|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2609 |
22.12.2025 |
MOLADH (AE) 2025/2609 ÓN gCOIMISIÚN
an 18 Nollaig 2025
maidir le Sceideal Eorpach na ngalar ceirde
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Moladh (AE) 2022/2337 ón gCoimisiún (1), mhol an Coimisiún do na Ballstáit sraith beart a chur chun feidhme, arb é is cuspóir dóibh gnéithe éagsúla dá mbeartais a bhaineann le galair cheirde a nuashonrú agus a fheabhsú. Baineann na bearta sin le haithint, cúiteamh agus cosc na ngalar ceirde, socrú na gcuspóirí náisiúnta chun breoiteachtaí ceirde a laghdú, tuairisciú agus taifeadadh na ngalar ceirde, bailiú sonraí maidir le heipidéimeolaíocht galar, cur chun cinn an taighde i réimse na dtinneas a bhaineann le gníomhaíocht cheirde, feabhas a chur ar dhiagnóisiú na ngalar ceirde, scaipeadh na sonraí staidrimh agus eipidéimeolaíochta maidir le galair cheirde, agus ról gníomhach a chur chun cinn le haghaidh córais náisiúnta sláinte poiblí agus cúraim sláinte i dtaca le galair cheirde a chosc. |
|
(2) |
Is oibreán carcanaigineach contúirteach í an aispeist, rud a bhfuil tionchar aici fós ar earnálacha eacnamaíocha éagsúla, amhail athchóiriú foirgneamh, mianadóireacht agus cairéalú, bainistiú dramhaíola agus comhrac dóiteáin, earnálacha ina bhféadfadh riosca mór nochta a bheith ann d’oibrithe. Meastar go nochtar idir 4.1 agus 7.3 milliún oibrí d’aispeist san am i láthair (2). Aicmítear aispeist mar charcanaigin de chatagóir 1A de bhun Chuid 3 d’Iarscríbhinn VI a gabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Is í an ailse cheirde an phríomhchúis le básanna a bhaineann leis an obair san Aontas (4), arb í nochtadh do shubstaintí carcanaigineacha, amhail aispeist, is cúis léi go príomha. Meastar gur leis an aispeist a bhaineann 75 % de chásanna ailse a aithnítear mar chásanna ceirde sna Ballstáit (5). Cuireadh tús leis an srian forchéimnitheach ar úsáid aispeiste san Aontas in 1988, agus ó bhí 2005 ann tá toirmeasc ar aispeist a mhonarú, a chur ar an margadh agus a úsáid i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (REACH) (6). Ina ainneoin sin, tá fadhb shuntasach neamhréitithe ann, ós rud é go bhfuil aispeist fós ann in go leor seanfhoirgnimh. Is dócha go ndéanfar na foirgnimh sin a athchóiriú, a oiriúnú nó a scartáil sna blianta amach romhainn. Meastar go dtiocfaidh méadú ar nochtadh oibrithe d’aispeist i ngach Ballstát de réir mar a théann Straitéis an Rabharta Athchóiriúcháin (7) chun cinn. Thairis sin, tá tréimhse folaigh fhada ag galair a bhaineann le haispeist. Ós rud é go bhféadfadh suas le 30 bliain nó níos mó a bheith i gceist sula léirítear na chéad chomharthaí breoiteachta ó thráth an nochta, meastar go bhfeicfear básanna agus tinnis a bhaineann le haispeist de dheasca nochtadh a tharla roimh an toirmeasc in 2005 go dtí deireadh na 2020idí agus na 2030idí. |
|
(3) |
Sa chomhthéacs sin, bhí laghdú éifeachtach a dhéanamh ar nochtadh do shubstaintí carcanaigineacha amhail aispeist ar cheann de chuspóirí Phlean Sáraithe Ailse na hEorpa (8) agus an Phlean Gníomhaíochta um Uisce, Aer agus Ithir saor ó Thruailliú (9) ón gCoimisiún. Ina theannta sin, leasaíodh Treoir 2009/148/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh d’aispeist ag an obair le Treoir (AE) 2023/2668 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), lena ndearnadh, i measc leasuithe eile, an teorainnluach nochta ceirde is infheidhme maidir le haispeist a laghdú go suntasach. |
|
(4) |
Áirítear roinnt galar a bhaineann le haispeist i Moladh (AE) 2022/2337. In Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Moladh, ina bhfuil sceideal Eorpach na ngalar ceirde: aispeastóis, méisitéilióma tar éis deannach aispeiste a ionanálú, aimhréidh aispeiste i bhfoirm ailse broincigh, galair fiobróise an phleora, lena ngabhann srianadh riospráide, arb í aispeist is cúis leo agus ailse scamhóg tar éis deannach aispeiste a ionanálú. In Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Moladh, ina bhfuil liosta breise de ghalair a mheastar gur de thionscnamh ceirde iad agus ar féidir iad a mheas ag céim níos déanaí lena gcuimsiú i sceideal Eorpach na ngalar ceirde: ailse na larainge tar éis deannach aispeiste a ionanálú. |
|
(5) |
Tar éis ghlacadh na Teachtaireachta ón gCoimisiún maidir le hoibriú i dtreo todhchaí atá saor ó aispeist (12), an 29 Bealtaine 2024 rinne an Coiste Comhairleach trípháirteach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair, agus an dréacht-tuairim ón Meitheal thiomnaithe á chur san áireamh chomh maith leis an tuairim ón nGrúpa Saineolaithe Teicniúla a cuireadh ar bun chun tacú leis an obair ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann galair bhreise a bhaineann le haispeist a chuimsiú sa Mholadh ón gCoimisiún maidir le sceideal Eorpach na ngalar ceirde, tuairim (13) a ghlacadh maidir leis an ngá atá leis an Moladh ón gCoimisiún maidir le sceideal Eorpach na ngalar ceirde a thabhairt cothrom le dáta trí ghalair bhreise a bhaineann le haispeist a chuimsiú. |
|
(6) |
Agus an tuairim ón gCoiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair á cur san áireamh, ba cheart na galair seo a leanas a bhaineann le haispeist a chur le hIarscríbhinn I: ailse larainge arb í aispeist is cúis léi (in ionad na hiontrála atá ann faoi láthair ‘ailse na larainge tar éis deannach aispeiste a ionanálú’ in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Moladh), ailse ubhagáin arb í aispeist is cúis léi, plaiceanna pleoracha lena ngabhann lagú feidhmiúil na scamhóg arb í aispeist is cúis leo, agus brúchtadh pleorach neamhurchóideach arb í aispeist is cúis leis. Ina theannta sin, ba cheart na galair seo a leanas a chur le hIarscríbhinn II: ailse drólainne arb í aispeist is cúis léi, ailse reictim arb í aispeist is cúis léi, agus ailse boilg arb í aispeist is cúis léi. |
|
(7) |
Thairis sin, ba cheart earráidí cló áirithe sna hIarscríbhinní a ghabhann le Moladh (AE) 2022/2337 a cheartú. Baineann sé sin leis na hiontrálacha ‘302 Aimhréidh aispeiste i bhfoirm ailse broincigh’, ar cheart í a léamh mar ‘302 Aimhréidh aispeastóise i bhfoirm ailse bhroinceach’ agus ‘2.108 Tiaipéin’, ar cheart í a léamh mar ‘2.108 Tiaiféin’. |
|
(8) |
Cé gur ábhar é aitheantas na ngalar ceirde a bhfuil dlúthbhaint aige le dearadh córas slándála sóisialta, ar inniúlacht de chuid na mBallstát é, cuireann an Coimisiún chun cinn aithint na ngalar ceirde ag na Ballstáit, is é sin na galair cheirde atá liostaithe i sceideal Eorpach na ngalar ceirde. Mar a luaitear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún ‘Creat straitéiseach an Aontais Eorpaigh maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair 2021-2027 - Sábháilteacht agus sláinte cheirde i saol oibre atá ag athrú’ (14) (‘Creat Straitéiseach an Aontais Eorpaigh’), tá gá fós le méadú a dhéanamh ar an mbéim atá ar ghalair cheirde. I gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta atá ann maidir le cosc, prionsabail atá ina gcuid lárnach de Threoir 89/391/CEE ón gComhairle (15) maidir le sábháilteacht agus sláinte ag an obair agus de na treoracha gaolmhara maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair (16), ba cheart an Moladh seo a bheith ina ionstraim chomhlántach fíor-riachtanach chun galair cheirde a chosc ar leibhéal an Aontais. Thairis sin, tá sé tábhachtach tacaíocht a thabhairt d’oibrithe atá breoite agus do theaghlaigh a chaill baill teaghlaigh mar gheall ar nochtadh ag an obair. |
|
(9) |
I gcomhréir le Creat Straitéiseach an Aontais Eorpaigh, ba cheart iarraidh ar na Ballstáit páirt ghníomhach a thabhairt do na gníomhaithe uile, go háirithe do na comhpháirtithe sóisialta, i dtaca le bearta a fhorbairt chun galair cheirde a chosc go héifeachtach. |
|
(10) |
I gCreat Straitéiseach an Aontais Eorpaigh, tagraítear don ghá atá le bonn fianaise neartaithe chun bonn taca a chur faoin reachtaíocht agus faoin mbeartas, agus le taighde agus le bailiú sonraí, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon, mar réamhchoinníoll chun galair agus tionóiscí a bhaineann leis an obair a chosc. Tá comhar agus malartú faisnéise, taithí agus dea-chleachtais ríthábhachtach le haghaidh anailís fheabhsaithe agus cosc feabhsaithe ar fud an Aontais. |
|
(11) |
Is ábhartha fós an moladh do na Ballstáit sonraí staidrimh agus eipidéimeolaíocha maidir le galair cheirde a aithnítear ar an leibhéal náisiúnta a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara, agus Rialachán (CE) Uimh. 1338/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh Comhphobail i dtaca leis an tsláinte phoiblí agus i dtaca leis an tsláinte agus leis an tsábháilteacht ag an obair (17) á chur san áireamh, agus i bhfianaise forbairtí a bhaineann leis an Staidreamh Eorpach um Ghalair Cheirde. |
|
(12) |
Is é an ról atá ag an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair, arna bunú le Rialachán (AE) 2019/126 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), inter alia, an fhaisnéis oibiachtúil theicniúil, eolaíoch agus eacnamaíoch atá ar fáil a sholáthar d’institiúidí agus do chomhlachtaí an Aontais agus do na Ballstáit agus an saineolas cáilithe a theastaíonn uathu a sholáthar dóibh chun beartais bhreithiúnacha éifeachtacha a leagan amach agus a chur chun feidhme, ar beartais iad arna gceapadh chun sábháilteacht agus sláinte oibrithe a chosaint, agus chun faisnéis theicniúil, eolaíoch agus eacnamaíoch a bhailiú, a anailísiú agus a scaipeadh sna Ballstáit. Dá réir sin, ba cheart don Ghníomhaireacht ról tábhachtach a bheith aici freisin i malartú faisnéise, taithí agus dea-chleachtais maidir le galair cheirde a chosc. |
|
(13) |
Is féidir le córais náisiúnta sláinte poiblí agus cúraim sláinte ról tábhachtach a bheith acu i dtaca le feabhas a chur ar chosc na mbreoiteachtaí ceirde, mar shampla trí fheasacht a mhúscailt i measc foirne leighis d’fhonn feabhas a chur ar an eolas faoi na breoiteachtaí sin agus ar dhiagnóisiú na mbreoiteachtaí sin. |
|
(14) |
Ós rud é gur gá na galair dá dtagraítear in aithris (6) a chur leis an Moladh maidir le sceideal Eorpach na ngalar ceirde agus roinnt earráidí cló a cheartú ina théacs, cuirtear an Moladh seo in ionad Mholadh (AE) 2022/2337. |
AG MOLADH AN MHÉID SEO A LEANAS:
|
I. |
Gan dochar do dhlíthe nó rialacháin náisiúnta níos fabhraí, moltar do na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
|
II. |
Ba cheart do na Ballstáit na critéir chun gach galar ceirde a aithint a chinneadh i gcomhréir lena ndlíthe nó lena gcleachtais náisiúnta atá i bhfeidhm. |
|
III. |
Iarrtar ar na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas, tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2026, faoi na bearta a glacadh nó atá beartaithe mar fhreagairt ar na galair a liostaítear faoi Uimh. 311 go 314 in Iarscríbhinn I agus ar na galair a liostaítear faoi Uimh. 2.309, 2.310 agus 2.311 in Iarscríbhinn II. Ba cheart do na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas tráth ar bith a dhéantar aon bheart nua i ndáil le cur chun feidhme an Mholta seo. |
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Nollaig 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
Roxana MÎNZATU
Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin
(1) Moladh (AE) 2022/2337 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2022 maidir le sceideal Eorpach na ngalar ceirde (IO L 309, 30.11.2022, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2022/2337/oj).
(2) Staidéar maidir le faisnéis faoi shubstaintí a bhailiú d’fhonn anailís a dhéanamh ar na tionchair shláinte, shocheacnamaíocha agus chomhshaoil i ndáil le leasuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar Threoir 98/24/CE (Oibreáin Cheimiceacha) agus ar Threoir 2009/148/CE (Aispeist) - Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh.
(3) Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1272/oj).).
(4) https://osha.europa.eu/sites/default/files/Summary_OSH_in_Europe_state_trends.pdf.
(5) European occupational diseases statistics - Experimental statistics [Staidreamh Eorpach maidir le galair cheirde - Staidreamh turgnamhach] - Eurostat Baineann na sonraí leis na blianta 2013-2022 agus le AE-27 (seachas an Ghearmáin, an Ghréig agus an Phortaingéil nach raibh sonraí ar fáil ina leith). Áirítear sonraí breise sa Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin - Measúnú Tionchair a ghabhann leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2009/148/CE maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh d’aispeist ag an obair (SWD(2022) 311 final), https://eur-lex.europa.eu/LexUriServ/LexUriServ.do?uri=SWD:2022:0311:FIN:EN:PDF.
(6) Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2006/1907/oj).
(7) Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: A Renovation Wave for Europe - greening our buildings, creating jobs, improving lives [Rabharta Athchóiriúcháin don Eoraip - glasú na bhfoirgneamh seo againne, cruthú post agus feabhsú na cáilíochta saoil] (COM(2020) 662 final).
(8) 26fc415a-1f28-4f5b-9bfa-54ea8bc32a3a_en.
(9) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Conair i dtreo Pláinéad Sláintiúil do Chách, Plean Gníomhaíochta an Aontais: ‘ Towards Zero Pollution for Air, Water and Soil ’ [Conair i dtreo Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú] (COM/2021/400 final) https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX%3A52021DC0400&qid=1623311742827.
(10) Treoir 2009/148/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh d’aispeist ag an obair (IO L 330, 16.12.2009, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/148/oj).
(11) Treoir (AE) 2023/2668 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Samhain 2023 lena leasaítear Treoir 2009/148/CE maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh d’aispeist ag an obair (IO L, 2023/2668, 30.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/2668/oj).
(12) Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le hoibriú i dtreo todhchaí atá saor ó aispeist: cur chuige Eorpach i leith aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sláinte a bhaineann le haispeist (COM(2022) 488 final).
(13) https://circabc.europa.eu/ui/group/cb9293be-4563-4f19-89cf-4c4588bd6541/library/2f88a8c0-cdc2-4b40-ae20-a1718f4f3cbd/details.
(14) COM(2021) 323 final.
(15) Treoir 89/391/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1989 maidir le bearta a thabhairt isteach chun feabhsuithe ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe ag an obair a spreagadh (IO L 183, 29.6.1989, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1989/391/oj).
(16) https://employment-social-affairs.ec.europa.eu/policies-and-activities/rights-work/health-and-safety-work_ga.
(17) Rialachán (CE) Uimh. 1338/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le staidreamh Comhphobail i dtaca leis an tsláinte phoiblí agus i dtaca leis an tsláinte agus leis an tsábháilteacht ag an obair (IO L 354, 31.12.2008, lch. 70, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1338/oj).
(18) Rialachán (AE) 2019/126 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2062/94 ón gComhairle (IO L 30, 31.1.2019, lch. 58, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/126/oj).
IARSCRÍBHINN I
Sceideal Eorpach na ngalar ceirde
Na galair a luaitear sa sceideal seo, ní mór iad a nascadh go díreach leis an ngairm bheatha. Cinnfidh an Coimisiún na critéir chun gach ceann de na galair cheirde a liostaítear thíos a aithint:
1. Galair arb iad na hoibreáin cheimiceacha seo a leanas is cúis leo:
|
100 |
Aicrilinítríl |
|
101 |
Arsanaic nó comhdhúile di |
|
102 |
Beirilliam (glúiciniam) nó comhdhúile de |
|
103.01 |
Aonocsaíd charbóin |
|
103.02 |
Ocsaclóiríd charbóin |
|
104.01 |
Aigéad hidricianach |
|
104.02 |
Ciainídí nó comhdhúile díobh |
|
104.03 |
Isicianáití |
|
105 |
Caidmiam nó comhdhúile de |
|
106 |
Cróimiam nó comhdhúile de |
|
107 |
Mearcair nó comhdhúile de |
|
108 |
Mangainéis nó comhdhúile di |
|
109.01 |
Aigéad nítreach |
|
109.02 |
Ocsaídí nítrigine |
|
109.03 |
Amóinia |
|
110 |
Nicil nó comhdhúile di |
|
111 |
Fosfar nó comhdhúile de |
|
112 |
Luaidhe nó comhdhúile di |
|
113.01 |
Ocsaídí sulfair |
|
113.02 |
Aigéad sulfurach |
|
113.03 |
Déshuilfíd charbóin |
|
114 |
Vanaidiam nó comhdhúile de |
|
115.01 |
Clóirín |
|
115.02 |
Bróimín |
|
115.04 |
Iaidín |
|
115.05 |
Fluairín nó comhdhúile de |
|
116 |
Hidreacarbóin alafatacha nó hidreacarbóin ailléileacha a dhíorthaítear ó bhiotáille pheitriliam nó ó pheitreal |
|
117 |
Díorthaigh halaiginithe na hidreacarbón alafatach nó na hidreacarbón ailléileach |
|
118 |
Alcól búitile, alcól meitile, agus alcól iseapróipile |
|
119 |
Gliocól eitiléine, gliocól dé-eitiléine, 1,4-bútáindé-ól agus díorthaigh níotráitithe na ngliocól agus gliocróil |
|
120 |
Éitear meitile, éitear eitile, éitear iseapróipile, éitear vinile, éitear déchlóiriseapróipile, guaidheacól, éitear meitile agus éitear eitile de ghliocól eitiléine |
|
121 |
Aicéatón, clóraicéatón, brómaicéatón, heicsafluaraicéatón, céatón eitile meitile, céatón n-búitile meitile, céatón iseabúitile meitile, alcól dé-aicéatóin, ocsaíd mheisitile, 2-meitilcioglaiheacsanón |
|
122 |
Eistir orgánafosfair |
|
123 |
Aigéid orgánacha |
|
124 |
Formaildéad |
|
125 |
Díorthaigh níotráitithe alafatacha |
|
126.01 |
Beinséin nó contrapháirteanna di (sainmhínítear na contrapháirteanna de bheinséin leis an bhfoirmle seo a leanas: CnH2n-6) |
|
126.02 |
Naftailéin nó contrapháirteanna de naftailéin (sainmhínítear an chontrapháirt de naftailéin leis an bhfoirmle seo a leanas: CnH2n-12) |
|
126.03 |
Vinilbeinséin agus dévinilbeinséin |
|
127 |
Díorthaigh halaiginithe na hidreacarbón aramatach |
|
128.01 |
Feanóil nó contrapháirteanna nó díorthaigh halaiginithe díobh |
|
128.02 |
Naftóil nó contrapháirteanna nó díorthaigh halaiginithe díobh |
|
128.03 |
Díorthaigh halaiginithe na n-ocsaídí ailciolairile |
|
128.04 |
Díorthaigh halaiginithe na sulfónáití ailciolairile |
|
128.05 |
Beinseacuineoin |
|
129.01 |
Aimíní aramatacha nó hiodraisíní aramatacha, nó díorthaigh halaiginithe, díorthaigh fheanólacha, díorthaigh nítrithe, díorthaigh níotráitithe nó díorthaigh shulfónáitithe díobh |
|
129.02 |
Aimíní alafatacha nó díorthaigh halaiginithe díobh |
|
130.01 |
Díorthaigh níotráitithe na hidreacarbón aramatach |
|
130.02 |
Díorthaigh níotráitithe feanól nó a gcontrapháirteanna |
|
131 |
Antamón agus díorthaigh de |
|
132 |
Eistir d’aigéad nítreach |
|
133 |
Suilfíd hidrigine |
|
135 |
Einceifileapaití i ngeall ar thuaslagóirí orgánacha nach dtagann faoi cheannteidil eile |
|
136 |
Polainéarapaití i ngeall ar thuaslagóirí orgánacha nach dtagann faoi cheannteidil eile |
2. Galair craicinn arb iad na substaintí agus na hoibreáin nach n-áirítear faoi cheannteidil eile is cúis leo
|
201 |
Galair craicinn agus ailsí craicinn arb iad na nithe seo a leanas is cúis leo: |
|
201.01 |
Súiche |
|
201.03 |
Tarra |
|
201.02 |
Biotúman |
|
201.04 |
Pic |
|
201.05 |
Antraicéin nó comhdhúile di |
|
201.06 |
Ola mhianrach agus olaí eile |
|
201.07 |
Pairifín amh |
|
201.08 |
Carbasól nó comhdhúile de |
|
201.09 |
Seachtháirgí as driogadh guail |
|
202 |
Tinnis craicinn ceirde arb iad na substaintí lena spreagtar ailléirgí nó na substaintí greannacha a aithnítear go heolaíoch agus nach n-áirítear faoi cheannteidil eile is cúis leo |
3. Galair arb é ionanálú na substaintí nó na n-oibreán nach n-áirítear faoi cheannteidil eile is cúis leo
|
301 |
Galair an chórais riospráide agus ailsí |
|
301.11 |
Sileacóis |
|
301.12 |
Sileacóis i gcomhcheangal le heitinn scamhóige |
|
301.21 |
Aispeastóis |
|
301.22 |
Méisitéilióma tar éis deannach aispeiste a ionanálú |
|
301.31 |
Niúmaconóis arb iad deannaigh sileacáití is cúis léi |
|
302 |
Aimhréidh aispeastóise i bhfoirm ailse bhroinceach |
|
303 |
Tinnis bhroncascamhógacha arb iad deannaigh ó mhiotail shintéaraithe is cúis leo |
|
304.01 |
Ailbheolaíteas ailléirgeach eistreach |
|
304.02 |
Galair scamhóige arb é ionanálú deannaigh agus snáithíní ó chadás, líon, cnáib, siúit, siseal agus bagás is cúis leo |
|
304.04 |
Tinnis riospráide arb é ionanálú deannaigh ó chóbalt, stán, bairiam agus graifít is cúis leo |
|
304.05 |
Sidearóis |
|
305.01 |
Galair ailseacha sa chonair riospráide uachtarach arb é deannach ó adhmad is cúis leo |
|
304.06 |
Asma ailléirgeach arb é ionanálú substaintí is cúis leis, substaintí a aithnítear go comhsheasmhach mar shubstaintí is cúis le hailléirgí agus a bhaineann go sonrach leis an gcineál oibre |
|
304.07 |
Riníteas ailléirgeach arb é ionanálú substaintí is cúis leis, substaintí a aithnítear go comhsheasmhach mar shubstaintí is cúis le hailléirgí agus a bhaineann go sonrach leis an gcineál oibre |
|
306 |
Galair fiobróise an phleora, lena ngabhann srianadh riospráide, arb í aispeist is cúis leo |
|
307 |
Broincíteas toirmeascach ainsealach nó eimfiséime ar mhianadóirí a bhíonn ag obair i mianaigh ghuail faoi thalamh |
|
308 |
Ailse scamhóg tar éis deannach aispeiste a ionanálú |
|
309 |
Tinnis bhroncascamhógacha arb iad deannach nó múch ó alúmanam nó ó chomhdhúile de is cúis leo |
|
310 |
Tinnis bhroncascamhógacha arb iad deannach ó shlaig bhunata is cúis leo |
|
311 |
Ailse larainge arb í aispeist is cúis léi |
|
312 |
Ailse ubhagáin arb í aispeist is cúis léi |
|
313 |
Plaiceanna pleoracha lena ngabhann lagú feidhmiúil na scamhóg arb í aispeist is cúis leo |
|
314 |
Eisleathadh pleorach neamhurchóideach arb í aispeist is cúis leis |
4. Galair thógálacha agus sheadánacha
|
401 |
Galair thógálacha nó sheadánacha a tharchuirtear chuig an duine trí ainmhithe nó trí iarsmaí d’ainmhithe |
|
402 |
Teiteanas |
|
403 |
Bruisealóis |
|
404 |
Heipitíteas víreasach |
|
405 |
Eitinn |
|
406 |
Aiméibiáis |
|
407 |
Galair thógálacha eile arb í obair i ndáil le galair a chosc, obair i gcúram sláinte, obair i gcúnamh baile agus gníomhaíochtaí inchomparáide eile ar cruthaíodh go bhfuil riosca ionfhabhtaithe ina leith is cúis leo |
|
408 |
COVID-19 arb í obair i ndáil le galair a chosc, obair i gcúram sláinte agus i gcúram sóisialta agus obair i gcúnamh baile, nó, i gcomhthéacs paindéime, obair in earnálacha ina bhfuil ráig i ngníomhaíochtaí ar cruthaíodh go bhfuil riosca ionfhabhtaithe ina leith is cúis leis |
5. Galair arb iad na hoibreáin fhisiceacha seo a leanas is cúis leo:
|
502.01 |
Catarachtaí arb í radaíocht teasa is cúis leo |
|
502.02 |
Tinnis thoinníteacha tar éis nochtadh do radaíocht ultraivialait |
|
503 |
Hiopacúis nó bodhaire de dheasca torainn |
|
504 |
Galair arb é comhbhrú nó dí-chomhbhrú atmaisféarach is cúis leo |
|
505.01 |
Galair oisté-altacha na lámh agus na rostaí arb é creathadh meicniúil is cúis leo |
|
505.02 |
Galair angainéaróiseacha arb é creathadh meicniúil is cúis leo |
|
506.10 |
Galair sna saic phear-artacha i ngeall ar bhrú |
|
506.11 |
Saicíníteas réamhphláitíneach agus fophláitíneach |
|
506.12 |
Saicíníteas olacranóin |
|
506.13 |
Saicíníteas gualainne |
|
506.21 |
Galair i ngeall ar róstangadh truaillí teannáin |
|
506.22 |
Galair i ngeall ar róstangadh an pheireiteannáinéim |
|
506.23 |
Galair i ngeall ar róstangadh na n-ionsánna matánacha agus ionsánna na dteannán |
|
506.30 |
Loit meiniscis tar éis tréimhsí fada oibre ar na glúine nó cromtha síos |
|
506.40 |
Pairilis sna néaróga i ngeall ar bhrú |
|
506.45 |
Siondróm na conaire carpasaí |
|
507 |
Nisteagmas mianadóra |
|
508 |
Galair arb í radaíocht ianúcháin is cúis leo |
IARSCRÍBHINN II
Liosta breise de na galair a mheastar gur de thionscnamh ceirde iad, galair ba cheart a bheith faoi réir fógra agus a fhéadfar a mheas ag céim níos déanaí lena gcuimsiú in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an sceideal Eorpach
2.1 Galair arb iad na hoibreáin seo a leanas is cúis leo:
|
2.101 |
Ózón |
|
2.102 |
Hidreacarbóin alafatacha seachas na cinn dá dtagraítear faoi cheannteideal 1.116 d’Iarscríbhinn I |
|
2.103 |
Défheinil |
|
2.104 |
Deacailin |
|
2.105 |
Aigéid aramatacha - ainhidrídí aramatacha nó a gcuid díorthach halaiginithe |
|
2.106 |
Ocsaíd défheinile |
|
2.107 |
Teitrihidreafúrán |
|
2.108 |
Tiaiféin |
|
2.109 |
Meataicrilinítríl |
|
2.110 |
Aicrilinítríl |
|
2.111 |
Tia-alcóil |
|
2.112 |
Mearcaptain agus tiai-éitir |
|
2.113 |
Tailliam nó comhdhúile de |
|
2.114 |
Alcóil nó a gcuid díorthach halaiginithe nach dtagraítear dóibh faoi cheannteideal 1.118 d’Iarscríbhinn I |
|
2.115 |
Gliocóil nó a gcuid díorthach halaiginithe nach dtagraítear dóibh faoi cheannteideal 1.119 d’Iarscríbhinn I |
|
2.116 |
Éitir nó a gcuid díorthach halaiginithe nach dtagraítear dóibh faoi cheannteideal 1.120 d’Iarscríbhinn I |
|
2.117 |
Céatóin nó a gcuid díorthach halaiginithe nach dtagraítear dóibh faoi cheannteideal 1.121 d’Iarscríbhinn I |
|
2.118 |
Eistir nó a gcuid díorthach halaiginithe nach dtagraítear dóibh faoi cheannteideal 1.122 d’Iarscríbhinn I |
|
2.119 |
Fúrfúral |
|
2.120 |
Tiaifeanóil nó contrapháirteanna nó díorthaigh halaiginithe díobh |
|
2.121 |
Airgead |
|
2.122 |
Seiléiniam |
|
2.123 |
Copar |
|
2.124 |
Sinc |
|
2.125 |
Maignéisiam |
|
2.126 |
Platanam |
|
2.127 |
Tantalam |
|
2.128 |
Tíotáiniam |
|
2.129 |
Teirpéiní |
|
2.130 |
Bóráin |
|
2.140 |
Galair arb é ionanálú deannaigh néamhainn is cúis leo |
|
2.141 |
Galair arb iad substaintí hormónacha is cúis leo |
|
2.150 |
Cáiréas fiacla a bhaineann le hobair i dtionscal na seacláide, i dtionscal an tsiúcra agus i dtionscal an phlúir |
|
2.160 |
Ocsaíd siliciam |
|
2.170 |
Hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha nach dtagann faoi cheannteidil eile |
|
2.190 |
Démheitiolformaimíd |
2.2 Galair craicinn arb iad na substaintí agus na hoibreáin nach n-áirítear faoi cheannteidil eile is cúis leo
|
2.201 |
Tinnis ailléirgeacha agus ortailléirgeacha craicinn nach n-aithnítear in Iarscríbhinn I |
2.3 Galair arb é ionanálú na substaintí nach n-áirítear faoi cheannteidil eile is cúis leo
|
2.301 |
Fiobróis scamhóige i ngeall ar mhiotail nach n-áirítear sa sceideal Eorpach |
|
2.303 |
Tinnis agus ailsí broncascamhógacha a bhaineann le nochtadh do na nithe seo a leanas:
|
|
2.304 |
Tinnis bhroncascamhógacha arb iad snáithíní mianracha de dhéantús an duine is cúis leo |
|
2.305 |
Tinnis bhroncascamhógacha arb iad snáithíní sintéiseacha is cúis leo |
|
2.307 |
Tinnis riospráide, go háirithe asma, arb iad greannaitheoirí nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn I is cúis leo |
|
2.309 |
Ailse drólainne arb í aispeist is cúis léi |
|
2.310 |
Ailse reictim arb í aispeist is cúis léi |
|
2.311 |
Ailse boilg arb í aispeist is cúis léi |
2.4 Galair thógálacha agus sheadánacha nach dtugtar tuairisc orthu in Iarscríbhinn I
|
2.401 |
Galair sheadánacha |
|
2.402 |
Galair thrópaiceacha |
2.5 Galair arb iad oibreáin fhisiceacha is cúis leo
|
2.501 |
Tréantarraingt i ngeall ar róstangadh na starrtha spíonacha |
|
2.502 |
Galair dhioscabhunaithe sa cholún veirteabrach lumbach arb iad éifeachtaí ingearacha athfhillteacha chreathadh an choirp iomláin is cúis leo |
|
2.503 |
Nóidíní ar na cordaí gutha de dheasca iarracht leanúnach gutha a bhaineann leis an obair |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2025/2609/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)