|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2562 |
16.12.2025 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2562 ÓN gCOIMISIÚN
an 11 Nollaig 2025
lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2256 maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna de ghalar Newcastle sa Pholainn
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 8819)
(Is é an téacs Polainnise amháin atá barántúil)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 259(1), de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is galar víreasach tógálach in éin é galar Newcastle agus d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar bhrabúsacht na feirmeoireachta éanlaithe clóis, rud a chuirfeadh isteach ar thrádáil laistigh den Aontas agus ar onnmhairí chuig tríú tíortha. I gcás ráig de ghalar Newcastle, tá riosca ann go bhféadfaidh an t-oibreán galair leathadh go bunaíochtaí eile ina gcoimeádtar éanlaith chlóis nó éin i mbraighdeanas. |
|
(2) |
Le Rialachán (AE) 2016/429 suitear an creat reachtach chun galair a chosc agus a rialú, ar galair iad atá in-tarchurtha go hainmhithe nó go daoine. Tagann galar Newcastle faoin sainmhíniú ar ghalar liostaithe sa Rialachán sin, agus tá sé faoi réir na rialacha coisctheacha agus rialaithe galar a leagtar síos ann. Ina theannta sin, le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún (2) déantar forlíonadh ar Rialachán (AE) 2016/429 a mhéid a bhaineann leis na rialacha maidir le galair liostaithe áirithe a rialú, lena n-áirítear galar Newcastle. Go háirithe, i gcás ráig de ghalar i gcatagóir A, lena n-áirítear galar Newcastle, i mbunaíocht, foráiltear le hAirteagail 21 agus 22 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 go bhfuil an t-údarás inniúil le crios srianta a bhunú láithreach, agus foráiltear maidir le bearta áirithe a atá le cur i bhfeidhm ann. Déantar foráil le hAirteagal 21(1) den Rialachán Tarmligthe sin go gcuimseofar leis an gcrios srianta crios cosanta, crios faireachais, agus, más gá, criosanna srianta breise timpeall na gcriosanna cosanta agus faireachais nó cóngarach dóibh. |
|
(3) |
Glacadh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2256 (3) ón gCoimisiún ar bhonn Rialachán (AE) 2016/429, agus leagtar síos leis bearta éigeandála ar leibhéal an Aontais i ndáil le ráigeanna de ghalar Newcastle sa Pholainn. Go háirithe, le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2256 déantar foráil maidir leis na criosanna cosanta agus faireachais agus na criosanna srianta breise atá le bunú ag an bPolainn tar éis ráigeanna de ghalar Newcastle, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, go gcuimseoidh siad ar a laghad na limistéir a liostaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais agus criosanna srianta breise san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin. Foráiltear leis freisin go bhfuil na bearta atá le cur i bhfeidhm sna criosanna sin, i gcomhréir leis an Rialachán Tarmligthe sin, le coinneáil ar bun go dtí na dátaí a leagtar amach san Iarscríbhinn sin ar a laghad. |
|
(4) |
Leasaíodh an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2256 le déanaí le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2483 ón gCoimisiún (4) tar éis ráigeanna nua de ghalar Newcastle sa Pholainn i mbunaíochtaí inar coimeádadh éanlaith chlóis nó éin i mbraighdeanas, rud ba ghá a léiriú san Iarscríbhinn sin. |
|
(5) |
Ón dáta a glacadh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2483, tá fógra tugtha ag an bPolainn don Choimisiún faoi thrí ráig nua de ghalar Newcastle i mbunaíochtaí inar coimeádadh éanlaith chlóis nó éin i mbraighdeanas, ar bunaíochtaí iad atá lonnaithe i gCúigí Lubuskie agus Wielkopolskie. |
|
(6) |
Tar éis na trí ráig nua sin, tá na bearta rialaithe galar is gá déanta ag údarás inniúil na Polainne i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, lena n-áirítear bunú criosanna cosanta agus faireachais timpeall na ráigeanna. |
|
(7) |
Tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar na bearta rialaithe galar atá déanta ag an bPolainn, agus tá sé sásta maidir le teorainneacha na gcriosanna cosanta agus faireachais arna mbunú ag an mBallstát sin, tar éis na trí ráig nua sin, go bhfuil siad fada go leor ó na bunaíochtaí inar deimhníodh ráigeanna de ghalar Newcastle. |
|
(8) |
Chun aon chur isteach nach bhfuil gá leis ar thrádáil laistigh den Aontas a chosc agus chun bacainní gan údar ar thrádáil le tríú tíortha a sheachaint, is gá a leagan síos go mear ar leibhéal an Aontais, i gcomhar leis an bPolainn, na criosanna cosanta agus faireachais arna mbunú ag an mBallstát sin i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, tar éis na trí ráig nua sin. |
|
(9) |
Dá bhrí sin, ba cheart na limistéir lena mbaineann a liostú feasta mar chriosanna cosanta agus faireachais i gcás na Polainne san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2256, chun teorainneacha na gcriosanna cosanta agus faireachais, arna mbunú ag an mBallstát sin tar éis na trí ráig nua sin de ghalar Newcastle sa Bhallstát sin, a chur san áireamh, mar aon le fad na mbeart is gá a chur i bhfeidhm sna criosanna sin, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687. |
|
(10) |
I bhfianaise phráinn na staide eipidéimeolaíche sa Pholainn a mhéid a bhaineann le leathadh ghalar Newcastle, agus an ghá cosc a chur ar leathadh an ghalair sin ó na bunaíochtaí atá buailte sa Pholainn go codanna eile den Bhallstát sin nó go Ballstáit eile nó go tríú tíortha, is iomchuí go dtiocfaidh na leasuithe atá le déanamh ar an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2256 leis an gCinneadh seo i bhfeidhm a luaithe is féidir. |
|
(11) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2256.
Airteagal 2
Is chuig Poblacht na Polainne a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Nollaig 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
Olivér VÁRHELYI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/687/oj).
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2256 ón gCoimisiún an 5 Samhain 2025 maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna de ghalar Newcastle sa Pholainn (IO L, 2025/2256, 10.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/2256/oj).
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2483 ón gCoimisiún an 4 Nollaig 2025 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2256 maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna de ghalar Newcastle sa Pholainn (IO L, 2025/2483, 8.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/2483/oj).
IARSCRÍBHINN
‘IARSCRÍBHINN
Criosanna srianta a bhunaítear timpeall na ráigeanna deimhnithe:
|
Limistéar riaracháin agus uimhir thagartha ADIS na ráige |
Limistéir a bhunaítear mar chriosanna cosanta, criosanna faireachais agus criosanna srianta breise, dá dtagraítear in Airteagail 2, 3 agus 4. |
An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Cúige Lubelskie |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
PL-ND.NON-P-2025-00052 |
Crios faireachais: W województwie lubelskim:
|
7.12.2025 – 15.12.2025 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Crios faireachais: W województwie lubelskim:
|
15.12.2025 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Lubuskie voivodship |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
PL-ND.NON-P-2025-00070 |
Crios cosanta: W województwie lubuskim:
|
25.12.2025 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Crios faireachais: W województwie lubuskim:
|
26.12.2025 - 3.1.2026 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Crios faireachais: W województwie lubuskim:
|
3.1.2026 |

PL-ND.NON-P-2025-00073 |
Crios cosanta: W województwie lubuskim:
|
27.12.2025 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Crios faireachais: W województwie lubuskim:
|
28.12.2025-5.1.2026 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Crios faireachais: W województwie lubuskim:
|
5.1.2026 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Cúige Małopolskie |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
PL-ND.NON-P-2025-00053 PL-ND.NON-P-2025-00067 |
Crios cosanta: W województwie małopolskim:
|
26.12.2025 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Crios faireachais: W województwie małopolskim:
|
27.12.2025 – 4.1.2026 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Crios faireachais: W województwie małopolskim:
|
4.1.2026 |

PL-ND.NON-P-2025-00066 |
Crios cosanta: W województwie małopolskim:
|
23.12.2025 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Crios faireachais: W województwie małopolskim:
|
24.12.2025 – 1.1.2026 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Crios faireachais: W województwie małopolskim:
|
1.1.2026 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Cúige Opolskie |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
PL-ND.NON-P-2025-00058 |
Crios faireachais: W województwie opolskim, w powiecie strzeleckim, w gminie Strzelce Opolskie miejscowości:
|
8.12.2025 – 16.12.2025 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Crios faireachais: W województwie opolskim, w powiecie strzeleckim:
|
16.12.2025 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
PL-ND-2025-00072 |
Crios cosanta: W województwie opolskim, w powiecie opolskim:
|
13.12.2025 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Crios faireachais: W województwie opolskim, w powiecie opolskim:
|
14.12.2025 – 22.12.2025 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Crios faireachais: W województwie opolskim, w powiecie opolskim:
W województwie opolskim, w powiecie Opole:
W województwie opolskim, w powiecie nyskim:
W województwie opolskim, w powiecie brzeskim:
|
22.12.2025 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Cúige Podkarpackie |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
PL-ND.NON-P-2025-00065 |
Crios cosanta: W województwie podkarpackim:
|
18.12.2025 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Crios faireachais: W województwie podkarpackim:
|
19.12.2025 – 27.12.2025 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Crios faireachais: W województwie podkarpackim:
|
27.12.2025 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Cúige Podlaskie |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
PL-ND-2025-00058 PL-ND-2025-00069 PL-ND-2025-00070 |
Crios faireachais: W województwie podlaskim:
|
9.12.2025 – 17.12.2025 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Crios faireachais: W województwie podlaskim:
|
17.12.2025 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Cúige Śląskie |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
PL-ND-2025-00071 |
Crios cosanta: W województwie śląskim, w powiecie gliwickim:
W województwie opolskim, w powiecie strzeleckim: w gminie Strzelce Opolskie miejscowości:
|
13.12.2025 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Crios faireachais: W województwie śląskim, w powiecie gliwickim:
W województwie opolskim, w powiecie strzeleckim: w gminie Strzelce Opolskie miejscowości:
|
14.12.2025 – 22.12.2025 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Crios faireachais: W województwie śląskim, w powiecie gliwickim:
W województwie opolskim, w powiecie strzeleckim:
|
22.12.2025 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Warmińsko – Mazurskie voivodship |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
PL-ND-2025-00076 |
Crios cosanta: W województwie warmińsko-mazurskim:
|
17.12.2025 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Crios faireachais: W województwie warmińsko-mazurskim:
|
18.12.2025 – 26.12.2025 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Crios faireachais: W województwie warmińsko-mazurskim:
|
26.12.2025 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Cúigí Wielkopolskie agus Lubuskie |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
PL-ND-2025-00059 PL-ND-2025-00064 PL-ND-2025-00066 PL-ND-2025-00074 PL-ND-2025-00075 PL-ND-2025-00077 |
Crios cosanta: W województwie wielkopolskim: W powiecie wolsztyńskim:
|
23.12.2025 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
|
Crios faireachais: W województwie wielkopolskim:
|
24.12.2025 – 1.1.2026 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
|
Crios faireachais: W województwie wielkopolskim:
W województwie lubuskim:
|
1.1.2026 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
PL-ND-2025-00065 PL-ND-2025-00068 PL-ND-2025-00073 |
Crios cosanta: W województwie wielkopolskim:
|
16.12.2025 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
|
Crios faireachais: W województwie wielkopolskim:
|
17.12.2025 – 25.12.2025 |

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/2562/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)