European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2551

22.12.2025

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/2551 ÓN gCOIMISIÚN

an 20 Samhain 2025

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2023/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí shonrú a dhéanamh ar na coinníollacha maidir le creidiúnú fíoraitheoirí a dheonú, rialú agus formhaoirseacht a dhéanamh ar fhíoraitheoirí creidiúnaithe, creidiúnú a tharraingt siar, agus aitheantas frithpháirteach agus meastóireacht piaraí a dhéanamh ar chomhlachtaí creidiúnaithe

(téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena mbunaítear sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (1), agus go háirithe Airteagal 18(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Rialachán (AE) 2023/956, i gcás ina gcinntear astaíochtaí leabaithe in earraí a allmhairítear isteach i gcríoch chustaim an Aontais ó 2026 ar aghaidh bunaithe ar luachanna iarbhír, déanfaidh fíoraitheoir iad a fhíorú.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 1(2) de Rialachán (AE) 2023/956, leis an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (SCCT), comhlánaítear Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais (CTA AE) a bunaíodh faoi Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). Trí chomhleanúnachas agus comhsheasmhacht a áirithiú idir ceanglais chreidiúnaithe agus fíoraithe SCCT agus na ceanglais is infheidhme maidir le CTA AE, neartófar sineirgí idir an dá ionstraim agus laghdófar an t-ualach riaracháin ar fhíoraitheoirí, ar chomhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta agus ar údaráis inniúla.

(3)

De bhun Rialachán (AE) 2023/956, déanfaidh comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta, arna gceapadh ag gach Ballstát de bhun Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), fíoraitheoirí a chreidiúnú. Chun a áirithiú nach gcreidiúnófar ach iarratasóirí atá in ann fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí leabaithe i gcomhréir le Rialachán (AE) 2023/956 agus a bhfuil an inniúlacht agus an t-eolas is gá acu, ní mór ceanglais a leagan síos maidir le hinniúlacht na bhfíoraitheoirí agus maidir leis na gníomhaíochtaí is gá dóibh a bheith in ann a dhéanamh nuair a bheidh siad creidiúnaithe.

(4)

Chun comhsheasmhacht a áirithiú leis na ceanglais chreidiúnaithe agus fíorúcháin is infheidhme maidir le CTA AE agus chun sainiúlachtaí SCCT a chur san áireamh, is gá na ceanglais inniúlachta agus na gníomhaíochtaí a bheidh le déanamh ag fíoraitheoirí de bhun an Rialacháin seo a shonrú, ar bhealach atá cosúil leis na ceanglais agus na gníomhaíochtaí dá bhforáiltear faoi CTA AE. Chun nós imeachta éifeachtach um iarratais a áirithiú, is gá freisin rialacha a leagan síos maidir leis an iarraidh ar chreidiúnú a chur isteach trína léireoidh iarratasóirí inniúlacht theicniúil.

(5)

Chun caighdeáin is infheidhme go hidirnáisiúnta a chur san áireamh, comhsheasmhacht leis na rialacha is infheidhme maidir le CTA AE a áirithiú agus aon dúbailt neamhriachtanach ar nósanna imeachta a sheachaint, is iomchuí leas a bhaint as dea-chleachtais a eascraíonn as cur i bhfeidhm na gcaighdeán comhchuibhithe ábhartha arna nglacadh ag an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú ar bhonn iarraidh ón gCoimisiún i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) . Is iomchuí, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh maidir le comhlíonadh caighdeán comhchuibhithe ábhartha áirithe a chomhlánófar le ceanglais bhreise shonracha a leagtar amach sa Rialachán seo.

(6)

Chun prionsabal na neamhiomaíochta idir comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta a urramú, ba cheart d’iarratasóirí creidiúnú a iarraidh sa Bhallstát ina bhfuil siad bunaithe. Mar sin féin, is gá a áirithiú go bhfuil iarratasóirí in ann creidiúnú a iarraidh i mBallstát eile nuair nach bhfuil aon chomhlacht creidiúnaithe náisiúnta i mBallstát an iarratasóra nó nuair nach bhfuil sé d’inniúlacht ag an gcomhlacht creidiúnaithe náisiúnta na seirbhísí creidiúnaithe a iarrtar a chur ar fáil.

(7)

Chun an líon iarratasóirí incháilithe a mhéadú, costais a laghdú d’fhíoraitheoirí atá bunaithe i dtríú tíortha agus ligean d’oibreoirí a seirbhísí fíorúcháin a úsáid, ba cheart duine dlítheanach nach bhfuil bunaithe i mBallstát a bheith in ann iarratas a dhéanamh ar chreidiúnú le haon chomhlacht creidiúnaithe náisiúnta. I gcás nach bhfuil an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta, ar chúiseanna easpa acmhainneachta nó ar chúiseanna gaolmhara eile, in ann iarratas iarratasóra atá bunaithe i dtríú tír a phróiseáil, ba cheart dó cúiseanna cuí-réasúnaithe ina leith a sholáthar don iarratasóir, chomh maith le liosta de chomhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta a d’fhéadfadh a bheith in ann an t-iarratas a phróiseáil.

(8)

Ba cheart do chomhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta a áirithiú go bhfuil an inniúlacht is gá ag fíoraitheoirí chun na próisis theicniúla a dhéanann suiteálacha a thuiscint agus chun measúnú a dhéanamh ar theorainneacha sonracha faireacháin agus tuairiscithe suiteála ag brath ar na hearraí a tháirgtear. Chun na críche sin, ba cheart raon feidhme creidiúnaithe ar leithligh a chruthú le haghaidh gach grúpa gníomhaíochta SCCT ábhartha ionas go mbeidh comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta in ann meastóireacht a dhéanamh ar inniúlacht agus ar fheidhmíocht an fhíoraitheora in aghaidh critéir shonracha ag brath ar raon feidhme sonrach an chreidiúnaithe.

(9)

Chun dúbailt próiseas agus ualach riaracháin iomarcach a sheachaint agus stóinseacht an phróisis creidiúnaithe á coinneáil ar bun an tráth céanna, ba cheart fíoraitheoirí atá creidiúnaithe cheana féin le haghaidh grúpa ábhartha gníomhaíochtaí faoi CTA AE de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 ón gCoimisiún (5) a bheith in ann iarratas a dhéanamh ar raon feidhme a gcreidiúnaithe a leathnú chuig na deimhnithe creidiúnaithe SCCT comhfhreagracha. Chun gur féidir le comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta na grúpaí comhfhreagracha gníomhaíochtaí faoi CTA AE a chur san áireamh, is gá na grúpaí comhfhreagracha gníomhaíochtaí sin a shainaithint.

(10)

Chun a áirithiú go bhfuil comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta in ann gníomhaíochtaí creidiúnaithe a dhéanamh go leordhóthanach, is gá rialacha agus ceanglais a leagan síos maidir le measúnú a dhéanamh ar iarrataí ar chreidiúnú.

(11)

Chun gur féidir le comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta rialú agus formhaoirseacht a dhéanamh ar fhíoraitheoirí agus chun a áirithiú go gcoinneoidh fíoraitheoirí a n-inniúlacht theicniúil chun an méid a cuireadh de chúram orthu a dhéanamh, is gá na gníomhaíochtaí faireachais atá le déanamh ag comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta a shonrú. I gcás ina dtagann an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta ar an gconclúid gur mhainnigh an fíoraitheoir na ceanglais a chomhlíonadh agus na gníomhaíochtaí fíorúcháin a dhéanamh de bhun an Rialacháin seo, Rialachán (AE) 2023/956 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2546 ón gCoimisiún (6), ba cheart an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta a bheith in ann bearta riaracháin a ghlacadh lena n-áirítear an creidiúnú a chur ar fionraí, a tharraingt siar nó raon feidhme an chreidiúnaithe a laghdú.

(12)

Chun rialú agus formhaoirseacht éifeachtúil ar fhíoraitheoirí a áirithiú, is iomchuí rialacha a leagan síos maidir le malartú faisnéise idir an fíoraitheoir agus an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta a chreidiúnaigh é, an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta agus údarás inniúil Ballstáit agus idir údaráis inniúla agus an Coimisiún. Ba cheart na malartuithe faisnéise sin a rialú leis na ráthaíochtaí is déine maidir le rúndacht agus rúndacht ghairmiúil agus ba cheart iad a láimhseáil i gcomhréir le dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta is infheidhme.

(13)

I gcás nach mbunaíonn Ballstát comhlacht creidiúnaithe náisiúnta nó nach ndéanann sé gníomhaíochtaí creidiúnaithe chun críoch an Rialacháin seo, chun formhaoirseacht éifeachtúil ar fhíoraitheoirí a áirithiú, ba cheart don údarás inniúil aon ghearán a fhaigheann sé maidir le fíoraitheoir atá creidiúnaithe ag comhlacht creidiúnaithe náisiúnta eile a chur in iúl don chomhlacht creidiúnaithe náisiúnta sin, chomh maith le faisnéis maidir leis an athbhreithniú ar thuarascálacha fíorúcháin a chur in iúl d’údaráis inniúla eile agus don Choimisiún trí chlárlann SCCT.

(14)

Chun a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis faoi fhíoraitheoirí creidiúnaithe i gclárlann SCCT iontaofa agus cothrom le dáta, ba cheart do chomhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta fógra a thabhairt don údarás inniúil faoi aon athrú ar chreidiúnú fíoraitheora.

(15)

Chun tacú leis an athbhreithniú ar thuarascálacha fíorúcháin, ba cheart don chomhlacht creidiúnaithe náisiúnta faisnéis a mhalartú go tréimhsiúil leis an údarás inniúil maidir leis na gníomhaíochtaí atá beartaithe le haghaidh fíoraitheoirí agus maidir le torthaí rialú na ngníomhaíochtaí sin. Ba cheart don údarás inniúil an fhaisnéis sin a chomhroinnt leis an gCoimisiún agus le húdaráis inniúla eile trí chlárlann SCCT. Ar an mbonn céanna, ba cheart don údarás inniúil aon fhaisnéis ábhartha ón athbhreithniú ar thuarascálacha fíorúcháin a chomhroinnt leis an gcomhlacht creidiúnaithe náisiúnta chun tacú lena ghníomhaíochtaí creidiúnaithe a bhaineann le rialú agus formhaoirseacht a dhéanamh ar fhíoraitheoirí.

(16)

Chun feidhmiú rianúil an chreidiúnaithe agus an fhíoraithe a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit agus do na húdaráis inniúla aitheantas a thabhairt do choibhéis sheirbhísí na gcomhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta a ndearnadh meastóireacht piaraí orthu, nó a bhfuil tús curtha acu le meastóireacht piaraí nár sainaithníodh aon neamhrialtacht lena linn, agus ba cheart dóibh glacadh le deimhnithe creidiúnaithe agus tuarascálacha fíorúcháin na bhfíoraitheoirí arna gcreidiúnú ag na comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta sin.

(17)

Comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta a léiríonn comhréireacht leis an Rialachán seo agus a ndearnadh meastóireacht piaraí orthu cheana féin roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart a thoimhdiú go gcomhlíonann siad na ceanglais nós imeachta ábhartha agus ba cheart iad a dhíolmhú ón oibleagáid dul faoi mheastóireacht piaraí nua i gcomhréir leis an Rialachán.

(18)

I gcás ina mbeidh toradh diúltach ar an meastóireacht piaraí, chun aon éiginnteacht maidir le haitheantas frithpháirteach deimhnithe creidiúnaithe nó tuarascálacha fíorúcháin a mhaolú, ba cheart cosc a chur ar an gcomhlacht creidiúnaithe náisiúnta aon seirbhís creidiúnaithe a sholáthar.

(19)

I gcás ina ndéantar sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhthéacs chur i bhfeidhm an Rialacháin Tharmligthe seo, beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(20)

Ós rud é go leagtar síos leis an Rialachán seo forálacha maidir le creidiúnú fíoraitheoirí a dhéanann gníomhaíochtaí i ndáil le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a scaoiltear ón 1 Eanáir 2026, ba cheart feidhm a bheith aige ón dáta sin.

(21)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) agus thug sé a thuairim uaidh an 13 Samhain 2025,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, i dteannta na sainmhínithe a leagtar síos in Airteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2546 agus Airteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2547 ón gCoimisiún (9), agus Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin , tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘fíoraitheoir’ duine dlítheanach a dhéanann gníomhaíochtaí fíorúcháin de bhun an Rialacháin seo agus atá creidiúnaithe ag comhlacht creidiúnaithe náisiúnta chun críoch Rialachán (AE) 2023/956 tráth a eisítear tuarascáil fíorúcháin;

(2)

ciallaíonn ‘fíorú’ na gníomhaíochtaí a dhéanann fíoraitheoir chun tuarascáil fíorúcháin a eisiúint de bhun an Rialacháin seo, Rialachán (AE) 2023/956, agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2546;

(3)

ciallaíonn ‘raon feidhme an chreidiúnaithe’ grúpaí gníomhaíochta SCCT dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a bhfuil creidiúnú á lorg ina leith nó ar deonaíodh creidiúnú ina leith;

(4)

ciallaíonn ‘riosca bunúsach’ soghabháltacht paraiméadair i dtuarascáil astaíochtaí an oibreora i leith míráitis a d’fhéadfadh a bheith ina míráitis ábhartha, go haonarach nó nuair a chomhiomlánaítear le míráitis eile iad, sula gcuirfear éifeacht aon ghníomhaíochta rialúcháin gaolmhaire san áireamh;

(5)

ciallaíonn ‘gníomhaíochtaí rialúcháin’ aon ghníomh a dhéanann an t-oibreoir nó aon bheart a chuireann sé chun feidhme chun rioscaí bunúsacha a mhaolú;

(6)

ciallaíonn ‘riosca rialaithe’ soghabháltacht paraiméadair i dtuarascáil astaíochtaí an oibreora i leith míráitis a d’fhéadfadh a bheith ina míráitis ábhartha, go haonarach nó nuair a chomhiomlánaítear le míráitis eile iad, agus nach ndéanfar a chosc ná a bhrath agus a cheartú ar bhonn tráthúil leis an gcóras rialaithe;

(7)

ciallaíonn ‘riosca fíorúcháin’ an riosca, arb é an riosca bunúsach, an riosca rialaithe, nó an riosca nach mbraithfeadhan fíoraitheoir míráiteas ábhartha is cúis leis, go gcuireann an fíoraitheoir tuairim mhícheart in iúl maidir leis an bhfíorú nuair nach bhfuil tuarascáil astaíochtaí an oibreora saor ó mhíráitis ábhartha;

(8)

ciallaíonn ‘leibhéal dearbhaithe’ an méid dearbhaithe a sholáthraíonn an fíoraitheoir maidir leis an tuarascáil fíorúcháin ar bhonn an chuspóra an riosca fíorúcháin a laghdú de réir imthosca an tsannacháin fíorúcháin;

(9)

ciallaíonn ‘dearbhú réasúnta’ ardleibhéal dearbhaithe nach dearbhú cinnte é, a chuirtear in iúl go dearfach sa tuairim maidir leis an bhfíorú, i dtaobh cé acu atá nó nach bhfuil tuarascáil astaíochtaí an oibreora atá faoi réir fíoraithe saor ó mhíráiteas ábhartha;

(10)

ciallaíonn ‘láithreán’ an tsuiteáil dá dtagraítear i dtuarascáil astaíochtaí an oibreora atá faoi réir fíoraithe saor;

(11)

ciallaíonn ‘príomhiniúchóir SCCT’ iniúchóir atá i gceannas ar an bhfoireann fíorúcháin a stiúradh agus maoirseacht a dhéanamh uirthi, agus atá freagrach as fíorú a dhéanamh ar thuarascáil astaíochtaí oibreora agus as tuairisciú a dhéanamh ar an bhfíorú sin;

(12)

ciallaíonn ‘iniúchóir SCCT’ ball d’fhoireann fíorúcháin atá freagrach as fíorú a dhéanamh ar thuarascáil astaíochtaí oibreora;

(13)

ciallaíonn ‘measúnóir’ duine a cheapann comhlacht creidiúnaithe náisiúnta chun measúnú a dhéanamh ar fhíoraitheoir, go haonarach nó mar chuid d’fhoireann measúnaithe, de bhun an Rialacháin seo.

CAIBIDIL II

CREIDIÚNÚ A DHEONÚ AGUS A THARRAINGT SIAR

ROINN 1

Nós imeachta

Airteagal 2

Raon feidhme an mheasúnaithe ó chomhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta

Déanfaidh an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta measúnú ar an méid seo a leanas maidir leis an duine dlítheanach a bhfuil iarratas á dhéanamh aige ar chreidiúnú (‘an t-iarratasóir’) nó maidir leis an bhfíoraitheoir:

(a)

cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann sé na ceanglais inniúlachta a leagtar síos i Roinn 1 d’Iarscríbhinn II, lena n-áirítear an caighdeán comhchuibhithe dá dtagraítear i Roinn 1.5.1 d’Iarscríbhinn II;

(b)

an bhfuil sé ag déanamh na ngníomhaíochtaí fíorúcháin a leagtar síos i Roinn 2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo i gcomhréir leis an Rialachán seo, le Rialachán (AE) 2023/956, agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2546.

Airteagal 3

Iarraidh ar chreidiúnú

1.   Iarrfaidh iarratasóir atá bunaithe faoi dhlí náisiúnta Ballstáit ar chomhlacht creidiúnaithe náisiúnta an Bhallstáit sin creidiúnú a dheonú i gcomhréir leis an Rialachán seo.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, iarrfaidh an t-iarratasóir atá bunaithe faoi dhlí náisiúnta Ballstáit ar chomhlacht creidiúnaithe náisiúnta seachas comhlacht a Bhallstáit bunaíochta creidiúnú a dheonú in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás inar chinn an Ballstát ina bhfuil sé bunaithe gan comhlacht creidiúnaithe náisiúnta a bhunú agus nach ndeachaigh sé ar iontaoibh comhlachta creidiúnaithe náisiúnta Ballstáit eile;

(b)

i gcás nach ndéanann na comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta dá dtagraítear sa chéad fhomhír creidiúnú i dtaca leis na gníomhaíochtaí fíorúcháin a bhfuil creidiúnú iarrtha ina leith;

(c)

maidir leis na comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, i gcás nach ndearnadh meastóireacht piaraí orthu sin i dtaca leis na grúpaí gníomhaíochta a bhfuil an creidiúnú iarrtha ina leith.

2.   Iarratasóir nach bhfuil bunaithe faoi dhlí náisiúnta Ballstáit, iarrfaidh sé ar chomhlacht creidiúnaithe náisiúnta aon Bhallstáit a sholáthraíonn creidiúnú an creidiúnú a dheonú i gcomhréir leis an Rialachán seo.

3.   Le hiarrataí ar chreidiúnú, cumhdófar ceann amháin nó níos mó de na grúpaí gníomhaíochta SCCT a liostaítear in Iarscríbhinn I.

4.   In éineacht leis an iarratas, cuirfidh an t-iarratasóir dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 na doiciméid seo a leanas ar fáil don chomhlacht creidiúnaithe náisiúnta:

(a)

tuairisc ar inniúlacht an iarratasóra na nósanna imeachta agus na próisis dá dtagraítear i Roinn 1.5.1 d’Iarscríbhinn II an córas bainistíochta cáilíochta dá dtagraítear i Roinn 1.5.2 den Iarscríbhinn sin a chur i gcrích;

(b)

tuairisc ar na critéir inniúlachta dá dtagraítear i Roinn 1.1.1, an dara mír, pointí (a) agus (b), d’Iarscríbhinn II, torthaí an phróisis inniúlachta dá dtagraítear sa Roinn sin agus doiciméadacht ábhartha eile maidir le hinniúlacht an phearsanra uile atá rannpháirteach sna gníomhaíochtaí fíorúcháin dá dtagraítear i Ranna 1.2 agus 1.3 d’Iarscríbhinn II;

(c)

tuairisc ar an bpróiseas chun neamhchlaontacht agus neamhspleáchas leanúnach a áirithiú, dá dtagraítear i Roinn 1.7.5 d’Iarscríbhinn II, lena n-áirítear taifid ábhartha ar neamhchlaontacht agus neamhspleáchas an iarratasóra agus a phearsanra;

(d)

liosta na saineolaithe teicniúla san fhíorú agus an príomhphearsanra atá rannpháirteach i bhfíorú tuarascálacha astaíochtaí oibreoirí;

(e)

tuairisc ar na nósanna imeachta agus ar na próisis dá dtagraítear i Roinn 1.5.1 d’Iarscríbhinn II, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leis an doiciméadacht fíorúcháin inmheánach dá dtagraítear i Roinn 2.16 d’Iarscríbhinn II;

(f)

na taifid dá dtagraítear i Roinn 1.6 d’Iarscríbhinn II;

(g)

más infheidhme, aon fhianaise ábhartha ar inniúlacht chruthaithe i gcur i bhfeidhm an chaighdeáin idirnáisiúnta dá dtagraítear i Roinn 1.5 d’Iarscríbhinn II, mar a aithníonn comhlacht creidiúnaithe náisiúnta nó comhlacht creidiúnaithe tríú tíre;

5.   Tar éis an iarraidh ar chreidiúnú a fháil, féadfaidh an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta a iarraidh ar an iarratasóir aon fhaisnéis eile a chur isteach a mheasann an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta a bheith riachtanach chun measúnú a dhéanamh ar an iarratas.

6.   I gcás ina soláthraíonn an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta seirbhísí creidiúnaithe faoin Rialachán seo ach nach bhfuil sé in ann iarratasóir atá bunaithe i dtríú tír a chreidiúnú, soláthróidh an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta sin freagra cuí-réasúnaithe don iarratasóir, gan aon mhoill mhíchuí tar éis dó iarraidh ar chreidiúnú a fháil, ina leagfar amach na cúiseanna nach ndearnadh an creidiúnú chomh maith le liosta de chomhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta a d’fhéadfadh a bheith in ann tabhairt faoin bpróiseas creidiúnaithe.

An comhlacht a aithnítear mar eagraí na meastóireachta piaraí dá dtagraítear in Airteagal 24, eagróidh sé an malartú faisnéise idir comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta trí liosta a choinneáil de chomhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta a sholáthraíonn seirbhísí creidiúnaithe le haghaidh SCCT agus de chomhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta a d’fhéadfadh a bheith in ann tabhairt faoin bpróiseas creidiúnaithe le haghaidh iarratasóirí atá bunaithe i dtríú tír.

Airteagal 4

Iarrataí ar chreidiúnú ó iarratasóirí atá creidiúnaithe faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067

Iarratasóir atá creidiúnaithe de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 le haghaidh an ghrúpa ábhartha gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh ar raon feidhme a chreidiúnaithe a leathnú chuig na grúpaí gníomhaíochta SCCT comhfhreagracha mar a liostaítear san Iarscríbhinn sin.

Cuirfear an t-iarratas ar leathnú ar an raon feidhme faoi bhráid an chomhlachta creidiúnaithe náisiúnta arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 3(1).

Airteagal 5

Measúnú ar iarrataí ar chreidiúnú a dheonú

1.   Agus measúnú á dhéanamh ar iarrataí ar chreidiúnú, déanfaidh an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)

athbhreithniú ar an bhfaisnéis arna soláthar ag an iarratasóir de bhun Airteagal 3;

(b)

cuairt ar an láthair ag áitreabh an iarratasóra chun athbhreithniú a dhéanamh ar shampla ionadaíoch den doiciméadacht fíorúcháin inmheánach agus measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme chóras bainistíochta cáilíochta an iarratasóra agus ar na nósanna imeachta nó na próisis le haghaidh gníomhaíochtaí fíorúcháin dá dtagraítear i Roinn 1.5 den Iarscríbhinn II;

(c)

fianú a dhéanamh ar fheidhmíocht agus inniúlacht líon ionadaíoch d’fhoireann an iarratasóra atá rannpháirteach i dtuarascálacha astaíochtaí oibreoirí a fhíorú chun a áirithiú go n-oibreoidh siad i gcomhréir leis an Rialachán seo, le Rialachán (AE) 2023/956, agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2546.

2.   Le linn an mheasúnaithe, cuirfidh an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta an méid seo a leanas san áireamh:

(a)

castacht raon feidhme an chreidiúnaithe;

(b)

castacht an chórais bainistíochta cáilíochta dá dtagraítear i Roinn 1.5.2 d’Iarscríbhinn II;

(c)

na nósanna imeachta agus faisnéis faoi na próisis dá dtagraítear i Roinn 1.5.1 d’Iarscríbhinn II;

(d)

na limistéir gheografacha ina bhfuil fíorú á dhéanamh ag an iarratasóir nó ina bhfuil sé beartaithe aige fíorú a dhéanamh;

(e)

faisnéis faoi cé acu atá nó nach bhfuil an t-iarratasóir creidiúnaithe de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 le haghaidh an ghrúpa ábhartha gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I.

Féadfaidh an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta aon fhianaise ábhartha arna soláthar ag an iarratasóir a mheas freisin, de bhun Airteagal 3(4), pointe (g).

3.   I gcás ina ndéanann an t-iarratasóir gníomhaíochtaí fíorúcháin áirithe a sheachfhoinsiú i gcomhréir le Roinn 1.7.4 d’Iarscríbhinn II, féadfaidh an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1, pointí (b) agus (c) den Airteagal seo a dhéanamh freisin ar áitreabh an chomhlachta chuig ar seachfhoinsíodh na gníomhaíochtaí.

4.   Déanfaidh an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta a thorthaí agus aon neamh-chomhréireacht a thuairisciú don iarratasóir agus iarrfaidh sé freagra.

5.   Déanfaidh an t-iarratasóir gníomhaíocht cheartaitheach chun aghaidh a thabhairt ar aon neamh-chomhréireacht arna tuairisciú de bhun mhír 4 agus cuirfidh sé freagra isteach ina mbeidh léiriú ar an ngníomhaíocht atá déanta aige, nó a bhfuil sé beartaithe aige a dhéanamh laistigh d’am a shocróidh an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta, chun iad a réiteach.

6.   Déanfaidh an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta athbhreithniú ar an bhfreagra arna chur isteach ag an iarratasóir de bhun mhír 5.

7.   I gcás ina gcinnfidh an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta go bhfuil freagra an iarratasóra nó go bhfuil an ghníomhaíocht a rinneadh neamh-leordhóthanach nó neamhéifeachtach, iarrfaidh sé ar an iarratasóir tuilleadh faisnéise a chur isteach nó gníomhaíocht bhreise a dhéanamh.

Féadfaidh an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta fianaise ar chur chun feidhme iarbhír na gníomhaíochta ceartaithí a iarraidh, nó measúnú leantach a dhéanamh ar an gcur chun feidhme sin.

Airteagal 6

Cinneadh maidir le creidiúnú agus an deimhniú creidiúnaithe

1.   I gcás ina gcinnfidh an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta creidiúnú a dheonú nó a athnuachan nó raon feidhme creidiúnaithe a leathnú, eiseoidh sé deimhniú creidiúnaithe chuige sin.

2.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sa deimhniú creidiúnaithe:

(a)

céannacht an chomhlachta creidiúnaithe náisiúnta;

(b)

ainm agus sainaitheantas creidiúnúcháin uathúil an fhíoraitheora;

(c)

raon feidhme an chreidiúnaithe agus na ngrúpaí gníomhaíochtaí;

(d)

tír bhunaíochta an chomhlachta creidiúnaithe náisiúnta agus an fhíoraitheora;

(e)

dáta éifeachtach an chreidiúnaithe agus a dháta éaga;

(f)

tagairt do na doiciméid normatacha arna n-úsáid don mheasúnú.

3.   Beidh an deimhniú creidiúnaithe bailí go ceann tréimhse nach faide ná 5 bliana ón dáta a d’eisigh an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta é.

Airteagal 7

Athmheasúnú

1.   Sula rachaidh deimhniú creidiúnaithe atá eisithe aige in éag, déanfaidh an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta an fíoraitheoir atá i gceist a athmheasúnú chun cinneadh a dhéanamh i dtaobh cé acu is féidir nó nach féidir síneadh a chur le bailíocht an deimhnithe.

2.   Déanfaidh an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta a athmheasúnú a phleanáil ar bhealach a chuirfidh ar chumas an chomhlachta creidiúnaithe náisiúnta measúnú a dhéanamh ar shamplaí ionadaíocha de ghníomhaíochtaí an fhíoraitheora a chumhdaítear leis an deimhniú.

3.   Déanfaidh an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta fíoraitheoirí a athmheasúnú i gcomhréir le hAirteagal 2.

Airteagal 8

Leathnú ar an raon feidhme

Déanfaidh an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta a chinneadh, mar fhreagairt ar iarratas ó fhíoraitheoir ar leathnú ar raon feidhme creidiúnaithe deonaithe, cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an fíoraitheoir na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 2 maidir leis an leathnú a iarradh ar raon feidhme a chreidiúnaithe.

Airteagal 9

Creidiúnú a chur ar fionraí nó a tharraingt siar agus laghdú ar raon feidhme an chreidiúnaithe

1.   Gan dochar do mhíreanna 2, 3 agus 4 den Airteagal seo, féadfaidh an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta creidiúnú fíoraitheora a chur ar fionraí nó a tharraingt siar nó raon feidhme an chreidiúnaithe a laghdú, i gcás nach gcomhlíonann an fíoraitheoir na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo, i Rialachán (AE) 2023/956, nó i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2546.

2.   Déanfaidh an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta creidiúnú fíoraitheora a chur ar fionraí nó a tharraingt siar nó raon feidhme an chreidiúnaithe a laghdú, i gcás ina n-iarrann an fíoraitheoir amhlaidh.

3.   Déanfaidh an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta creidiúnú fíoraitheora a chur ar fionraí nó raon feidhme an chreidiúnaithe a laghdú i gcás ina bhfuil an méid seo a leanas fíor i leith an fhíoraitheora:

(a)

go ndearna sé sárú tromchúiseach ar na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo, i Rialachán (AE) 2023/956 nó i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2546.

(b)

gur mhainnigh sé go leanúnach agus arís agus arís eile na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo, i Rialachán (AE) 2023/956 nó i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2546 a chomhlíonadh;

(c)

gur sháraigh sé aon téarma agus coinníoll sonrach eile arna leagan síos ag an gcomhlacht creidiúnaithe náisiúnta.

4.   Déanfaidh an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta creidiúnú fíoraitheora a tharraingt siar i gcás an mhéid seo a leanas:

(a)

nár leigheas an fíoraitheoir na heasnaimh arb iad ba chúis le cinneadh an creidiúnú a chur ar fionraí;

(b)

go bhfuarthas comhalta de bhainistíocht an fhíoraitheora nó d’fhoireann an fhíoraitheora atá rannpháirteach i ngníomhaíochtaí fíorúcháin faoi Rialachán (AE) 2023/956 ciontach i gcalaois;

(c)

gur sholáthair an fíoraitheoir faisnéis bhréagach d’aon ghnó nó go bhfuil faisnéis folaithe aige d’aon ghnó.

5.   Féadfaidh fíoraitheoir achomharc a sheoladh os comhair an chomhlachta creidiúnaithe náisiúnta in aghaidh cinneadh ón gcomhlacht creidiúnaithe náisiúnta creidiúnú a tharraingt siar nó raon feidhme creidiúnaithe a laghdú i gcomhréir le míreanna 1, 3 agus 4.

6.   Cinntí ó chomhlacht creidiúnaithe náisiúnta maidir le creidiúnú a chur ar fionraí nó a tharraingt siar nó raon feidhme an chreidiúnaithe a laghdú, gabhfaidh éifeacht leo an dáta a dtabharfar fógra don fhíoraitheoir fúthu.

7.   Cúlghairfidh an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta an cinneadh maidir le deimhniú creidiúnaithe a chur ar fionraí i gcás ina dtagann sé ar an gconclúid go gcomhlíonann an fíoraitheoir ceanglais an Rialacháin seo, Rialachán (AE) 2023/956, agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2546.

ROINN 2

Ceanglais ar chomhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta

Airteagal 10

Ceanglais inniúlachta le haghaidh measúnóirí

Áiritheoidh an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta go bhfuil na scileanna nó an t-eolas seo a leanas ag na daoine a cheapfar chun an measúnú a dhéanamh:

(a)

eolas ar chreidiúnú, ar ghníomhaíochtaí fíorúcháin agus ar fhaireachán agus ríomh astaíochtaí leabaithe de bhun an Rialacháin seo, Rialachán (AE) 2023/956, agus Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2547 agus (AE) 2025/2546, eolas ar bhailiú, faireachán agus tuairisciú sonraí atá ábhartha don leithdháileadh saor in aisce de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2620 (10) ón gCoimisiún agus eolas ar reachtaíocht, caighdeáin chomhchuibhithe agus treoirlínte eile is infheidhme;

(b)

an inniúlacht agus an tuiscint is gá chun measúnú a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí fíorúcháin dá dtagraítear i Roinn 2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo;

(c)

i gcás raon feidhme chreidiúnú LI dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, an inniúlacht theicniúil agus an tuiscint theicniúil is gá chun measúnú a dhéanamh ar an bhfianaise is gá chun comhlíonadh na gcritéar a leagtar síos i Roinn 5, an chéad mhír, pointí (a) go (d), d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/956 a léiriú;

(d)

i gcás raon feidhme chreidiúnú LII dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, an inniúlacht theicniúil agus an tuiscint theicniúil is gá chun measúnú a dhéanamh ar an bhfianaise is gá chun comhlíonadh na gcritéar a leagtar síos i Roinn 6 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/956 a léiriú;

(e)

eolas ar iniúchadh sonraí agus faisnéise, dá dtagraítear i Roinn 1.2, an ceathrú mír, pointe (b), d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 11

Saineolaithe teicniúla ar chreidiúnú

1.   I gcás inar gá, féadfaidh an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta saineolaithe teicniúla a thabhairt isteach i gcreidiúnú chun measúnú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí fíorúcháin arna ndéanamh ag fíoraitheoirí.

2.   I dteannta an eolais agus an tsaineolais ar ábhar riachtanach, beidh eolas ag saineolaithe teicniúla ar chreidiúnú ar an méid seo a leanas:

(a)

eolas ar chreidiúnú, ar ghníomhaíochtaí fíorúcháin agus ar fhaireachán agus ríomh astaíochtaí leabaithe de bhun an Rialacháin seo, Rialachán (AE) 2023/956, agus Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2547 agus (AE) 2025/2546, eolas ar bhailiú, faireachán agus tuairisciú sonraí atá ábhartha don leithdháileadh saor in aisce de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/... agus eolas ar reachtaíocht, caighdeáin agus treoirlínte eile is infheidhme;

(b)

eolas ar na gníomhaíochtaí fíorúcháin arna ndéanamh ag fíoraitheoirí, dá dtagraítear i roinn 2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 12

Rochtain ar fhaisnéis, rúndacht agus rúndacht ghairmiúil

1.   Déanfaidh an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta faisnéis faoina ghníomhaíochtaí creidiúnaithe faoin Rialachán seo a chur ar fáil go poiblí agus a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta.

2.   Déanfaidh an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta socruithe iomchuí chun rúndacht na faisnéise a fhaightear le linn gníomhaíochtaí measúnaithe de bhun an Rialacháin seo a chosaint.

I gcás ina bhfaigheann an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta faisnéis maidir le tuarascáil astaíochtaí oibreora nó tuarascáil fíorúcháin oibreora, cuir i gcás de bhun Airteagail 16 agus 21, beidh an fhaisnéis sin cumhdaithe ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla, agus ní nochtfaidh an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta í d’aon duine nó d’aon údarás eile ach amháin i gcás ina gceanglaítear sin le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta.

CAIBIDIL III

RIALÚ AGUS FORMHAOIRSEACHT AR FHÍORAITHEOIRÍ CREIDIÚNAITHE

ROINN 1

Rialú ar fhíoraitheoirí

Airteagal 13

Ceanglas ginearálta an rialaithe

Le linn bailíocht deimhnithe creidiúnaithe, leanfaidh fíoraitheoirí de na ceanglais a leagtar síos i Roinn 1 d’Iarscríbhinn II a chomhlíonadh agus de na gníomhaíochtaí fíorúcháin a dhéanamh i gcomhréir le Roinn 2 den Iarscríbhinn sin agus leanfaidh siad de na ceanglais a leagtar amach i Rialachán (AE) 2023/956 agus Rialachán Cur Chun Feidhme 2025/2546 a chomhlíonadh.

Le linn bailíocht deimhnithe creidiúnaithe, déanfaidh an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta a dheonaigh creidiúnú a sheiceáil cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an fíoraitheoir na ceanglais agus na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa chéad mhír.

I gcás ina measann an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta nach gcomhlíonann an fíoraitheoir na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, i Rialachán (AE) 2023/956 nó i Rialachán Cur Chun Feidhme 2025/2546 a thuilleadh, déanfaidh an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta an ghníomhaíocht is gá, lena n-áirítear an creidiúnú a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, nó raon feidhme an chreidiúnaithe a laghdú, i gcomhréir le hAirteagal 9 den Rialachán seo.

Airteagal 14

Faireachas bliantúil

1.   Déanfaidh an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta faireachas bliantúil ar gach fíoraitheoir a bhfuil deimhniú creidiúnaithe eisithe aige dó. Cuimseofar san fhaireachas sin an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

measúnú ar an láthair nó measúnú oifige fíorúil ar an bhfíoraitheoir;

(b)

an fheidhmíocht a fhianú agus measúnú a dhéanamh ar inniúlacht líon ionadaíoch d’fhoireann an fhíoraitheora i gcomhréir le hAirteagal 5(1), pointe (c);

I gcás ina ndéanann an fíoraitheoir gníomhaíochtaí fíorúcháin áirithe a sheachfhoinsiú i gcomhréir le Roinn 1.7.4 d’Iarscríbhinn II, féadfaidh an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a dhéanamh ar áitreabh an chomhlachta chuig ar seachfhoinsíodh na gníomhaíochtaí freisin.

2.   Déanfaidh an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta an chéad fhaireachas ar fhíoraitheoir i gcomhréir le mír 1 laistigh de 12 mhí ón dáta a eisíodh a dheimhniú creidiúnaithe.

3.   Beidh sé beartaithe ag an gcomhlacht creidiúnaithe náisiúnta a chleachtadh faireachais bliantúil a dhéanamh ar bhealach a chuirfidh ar a chumas measúnú a dhéanamh ar shamplaí ionadaíocha de ghníomhaíochtaí an fhíoraitheora faoi raon feidhme an deimhnithe creidiúnaithe agus de na baill foirne atá rannpháirteach sna gníomhaíochtaí fíorúcháin.

4.   Ar bhonn thorthaí an fhaireachais, cinnfidh an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta cé acu a dheimhneofar nó nach ndeimhneofar go leanfar den chreidiúnú.

Airteagal 15

Measúnú urghnách

Tráth ar bith le linn bhailíocht an deimhnithe creidiúnaithe, féadfaidh an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta measúnú urghnách a dhéanamh ar aon ghné d’inniúlacht nó de ghníomhaíochtaí an fhíoraitheora chun measúnú a dhéanamh ar cé acu a leanann nó nach leanann an fíoraitheoir de cheanglais an Rialacháin seo, Rialachán (AE) 2023/956, agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2546 a chomhlíonadh.

Airteagal 16

Gearáin

I gcás ina bhfuil gearán faighte ag an gcomhlacht creidiúnaithe náisiúnta maidir le fíoraitheoir a chreidiúnaigh sé, agus go bhfuair sé an gearán sin ó aon údarás inniúil, ón gCoimisiún, ón oibreoir nó ó pháirtithe leasmhara eile, tabharfaidh an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta faoin méid seo a leanas, tráth nach déanaí ná 3 mhí ón dáta a fuarthas an gearán:

(a)

déanfaidh sé measúnú ar bhailíocht an ghearáin;

(b)

áiritheoidh sé go dtabharfar an deis don fhíoraitheoir lena mbaineann a bharúlacha a chur isteach;

(c)

déanfaidh sé gníomhaíochtaí iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar an ngearán;

(d)

déanfaidh sé an gearán agus an ghníomhaíocht a rinneadh ina leith a thaifeadadh;

(e)

tabharfaidh sé freagra don ghearánach.

ROINN 2

Malartú faisnéise agus fógraí le haghaidh formhaoirseacht ar fhíoraitheoirí

Airteagal 17

Malartú faisnéise agus comhar

1.   Bunóidh gach Ballstát malartú éifeachtach faisnéise agus comhar éifeachtach idir a chomhlacht creidiúnaithe náisiúnta agus an t-údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagail 18 go 21.

2.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, ní bheidh feidhm ag Airteagail 18 agus 19, Airteagal 20(1) agus Airteagal 21(1) den Rialachán seo maidir leis an údarás inniúil agus leis an gcomhlacht creidiúnaithe náisiúnta i gcás ina bhfuil an t-údarás inniúil bunaithe i mBallstát nach bhfuil comhlacht creidiúnaithe náisiúnta aige nó nach soláthraíonn an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta seirbhísí creidiúnaithe chun críoch Rialachán (AE) 2023/956.

Airteagal 18

Malartú faisnéise maidir le deimhnithe creidiúnaithe agus bearta riaracháin

Soláthróidh an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta gan mhoill d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil sé bunaithe an fhaisnéis ábhartha uile is gá chun an fíoraitheoir a chlárú i gclárlann SCCT de bhun Airteagal 10a de Rialachán (AE) 2023/956, agus soláthróidh sé aon nuashonrú ar an bhfaisnéis sin freisin. Aireofar ar an bhfaisnéis sin:

(a)

aon chinneadh maidir le creidiúnú iarratasóra a dheonú, a athnuachan nó raon feidhme an chreidiúnaithe a leathnú de bhun Airteagal 6;

(b)

aon chinneadh maidir le creidiúnú fíoraitheora a chur ar fionraí nó a tharraingt siar nó raon feidhme creidiúnaithe fíoraitheora a laghdú de bhun Airteagal 9, nó aon chinneadh maidir le hachomharc lena ndearnadh cinneadh den sórt sin a fhreaschur;

(c)

aon chúlghairm ar an gcinneadh maidir le creidiúnú a chur ar fionraí de bhun Airteagal 9(7).

Déanfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear sa chéad mhír an fhaisnéis maidir le fíoraitheoirí a fuarthas i gcomhréir leis an gcéad mhír a chlárú agus a thabhairt cothrom le dáta i gclárlann SCCT.

Airteagal 19

Clár oibre creidiúnaithe agus tuarascáil bhainistíochta

1.   Faoin 31 Nollaig gach bliain, cuirfidh an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta clár oibre creidiúnaithe ar fáil, i mBéarla, d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta bunaithe, lena gcumhdaítear an chéad bhliain féilire eile agus ina mbeidh liosta na bhfíoraitheoirí a chreidiúnaigh an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta sin. Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad i ndáil le gach fíoraitheoir sa chlár oibre creidiúnaithe:

(a)

faisnéis faoi ghníomhaíochtaí atá beartaithe ag an gcomhlacht creidiúnaithe náisiúnta don fhíoraitheoir sin, lena n-áirítear gníomhaíochtaí faireachais agus athmheasúnaithe;

(b)

am agus áit an fhíorúcháin a bhfuil coinne leis, lena n-áirítear faisnéis i dtaobh cé acu a thabharfar nó nach dtabharfar cuairt fhisiceach nó fhíorúil ar an láithreán;

(c)

dátaí na n-iniúchtaí fianaithe a mheastar a bheidh le déanamh ag an gcomhlacht creidiúnaithe náisiúnta chun measúnú a dhéanamh ar an bhfíoraitheoir, lena n-áirítear ainm agus faisnéis aitheantais na n-oibreoirí agus na suiteálacha a bhfuil cuairt le tabhairt orthu le linn an iniúchta fianaithe.

I gcás ina ndéantar athruithe ar an bhfaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfidh an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta clár oibre nuashonraithe faoi bhráid an údaráis inniúil faoin 30 Meitheamh gach bliain.

2.   Faoin 31 Iúil gach bliain, cuirfidh an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta tuarascáil bhainistíochta ar fáil, i mBéarla, don údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1. Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sa tuarascáil bhainistíochta i ndáil le gach fíoraitheoir atá creidiúnaithe ag an gcomhlacht creidiúnaithe náisiúnta sin nó, i gcás phointe (c), i ndáil le gach iarratasóir:

(a)

sonraí creidiúnaithe fíoraitheoirí a chreidiúnaigh an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta sin, lena n-áirítear raon feidhme an chreidiúnaithe le haghaidh na bhfíoraitheoirí sin;

(b)

aon athrú ar raon feidhme an chreidiúnaithe le haghaidh na bhfíoraitheoirí dá dtagraítear i bpointe (a);

(c)

i gcás nach raibh an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta in ann tabhairt faoin bpróiseas creidiúnaithe a leagtar síos in Airteagal 3(6), liosta ina bhfuil ainmneacha na n-iarratasóirí, an tír bhunaíochta agus raon feidhme an chreidiúnaithe atá á lorg;

(d)

torthaí achoimrithe na ngníomhaíochtaí faireachais agus athmheasúnaithe a rinne an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta;

(e)

torthaí achoimrithe ar mheasúnaithe urghnácha a rinneadh, lena n-áirítear na cúiseanna leis na measúnuithe urghnácha sin a thionscnamh;

(f)

aon ghearán a rinneadh in aghaidh an fhíoraitheora ó bhí an tuarascáil bhainistíochta dheireanach ann agus na gníomhaíochtaí a rinne an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta i ndáil leis na gearáin sin;

(g)

mionsonraí maidir leis an ngníomhaíocht a rinne an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta mar fhreagairt ar an bhfaisnéis arna comhroinnt ag an údarás inniúil nó ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 20, ach amháin má tá an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta tar éis an fhaisnéis a mheas mar ghearán de réir bhrí Airteagal 16.

3.   Chun críoch mhíreanna 1 agus 2, úsáidfidh an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta teimpléad leictreonach ábhartha, a sholáthróidh an Coimisiún.

Airteagal 20

Malartú faisnéise idir údaráis inniúla agus an Coimisiún

1.   Cuirfidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis atá sa chlár oibre creidiúnaithe agus sa tuarascáil bhainistíochta de bhun Airteagal 19 ar fáil gan mhoill d’údaráis inniúla eile agus don Choimisiún trí chlárlann SCCT.

2.   I gcás ina ndéanfaidh an t-údarás inniúil nó an Coimisiún athbhreithniú ar an deimhniú SCCT de bhun Airteagal 19(2) de Rialachán (AE) 2023/956, cuirfidh siad in iúl do na húdaráis inniúla, agus don Choimisiún i gcás inarb infheidhme, trí chlárlann SCCT, tionscnamh an athbhreithnithe agus na torthaí i ndáil leis an obair a dhéanann an fíoraitheoir.

Airteagal 21

Faisnéis ón údarás inniúil a chur faoi bhráid an chomhlachta creidiúnaithe náisiúnta

1.   Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta bunaithe an méid seo a leanas ar a laghad a chur in iúl go tráthrialta agus uair sa bhliain ar a laghad don chomhlacht creidiúnaithe náisiúnta a chreidiúnaigh an fíoraitheoir:

(a)

torthaí ábhartha, lena n-áirítear torthaí ábhartha a fhaightear ó údaráis inniúla eile nó ón gCoimisiún de bhun Airteagal 20(2), a fhaightear ó sheiceáil a dhéanamh ar thuarascáil astaíochtaí an oibreora agus ar an tuarascáil fíorúcháin, lena n-áirítear aon neamhchomhlíonadh sainaitheanta ón bhfíoraitheoir leis an Rialachán seo, le Rialachán (AE) 2023/956 nó le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2546.

(b)

aon ghearán a bhaineann leis an bhfíoraitheoir arna fháil ag an údarás inniúil.

2.   Chun críoch mhír 1, úsáidfidh an t-údarás inniúil teimpléad leictreonach ábhartha, a sholáthróidh an Coimisiún.

3.   I gcás ina bhfaigheann an t-údarás inniúil gearán maidir le fíoraitheoir a chreidiúnaigh comhlacht creidiúnaithe náisiúnta Ballstáit eile, cuirfidh an t-údarás inniúil an gearán in iúl don chomhlacht creidiúnaithe náisiúnta sin.

4.   I gcás ina soláthraítear leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3 den Airteagal seo fianaise gur shainaithin údarás inniúil nó an Coimisiún neamhchomhlíonadh ón bhfíoraitheoir, déileálfaidh an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta le cur in iúl na faisnéise sin mar ghearán ón údarás inniúil maidir leis an bhfíoraitheoir sin i gcomhréir le hAirteagal 16.

Airteagal 22

Fógraí ó fhíoraitheoirí

1.   Faoin 15 Samhain gach bliain, seolfaidh fíoraitheoirí an fhaisnéis seo a leanas lena gcumhdaítear an chéad bhliain féilire eile don chomhlacht creidiúnaithe náisiúnta a chreidiúnaigh iad:

(a)

am beartaithe agus áit bheartaithe na bhfíorúchán a bhfuil an fíoraitheoir sceidealaithe lena ndéanamh, lena n-áirítear faisnéis i dtaobh an ndéanfar cuairt fhisiceach nó fhíorúil ar an láithreán;

(b)

ainm agus faisnéis aitheantais na n-oibreoirí a bhfuil a dtuarascálacha astaíochtaí faoi réir a fhíorúcháin, agus sainaitheantas na suiteálacha;

(c)

ainmneacha bhaill na foirne fíorúcháin agus raon feidhme an chreidiúnaithe faoina dtagann gníomhaíochtaí an oibreora.

2.   I gcás ina dtarlaíonn athruithe ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1, tabharfaidh na fíoraitheoirí fógra don chomhlacht creidiúnaithe náisiúnta faoi na hathruithe sin laistigh de thréimhse a comhaontaíodh leis an gcomhlacht creidiúnaithe náisiúnta sin.

3.   Cuirfidh na fíoraitheoirí fógra don chomhlacht creidiúnaithe náisiúnta faoi aon athrú suntasach a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá gcreidiúnú maidir le haon ghné dá stádas nó dá n-oibríocht, agus déanfaidh siad sin gan mhoill.

CAIBIDIL IV

AITHEANTAS FRITHPHÁIRTEACH AGUS MEASTÓIREACHT PIARAÍ AR CHOMHLACHTAÍ CREIDIÚNAITHE

Airteagal 23

Aitheantas frithpháirteach d’fhíoraitheoirí

1.   Tabharfaidh na Ballstáit agus na húdaráis inniúla aitheantas do choibhéis na seirbhísí a thugann na comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta sin a ndearnadh meastóireacht piaraí orthu i gcomhréir le hAirteagal 24. Glacfaidh siad leis na deimhnithe creidiúnaithe agus tabharfaidh siad aitheantas do thuarascálacha fíorúcháin na bhfíoraitheoirí arna gcreidiúnú ag na comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta sin.

2.   I gcás nach ndeachaigh comhlacht creidiúnaithe náisiúnta faoin bpróiseas iomlán um meastóireacht piaraí, glacfaidh na Ballstáit leis na deimhnithe creidiúnaithe agus tabharfaidh siad aitheantas do thuarascálacha fíorúcháin na bhfíoraitheoirí arna gcreidiúnú ag an gcomhlacht creidiúnaithe náisiúnta sin ar choinníoll go bhfuil an méid seo a leanas fíor i leith an chomhlachta a aithnítear mar eagraí na meastóireachta piaraí dá dtagraítear in Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008:

(a)

gur dheonaigh sé díolúine de bhun Airteagal 24(4);

(b)

gur thosaigh sé meastóireacht piaraí le haghaidh an chomhlachta creidiúnaithe náisiúnta sin agus nár shainaithin sé aon neamhchomhlíonadh ón gcomhlacht creidiúnaithe náisiúnta i leith an Rialacháin seo.

Airteagal 24

Meastóireacht piaraí

1.   Cuirfidh comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta iad féin faoi réir meastóireacht piara go tráthrialta.

2.   An comhlacht a shainaithnítear mar eagraí na meastóireachta piaraí i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, leagfaidh sé síos agus comhlíonfaidh sé critéir meastóireachta piaraí agus cuirfidh sé próiseas meastóireachta piaraí éifeachtach agus neamhspleách i gcrích chun measúnú a dhéanamh ar an méid seo a leanas maidir leis an gcomhlacht creidiúnaithe náisiúnta atá faoi réir na meastóireachta piaraí:

(a)

go ndéanann sé na gníomhaíochtaí creidiúnaithe i gcomhréir le Roinn 1 de Chaibidil II;

(b)

go gcomhlíonann sé na ceanglais a leagtar amach i Roinn 2 de Chaibidil II, in Airteagail 14, 15 agus 16 agus sa Chaibidil seo.

Áireofar ar na critéir meastóireachta piaraí ceanglais inniúlachta le haghaidh meastóirí piaraí agus foirne meastóireachta piaraí a bhaineann go sonrach leis an gcóras chun astaíochtaí leabaithe a ríomh agus a fhíorú arna bhunú le Rialachán (AE) 2023/956.

3.   Foilseoidh an comhlacht a aithnítear mar eagraí na meastóireachta piaraí toradh na meastóireachta piaraí ar chomhlacht creidiúnaithe náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 agus cuirfidh sé é sin in iúl don Choimisiún, do na húdaráis náisiúnta atá freagrach as na comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta sna Ballstáit, agus don údarás inniúil gan mhoill.

4.   I gcás ina bhfuil meastóireacht piaraí déanta ar chomhlacht creidiúnaithe náisiúnta i réimse an fhíoraithe roimh an 1 Eanáir 2026, díolmhófar an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta ó mheastóireacht piaraí nua a dhéanamh ón dáta sin más féidir leis comhréireacht leis an Rialachán seo a léiriú.

Chuige sin, cuirfidh an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta lena mbaineann iarraidh agus an doiciméadacht is gá faoi bhráid an chomhlachta a aithnítear mar eagraí na meastóireachta piaraí.

Déanfaidh an comhlacht a aithnítear mar eagraí na meastóireachta piaraí a chinneadh cé acu a comhlíonadh nó nár comhlíonadh na coinníollacha chun díolúine a dheonú.

Deonófar an díolúine go huathoibríoch i gcás na gcomhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta sin a ndearnadh meastóireacht piaraí orthu cheana féin i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067.

Beidh feidhm ag an díolúine go ceann tréimhse nach faide ná 4 bliana ón dáta a thabharfar fógra faoin gcinneadh ón gcomhlacht a aithnítear mar eagraí na meastóireachta piaraí don chomhlacht creidiúnaithe náisiúnta.

Airteagal 25

Gníomhaíocht cheartaitheach

1.   Déanfaidh na Ballstáit faireachán ar a gcomhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta go tráthrialta d’fhonn a áirithiú go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo ar bhonn leanúnach, agus torthaí na meastóireachta piaraí a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 24 á gcur san áireamh.

2.   I gcás nach bhfuil toradh na meastóireachta piaraí de bhun Airteagal 24(3) sásúil, scoirfidh an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta d’aon ghníomhaíocht a dhéanamh nó de sheirbhísí a sholáthar faoin Rialachán seo go dtí go mbainfear amach toradh sásúil ar mheastóireacht piaraí.

I gcás nach bhfuil toradh na meastóireachta piaraí de bhun Airteagal 24(3) sásúil nó i gcás nach gcomhlíonann an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta na ceanglais nó go mainníonn sé a chuid oibleagáidí mar a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann gníomhaíocht cheartaitheach iomchuí nó áiritheoidh sé go ndéanfar gníomhaíocht cheartaitheach den sórt sin.

CAIBIDIL V

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 26

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2026.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Samhain 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 130, 16.5.2023, lch. 52, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/956/oj.

(2)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle, (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/87/oj).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/765/oj).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/1025/oj).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 maidir le fíorú sonraí agus maidir le creidiúnú fíoraitheoirí de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 334, 31.12.2018, lch. 94, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/2067/oj).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2546 ón gCoimisiún an 10 Nollaig 2025 maidir le cur i bhfeidhm na bprionsabal chun astaíochtaí leabaithe dearbhaithe a fhíorú de bhun Rialachán (AE) 2023/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2025/2546, 22.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2546/oj).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).

(8)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).

(9)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2547 ón gCoimisiún an 10 Nollaig 2025 lena leagtar síos na rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na modhanna chun astaíochtaí leabaithe a ríomh (IO L, 2025/2547, 22.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2547/oj).

(10)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2620 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2025 lena leagtar síos na rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ríomh an choigeartaithe ar leithdháileadh saor in aisce ar líon na ndeimhnithe SCCT atá le géilleadh (IO L, 2025/2620, 22.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2620/oj).


IARSCRÍBHINN I

Raon feidhme an chreidiúnaithe

Uimh. na grúpa gníomhaíochta SCCT

Raon feidhme an chreidiúnaithe

Grúpaí gníomhaíochta de bhun Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067

 

Catagóir earraí chomhiomlánaithe

 

I

Cré chailcínithe

Clincear stroighne

Stroighin

Stroighin alúmanach

1a, 1b, 6, 98

II

Hidrigin

Amóinia

1a, 1b, 8, 98

III

Aigéad nítreach

1a, 1b, 9, 98

IV

Úiré

Leasacháin mheasctha

1a, 1b, 98

V

Mian shintéaraithe

Muciarann

Iarann atá laghdaithe go díreach

Amhchruach

1a, 1b, 3, 98

VI

Fearó-chóimhiotail (FeMn, FeCr, FeNi)

1a, 1b, 4, 98

VII

Alúmanam neamhshaoirsithe

1a, 1b, 4, 5, 98

VIII

Táirgí iarainn nó cruach

Táirgí alúmanaim

1a, 1b, 4, 98

 

Gníomhaíochtaí eile

 

L

Gabháil, úsáid agus stóráil carbóin (GÚSC)

10, 11

LI

Leictreachas a allmhairítear isteach i gcríoch chustaim an Aontais

neamhbhainteach

LII

Astaíochtaí indíreacha

neamhbhainteach


IARSCRÍBHINN II

Ceanglais ar fhíoraitheoirí

1.   CEANGLAIS AR FHÍORAITHEOIRÍ MAIDIR LE HINNIÚLACHT

1.1.   An próiseas inniúlachta, na critéir inniúlachta agus faireachán ar fheidhmíocht

1.1.1.   Próiseas inniúlachta leanúnaí

Déanfaidh an fíoraitheoir próiseas inniúlachta a bhunú, a dhoiciméadú, a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun chun a áirithiú go mbeidh an pearsanra uile a gcuirtear gníomhaíochtaí fíorúcháin ar a n-iontaoibh inniúil ar na cúraimí a leithdháiltear orthu.

Chun críocha an phróisis inniúlachta dá dtagraítear sa chéad mhír, déanfaidh an fíoraitheoir na critéir inniúlachta seo a leanas a bhunú, a dhoiciméadú, a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun:

(a)

critéir ghinearálta inniúlachta le haghaidh an phearsanra uile atá i mbun gníomhaíochtaí fíorúcháin;

(b)

critéir shonracha inniúlachta le haghaidh gach ball foirne atá i mbun gníomhaíochtaí fíorúcháin, go háirithe le haghaidh an phríomhiniúchóra SCCT, an iniúchóra SCCT, an athbhreithneora neamhspleách agus an duine is saineolaí teicniúil san fhíorú;

(c)

modh chun inniúlacht leanúnach an phearsanra uile atá i mbun gníomhaíochtaí fíorúcháin a áirithiú, agus chun meastóireacht rialta ar a bhfeidhmíocht a áirithiú;

(d)

próiseas chun oiliúint leanúnach a áirithiú don phearsanra atá i mbun gníomhaíochtaí fíorúcháin;

(e)

próiseas chun measúnú a dhéanamh ar cé acu a thagann nó nach dtagann an sannachán fíorúcháin faoi raon feidhme chreidiúnú an fhíoraitheora, agus i dtaobh cé acu atá nó nach bhfuil an inniúlacht, an pearsanra agus na hacmhainní is gá ag an bhfíoraitheoir chun an fhoireann fíorúcháin a roghnú agus chun na gníomhaíochtaí fíorúcháin a chur i gcrích laistigh den tráthchlár is gá.

Na critéir inniúlachta dá dtagraítear sa dara mír, pointe (b), bainfidh siad go sonrach le gach raon feidhme creidiúnaithe dá bhfuil gníomhaíochtaí fíorúcháin á ndéanamh ag an bpearsanra atá i gceist.

Agus inniúlacht an phearsanra á meas ag an bhfíoraitheoir de bhun an dara mír, pointe (c), déanfaidh sé an inniúlacht sin a mheasúnú in aghaidh na gcritéar inniúlachta dá dtagraítear sa dara mír, pointí (a) agus (b).

Sa phróiseas dá dtagraítear sa dara mír, pointe (e), áireofar freisin próiseas chun measúnú a dhéanamh i dtaobh cé acu atá nó nach bhfuil an inniúlacht agus an pearsanra uile is gá ag an bhfoireann fíorúcháin chun gníomhaíochtaí fíorúcháin a dhéanamh le haghaidh oibreoir sonrach.

Forbróidh an fíoraitheoir critéir inniúlachta ghinearálta agus shonracha lena gcomhlíonfar na ceanglais a leagtar amach i Ranna 1.2, 1.3 agus 1.4.

1.1.2.   Faireachán agus meastóireacht

Déanfaidh an fíoraitheoir faireachán go tráthrialta, agus uair sa bhliain ar a laghad, ar fheidhmíocht an phearsanra uile atá i mbun gníomhaíochtaí fíorúcháin chun a dheimhniú go bhfuil na scileanna agus an t-eolas is gá acu fós chun na cúraimí a shanntar dóibh a dhéanamh.

Déanfaidh an fíoraitheoir measúnú ar inniúlacht agus ar fheidhmíocht phríomhiniúchóir SCCT agus iniúchóir SCCT.

Le linn an fhíoraithe ar an láthair ar thuarascáil astaíochtaí oibreora, déanfaidh an fíoraitheoir faireachán ar na hiniúchóirí sin de réir mar is iomchuí, chun a chinneadh cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann siad na critéir inniúlachta.

Má theipeann ar bhall foirne a léiriú go gcomhlíonann sé na critéir inniúlachta go hiomlán maidir le cúram sonrach atá sannta dó, sainaithneoidh agus eagróidh an fíoraitheoir an oiliúint bhreise nó an taithí oibre faoi mhaoirseacht a bhfuil gá léi. Déanfaidh an fíoraitheoir faireachán ar an mball foirne sin go dtí go léireoidh an ball foirne don fhíoraitheoir go bhfuil na critéir inniúlachta á gcomhlíonadh aige.

Chun críocha an athbhreithnithe neamhspleách ar na gníomhaíochtaí fíorúcháin a bhaineann le sannachán fíorúcháin ar leith, ceapfaidh an fíoraitheoir athbhreithneoir neamhspleách nach mbeidh ina chuid den fhoireann fíorúcháin.

1.2.   Ceanglais inniúlachta ar iniúchóirí SCCT

I gcás gach sannacháin fíorúcháin, tiomsóidh an fíoraitheoir foireann fíorúcháin ina mbeidh príomhiniúchóir SCCT amháin agus líon iomchuí iniúchóirí SCCT atá in ann na gníomhaíochtaí fíorúcháin dá dtagraítear i Roinn 2 a dhéanamh.

Comhlíonfaidh an príomhiniúchóir SCCT na ceanglais inniúlachta a bhíonn ar iniúchóir SCCT agus beidh inniúlacht léirithe aige ar é féin a chur in iúl go héifeachtach i mBéarla.

Beidh an inniúlacht is gá ag gach iniúchóir SCCT chun measúnú a dhéanamh ar phleananna faireacháin agus chun tuarascálacha astaíochtaí na n-oibreoirí a fhíorú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2023/956, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2547 an Rialachán seo, agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2546.

Chun na críche sin, beidh an méid seo a leanas ar a laghad ag gach iniúchóir SCCT:

(a)

eolas ar chreidiúnú, ar ghníomhaíochtaí fíorúcháin agus ar fhaireachán agus ríomh astaíochtaí leabaithe de bhun an Rialacháin seo, Rialachán (AE) 2023/956, agus Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2547 agus (AE) 2025/2546, eolas ar bhailiú, faireachán agus tuairisciú sonraí atá ábhartha maidir le leithdháileadh saor in aisce de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2620 agus reachtaíocht, caighdeáin chomhchuibhithe agus treoirlínte eile is infheidhme;

(b)

eolas agus taithí ar iniúchóireacht sonraí agus faisnéise, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(1)

modheolaíochtaí um iniúchóireacht sonraí agus faisnéise, cur i bhfeidhm na tairsí ábharthachta, agus measúnú a dhéanamh ar ábharthacht míráiteas;

(2)

anailís a dhéanamh ar rioscaí bunúsacha agus ar rioscaí rialúcháin;

(3)

teicnící samplála i ndáil le sampláil sonraí agus seiceáil gníomhaíochtaí rialúcháin;

(4)

measúnú a dhéanamh ar chórais sonraí agus faisnéise, ar chórais TF, ar ghníomhaíochtaí sreafa sonraí, ar ghníomhaíochtaí rialúcháin, ar chórais rialaithe agus ar nósanna imeachta maidir le gníomhaíochtaí rialúcháin;

(c)

an cumas tabhairt faoi na gníomhaíochtaí a bhaineann le tuarascáil astaíochtaí oibreora a fhíorú mar a cheanglaítear faoi Airteagal 13;

(d)

eolas agus taithí ar na gnéithe teicniúla earnáilsonracha i ndáil le faireachán agus tuairisciú atá ábhartha maidir le raon feidhme na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a bhfuil fíorú á dhéanamh ag an iniúchóir SCCT ina leith.

Ina theannta sin, áireofar ar an bhfoireann fíorúcháin iniúchóir SCCT amháin ar a laghad ag a mbeidh an méid seo a leanas:

(a)

an cumas é féin a chur in iúl go héifeachtach sa teanga is gá chun scrúdú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a chuireann an t-oibreoir isteach;

(b)

an inniúlacht theicniúil agus an tuiscint is gá chun measúnú a dhéanamh ar na gnéithe teicniúla sonracha i ndáil le faireachán agus tuairisciú a bhaineann le gníomhaíochtaí na suiteála dá dtagraítear san Iarscríbhinn seo;

(c)

i gcás ina ndéanann an fíoraitheoir sonraí a fhíorú maidir le leictreachas a allmhairítear isteach i gcríoch chustaim an Aontais, an inniúlacht theicniúil agus an tuiscint theicniúil is gá chun measúnú a dhéanamh ar an bhfianaise a theastaíonn chun comhlíonadh na gcritéar a leagtar síos i Roinn 5, an chéad mhír, pointí (a) go (d), d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/956 a léiriú;

(d)

i gcás ina ndéanann an fíoraitheoir sonraí a fhíorú maidir le hearraí nach liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialacháin (AE) 2023/956, an inniúlacht theicniúil agus an tuiscint theicniúil is gá chun measúnú a dhéanamh ar an bhfianaise a theastaíonn chun comhlíonadh na gcritéar a leagtar síos i Roinn 6 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/956 a léiriú.

1.3.   Ceanglais ar athbhreithneoirí neamhspleácha maidir le hinniúlacht

Beidh an t-údarás iomchuí ag an athbhreithneoir neamhspleách chun athbhreithniú a dhéanamh ar an dréacht-tuarascáil fíorúcháin agus ar an doiciméadacht fíorúcháin inmheánach de bhun Roinn 2.15.

Comhlíonfaidh an t-athbhreithneoir neamhspleách na ceanglais maidir le hinniúlacht a bhfuil feidhm acu i ndáil le hiniúchóir SCCT, dá dtagraítear i Roinn 1.2, agus beidh an cumas aige é féin a chur in iúl go héifeachtach i mBéarla.

Beidh an inniúlacht is gá ag an athbhreithneoir neamhspleách chun na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh:

(a)

anailís a dhéanamh ar an bhfaisnéis a sholáthraítear agus a hiomláine agus a sláine a dheimhniú;

(b)

fiosruithe a dhéanamh maidir le haon fhaisnéis atá in easnamh agus agóid a dhéanamh in aghaidh faisnéis bhréagnaitheach;

(c)

rianta sonraí a sheiceáil chun measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil an doiciméadacht fíorúcháin inmheánach iomlán agus cé acu atá nó nach bhfuil faisnéis leordhóthanach inti chun tacú le conclúidí na dréacht-tuarascála fíorúcháin.

1.4.   Rannpháirtíocht saineolaithe teicniúla san fhíorú

Agus gníomhaíochtaí fíorúcháin á ndéanamh ag fíoraitheoir, féadfaidh sé saineolaithe teicniúla san fhíorú a úsáid chun eolas mionsonraithe agus saineolas a sholáthar ar ábhar sonrach, ar eolas agus saineolas iad is gá chun tacú leis an iniúchóir SCCT agus a ngníomhaíochtaí fíorúcháin á ndéanamh aige. I gcás nach bhfuil sé d’inniúlacht ag an athbhreithneoir neamhspleách saincheist áirithe a mheasúnú sa phróiseas athbhreithniúcháin, iarrfaidh an fíoraitheoir tacaíocht ón duine is saineolaí teicniúil san fhíorú.

Beidh an inniúlacht agus an saineolas is gá ag an duine is saineolaí teicniúil san fhíorú chun tacú go héifeachtach leis na hiniúchóirí SCCT, nó leis an athbhreithneoir neamhspleách, i gcás inar gá, maidir leis an ábhar a n-iarrtar eolas agus saineolas ó shaineolaí ina leith. Ina theannta sin, beidh tuiscint leormhaith ag an duine is saineolaí teicniúil san fhíorú ar na saincheisteanna dá dtagraítear i Roinn 1.2, an ceathrú mír, pointí (a), (b) agus (c).

Déanfaidh an duine is saineolaí teicniúil san fhíorú cúraimí sonraithe faoi stiúir agus faoi lánfhreagracht an athbhreithneora neamhspleách nó phríomhiniúchóirí SCCT na foirne fíorúcháin ina bhfuil an saineolaí teicniúil ag oibriú.

1.5.   Nósanna imeachta maidir le gníomhaíochtaí fíorúcháin

1.5.1.   Nósanna imeachta agus próisis maidir le gníomhaíochtaí fíorúcháin

Comhlíonfaidh na gníomhaíochtaí fíorúcháin an caighdeán comhchuibhithe seo a leanas:

EN ISO/IEC 17029:2019 Measúnú Comhréireachta – Prionsabail agus ceanglais ghinearálta le haghaidh comhlachtaí bailíochtúcháin agus fíorúcháin (ISO/IEC 17029:2019) (1).

I dteannta an chaighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear sa chéad mhír, déanfar gníomhaíochtaí fíorúcháin a dhoiciméadú, a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na próisis a leagtar síos i Roinn 2.

1.5.2.   Córas bainistithe cáilíochta

Déanfaidh na fíoraitheoirí córas bainistithe cáilíochta a bhunú, a dhoiciméadú, a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun chun a áirithiú go ndéanfar forbairt, cur chun feidhme, feabhsú agus athbhreithniú comhsheasmhach ar na nósanna imeachta agus ar na próisis i gcomhréir leis an gcaighdeán comhchuibhithe dá dtagraítear i Roinn 1.5.1.

1.5.3.   Nósanna imeachta breise

I dteannta an chaighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear i Roinn 1.5.1, bunóidh na fíoraitheoirí na nósanna imeachta, próisis agus socruithe seo a leanas:

(a)

próiseas agus beartas maidir le cumarsáid leis an oibreoir agus le páirtithe ábhartha eile;

(b)

socruithe leordhóthanacha chun rúndacht na faisnéise a fhaightear a chosaint;

(c)

próiseas chun déileáil le hachomhairc;

(d)

próiseas chun déileáil le gearáin (lena n-áirítear scála ama táscach);

(e)

próiseas chun tuarascáil fíorúcháin athbhreithnithe a eisiúint i gcás ina sainaithnítear earráid sa tuarascáil fíorúcháin nó i dtuarascáil astaíochtaí an oibreora tar éis don fhíoraitheoir an tuarascáil fíorúcháin a chur faoi bhráid an oibreora;

(f)

nós imeachta nó próiseas chun gníomhaíochtaí fíorúcháin a sheachfhoinsiú chuig eagraíochtaí eile;

(g)

nós imeachta nó próiseas chun a áirithiú go nglacfaidh an fíoraitheoir freagracht iomlán as gníomhaíochtaí fíorúcháin arna ndéanamh ag daoine aonair ar conradh;

(h)

próisis lena n-áirithítear feidhmiú cuí an chórais bainistithe cáilíochta dá dtagraítear i Roinn 1.5.2, lena n-áirítear na próisis seo a leanas:

(1)

próiseas chun an córas bainistíochta a athbhreithniú, atá le reáchtáil uair sa bhliain ar a laghad, gan tréimhse is faide ná 15 mhí a bheith idir na hathbhreithnithe bainistíochta;

(2)

próiseas chun iniúchtaí inmheánacha a dhéanamh uair sa bhliain ar a laghad, gan tréimhse is faide ná 15 mhí a bheith idir na hiniúchtaí inmheánacha.

1.6.   Taifid agus cumarsáid

Déanfaidh an fíoraitheoir taifid a choinneáil ar bun agus a bhainistiú chun comhlíonadh an Rialacháin seo a léiriú, lena n-áirítear comhlíonadh a mhéid a bhaineann le hinniúlacht agus neamhchlaontacht a phearsanra.

Cuirfidh an fíoraitheoir faisnéis ar fáil don oibreoir agus do pháirtithe ábhartha eile go tráthrialta i gcomhréir leis an gcaighdeán comhchuibhithe dá dtagraítear i Roinn 1.5.1.

Cosnóidh an fíoraitheoir rúndacht na faisnéise a fhaightear le linn an fhíoraithe, i gcomhréir leis an gcaighdeán comhchuibhithe dá dtagraítear in Roinn 1.5.1.

1.7.   Neamhchlaontacht agus neamhspleáchas

1.7.1.   Prionsabail ghinearálta

Beidh an fíoraitheoir neamhspleách ar an oibreoir, ar na húdaráis inniúla arna n-ainmniú de bhun Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2023/956 agus ar an gCoimisiún. Beidh an fíoraitheoir neamhchlaonta freisin maidir lena ghníomhaíochtaí fíorúcháin a dhéanamh, agus is ar mhaithe le leas an phobail a dhéanfaidh sé an fíorú.

Chun neamhspleáchas agus neamhchlaontacht a áirithiú, ní bheidh an fíoraitheoir ná aon chuid den eintiteas dlítheanach céanna ina oibreoir, ina úinéir oibreora ná faoi úinéireacht oibreora, ná ní bheidh caidreamh ag an bhfíoraitheoir leis an oibreoir, ar caidreamh é a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá neamhspleáchas agus dá neamhchlaontacht.

Eagrófar na fíoraitheoirí sa chaoi go n-áiritheofar a n-oibiachtúlacht, a neamhspleáchas agus a neamhchlaontacht. Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na ceanglais ábhartha a leagtar síos sa chaighdeán comhchuibhithe dá dtagraítear i Roinn 1.5.1.

Ní dhéanfaidh na fíoraitheoirí gníomhaíochtaí fíorúcháin le haghaidh oibreora i gcás ina gcruthódh sé sin riosca do-ghlactha dá neamhchlaontacht nó i gcás ina mbeadh coinbhleacht leasa acu i leith an oibreora sin. Ní bhainfidh an fíoraitheoir úsáid as pearsanra ná as daoine atá ar conradh chun tuarascáil a fhíorú i gcás ina mbeadh coinbhleacht leasa iarbhír nó fhéideartha ann dá bharr sin. Áiritheoidh an fíoraitheoir freisin nach ndéanfaidh gníomhaíochtaí pearsanra ná eagraíochtaí difear do rúndacht, d’oibiachtúlacht, do neamhspleáchas ná do neamhchlaontacht an fhíorúcháin. Chun na críche sin, déanfaidh an fíoraitheoir faireachán ar na rioscaí don neamhchlaontacht agus déanfaidh sé beart iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin.

1.7.2.   Riosca do-ghlactha

Measfar go bhfuil riosca do-ghlactha don neamhchlaontacht nó coinbhleacht leasa tagtha chun cinn, inter alia, i gcás ina ndéanann fíoraitheoir, nó aon chuid den eintiteas dlítheanach céanna, an méid seo a leanas:

(a)

seirbhísí sainchomhairleoireachta a sholáthar chun cuid den phróiseas faireacháin agus tuairiscithe ar a dtugtar tuairisc sa phlean faireacháin a fhorbairt, lena n-áirítear forbairt na modheolaíochta faireacháin, dréachtú na tuarascála astaíochtaí, nó dréachtú an phlean faireacháin;

(b)

cúnamh teicniúil a sholáthar chun an córas faireacháin agus tuairiscithe astaíochtaí nó faisnéis ábhartha eile faoi Rialachán (AE) 2023/956 a fhorbairt nó a choinneáil ar bun.

1.7.3.   Coinbhleacht leasa

Measfar go bhfuil coinbhleacht leasa tagtha chun cinn idir an fíoraitheoir agus an t-oibreoir, in aon cheann de na cásanna seo a leanas go háirithe:

(a)

i gcás ina bhfuil an caidreamh idir an fíoraitheoir agus an t-oibreoir bunaithe ar chomhúinéireacht, ar rialachas coiteann, ar chomhbhainistíocht nó ar phearsanra coiteann, ar acmhainní comhroinnte, ar mhaoiniú coiteann nó ar chomhchonarthaí nó ar mhargaíocht choiteann;

(b)

i gcás ina bhfuil na seirbhísí sainchomhairleoireachta dá dtagraítear i Roinn 1.7.2, pointe (a), nó an cúnamh teicniúil dá dtagraítear i Roinn 1.7.2, pointe (b), faighte ag an oibreoir ó chomhlacht comhairleach, ó chomhlacht cúnaimh theicniúil nó ó eagraíocht eile ag a bhfuil caidreamh leis an bhfíoraitheoir, ar seirbhísí iad a chuireann neamhchlaontacht an fhíoraitheora i mbaol.

Chun críocha na chéad mhíre, pointe (b), measfar go bhfuil neamhchlaontacht an fhíoraitheora i mbaol i gcás ina bhfuil an caidreamh idir an fíoraitheoir agus an comhlacht comhairleach, an comhlacht cúnaimh theicniúil nó an eagraíocht eile bunaithe ar chomhúinéireacht, ar rialachas coiteann, ar chomhbhainistíocht nó ar phearsanra coiteann, ar acmhainní comhroinnte, ar mhaoiniú coiteann, ar chomhchonarthaí nó margaíocht choiteann, agus ar íocaíocht choiteann coimisiúin díolacháin nó dreasú eile chun cliaint nua a atreorú.

1.7.4.   Gníomhaíochtaí fíorúcháin a sheachfhoinisú

Ní dhéanfaidh fíoraitheoirí an t-athbhreithniú neamhspleách ná dréachtú agus eisiúint na dtuarascálacha fíorúcháin a sheachfhoinsiú.

I gcás ina ndéanann na fíoraitheoirí gníomhaíochtaí fíorúcháin eile a sheachfhoinsiú, comhlíonfaidh siad na ceanglais ábhartha a leagtar síos sa chaighdeán comhchuibhithe dá dtagraítear in Roinn 1.5.1. Beidh an fíoraitheoir faoi réir na n-oibleagáidí seo a leanas, i measc oibleagáidí eile:

(a)

freagracht iomlán as an bhfíorú agus as an tuarascáil fíorúcháin a choinneáil;

(b)

an comhlacht seachfhoinsithe a chur faoi cheanglas fianaise neamhspleách a sholáthar lena léirítear go bhfuil Ranna 1.7.1, 1.7.2 agus 1.7.3 á gcomhlíonadh acu;

(c)

toiliú a fháil ón oibreoir chun an comhlacht seachfhoinsithe a úsáid; agus

(d)

comhaontú a bheith aige, arna dhoiciméadú go cuí, leis an gcomhlacht seachfhoinsithe.

1.7.5.   Próiseas chun neamhchlaontacht agus neamhspleáchas leanúnach a áirithiú

Déanfaidh na fíoraitheoirí próiseas a bhunú, a dhoiciméadú, a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun chun a neamhchlaontacht agus a neamhspleáchas leanúnach a áirithiú, mar aon le neamhchlaontacht agus neamhspleáchas leanúnach na gcodanna den eintiteas dlítheanach céanna, na gcomhlachtaí agus na n-eagraíochtaí eile dá dtagraítear i Roinn 1.7.3, agus an phearsanra uile agus na ndaoine uile ar conradh a bhfuil baint acu leis an bhfíorú. Áireofar sa phróiseas sin sásra chun neamhchlaontacht agus neamhspleáchas an fhíoraitheora a chosaint.

1.7.6.   Fíorúcháin as a chéile ar an tsuiteáil chéanna

Nuair a bheidh fíorú á dhéanamh ar an tsuiteáil chéanna a fíoraíodh an bhliain roimhe sin, déanfaidh an fíoraitheoir measúnú ar an riosca don neamhchlaontacht agus déanfaidh sé bearta chun an riosca don neamhchlaontacht a laghdú.

Má dhéanann príomhiniúchóir SCCT cúig fhíorú bhliantúla le haghaidh suiteáil ar leith, agus más rud é nach ndearna aon phríomhiniúchóir SCCT eile fíorú bliantúil ar an tsuiteáil le linn an ama sin, tógfaidh príomhiniúchóir SCCT sos 3 bliana as a chéile ó sheirbhísí fíorúcháin a sholáthar maidir leis an tsuiteáil chéanna sin.

2.   CEANGLAIS MAIDIR LE GNÍOMHAÍOCHTAÍ FÍORÚCHÁIN

2.1.   Oibleagáidí ginearálta an fhíoraitheora

2.1.1.   Oibleagáidí ginearálta maidir leis an bhfíorú

An próiseas a bhaineann le tuarascáil astaíochtaí oibreora a fhíorú, beidh sé ina uirlis éifeachtach iontaofa chun tacú le nósanna imeachta um dhearbhú cáilíochta agus um rialú cáilíochta, agus mar fhreagairt ar an bpróiseas, beidh an t-oibreoir in ann gníomhú chun feabhas a chur ar an bhfeidhmíocht maidir le hastaíochtaí a thuairisciú agus faireachán a dhéanamh orthu.

Beidh úsáideoirí in ann brath ar thuarascáil astaíochtaí ó oibreoir fíoraithe. Léireofar go dílis inti an méid a mhaítear a léirítear inti nó an méid a fhéadfar a mheas go réasúnach a bheith á léiriú inti.

Déanfaidh an fíoraitheoir na gníomhaíochtaí fíorúcháin atá ina gceanglais faoin Roinn seo agus cuirfidh sé na prionsabail fíorúcháin i bhfeidhm faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2546 agus ullmhóidh sé tuarascáil fíorúcháin lena suífear le dearbhú réasúnta cé acu atá nó nach bhfuil tuarascáil astaíochtaí an oibreora saor ó mhíráitis ábhartha.

Déanfaidh an fíoraitheoir an fíorú a phleanáil agus a dhéanamh de mheon an sceipteachais ghairmiúil, ag aithint dó go bhféadfadh sé go bhfuil imthosca ann a fhágann go bhfuil míráitis ábhartha san fhaisnéis i dtuarascáil astaíochtaí an oibreora.

2.1.2.   Oibleagáidí ginearálta le linn an fhíoraithe

Le linn an fhíoraithe, déanfaidh an fíoraitheoir measúnú ar an méid seo a leanas:

(a)

go bhfuil tuarascáil astaíochtaí an oibreora iomlán agus go gcomhlíonann sí na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2547;

(b)

gur ghníomhaigh an t-oibreoir i gcomhréir le plean faireacháin na suiteála;

(c)

go bhfuil na sonraí i dtuarascáil astaíochtaí an oibreora saor ó mhíráitis ábhartha;

(d)

gur féidir faisnéis a sholáthar chun tacú le gníomhaíochtaí sreafa sonraí, córas rialúcháin agus nósanna imeachta gaolmhara an oibreora chun feabhas a chur ar fheidhmíocht faireacháin agus tuairiscithe an oibreora.

Chun críocha phointe (c), gheobhaidh an fíoraitheoir fianaise shoiléir oibiachtúil ón oibreoir chun tacú leis na hastaíochtaí leabaithe tuairiscithe agus le sonraí eile a bhaineann leis na hearraí a tháirgtear, agus an fhaisnéis eile ar fad a sholáthraítear i dtuarascáil astaíochtaí an oibreora á cur san áireamh.

Má fhaigheann an fíoraitheoir amach go bhfuil suiteáil ann nach bhfuil a plean faireacháin i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2547, déanfaidh sé an beart is gá i gcomhréir le Roinn 2.14.

2.2.   Oibleagáidí réamhchonarthacha agus leithdháileadh ama

Sula nglacfaidh an fíoraitheoir le sannachán fíorúcháin, gheobhaidh sé tuiscint cheart ar shuiteáil an oibreora agus déanfaidh sé measúnú i dtaobh cé acu is féidir nó nach féidir leis tabhairt faoin bhfíorú. Chun na críche sin, déanfaidh an fíoraitheoir an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

athbhreithniú ar an bhfaisnéis arna soláthar ag an oibreoir chun raon feidhme an fhíoraithe a chinneadh;

(b)

measúnú i dtaobh cé acu a thagann nó nach dtagann an sannachán fíorúcháin faoi raon feidhme a chreidiúnaithe;

(c)

measúnú i dtaobh cé acu atá nó nach bhfuil an inniúlacht, an pearsanra agus na hacmhainní is gá aige chun foireann fíorúcháin a roghnú a bheidh in ann déileáil le castacht na suiteála, agus i dtaobh cé acu atá nó nach bhfuil ar a chumas na gníomhaíochtaí fíorúcháin a chur i gcrích laistigh den tréimhse ama is gá;

(d)

measúnú i dtaobh cé acu atá nó nach bhfuil ar a chumas a áirithiú, maidir leis an bhfoireann fíorúcháin ionchasach atá ar fáil dó, go bhfuil an inniúlacht agus na daoine uile aici a bhfuil gá leo chun gníomhaíochtaí fíorúcháin a dhéanamh le haghaidh na suiteála ar leith sin;

(e)

meastóireacht ar na rioscaí atá i gceist le tuarascáil an oibreora a fhíorú i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(f)

a fháil amach, maidir le gach sannachán fíorúcháin a iarrtar, cé mhéad ama is gá a leithdháileadh chun an fíorú a dhéanamh i gceart, agus castacht na suiteála, an fhaireacháin agus an tsannacháin fíorúcháin á gcur san áireamh.

Áiritheoidh an fíoraitheoir go ndéanfar foráil sa chonradh fíorúcháin maidir leis an bhféidearthacht go ngearrfar am breise anuas ar an am a chomhaontaítear sa chonradh, i gcás ina bhfaighfear amach go bhfuil gá leis an am breise sin le haghaidh na hanailíse straitéisí, na hanailíse riosca nó gníomhaíochtaí fíorúcháin eile.

Déanfaidh an fíoraitheoir an t-am a leithdháiltear sa doiciméadacht fíorúcháin inmheánach a thaifeadadh.

2.3.   Faisnéis atá le fáil ó oibreoirí

Roimh an anailís straitéiseach agus ag pointí eile ama le linn an fhíoraithe, gheobhaidh an fíoraitheoir na nithe uile seo a leanas ón oibreoir:

(a)

an leagan is déanaí de phlean faireacháin an oibreora, arna ullmhú i gcomhréir le pointe A.5 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2547;

(b)

doiciméadacht ábhartha nó tuairisc ar an tsuiteáil, ar na nósanna imeachta agus na próisis nó ar na sreabhchairteacha a ullmhaítear agus a choinnítear cothrom le dáta lasmuigh den phlean faireacháin;

(c)

más infheidhme, taifead ar na hathruithe uile a rinneadh ar an tsuiteáil agus ar an bplean faireacháin ó rinneadh an fíorú deireanach;

(d)

más infheidhme, plean samplála an oibreora, arna ullmhú i gcomhréir le pointe A.6 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2547;

(e)

tuarascáil astaíochtaí an oibreora atá le fíorú;

(f)

tuarascáil astaíochtaí an oibreora agus an tuarascáil fíorúcháin ghaolmhar don tréimhse thuairiscithe roimhe sin, murab é an fíoraitheoir céanna a d’fhíoraigh í;

(g)

i gcás inarb infheidhme, faisnéis faoin gcaoi ar cheartaigh an t-oibreoir neamh-chomhréireachtaí nó faoin gcaoi ar thug sé aghaidh ar mholtaí le haghaidh feabhsúchán, ar moltaí iad a tuairiscíodh sa tuarascáil fíorúcháin i ndáil leis an tréimhse thuairiscithe roimhe sin;

(h)

más infheidhme, na tuarascálacha fíorúcháin i ndáil le réamhtheachtaithe a úsáidtear ach nach dtáirgtear ag an tsuiteáil;

(i)

i gcás inar úsáid an t-oibreoir am iarbhír táirgthe an réamhtheachtaí chun an tréimhse thuairiscithe a chinneadh, ar lena linn a táirgeadh an réamhtheachtaí, fianaise ar am iarbhír an táirgthe;

(j)

i gcás inar úsáideadh, sa phróiseas táirgthe le haghaidh earra coimpléascach, cineál réamhtheachtaí a fuarthas ó shuiteálacha iomadúla, na sainastaíochtaí leabaithe díreacha agus, más infheidhme, na sainastaíochtaí leabaithe indíreacha atá le húsáid don réamhtheachtaí sin, agus léiriú ar cé acu trí úsáid a bhaint as an modh réamhshocraithe a leagtar síos in Airteagal 14 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2547 a cinneadh na sainastaíochtaí leabaithe, nó trí astaíochtaí leabaithe an réamhtheachtaí arna fháil ó shuiteáil shonrach nó ó fhothacar suiteálacha a ríomh i gcomhréir leis an Airteagal sin;

(k)

i gcás ina dtáirgtear earraí nach liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/956 ag an tsuiteáil, agus i gcás nach n-úsáideann an t-oibreoir an luach réamhshocraithe le haghaidh an fhachtóra astaíochta leictreachais ná an luach le haghaidh leictreachas a tháirgtear ag an tsuiteáil, na heilimintí seo a leanas:

(1)

tuarascáil fíorúcháin na suiteála ag a mbíonn leictreachas á tháirgeadh;

(2)

an fhianaise dá dtagraítear i bpointe D.4.3 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2547;

(l)

i gcás ina mbíonn leictreachas arna allmhairiú isteach i gcríoch chustaim an Aontais á tháirgeadh ag an tsuiteáil, an fhianaise dá dtagraítear i bpointe D.2.4 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2547;

(m)

faisnéis faoi na bunachair sonraí agus na foinsí sonraí a úsáidtear chun críoch faireacháin agus tuairiscithe;

(n)

aon fhaisnéis ábhartha eile is gá chun an fíorú a phleanáil agus a dhéanamh.

2.4.   Anailís straitéiseach

2.4.1.   Measúnú ar chineál, scála agus castacht dhóchúil na gcúraimí fíorúcháin

Ag tús an fhíoraithe, déanfaidh an fíoraitheoir cineál, scála agus castacht dhóchúil na gcúraimí fíorúcháin a mheasúnú trí anailís straitéiseach a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí uile is gá dó a dhéanamh chun an tsuiteáil a fhíorú.

Le linn don fhíoraitheoir an anailís straitéiseach a dhéanamh, ba cheart dó na nithe seo a leanas a sheiceáil:

(a)

gurb é an leagan is déanaí den phlean faireacháin a cuireadh faoina bhráid, agus cé acu a áiríodh nó nár áiríodh sa tuarascáil fíorúcháin roimhe sin aon neamh-chomhréireacht nó aon mholadh le haghaidh feabhsúcháin;

(b)

cé acu a rinneadh nó nach ndearnadh aon mhodhnú ar an tsuiteáil nó ar an bplean faireacháin le linn na tréimhse tuairiscithe.

2.4.2.   Bailiú faisnéise

Baileoidh an fíoraitheoir an fhaisnéis is gá chun a mheasúnú cé acu atá nó nach bhfuil inniúlacht leormhaith ag an bhfoireann fíorúcháin chun an fíorú a dhéanamh, chun a chinneadh go bhfuil an leithdháileadh ama a shonraítear sa chonradh socraithe i gceart agus chun a áirithiú go bhfuil sí in ann an anailís riosca is gá a dhéanamh.

2.4.3.   Athbhreithniú faisnéise

Déanfaidh an fíoraitheoir athbhreithniú ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i Roinn 2.4.2. Agus an fhaisnéis sin á hathbhreithniú ag an bhfíoraitheoir, déanfaidh sé measúnú ar an méid seo a leanas, ar a laghad:

(a)

méid agus castacht na suiteála, líon na n-earraí éagsúla a tháirgtear, líon agus cineál na bpróiseas táirgthe agus na mbealaí táirgthe;

(b)

an plean faireacháin agus mionsonraí na modheolaíochta faireacháin a leagtar síos ann;

(c)

cineál, scála agus castacht na bhfoinsí astaíochtaí agus na sreabh foinseach, agus na nasc teicniúil idir próisis táirgthe, bealaí táirgthe agus suiteálacha eile, más ann dóibh;

(d)

an trealamh tomhais a dtugtar tuairisc air sa phlean faireacháin, tionscnamh agus cur i bhfeidhm na bhfachtóirí ríomha, agus foinsí sonraí príomhúla eile;

(e)

líon na réamhtheachtaithe éagsúla a úsáidtear ach nach dtáirgtear ag an tsuiteáil, agus a bhfoinsí éagsúla;

(f)

maidir le hearraí a tháirgtear ag an tsuiteáil agus nach liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/956, an líon suiteálacha óna bhfaightear leictreachas agus an cur chuige a úsáideann an t-oibreoir chun fachtóir astaíochta an leictreachais a chinneadh, agus sonraí foluiteacha ábhartha ar bith;

(g)

i gcás leictreachas a allmhairítear isteach i gcríoch chustaim an Aontais, an cur chuige a úsáideann an t-oibreoir chun fachtóir astaíochta an leictreachais a chinneadh, agus sonraí foluiteacha ábhartha ar bith;

(h)

na gníomhaíochtaí sreafa sonraí agus an córas rialúcháin.

2.5.   Anailís riosca

Chun fíorú éifeachtach a dhearadh, a phleanáil agus a chur chun feidhme, déanfaidh an fíoraitheoir na heilimintí seo a leanas a shainaithint agus a anailísiú:

(a)

na rioscaí bunúsacha;

(b)

na gníomhaíochtaí rialúcháin;

(c)

i gcás inar cuireadh gníomhaíochtaí rialúcháin dá dtagraítear i bpointe (b) chun feidhme, na rioscaí rialúcháin a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’éifeachtacht na ngníomhaíochtaí rialúcháin sin.

Agus na heilimintí dá dtagraítear sa chéad mhír á sainaithint agus á n-anailísiú ag an bhfíoraitheoir, breithneoidh sé an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

torthaí na hanailíse straitéisí dá dtagraítear i Roinn 2.4;

(b)

an fhaisnéis dá dtagraítear i Roinn 2.3 agus i Roinn 2.4.3, pointe (c);

(c)

na leibhéil ábharthachta atá ina gceanglais mar a shonraítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2546.

I gcás inarb iomchuí, i bhfianaise na faisnéise a fuarthas le linn an fhíoraithe, déanfaidh an fíoraitheoir an anailís riosca a athbhreithniú agus na gníomhaíochtaí fíorúcháin a bheidh le déanamh a mhodhnú nó a athdhéanamh.

2.6.   Plean fíorúcháin

2.6.1.   Ábhar íosta an phlean fíorúcháin

Dréachtóidh an fíoraitheoir plean fíorúcháin a bheidh ag teacht leis an bhfaisnéis a fuarthas agus na rioscaí a sainaithníodh le linn na hanailíse straitéisí agus na hanailíse riosca. Áireofar sa phlean fíorúcháin an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

clár fíorúcháin ina dtugtar tuairisc ar chineál agus ar raon feidhme na ngníomhaíochtaí fíorúcháin, mar aon leis an am agus an bealach a ndéanfar na gníomhaíochtaí sin;

(b)

plean trialach ina leagtar amach an raon feidhme agus na modhanna chun na gníomhaíochtaí rialúcháin a thástáil, chomh maith leis na nósanna imeachta maidir le gníomhaíochtaí rialúcháin;

(c)

plean samplála sonraí ina leagtar amach raon feidhme agus modhanna na samplála sonraí a bhaineann le pointí sonraí is bun leis na hastaíochtaí leabaithe agus faisnéis eile i dtuarascáil astaíochtaí an oibreora.

Agus méid na samplála agus na gníomhaíochtaí samplála á gcinneadh ag an bhfíoraitheoir chun na gníomhaíochtaí rialúcháin dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír a thástáil, cuirfidh sé na heilimintí seo a leanas san áireamh:

(a)

na rioscaí bunúsacha;

(b)

an timpeallacht rialúcháin;

(c)

na gníomhaíochtaí rialúcháin ábhartha;

(d)

an ceanglas chun tuairim maidir leis an bhfíorú a sholáthar le dearbhú réasúnta.

Agus méid na samplála agus na gníomhaíochtaí samplála á gcinneadh ag an bhfíoraitheoir chun sampláil na sonraí dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír a dhéanamh, cuirfidh sé na heilimintí seo a leanas san áireamh:

(a)

na rioscaí bunúsacha agus na rioscaí rialúcháin;

(b)

torthaí na nósanna imeachta anailíseacha;

(c)

an ceanglas chun tuairim maidir leis an bhfíorú a sholáthar le dearbhú réasúnta;

(d)

an tairseach ábharthachta;

(e)

ábharthacht an rannchuidithe a dhéanann eilimint sonraí aonair leis an tacar sonraí foriomlán.

2.6.2.   Cur chun feidhme agus nuashonrú an phlean fíorúcháin

Bunóidh an fíoraitheoir an plean fíorúcháin agus cuirfidh sé chun feidhme é sa chaoi go laghdófar an riosca fíorúcháin chuig leibhéal inghlactha ar ar féidir dearbhú réasúnta a fháil go bhfuil tuarascáil astaíochtaí an oibreora saor ó mhíráitis ábhartha.

Tabharfaidh an fíoraitheoir an plean fíorúcháin cothrom le dáta má aimsíonn sé rioscaí breise is gá a laghdú nó más lú an riosca iarbhír ná mar a bhí coinne leis ar dtús.

2.7.   Gníomhaíochtaí fíorúcháin

Cuirfidh an fíoraitheoir an plean fíorúcháin dá dtagraítear i Roinn 2.6 chun feidhme agus, ar bhonn na hanailíse riosca dá dtagraítear i Roinn 2.5, seiceálfaidh sé go bhfuil an plean faireacháin á chur chun feidhme i gceart.

Mar chuid den obair sin, déanfaidh an fíoraitheoir, ar a laghad, tástáil shubstainteach lena n-áireofar nósanna imeachta anailíseacha, fíorú sonraí agus fíorú go bhfuil an mhodheolaíocht faireacháin á cur i bhfeidhm i gceart, agus seiceálfaidh sé an méid seo a leanas:

(a)

na gníomhaíochtaí sreafa sonraí agus na córais a úsáidtear sa sreabhadh sonraí, lena n-áirítear córais teicneolaíochta faisnéise;

(b)

cé acu a dhéantar nó nach ndéantar gníomhaíochtaí rialúcháin an oibreora a dhoiciméadú, a chur chun feidhme agus a thabhairt cothrom le dáta go hiomchuí, agus cé acu atá nó nach bhfuil siad éifeachtach maidir leis na rioscaí bunúsacha a mhaolú;

(c)

cé acu atá nó nach bhfuil na nósanna imeachta a liostaítear sa phlean faireacháin éifeachtach ó thaobh mhaolú na rioscaí bunúsacha agus na rioscaí rialúcháin de, agus cé acu a dhéantar nó nach ndéantar na nósanna imeachta a chur chun feidhme, a dhoiciméadú go leormhaith agus a choinneáil ar bun go hiomchuí.

Chun pointe (a) den chéad mhír a sheiceáil, déanfaidh an fíoraitheoir an sreabhadh sonraí a rianú de réir sheicheamh agus idirghníomhú na ngníomhaíochtaí sreafa sonraí, ó na sonraí foinse príomhúla go dtí tiomsú thuarascáil astaíochtaí an oibreora.

2.8.   Nósanna imeachta anailíseacha

Úsáidfidh an fíoraitheoir nósanna imeachta anailíseacha chun sochreidteacht agus iomláine na sonraí a mheasúnú i gcás ina léiríonn an riosca bunúsach, an riosca rialúcháin agus oiriúnacht ghníomhaíochtaí rialúcháin an oibreora go bhfuil gá le nósanna imeachta anailíseacha den sórt sin.

Agus na nósanna imeachta anailíseacha sin á gcur i gcrích ag an bhfíoraitheoir, déanfaidh sé measúnú ar na sonraí tuairiscithe chun réimsí riosca a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint agus chun na gníomhaíochtaí fíorúcháin atá beartaithe a bhailíochtú agus a chur in oiriúint ina dhiaidh sin. Déanfaidh an fíoraitheoir an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

sochreidteacht luaineachtaí agus treochtaí le himeacht ama nó idir ítimí inchomparáide a mheasúnú;

(b)

asluitigh láithreacha, sonraí gan choinne agus bearnaí sonraí a shainaithint.

Agus na nósanna imeachta anailíseacha sin á gcur i bhfeidhm ag an bhfíoraitheoir, tabharfaidh sé faoi na nósanna imeachta seo a leanas:

(a)

nósanna imeachta anailíseacha tosaigh maidir le sonraí comhiomlánaithe sula ndéanfar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i Roinn 2.7 chun tuiscint a fháil ar chineál, castacht agus ábharthacht na sonraí tuairiscithe;

(b)

nósanna imeachta anailíseacha substainteacha maidir leis na sonraí comhiomlánaithe agus na pointí sonraí is bun leis na sonraí sin chun earráidí struchtúracha féideartha agus asluitigh láithreacha a shainaithint;

(c)

nósanna imeachta anailíseacha deiridh maidir leis na sonraí comhiomlánaithe chun a áirithiú gur réitíodh i gceart gach earráid a sainaithníodh le linn an phróisis fíorúcháin.

I gcás ina sainaithníonn an fíoraitheoir asluitigh, luaineachtaí, treochtaí, bearnaí sonraí nó sonraí nach bhfuil comhsheasmhach le faisnéis ábhartha eile nó a bhfuil éagsúlacht nach beag idir iad agus na méideanna nó cóimheasa a raibh coinne leo, gheobhaidh an fíoraitheoir mínithe ón oibreoir, a mbeidh gá le fianaise ábhartha bhreise chun tacú leo.

Ar bhonn na mínithe agus na fianaise breise a chuirfear ar fáil, déanfaidh an fíoraitheoir an tionchar ar an bplean fíorúcháin agus ar na gníomhaíochtaí fíorúcháin atá le déanamh a mheasúnú.

2.9.   Fíorú sonraí

Fíoróidh an fíoraitheoir na sonraí i dtuarascáil astaíochtaí an oibreora trí thástáil mhionsonraithe a dhéanamh ar na sonraí, lena n-áirítear rianú siar na sonraí go dtí an fhoinse sonraí phríomhúil, sonraí a chros-seiceáil le foinsí sonraí seachtracha, réitigh a dhéanamh, tairseacha maidir le sonraí iomchuí a sheiceáil agus athríomhanna a dhéanamh.

Mar chuid den fhíorú sonraí sin, agus an plean faireacháin á chur san áireamh, lena n-áirítear na nósanna imeachta a dtugtar tuairisc orthu sa phlean faireacháin sin, seiceálfaidh an fíoraitheoir an méid seo a leanas:

(a)

teorainneacha na suiteála;

(b)

teorainneacha phróisis táirgthe agus bhealaí táirgthe na suiteála;

(c)

iomláine na sreabh foinseach agus na bhfoinsí astaíochtaí, agus iomláine na nasc teicniúil freisin, más infheidhme, idir próisis táirgthe agus le suiteálacha eile, mar a thugtar tuairisc orthu sa phlean faireacháin;

(d)

comhsheasmhacht na sonraí a thuairiscítear i dtuarascáil astaíochtaí an oibreora le sonraí foinse príomhúla;

(e)

i gcás inarb infheidhme, na sonraí a eascraíonn as an bpríomhfhoinse sonraí i gcomparáid le foinse sonraí chomhthacaíoch, má tá siad ar fáil sa phlean faireacháin;

(f)

i gcás ina gcuireann an t-oibreoir modheolaíocht thomhasbhunaithe i bhfeidhm dá dtagraítear in Airteagal6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2547, na luachanna tomhaiste in aghaidh an ríomha chomhthacaíoch, faoi seach;

(g)

leibhéil ghníomhaíochta thuairiscithe na bpróiseas táirgthe;

(h)

iontaofacht agus cruinneas na sonraí.

2.10.   Cur i bhfeidhm ceart na modheolaíochta faireacháin a fhíorú

Seiceálfaidh an fíoraitheoir gur cuireadh an mhodheolaíocht faireacháin, mar a leagtar síos sa phlean faireacháin, i bhfeidhm i gceart, lena n-áirítear na pointí sonracha seo a leanas:

(a)

cé acu atá nó nach bhfuil na sonraí iomlán agus cé acu a tharla nó nár tharla bearnaí sonraí nó comhaireamh dúbailte, agus má tharla, cé acu a áirithítear nó nach n-áirithítear, leis an gcur chuige a úsáideann an t-oibreoir chun na sonraí atá in easnamh a chomhlánú, nach ndéantar gannmheastachán ar na hastaíochtaí;

(b)

más infheidhme, cé acu a cuireadh nó nár cuireadh plean samplála an oibreora dá dtagraítear i bPointe A.5 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2547 i bhfeidhm i gceart;

(c)

cé acu a dhéantar nó nach ndéantar na sonraí uile maidir le hastaíochtaí, ionchuir, aschuir agus sreafaí fuinnimh a chur i leith an phróisis táirgthe i gceart i gcomhréir leis na teorainneacha córais a shainítear in aghaidh na catagóire earraí comhiomlánaithe i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2547;

(d)

cé acu atá nó nach bhfuil na leibhéil ghníomhaíochta le haghaidh próisis táirgthe bunaithe ar chur i bhfeidhm ceart na sainmhínithe ar chatagóirí earraí comhiomlánaithe a liostaítear i dTábla 1 de Roinn 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2547;

(e)

cé acu a sannadh nó nár sannadh an tomhaltas fuinnimh i gceart do gach próiseas táirgthe, i gcás inarb infheidhme;

(f)

i gcás réamhtheachtaithe a úsáidtear ach nach dtáirgtear ag an tsuiteáil, cé acu a bhí nó nach raibh aon astaíochtaí iarbhír ann a bhí sásúil, de réir fhíorú an fhíoraitheora;

(g)

i gcás inar úsáid an t-oibreoir am táirgthe iarbhír an réamhtheachtaí chun an tréimhse thuairiscithe a chinneadh ar lena linn a táirgeadh an réamhtheachtaí, cé acu is leor nó nach leor an fhianaise lena dtacaítear le ham iarbhír an táirgthe;

(h)

cé acu a chuirtear nó nach gcuirtear aon fhachtóir réamhshocraithe i bhfeidhm, ar fachtóir é a úsáidtear i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2547, le haghaidh na tíre tionscnaimh a sainítear an fachtóir réamhshocraithe ina leith;

(i)

i gcás ina dtáirgtear ag an tsuiteáil earraí nach liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/956, cé acu a d’úsáid nó nár úsáid an t-oibreoir fachtóir astaíochta le haghaidh leictreachais seachas an luach réamhshocraithe a shonraítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2547, agus má d’úsáid, cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na critéir a leagtar síos i bpointe 5 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/956;

(j)

i gcás inar úsáid an t-oibreoir fachtóir astaíochta le haghaidh leictreachas a allmhairítear isteach i gcríoch chustaim an Aontais seachas an luach réamhshocraithe, seiceálfaidh an fíoraitheoir go bhfuil na coinníollacha a leagtar síos i bpointe 6 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/956 á gcomhlíonadh;

(k)

má úsáidtear bithbhreoslaí, bithleachtanna nó breoslaí bithmhaise chun críoch fuinnimh, fianaise an oibreora lena léirítear go bhfuil na critéir inbhuanaitheachta agus na critéir maidir le laghdú ar ghás ceaptha teasa a leagtar síos in Airteagal 29(2) go (7) agus (10) de Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle á gcomhlíonadh (2);

(l)

CO2 agus N2O aistrithe, gabháil agus stóráil gheolaíoch dé-ocsaíd charbóin, agus buanghabháil agus buanúsáid carbóin i gcomhréir i gcomhréir le Pointe B.8 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2547.

2.11.   Spleáchas ar iniúchtaí eile

2.11.1.   Réamhtheachtaithe a úsáidtear ach nach dtáirgtear ag an tsuiteáil

Chun cur i bhfeidhm ceart na modheolaíochta faireacháin a sheiceáil i ndáil le pointe (f) de Roinn 2.10, deimhneoidh an fíoraitheoir go gcomhlíonann tuarascáil fíorúcháin na suiteála ina dtáirgtear an réamhtheachtaí na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

tráth a eisíodh an tuarascáil fíorúcháin, bhí an t-eintiteas a rinne na gníomhaíochtaí fíorúcháin ina fhíoraitheoir ag a raibh deimhniú creidiúnaithe bailí, deimhniú lenar cuimsíodh an raon feidhme creidiúnaithe a raibh gá leis chun an fíorú a dhéanamh;

(b)

an ráiteas tuairime atá sa tuarascáil fíorúcháin, tugann sé le fios gur fíoraíodh gur tuarascáil shásúil í tuarascáil astaíochtaí an oibreora;

(c)

cumhdaítear leis an tuarascáil fíorúcháin an tréimhse thuairiscithe inar táirgeadh an réamhtheachtaí, ar tréimhse í a chinntear mar a leanas:

(1)

Is éard a bheidh i dtréimhse thuairiscithe réamhshocraithe réamhtheachtaí bliain táirgthe an earra choimpléascaigh.

(2)

Mar sin féin, má chinneann an fíoraitheoir go bhfuil fianaise leordhóthanach ann chun am iarbhír an táirgthe a shainaithint, is éard a bheidh sa tréimhse thuairiscithe an tréimhse inar táirgeadh an réamhtheachtaí.

2.11.2.   Úsáid luachanna iarbhír le haghaidh earraí a tháirgtear ag an tsuiteáil nach liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/956

Chun cur i bhfeidhm ceart na modheolaíochta faireacháin a sheiceáil i ndáil le pointe (i) de Roinn 2.10, deimhneoidh an fíoraitheoir go gcomhlíonann tuarascáil fíorúcháin na suiteála ina dtáirgtear an leictreachas na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

tráth a eisíodh an tuarascáil fíorúcháin, bhí an t-eintiteas a rinne na gníomhaíochtaí fíorúcháin ina fhíoraitheoir ag a raibh deimhniú creidiúnaithe bailí, deimhniú lenar cuimsíodh an raon feidhme creidiúnaithe a raibh gá leis chun an fíorú a dhéanamh;

(b)

an ráiteas tuairime atá sa tuarascáil fíorúcháin, tugann sé le fios gur fíoraíodh gur tuarascáil shásúil í tuarascáil astaíochtaí an oibreora;

(c)

cumhdaítear leis an tuarascáil fíorúcháin an tréimhse thuairiscithe inar táirgeadh an leictreachas.

2.12.   Sampláil

Agus comhréireacht na ngníomhaíochtaí rialúcháin agus na nósanna imeachta dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) den dara mír de Roinn 2.7 á seiceáil ag an bhfíoraitheoir, nó nuair a bheidh na seiceálacha dá dtagraítear i Ranna 2.8 agus 2.9 á ndéanamh aige, féadfaidh sé modhanna samplála a úsáid a bhaineann go sonrach le suiteáil ar choinníoll go mbeidh údar cuí, ar bhonn na hanailíse riosca, leis an tsampláil.

I gcás ina sainaithníonn an fíoraitheoir neamh-chomhréireacht nó míráiteas le linn na samplála, iarrfaidh sé ar an oibreoir na príomhchúiseanna leis an neamh-chomhréireacht nó leis an míráiteas a mhíniú chun gur féidir leis measúnú a dhéanamh ar thionchar na neamh-chomhréireachta nó an mhíráitis ar na sonraí a tuairiscíodh. Ar bhonn thoradh an mheasúnaithe sin, cinnfidh an fíoraitheoir cé acu atá nó nach an bhfuil gá le gníomhaíochtaí fíorúcháin breise, leis an méid samplála a mhéadú, agus cén chuid de dhaonra na sonraí nach mór don oibreoir a cheartú.

Déanfaidh an fíoraitheoir toradh na seiceálacha dá dtagraítear i Ranna 2.7 go 2.10 a dhoiciméadú, lena n-áirítear sonraí na samplaí breise, sa doiciméadacht fíorúcháin inmheánach.

2.13.   Cuairt fhisiceach ar an láithreán

I gcomhréir le Roinn 1, pointe (c), d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/956, tabharfaidh an fíoraitheoir, tráth iomchuí amháin nó níos mó le linn an phróisis fíorúcháin, cuairt fhisiceach ar an láithreán ag an tsuiteáil ina dtáirgtear na hearraí a luaitear i dtuarascáil astaíochtaí an oibreora chun measúnú a dhéanamh ar oibriú na bhfeistí tomhais agus na gcóras faireacháin, chun agallaimh a dhéanamh, chun na gníomhaíochtaí atá ina gceanglais leis an Roinn 2 seo a dhéanamh, agus chun faisnéis agus fianaise leordhóthanach a bhailiú lena gcuirfear ar a chumas a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil tuarascáil an oibreora saor ó mhíráitis ábhartha.

Ar bhonn thorthaí na hanailíse riosca, cinnfidh an fíoraitheoir cé acu atá nó nach bhfuil gá le cuairteanna ar shuíomhanna breise, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, cásanna ina ndéantar codanna ábhartha de ghníomhaíochtaí sreafa sonraí agus gníomhaíochtaí rialúcháin i suíomhanna eile amhail ceanncheathrú na cuideachta agus oifigí eile lasmuigh den láithreán.

Áiritheoidh an fíoraitheoir go dtabharfaidh an t-oibreoir rochtain dó ar a láithreáin.

Úsáidfidh an fíoraitheoir cuairt fhisiceach ar an láithreán freisin chun measúnú a dhéanamh ar theorainneacha na suiteála agus ar a próisis táirgthe, agus ar iomláine na sreabh foinseach, na bhfoinsí astaíochtaí agus na nasc teicniúil.

2.14.   Aghaidh a thabhairt ar mhíráitis, neamh-chomhréireachtaí agus neamhchomhlíontacht

2.14.1.   Míráitis, neamh-chomhréireachtaí agus neamhchomhlíonadh a shainaithint agus a réiteach

I gcás ina sainaithníonn an fíoraitheoir míráitis, neamh-chomhréireachtaí nó neamhchomhlíonadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2547 nó Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2620 ón gCoimisiún le linn an fhíoraithe, cuirfidh sé an t-oibreoir ar an eolas faoi sin gan mhoill agus iarrfaidh sé ar an oibreoir na míráitis, na neamh-chomhréireachtaí nó na neamhchomhlíontachtaí arna sainaithint a cheartú.

Déanfaidh an fíoraitheoir na míráitis, na neamh-chomhréireachtaí nó na neamhchomhlíontachtaí uile a cheartaigh an t-oibreoir le linn an fhíoraithe a dhoiciméadú agus a mharcáil de bhun Roinn 2.5 sa doiciméadacht fíorúcháin inmheánach mar mhíráitis, neamh-chomhréireachtaí nó neamhchomhlíontachtaí atá réitithe.

2.14.2.   Míráitis, neamh-chomhréireachtaí agus neamhchomhlíontacht nach gceartaítear

I gcás nach gceartaíonn an t-oibreoir na míráitis nó na neamh-chomhréireachtaí dá dtagraítear sa chéad mhír, iarrfaidh an fíoraitheoir ar an oibreoir, sula n-eiseoidh sé an tuarascáil fíorúcháin i gcomhréir le Roinn 2.17, na príomhchúiseanna leis na míráitis nó na neamh-chomhréireachtaí a mhíniú, mar aon leis na cúiseanna nach ndearnadh na ceartúcháin a iarradh.

Cinnfidh an fíoraitheoir cé acu atá nó nach bhfuil tionchar ag na míráitis gan ceartú, ina n-aonar nó nuair a chomhiomlánaítear iad le míráitis eile, ar na sainastaíochtaí leabaithe iomlána nó ar an gcoigeartú sonrach iomlán ar an leithdháileadh saor in aisce a thuairiscítear le haghaidh gach earra. Agus measúnú á dhéanamh ag an bhfíoraitheoir ar ábharthacht na míráiteas, breithneoidh sé méid agus cineál an mhíráitis, chomh maith leis na himthosca ar leith a bhaineann lena dtarlú.

Déanfaidh an fíoraitheoir measúnú i dtaobh cé acu atá nó nach bhfuil tionchar ag na neamh-chomhréireachtaí gan ceartú, ina n-aonair nó nuair a chomhiomlánaítear iad le neamh-chomhréireachtaí eile, ar na sonraí tuairiscithe, agus i dtaobh cé acu atá nó nach bhfuil míráiteas ábhartha ann mar thoradh air sin.

Mura gceartaíonn an t-oibreoir neamhchomhlíonadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2547 nó Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2620 i gcomhréir leis an gcéad mhír sula n-eiseoidh an fíoraitheoir an tuarascáil fíorúcháin, déanfaidh an fíoraitheoir measúnú i dtaobh cé acu atá nó nach bhfuil tionchar ag an neamhchomhlíonadh gan ceartú ar na sonraí tuairiscithe agus i dtaobh cé acu atá nó nach bhfuil míráiteas ábhartha ann mar thoradh air sin.

2.15.   Athbhreithniú neamhspleách

2.15.1.   Athbhreithniú ar an doiciméadacht fíorúcháin inmheánach agus ar an tuarascáil fíorúcháin

Sula n-eiseoidh an fíoraitheoir an tuarascáil fíorúcháin, cuirfidh sé an doiciméadacht fíorúcháin inmheánach agus an tuarascáil fíorúcháin faoi bhráid athbhreithneoir neamhspleách nach cuid den fhoireann fíorúcháin é.

Maidir leis na gníomhaíochtaí fíorúcháin atá faoi réir athbhreithniú an athbhreithneora neamhspleách, ní bheidh aon cheann díobh déanta ag an athbhreithneoir neamhspleách.

Cuimseofar le raon feidhme an athbhreithnithe neamhspleách an próiseas measúnaithe iomlán a dtugtar tuairisc air sa Roinn 2 seo agus a thaifeadfar sa doiciméadacht fíorúcháin inmheánach.

Déanfaidh an t-athbhreithneoir neamhspleách an t-athbhreithniú sa chaoi go n-áiritheofar go ndéanfar an próiseas fíorúcháin i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2546, go ndearnadh na nósanna imeachta le haghaidh gníomhaíochtaí fíorúcháin dá dtagraítear i Roinn 1.5.1 i gceart, agus gur cuireadh cúram agus breithiúnas gairmiúil cuí i bhfeidhm.

Déanfaidh an t-athbhreithneoir neamhspleách measúnú freisin ar cé acu atá nó nach bhfuil an fhianaise a bailíodh leordhóthanach chun cur ar a chumas don fhíoraitheoir tuarascáil fíorúcháin a eisiúint le dearbhú réasúnta.

I gcás ina dtarlaíonn imthosca a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le hathruithe ar an tuarascáil fíorúcháin tar éis an athbhreithnithe, déanfaidh an t-athbhreithneoir neamhspleách athbhreithniú ar na hathruithe sin freisin, agus ar an bhfianaise ina leith.

2.15.2.   Fíordheimhniú na tuarascála fíorúcháin

Fíordheimhneofar an tuarascáil fíorúcháin ar bhonn chonclúidí an athbhreithneora neamhspleách agus na fianaise sa doiciméadacht fíorúcháin inmheánach. An duine a fhíordheimhneoidh an tuarascáil fíorúcháin údaróidh an fíoraitheoir go cuí é le déanamh amhlaidh.

2.16.   Doiciméadacht fíorúcháin inmheánach

2.16.1.   An doiciméadacht fíorúcháin inmheánach a thiomsú

Ullmhóidh agus tiomsóidh an fíoraitheoir doiciméadacht fíorúcháin inmheánach ina mbeidh an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

torthaí na ngníomhaíochtaí fíorúcháin a rinneadh;

(b)

an fhaisnéis a fuarthas ón oibreoir faoi Roinn 2.3;

(c)

an anailís straitéiseach, an anailís riosca agus an plean fíorúcháin;

(d)

aon údar le gan cuairt fhisiceach ar an láithreán a reáchtáil i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2546;

(e)

faisnéis leordhóthanach chun tacú leis an tuairim maidir leis an bhfíorú, lena n-áirítear údair le breithiúnais a rinneadh i dtaobh cé acu a bhí nó nach raibh na míráitis a sainaithníodh ábhartha.

Dréachtófar an doiciméadacht fíorúcháin inmheánach dá dtagraítear sa chéad mhír sa chaoi go mbeidh an t-athbhreithneoir neamhspleách dá dtagraítear i Roinn 2.15.1 agus an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta in ann measúnú a dhéanamh i dtaobh cé acu a rinneadh nó nach ndearnadh an fíorú i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Tar éis fíordheimhniú a bheith déanta ar an tuarascáil fíorúcháin i gcomhréir le Roinn 2.15.2, áireoidh an fíoraitheoir torthaí an athbhreithnithe neamhspleách sa doiciméadacht fíorúcháin inmheánach.

Coimeádfaidh an fíoraitheoir an doiciméadacht fíorúcháin inmheánach chomh fada agus is gá chun gur féidir athbhreithniú a dhéanamh ar dhearbhuithe SCCT a cuireadh isteach.

2.16.2.   Rochtain ar an doiciméadacht fíorúcháin inmheánach

I gcás ina bhfuil an t-oibreoir cláraithe i gclárlann SCCT de bhun Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2023/956, déanfaidh an fíoraitheoir, arna iarraidh sin agus chun athbhreithniú a dhéanamh ar thuarascálacha fíorúcháin de bhun Airteagal 19(2) de Rialachán (AE) 2023/956, rochtain a sholáthar don Choimisiún agus do na húdaráis inniúla ar an doiciméadacht fíorúcháin inmheánach agus ar fhaisnéis ábhartha eile chun meastóireacht ar an bhfíorú a éascú. Soláthróidh an fíoraitheoir rochtain ar an doiciméadacht sin trí chlárlann SCCT, mura n-iarrtar a mhalairt, laistigh de 30 lá féilire tar éis na hiarrata.

2.17.   Tuarascáil fíorúcháin

2.17.1.   Raon feidhme earnálach an chreidiúnaithe

Ní eiseoidh an fíoraitheoir tuarascáil fíorúcháin ach amháin i leith tuarascáil astaíochtaí oibreora maidir le an ghrúpa gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, a bhfuil an fíoraitheoir creidiúnaithe ina leith.

2.17.2.   Ráitis tuairime

Ar bhonn na faisnéise a bhaileofar, eiseoidh an fíoraitheoir tuarascáil fíorúcháin maidir le tuarascáil astaíochtaí an oibreora atá faoi réir fíorú. Áireofar sa tuarascáil fíorúcháin ceann amháin de na ráitis tuairime seo a leanas:

(a)

tá sé fíoraithe go bhfuil an tuarascáil sásúil;

(b)

tá sé fíoraithe go bhfuil an tuarascáil míshásúil; déanfar an ráiteas sin má tá míráitis ábhartha i dtuarascáil astaíochtaí an oibreora nár ceartaíodh sular eisíodh an tuarascáil fíorúcháin;

(c)

tá sé fíoraithe go bhfuil an tuarascáil míshásúil; déanfar an ráiteas sin mura soláthraíonn neamh-chomhréireachtaí, ina n-aonar nó in éineacht le neamh-chomhréireachtaí eile, soiléireacht leormhaith, agus má chuireann sé sin cosc ar an bhfíoraitheoir a mhaíomh le dearbhú réasúnta go bhfuil tuarascáil astaíochtaí an oibreora saor ó mhíráitis ábhartha;

(d)

tá sé fíoraithe go bhfuil an tuarascáil míshásúil; déanfar an ráiteas sin má tá raon feidhme an fhíoraithe rótheoranta de bhun Roinn 2.17 agus murarbh fhéidir leis an bhfíoraitheoir fianaise leordhóthanach a fháil chun tuairim maidir leis an bhfíorú a eisiúint le dearbhú réasúnta go bhfuil an tuarascáil saor ó mhíráitis ábhartha.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (a), ní fhéadfar a fhíorú go bhfuil tuarascáil astaíochtaí an oibreora sásúil ach amháin i gcás ina bhfuil an tuarascáil saor ó mhíráitis ábhartha.

2.17.3.   Eisiúint na tuarascála fíorúcháin

Ón 1 Eanáir 2027 ar aghaidh, eiseoidh an fíoraitheoir an tuarascáil fíorúcháin i gclárlann SCCT.

I gcás ina bhfuil an t-oibreoir cláraithe i gclárlann SCCT de bhun Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2023/956, déanfar an tuarascáil fíorúcháin a tharchur chuig an oibreoir trí chlárlann SCCT.

I gcás nach bhfuil an t-oibreoir cláraithe i gclárlann SCCT, déanfaidh an fíoraitheoir an tuarascáil fíorúcháin a onnmhairiú agus a tharchur chuig an oibreoir, ar bhealach eile, ina bhunfhormáid chaighdeánach bogearraí. Soláthróidh an fíoraitheoir cóip den tuarascáil fíorúcháin don oibreoir freisin i bhformáid chaighdeánaithe leictreonach a nglactar léi go forleathan le haghaidh doiciméid dhigiteacha, chun críoch faisnéise amháin.

Ní eiseoidh an fíoraitheoir an tuarascáil fíorúcháin i gcás ina bhfuil tuarascáil fíorúcháin ann cheana lena gcumhdaítear an tréimhse thuairiscithe chéanna le haghaidh na suiteála céanna.

Arna iarraidh sin don oibreoir, féadfaidh an fíoraitheoir leagan athbhreithnithe de thuarascáil fíorúcháin atá eisithe aige a eisiúint.

Cuirfidh an fíoraitheoir an tuarascáil fíorúcháin i gcrích i mBéarla.

2.18.   Teorainn ar an raon feidhme

Féadfaidh an fíoraitheoir a chinneadh go bhfuil raon feidhme an fhíoraithe dá dtagraítear i Roinn 2.17.2, an chéad mhír, pointe (d), rótheoranta in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

tá sonraí in easnamh a fhágann nach féidir leis an bhfíoraitheoir an fhianaise is gá a fháil chun an riosca fíorúcháin a laghdú go dtí an leibhéal is gá chun leibhéal réasúnta dearbhaithe a fháil;

(b)

ní thugtar raon feidhme ná soiléireacht leormhaith sa phlean faireacháin chun teacht ar chonclúid maidir leis an bhfíorú;

(c)

níor chuir an t-oibreoir faisnéis leordhóthanach ar fáil chun go mbeadh an fíoraitheoir in ann an fíorúchán a dhéanamh.

2.19.   Aghaidh a thabhairt ar neamh-chomhréireachtaí neamhábhartha gan réiteach

Déanfaidh an fíoraitheoir measúnú ar cé acu a cheartaigh nó nár cheartaigh an t-oibreoir na neamh-chomhréireachtaí a thugtar le fios sa tuarascáil fíorúcháin a bhaineann leis an tréimhse thuairiscithe roimhe sin, i gcás inarb ábhartha.

Tuairisceoidh an fíoraitheoir sa tuarascáil fíorúcháin ar cé acu a réitigh nó nár réitigh an t-oibreoir na neamh-chomhréireachtaí sin.

Murar cheartaigh an t-oibreoir na neamh-chomhréireachtaí sin, breithneoidh an fíoraitheoir cé acu atá nó nach bhfuil riosca méadaithe míráiteas ann toisc nár ceartaíodh iad.

Déanfaidh an fíoraitheoir sonraí a thaifeadadh sa doiciméadacht fíorúcháin inmheánach de bhun Roinn 2.16.2 maidir le cathain agus conas a réitigh an t-oibreoir neamh-chomhréireachtaí arna sainaithint le linn an fhíoraithe.

2.20.   Feabhas a chur ar an bpróiseas faireacháin agus tuairiscithe

I gcás inar shainaithin an fíoraitheoir réimsí ina bhféadfaí feabhas a chur ar fheidhmíocht an oibreora, áireoidh sé sa tuarascáil fíorúcháin moltaí chun feabhas a chur ar na pointí seo a leanas:

(a)

measúnú riosca an oibreora;

(b)

gníomhaíochtaí sreafa sonraí agus gníomhaíochtaí rialúcháin a fhorbairt, a dhoiciméadú, a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun, mar aon le meastóireacht ar an gcóras rialúcháin;

(c)

nósanna imeachta a fhorbairt, a dhoiciméadú, a chur chun feidhme agus a thabhairt cothrom le dáta;

(d)

faireachán agus tuairisciú ar astaíochtaí, lena n-áirítear an méid sin i ndáil le neamhchinnteacht níos ísle a thomhas agus a bhaint amach, rioscaí a laghdú agus éifeachtúlacht an fhaireacháin agus an tuairiscithe a fheabhsú.

Agus moltaí maidir le feabhsúchán á gcur in iúl ag an bhfíoraitheoir don oibreoir, fanfaidh sé neamhchlaonta i leith an oibreora. Ní dhéanfaidh sé a neamhchlaontacht a chur i mbaol trí chomhairle a thabhairt nó trí chodanna den phróiseas faireacháin agus tuairiscithe a fhorbairt de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2547.

Agus fíorú á dhéanamh ag an bhfíoraitheoir an bhliain tar éis na bliana ina ndearnadh moltaí le haghaidh feabhsúchán i dtuarascáil fíorúcháin, seiceálfaidh an fíoraitheoir cé acu a chuir nó nár chuir an t-oibreoir na moltaí sin chun feidhme agus conas a chuir sé chun feidhme iad.

I gcás nár chuir an t-oibreoir na moltaí sin chun feidhme nó nár chuir sé chun feidhme i gceart iad, déanfaidh an fíoraitheoir measúnú ar an tionchar atá ag an méid sin ar an riosca míráiteas agus neamh-chomhréireachtaí.


(1)  Dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1835 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2020 maidir leis na caighdeáin chomhchuibhithe i ndáil le creidiúnú agus measúnú comhréireachta (IO L 408, 4.12.2020, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2020/1835/oj).

(2)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2018/2001/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/2551/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)