European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2570

19.12.2025

CINNEADH (AE) 2025/2570 ÓN gCOIMISIÚN

an 18 Nollaig 2025

lena mbunaítear an cairt mhisin do Sheirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach an Choimisiúin

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (1), agus go háirithe Airteagail 118(10) agus 117(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Bunaíodh Seirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach an Choimisiúin an 11 Aibreán 2000 (2). Oibríonn an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach faoi stiúir an Iniúchóra Inmheánaigh, ar Ard-Stiúrthóir é.

(2)

Is é sainordú an Iniúchóra Inmheánaigh, mar a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509, comhairle a chur ar an gCoimisiún maidir le déileáil le rioscaí i ndáil le gníomhaíochtaí agus ranna uile an Choimisiúin lena mbaineann.

(3)

Ráthaítear neamhspleáchas an Iniúchóra Inmheánaigh le Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 agus treisítear é leis na Caighdeáin Dhomhanda maidir le hIniúchóireacht Inmheánach (3) arna leagan síos ag Institiúid na nIniúchóirí Inmheánacha, ina sonraítear go bhfuil an éifeacht is mó ag an bhfeidhm iniúchóireachta inmheánaí nuair atá seasamh neamhspleách aici agus nuair atá cuntasacht dhíreach aici don leibhéal rialachais is airde in eagraíocht.

(4)

Chun go gcomhlíonfaidh an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach a ról agus chun próiseas iniúchóireachta éifeachtúil a áirithiú, ba cheart don Choimisiún, do ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin agus d’oifigí Eorpacha rochtain iomlán neamhtheoranta ar an bhfaisnéis uile dá dtagraítear in Airteagal 118(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 a éascú.

(5)

Raon feidhme mhisean an Iniúchóra Inmheánaigh agus na cuspóirí agus na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na feidhme iniúchóireachta inmheánaí, ba cheart iad a ailíniú le forálacha Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 agus leis na Caighdeáin Dhomhanda maidir le hIniúchóireacht Inmheánach. Tá na Caighdeáin Dhomhanda maidir le hIniúchóireacht Inmheánach le comhlíonadh de bhun Airteagal 117(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509.

(6)

De bhun Airteagal 118(10) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509, ba cheart don Choimisiún na hacmhainní is gá a sholáthar dá Iniúchóir Inmheánach chun an fheidhm iniúchóireachta inmheánaí a chomhlíonadh mar is ceart, agus is é an tIniúchóir Inmheánach a bheidh freagrach i gcónaí as a áirithiú go bhfuil siad iomchuí agus go n-úsáidtear go héifeachtach iad. Chuige sin, ba cheart don tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach plean bainistithe acmhainní a áireamh ina chlár oibre.

(7)

Ionas nach ndéanfar dochar do chuspóir na n-iniúchtaí inmheánacha, agus ach amháin i gcás ina mbaineann leas poiblí sáraitheach le nochtadh, níor cheart rochtain a bheith ag an bpobal ar thuarascálacha agus torthaí an Iniúchóra Inmheánaigh ach tar éis don Iniúchóir Inmheánach an gníomh a bhailíochtú chun iad a chur chun feidhme.

(8)

Le Cinneadh (AE, Euratom) 2025/369 ón gCoimisiún (4), bhunaigh an Coimisiún, laistigh de chreat bainistithe riosca agus comhlíontachta an Choimisiúin maidir le rioscaí airgeadais a eascraíonn as oibríochtaí airgeadais an Aontais, feidhm neamhspleách an Phríomhoifigigh Riosca, chun gníomhú mar an dara líne chosanta ar leibhéal corparáideach, chun ról na nArd-Stiúrthóireachtaí atá freagrach as oibríochtaí airgeadais an Aontais mar an chéad líne chosanta a chomhlánú. Ba cheart gurbh í an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach an ‘tríú líne chosanta’, agus ba cheart dó a ról a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 118 den Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509.

(9)

De bhun Airteagal 123 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509, bunóidh an Coimisiún coiste um dhul chun cinn iniúchóireachta inmheánaí chun neamhspleáchas na Seirbhíse um Iniúchóireacht Inmheánach a áirithiú, chun faireachán cáilíochta a dhéanamh ar an obair iniúchóireachta inmheánaí agus chun a áirithiú go gcuirfear moltaí inmheánacha agus seachtracha san áireamh agus go ndéanfaidh seirbhísí an Choimisiúin, gníomhaireachtaí feidhmiúcháin agus oifigí Eorpacha obair leantach ina leith. Bunaíodh an Coiste um Dhul Chun Cinn Iniúchóireachta le Teachtaireacht SEC(2000) 1808/3. Chun a ról a chomhlíonadh, ba cheart faisnéis a sholáthar don Choiste um Dhul Chun Cinn Iniúchóireachta amhail teagmhais ina bhféadfadh sé gur lagaíodh neamhspleáchas na Seirbhíse um Iniúchóireacht Inmheánach agus na gníomhaíochtaí agus na coimircí a úsáideadh chun aghaidh a thabhairt ar an lagú, tionchar na dteorainneacha acmhainní ar an bplean iniúchóireachta agus, más deimhneach nó más dealraitheach gur lagaíodh an oibiachtúlacht, mionsonraí an lagaithe.

(10)

Nuair a sholáthraíonn Iniúchóir Inmheánach an Choimisiúin, faoin mbunús dlí sonrach, an fheidhm iniúchóireachta inmheánaí d’institiúidí eile de chuid an Aontais, do chomhlachtaí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais, agus do chomhlachtaí eile, ba cheart an tIniúchóir Inmheánach a bheith freagrach do na hinstitiúidí agus do na comhlachtaí sin.

(11)

Oibríonn an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach agus an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) i gcomhar le chéile chun rannchuidiú le cosaint níos fearr a thabhairt don Aontas Eorpach i gcoinne calaoise agus gníomhartha neamhdhleathacha. Leagtar amach bunphrionsabail an chomhair sin i dTeachtaireacht C(2018) 7705 chuig an gCoimisiún (5).

(12)

An Comhalta den Choimisiún atá freagrach as an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach faoi Chinneadh P(2024) 6 ó Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh (6), feidhmeoidh sé i leith na Seirbhíse um Iniúchóireacht Inmheánach na cúraimí dá bhforáiltear i gCinneadh P(2024) 5 ó Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh (7). Cuirfear ról an Choiste um Dhul Chun Cinn Iniúchóireachta agus neamhspleáchas an Iniúchóra Inmheánaigh san áireamh sna socruithe oibre praiticiúla idir Comhalta an Choimisiúin, a chomh-aireacht agus an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach.

(13)

Déanann an Coimisiún acmhainní daonna agus airgeadais na Seirbhíse um Iniúchóireacht Inmheánach a leithdháileadh ar bhonn bliantúil. Cinntear earcaíocht, meastóireacht feidhmíochta agus costais an Iniúchóra Inmheánaigh i gcomhréir leis na gníomhartha ábhartha de chuid an Choimisiúin atá i bhfeidhm le haghaidh na nArd-Stiúrthóirí (8).

(14)

Tá na Caighdeáin Dhomhanda maidir le hIniúchóireacht Inmheánach ina dtreoir do chleachtas gairmiúil domhanda na hiniúchóireachta inmheánaí agus feidhmíonn siad mar bhonn chun cáilíocht na feidhme iniúchóireachta inmheánaí a mheas agus a ardú. Aithnítear sna Caighdeáin Dhomhanda maidir le hIniúchóireacht Inmheánach nach mór, leis na feidhmeanna iniúchóireachta inmheánaí san earnáil phoiblí, breithniú a dhéanamh ar dhlíthe agus rialacháin shonracha, chomh maith le struchtúir rialachais, eagraíochtúla agus chistiúcháin nach bhfuil ábhartha ach amháin san earnáil phoiblí nó i gcomhthéacs an rialtais, agus go bhféadfadh cineál na gcoinníollacha sin difear a dhéanamh don chaoi a ndéanann feidhmeanna iniúchóireachta inmheánaí na hearnála poiblí na Caighdeáin a chur i bhfeidhm chun comhréireacht a bhaint amach.

(15)

I gcomhréir leis na Caighdeáin Dhomhanda maidir le hIniúchóireacht Inmheánach, ba cheart é a bheith de chuspóir ag an iniúchóireacht inmheánach cumas na heagraíochta a neartú maidir le luach a chruthú, a chosaint agus a chothú.

(16)

Chomh maith leis sin, leis na Caighdeáin Dhomhanda maidir le hIniúchóireacht Inmheánach, cuireann an fheidhm iniúchóireachta inmheánaí san earnáil phoiblí feabhas ar bhaint amach rathúil chuspóirí na heagraíochta; rialachas, bainistiú riosca, agus próisis rialaithe, clú agus creidiúnacht i measc na ngeallsealbhóirí, agus a chumas freastal ar leas an phobail.

(17)

I gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 agus leis na Caighdeáin Dhomhanda maidir le hIniúchóireacht Inmheánach, agus chun a áirithiú go mbeidh na hiniúchtaí neamhchlaonta, ba cheart iniúchóirí inmheánacha a bheith saor ó thionchar míchuí agus tiomanta do mheasúnuithe oibiachtúla a dhéanamh.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL 1

MISEAN NA SEIRBHÍSE UM INIÚCHÓIREACHT INMHEÁNACH

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an gCinneadh seo maidir le hobair na Seirbhíse um Iniúchóireacht Inmheánach laistigh den Choimisiún, de ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin agus d’oifigí Eorpacha.

2.   Déanfaidh an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach dearbhú, comhairle, léargas agus fadbhreathnaitheacht neamhspleách, rioscabhunaithe agus oibiachtúil a chur ar fáil don Choimisiún.

3.   Déanfaidh an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach an méid seo a leanas:

(a)

measúnú neamhspleách a dhéanamh ar éifeachtacht na bpróiseas rialachais, bainistithe riosca agus rialaithe le haghaidh oibríochtaí, gníomhaíochtaí agus idirbhearta airgeadais (‘seirbhísí dearbhaithe’);

(b)

comhairle, léargas agus fadbhreathnaitheacht a chur ar fáil (‘seirbhísí neamhdhearbhaithe’).

Airteagal 2

Seirbhísí dearbhaithe

1.   Is é is cuspóir do na seirbhísí dearbhaithe a dhéanann an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach an méid seo a leanas a dheimhniú nó a fhíorú:

(a)

go ndéanfar rioscaí a shainaithint, a mheasúnú agus a bhainistiú go hiomchuí agus go leanúnach;

(b)

go mbeidh an fhaisnéis thábhachtach airgeadais, bhainistíochta agus oibriúcháin cruinn, iontaofa agus tráthúil;

(c)

go ndéanfar beartais, nósanna imeachta agus dlíthe agus rialacháin is infheidhme an Choimisiúin a chomhlíonadh;

(d)

go mbainfear cuspóirí an Choimisiúin amach go héifeachtach agus go héifeachtúil;

(e)

go gcuirfear forbairt agus coinneáil ar bun próiseas rialaithe ardcháilíochta chun cinn ar fud an Choimisiúin.

2.   Na seirbhísí dearbhaithe a sholáthrófar, ligfidh siad don tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

conclúid/tuairim neamhspleách a sholáthar i ngach tuarascáil iniúchóireachta;

(b)

moltaí a dhéanamh chun bainistíocht, feidhmíocht agus cuntasacht éifeachtúil agus éifeachtach a fheabhsú laistigh den Choimisiún agus dá ranna, dá ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin agus d’oifigí Eorpacha.

Airteagal 3

Seirbhísí neamhdhearbhaithe

1.   Gan dochar d’Airteagal 9(2), féadfaidh an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach comhairle, léargas nó fadbhreathnaitheacht a chur ar fáil sna réimsí ina bhfuil saineolas aige.

2.   Féadfaidh an chomhairle a bheith i bhfoirm sannachán comhairle, nó i bhfoirm eile, de réir mar is iomchuí.

3.   Féadfar an chomhairle, an léargas nó an fhadbhreathnaitheacht a chur ar fáil arna iarraidh sin do na hArd-Stiúrthóirí ábhartha, do na Cinn Seirbhíse ábhartha agus do Stiúrthóirí ábhartha na ngníomhaireachtaí feidhmiúcháin (‘bainistíocht shinsearach’) nó ar thionscnamh na Seirbhíse um Iniúchóireacht Inmheánach féin.

4.   Déanfar cineál agus raon feidhme seirbhíse arna hiarraidh don bhainistíocht shinsearach a chomhaontú leis an mbainistíocht shinsearach.

5.   Nuair a sholáthraíonn an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach seirbhís ar a thionscnamh féin, pléifear cineál agus raon feidhme na seirbhíse leis an mbainistíocht shinsearach ábhartha.

CAIBIDIL 2

CUNTASACHT AGUS NEAMHSPLEÁCHAS

Airteagal 4

Eagrúchán agus cuntasacht

1.   Oibreoidh an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach faoi stiúir an Iniúchóra Inmheánaigh a bheidh freagrach don Choimisiún.

2.   Tuairisceoidh an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach don Choiste um Dhul Chun Cinn Iniúchóireachta, rud a léiríonn ról, cuspóir agus freagrachtaí an Choiste um Dhul Chun Cinn Iniúchóireachta mar a leagtar amach i dTeachtaireacht C(2020)1165 chuig an gCoimisiún (9) agus in Airteagal 123 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509.

Airteagal 5

Neamhspleáchas agus oibiachtúlacht

1.   Ní fhéadfaidh aon údarás cur isteach ar stiúradh obair na Seirbhíse um Iniúchóireacht Inmheánach ná iarraidh ar an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach aon athrú a dhéanamh ar ábhar tuarascálacha iniúchóireachta.

2.   Déanfaidh Iniúchóir Inmheánach agus foireann na Seirbhíse um Iniúchóireacht Inmheánach an méid seo a leanas:

(a)

neamhspleáchas agus oibiachtúlacht a chaomhnú i ndáil leis na gníomhaíochtaí agus na hoibríochtaí a ndéanann siad athbhreithniú orthu;

(b)

oibiachtúlacht a áirithiú ina mbreithiúnas;

(c)

coinbhleacht leasa a sheachaint agus, i gcás ina dtagann siad chun cinn, gníomhú i gcomhréir le hAirteagal 11a de Rialachán Uimh. 31 (CEE), 11 (CEFA) (10).

3.   I gcás ina lagaítear oibiachtúlacht an Iniúchóra Inmheánaigh agus fhoireann na Seirbhíse um Iniúchóireacht Inmheánach go hiarbhír nó i gcuma, nochtfaidh an tIniúchóir Inmheánach sonraí an lagaithe don Choiste um Dhul Chun Cinn Iniúchóireachta.

4.   I gcás ina measfaidh an tIniúchóir Inmheánach go bhfuil gá leis, féadfaidh sé nó sí dul i dteagmháil go díreach le hUachtarán an Choimisiúin.

Airteagal 6

Socruithe idirinstitiúideacha agus rúndacht

Caomhnóidh an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach rúndacht na faisnéise a láimhseálann sé, i gcomhréir le forálacha Chinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún (11) agus na gCaighdeán Domhanda maidir le hIniúchóireacht Inmheánach.

CAIBIDIL 3

CÚRAIMÍ AGUS CUMHACHTAÍ AN INIÚCHÓRA INMHEÁNAIGH

Airteagal 7

Cúraimí

Beidh an tIniúchóir Inmheánach freagrach as obair na Seirbhíse um Iniúchóireacht Inmheánach a eagrú agus a bhainistiú i gcomhréir leis an gCinneadh seo agus le Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509. Go sonrach, déanfaidh an tIniúchóir Inmheánach an méid seo a leanas:

(a)

straitéis iniúchóireachta inmheánaí a fhorbairt agus a chur chun feidhme a thacaíonn le cuspóirí straitéiseacha an Choimisiúin mar a leagtar amach in Airteagal 10;

(b)

modheolaíocht agus nósanna imeachta iniúchóireachta na Seirbhíse um Iniúchóireacht Inmheánach a fhorbairt agus a bhunú;

(c)

cumarsáid a áirithiú le hArd-Stiúrthóirí, le Cinn Seirbhíse agus le Stiúrthóirí gníomhaireachtaí feidhmiúcháin, leis na seirbhísí a ndearnadh iniúchadh orthu, agus le geallsealbhóirí ábhartha;

(d)

a áirithiú go bhfuil acmhainní na Seirbhíse um Iniúchóireacht Inmheánach iomchuí agus go n-imscartar go héifeachtach iad chun ceanglais an chláir oibre bhliantúil a chomhlíonadh;

(e)

a áirithiú go n-urramaítear rúndacht maidir leis an bhfaisnéis a bhailíonn an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach le linn a chuid oibre.

Airteagal 8

Maoirseacht agus tuairisciú cothrománach

1.   Déanfaidh an tIniúchóir Inmheánach an méid seo a leanas:

(a)

saincheisteanna móra a bhaineann le gníomhaíochtaí iniúchta an Choimisiúin, na ngníomhaireachtaí feidhmiúcháin agus na n-oifigí Eorpacha, a thuairisciú don Choiste um Dhul Chun Cinn Iniúchóireachta, lena n-áirítear feabhsuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí sin;

(b)

neamhchosaintí móra ar riosca agus saincheisteanna rialaithe móra, saincheisteanna rialachais chorparáidigh agus ábhair eile a theastaíonn ón gCoimisiún nó a d’iarr an Coimisiún a thuairisciú don Choiste um Dhul Chun Cinn Iniúchóireachta;

(c)

cumarsáid a dhéanamh go foirmiúil i scríbhinn leis an Ard-Stiúrthóir, leis an gCeann Seirbhíse nó leis an Stiúrthóir gníomhaireachta feidhmiúcháin agus leis an gCoiste um Dhul Chun Cinn Iniúchóireachta i gcás ina gcreideann an tIniúchóir Inmheánach gur ghlac an tArd-Stiúrthóir, an Ceann Seirbhíse nó an Stiúrthóir gníomhaireachta feidhmiúcháin le hardleibhéal míréasúnta riosca.

2.   Tuairisceoidh an tIniúchóir Inmheánach, uair sa bhliain ar a laghad, don Choiste um Dhul Chun Cinn Iniúchóireachta maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

misean, údarás agus freagracht na Seirbhíse um Iniúchóireacht Inmheánach;

(b)

neamhspleáchas eagraíochtúil na Seirbhíse um Iniúchóireacht Inmheánach, lena n-áirítear, más iomchuí, teagmhais ina bhféadfadh sé gur lagaíodh an neamhspleáchas, agus maidir leis na gníomhaíochtaí agus na coimircí a úsáideadh chun aghaidh a thabhairt ar an lagú;

(c)

an straitéis iniúchóireachta inmheánaí a thabhairt cothrom le dáta;

(d)

a phlean iniúchóireachta bliantúil agus a fheidhmíocht i ndáil leis an bplean iniúchóireachta sin;

(e)

tionchar aon srianta acmhainní ar an bplean iniúchóireachta agus ar a chur i gcrích, lena n-áirítear cumas na Seirbhíse um Iniúchóireacht Inmheánach rioscaí arda a chumhdach agus conclúid fhoriomlán a chur in iúl maidir le staid na bainistíochta airgeadais sa Choimisiún;

(f)

aon mhainneachtain nó aon neamhábaltacht ceanglais an Chinnidh seo a chomhlíonadh;

(g)

más deimhneach nó más dealraitheach go raibh lagú féideartha ar oibiachtúlacht, agus sonraí an lagaithe;

(h)

torthaí an mheasúnaithe cáilíochta inmheánaigh nó sheachtraigh, de réir mar is iomchuí.

3.   Déanfaidh an tIniúchóir Inmheánach an méid seo a leanas:

(a)

tuarascáil bhliantúil ar an iniúchóireacht inmheánach a chur faoi bhráid an Choimisiúin, ina léireofar an líon agus an cineál iniúchtaí inmheánacha a rinneadh, na príomh-mholtaí a rinneadh agus na gníomhaíochtaí a rinneadh i leith na moltaí sin, i gcomhréir le hAirteagal 118(4) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509;

(b)

conclúid fhoriomlán a sholáthar go bliantúil, ar bhonn obair na Seirbhíse um Iniúchóireacht Inmheánach, maidir le staid na bainistíochta airgeadais sa Choimisiún.

4.   Déanfaidh an tIniúchóir Inmheánach, i gcomhréir le hAirteagal 22a de na Rialacháin Foirne, an tArd-Stiúrthóir nó an Ceann Seirbhíse nó an Stiúrthóir gníomhaireachta feidhmiúcháin lena mbaineann, nó an tArdrúnaí, nó daoine a bhfuil poist choibhéiseacha acu, nó an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) a chur ar an eolas gan mhoill de réir mar is iomchuí go díreach i gcomhréir le Cinneadh 1999/396/CE, CEGC, Euratom ón gCoimisiún (12) agus Cinneadh C(2002)845 ón gCoimisiún (13) agus leis an gCoiste um Dhul Chun Cinn Iniúchóireachta, faoi aon ghníomhaíocht chalaoiseach amhrasta.

Airteagal 9

Cumhachtaí

1.   Beidh Iniúchóir Inmheánach agus foireann na Seirbhíse um Iniúchóireacht Inmheánach atá ag gníomhú thar a cheann nó thar a ceann údaraithe leis an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

rochtain neamhshrianta agus éascaithe a bheith acu ar na feidhmeanna, na córais faisnéise, na sonraí, na taifid, an mhaoin agus an pearsanra uile laistigh den Choimisiún, de réir mar a mheastar a bheith riachtanach chun a ndualgais a chomhlíonadh;

(b)

an cúnamh is gá a fháil ó fhoireann an Choimisiúin sna hArd-Stiúrthóireachtaí, Seirbhísí agus gníomhaireachtaí feidhmiúcháin uile;

(c)

acmhainní a leithdháileadh, ábhair a roghnú, raon feidhme na hoibre a chinneadh agus na teicnící is gá a chur i bhfeidhm chun na cuspóirí iniúchóireachta a bhaint amach;

(d)

a bheith curtha an eolas go luath faoi fhorbairt córas nua agus faoi athruithe ar chórais atá ann cheana a d’fhéadfadh difear nach beag a dhéanamh do chóras rialaithe inmheánaigh an Choimisiúin.

2.   Ní fhéadfaidh an tIniúchóir Inmheánach ná foireann na Seirbhíse um Iniúchóireacht Inmheánach an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

aon dualgas oibríochtúil a dhéanamh don Choimisiún nó freagracht bainistíochta a ghlacadh as aon fheidhm seachas an fheidhm iniúchóireachta inmheánaí;

(b)

idirbhearta airgeadais a thionscnamh nó a fhormheas, ach amháin laistigh den leithdháileadh d’fheidhmiú na Seirbhíse um Iniúchóireacht Inmheánach;

(c)

gníomhaíochtaí fhoireann an Choimisiúin nach bhfuil fostaithe ag an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach a stiúradh, ach amháin a mhéid atá na baill foirne sin sannta go hiomchuí d’fhoirne iniúchóireachta nó sannta chun cúnamh a thabhairt don tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach ar shlí eile.

CAIBIDIL 4

FEIDHMIÚ NA SEIRBHÍSÍ INIÚCHÓIREACHTA INMHEÁNACHA

Airteagal 10

Straitéis iniúchóireachta inmheánaí

1.   Leis an straitéis iniúchóireachta inmheánaí, leagfar amach an fhís agus na cuspóirí straitéiseacha chun an fheidhm iniúchóireachta inmheánaí a fheidhmiú.

2.   Déanfaidh an tIniúchóir Inmheánach tionscnaimh atá ina dtacaíocht don straitéis iniúchóireachta inmheánaí a fhorbairt agus a chur chun feidhme, tionscnaimh lena gcumhdaítear gníomhaíochtaí iniúchóireachta uile na Seirbhíse um Iniúchóireacht Inmheánach, agus déanfaidh sé faireachán leanúnach ar a n-éifeachtacht.

3.   Áireofar an méid seo a leanas ar na tionscnaimh tacaíochta:

(a)

clár dearbhaithe agus feabhsaithe cáilíochta;

(b)

straitéis acmhainní daonna;

(c)

straitéis um iniúchóireacht agus claochlú digiteach.

4.   Forbróidh an tIniúchóir Inmheánach páipéar ionchas frithpháirteach mar threoirdhoiciméad ina dtugtar tuairisc ar an gcaidreamh idir iniúchóir agus iniúchaí chun freagrachtaí a shoiléiriú agus chun ionchais fhrithpháirteacha a ailíniú ionas go mbeidh na hiniúchtaí éifeachtúil agus éifeachtach.

Airteagal 11

Clár oibre

1.   Glacfaidh an tIniúchóir Inmheánach, ar bhonn bliantúil, an clár oibre ina mbeidh an plean iniúchóireachta agus an plean bainistithe acmhainní.

2.   Déanfaidh an tIniúchóir Inmheánach an méid seo a leanas:

(a)

measúnú riosca a dhéanamh ar bhonn bliantúil ar a laghad, ina mbreithneofar aon rioscaí arna sainaithint ag an mbainistíocht agus, i gcás inarb ábhartha, ag measúnú neamhspleách an Phríomhoifigigh Riosca ar na rioscaí airgeadais a eascraíonn as oibríochtaí airgeadais an Aontais;

(b)

plean iniúchóireachta a fhorbairt, a bheidh ailínithe le tosaíochtaí na straitéise iniúchóireachta inmheánaí, ina léireofar an sannachán atá beartaithe don 2 bhliain atá le teacht agus ina rachfar i gcomhairle leis na hArd-Stiúrthóireachtaí agus na Seirbhísí chun an cumhdach iniúchóireachta is fearr a sholáthar agus lena n-áirítear, de réir mar is iomchuí, aon chúram nó tionscadal speisialta arna iarraidh don Choiste um Dhul Chun Cinn Iniúchóireachta, ag Ard-Stiúrthóirí, ag Cinn Seirbhíse agus ag Stiúrthóirí gníomhaireachtaí feidhmiúcháin;

(c)

an plean iniúchóireachta a chur faoi bhráid an Choiste um Dhul Chun Cinn Iniúchóireachta lena bhreithniú;

(d)

an plean iniúchóireachta a ghlacadh agus é a chur faoi bhráid an Choimisiúin;

(e)

an plean iniúchóireachta a thabhairt cothrom le dáta de réir mar is gá chun rioscaí nua agus/nó rioscaí atá ag teacht chun cinn a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar an eagraíocht a chur san áireamh, nó chun aon iarraidh ón gCoimisiún ar iniúchtaí a dhéanamh tar éis an Coiste um Athbhreithniú Iniúchtaí a chur ar an eolas a chur san áireamh;

(f)

comhordú iniúchóireachta le Cúirt Iniúchóirí na hEorpa a áirithiú de réir mar is iomchuí.

3.   Déanfaidh an tIniúchóir Inmheánach an méid seo a leanas:

(a)

a áirithiú go gcuirfear an clár oibre chun feidhme i gceart;

(b)

a áirithiú go ndéanfar iniúchtaí i gcomhréir leis an bpáipéar ionchas frithpháirteach;

(c)

a áirithiú go ndéanfar torthaí a bhailíochtú go pras agus go bpléifear moltaí leis an iniúchaí, agus go léireofar seasamh an iniúchaí sa tuarascáil chríochnaitheach, go háirithe i gcás easaontais;

(d)

a áirithiú go mbeidh idirphlé leanúnach leis an iniúchaí i bhfeidhm, chun ábharthacht na dtorthaí a áirithiú, chomh maith le agus cáilíocht agus indéantacht na moltaí maidir le gníomhaíocht a bheidh le déanamh;

(e)

torthaí sannachán um dhearbhú agus neamhdhearbhú muiníne a chur in iúl go héifeachtach agus go tráthúil d’Ard-Stiúrthóirí, do Chinn Seirbhíse, do Stiúrthóirí gníomhaireachtaí feidhmiúcháin agus don Choiste um Dhul Chun Cinn Iniúchóireachta;

(f)

próiseas leantach a bhunú chun faireachán a dhéanamh le deimhniú gur cuireadh na moltaí chun feidhme agus an Choiste um Dhul Chun Cinn Iniúchóireachta chur ar an eolas dá réir sin, agus aird ar leith á tabhairt ar na moltaí atá thar téarma agus ar na rioscaí gaolmhara.

Airteagal 12

Caighdeáin idirnáisiúnta iniúchóireachta inmheánaí

1.   Áiritheoidh an tIniúchóir Inmheánach go bhfuil na Caighdeáin Dhomhanda maidir le hIniúchóireacht Inmheánach á gcomhlíonadh agus, i gcás a sheirbhísí dearbhaithe, go bhfuil na Ceanglais Théamacha arna n-eisiúint ag Institiúid na nIniúchóirí Inmheánacha á gcomhlíonadh, faoi réir mhír 3.

2.   Áiritheoidh an tIniúchóir Inmheánach go ndéanfar measúnú cáilíochta seachtrach neamhspleách gach 5 bliana ar a laghad.

3.   Beidh tosaíocht ag ceanglais a thagann as dlí an Aontais ar na Caighdeáin Dhomhanda maidir le hIniúchóireacht Inmheánach agus ar na Ceanglais Théamacha.

Airteagal 13

Rochtain ar dhoiciméid

Ní dheonófar aon rochtain ar dhoiciméid ar cuid de shannachán iniúchóireachta inmheánach iad, ach amháin má léiríonn an t-iarratasóir go bhfuil leas poiblí sáraitheach ann maidir le rochtain a sholáthar, ar leas é a bhfuil tús áite aige ar na leasanna a chosnaítear le hAirteagal 4(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14).

Airteagal 14

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Nollaig 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj.

(2)  SEC(2000) 560 an 11 Aibreán 2000 ‘Athchóiriú ar Bhainistíocht agus Rialú Airgeadais sa Choimisiún’.

(3)  Caighdeáin Dhomhanda Iomlána maidir le hIniúchóireacht Inmheánach, arna bhfoilsiú ag Institiúid na nIniúchóirí Inmheánacha.

(4)  Cinneadh (AE, Euratom) 2025/369 ón gCoimisiún an 21 Feabhra 2025 lena mbunaítear ról an Phríomhoifigigh Riosca chun maoirseacht a dhéanamh ar na rioscaí airgeadais a eascraíonn as oibríochtaí airgeadais an Aontais (IO L, 2025/369, 25.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/369/oj).

(5)  Teachtaireacht C(2018) 7705 final chuig an gCoimisiún maidir le hathbhreithniú ar shocruithe riaracháin i ndáil le comhar agus malartú tráthúil faisnéise idir an Coimisiún Eorpach agus an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise.

(6)  Cinneadh P(2024) 6 ó Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh an 1 Nollaig 2024 maidir le heagrú freagrachtaí Comhaltaí den Choimisiún.

(7)  Iarscríbhinn I ‘Prionsabail lena rialaítear an caidreamh oibre idir na Comhaltaí den Choimisiún, a gcomh-aireachtaí agus seirbhísí an Choimisiúin’ a ghabhann le Cinneadh P(2024) 5 ó Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh an 1 Nollaig 2024 maidir le modhanna oibre an Choimisiúin Eorpaigh.

(8)  SEC (2004) 1352/2 an 26 Deireadh Fómhair 2004 ‘Doiciméad sionoptach maidir leis an mbeartas a bhaineann le státseirbhísigh ar chéim ard’, Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Cinneadh (AE) 2024/3080 ón gCoimisiún an 4 Nollaig 2024 lena mbunaítear Rialacha Nós Imeachta an Choimisiúin agus lena leasaítear Cinneadh C(2000) 3614, Cinneadh P(2024) 5 ó Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh an 1 Nollaig 2024 maidir le modhanna oibre an Choimisiúin Eorpaigh.

(9)  Teachtaireacht C(2020)1165 chuig an gCoimisiún Nuashonrú ar Chairt Choiste um Dhul Chun Cinn Iniúchóireachta an Choimisiúin Eorpaigh.

(10)  Rialachán Uimh. 31 (CEE), 11 (CEFA), lena leagtar síos Rialacháin Foirne na nOifigeach agus Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach eile de Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus den Chomhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO 45, 14.6.1962, p. 1385/62, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1962/31(1)/2024-01-01).

(11)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le Slándáil sa Choimisiún (IO L 72, 17.3.2015, p. 41, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2015/443/oj).

(12)  Cinneadh 1999/396/CE, CEGC, Euratom ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 1999 maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le himscrúduithe inmheánacha i ndáil le calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach a dhéanfadh dochar do leasanna na gComhphobal a chosc (IO L 149, 16.6.1999, lch. 57, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/1999/396/oj).

(13)  Cinneadh C(2002)845 ón gCoimisiún an 5 Márta 2002 maidir le hábhair imní a chur in iúl faoi éagóiritheoireacht thromchúiseach.

(14)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2001/1049/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2570/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)