moite de ghníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 11, Airteagal 13(1), pointe (g), agus Airteagal 10(1), pointe (d), déanfaidh an Coimisiún an cistiú faoin gCaibidil seo a dhámhachtain trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 77(4).

Airteagal 20

Ranníocaíocht airgeadais ón Aontas

1.   I gcás na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagail 13 agus 35 den Rialachán seo, agus, de mhaolú ar Airteagal 193(1) den Rialachán Airgeadais, i gcás ina mbeidh ranníocaíocht airgeadais an Aontais i bhfoirm deontas, féadfar suas le 100 % de na costais incháilithe a mhaoiniú leis an gClár.

2.   I gcás ina bhfuil deontas ón Aontas i bhfoirm maoiniú nach bhfuil nasctha le costais, de bhun Airteagal 183(3) den Rialachán Airgeadais, féadfar leibhéal na ranníocaíochta ón Aontas a thugtar do gach gníomhaíocht a bhunú ar thosca amhail na nithe seo a leanas:

(a)

a chasta atá an soláthar comhoibríoch, a bhféadfadh cion de luach measta an chonartha soláthair chomhoibríoch agus an taithí a fuarthas agus gníomhaíochtaí comhchosúla á ndéanamh feidhmiú mar mhéid ionadach ina leith ar dtús;

(b)

rannchuidiú na gníomhaíochta le torthaí idir-inoibritheachta a fheabhsú;

(c)

saintréithe na gníomhaíochta ar dócha go n-eascródh níos mó comharthaí infheistíochta fadtéarmacha don tionscal astu, go háirithe i gcás ina gcumhdófaí gníomhaíochtaí a bheadh incháilithe le haghaidh cistithe ó bhuiséad an Aontais leis an soláthar comhoibríoch, amhail. taighde agus forbairt, tástáil agus deimhniúchán, táirgeadh tosaigh nó gníomhaíochtaí tacaíochta inseirbhíse;

(d)

an líon Ballstát rannpháirteach agus an líon tíortha comhlachaithe rannpháirteacha, sin nó tuilleadh Ballstát nó tíortha comhlachaithe a áireamh i gcomhair atá ann cheana;

(e)

rannchuidiú na gníomhaíochta le borradh a chur faoi na hacmhainneachtaí monaraíochta is gá;

(f)

rannchuidiú na gníomhaíochta le spleáchais ar thíortha neamhchomhlachaithe a laghdú;

(g)

rannchuidiú na gníomhaíochta le comhar a fheabhsú idir Ballstáit nó tíortha comhlachaithe chun comhthiomsuithe ullmhachta tionsclaíche i réimse na cosanta a bhunú, a bhainistiú nó a chothabháil;

(h)

rannchuidiú na gníomhaíochta le comhar a fheabhsú idir Ballstáit nó tíortha comhlachaithe as a dtagann soláthar comhoibríoch cainníochtaí breise táirgí cosanta don Úcráin nó don Mholdóiv;

(i)

castacht na réiteach teicneolaíochta is gá chun an táirge cosanta arna sholáthar laistigh d’fhórsaí armtha Ballstáit rannpháirtigh a chomhtháthú.

3.   Déanfar gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 11 den Rialachán seo a chistiú trí bhíthin deontais i bhfoirm maoiniú nach bhfuil nasctha le costais, de bhun Airteagal 183(3) den Rialachán Airgeadais.

4.   An ranníocaíocht airgeadais ón Aontas le gach gníomhaíocht dá dtagraítear in Airteagal 11, ní rachaidh sí thar 15 % de luach measta an chonartha soláthair chomhoibríoch lena mbaineann.

5.   De mhaolú ar mhír 4 den Airteagal seo, féadfaidh suas le 25 % de luach measta an chonartha soláthair chomhoibríoch lena mbaineann a bheith sa ranníocaíocht airgeadais ón Aontas le gach gníomhaíocht dá dtagraítear in Airteagal 11 ar choinníoll go gcomhlíontar ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

déanann SCAE an ghníomhaíocht;

(b)

tacaíonn an ghníomhaíocht le soláthar comhoibríoch táirgí deiridh atá saor ó shrianta;

(c)

déantar cainníochtaí breise de tháirgí cosanta don Úcráin nó don Mholdóiv a fháil trí sholáthar comhoibríoch mar thoradh ar an ngníomhaíocht;

(d)

áirithítear leis an ngníomhaíocht go mbeidh na soláthróirí scaipthe go forleathan ar fud na mBallstát sa dóigh go mbeidh níos mó ná 20 % de luach iomlán an táirge deiridh á dhéanamh ag soláthróirí atá bunaithe i mBallstát amháin ar a laghad nach é an Ballstát ina bhfuil an príomhchonraitheoir bunaithe;

(e)

bhí an caiteachas infheistíochta cosanta a rinne formhór na mBallstát atá rannpháirteach sa ghníomhaíocht lena mbaineann os cionn 30 % dá gcaiteachas cosanta faoi seach sa bhliain airgeadais roimh an iarratas.

6.   Le haghaidh gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 12, ní bheidh an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas níos airde ná 35 % de na costais incháilithe.

7.   De mhaolú ar mhír 6 den Airteagal seo, féadfaidh suas le 50 % de na costais incháilithe a bheith sa ranníocaíocht airgeadais ón Aontas le gach gníomhaíocht dá dtagraítear in Airteagal 12 i gcás inar FBManna nó cuideachtaí meánchaipitlithe atá bunaithe i mBallstát nó i dtír chomhlachaithe iad tromlach na dtairbhithe nó i gcás ina ndéanann SCAE an ghníomhaíocht, agus i gcás ina gcomhlíontar ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

léiríonn an tairbhí go bhfuil rannchuidiú déanta le comhar nua trasteorann a chruthú idir eintitis atá bunaithe i mBallstáit nó i dtíortha comhlachaithe;

(b)

is é atá i gceist leis an ngníomhaíocht bonneagar, saoráidí nó línte táirgeachta nua a thógáil ón talamh nó ar láithreáin nár úsáideadh roimhe sin le haghaidh na ngníomhaíochtaí sin, rud a rannchuidíonn le forbairt slabhraí soláthair agus aistriú teicneolaíochta ar fud an Aontais;

(c)

rannchuidíonn an ghníomhaíocht le hacmhainneachtaí monaraíochta nua a bhunú nó le borradh a chur faoi acmhainneachtaí monaraíochta atá ann cheana maidir le táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime.

8.   Leagfar amach tuilleadh mionsonraí sna cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 21.

Airteagal 21

Cláir oibre

1.   Cuirfear an Clár chun feidhme trí bhíthin cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais. Féadfaidh cláir oibre a bheith ilbhliantúil, i gcás inarb iomchuí. Leagfar amach sna cláir oibre na gníomhaíochtaí agus an buiséad gaolmhar is gá chun cuspóirí an Chláir a chomhlíonadh agus, i gcás inarb infheidhme, an méid foriomlán arna chur i leataobh le haghaidh oibríochtaí measctha.

2.   Glacfaidh an Coimisiún cláir oibre trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 77(4).

3.   Áireofar an méid seo a leanas go háirithe sna cláir oibre:

(a)

méid foriomlán na ranníocaíochta ón Aontas le gach cineál gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 10(1) agus miontuairisc ar gach cineál gníomhaíochta;

(b)

maidir le gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagail 11 agus 12, íosmhéid airgeadais na ngníomhaíochtaí;

(c)

maidir le gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 12, líon uasta na n-eintiteas dlítheanach atá ina gcuid den chuibhreannas, nach mó an líon sin ná 15 cinn;

(d)

an nós imeachta chun meastóireacht a dhéanamh ar thograí agus chun iad a roghnú, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, tuairisc ar na garspriocanna, atá ceaptha ar bhealach ina léirítear an dul chun cinn suntasach atá déanta maidir le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí, na torthaí atá le baint amach agus na méideanna gaolmhara atá le heisíoc, chomh maith leis na socruithe chun na garspriocanna a fhíorú, na coinníollacha a chomhlíonadh agus torthaí a bhaint amach;

(e)

méid foriomlán na ranníocaíochta ón Aontas le soláthar comhpháirteach le tacaíocht ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagail 15(1), pointe (a), Airteagal 15 (3), Airteagal 16 agus Airteagal 17; agus

(f)

na modhanna chun an cistiú a chinneadh agus, i gcás inarb infheidhme, an cistiú a choigeartú.

4.   Agus cláir oibre á nglacadh aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an gá atá le comhleanúnachas le cláir agus ionstraimí ábhartha eile de chuid an Aontais.

5.   Féadfar a chumhdach leis an imchlúdach airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 3(1) soláthar comhpháirteach dá dtagraítear in Airteagal 15(1), pointe (a), nach rachaidh thar na codanna den chonradh maidir le costais neamh-athfhillteacha, lena n-áirítear acmhainneachtaí monaraíochta a fhorchoimeád.

CAIBIDIL III

AN IONSTRAIM UM THACAÍOCHT DON ÚCRÁIN

ROINN 1

FORÁLACHA GINEARÁLTA IS INFHEIDHME MAIDIR LEIS AN IONSTRAIM UM THACAÍOCHT DON ÚCRÁIN

Airteagal 22

Cuspóirí

1.   Rannchuideoidh an Ionstraim um Thacaíocht don Úcráin le téarnamh, atógáil agus nuachóiriú BTTC na hÚcráine d’fhonn a hullmhacht thionsclaíoch i réimse na cosanta a mhéadú, agus a chomhtháthú féideartha amach anseo in BTTCE á chur san áireamh, trí chomhar idir an tAontas agus an Úcráin, agus ar an gcaoi sin cobhsaíocht fhrithpháirteach, slándáil, síocháin, rathúnas, athléimneacht agus inbhuanaitheacht a fheabhsú.

2.   An cuspóir a leagtar amach i mír 1, saothrófar é agus béim á leagan ar fheabhas a chur ar an gcomhar trasteorann idir BTTCE agus BTTC na hÚcráine, agus riachtanais na hÚcráine maidir le hatreisiú tionsclaíoch i réimse na cosanta agus maidir le soláthar trealaimh cosanta á gcur san áireamh, trí acmhainneachtaí monaraíochta a chruthú nó borradh a chur fúthu i gcomhréir le caighdeáin ECAT agus caighdeáin ábhartha eile, sócmhainní a chosaint, cúnamh teicniúil agus pearsanra a chomh-mhalartú, an comhar a mhéadú maidir le soláthar comhoibríoch táirgí cosanta lena mbaineann an Úcráin agus BTTC na hÚcráine, lena n-áirítear a gcothabháil, agus an comhar maidir le táirgeadh ceadúnaithe trí chomhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí nó cineálacha eile comhair, amhail comhfhiontair. Tabharfar aird ar leith ar an gcuspóir tacú leis an Úcráin ailíniú de réir a chéile le rialacha, le caighdeáin, le beartais agus le cleachtais an Aontais d’fhonn ballraíocht a bhaint amach san Aontas amach anseo.

Airteagal 23

Acmhainní airgeadais breise

1.   Féadfaidh na Ballstáit, institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais, tríú tíortha, eagraíochtaí idirnáisiúnta, institiúidí idirnáisiúnta airgeadais nó tríú páirtithe eile, ranníocaíochtaí airgeadais breise a chur ar fáil don Ionstraim um Thacaíocht don Úcráin i gcomhréir le hAirteagal 208(2) den Rialachán Airgeadais. Ioncam sannta seachtrach a bheidh sna ranníocaíochtaí airgeadais sin de réir bhrí Airteagal 21(2), pointe (a), (d) nó (e), nó Airteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais.

2.   Is é a bheidh in aon mhéid breise a fhaightear faoi chomhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2025/1106 ioncam sannta seachtrach de réir bhrí Airteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais agus úsáidfear le haghaidh na hIonstraime um Thacaíocht don Úcráin é i gcomhréir leis an Rialachán seo.

3.   Aon mhéid breise a fhaightear faoi bhearta sriantacha ábhartha an Aontais, is ioncam sannta seachtrach a bheidh sa mhéid sin de réir bhrí Airteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais agus úsáidfear é le haghaidh gníomhaíochtaí lena n-atreisítear BTTC na hÚcráine.

4.   Maidir le hacmhainní arna leithdháileadh ar Bhallstáit faoi bhainistíocht roinnte, féadfar, arna iarraidh sin ag an mBallstáit lena mbaineann, iad a aistriú chuig an Ionstraim um Thacaíocht don Úcráin, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Rialachán (AE) 2021/1060. Cuirfidh an Coimisiún na hacmhainní sin chun feidhme go díreach i gcomhréir le hAirteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (a) den Rialachán Airgeadais nó go hindíreach i gcomhréir le pointe (c) den fhomhír sin. Úsáidfear na hacmhainní sin chun leas an Bhallstáit lena mbaineann.

5.   Maidir leis na méideanna arna ranníoc i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit lena mbaineann cinntí a dhéanamh maidir le cion na méideanna sin atá le cur ar fáil do na heintitis uile atá incháilithe le haghaidh cistiú faoin Rialachán seo, nach gcuirfear ar fáil iad ach chun tairbhe na mBallstát lena mbaineann, nó iad a chur ar fáil chun tairbhe na mBallstát eile nó na hÚcráine.

6.   I gcás nach bhfuil gealltanas dlíthiúil tugtha ag an gCoimisiún faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach le haghaidh acmhainní arna n-aistriú i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo agus ar a dhéanaí faoin 31 Nollaig 2028, féadfar na hacmhainní comhfhreagracha nár gealladh a aistriú ar ais chuig clár foinseach ábhartha amháin nó níos mó, arna iarraidh sin don Bhallstát lena mbaineann, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach de Rialachán (AE) 2021/1060.

Airteagal 24

Cistiú malartach, comhcheangailte agus carnach

1.   Cuirfear an Ionstraim um Thacaíocht don Úcráin chun feidhme i sineirge le cláir eile de chuid an Aontais. Gníomhaíocht ar tugadh ranníocaíocht di ó chlár eile de chuid an Aontais, féadfar ranníocaíocht a thabhairt di faoin Ionstraim um Thacaíocht don Úcráin freisin, ar choinníoll nach gcumhdaítear na costais chéanna leis na ranníocaíochtaí sin. Beidh feidhm ag rialacha chlár ábhartha an Aontais maidir leis an ranníocaíocht chomhfhreagrach, nó d’fhéadfaí sraith aonair rialacha aon cheann de chláir an Aontais is ranníocóirí a chur i bhfeidhm maidir leis na ranníocaíochtaí uile, agus d’fhéadfaí gealltanas dlíthiúil aonair a thabhairt i gcrích. Ní sháróidh an tacaíocht charnach ó bhuiséad an Aontais na costais incháilithe iomlána a bhaineann leis an ngníomhaíocht, agus féadfar í a ríomh ar bhonn pro rata i gcomhréir leis na doiciméid ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht a fháil.

2.   Chun Séala Barr Feabhais a fháil faoin Ionstraim, comhlíonfaidh na gníomhaíochtaí na coinníollacha seo a leanas uile:

(a)

rinneadh measúnú orthu i nglao ar thograí faoin Ionstraim um Thacaíocht don Úcráin;

(b)

comhlíonann siad na híoscheanglais cháilíochta a bhaineann leis an nglao sin ar thograí;

(c)

níl siad le maoiniú faoin nglao sin ar thograí i ngeall ar shrianta buiséadacha.

3.   I gcomhréir le forálacha ábhartha Rialachán (AE) 2021/1060, féadfaidh CFRE nó CSE+ tacaíocht a thabhairt do thograí a chuirtear isteach de thoradh glao ar thograí faoin Ionstraim um Thacaíocht don Úcráin, agus ar bronnadh Séala Barr Feabhais orthu.

Airteagal 25

Cur chun feidhme agus foirmeacha cistiúcháin ón Aontas

1.   Cuirfear an Ionstraim um Thacaíocht don Úcráin chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais nó faoi bhainistíocht indíreach le heintitis dá dtagraítear in Airteagal 62(1), pointe (c), den Rialachán Airgeadais.

2.   Gan dochar d’Airteagal 33(3) den Rialachán seo, féadfar cistiú ón Aontas a chur ar fáil in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais i gcomhréir le Teideal X de, cé is moite d’oibríochtaí measctha faoin gclár InvestEU.

3.   I gcás gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 12(1), pointe (d) den Rialachán seo a fhaigheann cistiú ón Aontas i bhfoirm deontas faoin Ionstraim um Thacaíocht don Úcráin agus a dhéanann brabús, beidh an Coimisiún i dteideal an céatadán den bhrabús a aisghabháil a chomhfhreagraíonn don ranníocaíocht ón Aontas leis na costais incháilithe arna dtabhú iarbhír ag an tairbhí a bhfuil an ghníomhaíocht á déanamh aige, suas le méid deiridh na ranníocaíochta ón Aontas. De mhaolú ar Airteagal 195(2) den Rialachán Airgeadais, ríomhfar an brabús le barrachas na bhfáltas roinnte ar chostais incháilithe iomlána na gníomhaíochta, i gcás ina bhfuil fáltais teoranta do chistiú ón Aontas, do chistiú ó na Ballstáit lena n-áirítear soláthar, d’ioncam eile a ghintear le linn na gníomhaíochta agus d’aon ioncam a eascraíonn as an ngníomhaíocht. Féadfar tuilleadh mionsonraí a leagan amach sna cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 34 den Rialachán seo.

4.   De mhaolú ar Airteagal 196(2) den Rialachán Airgeadais, féadfar a chumhdach le ranníocaíochtaí airgeadais, i gcás inarb ábhartha agus inar gá chun gníomhaíocht a chur chun feidhme, gníomhaíochtaí ar cuireadh tús leo agus na costais a tabhaíodh roimh an dáta a cuireadh isteach an togra le haghaidh na ngníomhaíochtaí sin, ar choinníoll nár cuireadh tús leis na gníomhaíochtaí sin roimh an 5 Márta 2024 agus nár tugadh chun críche iad sular síníodh an comhaontú deontais.

Airteagal 26

Eintitis dhlítheanacha incháilithe

1.   Ní bheidh ach eintitis dhlítheanacha atá bunaithe san Aontas nó san Úcráin agus a bhfuil a struchtúir bainistíochta feidhmiúcháin san Aontas nó san Úcráin incháilithe chun bheith ina bhfaighteoirí cistithe ón Aontas faoin Rialachán seo.

Eintitis dhlítheanacha atá bunaithe i limistéir na hÚcráine nach bhfuil faoi rialú an rialtais, ní bheidh siad incháilithe le haghaidh cistithe faoin Rialachán seo.

2.   Beidh feidhm ag na critéir incháilitheachta a leagtar amach i míreanna 3 go 9 den Airteagal seo i dteannta na gcritéar a leagtar amach i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

3.   Maidir le bonneagar, saoráidí, sócmhainní agus acmhainní faighteoirí cistithe ón Aontas atá rannpháirteach i ngníomhaíocht agus a úsáidtear chun críocha na gníomhaíochta sin, beidh siad lonnaithe ar chríoch Ballstáit nó ar chríoch na hÚcráine ar feadh thréimhse iomlán na gníomhaíochta.

4.   De mhaolú ar mhír 3 den Airteagal seo, i gcás nach bhfuil aon rogha malartach ná bonneagar, saoráidí, sócmhainní agus acmhainní ábhartha ar fáil go héasca san Aontas nó san Úcráin d’fhaighteoirí cistithe ón Aontas a bhfuil baint acu le gníomhaíocht, féadfaidh siad úsáid a bhaint as a mbonneagar, a saoráidí, a sócmhainní nó a n-acmhainní atá lonnaithe nó i seilbh acu lasmuigh de chríoch na mBallstát nó i dtríú tír seachas an Úcráin, ar choinníoll nach sáróidh an úsáid sin leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus a mBallstát, lena n-áirítear urraim do phrionsabal an dea-chaidrimh comharsanachta, agus go bhfuil sí i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 22. Na costais a bhaineann le gníomhaíochtaí ina n-úsáidtear bonneagar, saoráidí, na sócmhainní nó acmhainní den sórt sin, ní bheidh siad incháilithe le haghaidh tacaíocht ón Ionstraim um Thacaíocht don Úcráin.

5.   Chun críocha gníomhaíochta a fhaigheann tacaíocht ón Ionstraim um Thacaíocht don Úcráin, ní bheidh faighteoirí cistithe ón Aontas faoi réir rialú ag tríú tír neamhchomhlachaithe seachas an Úcráin nó ag eintiteas de chuid tríú tír eile.

6.   De mhaolú ar mhír 5 den Airteagal seo, eintiteas dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus atá á rialú ag tríú tír neamhchomhlachaithe seachas an Úcráin nó ag eintiteas de chuid tríú tír eile, beidh sé incháilithe le cistiú ón Aontas a fháil má chuirtear ráthaíochtaí arna bhformheas i gcomhréir le nósanna imeachta náisiúnta Ballstáit ina bhfuil sé bunaithe, amhail bearta leordhóthanacha de bhun scagadh, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2019/452, ar fáil don Choimisiún.

Tabharfar dearbhuithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo leis na ráthaíochtaí sin nach sáróidh rannpháirtíocht i ngníomhaíocht de chuid eintiteas dlítheanach dá dtagraítear san fhomhír sin leasanna slándála agus cosanta an Aontais ná a Bhallstát mar a bhunaítear faoi chuimsiú CBES de bhun Theideal V CAE, lena n-áirítear urraim do phrionsabal an dea-chaidrimh comharsanachta ná na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 22 den Rialachán seo. Go háirithe, tabharfaidh na ráthaíochtaí sin le fios go bhfuil bearta i bhfeidhm, chun críoch gníomhaíochta, chun an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

ní fheidhmítear rialú an eintitis dhlítheanaigh ar bhealach lena gcuirfí srian nó teorainn lena chumas an ghníomhaíocht a dhéanamh agus torthaí a bhaint amach, lena gcuirfí teorainn lena bhonneagar, saoráidí, sócmhainní, acmhainní, maoin intleachtúil nó fios gnó is gá chun críocha na gníomhaíochta, nó lena mbainfí dá chumais agus de na caighdeáin is gá chun an ghníomhaíocht a dhéanamh;

(b)

cuirtear cosc ar rochtain ag tríú tír neamhchomhlachaithe seachas an Úcráin nó ag eintiteas eile de chuid tríú tír ar fhaisnéis rúnaicmithe nó íogair a bhaineann leis an ngníomhaíocht agus go bhfuil imréiteach slándála náisiúnta arna eisiúint ag Ballstát, ag tír chomhlachaithe nó ag an Úcráin ag na fostaithe nó ag na daoine eile a bhfuil baint acu leis an ngníomhaíocht, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir le dlíthe agus rialacháin náisiúnta;

(c)

maidir le húinéireacht maoine intleachtúla a eascraíonn as gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 27(1), pointe (b), a bhaineann le gníomhaíochtaí atreisithe thionsclaíoch lena gcothaítear tionsclú agus tráchtálú táirgí cosanta agus arna ndéanamh faoi chuimsiú gníomhaíochtaí arna gcistiú ag an Aontas nó gníomhaíochtaí comhair eile a dhéantar le tacaíocht ó na Ballstáit, níl sí faoi réir a srianta ag tríú tír neamhchomhlachaithe seachas an Úcráin nó ag eintiteas tríú tír eile ná ní aistrítear í chuig eintitis atá bunaithe lasmuigh de chríoch na mBallstát, na dtíortha comhlachaithe nó na hÚcráine, gan formheas an Bhallstáit nó na tíre comhlachaithe ina bhfuil an t-eintiteas dlítheanach bunaithe nó, i gcás ina bhfuil an t-eintiteas bunaithe san Úcráin, formheas na hÚcráine. Ní sháróidh an formheas sin na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 22.

Má mheasann an Ballstát ina bhfuil an t-eintiteas dlítheanach bunaithe gurb iomchuí é, féadfar ráthaíochtaí breise a chur ar fáil.

Cuirfidh an Coimisiún an coiste dá dtagraítear in Airteagal 77 ar an eolas faoi aon eintiteas dlítheanach eile a mheasfar a bheith incháilithe le cistiú ón Aontas a fháil i gcomhréir leis an mír seo.

7.   Féadfaidh na ráthaíochtaí dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo a bheith bunaithe ar theimpléad caighdeánaithe arna sholáthar ag an gCoimisiún, le cabhair ón gcoiste dá dtagraítear in Airteagal 77, chun cur chuige comhchuibhithe ar fud an Aontais a áirithiú.

8.   Agus gníomhaíocht incháilithe á déanamh ag faighteoirí, féadfaidh siad comhoibriú freisin le heintitis dhlítheanacha atá bunaithe lasmuigh de chríoch na mBallstát nó na hÚcráine, nó atá á rialú ag tríú tír neamhchomhlachaithe seachas an Úcráin nó ag eintiteas de chuid tríú tír eile, lena n-áirítear trí shócmhainní, bonneagar, saoráidí agus acmhainní na n-eintiteas dlítheanach sin a úsáid, ar choinníoll nach sáraítear le húsáid den sórt sin leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus a Bhallstát, lena n-áirítear urraim do phrionsabal an dea-chaidrimh chomharsanúil, ná na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 22.

Ní bheidh aon rochtain neamhúdaraithe ag tríú tír neamhchomhlachaithe seachas ag an Úcráin nó ag eintiteas de chuid tríú tír eile ar fhaisnéis rúnaicmithe a bhaineann le cur i ngníomh na gníomhaíochta agus seachnófar éifeachtaí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ann ar shlándáil sholáthar na n-ionchur atá riachtanach don ghníomhaíocht.

Na costais a bhaineann le comhar le heintitis dhlítheanacha atá bunaithe lasmuigh de chríoch na mBallstát nó na hÚcráine, nó atá á rialú ag tríú tír neamhchomhlachaithe seachas an Úcráin nó ag eintiteas de chuid tríú tír eile, ní bheidh siad incháilithe chun tacaíocht a fháil ón Ionstraim um Thacaíocht don Úcráin.

9.   Ní bheidh feidhm ag míreanna 5 agus 6 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

údaráis chonarthacha na mBallstát agus na hÚcráine;

(b)

eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(c)

SCAEnna;

(d)

an GEC.

ROINN 2

GNÍOMHAÍOCHTAÍ INCHÁILITHE

Airteagal 27

Gníomhaíochtaí incháilithe

1.   Le gníomhaíochtaí atá incháilithe chun cistiú a fháil faoin Ionstraim um Thacaíocht don Úcráin, cuirfear chun feidhme na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 22 agus féadfaidh siad a bheith i gceann de na foirmeacha seo a leanas, nó teaglaim díobh:

(a)

gníomhaíochtaí soláthair chomhoibríoch dá dtagraítear in Airteagal 11, lena n-áirítear chun comhthiomsuithe ullmhachta tionsclaíche i réimse na cosanta a bhunú, a bhainistiú agus a chothabháil;

(b)

gníomhaíochtaí atreisithe thionsclaíoch dá dtagraítear in Airteagal 12;

(c)

gníomhaíochtaí tacaíochta dá dtagraítear in Airteagal 13.

2.   Ní bheidh na gníomhaíochtaí seo a leanas incháilithe chun cistiú a fháil faoin Ionstraim um Thacaíocht don Úcráin:

(a)

gníomhaíochtaí a bhaineann le táirgí cosanta a bhfuil toirmeasc orthu faoin dlí idirnáisiúnta is infheidhme;

(b)

gníomhaíochtaí a bhaineann le córais uathrialacha mharfacha a oibríonn lasmuigh de shlabhra freagrach ceannais agus rialaithe dhaonna nó nach féidir a úsáid i gcomhréir leis an dlí daonnúil idirnáisiúnta;

(c)

gníomhaíochtaí a bhaineann le cnuasmhuinisin;

(d)

gníomhaíochtaí, nó codanna díobh, atá á maoiniú go hiomlán cheana féin ó fhoinsí poiblí nó príobháideacha eile.

3.   I gcás soláthar a dhéantar de bhun mhír 1, pointí (a) agus (c), a dtacaítear leo le cistiú ón Aontas, ní bheidh costas na gcomhpháirteanna, de thionscnamh lasmuigh den Aontas agus den Úcráin, níos airde ná 35 % de chostas measta chomhpháirteanna an táirge deiridh. Ní bhfaighfear aon chomhpháirt ó thríú tíortha a sháraíonn leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus a Bhallstát.

4.   I gcás gníomhaíochtaí a dhéantar de bhun mhír 1, pointe (b), ní bheidh costas na gcomhpháirteanna de thionscnamh lasmuigh den Aontas agus den Úcráin agus de thíortha comhlachaithe níos airde ná 35 % de chostas measta chomhpháirteanna an táirge a dtacaíonn cistiú ón Aontas leis an méadú ar a n-acmhainneacht táirgeachta. Ní bhfaighfear ó thríú tíortha a sháraíonn leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus a Bhallstáit aon chomhpháirt den táirge a dtacaíonn cistiú ón Aontas lena acmhainneacht táirgeachta.

5.   Beidh sé de chumas ag faighteoirí cistithe ón Aontas nó, i gcás inarb ábhartha, ag conraitheoirí cinneadh a dhéanamh, gan srianta arna bhforchur ag tríú tíortha neamhchomhlachaithe seachas an Úcráin nó ag eintiteas de chuid tríú tír eile, maidir le sainmhíniú, oiriúnú agus éabhlóid dhearadh na dtáirgí cosanta lena mbaineann, lena n-áirítear an t-údarás dlíthiúil chun comhpháirteanna atá faoi réir srianta arna bhforchur ag tríú tíortha neamhchomhlachaithe seachas an Úcráin nó ag eintiteas de chuid tríú tír eile a ionadú nó a bhaint.

6.   Gan dochar d’Airteagal 5 de Threoir 2009/43/CE, féadfaidh na Ballstáit ceadúnais aistrithe ghinearálta a fhoilsiú chun táirgí a bhaineann le gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ón Ionstraim um Thacaíocht don Úcráin a aistriú chuig Ballstáit eile.

7.   Maidir le gníomhaíochtaí atá incháilithe chun cistiú a fháil faoin Ionstraim um Thacaíocht don Úcráin is í an Úcráin nó eintiteas dlítheanach amháin ar a laghad atá bunaithe agus a bhfuil a struchtúr bainistíochta feidhmiúcháin san Úcráin a dhéanfaidh iad, nó beidh an Úcráin nó eintiteas dlítheanach amháin ar a laghad rannpháirteach iontu.

8.   Chun críocha na Caibidle seo, tuigfear go n-áirítear an Úcráin leis na tagairtí do na Ballstáit in Airteagail 11, 12, 13 agus 38. Ní bheidh feidhm ag tagairtí do thíortha comhlachaithe in Airteagail 11, 12, 13 agus 38 maidir leis an gcaibidil seo. Chun críocha na Caibidle seo, tuigfear gur d’Airteagal 26 a thagraíonn na tagairtí d’Airteagal 9 atá in Airteagal 11 agus tuigfear gur de mhír 5 den Airteagal seo a thagraíonn na tagairtí d’Airteagal 10(5) atá in Airteagal 12.

ROINN 3

SOLÁTHAR

Airteagal 28

Soláthar le tacaíocht ón gCoimisiún

1.   De mhaolú ar Airteagal 168(2) den Rialachán Airgeadais, féadfaidh an Úcráin, in éineacht le Ballstát amháin ar a laghad, a iarraidh ar an gCoimisiún dul i mbun soláthar comhpháirteach dá dtagraítear in Airteagal 168(2) den Rialachán Airgeadais, trína bhféadfaidh na Ballstáit agus an Úcráin na táirgí cosanta arna soláthar go comhpháirteach a fháil, a fháil ar cíos nó a léasú go hiomlán. Beidh feidhm ag na coinníollacha eile a leagtar amach in Airteagal 168(2) den Rialachán Airgeadais maidir leis an soláthar comhpháirteach sin.

2.   De mhaolú ar Airteagal 168(3) den Rialachán Airgeadais, féadfaidh an Úcráin a iarraidh, in éineacht le Ballstát amháin ar a laghad, ar an gCoimisiún gníomhú mar chomhlacht lárnach ceannaigh dá dtagraítear in Airteagal 168(3) den Rialachán Airgeadais chun táirgí cosanta a sholáthar thar a gceann nó ina n-ainm. Beidh feidhm ag na coinníollacha atá coibhéiseach leo siúd a leagtar amach in Airteagal 168(3) den Rialachán Airgeadais i gcás ina ngníomhaíonn an Coimisiún mar chomhlacht lárnach ceannaigh.

3.   Agus iad ag iarraidh ar an gCoimisiún gníomhú i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, measfar gur chomhlíon údaráis chonarthacha na mBallstát na ceanglais a leagtar síos i dTreoir 2009/81/CE.

4.   Anuas ar na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán Airgeadais, comhlíonfaidh an nós imeachta soláthair dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2-a den Airteagal seo na coinníollacha seo a leanas freisin:

(a)

beidh rannpháirtíocht sa nós imeachta soláthair oscailte do na Ballstáit uile;

(b)

iarrann an Coimisiún ar shaineolaí amháin ar a laghad as gach tír rannpháirteach agus ag a bhfuil taithí atá ábhartha don chaibidlíocht comhfhoireann caibidlíochta a bhunú;

(c)

luann na tíortha rannpháirteacha go sainráite an gcinneann siad próisis chaibidlíochta chomhthreomhara a reáchtáil don táirge lena mbaineann, agus beidh an cinneadh sin faoi réir formheas d’aon toil ó na tíortha rannpháirteacha.

5.   I gcás ina ngníomhaíonn an Coimisiún mar chomhlacht lárnach ceannaigh de bhun mhír 2, féadfaidh sé, mar chuid den soláthar, comhpháirteanna agus amhábhair a sholáthar is gá chun táirgí cosanta a sholáthar chun cúltacaí straitéiseacha ó thíortha rannpháirteacha a thógáil, lena n-áirítear stoc-charnadh.

6.   I gcás ina mbeidh údar cuí leis mar gheall ar fhíorphráinn an cháis, féadfaidh an Coimisiún, de mhaolú ar Airteagal 175(1) den Rialachán Airgeadais, seachadadh táirgí a iarraidh ón dáta a sheolfar na dréachtchonarthaí a eascraíonn as an soláthar a dhéantar chun críocha an Rialacháin seo.

7.   Chun comhaontuithe ceannaigh a dhéanamh le hoibreoirí eacnamaíocha, féadfaidh ionadaithe ón gCoimisiún, nó saineolaithe arna n-ainmniú ag an gCoimisiún, cuairteanna ar an láthair a dhéanamh i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta ábhartha ag suíomhanna saoráidí táirgthe na dtáirgí cosanta ábhartha.

8.   Beidh an tAirteagal seo gan dochar do rialacha an Aontais agus do na rialacha náisiúnta atá ann cheana lena rialaítear úinéireacht, onnmhairiú agus aistriú táirgí cosanta.

9.   Áiritheoidh an Coimisiún go gcaitear go comhionann leis na tíortha atá rannpháirteach nuair a bhíonn na nósanna imeachta soláthair á ndéanamh agus na comhaontuithe a eascraíonn astu á gcur chun feidhme.

10.   De bhreis ar na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán Airgeadais, beidh feidhm ag critéir atá coibhéiseach leo siúd a leagtar síos in Airteagal 26(1), (3) agus (4) den Rialachán seo freisin maidir le tairgeoirí, conraitheoirí agus fochonraitheoirí i gconarthaí a eascraíonn as an soláthar a dhéantar de bhun an Airteagail seo.

11.   I gcás soláthar a dhéantar de bhun mhír 1 den Airteagal seo, beidh feidhm ag na rialacha a leagtar amach in Airteagal 27(3) agus (5) iad.

Airteagal 29

Réamhcheannach táirgí cosanta

1.   Féadfaidh an soláthar comhpháirteach dá dtagraítear in Airteagal 28 a bheith i bhfoirm comhaontuithe réamhcheannaigh maidir le táirgí cosanta arna gcaibidil agus arna dtabhairt i gcrích in ainm nó thar ceann na dtíortha rannpháirteacha. Féadfar sásra réamhíocaíochta a áireamh sna comhaontuithe sin chun na táirgí sin a tháirgeadh i gcomaoin ar an gceart chun an toraidh, rud nach sáróidh na codanna den chonradh maidir le costais neamh-athfhillteacha, lena n-áirítear cur i leataobh acmhainneachtaí monaraíochta.

2.   I gcás ina n-áirítear sásra réamhíocaíochta sna comhaontuithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, cumhdófar an íocaíocht tosaigh leis an gconraitheoir leis an gclúdach airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 3(2). Cuirfear ranníocaíochtaí na dtíortha rannpháirteacha dá dtagraítear in Airteagal 23 san áireamh i dtéarmaí comhionanna in aghaidh na hítime arna n-ordú ag na tíortha rannpháirteacha.

3.   I gcásanna inar mó na méideanna caibidlithe ná an t-éileamh, bunóidh an Coimisiún, arna iarraidh sin do na tíortha rannpháirteacha lena mbaineann, sásra lena ndéantar ath-leithdháileadh ar na stoc-chairn náisiúnta nó lena mbunaítear comhthiomsuithe ullmhachta tionsclaíche i réimse na cosanta.

Airteagal 30

Comhaontuithe ceannaithe táirgí a éascú

1.   Bunóidh an Coimisiún córas chun tabhairt i gcrích comhaontuithe ceannaithe táirgí a bhaineann le borradh tionsclaíoch a chur faoi acmhainneachtaí monaraíochta BTTC na hÚcráine a éascú, idir na Ballstáit agus an Úcráin ar thaobh amháin agus oibreoirí eacnamaíocha BTTC na hÚcráine ar an taobh eile, i gcomhréir le rialacha iomaíochta agus soláthair an Aontais. Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh cosc ar rochtain a bheith ag tríú tír neamhchomhlachaithe seachas an Úcráin nó ag eintiteas de chuid tríú tír eile ar fhaisnéis aicmithe nó íogair a bhaineann leis an ngníomhaíocht agus go bhfuil imréiteach náisiúnta slándála ag na fostaithe nó ag daoine eile a bhfuil baint acu leis an ngníomhaíocht ar imréiteach arna eisiúint ag Ballstát, ag tír chomhlachaithe nó ag an Úcráin é.

2.   Leis an gcóras dá dtagraítear i mír 1, ceadófar do na Ballstáit leasmhara agus don Úcráin tairiscintí ar tháirgí cosanta a dhéanamh lena léireofar an méid seo a leanas:

(a)

an méid agus an cháilíocht;

(b)

an praghas nó an raon praghsanna atá beartaithe;

(c)

an fad a bheartaítear don chomhaontú ceannaithe táirgí.

3.   Ceadóidh an córas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo do mhonaróirí táirgí cosanta a chomhlíonann na critéir is comhionann leo sin a leagtar amach in Airteagal 26(1), (3) agus (4) tairiscintí a dhéanamh ina léireofar an méid seo a leanas:

(a)

méid agus cáilíocht na dtáirgí cosanta a bhfuil siad ag iarraidh comhaontuithe ceannaithe táirgí a thabhairt i gcrích ina leith;

(b)

an praghas nó an raon praghsanna a bheartaítear faoina mbeidís sásta díolachán a dhéanamh;

(c)

aga seachadta measta na dtáirgí cosanta atá faoi chuimsiú an chomhaontaithe ceannaithe táirgí;

(d)

an fad a bheartaítear don chomhaontú ceannaithe táirgí.

4.   Bunaithe ar na tairiscintí a fhaightear de bhun mhíreanna 2 agus 3, cuirfidh an Coimisiún monaróirí ábhartha táirgí cosanta i dteagmháil leis na Ballstáit leasmhara agus leis an Úcráin.

5.   Tar éis na teagmhála dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, féadfaidh an Úcráin agus Ballstáit leasmhara a iarraidh ar an gCoimisiún dul i mbun nós imeachta soláthair chomhpháirtigh nó nós imeachta soláthair ina n-ainm nó thar a gceann de bhun Airteagal 28.

6.   Féadfaidh an t-imchlúdach airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 3(2) na codanna den chonradh maidir le costais neamh-athfhillteacha, lena n-áirítear cur i leataobh acmhainneachtaí monaraíochta a chumhdach.

ROINN 4

CRITÉIR DHÁMHACHTANA AGUS CLÁIR OIBRE

Airteagal 31

Critéir dhámhachtana

1.   Déanfar meastóireacht ar thograí le haghaidh gníomhaíochtaí i bhfianaise na gcuspóirí arna leagan síos le haghaidh na gníomhaíochta ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 22, na dtorthaí a bhfuil coinne leo don ghníomhaíocht ábhartha, agus cháilíocht agus éifeachtúlacht a chur chun feidhme.

2.   Chomh maith leis na critéir a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, féadfar meastóireacht a dhéanamh ar thograí le haghaidh gníomhaíochtaí soláthair chomhoibríoch dá dtagraítear in Airteagal 11 bunaithe ar na critéir seo a leanas:

(a)

luach measta an tsoláthair chomhoibríoch;

(b)

rannchuidiú na gníomhaíochta le téarnamh, atógáil agus nuachóiriú BTTC na hÚcráine;

(c)

rannchuidiú na gníomhaíochta le dlús a chur le soláthar táirgí cosanta agus le hagaí táirgthe agus seachadta le haghaidh táirgí cosanta a laghdú.

3.   Chomh maith leis na critéir a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, féadfar meastóireacht a dhéanamh ar thograí le haghaidh gníomhaíochtaí atreisithe thionsclaíoch dá dtagraítear in Airteagal 12 bunaithe ar na critéir seo a leanas:

(a)

laghdú ar an aga tionscanta táirgeachta agus méadú ar an acmhainneacht táirgeachta san Úcráin;

(b)

an rannchuidiú le hinfhaighteacht agus soláthar tráthúil táirgí cosanta a áirithiú ar fud na hÚcráine;

(c)

an rannchuidiú le comhar trasteorann tionsclaíoch i réimse na cosanta idir an Úcráin agus an tAontas.

4.   Leagfar síos sna cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 34 tuilleadh sonraí maidir le cur i bhfeidhm na gcritéar dámhachtana, lena n-áirítear aon ualú atá le cur i bhfeidhm. Ní shocrófar tairseacha aonair leis na cláir oibre.

5.   Féadfaidh saineolaithe seachtracha neamhspleácha cúnamh a thabhairt don choiste meastóireachta i gcomhréir le hAirteagal 153(3) den Rialachán Airgeadais. Féadfar a shonrú sna cláir oibre go bhfuil ceangal ar na saineolaithe sin imréiteach slándála pearsanta bailí a bheith acu.

Airteagal 32

Nós imeachta meastóireachta agus dámhachtana

Cé is moite de ghníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 11, agus Airteagal 13(1), pointe (g), pointe (f), déanfaidh an Coimisiún an cistiú faoin gCaibidil seo a dhámhachtain trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 77(4).

Airteagal 33

Ranníocaíocht airgeadais ón Aontas

1.   I gcás ina mbeidh ranníocaíocht an Aontais i bhfoirm deontas, de bhun Airteagal 193(3) den Rialachán Airgeadais, féadfaidh an Ionstraim um Thacaíocht don Úcráin suas le 100 % de na costais incháilithe le haghaidh gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 27(1), pointí (b) agus (c) den Rialachán seo, a mhaoiniú.

2.   I gcás ina bhfuil deontas an Aontais i bhfoirm maoiniú nach bhfuil nasctha le costais, féadfar leibhéal na ranníocaíochta ón Aontas le gach gníomhaíocht a bhunú ar thosca ar nós an méid seo a leanas:

(a)

leibhéal castachta an tsoláthair chomhoibríoch, a bhféadfadh cion de luach measta na gníomhaíochta agus an taithí a fuarthas agus gníomhaíochtaí comhchosúla á ndéanamh feidhmiú mar mhéid ionadach ina leith ar dtús;

(b)

rannchuidiú na gníomhaíochta le torthaí idir-inoibritheachta a fheabhsú;

(c)

tréithe na gníomhaíochta ar dócha go n-eascróidh comharthaí infheistíochta fadtéarmaí níos mó astu don tionscal;

(d)

rannchuidiú na gníomhaíochta le borradh a chur faoi na hacmhainneachtaí monaraíochta is gá san Úcráin;

(e)

a chasta atá sé don Úcráin dul chun cinn a dhéanamh leis an bpróiseas aontachais leis an Aontas, lena n-áirítear athchóirithe struchtúracha agus bearta chun cóineasú le rialacha, caighdeáin, beartais agus cleachtais an Aontais a chur chun cinn;

(f)

a chasta atá sé don Úcráin a próisis soláthair cosanta agus an timpeallacht a oiriúnú do thionscal cosanta na hÚcráine, lena n-áirítear chun caighdeáin ECAT agus caighdeáin ábhartha eile a chomhlíonadh;

(g)

an cruatan agus na rioscaí a bhaineann le cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh: an gá atá leis an mbonneagar a ndearnadh damáiste dó le linn an chogaidh sin a atógáil agus a nuachóiriú ar bhealach athléimneach agus an gá leis an díobháil sin a sheachaint, a chosc, nó a laghdú agus, más féidir, a fhritháireamh.

3.   Déanfar gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 27(1), pointe (a) den Rialachán seo a chistiú trí bhíthin deontas i bhfoirm maoiniú nach bhfuil nasctha le costais, de bhun Airteagal 183(3) den Rialachán Airgeadais.

4.   Maidir le gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 27(1), pointe (a), ní rachaidh an tacaíocht ón Ionstraim um Thacaíocht don Úcráin thar 25 % de luach measta an chonartha soláthair chomhoibríoch lena mbaineann.

5.   Leagfar síos tuilleadh sonraí sna cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 34.

Airteagal 34

Cláir oibre

1.   Cuirfear an Ionstraim um Thacaíocht don Úcráin chun feidhme trí bhíthin cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais. Féadfaidh cláir oibre a bheith ilbhliantúil, i gcás inarb iomchuí. Leagfar amach sna cláir oibre na gníomhaíochtaí agus an buiséad gaolmhar is gá chun cuspóirí na hIonstraime um Thacaíocht don Úcráin a bhaint amach.

2.   Glacfaidh an Coimisiún cláir oibre trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 77(4).

3.   Áireofar an méid seo a leanas go háirithe sna cláir oibre:

(a)

méid foriomlán ranníocaíocht an Aontais le gach cineál gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 27(1) agus miontuairisc ar gach cineál gníomhaíochta;

(b)

maidir le gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 27(1), pointí (a) agus (b), íosmhéid airgeadais na ngníomhaíochtaí;

(c)

maidir le gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 27 (1), pointe (b), líon uasta na n-eintiteas dlítheanach atá ina gcuid den chuibhreannas, nach mbeidh níos mó ná 15 eintiteas dhlítheanacha i gceist;

(d)

an nós imeachta chun meastóireacht a dhéanamh ar thograí agus chun iad a roghnú, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, tuairisc ar na garspriocanna, atá ceaptha ar bhealach ina léirítear an dul chun cinn suntasach atá déanta maidir le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí, na torthaí atá le baint amach agus na méideanna gaolmhara atá le heisíoc a léiriú, chomh maith leis na socruithe chun na garspriocanna a fhíorú, na coinníollacha a chomhlíonadh agus torthaí a bhaint amach;

(e)

méid foriomlán ranníocaíocht an Aontais leis an soláthar comhpháirteach agus tacaíocht ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 28(1), Airteagal 29 agus Airteagal 30; agus

(f)

na modhanna chun an cistiú a chinneadh agus, i gcás inarb infheidhme, an cistiú a choigeartú.

4.   Agus cláir oibre á nglacadh aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an gá atá le comhleanúnachas le cláir agus ionstraimí ábhartha eile de chuid an Aontais.

CAIBIDIL IV

TIONSCADAIL EORPACHA LEASA CHOITINN I RÉIMSE NA COSANTA

Airteagal 35

Tionscadail Eorpacha Leasa Choitinn i réimse na Cosanta

1.   Is é a bheidh sna Tionscadail Eorpacha Leasa Choitinn i réimse na Cosanta (TELCC) tionscadail chomhoibríocha darb aidhm iomaíochas BTTCE a threisiú ar fud an Aontais agus rannchuidiú an tráth céanna le cumais mhíleata na mBallstát atá criticiúil do leasanna slándála agus cosanta an Aontais a fhorbairt, lena n-áirítear na cumais sin lena n-áiritheofar rochtain ar gach réimse oibríochtúil, is é sin réimsí na talún, na mara, an aeir, an spáis agus an cibir-réimse.

2.   Comhlíonfaidh TELCCanna na critéir uile seo a leanas:

(a)

neartóidh siad iomaíochas, éifeachtúlacht agus acmhainneacht nuálaíochta BTTCE go mór, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(i)

rannchuidiú le comhar nua trasteorann a bhunú nó comhar trasteorann atá ann cheana a leathnú, lena n-áirítear le FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe;

(ii)

éifeachtaí seach-iarmharta dearfacha a chruthú sa mhargadh inmheánach;

(iii)

rannchuidiú go suntasach le comhtháthú an mhargaidh agus ilroinnt an mhargaidh a laghdú;

(iv)

idir-inoibritheacht agus idirmhalartacht na dtáirgí cosanta a fheabhsú; agus

(v)

díriú ar na spleáchais straitéiseacha a laghdú, lena n-áirítear trí éagsúlú an tsoláthair, agus trí acmhainneachtaí a mhéadú;

(b)

rannchuidíonn siad le cumais mhíleata na mBallstát a fhorbairt atá ríthábhachtach do leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus tá siad i gcomhréir le cuspóirí an Chompáis Straitéisigh um Shlándáil agus Cosaint, leis na tosaíochtaí maidir le cumas cosanta arna gcomhaontú go comhchoiteann ag na Ballstáit faoi chuimsiú CBES, go háirithe i gcomhthéacs an PFC, agus leis na deiseanna comhoibríocha a sainaithníodh i gcomhthéacs ACBC;

(c)

cuirtear san áireamh iontu comhar na mBallstát faoi chuimsiú PESCO agus tionscnaimh agus tionscadail de chuid GEC;

(d)

cuirtear san áireamh iontu na gníomhaíochtaí ábhartha arna ndéanamh ag ECAT, amhail Próiseas Pleanála Cosanta ECAT i gcás ina bhfónann na gníomhaíochtaí sin do leasanna slándála agus cosanta an Aontais;

(e)

beidh ceithre Bhallstát ar a laghad rannpháirteach iontu agus ní mór fíordheis a thabhairt do gach Ballstát agus do gach tír chomhlachaithe, agus don Úcráin chomh maith, a bheith rannpháirteach san TELCC;

(f)

rachaidh siad chun tairbhe don Aontas ar bhonn forleathan;

(g)

tá siad suntasach go háirithe ó thaobh méide nó raon feidhme de nó beidh sé d’aidhm acu leibhéal suntasach riosca i gcás na teicneolaíochta nó an airgeadais, nó sa dá chás sin, a mhaolú;

(h)

is mó na buntáistí foriomlána a d’fhéadfadh a bheith acu ná na costais a bhaineann leo, lena n-áirítear san fhadtéarma.

3.   Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sainaithneofar TELCCanna.

4.   Déanfaidh na Ballstáit comhordú chun tograí tionscadail a ullmhú le haghaidh TELCCanna féideartha ar bhealach cuimsitheach, agus tacóidh GEC leis i gcás inar gá.

5.   Sula molfaidh sé na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 3, fíoróidh an Coimisiún go gcomhlíonann na tograí tionscadail dá dtagraítear i mír 4 na critéir go léir a liostaítear i mír 2 agus:

(a)

rachaidh sé i gcomhairle leis na Ballstáit ar bhealach cuimsitheach agus cuirfidh sé a dtuairimí agus a dtograí tionscadail maidir le TELCCanna féideartha san áireamh;

(b)

iarrfaidh sé ar an Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (an tArdionadaí) agus ar GEC a gcuid saineolais a chur ar fáil d’fhonn comhsheasmhacht a áirithiú leis na tosaíochtaí agus na cuspóirí dá dtagraítear i mír 2, pointí (b), (c) agus (d) go háirithe na tosaíochtaí maidir le cumas cosanta arna gcomhaontú go comhchoiteann ag na Ballstáit faoi chuimsiú CBES, go háirithe mar a chuirtear in iúl iad go comhpháirteach i gcomhthéacs an PFC, chun an fhaisnéis a chuireann na Ballstáit ar fáil maidir le tograí tionscadail a chomhlánú; agus

(c)

fíoróidh sé gur cuireadh na Ballstáit agus na tíortha comhlachaithe uile, agus, i gcás inarb ábhartha, an Úcráin, ar an eolas go raibh tionscal ag teacht chun cinn agus gur tugadh an deis dóibh a bheith rannpháirteach ann.

6.   Sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 3 déanfaidh an Chomhairle an méid seo a leanas:

(a)

cuspóirí agus saintréithe an TELCC a leagan amach i ndáil leis na critéir a leagtar síos i mír 2;

(b)

liosta na dtíortha atá rannpháirteach sa TELCC a bhunú ar an dáta a glacadh an gníomh cur chun feidhme; agus

(c)

meastachán a dhéanamh ar mhéid foriomlán airgeadais an TELCC.

7.   Glacfaidh an Chomhairle na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 3, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe. Féadfaidh an Chomhairle na tograí tionscadail dá dtagraítear i mír 4 a leasú, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe.

8.   Ní bheidh in imscaradh TELCC atá incháilithe chun cistiú a fháil ón Aontas dá dtagraítear in Airteagal 10(1), pointe (d), ach gníomhaíocht amháin nó níos mó a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(a)

soláthar comhoibríoch táirgí cosanta;

(b)

dlús a chur leis an oiriúnú d’athruithe struchtúracha ar acmhainneacht táirgeachta táirgí cosanta, chomh maith le gníomhaíochtaí tacaíochta gaolmhara;

(c)

forbairt thionsclaíoch táirgí cosanta nua nó uasghrádú táirgí cosanta atá ann cheana;

(d)

an bonneagar is gá a fhorbairt agus a sholáthar.

9.   Áiritheoidh na Ballstáit rannpháirteacha go gcuirfear i bhfeidhm, sna conarthaí a bhaineann le gníomhaíochtaí an TELCC a fhaigheann tacaíocht ó chistiú ón Aontas, na critéir is comhionann leo sin a leagtar amach in Airteagal 9. Maidir le soláthar comhoibríoch na dtáirgí cosanta a fhaigheann tacaíocht ó chistiú ón Aontas faoi TELCCanna, beidh feidhm ag Airteagal 11(6) freisin.

10.   Áiritheoidh na Ballstáit a bheidh rannpháirteach in TELCC go gcomhlíonfaidh gníomhaíochtaí an TELCC, lena n-áirítear gníomhaíochtaí nach bhfaigheann tacaíocht ó chistiú ón Aontas, go gcomhlíonfaidh siad na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 4 agus i mír 1 den Airteagal seo agus nach ndéanfaidh siad difear do chomhlíontacht an TELCC leis na critéir a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo.

11.   Féadfaidh TELCC aghaidh a thabhairt ar fhorbairt na gcumas dé-úsáide don Aontas.

12.   Féadfar TELCC, chomh maith leis na gníomhaíochtaí sonracha lena mbaineann, a bhunú faoi chuimsiú SCAE.

13.   Ní bheidh ach Ballstáit agus tíortha comhlachaithe, chomh maith le SCAE ina bhfuil Ballstáit nó ina bhfuil Ballstáit agus tíortha comhlachaithe, incháilithe chun cistiú a fháil faoi ghníomhaíochtaí TELCC.

14.   Beidh an Coimisiún in ann páirt a ghlacadh sa tionscadal i gcás inarb ábhartha. Féadfaidh na Ballstáit rannpháirteacha cinneadh a dhéanamh ról breathnóra ar TELCC a thabhairt don Ardionadaí agus do GEC.

15.   Féadfaidh na Ballstáit, gan dochar d’Airteagail 107 agus 108 CFAE, scéimeanna tacaíochta a chur i bhfeidhm agus foráil a dhéanamh maidir le tacaíocht riaracháin a thabhairt do TELCCanna.

16.   Féadfar pleanáil, tógáil agus oibriú saoráidí táirgthe a bhaineann le TELCC a mheas mar chúis dhianriachtanach leasa phoiblí sháraithigh de réir bhrí Airteagal 6(4) agus Airteagal 16(1), pointe (c), de Threoir 92/43/CEE ón gComhairle (40) agus Airteagal 4(7) de Threoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (41), ar mhaithe le cosaint de réir bhrí Airteagal 2(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (42), agus ar mhaithe leis an tsláinte agus an tsábháilteacht phoiblí de réir bhrí Airteagal 9(1), pointe (a) de Threoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (43), ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha eile a leagtar amach sna forálacha sin.

17.   Cuirfidh na Ballstáit a bheidh rannpháirteach in TELCC tuarascáil chomhpháirteach faoi bhráid an Choimisiúin ar bhonn bliantúil maidir le cur chun feidhme ghníomhaíochtaí TELCC, lena n-áirítear maidir le comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach i mír 10 den Airteagal seo.

18.   Féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún agus ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun mhír 3 a leasú, lena n-áirítear trí thionscadal a bhaint mar TELCC nó trí athruithe ar na heilimintí a leagtar amach i mír 6 a léiriú.

19.   Beidh an deis ag na Ballstáit agus ag na tíortha comhlachaithe uile, agus an Úcráin, páirt a ghlacadh in TELCC tar éis a bhunaithe, faoi réir fhormheas na mBallstát uile a bheidh rannpháirteach sa TELCC.

CAIBIDIL V

AN SÁSRA EORPACH MAIDIR LE DÍOLACHÁIN MHÍLEATA

Airteagal 36

An Sásra Eorpach maidir le Díolacháin Mhíleata

1.   Chun neart a chur le hiomaíochas BTTCE agus, i gcás inarb ábhartha, iomaíochas BTTC na hÚcráine, go háirithe trí chur le cumas BTTCE chun a áirithiú go mbeidh táirgí cosanta ar fáil go tráthúil agus sna méideanna is gá, bunaítear leis seo Sásra Eorpach maidir le Díolacháin Mhíleata (SDM).

2.   Is é a bheidh sa Sásra Eorpach maidir le Díolacháin Mhíleata an méid seo a leanas:

(a)

Catalóg Eorpach de Tháirgí Cosanta a bhunú;

(b)

an fhéidearthacht comhthiomsuithe ullmhachta tionsclaíche i réimse na cosanta a bhunú, a bhainistiú agus a chothabháil; agus

(c)

bearta a rannchuidíonn leis na nósanna imeachta maidir le soláthar comhoibríoch táirgí cosanta a éascú.

Airteagal 37

An Chatalóg Eorpach um Dhíolacháin Mhíleata

1.   Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le GEC, catalóg láraithe aonair de tháirgí cosanta arna bhforbairt ag BTTCE agus BTTC na hÚcráine (an chatalóg) a bhunú agus a choinneáil cothrom le dáta. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le GEC agus cuirfidh sé a thuairimí san áireamh agus na sonraíochtaí teicniúla don chatalóg á dtarraingt suas aige agus, i gcás inarb iomchuí soláthróidh sé an t-ardán corparáideach TF is gá chun í a bhunú. Iarrfar ar na Ballstáit, ar an Úcráin agus ar na hoibreoirí eacnamaíocha an chatalóg a líonadh ar bhonn deonach.

2.   Déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha na táirgí cosanta atá sa chatalóg seo a mhonarú agus na critéir incháilitheachta a leagtar amach in Airteagal 9(1), (3), agus (4) nó in Airteagal 26(1), (3) agus (4) á n-urramú acu. Ina theannta sin, léireofar sa chatalóg an bhfuil sé ar chumas an oibreora eacnamaíoch cinneadh a dhéanamh, gan srianta arna bhforchur ag tríú tíortha neamhchomhlachaithe nó ag eintitis de chuid tríú tíortha neamhchomhlachaithe, maidir le sainmhíniú, oiriúnú agus éabhlóid dhearadh an táirge cosanta, lena n-áirítear an t-údarás dlíthiúil chun comhpháirteanna nua a chur in ionad comhpháirteanna atá faoi réir srianta arna bhforchur ag tríú tíortha neamhchomhlachaithe nó ag eintitis de chuid tríú tíortha neamhchomhlachaithe nó na comhpháirteanna sin a bhaint. Féadfar an tacaíocht a fhaightear faoin gClár, faoin Ionstraim um Thacaíocht don Úcráin nó faoi Rialachán (AE) 2018/1092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (44), Rialachán (AE) 2021/697 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (45) nó Rialachán (AE) 2023/1525 nó (AE) 2023/2418 a léiriú freisin sa chatalóg.

Airteagal 38

Comhthiomsuithe ullmhachta tionsclaíche i réimse na cosanta

1.   Féadfaidh cuibhreannas ina mbeidh Ballstáit, tíortha comhlachaithe nó an Úcráin nó SCAE, féadfaidh sé comhthiomsuithe ullmhachta tionsclaíche i réimse na cosanta a bhunú, a bhainistiú agus a chothabháil, agus féadfaidh sé iarraidh ar GEC a shaineolas a sholáthar chun na críche sin.

Chun críocha na chéad mhíre, is a bheidh i gcuibhreannas de Bhallstáit, de thíortha comhlachaithe nó an Úcráin trí thír de na tíortha sin ar a laghad, ar Ballstáit iad dhá cheann díobh ar a laghad.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit a bhunóidh comhthiomsú ullmhachta tionsclaíche i réimse na cosanta go gcomhlíonfaidh an chomhthiomsú sin, tar éis a bhunaithe agus le linn a bhainistithe agus a chothabhála, na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 36(1), chomh maith leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 4 agus, i gcás inarb ábhartha, Airteagal 22.

3.   Deonóidh na Ballstáit, na tíortha comhlachaithe agus SCAEnna a bhunaíonn comhthiomsú ullmhachta tionsclaíche i réimse na cosanta ceannach tosaíochta nó rogha úsáide nó léasa do na Ballstáit agus do na tíortha comhlachaithe uile agus don Úcráin le haghaidh táirgí cosanta atá mar chuid den chomhthiomsú tionsclaíoch sin i réimse na cosanta.

4.   I gcás ina mbunaítear comhthiomsú ullmhachta tionsclaíche i réimse na cosanta i gcomhthéacs SCAE, féadfaidh an Clár nó an Ionstraim um Thacaíocht don Úcráin tacaíocht airgeadais a thabhairt don mhéid seo a leanas:

(a)

soláthar comhoibríoch cainníochtaí breise de tháirgí cosanta trí ghníomhaíochtaí soláthair chomhoibríoch arna ndéanamh ag an SCAE i gcomhréir le hAirteagal 11;

(b)

bunú agus feidhmiú an SCAE chun an comhthiomsú ullmhachta tionsclaíche i réimse na cosanta a bhainistiú agus a chothabháil i gcomhréir le hAirteagal 13a(1), pointe (g).

5.   Measfar gur conradh arna dhamhachtain ag rialtas amháin ar rialtas eile é an soláthar, dá dtagraítear in Airteagal 13, pointe (f) de Threoir 2009/81/CE, i gcás ina ndéanann na Ballstáit nó, i gcás inarb infheidhme, tíortha comhlachaithe, ceannach ón gcomhthiomsú ullmhachta tionsclaíche i réimse na cosanta arna bhainistiú ag SCAE.

Airteagal 39

Éascú na mbeart a rannchuidíonn leis na nósanna imeachta maidir le soláthar comhoibríoch táirgí cosanta

I gcás ina ndéanfaidh na Ballstáit comhaontú chun táirgí cosanta a sholáthar go comhpháirteach, féadfaidh siad na rialacha agus na nósanna imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 11(9) agus (10), Airteagal 52 agus Airteagal 53 a chur i bhfeidhm, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach ann.

CAIBIDIL VI

STRUCHTÚR DO CHLÁR ARMÁLA NA HEORPA

Airteagal 40

Cuspóir sonrach agus gníomhaíochtaí Struchtúir do Chlár Armála na hEorpa

1.   Le Struchtúr do Chlár Armála na hEorpa (SCAE), cothófar iomaíochas BTTCE agus, i gcás inarb ábhartha, iomaíochas BTTC na hÚcráine. Bainfear é sin amach tríd an éileamh ar tháirgí cosanta a chomhiomlánú agus trí infhaighteacht agus soláthar tráthúil táirgí cosanta a áirithiú ar feadh a saolré, agus trí chomhar tionsclaíoch trasteorann a spreagadh.

2.   Chun an cuspóir dá dtagraítear i mír 1 a bhaint amach, beidh ar a laghad ceann amháin de na cúraimí seo a leanas ar na príomhchúraimí a bheidh ar SCAE:

(a)

comhfhorbairt táirgí cosanta agus teicneolaíochtaí cosanta, lena n-áirítear taighde agus forbairt cosanta, tástáil, agus deimhniú; fothú acmhainneachta tionsclaíche, lena n-áirítear trí thionsclú agus tráchtálú; mar aon le tacaíocht d’infheistíochtaí neamh-athfhillteacha a bhaineann le táirgeadh tosaigh nó tacaíocht inseirbhíse, go háirithe nuair atá na táirgí cosanta á bhforbairt nó nuair a forbraíodh iad faoi chuimsiú gníomhaíochtaí arna gcistiú ag an Aontas faoi chlár comhfhreagrach an Aontais;

(b)

soláthar comhoibríoch táirgí agus teicneolaíochtaí cosanta, lena n-áirítear chun críche comhthiomsuithe ullmhachta tionsclaíche i réimse na cosanta a bhunú, a bhainistiú nó a chothabháil; nó

(c)

bainistiú saolré comhchoiteann táirgí cosanta, lena n-áirítear páirteanna spártha a sholáthar, seirbhísí lóistíochta nó cothabhála agus, i gcás inarb iomchuí, comhpháirtíochtaí poiblí príobháideacha a bhunú chun éifeachtúlacht agus infhaighteacht ard táirgí cosanta a áirithiú; nó

(d)

an bainistiú dinimiciúil infhaighteachta ar chainníochtaí breise, lena n-áirithítear ceannach nó rogha maidir le húsáid nó léas atá láithreach agus fabhrach le haghaidh na mBallstát, tíortha comhlachaithe nó na hÚcráine, i gcomhthéacs comhthiomsuithe ullmhachta tionsclaíche i réimse na cosanta.

3.   Féadfaidh SCAE, trí bhíthin comhaontuithe um tharmligean, cúram a chur ar cheann amháin nó níos mó de na heintitis atá incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 11(2) ceann amháin nó níos mó de na cúraimí dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a dhéanamh. Beidh an SCAE freagrach as a áirithiú go gcomhlíonfar a oibleagáidí faoi dhlí an Aontais, agus go háirithe faoin Rialachán seo.

Airteagal 41

Ceanglais a bhaineann le SCAE a bhunú

1.   D’fhonn iomaíochas BTTCE nó BTTC na hÚcráine a neartú, comhlíonfaidh SCAE na ceanglais uile seo a leanas:

(a)

tacóidh sé le comhar go dtí deireadh shaolré táirge cosanta nó go dtí go bhfoirceannfar an SCAE;

(b)

tacóidh sé le forbairt, soláthar nó tacaíocht inseirbhíse chomhchoiteann do tháirgí cosanta, i gcomhréir leis na tosaíochtaí cumais cosanta arna gcomhaontú go comhchoiteann ag na Ballstáit faoi chuimsiú CBES, go háirithe i gcomhthéacs an PFC;

(c)

cuirfidh sé san áireamh na gníomhaíochtaí ábhartha arna ndéanamh ag ECAT, amhail Próiseas Pleanála Cosanta ECAT, nuair a fhónann na gníomhaíochtaí sin do leasanna slándála agus cosanta an Aontais; agus

(d)

beidh trí chomhalta ar a laghad ann agus is Ballstáit a bheidh in dhá cheann díobh sin ar a laghad.

2.   Úsáidfidh SCAE nósanna imeachta caighdeánaithe chun cláir armála chomhoibríocha a thionscnamh agus a bhainistiú. Féadfaidh an Coimisiún, agus na tuairimí a chuirfidh na Ballstáit in iúl á gcur san áireamh aige, treoir nó teimpléid a bhunú le haghaidh na nósanna imeachta sin, lena n-áirítear treoirlínte maidir le bainistiú tionscadal, soláthar, bainistiú airgeadais agus tuairisciú.

Airteagal 42

Iarratas ar SCAE a bhunú

1.   Cuirfear iarratas ar SCAE a bhunú faoi bhráid an Choimisiúin. Beidh na nithe seo a leanas san iarratas:

(a)

iarraidh ar an gCoimisiún SCAE a bhunú;

(b)

reachtanna an SCAE atá beartaithe dá dtagraítear in Airteagal 45, arna síniú agus arna nglacadh i bhfoirm chuí ag na comhaltaí den SCAE atá beartaithe;

(c)

tuairisc achomair ar na táirgí cosanta atá le forbairt, le soláthar nó le bainistiú ag an SCAE, lena dtugtar aghaidh go háirithe ar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 41(1), pointí (a) agus (b);

(d)

dearbhú ón mBallstát ina bhforáiltear go bhfuil oifig chláraithe ag SCAE ar a chríoch, lena n-aithnítear an SCAE mar chomhlacht idirnáisiúnta de réir bhrí Airteagail 143(1), pointe (g), agus Airteagal 151(1), pointe (b), de Threoir 2006/112/CE agus mar eagraíocht idirnáisiúnta de réir bhrí Airteagal 11(1) de Threoir (AE) 2020/262, ón uair a bunaíodh é;

(e)

i gcás ina bhfuil tír chomhlachaithe nó an Úcráin le bheith ina comhalta de SCAE, dearbhú maidir le haitheantas a thabhairt don inniúlacht dhlíthiúil is fairsinge atá ag an SCAE i gcomhréir le hAirteagal 44(2).

Chun críocha phointe (d) den chéad fhomhír den mhír seo, teorainneacha agus coinníollacha na ndíolúintí dá bhforáiltear in Airteagal 143(1), pointe (g), agus Airteagal 151(1), pointe (b), de Threoir 2006/112/CE agus in Airteagal 11(2) de Threoir (AE) 2020/262, leagfar síos iad i gcomhaontú idir comhaltaí an SCAE.

2.   Déanfaidh an Coimisiún, gan moill mhíchuí tar éis dó an t-iarratas comhlánaithe dá dtagraítear i mír 1 a fháil, measúnú ar an iarratas sin i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo agus féadfaidh sé, chun na críche sin, iarraidh ar GEC a shaineolas a sholáthar. Cuirfear toradh an mheasúnaithe sin in iúl do na hiarratasóirí agus, más gá, iarrfar orthu an t-iarratas a chomhlánú nó a leasú.

3.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh tarmligthe agus torthaí an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 2 á gcur san áireamh aige, an méid seo a leanas:

(a)

an SCAE a bhunú tar éis dó a chinneadh go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo; nó

(b)

diúltú don iarratas má chinneann sé nach gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, lena n-áirítear in éagmais an dearbhaithe dá dtagraítear i mír 1, pointe (d), tar éis deis a thabhairt do na hiarratasóirí an t-iarratas a chomhlánú nó a leasú.

4.   Cuirfear an cinneadh maidir leis an iarratas in iúl do na hiarratasóirí. I gcás ina ndiúltófar don iarratas, míneofar an cinneadh ar bhealach soiléir beacht do na hiarratasóirí.

5.   Glacfar an gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear an SCAE dá dtagraítear i mír 3, pointe (a), den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 77(4) agus foilseofar é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 43

Stádas agus oifig chláraithe SCAE

1.   Beidh pearsantacht dhlítheanach ag SCAE ón dáta a thiocfaidh an gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear é i bhfeidhm.

2.   I ngach Ballstát, beidh an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge atá ar fáil d’eintitis dhlítheanacha faoi dhlí an Bhallstáit sin ag SCAE agus, go háirithe, an inniúlacht maoin inchorraithe, réadmhaoin agus maoin intleachtúil a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt agus féadfaidh sé conarthaí a thabhairt i gcrích agus a bheith ina pháirtí in imeachtaí dlíthiúla. Breithneoidh gníomhaireachtaí cistiúcháin náisiúnta uile na mBallstát SCAE mar fhaighteoir incháilithe ranníocaíochtaí airgeadais náisiúnta.

3.   Beidh oifig chláraithe ag SCAE agus beidh an oifig sin lonnaithe ar chríoch Bhallstáit.

Airteagal 44

Ceanglais bhallraíochta ar SCAE

1.   Féadfaidh na tíortha seo a leanas a bheith ina gcomhaltaí de SCAE:

(a)

Ballstáit;

(b)

tíortha comhlachaithe;

(c)

an Úcráin.

2.   Féadfaidh tíortha comhlachaithe nó an Úcráin a bheith ina gcomhaltaí faoi réir a n-aitheantais, ar mhaithe leis an SCAE, don inniúlacht dhlíthiúil is fairsinge a thugtar d’eintitis dhlítheanacha faoi dhlí na tíre sin, lena n-áirítear chun conarthaí a thabhairt i gcrích agus chun bheith ina bpáirtí in imeachtaí dlíthiúla.

3.   Féadfaidh na Ballstáit, na tíortha comhlachaithe nó an Úcráin a bheith mar chomhaltaí de SCAE tráth ar bith tar éis bhunú an SCAE sin, ar théarmaí cothroma réasúnacha a shonraítear sna Reachtanna dá dtagraítear in Airteagal 45, nó féadfaidh siad a bheith ina mbreathnóirí gan cearta vótála ar choinníollacha a shonraítear sna reachtanna sin.

4.   Féadfaidh SCAE comhoibriú freisin le tríú neamhchomhlachaithe, seachas an Úcráin nó eintiteas de chuid tríú tír eile, lena n-áirítear é sin a dhéanamh trí shócmhainní, bonneagar, saoráidí agus acmhainní na n-eintiteas dlítheanach den chineál sin a úsáid, ar choinníoll nach sárófar le comhar den chineál sin leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus a Bhallstát leis sin, lena n-áirítear urraim do phrionsabal an dea-chaidrimh chomharsanúil.

Airteagal 45

Reachtanna SCAE

1.   Beidh an méid seo a leanas ar a laghad i reachtanna de chuid SCAE:

(a)

liosta de chomhaltaí an SCAE, de bhreathnóirí agus, i gcás inarb infheidhme, de na heintitis dhlítheanacha a dhéanann ionadaíocht ar chomhaltaí agus na coinníollacha agus an nós imeachta maidir le hathruithe ar bhallraíocht agus ar ionadaíocht i gcomhréir le hAirteagal 44;

(b)

cuspóirí sonracha, cúraimí agus gníomhaíochtaí an SCAE, i gcomhréir le hAirteagail 40 agus 41, lena n-áirítear tuairisc achomair ar na táirgí cosanta atá le forbairt, le soláthar nó le bainistiú ag an SCAE;

(c)

liosta de na táirgí cosanta atá le bheith faoi úinéireacht an SCAE, más ann dóibh, agus atá incháilithe do dhíolúine ó CBL nó ó dhleachtanna máil;

(d)

oifig chláraithe an SCAE i gcomhréir le hAirteagal 43(3);

(e)

sainaithint dhlí náisiúnta an Bhallstáit lena gcinnfear an dlínse inniúil chun díospóidí i measc chomhaltaí SCAE i ndáil leis an SCAE, idir comhaltaí SCAE agus an SCAE, agus idir SCAE agus tríú páirtithe a réiteach i gcomhréir le hAirteagal 49(2);

(f)

ainm an SCAE;

(g)

an ré agus an nós imeachta chun an SCAE a fhoirceannadh i gcomhréir le hAirteagal 50;

(h)

tuairisc ar na príomhchritéir atá le cur i bhfeidhm ag an SCAE agus táirgí cosanta á soláthar chun a áirithiú go gcomhlíonfar an cuspóir a leagtar amach in Airteagal 40(1);

(i)

an córas dliteanais, lena n-áirítear an fhéidearthacht urrúis a eisiúint, má chinntear amhlaidh, i gcomhréir le hAirteagal 48;

(j)

cearta agus oibleagáidí chomhaltaí an SCAE, lena n-áirítear an oibleagáid ranníocaíochtaí a dhéanamh le buiséad comhardaithe agus cearta vótála;

(k)

comhlachtaí rialaithe an SCAE, a róil agus a bhfreagrachtaí agus an bealach ina mbunaítear iad agus an próiseas cinnteoireachta laistigh den SCAE lena n-áirítear maidir leis na rialacha vótála is infheidhme, go háirithe maidir leis na reachtanna a leasú i gcomhréir le hAirteagal 46.

(l)

teanga nó teangacha oibre an SCAE a shainaithint;

(m)

tagairtí do rialacha lena gcuirtear reachtanna an SCAE chun feidhme;

(n)

rialacha maidir le cosaint faisnéise rúnaicmithe;

(o)

rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta is infheidhme maidir le láimhseáil na dtáirgí cosanta atá le forbairt, le soláthar nó le bainistiú ag an SCAE a shainaithint, agus na hacmhainneachtaí riaracháin dá bhforáiltear chun a áirithiú go gcomhlíonfar na rialacha sin.

Chun críocha phointe (k) den chéad fhomhír den mhír seo, na rialacha vótála is infheidhme maidir le leasuithe a bhaineann leis an gcur chuige i leith táirgí cosanta a onnmhairiú, má áirítear amhlaidh sna reachtanna, agus maidir leis an gcóras dliteanais, comhlíonfaidh siad mír 4 den Airteagal seo agus Airteagal 48(5) faoi seach.

2.   I gcás ina gcinnfidh comhaltaí SCAE comhthiomsú ullmhachta tionsclaíche i réimse na cosanta a bhunú, áireofar sna reachtanna na rialacha lena rialaítear bainistiú an chomhthiomsuithe ullmhachta tionsclaíche i réimse na cosanta sin.

3.   Féadfaidh cur chuige i leith onnmhairiú táirgí cosanta a bheith sna reachtanna, arna síniú agus arna nglacadh d’aon toil ag comhaltaí uile SCAE i gcomhréir le hAirteagal 42(1), pointe (b).

4.   Is d'aontoil a chinnfidh comhaltaí SCAE ar aon athrú ar an gcur chuige maidir le honnmhairiú táirgí cosanta dá dtagraítear i mír 3.

Airteagal 46

Reachtanna SCAE a leasú

1.   Aon leasú ar reachtanna SCAE a bhaineann leis na hábhair dá dtagraítear in Airteagal 45 (1), pointí (a) go (k), glacfar é i gcomhréir leis na rialacha vótála a shonraítear sna reachtanna i gcomhréir le hAirteagal 45(1), pointe (k), agus cuirfidh an SCAE faoi bhráid an Choimisiúin é lena fhormheas.

2.   Déanfar aon leasú ar na reachtanna a bhaineann leis na hábhair dá dtagraítear in Airteagal 45(3) a ghlacadh i gcomhréir leis na rialacha vótála a shonraítear sna reachtanna i gcomhréir le hAirteagal 45(1), pointe (k), agus tabharfaidh an SCAE fógra ina leith don Choimisiún laistigh de 10 lá ó dháta a ghlactha.

3.   Déanfar aon leasú ar na reachtanna seachas an leasú dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis na rialacha vótála a shonraítear sna reachtanna i gcomhréir le hAirteagal 45(1), pointe (k), agus cuirfidh an SCAE faoi bhráid an Choimisiúin é laistigh de 10 ó dháta a ghlactha.

4.   Féadfaidh an Coimisiún agóid a dhéanamh i gcoinne leasú ar na reachtanna dá dtagraítear i mír 3 laistigh de 30 lá ón dáta a chuirtear isteach é, agus cúiseanna á dtabhairt aige lena mheas nach gcomhlíonann an leasú ceanglais an Rialacháin seo.

5.   Ní thiocfaidh leasú ar na reachtanna dá dtagraítear i mír 3 i bhfeidhm go dtí go mbeidh an tréimhse chun agóid a dhéanamh dá dtagraítear i mír 4 imithe in éag nó go mbeidh an tréimhse sin tarscaoilte ag an gCoimisiún nó sula ndéanfar agóid a rinneadh a aistarraingt.

6.   Beidh an méid seo a leanas in iarratas chun na reachtanna dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 a leasú:

(a)

téacs an leasaithe atá beartaithe nó, i gcás inarb infheidhme, téacs an leasaithe mar a glacadh é; agus

(b)

an leagan comhdhlúite leasaithe de na Reachtanna.

Airteagal 47

Coinníollacha sonracha maidir le soláthar

1.   I gcomhréir le hAirteagal 40(3), féadfaidh SCAE a chur de chúram ar eintiteas incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 12(1) gníomhaíochtaí soláthair a dhéanamh. Gníomhóidh eintiteas den sórt sin in ainm an SCAE sin nó thar a cheann.

2.   Chun críocha sholáthar na dtáirgí cosanta, ba cheart a mheas gur eagraíochtaí idirnáisiúnta iad SCAEnna de réir bhrí Airteagal 12, pointe (c), de Threoir 2009/81/CE. Saineoidh SCAEnna a rialacha soláthair féin i gcomhréir leis na prionsabail lena rialaítear soláthar poiblí, go háirithe na prionsabail maidir le neamh-idirdhealú, cóir chomhionann, comhréireacht agus trédhearcacht.

3.   Agus táirgí cosanta á soláthar, cuirfidh SCAE i bhfeidhm maidir lena nósanna imeachta agus conarthaí soláthair critéir lena n-áiritheofar go gcomhlíonfaidh a bheartas soláthair na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 40(1). Le SCAE, féachfar go gníomhach leis an iliomad eintitis dlítheanacha ó Bhallstáit éagsúla a áireamh i slabhraí soláthair na dtáirgí cosanta.

4.   I gcás ina dtugtar comhaontú tarmligin dá dtagraítear in Airteagal 40(3) i gcrích, féadfaidh na páirtithe sa chomhaontú sin a chinneadh go mbeidh feidhm ag rialacha soláthair an eintitis a mbeidh an soláthar á dhéanamh aige, ar choinníoll go gcomhlíonann na rialacha sin na prionsabail dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, go háirithe prionsabail an neamh-idirdhealaithe, na córa comhionainne, na comhréireachta agus na trédhearcachta.

5.   I gcás ina ndéanann na Ballstáit nó i gcás inarb iomchuí tíortha comhlachaithe ceannach ó SCAE, lena n-áirítear ó chomhthiomsú ullmhachta tionsclaíche i réimse na cosanta, measfar gur conradh arna dhamhachtain ag rialtas amháin ar rialtas eile é an soláthar sin, dá dtagraítear in Airteagal 13, pointe (f) de Threoir 2009/81/CE.

Airteagal 48

Dliteanas agus árachas

1.   Beidh SCAE faoi dhliteanas maidir lena chuid fiach.

2.   Beidh dliteanas airgeadais na gcomhaltaí in SCAE as fiacha an SCAE teoranta dá ranníocaíochtaí faoi seach don SCAE. Féadfaidh na comhaltaí a shonrú i reachtanna SCAE go ngabhfaidh siad dliteanas socraithe orthu féin atá níos airde ná na ranníocaíochtaí faoi seach a rinne siad, sin nó go ngabhfaidh siad dliteanas neamhtheoranta orthu féin.

3.   Má tá dliteanas airgeadais a gcomhaltaí teoranta, beidh árachas iomchuí ag an SCAE chun na rioscaí a bhaineann go sonrach le bunú agus bainistiú an chumas an SCAE a chumhdach.

4.   Má chinneann na comhaltaí d’aon toil é, féadfaidh SCAE urrúis a eisiúint i gcomhréir le dlí an Bhallstáit a bhfuil a oifig chláraithe ar a chríoch aige. Beidh an SCAE faoi dhliteanas i leith na n-urrús sin.

5.   Cinnfidh na comhaltaí sin d’aon toil aon athrú ar an gcóras dliteanais nó aon bheart a dhéanfaidh difear do dhliteanas airgeadais chomhaltaí SCAE.

6.   Ní bheidh an tAontas faoi dhliteanas maidir le haon fhiachas de chuid SCAE.

Airteagal 49

An dlí is infheidhme agus an dlínse

1.   Rialófar bunú agus feidhmiú inmheánach SCAE:

(a)

le dlí an Aontais, go háirithe an Rialachán seo agus leis an ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 42(3), pointe (a);

(b)

lena reachtanna agus a rialacha cur chun feidhme;

(c)

le dlí an Bhallstáit a bhfuil oifig chláraithe an SCAE ar a chríoch aige i ndáil le nithe nach rialaítear leis na gníomhartha dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) nó nach rialaítear iad ach go páirteach leo;

2.   Gan dochar do chásanna ar a bhfuil dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh faoi na Conarthaí, is faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit a bhfuil oifig chláraithe ag an SCAE ar a chríoch aige a chinnfear an dlínse is inniúil chun díospóidí idir chomhaltaí SCAE i ndáil leis an SCAE, idir chomhaltaí SCAE agus an SCAE, agus idir SCAE agus tríú páirtithe a réiteach.

3.   Le comhaontuithe um tharmligean dá dtagraítear in Airteagal 40(3), cinnfear an dlínse Ballstáit a bheidh inniúil chun díospóidí a bhaineann leis an gcomhaontú tarmligin lena mbaineann a réiteach. Féadfar foráil a dhéanamh i gcomhaontuithe um tharmligean freisin maidir le sásraí um réiteach cairdiúil díospóidí. Beidh an méid sin gan dochar do chásanna ina bhfuil dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh faoi na Conarthaí.

Airteagal 50

Foirceannadh agus dócmhainneacht

1.   Cinnfear le reachtanna SCAE an nós imeachta a bheidh le cur i bhfeidhm i gcás ina ndéantar an SCAE a fhoirceannadh tar éis cinneadh a fháil ó thionól a chomhaltaí nó i gcás ina n-aisghaireann an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear an SCAE, mar a thagraítear dó in Airteagal 51(7). Agus foirceannadh á dhéanamh, féadfar gníomhaíochtaí agus úinéireacht táirgí cosanta a aistriú go heintiteas dlítheanach eile.

2.   Gan moill mhíchuí tar éis cinneadh a bheith glactha ag tionól a chomhaltaí chun an SCAE a fhoirceannadh, agus in aon chás laistigh de 10 lá ó ghlacadh den sórt sin, cuirfidh an SCAE an méid sin in iúl don Choimisiún agus ainmneoidh sé ionadaí le haghaidh an fhoirceanta. Foilseoidh an Coimisiún fógra iomchuí faoin gcinneadh um fhoirceannadh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

3.   Ní dhúnfar an nós imeachta um fhoirceannadh sula gcuirfear aistriú úinéireacht na dtáirgí cosanta atá faoi úinéireacht an SCAE i gcrích.

4.   Gan moill mhíchuí tar éis an nós imeachta foirceanta a dhúnadh, agus in aon chás laistigh de 10 ó dhúnadh den sórt sin, cuirfidh ionadaí an SCAE an méid sin in iúl don Choimisiún. Foilseoidh an Coimisiún fógra iomchuí faoin dúnadh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Is é an dáta a fhoilseofar an fógra sin an dáta a scoirfidh an SCAE de bheith ann.

5.   I gcás nach bhfuil an SCAE in ann a fhiacha a íoc, cuirfidh sé an méid sin in iúl don Choimisiún láithreach. Foilseoidh an Coimisiún fógra iomchuí faoi sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 51

Tuairisciú agus rialú

1.   Cuirfidh SCAE tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí ar fáil, ina mbeidh tuairisc theicniúil agus tuarascáil airgeadais ar a chuid gníomhaíochtaí mar a thagraítear dóibh in Airteagal 40. Déanfar í a tharchur chuig an gCoimisiún laistigh de 6 mhí ó dheireadh na bliana airgeadais. Dáilfidh an Coimisiún an tuarascáil ar na Ballstáit uile.

2.   Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil chomhiomlánaithe ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar ghníomhaíochtaí gach SCAE gníomhach.

3.   Féadfaidh an Coimisiún moltaí a sholáthar do SCAE maidir leis na hábhair atá le cumhdach sa tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1.

4.   Cuirfidh SCAE agus na Ballstáit lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas faoi aon imthosca a d’fhéadfadh saothrú chúram an SCAE a chur i mbaol tromchúiseach nó a d’fhéadfadh bac a chur ar an SCAE na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh.

5.   I gcás ina léirítear don Choimisiún go bhfuil SCAE ag gníomhú ar bhealach a sháraíonn, go tromchúiseach, an Rialachán seo, an gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear é, a reachtanna nó dlí eile is infheidhme, iarrfaidh sé ar an SCAE nó ar a chomhaltaí mínithe a thabhairt ina leith sin.

6.   I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, tar éis dó 2 mhí ar a laghad a thabhairt don SCAE nó dá chomhaltaí a mbarúlacha a thabhairt, go bhfuil an SCAE ag gníomhú ar bhealach a sháraíonn, go tromchúiseach, an Rialachán seo, an gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear é, a reachtanna nó dlí eile is infheidhme, féadfaidh sé a mholadh don SCAE agus dá chomhaltaí go ndéanfaí gníomhaíocht feabhais.

7.   I gcás nach ndéanfar aon ghníomhaíocht feabhais dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear an SCAE a aisghairm. Foilseofar an gníomh lena ndéantar aisghairm in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Le foilsiú an ghnímh lena ndéantar aisghairm, spreagfar foirceannadh an SCAE dá dtagraítear in Airteagal 50.

CAIBIDIL VII

SLÁNDÁIL AN TSOLÁTHAIR

ROINN 1

SOLÁTHAR COSANTA COMHOIBRÍOCH

Airteagal 52

Creat-chomhaontuithe a mhodhnú i gcomhthéacs géarchéim faoi Threoir 2009/81/CE

1.   I gcás ina ndéanfaidh ar a laghad dhá Bhallstát comhaontú chun táirgí cosanta a sholáthar go comhoibríoch dóibh féin nó don Úcráin agus i gcás ina mbeidh údar cuí leo mar gheall ar phráinn a eascraíonn as géarchéim mar a shainmhínítear Airteagal 1(10) de Threoir 2009/81/CE, féadfar na rialacha dá bhforáiltear i míreanna 2 go 6 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm ar na creat-chomhaontuithe sin nach n-áirítear iontu rialacha lena rialaítear an fhéidearthacht an comhaontú a leasú go substaintiúil. Agus na rialacha i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo á gcur i bhfeidhm, gheobhaidh an t-údarás conarthach a thug an creat-chomhaontú i gcrích comhaontú an ghnóthais lenar thug sé an creat-chomhaontú i gcrích.

2.   Féadfaidh údarás conarthach Ballstáit creat-chomhaontú atá ann cheana maidir le táirgí cosanta a mhodhnú, i gcás inar tugadh an creat-chomhaontú sin i gcrích le gnóthas a chomhlíonann na critéir atá coibhéiseach leis na critéir a leagtar síos in Airteagal 9(1), (3) agus (4) den Rialachán seo, chun údaráis chonarthacha nua a chur leis an gcreat-chomhaontú sin mar pháirtithe ionas go bhféadfaidh feidhm a bheith ag a fhorálacha maidir le húdaráis chonarthacha nach raibh ina bpáirtithe sa chreat-chomhaontú ar dtús. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 29(2), an chéad fhomhír, de Threoir 2009/81/CE maidir leis na húdaráis chonarthacha nach raibh ina bpáirtithe sa chreat-chomhaontú ar dtús.

3.   De mhaolú ar Airteagal 29(2), an tríú fomhír, de Threoir 2009/81/CE, agus conarthaí á ndámhachtain bunaithe ar chreat-chomhaontú ar mó a luach measta ná an tairseach a leagtar amach in Airteagal 8 den Treoir sin, féadfaidh údarás conarthach Ballstáit leasuithe substaintiúla a dhéanamh ar na cainníochtaí a leagtar síos sa chreat-chomhaontú sin de suas le 100 % de luach an chreat-chomhaontaithe, i gcás inar tugadh an creat-chomhaontú sin i gcrích le gnóthas a chomhlíonann critéir atá coibhéiseach leis na critéir a leagtar síos in Airteagal 9, (1), (3) agus (4) den Rialachán seo agus a mhéid atá fíorghá leis an modhnú chun mír 2 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm.

4.   Chun an luach a luaitear i mír 2a a ríomh i gcás ina bhfuil clásal innéacsaithe sa chonradh, is é an luach nuashonraithe a bheidh mar phointe tagartha.

5.   Sna cásanna dá dtagraítear i míreanna 2 agus 2a, beidh feidhm ag prionsabal na gceart comhionann agus na n-oibleagáidí comhionanna maidir leis an gcaidreamh idir na húdaráis chonarthacha atá ina bpáirtithe sa chreat-chomhaontú, go háirithe maidir le costas na gcainníochtaí breise arna soláthar.

6.   Déanfaidh údarás conarthach, a mbeidh modhnú déanta aige ar chreat-chomhaontú sna cásanna dá dtagraítear i mír 2 nó 3 den Airteagal seo, fógra a fhoilsiú chuige sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Foilseofar an fógra sin i gcomhréir le hAirteagal 32 de Threoir 2009/81/CE.

Airteagal 53

Cásanna lena dtugtar údar le húsáid an nós imeachta arna chaibidliú gan fógra tairisceana a fhoilsiú i gcomhthéacs tionscnamh comhair cosanta

Féadfaidh údarás conarthach Ballstáit, i gcás ina mbunaíonn sé fíorthionscnamh comhair cosanta nua nó ina nglacann sé páirt i bhfíorthionscnamh comhair cosanta atá ann cheana arna bhunú le comhaontú nó socrú idirnáisiúnta idir na Ballstáit agus, i gcás inarb ábhartha, tír chomhlachaithe amháin nó níos mó nó an Úcráin, agus é d'aidhm aige cumais mhíleata a chóineasú, conradh a dhámhachtain do ghnóthas, nó creat-chomhaontú maidir le táirge cosanta a thabhairt i gcrích le gnóthas, i gcomhréir le hAirteagal 28(1), pointe (e), de Threoir 2009/81/CE, ar choinníoll go gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas go carnach:

(a)

comhlíonann an gnóthas lena mbaineann critéir atá coibhéiseach leo siúd a leagtar síos in Airteagal 9(1), (3) agus (4)];

(b)

thionscain údarás conarthach an Bhallstáit lena mbaineann an tionscnamh comhair cosanta dá dtagraítear san abairt tosaigh den Airteagal seo sular chuir údarás conarthach an Bhallstáit lena mbaineann tús leis an nós imeachta soláthair;

(c)

rinne ceann de na Ballstáit eile atá rannpháirteach sa tionscnamh comhair cosanta dá dtagraítear san abairt tosaigh den Airteagal seo conradh a dhámhachtain cheana féin ar an ngnóthas céanna, nó creat-chomhaontú maidir le táirge cosanta a thabhairt i gcrích leis an ngnóthas sin;

(d)

tá an táirge cosanta atá le soláthar comhionann leis an gceann dá dtagraítear i bpointe (c) den Airteagal seo nó níl ach mionmhodhnuithe le déanamh air;

(e)

tá dámhachtain an chonartha nó tabhairt i gcrích an chreatchomhaontaithe riachtanach chun an tionscnamh comhair cosanta dá dtagraítear i bpointe (b) den Airteagal seo a chur chun feidhme.

ROINN 2

ULLMHACHT

Airteagal 54

Dlús a chur leis an bpróiseas deonaithe ceadanna maidir le hinfhaighteacht agus soláthar tráthúil na dtáirgí atá ábhartha i gcás géarchéime

1.   Maidir le hiarratais riaracháin a bhaineann le saoráidí táirgeachta a phleanáil, a thógáil agus a oibriú, le haistrithe ionchur laistigh den Aontas agus le cáiliú agus deimhniú táirgí deiridh, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar iad a phróiseáil ar bhealach éifeachtúil, tráthúil. Chuige sin, áiritheoidh na húdaráis náisiúnta uile lena mbaineann go gcaithfear chomh mear agus is féidir de réir dlí leis na hiarratais sin.

2.   Sa phróiseas pleanála agus deonaithe ceadanna, áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar tosaíocht, agus leasanna dlíthiúla á gcothromú sa chás aonair lena mbaineann, do thógáil agus oibriú gléasraí agus suiteálacha ina dtáirgfear táirgí cosanta atá ábhartha i gcás géarchéime.

Airteagal 55

An próiseas trasdeimhniúcháin a éascú

1.   Glacfaidh na Ballstáit liosta de na húdaráis náisiúnta deimhniúcháin chun críoch cosanta agus fógróidh siad é don Choimisiún, agus cuirfidh an Coimisiún ar fáil do na Ballstáit é.

2.   Déanfaidh an Coimisiún, agus tuairimí GEC á gcur san áireamh aige, liosta oifigiúil de na húdaráis náisiúnta deimhniúcháin a tharraingt suas agus a choinneáil cothrom le dáta, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, chun críoch cosanta faoi mar a shainaithin na Ballstáit. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 77(4).

3.   Féadfaidh údarás deimhniúcháin ó Bhallstát amháin faisnéis a iarraidh ar údarás deimhniúcháin Ballstáit eile faoi raon feidhme an deimhniúcháin atá ag táirge cosanta áirithe.

4.   Oibreoidh na húdaráis náisiúnta deimhniúcháin dá dtagraítear i mír 1 i gcomhar le chéile chun a gcúraimí a dhéanamh faoin Rialachán seo agus tabharfaidh siad gach tacaíocht is gá d’údaráis na mBallstát eile chuige sin. Tacóidh an Coimisiún, agus é ag iarraidh ar GEC, i gcás inarb ábhartha, a saineolas a sholáthar, le comhar den sórt sin chun gluaiseacht éifeachtúil agus éifeachtach táirgí cosanta sa mhargadh inmheánach a éascú.

Airteagal 56

Slabhraí soláthair cosanta a mhapáil

1.   Agus slabhraí soláthair cosanta an Aontais á mapáil, is é a bheidh mar aidhm leis anailís a dhéanamh ar láidreachtaí agus laigí na slabhraí soláthair sin, agus béim á leagan ar scrogaill. Déanfaidh sé eolas, i gcás inarb ábhartha, d’fhorbairt chláir oibre an Chláir agus na hIonstraime um Thacaíocht don Úcráin dá dtagraítear in Airteagail 21 agus 34.

2.   Is é a bheidh i mapáil slabhraí soláthair cosanta an Aontais na gníomhaíochtaí seo a leanas, atá le déanamh ar bhonn rialta:

(a)

acmhainneachtaí monaraíochta ábhartha agus slabhraí soláthair ábhartha táirgí cosanta a shainaithint de bhun mhír 5;

(b)

táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime agus a n-acmhainneachtaí monaraíochta gaolmhara a shainaithint, de bhun mhír 9;

(c)

comhiomlánú, cros-seiceáil agus measúnú na sonraí arna mbailiú de bhun mhíreanna 6, 7 agus 8;

(d)

táscairí luathrabhaidh a shainaithint, de bhun mhír 11; agus

(e)

na príomhsholáthróirí táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime agus a n-acmhainneachtaí táirgeachta a shainaithint, de bhun mhíreanna 12 agus 13.

3.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis an mBord um Shlándáil an tSoláthair i Réimse na Cosanta (an ‘Bord’), na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 2, pointí (b), (c) agus (d). Déanfaidh na Ballstáit na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 2, pointí (-a) agus (e). Féadfaidh gach Ballstát a iarraidh ar an gCoimisiún na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 2, pointí (-a) agus (e) a dhéanamh thar a cheann.

4.   Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, creat agus modheolaíocht a fhorbairt chun táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime a shainaithint, agus béim á leagan ar scrogaill atá ann cheana, chomh maith lena n-acmhainneachtaí monaraíochta gaolmhara san Aontas, a shainaithint agus mapáil a dhéanamh ar shlabhraí soláthar na dtáirgí sin. Leis an mhodheolaíocht sin, cuirfear le haon chreataí nó modheolaíochtaí atá sna Ballstáit. Chun na críche sin, féadfaidh an Bord um Shlándáil an tSoláthair i Réimse na Cosanta moltaí a eisiúint maidir leis an gcineál faisnéise is iomchuí chun slabhraí soláthair táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime a mhapáil, maidir leis na sonraíochtaí teicniúla agus na formáidí teicniúla chun an fhaisnéis sin a chur in iúl agus maidir le tréimhsiúlacht na cumarsáide sin.

5.   Ar bhonn an chreata agus na modheolaíochta arna bhforbairt de bhun mhír 4, sainaithneoidh na Ballstáit ar a gcríoch na hacmhainneachtaí monaraíochta ábhartha agus slabhraí soláthair ábhartha táirgí cosanta agus soláthróidh siad toradh na sainaitheanta sin don Choimisiún.

6.   Déanfaidh an Coimisiún na sonraí arna soláthar ag na Ballstáit de bhun mhír 5 a chomhiomlánú agus déanfaidh sé cros-seiceáil, d’fhonn liosta de na táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime agus a n-acmhainneachtaí monaraíochta gaolmhara a shainaithint agus measúnú a dhéanamh ar láidreachtaí agus laigí shlabhraí soláthair na dtáirgí sin san Aontas.

7.   Chun na sonraí a sholáthraíonn na Ballstáit a chomhlánú, úsáidfidh an Coimisiún sonraí atá ar fáil go poiblí agus ar bhonn tráchtála, agus faisnéis ábhartha neamhrúnda ó na hoibreoirí eacnamaíocha, chomh maith leis na torthaí ar anailísí comhchosúla a rinneadh, lena n-áirítear anailís a rinneadh i gcomhthéacs dhlí an Aontais maidir le hamhábhair, leathsheoltóirí agus fuinneamh in-athnuaite, torthaí ghníomhaíochtaí ábhartha na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint, torthaí na dtástálacha struis arna ndéanamh de bhun Airteagal 58 agus torthaí na meastóireachta arna déanamh de bhun Airteagal 85(2).

8.   I gcás nach leor na sonraí dá dtagraítear i míreanna 6 agus 7 chun a chúraimí a dhéanamh de bhun mhír 6, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar na gníomhaithe ábhartha a bhfuil baint acu leis na slabhraí soláthair lena mbaineann agus atá bunaithe san Aontas faisnéis a sholáthar, ar bhonn deonach, don Bhallstát a bhfuil láithreán táirgthe an oibreora eacnamaíoch atá i gceist lonnaithe ar a chríoch. Cuirfear in iúl go sainráite san iarraidh ón gCoimisiún go bhfuil sé de shaoirse ag an oibreoir eacnamaíoch diúltú don iarraidh sin. Áireofar san iarraidh ar fhaisnéis faisnéis teagmhála údarás inniúil náisiúnta an Bhallstáit a bhfuil láithreán táirgthe an oibreora eacnamaíoch i gceist lonnaithe ar a chríoch agus a bhfuil an freagra le seoladh chuige. I gcás ina gcinnfidh an t-oibreoir eacnamaíoch an fhaisnéis a iarradh a sholáthar don Bhallstát lena mbaineann, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an fhaisnéis a iarradh ar fáil don Choimisiún.

9.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, an liosta de tháirgí atá ábhartha i gcás géarchéime a tharraingt suas agus a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 77(4).

10.   Cuirfidh an Coimisiún torthaí comhiomlána na mapála in iúl don Bhord go bliantúil nó arna iarraidh sin do dhuine amháin de chomhaltaí an Bhoird dá dtagraítear in Airteagal 76(5). Faisnéis rúnaicmithe a bheidh sna torthaí sin.

11.   Ar bhonn thoradh na ngníomhaíochtaí a dhéantar de bhun mhíreanna 4, 6 agus 7 agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, déanfaidh an Coimisiún liosta de tháscairí luathrabhaidh a fhorbairt arb é is aidhm dóibh tosca a shainaithint a d’fhéadfadh soláthar táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime a shuaitheadh, é a chur i mbaol nó tionchar diúltach a imirt air. Tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, athbhreithneoidh an Coimisiún liosta na dtáscairí luathrabhaidh ar bhonn tráthrialta, agus gach 2 bhliain ar a laghad.

12.   Sainaithneoidh na Ballstáit, i gcomhar leis an gCoimisiún agus GEC, i gcás inarb ábhartha, príomhsholáthróirí na dtáirgí atá ábhartha i gcás géarchéime atá bunaithe ar a gcríoch, gan moill neamhriachtanach tar éis ghlacadh an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 9 den Airteagal seo. Tabharfaidh gach Ballstát fógra do phríomhsholáthróirí na dtáirgí atá ábhartha i gcás géarchéime atá bunaithe ar a chríoch gur sainaithníodh iad de bhun na míre seo agus cuirfidh siad ar an eolas iad faoin oibleagáid tuairisciú a dhéanamh ar shuaitheadh i soláthar táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime mar a leagtar amach í in Airteagal 57(1), pointe (c). Áireofar san fhógra sin freisin faisnéis teagmhála ábhartha na n-údarás inniúil náisiúnta a bhfuil an tuarascáil sin le seoladh chucu.

13.   Féadfar na heilimintí seo a leanas a chur san áireamh agus na príomhsholáthróirí dá dtagraítear i mír 12 á sainaithint:

(a)

an sciar den mhargadh le haghaidh an táirge sin atá ábhartha i gcás géarchéime atá ag an soláthróir;

(b)

an tábhacht a bhaineann leis an soláthróir maidir le leibhéal leormhaith de sholáthar táirge atá ábhartha i gcás géarchéime a choinneáil ar bun san Aontas, agus infhaighteacht modhanna malartacha san Aontas le haghaidh sholáthar an táirge sin á cur san áireamh; nó

(c)

an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag suaitheadh ar sholáthar an táirge atá ábhartha i gcás géarchéime arna sholáthar ag an soláthróir ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

14.   Gan dochar do mhír 10 den Airteagal seo, aon fhaisnéis a fhaightear de bhun an Airteagail seo, caithfear léi i gcomhréir leis na hoibleagáidí rúndachta a leagtar amach in Airteagal 80.

15.   Tá an tAirteagal seo gan dochar do cheart gach Ballstát leasanna bunúsacha a slándála a chosaint, i gcomhréir le hAirteagal 346(1), pointe (a), CFAE.

Airteagal 57

Faireachán

1.   I gcomhar leis an mBord, déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún faireachán tráthrialta ar na hacmhainneachtaí monaraíochta de chuid an Aontais is gá chun táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime a sholáthar, táirgí arna sainaithint i gcomhréir le hAirteagal 56(9), d’fhonn rioscaí féideartha do na táirgí sin a shainaithint. Is iad seo a leanas na gníomhaíochtaí a bheidh i gceist leis an bhfaireachán:

(a)

déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis an mBord, faireachán ar tháscairí luathrabhaidh arna sainaithint de bhun Airteagal 56(11), lena n-áirítear trí chomhiomlánú a dhéanamh ar aon ionchur a fhaightear ó na Ballstáit ar bhonn na faisnéise arna bailiú ar an leibhéal náisiúnta;

(b)

déanfaidh na Ballstáit faireachán, i bhfianaise na dtáscairí luathrabhaidh, ar chumas phríomhsholáthróirí na dtáirgí atá ábhartha i gcás géarchéime dá dtagraítear in Airteagal 56(12), a ngníomhaíochtaí a dhéanamh agus tuairisceoidh siad don Bhord ar aon chásanna a bhféadfadh iarmhairtí diúltacha fadtréimhseacha a bheith acu ar infhaighteacht agus ar sholáthar tráthúil na dtáirgí sin.

(c)

i gcás ina mbraitheann príomhsholáthróirí táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime suaitheadh soláthair a d’fhéadfadh difear suntasach a dhéanamh dá ngníomhaíochtaí a bhaineann le táirgeadh na dtáirgí sin, tuairisceoidh siad maidir leis an suaitheadh sin don Bhallstát a bhfuil siad bunaithe ar a chríoch agus cuirfidh an Ballstát lena mbaineann, dá réir sin, an fhaisnéis sin in iúl don Choimisiún gan moill mhíchuí;

(d)

sainaithneoidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis an mBord, dea-chleachtais maidir le maolú riosca coisctheach agus trédhearcacht mhéadaithe le haghaidh acmhainneachtaí monaraíochta an Aontais atá riachtanach chun táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime a sholáthar.

Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, minicíocht an fhaireacháin dá dtagraítear sa chéad fhomhír a leagan síos.

2.   Tabharfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit aird ar leith ar FBManna chun an t-ualach riaracháin a eascraíonn as an bhfaireachán dá dtagraítear i mír 1 a íoslaghdú agus féadfaidh siad, i gcás inar gá, cúnamh tiomnaithe a thabhairt.

3.   Tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar na príomhsholáthróirí táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime dá dtagraítear in Airteagal 56(12), ar na Ballstáit, ar chomhlachais thionsclaíocha cosanta náisiúnta agus ar pháirtithe leasmhara ábhartha eile faisnéis a chur ar fáil, ar bhonn deonach, chun críche gníomhaíochtaí faireacháin a dhéanamh i gcomhréir le mír 1, an chéad fhomhír, pointe (a), den Airteagal seo.

4.   Chun críocha mhír 1, an chéad fhomhír, pointe (b), den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit faisnéis a iarraidh, ar bhonn deonach, ar phríomhsholáthróirí na dtáirgí atá ábhartha i gcás géarchéime dá dtagraítear in Airteagal 56(12), i gcás inar gá agus inar comhréireach.

5.   Chun críocha mhír 3, déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát liosta teagmhálacha phríomhsholáthróirí na dtáirgí atá ábhartha i gcás géarchéime, atá bunaithe ar a gcríoch, a bhunú agus a choinneáil ar bun. Déanfar an liosta sin a tharchur chuig an gCoimisiún. Laistigh den Bhord, déanfaidh an Coimisiún foráil maidir le formáid chaighdeánaithe le haghaidh an liosta teagmhálacha sin.

6.   Gan dochar do chosaint faisnéise rúnda gnó, cuirfidh na Ballstáit faisnéis ábhartha bhreise ar fáil don Bhord, go háirithe faisnéis faoi shainaithint na saincheisteanna a bhaineann le soláthar táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime ar fud an Aontais nó faoi shainaithint na mbeart ábhartha ar an leibhéal náisiúnta a dhéanfar amach anseo chun táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime a sholáthar, a cheannach nó a mhonarú.

7.   Ar bhonn na faisnéise arna bailiú trí na gníomhaíochtaí faireacháin a dhéanfar de bhun an Airteagail seo, soláthróidh an Coimisiún tuarascáil rialta ar na torthaí comhiomlánaithe don Bhord. Faisnéis rúnaicmithe a bheidh sa tuarascáil sin. Tiocfaidh an Bord le chéile chun torthaí na tuarascála sin a mheasúnú agus chun réitigh a d’fhéadfadh a bheith ar na saincheisteanna leasa choitinn a shainaithint, i gcás inarb iomchuí. I gcás inarb ábhartha, féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, cuireadh a thabhairt do chomhlachais thionsclaíocha náisiúnta i réimse na cosanta, do sholáthróirí táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime dá dtagraítear in Airteagal 56(12), agus do shaineolaithe ón saol acadúil agus ón tsochaí shibhialta chuig na cruinnithe sin.

8.   Tá an tAirteagal seo gan dochar do cheart gach Ballstáit a leasanna slándála bunúsacha a chosaint i gcomhréir le hAirteagal 346(1), pointe (a), CFAE.

Airteagal 58

Tástálacha struis

1.   Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, topaicí ábhartha a shainaithint chun tástálacha struis a dhéanamh.

2.   Agus na hábhair arna sainaithint de bhun mhír 1 den Airteagal seo á chur san áireamh, déanfaidh an Coimisiún tástálacha struis a sheoladh agus a chomhordú, lena n-áirítear ionsamhluithe darb aidhm géarchéim soláthair dá dtagraítear in Airteagal 60 a thuar agus ullmhú di, agus go háirithe féadfaidh sé an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

cásanna agus paraiméadair a fhorbairt lena gceaptar na rioscaí ar leith a bhaineann le géarchéim soláthair, chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aici ar sholáthar táirgí cosanta atá ábhartha i gcás géarchéime agus ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh;

(b)

forbairt straitéisí le haghaidh ullmhacht i gcás éigeandála a éascú agus a dhreasú;

(c)

bearta maolaithe riosca a shainaithint, i gcomhar leis an mBord, tar éis na tástálacha struis a thabhairt chun críche.

3.   Féadfaidh an Coimisiún na tástálacha struis dá dtagraítear i mír 2 a dhéanamh ar bhonn rialta. Soláthróidh an Bord moltaí maidir le minicíocht tástálacha struis den sórt sin.

4.   Iarrfaidh an Coimisiún ar ionadaithe ó na Ballstáit uile páirt a ghlacadh sna tástálacha struis dá dtagraítear i mír 2. Tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, féadfaidh an Coimisiún cuireadh a thabhairt freisin d’ionadaithe ón Ardionadaí, ó GEC nó ó ghníomhaithe ábhartha eile páirt a ghlacadh sna tástálacha sin.

5.   Ar iarraidh ó dhá Bhallstát nó níos mó, féadfaidh an Coimisiún tástálacha struis a dhéanamh i limistéir gheografacha shonracha nó i réigiúin teorann shonracha sna Ballstáit sin.

6.   Tar éis don Choimisiún na tástálacha struis arna ndéanamh de bhun an Airteagail seo a chríochnú, cuirfidh sé na torthaí in iúl do na Ballstáit rannpháirteacha. Roinnfidh an Coimisiún tuarascáil leis an mBord ina mbeidh moltaí bunaithe ar thorthaí na dtástálacha struis sin gan moill mhíchuí. Faisnéis rúnaicmithe a bheidh sna torthaí sin agus sa tuarascáil sin.

Airteagal 59

Foláirimh agus beart coisctheach

1.   I gcás ina dtiocfaidh údarás inniúil de chuid Ballstáit ar an eolas faoi riosca go mbeadh suaitheadh tromchúiseach i soláthar táirge atá ábhartha i gcás géarchéime nó i gcás ina bhfuil faisnéis nithiúil iontaofa aige faoi aon toisc riosca ábhartha eile nó aon teagmhas ábhartha eile a mbeadh éifeacht ábharthach aige ar sholáthar táirge atá ábhartha i gcás géarchéime, tabharfaidh sé foláireamh don Bhord gan moill mhíchuí.

2.   Chun a chinneadh ar cheart foláireamh dá dtagraítear i mír 1 a thabhairt maidir le riosca suaite tromchúisigh agus táirge atá ábhartha i gcás géarchéime á sholáthar, cuirfidh na Ballstáit an méid seo a leanas san áireamh:

(a)

suíomh margaidh na n-oibreoirí eacnamaíocha a bhféadfadh an suaitheadh difear a dhéanamh dóibh;

(b)

an fad a mheastar a mhairfidh an suaitheadh féideartha;

(c)

an limistéar geografach agus an cion den mhargadh inmheánach a mbeadh éifeacht ag an suaitheadh féideartha agus a chuid éifeachtaí trasteorann féideartha air, chomh maith lena éifeacht fhéideartha ar limistéir gheografacha atá an-leochaileach nó neamhchosanta; agus

(d)

tionchar an tsuaite fhéideartha sin ar sholáthar na dtáirgí atá ábhartha i gcás géarchéime.

3.   I gcás ina dtiocfaidh an Bord nó an Coimisiún ar an eolas faoi riosca go gcuirfí isteach go tromchúiseach ar sholáthar táirge atá ábhartha i gcás géarchéime nó i gcás ina bhfuil faisnéis nithiúil iontaofa acu faoi aon toisc riosca ábhartha eile nó aon teagmhas ábhartha eile a mbeadh éifeacht ábharthach aige ar sholáthar táirge atá ábhartha i gcás géarchéime, lena n-áirítear ar bhonn táscairí luathrabhaidh, déanfaidh an Coimisiún, ar fholáireamh de bhun mhír 1 nó ar fholáireamh ó chomhpháirtithe idirnáisiúnta, na bearta coisctheacha seo a leanas a chur i gcrích gan moill mhíchuí:

(a)

cruinniú urghnách den Bhord a thionól chun na gníomhaíochtaí seo a leanas a chomhordú:

(i)

plé a dhéanamh ar a dhéine atá an suaitheadh féideartha ar infhaighteacht agus ar sholáthar na dtáirgí lena mbaineann atá ábhartha i gcás géarchéime;

(ii)

a mholadh don Choimisiún gníomhaíocht a thionscnamh i gcomhréir le Caibidlí II agus III;

(iii)

cuir chuige agus malartú dea-chleachtas údaráis inniúla náisiúnta na mBallstát a phlé, lena n-áirítear measúnú a dhéanamh ar staid ullmhachta phríomhsholáthróirí na dtáirgí atá ábhartha i gcás géarchéime;

(iv)

a iarraidh ar na Ballstáit dul i mbun idirphlé le páirtithe leasmhara a bhaineann leis na hacmhainneachtaí monaraíochta de chuid an Aontais is gá chun táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime a sholáthar d’fhonn bearta coisctheacha a shainaithint, a ullmhú agus, a chomhordú, b’fhéidir;

(v)

a phlé an mbeadh sé riachtanach agus comhréireach an staid géarchéime soláthair dá dtagraítear in Airteagal 60 a ghníomhachtú.

(b)

tar éis dul i gcomhairle leis an mBord, comhairliúcháin nó comhoibriú a thosú, thar ceann an Aontais, le tríú tíortha ábhartha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha d’fhonn réitigh chomhoibríocha a aimsiú chun suaitheadh sa slabhra soláthair a sheachaint nó aghaidh a thabhairt orthu, i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta, a bhféadfaidh, i gcás inarb iomchuí, comhordú i bhfóraim idirnáisiúnta ábhartha a bheith i gceist leo;

(c)

sineirgí le cláir agus gníomhartha dlí ábhartha de chuid an Aontais.

4.   Beidh an tAirteagal seo gan dochar do cheart gach Ballstáit a leasanna slándála bunúsacha a chosaint i gcomhréir le hAirteagal 346(1), pointe (a), CFAE.

ROINN 3

MAOLÚ AR GHÉARCHÉIM SOLÁTHAIR

Airteagal 60

An staid géarchéime soláthair a ghníomhachtú

1.   Measfar géarchéim soláthair a bheith ann sna cásanna seo a leanas:

(a)

nuair is ann do shuaitheadh tromchúiseach nó a gharbhaol maidir le soláthar táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime; agus

(b)

is as siocair suaití tromchúiseacha den sórt sin nó a gharbhaol a ghlacfaí nó is dócha a ghlacfaí beart náisiúnta éagsúil a bhaineann le táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime nach táirgí cosanta iad as a dtiocfadh tionchar diúltach tromchúiseach ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, go háirithe bacainní ar thrádáil trasteorann táirgí den sórt sin atá ábhartha i gcas géarchéime, agus ar fheidhmiú shlabhraí soláthair cosanta an Aontais.

2.   Más rud é, de bhun Airteagal 59, go dtugann an Coimisiún nó an Bord faoi deara go bhfuil riosca ann go mbeidh suaitheadh tromchúiseach sa soláthar táirgí cosanta atá ábhartha i gcás géarchéime nó i gcás ina bhfuil faisnéis nithiúil iontaofa aige faoi aon toisc riosca nó teagmhas ábhartha eile a dhéanann difear ábharthach do sholáthar na dtáirgí sin, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, measúnú ar cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo. Cuirfear san áireamh sa mheasúnú sin an tionchar agus iarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ag an staid géarchéime soláthair, ar shlabhraí soláthair na dtáirgí cosanta atá ábhartha i gcás géarchéime lena mbaineann laistigh den Aontas, torthaí na dtástálacha struis arna ndéanamh de bhun Airteagal 58, agus measúnuithe arna ndéanamh i gcreataí ábhartha eile bainistithe géarchéime de chuid an Aontais. I gcás ina dtugtar fianaise nithiúil iontaofa leis an measúnú sin, féadfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis an mBord, a mholadh don Chomhairle an staid géarchéime soláthair a ghníomhachtú. Nuair a mholfaidh sé don Chomhairle an staid géarchéime soláthair a ghníomhachtú, cuirfidh an Coimisiún an Pharlaimint ar an eolas faoi sin.

3.   Féadfaidh an Chomhairle, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme arna ghlacadh trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, an staid géarchéime soláthair a ghníomhachtú. Sonrófar fad tréimhse na staide géarchéime soláthair sa ghníomh cur chun feidhme agus ní rachaidh sé thar 12 mhí ar dtús. Sonrófar sa ghníomh cur chun feidhme sin freisin cé acu de na bearta a leagtar amach in Airteagail 62 agus 6347 a ghníomhachtófar. Ina theannta sin, féadfar a shainaithint leis an ngníomh cur chun feidhme na táirgí nach táirgí cosanta iad atá ábhartha i gcás géarchéime ar ina leith a ghníomhachtaítear na bearta sin.

4.   Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, na tograí dá dtagraítear i mír 3 a leasú.

5.   Tuairisceoidh an Coimisiún ar bhonn tráthrialta agus gach 3 mhí ar a laghad don Chomhairle agus do Pharlaimint na hEorpa maidir le an staid géarchéime-soláthair.

6.   Sula rachaidh fad tréimhse na staide géarchéime soláthair in éag, measúnóidh an Coimisiún, agus aird á tabhairt aige ar mholadh an Bhoird, ar cheart síneadh a chur leis. I gcás ina dtugtar fianaise nithiúil iontaofa leis an measúnú sin go bhfuil na coinníollacha maidir le gníomhachtú na staide géarchéime soláthair fós á gcomhlíonadh, féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, a mholadh don Chomhairle an staid géarchéime soláthair a fhadú.

7.   Féadfaidh an Chomhairle, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme arna ghlacadh trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, an staid géarchéime soláthair a ghníomhachtú. Beidh fad an fhadaithe teoranta do thréimhse uasta 12 mhí agus é sonraithe sa ghníomh cur chun feidhme.

8.   Le linn na staide géarchéime soláthair, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, measúnú ar a iomchuí atá sé deireadh luath a chur leis an staid géarchéime soláthair. Má léirítear sa mheasúnú gurb amhlaidh atá, féadfaidh an Coimisiún a mholadh don Chomhairle deireadh a chur leis an staid géarchéime soláthair.

9.   Féadfaidh an Chomhairle, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme arna ghlacadh trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, deireadh a chur leis an staid géarchéime soláthair roimh an dáta éaga a shonraítear sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 3 nó i mír 7.

10.   Le linn na staide géarchéime soláthair, déanfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin do Bhallstát nó ar a thionscnamh féin, cruinnithe urghnácha den Bhord a thionól i gcás inar gá. I gcomhréir le hAirteagal 76(10), tabharfaidh an Bord cuireadh, i gcás inarb ábhartha, d’ionadaithe ardleibhéil tionsclaíocha teacht le chéile i gcumraíocht speisialta chun saincheisteanna a bhaineann le táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime a phlé. Oibreoidh na Ballstáit i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún laistigh den Bhord chun comhordú aon bheart de chuid an Aontais agus bearta náisiúnta a rinneadh maidir le slabhraí soláthair na dtáirgí lena mbaineann agus atá ábhartha i gcás géarchéime nach táirgí cosanta iad a áirithiú.

11.   Ar dhul in éag don tréimhse ar ina leith a gníomhachtaíodh an staid géarchéime soláthair nó ar cuireadh síneadh léi, nó ar a fhoirceannadh luath, scoirfidh na bearta a glacadh i gcomhréir le hAirteagail 62 agus 63 d’fheidhm a bheith acu láithreach. Leanfaidh gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 63 (7) agus (9) d’fheidhm a bheith acu mar sin féin go dtí go gcomhlánófar na hiarrataí lena mbaineann a bhfuil rátáil tosaíochta a bhaint leo nó na horduithe lena mbaineann a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo.

12.   Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit an mhapáil agus an faireachán ar shlabhraí soláthair cosanta an Aontais a thabhairt cothrom le dáta de bhun Airteagail 56 agus 57, agus an taithí a fuarthas ón ngéarchéim á cur san áireamh, tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis don staid géarchéime soláthair dul in éag nó a bheith foirceanta.

Airteagal 61

Bosca uirlisí na géarchéime soláthair

1.   I gcás ina ngníomhachtófar an staid géarchéime soláthair de bhun Airteagal 60 agus i gcás inar gá chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim soláthair san Aontas, féadfaidh an Coimisiún na bearta dá bhforáiltear in Airteagail 62 agus 63, mar a shonraítear sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 60(3).

2.   Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, cur i bhfeidhm na mbeart dá dtagraítear i mír 1 a theorannú do na táirgí sin atá ábhartha i gcás géarchéime nach táirgí cosanta iad atá faoi réir mórshuaitheadh nó gharbhaol an tsuaite sin mar gheall ar an ngéarchéim soláthair. Beidh cur i bhfeidhm na mbeart dá dtagraítear i mír 1 comhréireach agus teoranta don mhéid is gá chun aghaidh a thabhairt ar shuaitheadh tromchúiseach nó chun maolú a dhéanamh ar gharbhaol an tsuaite sin a dhéanann difear do shlabhraí soláthair na dtáirgí lena mbaineann agus atá ábhartha i gcás géarchéime san Aontas, agus beidh an cur i bhfeidhm sin chun leas an Aontais. Le cur i bhfeidhm na mbeart sin, seachnófar ualach riaracháin díréireach a chur ar FBManna go háirithe.

3.   I gcás ina ngníomhachtófar an staid géarchéime soláthair de bhun Airteagal 60 agus i gcás inarb iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim soláthair san Aontas, féadfaidh an Bord measúnú a dhéanamh agus comhairle a thabhairt i ndáil le bearta iomchuí éifeachtacha.

4.   Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas go tráthrialta faoi aon bheart a ghlactar i gcomhréir le mír 1, agus míneoidh sé cad is údar leis sin.

5.   Agus aird á tabhairt aige ar mholadh an Bhoird, eiseoidh an Coimisiún treoir faoi chur chun feidhme agus úsáid na mbeart dá bhforáiltear in Airteagail 62 agus 63.

Airteagal 62

Iarrataí ar fhaisnéis

1.   I gcás ina ngníomhachtóidh an Chomhairle an beart faoin Airteagal seo i gcomhréir le hAirteagal 60(3), féadfaidh an Coimisiún, nuair nach leor an fhaisnéis atá ar fáil, a iarraidh ar oibreoir eacnamaíoch a rannchuidíonn le táirgeadh táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime, nach táirgí cosanta iad agus comhaontú roimh ré faighte aige ón mBallstát a bhfuil láithreán táirgthe an oibreora eacnamaíoch lonnaithe ar a chríoch, faisnéis a chur ar fáil don mBallstát sin laistigh de theorainn ama shocraithe maidir lena chumais táirgeachta, a n-acmhainneachtaí táirgeachta agus na príomhshuaití atá ann faoi láthair. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann, ar a sheal, an fhaisnéis a iarradh ar fáil don Choimisiún. Beidh an fhaisnéis a iarrtar teoranta don mhéid is gá chun measúnú a dhéanamh ar chineál na géarchéime soláthair nó chun bearta féideartha maolaithe a shainaithint nó a mheas.

2.   Sula seolfar iarraidh ar fhaisnéis de bhun mhír 1, agus le comhaontú roimh ré ón mBallstát a bhfuil láithreán táirgthe an oibreora eacnamaíoch lena mbaineann lonnaithe ar a chríoch, féadfaidh an Coimisiún comhairliúchán deonach a dhéanamh le líon ionadaíoch d’oibreoirí eacnamaíocha ábhartha d’fhonn ábhar iomchuí agus comhréireach na hiarrata sin a shainaithint. Ullmhóidh an Coimisiún an iarraidh ar fhaisnéis i gcomhar leis an mBord.

3.   Déanfaidh an Coimisiún cóip den iarraidh ar fhaisnéis a chur ar aghaidh gan moill mhíchuí chuig údarás inniúil náisiúnta an Bhallstáit a bhfuil láithreán táirgeachta an oibreora eacnamaíoch lena mbaineann lonnaithe ar a chríoch.

4.   Déanfar an méid seo a leanas leis an iarraidh ar fhaisnéis:

(a)

sonrófar an bunús dlí atá léi;

(b)

beidh sí teoranta don íosmhéid is gá agus beidh sí comhréireach i dtéarmaí ghráinneacht agus líon na sonraí a iarradh agus mhinicíocht na rochtana ar na sonraí a iarradh;

(c)

tabharfar aird inti ar leasanna dlisteanacha an oibreora eacnamaíoch agus ar an gcostas agus ar an iarracht is gá chun na sonraí a chur ar fáil;

(d)

cuimseofar inti faisnéis teagmhála údaráis inniúla náisiúnta an Bhallstáit a bhfuil láithreán táirgthe an oibreora eacnamaíoch lena mbaineann lonnaithe ar a chríoch agus a seolfar an freagra chucu;

(e)

agus leagfar amach inti an teorainn ama inar gá na sonraí a sholáthar don Bhallstát lena mbaineann; agus

(f)

sonrófar inti freisin na pionóis dá bhforáiltear in Airteagal 72.

5.   I gcás ina n-aontóidh an Ballstát lena mbaineann go seolfar iarraidh ar fhaisnéis de bhun mhír 1, féadfaidh sé a chinneadh go ndíreofaí an iarraidh sin, mar a d'ullmhaigh an Coimisiún é de bhun mhíreanna 2 agus 4, go díreach chuig an oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann.

6.   Is ar bhonn aonair a sholáthróidh gach oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann, nó aon duine atá údaraithe go cuí ionadaíocht a dhéanamh thar ceann an oibreora eacnamaíoch sin, an fhaisnéis a iarrtar don Bhallstát lena mbaineann.

7.   Áiritheoidh na Ballstáit lena mbaineann go gcuirfear an fhaisnéis arna hiarraidh ar fáil don Choimisiún gan moill mhíchuí.

8.   I gcás ina n-iarrfaidh tríú tír faisnéis ar oibreoir eacnamaíoch atá bunaithe san Aontas, ar faisnéis í a bhaineann lena ghníomhaíochtaí le haghaidh soláthar táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime nach táirgí cosanta iad, cuirfidh sé an Ballstát a bhfuil a láithreán táirgthe lonnaithe ar a chríoch, ar an eolas in am trátha. Cuirfidh an Ballstát sin an Coimisiún ar an eolas ar a sheal, ar bhealach lena mbeidh sé ar chumas an Bhallstáit lena mbaineann agus an Choimisiúin faisnéis chomhchosúil a iarraidh ar an oibreoir eacnamaíoch. Cuirfidh an Coimisiún an Bord ar an eolas gurb ann don iarraidh sin ó thríú tír.

9.   I gcás ina soláthróidh oibreoir eacnamaíoch faisnéis atá neamhiomlán, míchruinn nó míthreorach mar fhreagairt ar iarraidh a dhéantar de bhun an Airteagail seo, nó i gcás nach gcuirfidh sé ar fáil an fhaisnéis laistigh den teorann ama atá leagtha síos, beidh sé faoi réir fíneálacha arna socrú i gcomhréir le hAirteagal 72, ach amháin i gcás ina bhfuil cúiseanna leordhóthanacha ag an oibreoir eacnamaíoch gan an fhaisnéis a iarradh a sholáthar nó gan í a sholáthar laistigh den teorann ama atá leagtha síos, go háirithe i gcás ina bhféadfadh próiseáil na hiarrataí ar fhaisnéis ag oibreoir eacnamaíoch cur isteach go mór ar a oibríochtaí, ina bhfuil an fhaisnéis rúnaicmithe agus marcáilte le haghaidh úsáid náisiúnta amháin nó ina bhfuil baol ann go bhféadfaí dochar suntasach a dhéanamh dá ghníomhaíocht ghnó dá nochtfaí an fhaisnéis sin.

10.   Úsáidfidh an Coimisiún agus an Ballstát lena mbaineann modhanna slána chun an iarraidh ar fhaisnéis a sheoladh agus/nó chun aon fhaisnéis arna fáil a láimhseáil i gcomhréir le hAirteagal 80.

11.   Tá an tAirteagal seo gan dochar do cheart gach Ballstáit leasanna bunúsacha a shlándála a chosaint, i gcomhréir le hAirteagal 346(1), pointe (a), CFAE.

Airteagal 63

Tosaíocht a thabhairt do tháirgí nach táirgí cosanta iad

1.   I gcás ina ngníomhachtóidh an Chomhairle an beart faoin Airteagal seo i gcomhréir le hAirteagal 60(3), féadfaidh Ballstát a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha aige ordú a chur isteach nó conradh a fhorghníomhú a bhaineann le soláthar táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin go n-iarrfadh sé ar oibreoir eacnamaíoch glacadh le hordú áirithe de tháirgí atá ábhartha i gcás géarchéime nach táirgí cosanta iad, nó tosaíocht a thabhairt d’ordú den sórt sin.

2.   Ar iarraidh dá dtagraítear i mír 1 a fháil, féadfaidh an Coimisiún, i gcás nach féidir táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime nach táirgí cosanta iad a tháirgeadh nó a sholáthar trí aon bhearta eile dá bhforáiltear sa Chaibidil seo, iarraidh a chur chuig an oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann tar éis dó an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

dul i gcomhairle leis an mBallstát a bhfuil láithreán táirgthe an oibreora eacnamaíoch lena mbaineann lonnaithe ar a chríoch agus comhaontú a fháil uaidh roimh ré; agus

(b)

dul i gcomhairle leis an mBallstát a bhfuil struchtúr bainistíochta feidhmiúcháin an oibreora eacnamaíoch lonnaithe ar a chríoch.

3.   Áireofar san iarraidh dá dtagraítear i mír 2 faisnéis maidir le bunús dlí na hiarrata, sonrófar ann na táirgí, a sonraíochtaí agus a cainníochtaí, sceideal agus teorainn ama chun an t ordú a dhéanamh agus a chomhlánú, agus luafar ann na cúiseanna a thugann údar le húsáid na hiarrata a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint léi.

4.   Léireoidh an Coimisiún gur roghnaíodh faighteoirí agus tairbhithe an iarrata dá dtagraítear i mír 2 ar bhealach neamh-idirdhealaitheach a chomhlíonann rialacha iomaíochta an Aontais.

5.   Bunóidh an Coimisiún an iarraidh dá dtagraítear i mír 2 ar shonraí oibiachtúla, fíorasacha, intomhaiste, cuí-réasúnaithe, trína léirítear go bhfuil an nós imeachta tosaíochta sin fíor-riachtanach chun feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, agus ag féachaint do leasanna dlisteanacha an oibreora eacnamaíoch agus don chostas agus don iarracht is gá le haon athrú a dhéanamh ar sheicheamh táirgeachta an tslabhra soláthair.

6.   Tabharfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann freagra don Choimisiún laistigh de chúig lá oibre tar éis dó an iarraidh dá dtagraítear i mír 2 a fháil agus luafaidh sé an nglacann sé leis an iarraidh nó an ndiúltaíonn sé di. I gcás ina n-éilíonn práinn an cháis é, féadfaidh an Coimisiún, bunaithe ar údar leis an bpráinn sin, a iarraidh ar an oibreoir eacnamaíoch freagra a thabhairt laistigh de sprioc-am níos giorra.

7.   I gcás ina bhfuil glactha go sainráite leis an iarraidh dá dtagraítear i mír 2 ag an oibreoir eacnamaíoch dá ndírítear an iarraidh sin, glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, iarraidh a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint lé ina leagtar amach an méid seo a leanas:

(a)

an bunús dlí atá ag an iarraidh a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint léi atá le comhlíonadh ag an oibreoir eacnamaíoch;

(b)

liosta de na táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime atá faoi réir na hiarrata sin a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint léi, a sonraíochtaí, a bpraghas agus na cainníochtaí a sholáthrófar;

(c)

na teorainneacha ama ina bhfuil an iarraidh tosaíochta le comhlánú;

(d)

tairbhithe na hiarrata a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint léi;

(e)

tarscaoileadh an dliteanais chonarthaigh faoi na coinníollacha a leagtar síos i mír 12 den Airteagal seo; agus

(f)

na pionóis dá bhforáiltear in Airteagal 72 maidir le neamh-chomhlíonadh na n-oibleagáidí a eascraíonn as an ngníomh cur chun feidhme sin.

8.   I gcás ina ndiúltóidh an t-oibreoir eacnamaíoch don iarraidh dá dtagraítear i mír 2, soláthróidh sé údar mionsonraithe leis an diúltú sin don Choimisiún.

9.   Ag féachaint go cuí do na húdair arna soláthar ag an oibreoir eacnamaíoch faoi mhír 8 den Airteagal seo, agus tar éis dul i gcomhairle agus comhaontú a fháil roimh ré ón mBallstát a bhfuil láithreán táirgthe an oibreora eacnamaíoch lena mbaineann lonnaithe ar a chríoch agus tar éis dó comhaontú a fháil roimh ré ón mBallstát a bhfuil struchtúr bainistíochta feidhmiúcháin an oibreora eacnamaíoch lonnaithe ar a chríoch, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, ordú a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leis a ghlacadh lena bhforchuirtear oibleagáid ar an oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann an t-ordú sin a chomhlíonadh. Luafaidh an Coimisiún na cúiseanna, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta agus le cearta bunúsacha an oibreora eacnamaíoch faoi Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus i bhfianaise na n-imthosca a dtugtar tuairisc orthu i mír 1, gur ghá an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh. Le haon ghníomh cur chun feidhme mar sin, soláthrófar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 7.

10.   Ní eiseoidh an Coimisiún an t-ordú a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leis in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

nuair nach bhfuil an t-oibreoir eacnamaíoch in ann an t-ordú a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leis a chomhlíonadh mar thoradh ar chumas táirgeachta nó acmhainneacht táirgeachta neamh-leordhóthanach, nó ar fhorais theicniúla, fiú i gcás cóir fhabhrach i leith an ordaithe; nó

(b)

ina gcuirfí ualach eacnamaíoch míréasúnta ar an oibreoir eacnamaíoch agus ina mbeadh cruatan ar leith i gceist dó mar thoradh ar chomhlíonadh nó comhlánú an ordaithe, lena n-áirítear rioscaí suntasacha a bhaineann le leanúnachas gnó.

11.   Maidir leis na hiarrataí a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo dá dtagraítear i mír 7 agus orduithe a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo dá dtagraítear i mír 9:

(a)

cuirfear ar phraghas cóir agus réasúnta iad, agus deischostais an oibreora eacnamaíoch á gcur san áireamh ar bhealach leordhóthanach nuair a bheidh na hiarrataí a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo nó na horduithe a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo á gcomhlíonadh aige le hais na n-oibleagáidí conarthacha atá ann cheana;

(b)

beidh tosaíocht acu thar aon oibleagáid um chomhlíonadh faoin dlí príobháideach nó faoin dlí poiblí a bhaineann leis na táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime atá faoi réir iarraidh a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint léi nó le hordú a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leis, cé is moite de na hoibleagáidí a bhaineann go díreach le cuspóir míleata.

12.   Ní bheidh an t-oibreoir eacnamaíoch atá faoi réir iarraidh a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint léi de bhun mhír 7 nó le hordú a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leis de bhun mhír 9 faoi dhliteanas i leith aon sárú i leith oibleagáid chonarthach a rialaítear le dlí Ballstáit, ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a)

ní mór an oibleagáid chonarthach a shárú chun an tosaíocht is gá a chomhlíonadh;

(b)

comhlíonadh an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 7 nó 9; agus

(c)

i gcás inarb infheidhme, níorbh é an t-aon chríoch amháin a bhí ag glacadh leis an iarraidh a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint léi go seachnófaí oibleagáid chonarthach a bhí ann roimh ré go míchuí.

13.   Aon choinbhleacht a tharlaíonn idir iarraidh a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint léi nó ordú a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leis agus beart arna dhéanamh faoi aon sásra tosaíochta eile de chuid an Aontais, pléifidh an Bord í agus réiteoidh an Coimisiún í, tríd an leas poiblí a mheá.

14.   Oibreoir eacnamaíoch atá faoi réir iarraidh a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint léi de bhun mhír 7 nó ordú a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leis de bhun mhír 9, féadfaidh sé a iarraidh ar an gCoimisiún an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 7 nó 9 a mhodhnú i gcás ina measann sé go bhfuil údar cuí leis sin bunaithe ar cheann de na forais seo a leanas:

(a)

níl an t-oibreoir eacnamaíoch in ann an iarraidh a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint léi ná an t-ordú a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leis a chomhlíonadh mar thoradh ar chumas nó acmhainneacht neamhleor táirgeachta, fiú i gcás cóir fhabhrach i leith na hiarrata nó an ordaithe;

(b)

dá gcomhlánófaí an iarraidh nó an t-ordú, chuirfí ualach eacnamaíoch míréasúnta ar an oibreoir eacnamaíoch agus bheadh cruatan ar leith i gceist dó.

15.   Cuirfidh an t-oibreoir eacnamaíoch an fhaisnéis ábhartha chuí-réasúnaithe uile ar fáil le gur féidir leis an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar fhiúntas na hiarrata ar mhodhnú dá dtagraítear i mír 14.

16.   Ar bhonn an scrúdaithe ar na cúiseanna agus ar an bhfianaise arna gcur ar fáil ag an oibreoir eacnamaíoch, féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBallstát a bhfuil láithreán táirgthe an oibreora eacnamaíoch lena mbaineann lonnaithe ar a chríoch agus leis an mBallstát a bhfuil struchtúr bainistíochta feidhmiúcháin an oibreora eacnamaíoch sin lonnaithe ar a chríoch, leasú a dhéanamh ar a ghníomh cur chun feidhme chun an t-oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann a scaoileadh, go páirteach nó go hiomlán, óna oibleagáidí faoin Airteagal seo.

17.   Nuair a bheidh oibreoir eacnamaíoch atá bunaithe san Aontas faoi réir beart de chuid tríú tír lena ngabhann ordú a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leis nó iarraidh tosaíochta ag baint léi le haghaidh táirge atá ábhartha i gcás géarchéime agus nach táirge é a bhaineann le cosaint, tabharfaidh sé fógra don Coimisiún faoi sin. Cuirfidh an Coimisiún an Bord ar an eolas ansin gur ann do bheart den sórt sin.

18.   I gcás nach gcomhlíonfaidh oibreoir eacnamaíoch atá faoi réir iarraidh a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint léi de bhun mhír 7 nó ordú a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leis de bhun mhír 9, d’aon ghnó nó trí mhórfhaillí, an iarraidh nó an t-ordú sin, beidh sé faoi réir fíneálacha a leagfar amach i gcomhréir le hAirteagal 72, ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a)

níl an t-oibreoir eacnamaíoch in ann an iarraidh a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint léi ná an t-ordú a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leis a chomhlíonadh mar thoradh ar chumas nó acmhainneacht neamhleor táirgeachta, nó ar fhorais theicniúla; nó

(b)

chuirfí ualach eacnamaíoch míréasúnta ar an oibreoir eacnamaíoch agus bheadh cruatan ar leith i gceist dó mar thoradh ar chomhlíonadh nó comhlánú an ordaithe, lena n-áirítear rioscaí suntasacha a bhaineann le leanúnachas gnó.

19.   Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena leagtar síos na socruithe praiticiúla agus oibríochtúla maidir le feidhmiú na n-iarrataí a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo agus na n-orduithe a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo, lena n-áirítear modheolaíocht chun praghas na dtáirgí atá ábhartha i gcás géarchéime agus atá faoi réir orduithe a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo a chinneadh.

20.   Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear san Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 77(4).

21.   Tá an tAirteagal seo gan dochar do cheart gach Ballstáit leasanna bunúsacha a shlándála a chosaint, i gcomhréir le hAirteagal 346(1), pointe (b), CFAE.

ROINN 4

STAID GÉARCHÉIME SOLÁTHAIR A BHAINEANN LEIS AN TSLÁNDÁIL

Airteagal 64

Staid géarchéime soláthair a bhaineann leis an tslándáil a ghníomhachtú

1.   Measfar géarchéim soláthair a bhaineann leis an tslándáil a bheith ag tarlú sna cásanna seo a leanas:

(a)

is ann do shuaitheadh tromchúiseach sa soláthar táirgí cosanta nó gar-riosca ann go dtarlódh sin, amhail suaitheadh mar gheall ar thionchar teagmhais a bhaineann le slándáil an Aontais; agus

(b)

is as siocair suaití tromchúiseacha den sórt sin nó a gharbhaol a ghlacfaí nó is dócha a ghlacfaí beart náisiúnta éagsúil a bhaineann le táirgí cosanta atá ábhartha i gcás géarchéime as a dtiocfadh tionchar diúltach tromchúiseach ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, go háirithe bacainní ar thrádáil trasteorann táirgí cosanta den sórt sin atá ábhartha i gcás géarchéime laistigh den Aontas, bacainní is cúis le ganntanais shuntasacha táirgí cosanta.

2.   Más rud é, de bhun Airteagal 59, go dtugann an Coimisiún nó an Bord faoi deara go bhfuil riosca ann go mbeidh suaitheadh tromchúiseach sa soláthar táirgí cosanta atá ábhartha i gcás géarchéime nó i gcás ina bhfuil faisnéis nithiúil iontaofa aige faoi aon toisc riosca ábhartha nó aon teagmhas eile a dhéanann difear ábharthach do sholáthar na dtáirgí sin, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, measúnú ar cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo. Cuirfear san áireamh sa mheasúnú sin na tionchair agus iarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ag an staid géarchéime soláthair a bhaineann leis an tslándáil, ar na slabhraí soláthair i réimse na cosanta laistigh den Aontas, ar thorthaí tástálacha struis arna ndéanamh de bhun Airteagal 58, agus ar mheasúnuithe arna ndéanamh i gcreataí ábhartha eile bainistithe géarchéime de chuid an Aontais. I gcás ina dtugtar fianaise nithiúil iontaofa leis an measúnú sin, féadfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis an mBord, a mholadh don Chomhairle an staid géarchéime soláthair, a bhaineann leis an tslándáil, a ghníomhachtú. I gás ina molann sé don Chomhairle an staid géarchéime soláthair a bhaineann leis an tslándáil a ghníomhachtú, cuirfidh an Coimisiún an Pharlaimint ar an eolas faoi sin.

3.   Agus measúnú á dhéanamh aige an gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo de bhun mhír 2, cuirfidh an Coimisiún san áireamh, go háirithe, ar sainaithníodh géarchéim a dhéanann difear do leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus a Bhallstát laistigh de réimse CBES, amhail ar spreag an ghéarchéim gníomhachtú an chlásail um chúnamh frithpháirteach de bhun Airteagal 42(7) CAE.

4.   Féadfaidh an Chomhairle, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme arna ghlacadh trí thromlach cáilithe agus ar thogra ón gCoimisiún, an staid géarchéime soláthair a bhaineann leis an tslándáil a ghníomhachtú. Déanfar fad tréimhse na staide géarchéime soláthair a bhaineann leis an tslándáil a shonrú sa ghníomh cur chun feidhme agus ní rachaidh sé thar 12 mhí ar dtús. Sonrófar sa ghníomh cur chun feidhme sin freisin cé acu de na bearta a leagtar amach in Airteagail 65 go 71 atá gníomhachtaithe. Ina theannta sin, féadfar a shainaithint leis an ngníomh cur chun feidhme na táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime ar ina leith a ghníomhachtaítear na bearta sin.

5.   Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, an togra dá dtagraítear i mír 3 a leasú.

6.   Tuairisceoidh an Coimisiún ar bhonn tráthrialta agus gach 3 mhí ar a laghad don Chomhairle agus do Pharlaimint na hEorpa maidir leis an staid géarchéime soláthair a bhaineann leis an tslándáil.

7.   Tráth nach déanaí ná 3 seachtaine roimh dhul in éag thréimhse na staide géarchéime soláthair a bhaineann leis an tslándáil, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid na Comhairle, agus an moladh ón mBord á chur san áireamh aige, ina measúnófar ar cheart síneadh a chur leis an bhfad tréimhse sin. Déanfar anailís sa tuarascáil go háirithe ar thionchar na mbeart a gníomhachtaíodh roimhe sin faoin gCaibidil seo. I gcás ina dtugtar fianaise nithiúil iontaofa leis an measúnú sin go bhfuil na coinníollacha maidir le gníomhachtú na staide géarchéime soláthair a bhaineann leis an tslándáil fós á gcomhlíonadh, féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, a mholadh don Chomhairle an staid géarchéime soláthair a bhaineann leis an tslándáil a fhadú.

8.   Féadfaidh an Chomhairle, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme arna ghlacadh trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, an staid géarchéime soláthair a bhaineann leis an tslándáil a fhadú. Beidh fad an fhadaithe teoranta do thréimhse uasta 6 mhí agus sonrófar é sa ghníomh cur chun feidhme. Sonrófar sa ghníomh cur chun feidhme sin freisin cé acu de na bearta a leagtar amach in Airteagail 65 go 71 a leanfar dá gcur i bhfeidhm, nó i gcás inarb ábhartha, atá gníomhachtaithe. Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, cinneadh a dhéanamh arís agus arís eile síneadh a chur leis an tréimhse a ndéantar an staid géarchéime soláthair a bhaineann leis an tslándáil a ghníomhachtú lena linn i gcás ina bhfuil údar maith leis sin chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim soláthair a bhaineann leis an tslándáil.

9.   Féadfaidh an Coimisiún a mholadh don Chomhairle an staid géarchéime soláthair a bhaineann leis an tslándáil a fhadú a mhinice a mheastar is gá chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim sholáthair a bhaineann leis an tslándáil, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i mír 7. Má mholann an Coimisiún amhlaidh, beidh feidhm ag mír 8 den Airteagal seo.

10.   Le linn na staide géarchéime soláthair a bhaineann leis an tslándáil, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, measúnú ar a iomchuí atá sé deireadh luath a chur leis an staid géarchéime soláthair a bhaineann leis an tslándáil. Má léirítear sa mheasúnú gurb amhlaidh atá, molfaidh an Coimisiún don Chomhairle deireadh a chur leis an staid ghéarchéime a bhaineann leis an tslándáil.

11.   Féadfaidh an Chomhairle, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme arna ghlacadh trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, deireadh a chur leis an staid géarchéime soláthair a bhaineann leis an tslándáil roimh an dáta éaga a shonraítear sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 4 nó 8.

12.   Ar dhul in éag don tréimhse ar ina leith a gníomhachtaíodh an staid géarchéime soláthair nó ar cuireadh síneadh léi, nó ar a fhoirceannadh luath, scoirfidh na bearta arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagail 65 go 71 d’fheidhm a bheith acu láithreach. Leanfaidh gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 66(6) d’fheidhm a bheith acu go dtí go gcomhlánófar na hiarrataí lena mbaineann a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo.

Agus na bearta a leagtar amach in Airteagail 65 go 71 á n-ullmhú agus á gcur chun feidhme, gníomhóidh an Coimisiún, nuair is féidir, i ndlúthchomhar leis an mBord, a chuirfidh comhairle ar fáil go tráthúil. Cuirfidh an Coimisiún an Bord ar an eolas faoin ngníomhaíocht a rinneadh. Le linn na staide géarchéime soláthair a bhaineann leis an tslándáil, déanfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin do Bhallstát nó ar a thionscnamh féin, cruinnithe urghnácha den Bhord a thionól i gcás inar gá. I gcomhréir le hAirteagal 76(10), tabharfaidh an Bord cuireadh, i gcás inarb ábhartha, d’ionadaithe ardleibhéil tionsclaíocha teacht le chéile i gcumraíocht speisialta chun saincheisteanna a bhaineann le táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime lena mbaineann a phlé. Oibreoidh na Ballstáit i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún laistigh den Bhord chun comhordú a áirithiú ar aon bheart de chuid an Aontais agus ar aon bheart náisiúnta a dhéantar maidir leis na slabhraí soláthair i réimse cosanta a bhaineann leis an táirge cosanta atá ábhartha i gcás géarchéime lena mbaineann.

13.   I gcás ina ngníomhachtófar an staid géarchéime soláthair a bhaineann leis an tslándáil, féadfaidh an Coimisiún a mholadh don Chomhairle na bearta dá bhforáiltear in Airteagail 62 agus 63 a ghníomhachtú, faoi na coinníollacha a leagtar síos iontu agus in Airteagail 60 agus 61.

Airteagal 65

Bailiú iarrataí

I gcás ina ngníomhachtóidh an Chomhairle an beart faoin Airteagal seo i gcomhréir le hAirteagal 64(4), féadfaidh an Coimisiún na bearta dá bhforáiltear in Airteagal 62 a dhéanamh maidir le táirgí cosanta atá ábhartha i gcás géarchéime, i gcomhréir leis na coinníollacha a shainítear ann.

Airteagal 66

Tosaíocht a thabhairt do tháirgí cosanta

1.   I gcás ina ngníomhachtóidh an Chomhairle an beart faoin Airteagal seo i gcomhréir le hAirteagal 64(4), féadfaidh Ballstát iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin go n-iarrfadh sé ar oibreoir eacnamaíoch a bhfuil a láithreán táirgthe lonnaithe ar a chríoch glacadh le horduithe áirithe de tháirgí cosanta atá ábhartha i gcás géarchéime nó tosaíocht a thabhairt dóibh, chun aghaidh a thabhairt ar na géardheacrachtaí atá roimh an mBallstát sin nó roimh Bhallstát eile maidir le hordú a dhéanamh nó maidir le conradh a fhorghníomhú chun na táirgí sin a sholáthar.

2.   Ar iarraidh dá dtagraítear i mír 1 a fháil, féadfaidh an Coimisiún, i gcás nach féidir táirgí cosanta atá ábhartha i gcás géarchéime a tháirgeadh nó a sholáthar trí aon bheart eile dá bhforáiltear sa Chaibidil seo, iarraidh a chur chuig an oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann tar éis dó an méid a leanas a dhéanamh:

(a)

dul i gcomhairle leis an mBallstát a bhfuil láithreán táirgthe an oibreora eacnamaíoch lena mbaineann lonnaithe ar a chríoch, agus comhaontú a fháil roimh ré ón mBallstát sin; agus

(b)

dul i gcomhairle leis an mBallstát a bhfuil struchtúr bainistíochta feidhmiúcháin an oibreora eacnamaíoch lena mbaineann lonnaithe ar a chríoch agus comhaontú a fháil roimh ré ón mBallstát sin.

Cuirfear in iúl go sainráite san iarraidh ón gCoimisiún go bhfuil sé de shaoirse ag an oibreoir eacnamaíoch diúltú don iarraidh.

3.   Áireofar san iarraidh dá dtagraítear i mír 2 faisnéis maidir le bunús dlí na hiarrata, sonrófar ann na táirgí, a sonraíochtaí agus na cainníochtaí, sceideal agus teorainn ama chun an t-ordú a dhéanamh agus a chomhlánú, agus luafar ann na cúiseanna a thugann údar le húsáid na hiarrata a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint léi.

4.   Léireoidh an Coimisiún gur roghnaíodh faighteoirí agus tairbhithe na n-iarrataí dá dtagraítear i mír 2 ar bhealach neamh-idirdhealaitheach a chomhlíonann rialacha iomaíochta an Aontais.

5.   Bunóidh an Coimisiún na hiarrataí dá dtagraítear i mír 2 ar shonraí oibiachtúla, fíorasacha, intomhaiste, cuí-réasúnaithe, trína léirítear go bhfuil an nós imeachta tosaíochta sin fíor-riachtanach chun feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, agus ag féachaint do leasanna dlisteanacha an oibreora eacnamaíoch lena mbaineann agus don chostas agus don iarracht is gá le haon athrú a dhéanamh ar sheicheamh táirgeachta an tslabhra soláthair.

6.   I gcás inar ghlac an t-oibreoir eacnamaíoch ar chuige a cuireadh an iarraidh dá dtagraítear i mír 2 go sainráite leis an iarraidh sin, glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin ghníomh cur chun feidhme agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBallstát a bhfuil láithreán táirgthe an oibreora eacnamaíoch lena mbaineann lonnaithe ar a chríoch agus comhaontú a fháil ón mBallstát sin roimh ré agus tar éis a dhéanamh amhlaidh i gcás an Bhallstáit a bhfuil struchtúr bainistíochta feidhmiúcháin an oibreora eacnamaíoch lena mbaineann lonnaithe ar a chríoch, glacfaidh sé, iarraidh a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint léi ina leagtar amach an méid seo a leanas:

(a)

an bunús dlí atá ag an iarraidh a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint léi agus atá le comhlíonadh ag an oibreoir eacnamaíoch;

(b)

liosta na dtáirgí atá ábhartha i gcás géarchéime atá faoi réir na hiarrata a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint léi, agus na sonraíochtaí agus na cainníochtaí ina soláthrófar iad;

(c)

na teorainneacha ama ina bhfuil an iarraidh a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint léi le comhlánú;

(d)

tairbhithe na hiarrata a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint léi;

(e)

raon feidhme na n-oibleagáidí conarthacha ar a mbeidh tús áite ag an iarraidh a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint léi;

(f)

tarscaoileadh an dliteanais chonarthaigh faoi na coinníollacha a leagtar síos i mír 8 den Airteagal seo; agus

(g)

na pionóis dá bhforáiltear in Airteagal 72 maidir le neamh-chomhlíonadh na n-oibleagáidí a eascraíonn as an ngníomh cur chun feidhme sin.

Déanfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 77(4).

7.   Maidir leis na hiarrataí a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo dá dtagraítear i mír 6:

(a)

cuirfear ar phraghas cóir agus réasúnta iad, agus deischostais an oibreora eacnamaíoch á gcur san áireamh ar bhealach leordhóthanach i bhfianaise na hiarrataí a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo a bheith á gcomhlíonadh aige le hais na n-oibleagáidí conarthacha atá ann cheana; agus

(b)

beidh tosaíocht acu thar aon oibleagáidí conarthacha a bhaineann leis na táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime faoi réir na hiarrata a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint léi faoin dlí príobháideach nó faoin dlí poiblí, faoi na coinníollach a leagtar síos sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 6.

8.   Ní bheidh an t-oibreoir eacnamaíoch atá faoi réir iarraidh tosaíochta de bhun mhír 6 faoi dhliteanas i leith aon sárú i leith oibleagáid chonarthach a rialaítear le dlí Ballstáit, ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a)

tá fíorghá leis an oibleagáid conarthach a shárú chun an tosaíocht is gá a chomhlíonadh;

(b)

comhlíonadh an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 6; agus

(c)

nárbh é an t-aon chríoch a bhí i gceist le glacadh leis an iarraidh a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint léi go seachnófaí go míchuí réamh-oibleagáid um chomhlíonadh.

9.   Féadfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch atá faoi réir iarraidh a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint léi a iarraidh ar an gCoimisiún an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 6 a mhodhnú i gcás ina measann sé go bhfuil údar cuí leis sin bunaithe ar cheann de na forais seo a leanas:

(a)

níl an t-oibreoir eacnamaíoch in ann an iarraidh a bhfuil rátáil ag baint léi a chomhlíonadh mar thoradh ar chumas nó acmhainneacht neamhleor táirgeachta, fiú i gcás cóir fhabhrach i leith na hiarrata;

(b)

dá gcomhlánófaí an iarraidh, chuirfí ualach eacnamaíoch míréasúnta ar an oibreoir eacnamaíoch agus bheadh cruatan ar leith i gceist dó.

10.   Cuirfidh an t-oibreoir eacnamaíoch an fhaisnéis ábhartha chuí-réasúnaithe uile ar fáil le gur féidir leis an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar fhiúntas na hiarrata ar mhodhnú dá dtagraítear i mír 9.

11.   Ar bhonn an scrúdaithe ar na cúiseanna agus ar an bhfianaise arna gcur ar fáil ag an oibreoir eacnamaíoch, féadfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis an mBallstát a bhfuil láithreán ábhartha táirgthe an oibreora eacnamaíoch lonnaithe ar a chríoch agus comhaontú a fháil uaidh roimh ré agus a dhéanamh amhlaidh maidir leis an mBallstát a bhfuil struchtúr bainistíochta feidhmiúcháin an oibreora eacnamaíoch lena mbaineann lonnaithe ar a chríoch, leasú a dhéanamh ar a ghníomh cur chun feidhme chun an t-oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann a scaoileadh, go páirteach nó go hiomlán, óna oibleagáidí faoin Airteagal seo.

12.   I gcás nach gcomhlíonann oibreoir eacnamaíoch, d’aon ghnó nó trí mhórfhaillí tar éis dó glacadh go sainráite le tosaíocht a thabhairt do na horduithe arna n-iarraidh ag an gCoimisiún, an oibleagáid tosaíocht a thabhairt do na horduithe sin, beidh sé faoi réir fíneálacha a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 72, ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a)

nach bhfuil an t-oibreoir eacnamaíoch in ann an iarraidh a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint léi a chomhlíonadh mar thoradh ar chumas nó acmhainneacht neamhleor táirgeachta, nó ar fhorais theicniúla; nó

(b)

ina gcuirfí ualach eacnamaíoch míréasúnta ar an oibreoir eacnamaíoch agus ina mbeadh cruatan ar leith i gceist dó mar thoradh ar chomhlíonadh nó comhlánú na hiarrata, lena n-áirítear rioscaí suntasacha a bhaineann le leanúnachas gnó.

13.   Nuair a bheidh oibreoir eacnamaíoch atá bunaithe san Aontas faoi réir beart de chuid tríú tír lena ngabhann iarraidh a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint léi le haghaidh táirge cosanta atá ábhartha i gcás géarchéime, tabharfaidh sé fógra don Coimisiún faoi sin. Cuirfidh an Coimisiún an Bord ar an eolas ina dhiaidh sin faoi na bearta sin a bheith ann. I gcás inarb ábhartha, féadfaidh an Coimisiún dul i gcomhairle leis an mBord maidir le haon chéim iomchuí a bhféadfaí a ghlacadh mar fhreagairt ar an mbeart sin.

14.   Tá an tAirteagal seo gan dochar do cheart gach Ballstáit leasanna bunúsacha a shlándála a chosaint, i gcomhréir le hAirteagal 346(1)(b) CFAE.

Airteagal 67

Táirgí cosanta atá ábhartha i gcás géarchéime a aistriú go hinmheánach san Aontas

1.   I gcás ina ngníomhachtóidh an Chomhairle an beart faoin Airteagal seo i gcomhréir le hAirteagal 64(4) den Airteagal seo, agus gan dochar do Threoir 2009/43/CE ná do shainchumais na mBallstát faoin Treoir sin, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar iarratais a bhaineann le haistrithe laistigh den Aontas a phróiseáil ar bhealach éifeachtúil agus tráthúil. Chuige sin, áiritheoidh na húdaráis náisiúnta uile lena mbaineann go gcaithfear chomh mear agus is féidir de réir dlí leis na hiarratais sin. Sonrófar sa ghníomh cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 64(4) den Airteagal seo an tréimhse ama ar laistigh di a dhéileálfaidh na húdaráis náisiúnta lena mbaineann leis na hiarrataí ach an fhaisnéis uile is gá faighte acu ón iarratasóir. Ní bheidh an tréimhse ama sin níos faide ná dhá sheachtain.

2.   I gcás ina bhforchuirfidh Ballstát, i gcomhréir le hAirteagal 4(8) de Threoir 2009/43/CE, teorainneacha onnmhairiúcháin ar chomhpháirteanna ar táirgí iad atá ábhartha i gcás géarchéime, ní éileoidh an Ballstát sin údaruithe breise chun na comhpháirteanna lena mbaineann a aistriú laistigh den Aontas i gcás ina soláthróidh an faighteoir dearbhú úsáide ina ndearbhóidh sé go bhfuil na comhpháirteanna atá faoi réir an cheadúnais aistrithe sin comhtháite nó go bhfuil siad le comhtháthú i dtáirge cosanta agus nach féidir iad a aistriú ná a onnmhairiú amhlaidh. Beidh an méid sin gan dochar de na hoibleagáidí a bhíonn ar fhaighteoirí a leagtar síos in Airteagal 10 de Threoir 2009/43/CE.

Airteagal 68

Tacaíocht do ghníomhaíochtaí nuálaíochta éigeandála i réimse na cosanta

I gcás ina ngníomhachtaíonn an Chomhairle an beart faoin Airteagal seo i gcomhréir le hAirteagal 64(4), measfar gníomhaíochtaí nuálaíochta a bhaineann le ceann amháin de na gníomhaíochtaí seo a leanas a bheith incháilithe faoin gClár:

(a)

gníomhaíochtaí darb aidhm aga seachadta táirgí cosanta a ghiorrú go mór;

(b)

gníomhaíochtaí darb aidhm sonraíochtaí teicniúla táirgí cosanta a shimpliú go mór le gur féidir na táirgí sin a olltáirgeadh;

(c)

gníomhaíochtaí darb aidhm próiseas táirgthe táirgí cosanta a shimpliú go mór le gur féidir na táirgí sin a olltáirgeadh; nó

(d)

gníomhaíochtaí darb aidhm roghanna malartacha atá ar fáil san Aontas a chur in ionad comhpháirteanna nó gníomhaíochtaí is féidir a oiriúnú go héasca nó ar féidir le hoibreoirí eacnamaíocha laistigh den Aontas iad a fhorbairt go tráthúil.

Airteagal 69

Deimhniú

1.   I gcás ina ngníomhachtóidh an Chomhairle an beart faoin Airteagal seo i gcomhréir le hAirteagal 64(4), áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le deimhniú táirgí cosanta atá ábhartha i gcás géarchéime, agus i gcás inar gá, oiriúnuithe teicniúla na dtáirgí sin a phróiseáil ar an mbealach is gasta is féidir, i gcomhréir lena ndlíthe agus a rialacháin náisiúnta is infheidhme.

2.   Sannfar an stádas náisiúnta lena ngabhann an tábhacht is airde is féidir, i gcás inarb ann do stádas den tsamhail sin sa dlí náisiúnta, ar dheimhniú táirgí cosanta atá ábhartha i gcás géarchéime.

3.   I gcás ina ngníomhachtaítear an beart sin, measfar táirgí cosanta atá ábhartha i gcás géarchéime a deimhníodh i mBallstát amháin a bheith deimhnithe i mBallstát eile gan iad a bheith faoi réir rialuithe breise.

4.   Féadfar forálacha níos beaichte a leagan síos sa ghníomh cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 64(4) maidir le raon feidhme an bhirt seo.

5.   Tá an tAirteagal seo gan dochar don cheart atá ag gach Ballstát leasanna bunúsacha a slándála a chosaint, i gcomhréir le hAirteagal 346(1), pointe (b), CFAE.

Airteagal 70

Luathú náisiúnta na nósanna imeachta deonaithe ceadanna

I gcás ina ngníomhachtóidh an Chomhairle an beart faoin Airteagal seo i gcomhréir le hAirteagal 64(4) den Rialachán seo, féadfar slándáil an tsoláthair i gcás táirgí cosanta atá ábhartha do ghéarchéimeanna a mheas mar chúis dhianriachtanach leasa phoiblí sháraithigh de réir bhrí Airteagal 6(4) agus Airteagal 16(1), pointe (c), de Threoir 92/43/CEE agus de réir bhrí Airteagal 4(7) de Threoir 2000/60/CE. Dá bhrí sin, féadfar pleanáil, tógáil agus oibriú saoráidí táirgthe lena mbaineann a mheas mar ábhar leasa phoiblí sháraithigh, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha eile a leagtar amach sna forálacha sin.

Airteagal 71

Leanúnachas tháirgeadh na dtáirgí cosanta atá ábhartha i gcás géarchéime

1.   I gcás ina ngníomhachtóidh an Chomhairle an beart faoin Airteagal seo i gcomhréir le hAirteagal 64(4) den Rialachán seo agus i gcás ina mbeidh feidhm ag Treoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (46) maidir leis na gníomhaíochtaí táirgthe ábhartha, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh, má mheasann siad gur gá sin chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach, úsáid a bhaint as maolaithe dá bhforáiltear in Airteagal 17(3) de Threoir 2003/88/CE nó oibreoirí eacnamaíocha a spreagadh chun úsáid a bhaint as na maoluithe sin, ar oibreoirí iad a bhfuil a láithreáin táirgthe lonnaithe ar a gcríoch agus a tháirgeann na táirgí cosanta atá ábhartha i gcás géarchéime lena mbaineann, agus ar an gcaoi sin beifear in ann sealanna oibre a fhadú, rud a éascódh leanúnachas tháirgeadh na dtáirgí cosanta atá ábhartha i gcás géarchéime lena mbaineann.

2.   I gcás ina mbeidh gá le réamhúdarú, áiritheoidh gach údarás náisiúnta lena mbaineann go gcaithfear chomh mear agus is féidir de réir dlí le hiarratais ó oibreoirí eacnamaíocha a tháirgeann táirgí cosanta atá ábhartha i gcás géarchéime chun na maoluithe dá dtagraítear i mír 1 a úsáid.

ROINN 5

PIONÓIS

Airteagal 72

Pionóis

1.   I gcás ina measann an Coimisiún é a bheith riachtanach agus comhréireach, féadfaidh sé, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an méid seo a leanas a fhorchur ar na hoibreoirí eacnamaíocha arb iad seolaithe na n-iarrataí faisnéise de bhun Airteagal 62 iad nó atá faoi réir aon cheann de na hoibleagáidí chun an Coimisiún a chur ar an eolas faoi oibleagáid tríú tír de bhun Airteagal 63(17) agus Airteagal 66(13) nó chun tosaíocht a thabhairt do tháirgeadh táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime de bhun Airteagail 63 agus 66, na fíneálacha nó na pionóis seo a leanas:

(a)

fíneálacha nach mó ná EUR 300 000, i gcás ina soláthraíonn an t-oibreoir eacnamaíoch, d’aon ghnó nó trí mhórfhaillí, faisnéis mhíchruinn, neamhiomlán nó mhíthreorach mar fhreagairt ar iarraidh a rinneadh de bhun Airteagal 62(1), nó mura gcuireann sé an fhaisnéis ar fáil laistigh den teorainn ama atá forordaithe, i gcomhréir le hAirteagal 62(9);

(b)

fíneálacha nach mó ná EUR 150 000 i gcás nach gcomhlíonann na hoibreoirí eacnamaíocha, d’aon ghnó nó trí mhórfhaillí, an oibleagáid chun an Coimisiún a chur ar an eolas faoi oibleagáid de chuid tríú tír de bhun Airteagal 63(17) agus Airteagal 66(13);

(c)

íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla nach mó ná 1,5 % den mheánláimhdeachas laethúil sa bhliain ghnó roimhe sin le haghaidh gach lá oibre den neamh-chomhlíonadh ón dáta arna bhunú sa chinneadh inar eisíodh an t-ordú a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leis, i gcás nach gcomhlíonann an t-oibreoir eacnamaíoch, d’aon ghnó nó trí mhórfhaillí, oibleagáid tosaíocht a thabhairt do tháirgeadh táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime de bhun Airteagal 63(9), i gcomhréir le hAirteagal 63(8), agus, i gcás inar FBM é an t-oibreoir eacnamaíoch ar a bhforchuirtear an íocaíocht pionósach faoin bpointe seo, ní bheidh na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchuirfear níos mó ná 0,5 % dá mheánláimhdeachas laethúil sa bhliain ghnó roimhe sin;

(d)

fíneálacha nach mó ná EUR 300 000 i gcás nach gcomhlíonann an t-oibreoir eacnamaíoch, d’aon ghnó nó trí mhórfhaillí, an oibleagáid chun tosaíocht a thabhairt do tháirgeadh táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime de bhun Airteagal 63(8) agus Airteagal 66(6), i gcomhréir le hAirteagal 63(18) agus Airteagal 66(12), faoi seach.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 77(4).

2.   Sula ndéanfaidh sé cinneadh de bhun mhír 1 den Airteagal seo, tabharfaidh an Coimisiún deis don oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann éisteacht a fháil i gcomhréir le hAirteagal 75. Ba cheart don Choimisiún aon chúis chuí-mhínithe arna cur in iúl ag an oibreoir eacnamaíoch a chur san áireamh chun a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil sé riachtanach agus comhréireach fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur.

3.   Agus méid na fíneála nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla á shocrú, tabharfaidh an Coimisiún aird ar chineál, ar thromchúis agus ar fhad an tsáraithe, lena n-áirítear, maidir le cásanna nár comhlíonadh an oibleagáid ordú a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leis a leagtar amach in Airteagal 63(9) nó iarraidh a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint léi a leagtar amach in Airteagal 63(7) nó Airteagal 66(6) a ghlacadh nó tosaíocht a thabhairt dó nó di, ar chomhlíon an t-oibreoir eacnamaíoch, go páirteach, an t-ordú a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leis nó an iarraidh a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint léi.

4.   Ioncam sannta seachtrach a bheidh sna fíneálacha de réir bhrí Airteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais agus díreofar é chuig an Ionstraim um Thacaíocht don Úcráin.

Airteagal 73

Tréimhse theorann le haghaidh pionóis a fhorchur

1.   Beidh na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún le hAirteagal 72 faoi réir na dtréimhsí teorann seo a leanas:

(a)

2 bhliain i gcás sáruithe forálacha a bhaineann le hiarrataí ar fhaisnéis de bhun Airteagal 62(1);

(b)

2 bhliain i gcás sáruithe forálacha a bhaineann le hoibleagáidí faisnéise de bhun Airteagal 63(17) agus Airteagal 66(13);

(c)

3 bliana i gcás ina sáraítear forálacha a bhaineann leis an oibleagáid a bhaineann le tosaíocht a thabhairt do tháirgeadh táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime de bhun Airteagail 63 agus 66.

2.   Cuirfear tús leis an tréimhse theorann dá dtagraítear i mír 1 ar an lá a dhéanfar an sárú. I gcás ina bhfuil sáruithe leanúnacha agus ina ndéantar sáruithe arís agus arís eile, cuirfear tús leis an tréimhse theorann ar an lá a rinneadh an sárú deiridh.

3.   Aon bheart a dhéanann an Coimisiún nó údaráis inniúla na mBallstát chun comhlíonadh an Rialachán seo a áirithiú, cuirfidh an beart sin isteach ar an tréimhse theorann.

4.   Beidh an briseadh sa tréimhse theorann i bhfeidhm i gcás na bpáirtithe uile atá freagrach as bheith rannpháirteach sa sárú.

5.   Tosófar ag áireamh na tréimhse teorann sin as an nua le gach briseadh sa tréimhse theorann. Rachaidh an tréimhse theorann in éag, áfach, ar a dhéanaí, ar an lá a bheidh tréimhse imithe thart atá cothrom le dhá oiread na tréimhse teorann gan fíneáil ná íocaíocht phionósach thréimhsiúil a bheith forchurtha ag an gCoimisiún. Síneofar an tréimhse sin fad a bheidh an tréimhse theorann ar fionraí toisc an cinneadh ón gCoimisiún a bheith ina ábhar d’imeachtaí atá ar feitheamh os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 74

Tréimhse theorann le haghaidh pionóis a fhorfheidhmiú

1.   An chumhacht atá ag an gCoimisiún chun cinntí a ghlacfar de bhun Airteagal 72 a fhorfheidhmiú, beidh sí faoi réir thréimhse theorann 3 bliana.

2.   Tosóidh an tréimhse theorann an lá a dhéantar cinneadh críochnaitheach den chinneadh.

3.   Cuirfear isteach ar an tréimhse theorann maidir le fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur de bharr:

(a)

fógra maidir le cinneadh lena n-athraítear méid bunaidh na fíneála nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla nó lena ndiúltaítear d’iarratas le haghaidh athraithe;

(b)

gníomhaíocht ar bith a dhéanfaidh an Coimisiún nó a dhéanfaidh Ballstát, ag gníomhú arna iarraidh sin don Choimisiún, agus a cheaptar chun íocaíocht na fíneála nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla a fhorfheidhmiú.

4.   Le gach briseadh dá dtagraítear i mír 3, cuirfear tús leis an tréimhse theorann as an nua.

5.   Cuirfear an tréimhse theorann maidir le forfheidhmiú fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla ar fionraí mar a leanas:

(a)

fad a cheadaítear am le haghaidh íocaíochta;

(b)

fad a chuirtear forfheidhmiú na híocaíochta ar fionraí de bhun breith ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 75

Ceart éisteachta maidir le forchur fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla

1.   Sula nglacfaidh sé cinneadh de bhun Airteagal 72, áiritheoidh an Coimisiún gur tugadh an deis do na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann barúlacha a chur isteach maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

réamhthorthaí an Choimisiúin, lena n-áirítear aon ábhar a ndearna an Coimisiún agóidí ina leith;

(b)

na bearta a d’fhéadfadh a bheith beartaithe ag an gCoimisiún a dhéanamh i bhfianaise na réamhthorthaí de bhun phointe (a) den mhír seo.

2.   Féadfaidh na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann a gcuid tuairimí maidir le réamhthorthaí an Choimisiúin a chur faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de theorainn ama a shocróidh an Coimisiún sna réamhthorthaí uaidh agus nach bhféadfaidh a bheith níos lú ná 14 lá oibre.

3.   Ní bhunóidh an Coimisiún a chinneadh fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur ach amháin ar agóidí a fháil a raibh na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann in ann a dtuairimí a thabhairt ina leith.

4.   I gcás ina gcuirfidh an Coimisiún na réamhthorthaí dá dtagraítear i mír 1 in iúl do na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann tabharfaidh sé rochtain ar chomhad an Choimisiúin, má iarrfar amhlaidh, faoi théarmaí nochta arna gcaibidil, faoi réir leas dlisteanach oibreoirí eacnamaíocha i leith a rúin ghnó a chosaint, nó chun rúin ghnó nó faisnéis rúnda eile aon duine a chaomhnú. Ní áireofar leis an gceart rochtana ar an gcomhad faisnéis rúnda ná doiciméid inmheánacha de chuid an Choimisiúin nó de chuid údaráis na mBallstát; an comhfhreagras idir an Coimisiún agus údaráis na mBallstát go háirithe. Ní chuirfidh aon rud sa mhír seo cosc ar an gCoimisiún faisnéis a nochtadh agus a úsáid, ar faisnéis í atá riachtanach chun sárú a chruthú.

ROINN 6

AN BORD UM SHLÁNDÁIL AN TSOLÁTHAIR I RÉIMSE NA COSANTA

Airteagal 76

Bord um Shlándáil an tSoláthair i Réimse na Cosanta

1.   Bunaítear leis seo an Bord um Shlándáil an tSoláthair i Réimse na Cosanta (‘an Bord’).

2.   Is é cúram ginearálta an Bhoird cúnamh agus moltaí a thabhairt don Choimisiún de bhun na Caibidle seo.

3.   Coinneoidh an Coimisiún ar bun sreabhadh rialta faisnéise chuig an mBord maidir le haon bheart atá pleanáilte agus aon bheart a rinneadh i ndiaidh na staideanna géarchéime soláthair de bhun Airteagal 60 nó 64 a bheith gníomhachtaithe. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis is gá ar fáil trí chóras TF slán.

4.   Chun críocha ullmhú do staid géarchéime soláthair dá dtagraítear in Airteagal 60 nó 64, agus chun dul i ngleic leis, tabharfaidh an Bord cúnamh don Choimisiún maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

anailís a dhéanamh ar fhaisnéis atá ábhartha i gcás géarchéime arna bailiú ag na Ballstáit nó ag an gCoimisiún;

(b)

measúnú a dhéanamh ar aon bhearta ullmhachta a d’fhéadfaí a dhéanamh;

(c)

measúnú a dhéanamh ar cibé acu a comhlíonadh nó nár comhlíonadh na critéir chun na staideanna géarchéime soláthair dá dtagraítear in Airteagal 60 nó 64 a ghníomhachtú nó a dhíghníomhachtú;

(d)

gníomhaíocht chomhordaithe leis na Ballstáit a éascú;

(e)

treoir a thabhairt maidir le cur chun feidhme na mbeart a roghnaíodh chun freagairt do na géarchéimeanna soláthair ar leibhéal an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 60 nó 64, lena n-áirítear maidir le gníomhachtú na mbeart dá dtagraítear in Airteagail 62 agus 63 agus 65 go 71;

(f)

bearta freagartha sonracha a shainaithint le haghaidh na mBallstát chun infhaighteacht agus soláthar tráthúil táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime a áirithiú;

(g)

malartú agus comhroinnt faisnéise a éascú, lena n-áirítear le comhlachtaí eile atá ábhartha i gcás géarchéime ar leibhéal an Aontais, chomh maith le tríú tíortha, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ionadaithe ón tionscal, ón tsochaí shibhialta agus ón saol acadúil, de réir mar is iomchuí;

(h)

topaicí ábhartha a shainaithint chun tástálacha struis a dhéanamh;

(i)

creat agus modheolaíocht a fhorbairt chun táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime agus liosta na dtáscairí luathrabhaidh a shainaithint;

(j)

an mhapáil a dhéanamh maidir le táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime agus táscairí luathrabhaidh;

(k)

measúnú a dhéanamh an bhfuil sé riachtanach agus comhréireach an staid géarchéime soláthair a fhadú agus an bhfuil foirceannadh iomchuí;

(l)

torthaí an fhaireacháin a mheasúnú agus, i gcás inarb iomchuí, réitigh a d’fhéadfadh a bheith ar shaincheisteanna leasa choitinn a shainaithint; agus

(m)

minicíocht iomchuí a shainaithint chun tástálacha struis a dhéanamh.

5.   Ar an mBord beidh ionadaithe ó na Ballstáit uile, ón gCoimisiún, ón Ardionadaí agus ó GEC. Déanfaidh ionadaí ón gCoimisiún agus ionadaí ón mBallstát ar aige atá uachtaránacht rothlach na Comhairle comhchathaoirleacht air. Is é an Coimisiún a dhéanfaidh rúnaíocht ar an mBord. Ní bheidh cearta vótála ach ag na Ballstáit.

6.   Tabharfaidh na comhchathaoirligh cuireadh d’ionadaithe ó Pharlaimint na hEorpa freastal, mar bhreathnóirí, ar chruinnithe an Bhoird.

7.   Beidh sé de cheart ag tíortha comhlachaithe a bheith ina gcomhaltaí, gan cearta vótála, den Bhord i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach faoin gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.

8.   Tiocfaidh an Bord le chéile aon uair is gá sin, arna iarraidh sin don Choimisiún, do Bhallstát nó do thír chomhlachaithe atá tagtha chun bheith ina comhalta den Bhord. Glacfaidh an Bord a rialacha nós imeachta ar bhonn togra arna chur isteach ag an gCoimisiún. Leis na rialacha nós imeachta sin, cuirfear sásraí ar fáil chun dea-fheidhmiú an Bhoird a áirithiú agus a chúraimí á gcomhlíonadh aige, lena n-áirítear trí fhoráil a dhéanamh maidir le nósanna imeachta um réiteach díospóidí a bhaineann le díospóidí a d’fhéadfadh a bheith ann idir na comhchathaoirligh.

9.   Féadfaidh an Bord moltaí a eisiúint, arna iarraidh sin don Choimisiún nó ar a thionscnamh féin. Féachfaidh an Bord le teacht ar réitigh a mbeidh an tacaíocht is leithne is féidir acu.

10.   Tabharfaidh an Bord cuireadh, uair sa bhliain ar a laghad, d’ionadaithe ó chomhlachais thionsclaíocha náisiúnta i réimse na cosanta agus d’ionadaithe tionsclaíocha roghnaithe páirt a ghlacadh, mar bhreathnóirí, ina chuid oibre, agus an gá atá le hionadaíocht chothrom gheografach a áirithiú á chur san áireamh. I gcás inar gníomhachtaíodh staid géarchéime soláthair dá dtagraítear in Airteagail 60 nó 64, iarrfaidh an Bord, i gcás inarb ábhartha, ar ionadaithe tionsclaíocha ardleibhéil páirt a ghlacadh, mar bhreathnóirí, ina chuid oibre, ag teacht le chéile dó i bhfoirmíocht speisialta chun saincheisteanna a bhaineann le táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime a phlé nó, i gcás inar gníomhachtaíodh staid géarchéime soláthair a bhaineann leis an tslándáil faoi Airteagal 64, na táirgí cosanta lena mbaineann.

11.   Tabharfaidh an Bord cuireadh d’ionadaithe comhlachtaí eile atá ábhartha i gcás géarchéime ar leibhéal an Aontais freastal ar a chruinnithe ábhartha mar bhreathnóirí.

12.   Tabharfaidh an Bord cuireadh, i gcás inarb ábhartha, i gcomhréir lena rialacha nós imeachta agus le hurraim chuí do leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus a Bhallstát, d’ionadaí ón Úcráin freastal ar chruinnithe mar bhreathnóir.

13.   Áiritheoidh an Coimisiún cuimsitheacht agus soláthróidh sé rochtain chomhionann ar fhaisnéis do chomhaltaí an Bhoird chun a áirithiú go mbeidh próiseas cinnteoireachta an Bhoird ag teacht le staid agus le riachtanais na mBallstát uile. Déanfaidh an Bord na bearta is gá chun a áirithiú go ndéantar faisnéis rúnaicmithe agus íogair a láimhseáil agus a phróiseáil go sábháilte i gcomhréir le hAirteagail 79 agus 80.

14.   Féadfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó ar a thionscnamh féin nó ar thogra ón mBord, meithleacha a chur ar bun ar bhonn ad hoc chun tacú leis an mBord ina chuid oibre chun scrúdú a dhéanamh ar cheisteanna sonracha ar bhonn na gcúraimí dá dtagraítear i mír 1. Ainmneoidh na Ballstáit saineolaithe do na meithleacha sin. Féadfar cuireadh a thabhairt do GEC chuig cruinnithe na meithleacha sin.

15.   Bunóidh an Coimisiún meitheal de réir bhrí mhír 14 maidir le constaicí dlíthiúla, rialála agus riaracháin. Is iad seo a leanas na cuspóirí a bheidh ag an meitheal sin:

(a)

constaicí dlíthiúla, rialála agus riaracháin atá ann cheana nó a d’fhéadfadh a bheith ann ar an leibhéal idirnáisiúnta, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta maidir le baint amach na gcuspóirí a liostaítear in Airteagal 1(2), pointe (6), a shainaithint;

(b)

réitigh a d’fhéadfadh a bheith ann agus bearta maolaithe ar bhacainní sainaitheanta a shainaithint.

CAIBIDIL VIII

RIALACHAS, MEASTÓIREACHT AGUS RIALÚ

Airteagal 77

Nós Imeachta Coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   Tabharfar cuireadh do GEC a bharúlacha agus a shaineolas a chur ar fáil don choiste mar bhreathnóir. Iarrfar ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí freisin rannchuidiú le hobair an choiste.

3.   Féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin do Bhallstát amháin nó níos mó, cuireadh a thabhairt, i gcás inarb ábhartha, d’ionadaithe ón Úcráin freastal ar chruinnithe an choiste. Ní bheidh ionadaithe ón Úcráin i láthair le linn an phlé ná ní ghlacfaidh siad páirt i vótáil an choiste.

4.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

5.   I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag Airteagal 5(4), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 78

Comhaontú maoiniúcháin leis an Úcráin

1.   Tabharfaidh an Coimisiún comhaontú maoiniúcháin i gcrích leis an Úcráin de réir bhrí Airteagal 114(2) den Rialachán Airgeadais le haghaidh chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a leagtar amach sa Rialachán seo a bhaineann leis an Úcráin nó le heintitis dhlítheanacha atá bunaithe san Úcráin a fhaigheann cistiú ón Aontas.

2.   Leis an gcomhaontú maoiniúcháin a tugadh i gcrích leis an Úcráin, agus leis na conarthaí agus na comhaontuithe a síníodh le heintitis dhlítheanacha atá bunaithe san Úcráin a fhaigheann cistiú ón Aontas, áiritheofar gur féidir na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 129 den Rialachán Airgeadais a chomhlíonadh.

3.   Leagfar síos sa chomhaontú maoiniúcháin oibleagáidí údaráis agus chomhlachtaí na hÚcráine a gcuirtear cúraimí cur chun feidhme buiséid de chúram orthu chun na bearta uile is gá a dhéanamh, lena n-áirítear bearta reachtacha, rialála agus riaracháin, chun prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais, na trédhearcachta agus an neamh-idirdhealaithe a urramú, infheictheacht ghníomhaíocht an Aontais a áirithiú agus cistí an Aontais á mbainistiú acu, na hoibleagáidí iomchuí maidir le rialú agus iniúchóireacht a chomhlíonadh agus na freagrachtaí a eascraíonn as sin a ghlacadh ar láimh, agus leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, trí, go háirithe, forálacha achtúcháin mionsonraithe maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

na gníomhaíochtaí a bhaineann le rialú, maoirseacht, faireachán, meastóireacht, tuairisciú agus iniúchadh chistiú an Aontais faoin Ionstraim um Thacaíocht don Úcráin, chomh maith le gníomhaíochtaí a bhaineann le himscrúduithe, bearta frithchalaoise agus comhar;

(b)

rialacha maidir le cánacha, dleachtanna agus muirir i gcomhréir le hAirteagal 27(9) agus (10) de Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (47);

(c)

an ceart atá ag an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí faoin Rialachán seo arna ndéanamh ag na heintitis dhlítheanacha atá bunaithe san Úcráin, feadh thimthriall iomlán an tionscadail, lena n-áirítear do chomhar le haghaidh comhghníomhaíocht soláthair, chun páirt a ghlacadh sna gníomhaíochtaí sin mar bhreathnóir, de réir mar is iomchuí, agus chun moltaí a dhéanamh maidir le feabhas a chur ar na gníomhaíochtaí sin, agus ar ghealltanas ó údaráis na hÚcráine a ndícheall a dhéanamh na moltaí sin ón gCoimisiún a chur chun feidhme agus tuairisciú a dhéanamh ar an gcur chun feidhme sin;

(d)

na hoibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 83(2), lena n-áirítear rialacha beachta agus creat ama beacht maidir leis an mbailiú sonraí arna dhéanamh ag an Úcráin agus rochtain a bheidh ag an gCoimisiún agus ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) ar na sonraí sin;

(e)

faisnéis rúnaicmithe a chosaint agus a láimhseáil i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme;

(f)

forálacha maidir le sonraí pearsanta a chosaint.

4.   Ní dheonófar cistiú don Úcráin go dtí go dtiocfaidh an comhaontú maoiniúcháin i bhfeidhm agus go mbeidh na gníomhaíochtaí is gá chun na ceanglais a bhunaítear leis a chur chun feidhme curtha chun feidhme ag na páirtithe.

5.   Áiritheoidh an Coimisiún, óna thaobh féin, go ndéanfar gach beart is gá chun go dtiocfaidh an socrú maoiniúcháin in éifeacht tráth nach déanaí ná 1 Iúil 2026.

Airteagal 79

Faisnéis rúnaicmithe a chosaint

1.   Faisnéis rúnaicmithe a chruthaítear, a láimhseáiltear, a stóráiltear, a mhalartaítear nó a chomhroinntear faoin Rialachán seo, déanfar í a chosaint i gcomhréir leis na rialacha slándála a leagtar amach i gCinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún (48) nó sa Chomhaontú idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le cosaint faisnéise rúnaicmithe a mhalartaítear ar mhaithe le leas an Aontais Eorpaigh, de réir mar is iomchuí.

2.   Cinnfidh na Ballstáit rannpháirteacha cé hé tionscnóir na faisnéise tulra rúnaicmithe a ghintear i gcur chun feidhme na ngníomhaíochtaí incháilithe a liostaítear faoi Airteagal 10.

3.   Beidh rochtain ag an gCoimisiún ar an bhfaisnéis rúnaicmithe is gá chun na cúraimí a shanntar dó faoin Rialachán seo maidir leis na gníomhaíochtaí incháilithe a liostaítear faoi Airteagal 10 a chur i gcrích.

4.   I gcomhthéacs SCAE, comhlíonfaidh na rialacha maidir le faisnéis rúnaicmithe a chosaint dá dtagraítear in Airteagal 45(1), pointe (n), mír 1 den Airteagal seo.

5.   I gcás ina mbeidh tíortha comhlachaithe nó an Úcráin ar na comhaltaí nó ar na breathnóirí in SCAE, áiritheofar leis an SCAE sin leibhéal cosanta atá coibhéiseach leis an leibhéal a thugtar leis an gComhaontú idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le cosaint faisnéise rúnaicmithe a mhalartaítear ar mhaithe le leas an Aontais Eorpaigh.

6.   Is sula síneofar an comhaontú deontais nó an conradh, ar a dhéanaí a chuirfidh na Ballstáit rannpháirteacha an creat slándála is infheidhme le haghaidh gníomhaíochta i bhfeidhm. Beidh na doiciméid ábhartha ina gcuid dhílis den chomhaontú deontais nó den chonradh.

7.   Bunóidh an Coimisiún córas a chreidiúnófar, ó thaobh slándála de, i gcomhréir le Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 chun an malartú faisnéise rúnaicmithe a dhéanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit le tíortha comhlachaithe agus, i gcás inarb iomchuí, leis na hiarratasóirí agus na faighteoirí, a éascú.

Airteagal 80

Rúndacht faisnéise

1.   Ní úsáidfear faisnéis a gheofar mar thoradh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo ach amháin chun na críche ar iarradh í.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit, an Coimisiún, an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus GEC go gcosnófar rúin trádála agus ghnó agus faisnéis íogair eile a fhaightear agus a ghintear agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta faoi seach.

3.   Faisnéis ina bhfuil aon sonraí de chuid eintitis nó aon rún trádála, déanfaidh an Coimisiún í a láimhseáil ar bhealach atá chomh dian céanna le láimhseáil faisnéise íogaire, lena n-áirítear prionsabal an riachtanais eolais’ a chur i bhfeidhm agus úsáid a bhaint as timpeallachtaí criptithe iomchuí chun an fhaisnéis sin a láimhseáil agus a chomhroinnt.

Airteagal 81

Sonraí pearsanta a chosaint

Beidh an Rialachán seo gan dochar do Threoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (49) agus do Rialacháin (AE) 2016/679 (50) agus (AE) 2018/1725 (51) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Airteagal 82

Iniúchtaí

Is é a bheidh mar bhonn leis an gcinnteacht fhoriomlán de bhun Airteagal 127 den Rialachán Airgeadais na hiniúchtaí ar úsáid na ranníocaíochta ón Aontas arna ndéanamh ag daoine nó eintitis, lena n-áirítear daoine nó eintitis seachas iad sin ar thug institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais sainordú dóibh. Scrúdóidh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa na cuntais a bhaineann le hioncam agus caiteachas uile an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 287 CFAE.

Airteagal 83

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.   I gcás ina mbeidh tír chomhlachaithe rannpháirteach sa Chlár trí bhíthin cinneadh arna ghlacadh de bhun an Chomhaontaithe maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó ar bhonn aon ionstraim dlí eile, tabharfaidh an tír chomhlachaithe na cearta agus an rochtain is gá don oifigeach údarúcháin atá freagrach, do OLAF agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa chun a n-inniúlachtaí faoi seach a fheidhmiú go cuimsitheach. I gcás OLAF, áiritheofar sna cearta sin an ceart imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, dá bhforáiltear le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013.

2.   Déanfar foráil sa chomhaontú dá dtagraítear in Airteagal 78 maidir leis na hoibleagáidí atá ar an Úcráin chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

bearta iomchuí a dhéanamh chun neamhrialtachtaí, calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a chosc, a bhrath agus a cheartú, chun cistiú dúbailte a bhrath agus a sheachaint agus chun caingean dlí a ghlacadh chun cistí a míleithreasaíodh a aisghabháil;

(b)

a sheiceáil go rialta gur úsáideadh an maoiniú arna chur ar fáil i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme, go háirithe maidir le neamhrialtachtaí, calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú;

(c)

dearbhú a chur le hiarraidh ar íocaíocht faoin Ionstraim um Thacaíocht don Úcráin á rá gur úsáideadh na cistí i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais agus chun na críche a beartaíodh dóibh agus go ndearnadh iad a bhainistiú go hiomchuí, go háirithe i gcomhréir le rialacha na hÚcráine arna gcomhlánú le caighdeáin idirnáisiúnta maidir le neamhrialtachtaí, calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú;

(d)

údarú sainráite a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus, i gcás inarb infheidhme, d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, chun a gcearta a fheidhmiú mar a fhoráiltear in Airteagal 129(1) den Rialachán Airgeadais, agus prionsabal na comhréireachta á chur i bhfeidhm.

Airteagal 84

Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

1.   Tabharfaidh faighteoirí cistithe ón Aontas aitheantas d’fhoinse na gcistí agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe sin, go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á gcur chun cinn, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear na meáin agus an pobal.

2.   Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an Rialachán sin, leis na gníomhaíochtaí a rinneadh de bhun an Rialacháin sin, agus leis na torthaí a baineadh amach.

3.   Beidh na hacmhainní airgeadais a leithdháiltear ar an gClár agus an Ionstraim um Thacaíocht don Úcráin ina rannchuidiú chun cumarsáid chorparáideach a dhéanamh i ndáil le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a mhéid a bhaineann na tosaíochtaí sin leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 4 agus in Airteagal 22.

4.   Trí acmhainní airgeadais a leithdháiltear ar an gClár agus an Ionstraim um Thacaíocht don Úcráin, féadfar rannchuidiú le heagrú gníomhaíochtaí scaipthe, imeachtaí meaitseála agus gníomhaíochtaí múscailte feasachta, go háirithe iad siúd a mbeadh sé d’aidhm acu slabhraí soláthair a oscailt chun rannpháirtíocht trasteorann FBManna a chothú.

Airteagal 85

Faireachán, meastóireacht agus athbhreithniú

1.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme an Chláir agus na hIonstraime um Thacaíocht don Úcráin ar bhonn rialta agus cuirfidh sé tuarascáil bhliantúil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an dul chun cinn atá déanta, lena n-áirítear maidir le leibhéal rannpháirtíochta FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe beaga agus maidir le caiteachas foriomlán an Chláir agus na hIonstraime um Thacaíocht don Úcráin arna miondealú de réir chineál na ngníomhaíochtaí agus fhoirm na ranníocaíochta ón Aontas.

Cuirfidh an Coimisiún na socruithe faireacháin is gá i bhfeidhm lena n-áiritheofar go mbaileofar ar dhóigh atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil na sonraí a úsáidfear chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus torthaí an Chláir agus na hIonstraime um Thacaíocht don Úcráin. Chuige sin, féadfar ceanglais chomhréireacha tuairiscithe a fhorchur ar fhaighteoirí cistithe ón Aontas agus, i gcás inarb iomchuí, ar Bhallstáit.

2.   Faoin 30 Meitheamh 2027, tarraingeoidh an Coimisiún suas tuarascáil, bunaithe ar tháscairí i gcás inarb iomchuí, ina ndéanfar meastóireacht ar chur chun feidhme na mbeart a leagtar amach sa Rialachán seo agus ar thorthaí na mbeart sin agus ina ndéanfar measúnú ar an ngá atá le hathbhreithniú a d'fhéadfaí a dhéanamh amach anseo ar an Rialachán seo. Cuirfidh an tuarascáil mheastóireachta le comhairliúcháin a dhéanfar leis na Ballstáit agus leis na príomhpháirtithe leasmhara agus déanfar meastóireacht inti ar rannchuidiú an Rialacháin seo leis an dul chun cinn atá déanta maidir leis an méid seo a leanas a mhéadú: luach an trealaimh cosanta arna sholáthar san Aontas ar bhealach comhoibríoch; luach na trádála cosanta laistigh den Aontas; agus luach infheistíocht chosanta na mBallstát a sholáthraítear san Aontas.

3.   Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil sin i láthair do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle agus, i gcás inarb iomchuí, beidh tograí reachtacha ábhartha ag gabháil léi.

Airteagal 86

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna ndéanamh in Strasbourg, an 16 Nollaig 2025.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BJERRE


(1)   IO C, C/2025/805, 31.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/805/oj.

(2)   IO C, C/2024/4662, 9.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4662/oj.

(3)   IO C, C/2025/1705, 26.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1705/oj.

(4)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Samhain 2025 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 8 Nollaig 2025.

(5)  Rialachán (AE) 2023/1525 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Iúil 2023 maidir le tacú le táirgeadh armlóin (ASAP) (IO L 185, 24.7.2023, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1525/oj).

(6)  Rialachán (AE) 2023/2418 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 maidir le hionstraim a bhunú chun tionscal cosanta na hEorpa a atreisiú trí sholáthar comhoibríoch (EDIRPA) (IO L, 2023/2418, 26.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2418/oj).

(7)  Rialachán (AE) 2024/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena mbunaítear an tSaoráid don Úcráin (IO L, 2024/792, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/792/oj).

(8)  Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena mbunaítear Saoráid Eorpach Síochána, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lch. 14, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/509/oj).

(9)  Rialachán (AE) 2024/2773 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2024 lena mbunaítear an Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin agus lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin (IO L, 2024/2773, 28.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2773/oj).

(10)  Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj).

(11)  Cinneadh (CBES) 2017/2315 ón gComhairle an 11 Nollaig 2017 lena mbunaítear buanchomhar struchtúrtha (PESCO) agus lena gcinntear liosta na mBallstát rannpháirteach (IO L 331, 14.12.2017, lch. 57, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2017/2315/oj).

(12)   IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2020/1222/oj.

(13)  Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1060/oj).

(14)  Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe (IO L 231, 30.6.2021, lch. 60, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1058/oj).

(15)  Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (IO L 231, 30.6.2021, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1057/oj).

(16)  Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/241/oj).

(17)  Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/852/oj).

(18)   IO L 1, 3.1.1994, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/1994/1/oj.

(19)   IO L 161, 29.5.2014, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2014/295/oj.

(20)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/883/oj).

(21)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1995/2988/oj).

(22)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1996/2185/oj).

(23)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/1939/oj).

(24)  Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2017/1371/oj).

(25)  Cinneadh (AE) 2021/1764 ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2021 maidir le Comhlachas na dTíortha agus na gCríoch Thar Lear leis an Aontas Eorpach lena n-áirítear caidreamh idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus an Ghraonlainn agus Ríocht na Danmhairge, den pháirt eile (Cinneadh maidir le Comhlachú Thar Lear, lena n-áirítear an Ghraonlainn) (IO L 355, 7.10.2021, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/1764/oj).

(26)  Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017, (IO L 107, 26.3.2021, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/523/oj).

(27)  Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2006/112/oj).

(28)  Treoir (AE) 2020/262 ón gComhairle an 19 Nollaig 2019 lena leagtar síos na socruithe ginearálta maidir le dleacht mháil (IO L 58, 27.2.2020, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2020/262/oj).

(29)  Treoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir leis na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí áirithe oibreacha, conarthaí soláthair agus conarthaí seirbhíse ag údaráis chonarthacha nó ag eintitis i réimsí na cosanta agus na slándála a chomhordú, agus lena leasaítear Treoracha 2004/17/CE agus 2004/18/CE (IO L 216, 20.8.2009, lch. 76, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/81/oj).

(30)  Treoir 2009/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 6 Bealtaine 2009 lena simplítear téarmaí agus coinníollacha aistrithe táirgí a bhaineann le cosaint laistigh den Chomhphobal (IO L 146, 10.6.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/43/oj).

(31)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/182/oj).

(32)   IO C 202, 8.7.2011, lch. 13.

(33)  Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/24/oj).

(34)  Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnáil an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/25/oj).

(35)  Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2003/361/oj).

(36)  Rialachán (AE) 2024/1252 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena mbunaítear creat chun soláthar slán inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1724 agus (AE) 2019/1020 (IO L, 2024/1252, 3.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1252/oj).

(37)  Moladh (AE) 2025/1099 ón gCoimisiún an 21 Bealtaine 2025 maidir le fiontair mheánchaipitlithe beaga a shainmhíniú (IO L, 2025/1099, 28.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2025/1099/oj).

(38)  Rialachán (AE) 2025/1106 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2025 lena mbunaítear an Ionstraim um Ghníomhaíocht Slándála don Eoraip (SAFE) trí Atreisiú an Tionscail Cosanta Eorpaigh (IO L, 2025/1106, 28.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/1106/oj).

(39)  Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 lena gcuirtear ar bun creat maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas a scagadh (IO L 79 I, 21.3.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/452/oj).

(40)  Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fána agus flóra fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1992/43/oj).

(41)  Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2000/60/oj).

(42)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2006/1907/oj).

(43)  Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/147/oj).

(44)  Rialachán (AE) 2018/1092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 lena mbunaítear an Clár Eorpach Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta lena ndírítear ar thacú le hiomaíochas agus cumas nuálaíochta thionscal cosanta an Aontais (IO L 200, 7.8.2018, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1092/oj).

(45)  Rialachán (AE) 2021/697 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear Ciste Eorpach Cosanta agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1092, (IO L 170, 12.5.2021, lch. 149, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/697/oj).

(46)  Treoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003, maidir le gnéithe áirithe d’eagrú ama oibre (IO L 299, 18.11.2003, lch. 9, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/88/oj).

(47)  Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (IO L 209, 14.6.2021, lch. 1,ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/947/oj).

(48)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe an Aontais a chosaint (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2015/444/oj).

(49)  Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2002/58/oj).

(50)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).

(51)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).


 

Rinneadh trí ráiteas maidir leis an Rialachán seo agus is féidir teacht orthu in IO C, C/2025/3783, 29.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6783/oj, IO C, C/2025/3784, 29.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6784/oj agus IO C, C/2025/3785, 29.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6785/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2643/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)