European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2539

12.12.2025

CINNEADH (CBES) 2025/2539 ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Nollaig 2025

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/2269 maidir le tacaíocht ón Aontas do chur chun feidhme tionscadail ‘An Nuálaíocht Fhreagrach a Chur Chun Cinn san Intleacht Shaorga ar mhaithe leis an tSíocháin agus an tSlándáil’

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus Airteagal 31(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 18 Samhain 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/2269 (1), maidir le tacaíocht ón Aontas do chur chun feidhme tionscadail ‘An Nuálaíocht Fhreagrach a Chur Chun Cinn san Intleacht Shaorga ar mhaithe leis an tSíocháin agus an tSlándáil’ (‘an tionscadal’).

(2)

An 17 Deireadh Fómhair 2025, d’iarr an ghníomhaireacht cur chun feidhme le haghaidh an tionscadail, Oifig na Náisiún Aontaithe um Ghnóthaí Dí-armála (UNODA), síneadh gan chostas ar an tionscadal go dtí an 31 Márta 2026.

(3)

Iarradh an síneadh toisc go raibh dúshláin shuntasacha maidir le héagsúlacht iomchuí a áirithiú i gcur chun feidhme an tionscadail, inter alia mar gheall ar mhéadú ar dheacrachtaí maidir le víosaí a fháil do rannpháirtithe an Domhain Theas.

(4)

Leis an síneadh sin, beidh UNODA in ann cuspóirí agus gníomhaíochtaí an tionscadail a thabhairt chun críche, lena n-áirítear gníomhaíochtaí an tionscadail a threisiú agus a leathnú chuig réigiún sa Domhan Theas, inter alia trí ghníomhaíocht scaipthe agus fothaithe acmhainneachta atá dírithe ar IS sibhialtach agus ar phobail bheartais sa Domhan Theas, atá le déanamh i réigiún ábhartha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 5, an dara mír, de Chinneadh (CBES) 2022/2269, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad habairte:

‘Rachaidh sé in éag 39 mí tar éis thabhairt i gcrích an chomhaontaithe ranníocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 3(3).’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Nollaig 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. JENSEN


(1)  Cinneadh (CBES) 2022/2269 ón gComhairle an 18 Samhain 2022 maidir le tacaíocht ón Aontas do chur chun feidhme tionscadail ‘An Nuálaíocht Fhreagrach a Chur Chun Cinn san Intleacht Shaorga ar mhaithe leis an tSíocháin agus an tSlándáil’ (IO L 300, 21.11.2022, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/2269/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2539/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)