European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2509

12.12.2025

RIALACHÁN (AE) 2025/2509 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Samhain 2025

maidir le sábháilteacht bréagán agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/48/CE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Glacadh Treoir 2009/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) chun ardleibhéal sábháilteachta bréagán agus a saorghluaiseacht ar an margadh inmheánach a áirithiú.

(2)

Is grúpa an-leochaileach iad leanaí. Tá sé fíor-riachtanach ardleibhéal sábháilteachta a áirithiú do leanaí agus iad ag súgradh le bréagáin. Ba cheart leanaí, lena n-áirítear leanaí faoi mhíchumas, a chosaint go leordhóthanach ar rioscaí a d’fhéadfadh teacht as bréagáin, lena n-áirítear ó na substaintí ceimiceacha a d’fhéadfadh a bheith i mbréagáin. An tráth céanna, ba cheart bréagáin chomhlíontacha a bheith in ann gluaiseacht faoi shaoirse ar fud an Aontais gan ceanglais bhreise. Dá bhrí sin, ba cheart don Rialachán seo rannchuidiú leis an margadh inmheánach a neartú agus le feidhmiú an mhargaidh sin a fheabhsú agus ardleibhéal cosanta a thabhairt do thomhaltóirí ag an am céanna. Ina theannta sin, is earnáil atá ag teacht chun cinn agus atá ag forbairt go tapa í earnáil na mbréagán oiriúnaitheach, ar leaganacha modhnaithe de bhréagáin iad atá deartha chun go mbeidh leanaí a bhfuil srianta fisiciúla nó cognaíocha orthu in ann súgradh leo, rud a éilíonn ardleibhéal sábháilteachta do leanaí agus iad ag súgradh leis na bréagáin sin. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le bréagáin oiriúnaitheacha freisin.

(3)

Thángthas ar an gconclúid sa mheastóireacht ón gCoimisiún ar Threoir 2009/48/CE go bhfuil an Treoir ábhartha agus éifeachtach go ginearálta maidir le leanaí a chosaint. Mar sin féin, sainaithníodh inti freisin roinnt easnamh a tháinig chun cinn le linn chur i bhfeidhm praiticiúil na Treorach sin ó glacadh in 2009 í. Go háirithe, sainaithníodh sa mheastóireacht easnaimh áirithe maidir leis na rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as ceimiceáin dhíobhálacha i mbréagáin. Thángthas ar an gconclúid sa mheastóireacht freisin go bhfuil roinnt mhaith bréagán neamhchomhlíontach agus neamhshábháilte fós ar mhargadh an Aontais.

(4)

Sa teachtaireacht uaidh an 14 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal Chemical Strategy for Sustainability [Straitéis Ceimiceán um Inbhuanaitheacht] d’iarr an Coimisiún go neartófaí cosaint tomhaltóirí ar na ceimiceáin is díobhálaí agus go leathnófaí an cur chuige cineálach, bunaithe ar thoirmisc choisctheacha chineálacha, go ceimiceáin dhíobhálacha chun a áirithiú go gcosnófar tomhaltóirí, grúpaí leochaileacha agus an comhshaol ar bhealach níos comhsheasmhaí. Go háirithe, gealltar leis an straitéis go neartófar Treoir 2009/48/CE maidir le cosaint ar na rioscaí a eascraíonn as na ceimiceáin is díobhálaí agus na héifeachtaí comhcheangailte a d’fhéadfadh a bheith ag ceimiceáin.

(5)

Ós rud é gur gá na rialacha lena leagtar amach na ceanglais maidir le bréagáin, go háirithe na buncheanglais sábháilteachta agus na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta, a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach ar fud an Aontais, agus nach féidir leis na Ballstáit iad a chur chun feidhme ar bhealaí éagsúla, ba cheart rialachán a chur in ionad Threoir 2009/48/CE.

(6)

Tá bréagáin faoi réir Rialachán (AE) 2023/988 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) freisin, a bhfuil feidhm aige ar bhealach comhlántach i leith ábhair nach gcumhdaítear le reachtaíocht earnála shonrach maidir le táirgí tomhaltais. Go háirithe, tá feidhm ag Caibidil III, Roinn 2 agus Caibidil IV, a bhaineann le díolacháin ar líne, Caibidil VI, a bhaineann leis an gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate agus Safety Business Gateway, agus Caibidil VIII, a bhaineann leis an gceart chun faisnéise agus leighis, den Rialachán sin maidir le bréagáin freisin. Dá bhrí sin, ní áirítear sa Rialachán seo forálacha sonracha maidir le tuairisciú tionóiscí a dhéanann oibreoirí eacnamaíocha ná an ceart chun faisnéise agus leighis ach, ina ionad sin, ceanglaítear ar oibreoirí eacnamaíocha a sholáthraíonn faisnéis faoi shaincheisteanna sábháilteachta a bhaineann le bréagáin údaráis agus tomhaltóirí nó úsáideoirí deiridh eile a chur ar an eolas i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach i Rialachán (AE) 2023/988.

(7)

Le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), leagtar síos rialacha maidir le creidiúnú na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta agus leagtar síos prionsabail ghinearálta na marcála CE. Ba cheart an Rialachán sin a bheith infheidhme maidir le bréagáin d’fhonn a áirithiú go gcomhlíonann bréagáin a bhaineann tairbhe as an tsaorghluaiseacht earraí laistigh den Aontas ceanglais lena dtugtar ardleibhéal cosanta ar shláinte agus ar shábháilteacht daoine, go háirithe leanaí.

(8)

I gCinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) leagtar síos prionsabail choiteanna agus forálacha tagartha a bhfuil sé beartaithe feidhm a bheith acu maidir leis an reachtaíocht táirge ar fad san earnáil, chun bonn comhleanúnach a chur ar fáil le haghaidh na reachtaíochta sin. Dá bhrí sin, ba cheart don Rialachán seo cloí, a mhéid is féidir, leis na prionsabail choiteanna agus na forálacha tagartha sin.

(9)

Ba cheart a leagan síos leis an Rialachán seo na buncheanglais sábháilteachta maidir le bréagáin chun ardleibhéal cosanta a áirithiú le haghaidh sláinte agus sábháilteachta leanaí agus iad ag súgradh le bréagáin chomh maith le saorghluaiseacht bréagán san Aontas. Ba cheart an Rialachán seo a chur i bhfeidhm agus an aird chuí á tabhairt ar phrionsabal an réamhchúraim.

(10)

Chun go mbeifear in ann an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, ba cheart a raon feidhme a shainiú go soiléir. Ba cheart feidhm a bheith aige maidir leis na táirgí uile atá deartha nó beartaithe lena n-úsáid ag leanaí faoi bhun 14 bliana d’aois. D’fhéadfaí a mheas gur bréagán é táirge fiú mura bhfuil sé beartaithe go heisiach chun críoch súgartha agus go bhfuil feidhmeanna breise eile aige. Cé acu a bhaineann nó nach mbaineann luach súgartha le táirge, braitheann sé ar an úsáid atá beartaithe ag an monaróir nó ar úsáid an táirge atá measartha intuartha ag tuismitheoir nó ag maoirseoir. An tráth céanna, is gá bréagáin áirithe nach bhfuil beartaithe d’úsáid tí a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo, mar shampla trealamh clóis súgartha poiblí nó meaisíní uathoibríocha atá beartaithe lena n-úsáid ag an bpobal, nó bréagáin eile atá feistithe le hinnill dócháin nó gaile, ós rud é go bhféadfadh na bréagáin sin rioscaí a chruthú do shláinte agus do shábháilteacht leanaí nach dtugtar aghaidh orthu leis an Rialachán seo. Ina theannta sin, ba cheart liosta a chur ar fáil de tháirgí a d’fhéadfaí a mheascadh le bréagáin ach nach meastar gur bréagáin iad de réir bhrí an Rialacháin seo.

(11)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le bréagáin nua arna ndéanamh ag monaróir atá bunaithe san Aontas agus maidir le bréagáin, bídís nua nó athláimhe, a allmhairítear ó thríú tír agus a chuirtear ar mhargadh an Aontais. Tagann sábháilteacht na mbréagán athláimhe eile a bhí ar mhargadh an Aontais cheana féin faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2023/988.

(12)

Chun cosaint leordhóthanach a áirithiú do leanaí agus do dhaoine eile, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le gach cineál soláthair bréagán, lena n-áirítear ciandíolacháin dá dtagraítear in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(13)

Leis na buncheanglais sábháilteachta maidir le bréagáin ba cheart cosaint a áirithiú d’úsáideoirí agus do dhaoine eile ar gach guais ábhartha sláinte agus sábháilteachta a bhaineann leis na bréagáin sin. Ba cheart ceanglais sábháilteachta áirithe a bheith ann lena gcumhdófar airíonna fisiceacha agus meicniúla, inadhainteacht, airíonna ceimiceacha, airíonna leictreacha, sláinteachas agus radaighníomhaíocht na mbréagán chun a áirithiú go gcosnófar sábháilteacht leanaí go leordhóthanach in aghaidh na nguaiseacha sonracha sin. Ós rud é go bhféadfadh bréagáin a mbaineann guaiseacha leo agus nach gcumhdaítear le ceanglas sábháilteachta áirithe a bheith ann nó go bhféadfaí iad a fhorbairt, is gá ceanglas sábháilteachta ginearálta a choinneáil ar bun chun a áirithiú go gcosnófar leanaí i leith na mbréagán sin. Ba cheart sábháilteacht bréagán a chinneadh trí thagairt a dhéanamh don úsáid atá beartaithe, agus an úsáid intuartha á cur san áireamh freisin, agus aird á tabhairt ar iompar leanaí, nach léiríonn an cúram céanna a léiríonn an gnáthúsáideoir fásta. I dteannta a chéile, ba cheart don cheanglas sábháilteachta ginearálta agus na ceanglais sábháilteachta áirithe a bheith ina mbuncheanglais sábháilteachta le haghaidh bréagán. Ní dhéantar difear, leis an oibleagáid atá ar oibreoirí eacnamaíocha na buncheanglais sábháilteachta sin a chomhlíonadh, do na hoibleagáidí atá orthu dlí eile de chuid an Aontais is infheidhme maidir le bréagáin a chomhlíonadh, ar dlí é lena dtugtar aghaidh ar ghnéithe eile, mar shampla, an chibearshlándáil, cosaint an chomhshaoil, substaintí guaiseacha agus meascáin ghuaiseacha a chur ar fáil, nó intleacht shaorga.

(14)

Mar thoradh ar bheith ag brath ar theicneolaíochtaí digiteacha, tá guaiseacha nua ann i mbréagáin. Ní mór do bhréagáin raidió buncheanglais a chomhlíonadh chun príobháideachas a chosaint agus ní mór do bhréagáin atá nasctha leis an idirlíon coimircí a ionchorprú maidir leis an gcibearshlándáil agus cosaint ar chalaois i gcomhréir le Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). Tá ar bhréagáin a bhfuil gnéithe digiteacha iontu Rialachán (AE) 2024/2847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) a chomhlíonadh. Tá ar bhréagáin a bhfuil intleacht shaorga iontu Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, níor cheart ceanglais sábháilteachta áirithe maidir leis an gcibearshlándáil, cosaint na sonraí pearsanta agus an phríobháideachais ná guaiseacha eile a eascraíonn as ionchorprú na hintleachta saorga i mbréagáin a leagan síos sa Rialachán seo.

(15)

I gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1689, bréagáin a bhfuil córais intleachta saorga iontu mar chomhpháirteanna sábháilteachta ar gá measúnú comhréireachta tríú páirtí a dhéanamh orthu, aicmítear iad mar chórais intleachta saorga ardriosca. Níor cheart don rogha a dhéanann an monaróir maidir leis na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta le haghaidh na mbréagán sin, más féidir roghnú gan measúnú comhréireachta tríú páirtí a dhéanamh gcás inar cuireadh caighdeáin chomhchuibhithe i bhfeidhm, níor cheart don rogha sin difear a dhéanamh don aicmiú mar chóras intleachta saorga ardriosca i gcomhréir le hAirteagal 6(1) den Rialachán sin. Thairis sin, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/2847, bréagáin atá nasctha leis an idirlíon agus a bhfuil gnéithe idirghníomhacha sóisialta acu, mar shampla, labhairt nó scannánú, nó a bhfuil gnéithe rianaithe suímh acu, meastar gur táirgí tábhachtacha iad lena ngabhann eilimintí digiteacha (Aicme I) agus gur gá measúnú comhréireachta tríú páirtí a dhéanamh ina leith, mura rud é gur chuir an monaróir caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha, sonraíochtaí coiteanna ná scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála i bhfeidhm atá ar leibhéal dearbhúcháin ‘substainteach’ ar a laghad.

(16)

Ba cheart a chur san áireamh sa mheasúnú sábháilteachta an riosca don tsláinte a bhaineann le bréagáin atá nasctha go digiteach, i gcás inarb iomchuí, lena n-áirítear aon riosca don mheabhairshláinte. Dá bhrí sin, agus measúnú á dhéanamh ar shábháilteacht bréagán atá nasctha go digiteach ar dócha go mbeidh tionchar acu ar leanaí, ba cheart do mhonaróirí a áirithiú go gcomhlíonann na bréagáin a chuireann siad ar fáil ar an margadh na caighdeáin is airde sábháilteachta, slándála agus príobháideachais trí dhearadh, ar mhaithe le leas leanaí.

(17)

Ba cheart do bhréagáin ceanglais fhisiceacha agus mheicniúla a chomhlíonadh lena gcuirtear cosc ar leanaí gortú fisiciúil a fháil agus iad ag súgradh le bréagáin agus níor cheart baol tachta ná plúchta a bheith ann do leanaí. Bréagáin, nó páirteanna nó pacáistíocht díobh, ar féidir a mheas go réasúnach go mbeidh siad i dtadhall le bia nó go n-aistreoidh siad a gcomhdhamhnaí chuig bia faoi ghnáthdhálaí úsáide nó faoi dhálaí úsáide intuartha, beidh siad faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11). Ina theannta sin, is iomchuí ceanglais sábháilteachta shonracha a leagan síos chun an ghuais shonrach a d’fhéadfadh a bheith ag baint le bréagáin i mbia a chumhdach, ós rud é go bhféadfadh an bhaint idir bréagán agus bia a bheith ina cúis le riosca tachta atá éagsúil leis na rioscaí a bhaineann leis an mbréagán amháin agus nach gcumhdaítear, dá bhrí sin, le haon bheart sonrach ar leibhéal an Aontais. Ba cheart ceanglais sábháilteachta shonracha a leagan síos chun go gcumhdófaí an ghuais a d’fhéadfadh a bheith ag baint le hionghabháil maighnéad láidir nó ábhar bréagáin inleathnaithe a bheadh in ann an stéig a pholladh nó a bhlocáil. Ba cheart a áirithiú freisin go dtugtar cosaint leordhóthanach a mhéid a bhaineann le hinadhainteacht nó airíonna leictreacha bréagán, go háirithe chun dónna nó turraingí leictreacha a chosc. Thairis sin, ba cheart do bhréagáin caighdeáin sláinteachais áirithe a chomhlíonadh chun rioscaí micribhitheolaíocha nó rioscaí eile ionfhabhtaithe nó éillithe a sheachaint.

(18)

Tá roinnt bréagán deartha chun fuaim a dhéanamh, mar shampla, bréagáin fhorbhuailte, bréagáin lámhaigh caipín, gligíní agus bréagáin a dhéanann ceol nó fuaim. Ar mhaithe le leanaí a chosaint ar bhaol na héisteachta lagaithe, ba cheart luachanna uasta a leagan síos maidir le torann tuairte agus torann leanúnach araon a thagann as bréagáin atá ceaptha chun fuaim a dhéanamh. Mar sin féin, bréagáin nach léir iad a bheith ceaptha chun fuaim a dhéanamh, ach a dhéanann fuaim in-atáirgthe nuair a ghníomhachtaíonn leanbh meicníocht, mar shampla truicear ar ghunna bréagáin, ba cheart iad a dhearadh ar bhealach a thabharfaidh cosaint do leanaí ar bhaol na héisteachta lagaithe. Níl an t-eolas eolaíoch reatha sách beacht maidir le héifeachtaí na fuaime a thagann as bréagáin ar shláinte agus ar shábháilteacht leanaí, ach léiríodh le taighde a rinneadh san Eagraíocht Dhomhanda Sláinte leochaileacht ghinearálta leanaí i leith caillteanas éisteachta de dheasca torainn agus na héifeachtaí díobhálacha ar fhorbairt leanaí nuair a bhíonn an éisteacht á cailliúint acu. Cé go dtugann teorainneacha torainn is infheidhme i gcomhthéacs ceirde aghaidh ar nochtadh difriúil do thorann ná an fhuaim a thagann as bréagáin, ba cheart a áirithiú, mar sin féin, nach nochtar leanaí do leibhéil fuaime atá níos airde ná na leibhéil fuaime lena gceanglaítear ar fhostóirí bearta a dhéanamh d’oibrithe i gcomhréir le Treoir 2003/10/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle mar thoradh ar bhréagáin (12). Ba cheart, sna huasluachanna le haghaidh torann leanúnach agus torann tuairte bréagán, an cineál bréagáin agus an cineál fuaime a dhéanann an bréagán a chur san áireamh, i bhfianaise na húsáide atá beartaithe agus atá intuartha le réasún.

(19)

Ceimiceáin a aicmítear mar cheimiceáin atá carcanaigineach, só-ghineach nó tocsaineach don atáirgeadh (substaintí CMR), ceimiceáin a mbíonn tionchar acu ar an gcóras inchríneach nó ar an gcóras riospráide agus ceimiceáin atá tocsaineach d’orgán sonrach, tá siad thar a bheith díobhálach do leanaí agus ba cheart aghaidh a thabhairt orthu go sonrach i mbréagáin. I bhfianaise an róil ríthábhachtaigh atá ag an gcóras inchríneach le linn fhorbairt an duine, is féidir le nochtadh luath do shuaiteoirí inchríneacha le linn tréimhsí criticiúla, mar shampla luath-óige, a bheith ina chúis le héifeachtaí díobhálacha fiú ag dáileoga an-íseal agus is féidir tionchar a bheith aige ar an tsláinte ag céim níos déanaí den saol. Is féidir le híogróirí riospráide a bheith ina gcúis le méadú ar asma óige agus tá substaintí néarthocsaineacha go háirithe díobhálach d’inchinn leanaí atá i mbéal forbartha, rud atá níos leochailí ó thaobh gortú tocsaineach ná inchinn an duine fásta. Ina theannta sin ba cheart cosaint leordhóthanach a thabhairt do leanaí ar shubstaintí ailléirgineacha agus ar mhiotail áirithe. Ba cheart a áireamh sa Rialachán seo ceanglais nuashonraithe agus neartaithe maidir le substaintí ceimiceacha a chuirtear in ionad na gceanglas sin a leagtar amach i dTreoir 2009/48/CE. Comhlíonfaidh bréagáin an reachtaíocht ghinearálta maidir le ceimiceáin, go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13). D’fhonn cosaint bhreise a thabhairt do leanaí, ar grúpa leochaileach tomhaltóirí iad, agus do dhaoine eile, ba cheart an creat dlíthiúil sin a fhorlíonadh le toirmisc chineálacha ar cheimiceáin ghuaiseacha áirithe i mbréagáin, mar a aicmítear i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14). Ba cheart feidhm a bheith ag na toirmisc chineálacha sin maidir le substaintí CMR, suaiteoirí inchríneacha, íogróirí riospráide agus substaintí atá dírithe ar orgán sonrach agus ar íogróirí craicinn, a luaithe a aicmítear na substaintí sin mar shubstaintí guaiseacha i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008.

(20)

Chun sábháilteacht bréagán a áirithiú, ba cheart substaintí toirmiscthe a bheith inghlactha ag rianleibhéil, lena n-áirítear in ábhair athchúrsáilte, ach amháin má bhíonn a láithreacht ar na leibhéil sin dosheachanta go teicniúil le dea-chleachtais mhonaraíochta agus má tá an bréagán sábháilte. Ba cheart an leibhéal láithreachta neamhbheartaithe a bheith i gcomhréir leis an bprionsabal ‘chomh híseal agus is indéanta le réasún’. Leagtar síos teorainneacha cineálacha tiúchana a spreagann aicmiú na meascán i Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ag 1 000 mg/kg le haghaidh catagóir 1A nó 1B den aicme ‘substaintí carcanaigineacha nó só-ghineacha’, ag 3 000 mg/kg le haghaidh catagóir 1A nó 1B den aicme ‘substaintí atá tocsaineach don atáirgeadh’ nó ag 100 000 mg/kg le haghaidh catagóir 1 den aicme ‘tocsaineacht sain-spriocorgáin’. Ní leor i gcás leanaí an chosaint a thugann na teorainneacha sin agus níor cheart iad a úsáid mar bhonn chun na toirmisc chineálacha a fhorfheidhmiú.

(21)

Chun foráil a dhéanamh maidir le solúbthacht i gcás nach gcuirtear sábháilteacht leanaí i mbaol, ba cheart a bheith in ann substaint thoirmiscthe a dhíolmhú go hiomlán nó go páirteach ó thoirmisc chineálacha ar shubstaintí i mbréagáin. Ba cheart feidhm ghinearálta a bheith ag díolúintí ó thoirmisc chineálacha lena gceadaítear substaintí toirmiscthe a bheith i láthair i mbréagán agus níor cheart feidhme a bheith acu ach i gcás ina meastar go bhfuil an tsubstaint ábhartha sábháilte do leanaí. Ina theannta sin, níor cheart aon rogha mhalartach oiriúnach a bheith ann ach an tsubstaint a bheith sna bréagáin. Ba cheart a mheas sa mheasúnú ar oiriúnacht na roghanna malartacha an féidir an tsubstaint thoirmiscthe sin a dhíothú nó a ionadú, lena n-áirítear infhaighteacht agus indéantacht theicniúil roghanna malartacha chun feidhm na substainte sa bhréagán a ionadú nó a chomhlíonadh, chomh maith le sábháilteacht aon rogha eile a shainaithnítear. Ar deireadh, níor cheart substaintí a dhíolmhú ach i gcás nach bhfuil toirmeasc ar úsáid na substainte in earraí tomhaltais de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006.

(22)

Ba cheart do na coistí eolaíocha ábhartha sa Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA) measúnú a dhéanamh ar shábháilteacht na substainte agus ar infhaighteacht roghanna malartacha d’fhonn comhsheasmhacht agus úsáid éifeachtúil acmhainní a áirithiú agus measúnú á dhéanamh ar shubstaintí san Aontas. Chun a áirithiú go gcuirfear aon eolas teicniúil nó eolaíoch nua san áireamh i ndíolúintí ó thoirmisc chineálacha, ba cheart do ECHA athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar a thuairimí. Ba cheart an t-athbhreithniú tréimhsiúil sin a oiriúnú don tsubstaint shonrach agus don díolúine a thugtar i leith bréagán. Ba cheart do ECHA a iarraidh ar an duine a chuir an iarraidh bhunaidh faoina bhráid nó ar aon tríú páirtí eile an fhaisnéis a mheastar a bheith riachtanach don athbhreithniú tréimhsiúil a thíolacadh.

(23)

Ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha, comhlachais tionscail nó páirtithe leasmhara eile a bheith in ann iarraidh ar ECHA measúnú a dhéanamh maidir le húsáid cheadaithe a bhaineann le substaint áirithe atá faoi réir thoirmeasc cineálach. Ba cheart do ECHA an fhormáid chun iarrataí ar mheasúnú a thíolacadh a tharraingt suas agus a chur ar fáil. Ina theannta sin, ar chúiseanna trédhearcachta agus intuarthachta, ba cheart do ECHA treoraíocht theicniúil agus eolaíoch a eisiúint maidir leis na hiarrataí sin ar mheasúnú.

(24)

Le blianta beaga anuas, cuireadh cúraimí nua ar ECHA, cúraimí a leagtar amach i roinnt píosaí reachtaíochta agus i gcomhaontuithe ad hoc. I bhfianaise an róil thábhachtaigh agus lárnaigh atá beartaithe do ECHA sa Rialachán seo, ba cheart go leor acmhainní a bheith ag ECHA chun a áirithiú gur féidir leis sonraí agus meastóireachtaí eolaíocha atá tráthúil agus iontaofa a chur ar fáil chun tacú leis an bpróiseas cinnteoireachta maidir le sábháilteacht cheimiceach bréagán.

(25)

Measann an Coiste Eolaíoch um Rioscaí Sláinte agus Comhshaoil agus Rioscaí atá ag Teacht chun Cinn, a bunaíodh le Cinneadh (AE) 2024/1514 ón gCoimisiún (15), más ann do nicil agus cóbalt i gcruach dhosmálta agus i gcomhpháirteanna lena dtarchuirtear sruth leictreach i mbréagáin, go bhfuil sé sin sábháilte agus gur cheart iad a cheadú. Ba cheart substaintí eile a cheadú atá riachtanach chun sruth leictreach a tharchur i mbréagáin chun go bhféadfar bréagáin leictreacha a chur ar fáil ar an margadh má tá na substaintí sin dorochtana go hiomlán don leanbh atá ag súgradh leis an mbréagán agus nach mbaineann riosca leo dá bhrí sin.

(26)

Ós rud é gur le Rialachán (AE) 2023/1542 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) a rialaítear ceallraí, níor cheart feidhm a bheith ag na ceanglais maidir le substaintí ceimiceacha i mbréagáin maidir leis na ceallraí a bhíonn i mbréagáin. Ba cheart, áfach, bréagáin ina bhfuil ceallraí a dhearadh ionas go mbeidh sé deacair do leanaí rochtain a fháil ar na ceallraí. I gcásanna nach bhféadfaí an bréagán a dhearadh ar bhealach ina mbeadh an t-úsáideoir deiridh in ann an ceallra inmheánach a bhaint agus a athsholáthar de bharr chineál, mhéid nó fhoirm an bhréagáin, nó de bharr na leictreonaice beag laistigh de, agus sábháilteacht an linbh agus úsáid leanúnach shábháilte an bhréagáin á n-áirithiú ag an am céanna, d’fhéadfaí an bréagán a dhearadh i gcaoi is go mbeadh oibreoirí neamhspleácha in ann an ceallra a bhaint agus a athsholáthar.

(27)

Léiríodh gurb iomchuí iad na teorainnluachanna atá ann cheana le haghaidh substaintí ceimiceacha áirithe agus a modhanna tástála comhfhreagracha chun leanaí a chosaint a mhéid a bhaineann leis na substaintí sin agus ba cheart iad a choinneáil ar bun. Chun é féin a chur in oiriúint d’eolas eolaíoch nua, ba cheart an Coimisiún a chumhachtú na teorainnluachanna sin a athbhreithniú i gcás inar gá. Teorainnluachanna d’arsanaic, caidmiam, cróimiam (VI), luaidhe, mearcair agus stán orgánach, atá tocsaineach agus nár cheart, dá bhrí sin, a úsáid d’aon ghnó i mbréagáin, ba cheart iad a shocrú ag leath na luachanna a mheasann an comhlacht eolaíoch ábhartha a bheith sábháilte, chun a áirithiú nach bhfuil ach rianta atá comhoiriúnach le dea-chleachtas monaraíochta sa bhréagán.

(28)

Áirítear i dTreoir 2009/48/CE teorainnluachanna le haghaidh substaintí áirithe i mbréagáin atá beartaithe do leanaí faoi bhun 36 mhí nó a bheartaítear a chur sa bhéal. Tá sé léirithe ag na substaintí sin freisin go bhfuil riosca ag baint leo do leanaí níos sine, toisc go bhféadfaí iad a nochtadh mar an gcéanna do na ceimiceáin sin trí thadhall leis an gcraiceann nó trí ionanálú. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag na teorainnluachanna sin maidir le gach bréagán. Ó glacadh na teorainnluachanna do bhisfeanól A i dTreoir 2009/48/CE, tá sonraí eolaíocha nua tagtha chun cinn. Rinne an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) athmheastóireacht ar na rioscaí don tsláinte phoiblí ó nochtadh cothúcháin do bhisfeanól A i mí Aibreáin 2023, agus chinn sé gur ábhar imní sláinte é nochtadh do bhisfeanól A do thomhaltóirí thar gach aoisghrúpa. Tá iontógáil laethúil nua infhulaingthe bisfeanóil A bunaithe ag an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia, atá i bhfad níos ísle ná an ceann roimhe sin. I bhfianaise na fianaise eolaíche sin, ba cheart do bisfeanól A teacht faoin toirmeasc cineálach ar shubstaintí CMR i mbréagáin. Chun comhlíonadh an toirmisc sin a fhíorú agus chun a áirithiú nach mbeidh nochtadh do láithreacht aon chuid de bhisfeanól A nach mbeartaítear a bheith i mbréagáin, ba cheart teorainn ascnaimh a sholáthar. Ba cheart an teorainn ascnaimh a shocrú ar bhonn teorainn cainníochtaithe leis na modhanna tástála atá ann cheana. Ar chúiseanna comhchosúla, ba cheart teorainneacha ascnaimh a thabhairt isteach freisin maidir le cuid de na monaiméirí is coitianta a úsáidtear sa táirgeadh plaisteach.

(29)

Rinne ECHA measúnú ar an bhfianaise atá ar fáil maidir le bisfeanóil mar ghrúpa chun cásanna a sheachaint ina mbaintear bisfeanól guaiseach amháin agus ina gcuirtear bisfeanól guaiseach eile a d’fhéadfadh a bheith chomh díobhálach céanna ina ionad. Chun daoine agus an comhshaol a chosaint, tháinig ECHA ar an tátal go mba gá le tuilleadh bainistíochta rialála ar riosca mar chuid de reachtaíocht an Aontais maidir leis na ceimiceáin mar is baol go bhféadfaidís cur isteach ar na córais inchríneacha agus ar an atáirgeadh. D’fhéadfadh athrú teacht ar an líon sin de réir mar a thagann tuilleadh faisnéise chun solais maidir leis na bisfeanóil sin agus le cinn eile nach bhfuil ar fáil ina leith ach fianaise neamhchonclúideach faoi láthair. Ós rud é go bhfuil bréagáin dírithe ar ghrúpa an-leochaileach ar cheart iad a chosaint ar an nochtadh do bhisfeanóil dhíobhálacha, níor cheart aon cheann de na 34 bhisfeanól sin a shainaithin ECHA a bheith i mbréagáin. Tá cuid de na bisfeanóil sin faoi réir aicmiú comhchuibhithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 mar thocsaineach don atáirgeadh nó mar shuaiteoirí inchríneacha. Dá bhrí sin, cumhdaítear cheana féin iad faoin toirmeasc cineálach ar cheimiceáin dhíobhálacha i mbréagáin a leagtar amach sa Rialachán seo. Is gá toirmeasc a chur ar na bisfeanóil atá fágtha, is iad sin na cinn arna sainaithint ag ECHA nach bhfuil cumhdaithe cheana féin le forálacha eile den Rialachán seo lena dtoirmisctear a n-úsáid. Nuair a bheidh faisnéis nua ar fáil, ba cheart forálacha an Rialacháin seo maidir le bisfeanóil a thabhairt cothrom le dáta.

(30)

Is fine mhór de níos mó ná 10 000 ceimiceán de dhéantús an duine iad substaintí sárfhluarailcile agus polafluairailcile (SPFAnna). Tá SPFAnna á n-úsáid i réimse táirgí atá ag éirí níos leithne de réir a chéile, lena n-áirítear táirgí tomhaltais. Is ábhar mór imní é marthanacht gach SPFA, as a n-eascraíonn tiúchain mhéadaitheach sa chomhshaol. Tuigtear go bhfuil nasc idir an nochtadh do na SPFAnna sin is mó a ndearnadh staidéar orthu agus raon éifeachtaí díobhálacha sláinte. Ba cheart toirmeasc a chur ar úsáid d’aon ghnó SPFAnna i mbréagáin, i gcomhpháirteanna bréagán nó i bpáirteanna bréagán atá leithleach ó thaobh micreastruchtúir de.

(31)

Chun cosaint leordhóthanach ar shubstaintí sonracha ceimiceacha a áirithiú nuair a thiocfaidh eolas eolaíoch nua chun solais, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena mbunófar teorainnluachanna sonracha d’aon substaint cheimiceach a úsáidtear i mbréagáin. Más rud é go bhfuil údar cuí leis i gcás bréagáin lena mbaineann leibhéal níos airde nochta, ba cheart teorainnluachanna sonracha a leagan síos sna gníomhartha tarmligthe sin le haghaidh bréagáin atá beartaithe lena n-úsáid ag leanaí faoi bhun 36 mhí agus i mbréagáin eile a bheartaítear a chur sa bhéal, agus na ceanglais a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 agus na difríochtaí idir bréagáin agus ábhair a bhíonn i dtadhall le bia nó le hearraí as a bhféadfadh rioscaí teacht chun cinn mar thoradh ar theagmháil béil trína n-úsáid mar ábhar a bhíonn i dtadhall le bia á gcur san áireamh. Baineann rioscaí ar leith do shláinte an duine ag baint le cumhráin i mbréagáin. Dá bhrí sin, ba cheart rialacha sonracha a leagan síos maidir le cumhráin a úsáid i mbréagáin, lena n-áirítear toirmeasc ar chumhráin ailléirgineacha áirithe a úsáid d’aon ghnó i mbréagáin, go háirithe i mbréagáin atá beartaithe lena n-úsáid ag leanaí atá faoi bhun 36 mhí nó i mbréagáin eile a bheartaítear a chur sa bhéal, agus chun cumhráin ailléirgineacha áirithe a lipéadú. Ba cheart an Coimisiún a chumhachtú gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun na rialacha sin a leasú chun oiriúnuithe don dul chun cinn teicniúil agus eolaíochta a cheadú.

(32)

Nuair nach féidir aghaidh a thabhairt go cuí ag céim an deartha ar na guaiseacha a d’fhéadfadh a bheith ag bréagán, ba cheart aghaidh a thabhairt ar an riosca iarmharach le faisnéis a bhaineann le táirge a bheidh dírithe ar mhaoirseoirí na leanaí i bhfoirm rabhadh, agus inniúlacht na maoirseoirí sin na réamhchúraimí is gá a dhéanamh á cur san áireamh. Ba cheart rabhaidh a mharcáil i gcónaí ar lipéad greamaithe nó ar an bpacáistíocht agus, más iomchuí, ar na treoracha úsáide a ghabhann leis an mbréagán. Greamófar rabhaidh iomchuí ar na bréagáin a dhíoltar gan phacáistiú má tá spás dó sin ar dhromchla an bhréagáin. Mura féidir é sin a dhéanamh, is ar an lipéad a chuirfear na rabhaidh. Ba cheart do mhonaróirí a bheith in ann rabhaidh a chomhcheangal i bhformáid dhigiteach tríd an bpas táirge digiteach freisin.

(33)

Chun mí-úsáid na rabhadh maidir le teacht timpeall ar na ceanglais sábháilteachta is infheidhme a chosc, níor cheart na rabhaidh a thugtar do chatagóirí áirithe bréagán a cheadú más rud é go dtagann siad salach ar an úsáid atá beartaithe don bhréagán nó an úsáid atá intuartha le réasún. Chun a áirithiú go mbeidh na maoirseoirí ar an eolas faoi aon riosca a bhaineann leis an mbréagán, is gá a áirithiú go mbeidh na rabhaidh intuigthe, inléite agus infheicthe go soiléir.

(34)

Chun feasacht ar aon riosca a bhaineann leis an mbréagán a áirithiú, go háirithe i gcásanna ina ndéantar an ceannach trí chiandíolacháin agus díolacháin ar líne, ba cheart a áirithiú go mbeidh na rabhaidh ar líne soléite infheicthe.

(35)

Ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha gníomhú go freagrach agus i gcomhréir iomlán leis na ceanglais dlí is infheidhme agus bréagáin á gcur ar an margadh nó bréagáin á gcur ar fáil ar an margadh acu.

(36)

Chun leibhéal ard cosanta do shláinte agus sábháilteacht leanaí agus an iomaíocht chóir ar an margadh inmheánach a áirithiú, ba cheart gurb iad na hoibreoirí eacnamaíocha atá freagrach as a áirithiú go gcomhlíonann na bréagáin an Rialachán seo, i ndáil leis na róil faoi seach atá acu sa slabhra soláthair.

(37)

Ós rud é nach féidir ach leis an monaróir cúraimí áirithe a chur i gcrích, ní mór idirdhealú soiléir a dhéanamh idir oibleagáidí an mhonaróra agus oibleagáidí na n-oibreoirí atá níos faide siar sa slabhra dáilte. Is gá freisin idirdhealú soiléir a dhéanamh idir oibleagáidí an allmhaireora agus oibleagáidí an dáileora, ós rud é gurb é an t-allmhaireoir a chuireann bréagáin ó thríú tíortha ar mhargadh an Aontais. Ba cheart don allmhaireoir a áirithiú go gcomhlíonann na bréagáin sin ceanglais an Aontais is infheidhme.

(38)

Chun cumarsáid a éascú idir oibreoirí eacnamaíocha, na húdaráis um fhaireachas margaidh agus tomhaltóirí nó úsáideoirí deiridh eile, ba cheart do mhonaróirí agus d’allmhaireoirí suíomh gréasáin, seoladh ríomhphoist nó teagmháil dhigiteach eile a chur in iúl chomh maith leis an seoladh poist.

(39)

Ós rud é go bhfuil eolas mionsonraithe faoin bpróiseas dearthóireachta agus táirgeachta ag an monaróir, tá sé freagrach as ceanglais an Rialacháin seo a bheith á gcomhlíonadh ag an mbréagán agus is é is fearr is féidir an nós imeachta foriomlán um measúnú comhréireachta le haghaidh bréagán a dhéanamh. Dá bhrí sin, ba cheart an oibleagáid maidir le measúnú comhréireachta a bheith fós ar an monaróir agus ar an monaróir amháin.

(40)

Chun go n-éascófar do mhonaróirí a n-oibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh, ba cheart a cheadú do mhonaróirí atá bunaithe san Aontas ionadaí údaraithe a cheapadh chun cúraimí sonracha a dhéanamh ar a son. Thairis sin, chun a áirithiú go ndáilfear cúraimí go soiléir agus go comhréireach idir an monaróir agus an t-ionadaí údaraithe, is gá liosta de chúraimí a leagan amach ar cheart cead a thabhairt do mhonaróirí na cúraimí sin a chur de chúram ar an ionadaí údaraithe. Ina theannta sin, chun in-fhorfheidhmitheacht agus comhlíontacht leis an Rialachán seo a áirithiú, i gcás ina gceapfaidh monaróir atá bunaithe lasmuigh den Aontas ionadaí údaraithe, ba cheart na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/1020 a áireamh sa sainordú.

(41)

Ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha a dhéanann idirghabháil sa slabhra soláthair agus dáilte bearta iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú nach mbeidh rioscaí ag baint leis na bréagáin a chuireann siad ar an margadh do shláinte nó do shábháilteacht leanaí faoi dhálaí úsáide atá beartaithe agus faoi dhálaí úsáide a mbeifí ag súil go réasúnta leo, agus nach gcuireann siad ar fáil ar an margadh ach bréagáin a chomhlíonann reachtaíocht infheidhme an Aontais.

(42)

Is gá a áirithiú go gcomhlíonann bréagáin ó thríú tíortha a thagann isteach i margadh an Aontais ceanglais uile an Aontais is infheidhme, agus go háirithe go bhfuil nósanna imeachta iomchuí um measúnú comhréireachta curtha i gcrích ag monaróirí maidir leis na bréagáin sin. Dá bhrí sin, ba cheart d’allmhaireoirí a áirithiú go gcomhlíonann na bréagáin a chuireann siad ar an margadh na ceanglais is infheidhme, go bhfuil na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta déanta agus go bhfuil marcáil agus doiciméadacht an táirge arna dtarraingt suas ag monaróirí ar fáil do na húdaráis inniúla um fhaireachas margaidh le haghaidh iniúchadh.

(43)

Agus bréagán á chur ar an margadh acu, ba cheart d’allmhaireoirí a n-ainm agus an seoladh ag ar féidir teagmháil a dhéanamh leo a léiriú ar an mbréagán. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le heisceachtaí i gcásanna nach gceadaíonn an tásc sin de dheasca mhéid ná chineál an bhréagáin, lena n-áirítear i gcás ina mbeadh ar allmhaireoirí an pacáistiú a oscailt chun a n-ainm agus a seoladh a chur ar an mbréagán. Sna cásanna sin, ba cheart an t-ainm agus an seoladh a léiriú ar an bpacáistíocht nó ar dhoiciméad a ghabhann léi.

(44)

Ós rud é go gcuireann an dáileoir bréagán ar fáil ar an margadh tar éis an bréagán a bheith curtha ar an margadh ag an monaróir nó ag an allmhaireoir, ba cheart don dáileoir gníomhú leis an gcúram cuí chun a áirithiú nach ndéanfaidh láimhseáil an bhréagáin dochar diúltach do chomhlíonadh an Rialacháin seo arna dhéanamh ag an mbréagán sin.

(45)

Tá dáileoirí agus allmhaireoirí gar don mhargadh agus, dá bhrí sin, ba cheart dóibh a bheith rannpháirteach i gcúraimí faireachais margaidh arna ndéanamh ag na húdaráis náisiúnta inniúla, agus ba cheart dóibh a bheith faoi cheangal a bheith rannpháirteach go gníomhach sna cúraimí sin agus an fhaisnéis uile is gá a bhaineann leis an mbréagán lena mbaineann a thabhairt do na húdaráis sin.

(46)

Chun a áirithiú gur fearr a chomhlíonfar na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo agus chun an faireachas margaidh a fheabhsú i gcás ina bhfuil cúis ag soláthraithe seirbhíse comhlíonta lena chreidiúint, ar bhonn na faisnéise a chuir na húdaráis nó na hoibreoirí eacnamaíocha ar fáil, nach bhfuil bréagán i gcomhréir leis an Rialachán seo, níor cheart dóibh tacú leis an mbréagán a chur ar fáil ar an margadh go dtí go dtabharfar chun comhréireachta é. De bhun an Rialacháin seo, níl soláthraithe seirbhíse comhlíonta freagrach as measúnú comhréireachta an bhréagáin. Ba cheart dóibh, áfach, gníomhú leis an gcúram is cuí agus ba cheart dóibh a áirithiú nach gcuirfidh na dálaí le linn ollstórála, pacáistiú, lipéadú nó seoladh comhréireacht an bhréagáin leis na buncheanglais sábháilteachta i mbaol. D’fhéadfadh an Coimisiún treoirlínte a eisiúint a chabhródh leis na soláthraithe seirbhíse comhlíonta na hoibleagáidí a bhfuil siad faoina réir de bhun an Rialacháin seo a chur i bhfeidhm.

(47)

Aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chuireann bréagán ar an margadh faoin ainm nó faoin thrádmharc an duine sin nó a dhéanann modhnú substaintiúil ar bhréagán ar bhealach a cuireadh ar an margadh cheana féin ionas go bhféadfadh difear a dhéanamh do chomhlíonadh cheanglais infheidhme an Rialacháin seo, ba cheart a mheas gur monaróir é chun críocha an Rialacháin seo agus ba cheart dó oibleagáidí an mhonaróra a ghlacadh chuige féin. Maidir le tomhaltóir nó úsáideoir deiridh eile a dhéanann modhnú substaintiúil ar a bhréagán, níor cheart a mheas gur monaróir é chun críocha an Rialacháin seo agus níor cheart é a bheith faoi réir na n-oibleagáidí atá ar an monaróir.

(48)

Faisnéis a thagraíonn do thairiscint bréagán a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear ar fáil ar an margadh, ar bréagáin iad nach gcomhlíonann an Rialachán seo, ba cheart a mheas gur ábhar neamhdhleathach í de réir bhrí Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) agus go spreagfar na hoibleagáidí sonracha díchill chuí a leagtar amach sa Rialachán sin do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha ar líne. Tá údar maith leis na tacair rialacha a bunaíodh le déanaí, lena bhforchuirtear oibleagáidí díchill chuí nua ar mhargaí ar líne, i bhfianaise an róil tábhachtaigh atá ag soláthraithe margaí ar líne tráth a dhéantar idirghabháil ar dhíolachán táirgí idir oibreoirí eacnamaíocha agus tomhaltóirí. Ar an gcéad dul síos, le Rialachán (AE) 2022/2065, rialaítear freagracht agus cuntasacht na soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne i ndáil le hábhar neamhdhleathacha, lena n-áirítear táirgí contúirteacha. Ar an dara dul síos, bunaítear, le Rialachán (AE) 2023/988, freagrachtaí sonracha maidir le dul i ngleic le díolachán táirgí contúirteacha ar líne. Ag tógáil ar an gcreat dlíthiúil cothrománach dá bhforáiltear leis na Rialacháin sin, ba cheart a shonrú sa Rialachán seo na ceanglais, i ndáil le sábháilteacht na mbréagán, nach mór do sholáthraithe margaí ar líne a chomhlíonadh chun a áirithiú go gcomhlíonfar forálacha áirithe de Rialachán (AE) 2022/2065. Ba cheart na ceanglais sin a bheith comhsheasmhach leis an gcreat cothrománach le haghaidh margaí ar líne de bhun Rialacháin (AE) 2022/2065 agus (AE) 2023/988. Thairis sin, níor cheart do na ceanglais sin difear a dhéanamh do chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2022/2065, ag a bhfuil feidhm maidir le soláthraithe margaí ar líne i gcónaí.

(49)

Cuidíonn áirithiú na hinrianaitheachta bréagáin ar fud an tslabhra soláthair iomláin chun an faireachas margaidh a dhéanamh níos simplí agus níos éifeachtúla. Le córas éifeachtúil inrianaitheachta, éascaítear cúram na n-údarás um fhaireachas margaidh rianú a dhéanamh ar oibreoirí eacnamaíocha a chuir bréagáin neamhchomhlíontacha ar fáil ar an margadh.

(50)

Chun a áirithiú go ndéanfar faireachas margaidh éifeachtúil ar na bréagáin a chuirtear ar fáil ar an margadh, ba cheart a cheangal ar na hoibreoirí eacnamaíocha an fhaisnéis maidir le comhlíonadh, agus an doiciméadacht maidir le bréagán, a choinneáil go ceann 10 mbliana tar éis é a bheith curtha ar an margadh. Meastar go mairfidh an tréimhse fhoriomlán sin go ceann 10 mbliana tar éis an mhír dheireanach den mhúnla sin de bhréagán a bheith curtha ar an margadh.

(51)

D’fhonn an measúnú ar chomhréireacht le ceanglais an Rialacháin seo a éascú, is gá foráil a dhéanamh maidir le toimhde comhréireachta le haghaidh bréagán atá i gcomhréir leis na caighdeáin chomhchuibhithe is infheidhme a ghlactar i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) agus a fhoilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(52)

In éagmais caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha, ba cheart an Coimisiún a chumhachtú gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar amach sonraíochtaí coiteanna le haghaidh bhuncheanglais sábháilteachta an Rialacháin seo, ar choinníoll go n-urramaítear leo, agus an méid sin á dhéanamh aige, ról agus feidhmeanna na n-eagraíochtaí um chaighdeánú, mar réiteach cúltaca eisceachtúil chun éascú a dhéanamh ar oibleagáid an mhonaróra na buncheanglais sábháilteachta a chomhlíonadh i gcás ina mbíonn bac ar an bpróiseas caighdeánaithe nó moill ar bhunú na gcaighdeán comhchuibhithe iomchuí. Más é castacht theicniúil an chaighdeáin is cúis leis an moill sin, ba cheart don Choimisiún é sin a mheas sula mbeartaíonn sé sonraíochtaí coiteanna a bhunú. D’fhonn sonraíochtaí coiteanna a bhunú ar an mbealach is éifeachtúla is féidir, lena gcumhdaítear na buncheanglais sábháilteachta a ghabhann leis an Rialachán seo, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ábhartha sa phróiseas.

(53)

Is é an mharcáil CE, lena gcuirtear comhréireacht táirge in iúl, an toradh sofheicthe ar phróiseas iomlán ina bhfuil measúnú comhréireachta sa chiall is leithne. Leagtar amach na prionsabail ghinearálta lena rialaítear an mharcáil CE i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008. Ba cheart rialacha sonracha lena rialaítear greamú na marcála CE maidir le bréagáin a leagan síos sa Rialachán seo. Ba cheart do na rialacha sin infheictheacht leordhóthanach na marcála CE a áirithiú chun faireachas margaidh ar bhréagáin a éascú.

(54)

Ba cheart do mhonaróirí pas táirge digiteach a chruthú chun faisnéis a sholáthar maidir le comhlíonadh bréagán leis an Rialachán seo agus le dlíthe eile de chuid an Aontais is infheidhme maidir le bréagáin. Ba cheart dóibh an pas táirge digiteach a choinneáil cothrom le dáta agus aon athrú is gá a dhéanamh nuair is gá. Ba cheart an pas táirge digiteach a chur in ionad dhearbhú comhréireachta an Aontais de bhun Threoir 2009/48/CE agus ba cheart na heilimintí is gá a áireamh ann chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht an bhréagáin leis na ceanglais is infheidhme agus leis na caighdeáin chomhchuibhithe nó le sonraíochtaí eile. Thairis sin, chun an t-ualach riaracháin a laghdú, ba cheart a bheith in ann an pas táirge digiteach a úsáid de bhun an Rialacháin seo chun an oibleagáid a chomhlíonadh maidir le dearbhú comhréireachta de chuid an Aontais a tharraingt suas le haghaidh bréagáin a thagann faoi raon feidhme dlí eile de chuid an Aontais lena gceanglaítear dearbhú comhréireachta de chuid an Aontais. I gcás ina n-úsáidtear an pas táirge digiteach mar dhearbhú comhréireachta de chuid an Aontais de bhun dlí eile is infheidhme de chuid an Aontais maidir leis an mbréagán, ba cheart a mheas go gcomhlíonann monaróirí agus oibreoirí eacnamaíocha eile a n-oibleagáidí faoi seach i ndáil le dearbhú comhréireachta de chuid an Aontais de bhun an dlí eile sin de chuid an Aontais.

(55)

Chun seiceálacha ag údaráis um fhaireachas margaidh ar bhréagáin ag údaráis um fhaireachas margaidh a éascú agus chun ligean do na gníomhaithe sa slabhra soláthair agus do thomhaltóirí rochtain a fháil ar fhaisnéis faoinar an mbréagán agus ar bhealaí cumarsáide, ba cheart an fhaisnéis ar an bpas táirge digiteach a sholáthar go digiteach agus ar bhealach atá inrochtana go díreacha bhfuil rochtain dhíreach air, trí iompróir sonraí atá greamaithe den bhréagán, dá bpacáistiú nó den doiciméadacht a ghabhann leis. Ag brath ar chearta rochtana, ba cheart rochtain láithreach a bheith ag na húdaráis um fhaireachas margaidh, ag údaráis chustaim, ag oibreoirí eacnamaíocha agus ag tomhaltóirí ar an bhfaisnéis ábhartha maidir leis an mbréagán tríd an iompróir sonraí.

(56)

Chun dúbailt na hinfheistíochta sa digitiú ó na gníomhaithe uile lena mbaineann a sheachaint, lena n-áirítear monaróirí, údaráis um fhaireachas margaidh agus údaráis chustaim, nuair a cheanglaítear le dlí eile de chuid an Aontais pas táirge digiteach le haghaidh bréagán, ba cheart pas táirge digiteach aonair a bheith ar fáil ina mbeidh an fhaisnéis a cheanglaítear de bhun an Rialacháin seo agus faoin dlí eile sin de chuid an Aontais. Ina theannta sin, ba cheart an pas táirge digiteach a bheith idir-inoibritheach go hiomlán le haon phas táirge digiteach a cheanglaítear de bhun dlí eile de chuid an Aontais.

(57)

Go háirithe, le Rialachán (AE) 2024/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19), leagtar síos na ceanglais agus na sonraíochtaí teicniúla le haghaidh pas táirge digiteach, agus déantar foráil do bhunú clárlann digiteach (‘an chlárlann’) ag an gCoimisiún ina stóráiltear faisnéis a bhaineann le pasanna táirge digiteacha agus d’idirnascadh na clárlainne sin le Córas Malartaithe Deimhnithe de chuid Ionad Ilfhreastail an Aontais Eorpaigh maidir le Custam (EU CSW-CERTEX) arna bhunú le Rialachán (AE) 2022/2399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20). D'fhéadfadh bréagáin a áireamh i raon feidhme Rialachán (AE) 2024/1781 sa mheántéarma, agus, dá bhrí sin, níor fholáir pas táirge digiteach a chur ar fáil le haghaidh bréagán. Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith indéanta amach anseo faisnéis níos beaichte a áireamh sa phas táirge digiteach, go háirithe faisnéis maidir leis an inbhuanaitheacht chomhshaoil. Dá bhrí sin, ba cheart don phas táirge digiteach le haghaidh bréagán, a chruthaítear de bhun an Rialacháin seo, na ceanglais chéanna agus na heilimintí teicniúla céanna leo siúd a leagtar amach i Rialachán (AE) 2024/1781 a chomhlíonadh, lena n-áirítear gnéithe teicniúla, séimeantacha agus eagraíochtúla na cumarsáide a bhaineann leis an gcumarsáid ó cheann go ceann agus an malartú sonraí.

(58)

Ós rud é go bhfuil an pas táirge digiteach le cur in ionad dhearbhú comhréireachta an Aontais, tá sé ríthábhachtach go mbeadh sé soiléir, trí phas táirge digiteach le haghaidh bréagán a chruthú agus tríd an marcáil CE a ghreamú díobh, go ndearbhaíonn an monaróir go gcomhlíonann an bréagán ceanglais an Rialacháin seo agus go nglacann an monaróir freagracht iomlán as an gcomhlíonadh sin.

(59)

I gcás ina soláthraítear go digiteach faisnéis eile seachas na heilimintí atá riachtanach don phas táirge digiteach, is gá a shoiléiriú gur gá na cineálacha difriúla faisnéise a sholáthar ar leithligh agus iad a idirdhealú go soiléir óna chéile ach trí mheán iompróir sonraí aonair. Éascófar leis sin obair na n-údarás um fhaireachas margaidh ach soláthrófar leis freisin soiléireacht d’úsáideoirí deiridh eile maidir leis na cineálacha difriúla faisnéise atá ar fáil dóibh i bhformáid dhigiteach.

(60)

Is micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) iad formhór na monaróirí bréagán atá faoi réir cheanglais an Rialacháin seo. Ba cheart don Choimisiún tacaíocht bhreise a chur ar fáil do FBManna chun cabhrú leo na ceanglais nua a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún treoirlínte praiticiúla a fhoilsiú maidir le conas measúnuithe sábháilteachta a dhéanamh agus pas táirge digiteach a chruthú le haghaidh na mbréagán a tháirgeann siad.

(61)

Caibidil VII de Rialachán (AE) 2019/1020, lena leagtar amach na rialacha maidir le rialuithe ar tháirgí a thagann isteach i margadh an Aontais, tá feidhm aici maidir le bréagáin. Caithfidh na húdaráis atá i gceannas ar na rialuithe, is é sin na húdaráis chustaim i bhformhór na mBallstát, na rialuithe sin a fheidhmiú ar bhonn anailís riosca i gcomhréir le hAirteagail 46 agus 47 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21), lena reachtaíocht cur chun feidhme agus leis an treoraíocht chomhfhreagrach. Dá bhrí sin, ní mhodhnaítear ar dhóigh ar bith leis an Rialachán seo Caibidil VII de Rialachán (AE) 2019/1020 ná an chaoi a n-eagraíonn na húdaráis atá i gceannas ar rialuithe ar tháirgí atá ag teacht isteach i margadh an Aontais iad féin nó a ndéanann siad a gcuid gníomhaíochtaí.

(62)

Sa bhreis ar chreat na rialuithe a bhunaítear le Caibidil VII de Rialachán (AE) 2019/1020, ba cheart do na húdaráis chustaim a bheith in ann a fhíorú go huathoibríoch gur ann do phas táirge digiteach le haghaidh bréagáin allmhairithe atá faoi réir an Rialacháin seo chun na rialuithe ag teorainneacha seachtracha an Aontais a neartú agus chun cosc a chur le bréagáin neamhchomhlíontacha teacht isteach i margadh an Aontais.

(63)

Nuair a chuirtear bréagáin a thagann ó thríú tíortha faoin nós imeachta custaim um scaoileadh i saorchúrsaíocht, ba cheart don oibreoir eacnamaíoch an tagairt do phas táirge digiteach le haghaidh na mbréagán sin a chur ar fáil do na húdaráis chustaim. Ba cheart an tagairt don phas táirge digiteach a bheith ag comhfhreagairt d’aitheantóir clárúcháin uathúil arna chur in iúl don oibreoir eacnamaíoch ag an gclárlann . Ba cheart do na húdaráis chustaim a fhíorú, mar íoscheanglas, go gcomhfhreagraíonn tagairt bhailí don aitheantóir clárúcháin uathúil agus don chód tráchtearraí ábhartha don bhréagán a sholáthraítear nó a chuirtear ar fáil dóibh do na sonraí a stóráiltear sa chlárlann. Lamhálfadh sé sin do na húdaráis chustaim a fhíorú go bhfuil pas táirge digiteach ann le haghaidh bréagáin allmhairithe. Chun an fíorú uathoibríoch sin a dhéanamh, ba cheart an t-idirnasc idir an chlárlann agus EU CSW-CERTEX dá bhforáiltear in Airteagal 15(3) de Rialachán (AE) 2024/1781 a úsáid.

(64)

Leis na sonraí a chuimsítear sa phas táirge digiteach, beartaítear a lamháil do na húdaráis chustaim an bainistiú riosca a fheabhsú agus a éascú agus díriú níos fearr ar rialuithe ag an teorainn a chumasú. Dá bhrí sin, ba cheart do na húdaráis chustaim a bheith in ann na sonraí a chuimsítear sa phas táirge digiteach agus sa chlárlann a aisghabháil agus a úsáid chun a gcúraimí a dhéanamh i gcomhréir le dlí an Aontais, lena n-áirítear bainistiú riosca i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

(65)

Níor cheart fíorú uathoibríoch na n-údarás custaim ar an tagairt do phas táirge digiteach le haghaidh bréagán a thagann isteach i margadh an Aontais a chur in ionad fhreagrachtaí na n-údarás um fhaireachas margaidh ná iad a mhodhnú, ach chun creat foriomlán na rialuithe ar tháirgí a thagann isteach i margadh an Aontais a chomhlánú. Ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (AE) 2019/1020 fós maidir le bréagáin chun a áirithiú go ndéanfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh seiceálacha ar an bhfaisnéis atá i bpasanna táirge digiteacha agus seiceálacha ar bhréagáin laistigh den mhargadh i gcomhréir leis an Rialachán sin agus, i gcás ina gcuireann na húdaráis atá ainmnithe chun rialuithe a dhéanamh ag teorainneacha seachtracha an Aontais scaoileadh i saorchúrsaíocht ar fionraí, comhlíontacht agus rioscaí maidir le bréagáin a rialú de bhun Chaibidil VII de Rialachán (AE) 2019/1020.

(66)

Nochtar leanaí go laethúil do réimse leathan ceimiceán difriúil de thionscnamh foinsí éagsúla a mbíonn éifeachtaí diúltacha acu mar shubstaintí nó mar mheascáin aonair, ach freisin trí nochtadh comhcheangailte. Tá dul chun cinn nach beag déanta chun roinnt bearnaí eolais a dhúnadh maidir leis an tionchar atá ag éifeacht chomhcheangailte na gceimiceán sin. Mar sin féin, faoi láthair déantar measúnú ar shábháilteacht ceimiceán de ghnáth trí mheastóireacht a dhéanamh ar shubstaintí aonair agus i gcásanna áirithe ar mheascáin a chuirtear leo d’aon ghnó le haghaidh úsáidí áirithe. Tá gá le tuilleadh iarrachtaí chun tuiscint níos fearr a fháil ar thionchar chomhéifeacht na gceimiceán. D’fhonn an chosaint is airde a thabhairt do leanaí, ba cheart na substaintí is díobhálaí a thoirmeasc go ginearálta i mbréagáin chun a áirithiú nach dtarlóidh nochtadh i gcás bréagán. Sna teorainnluachanna sonracha do cheimiceáin i mbréagáin, ba cheart a chur san áireamh nochtadh comhcheangailte ó fhoinsí éagsúla don tsubstaint cheimiceach chéanna. Ina theannta sin, ba cheart a cheangal ar mhonaróirí anailís a dhéanamh ar na guaiseacha éagsúla a d’fhéadfadh a bheith ag an mbréagán agus measúnú a dhéanamh ar an nochtadh a d’fhéadfadh a bheith ann do na guaiseacha sin agus, mar chuid den mheasúnú ar ghuaiseacha ceimiceacha, iarmhairtí carnacha nó sineirgisteacha aitheanta na gceimiceán atá sa bhréagán a mheas, d’fhonn a áirithiú go gcuirfear rioscaí ó nochtadh comhuaineach do cheimiceáin iolracha san áireamh. Thairis sin, ní mór do bhréagáin an reachtaíocht ghinearálta a chomhlíonadh maidir le ceimiceáin, go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, agus ní athraítear leis an Rialachán seo na hoibleagáidí is infheidhme de bhun an Rialacháin sin maidir le measúnú a dhéanamh ar shábháilteacht na substaintí ceimiceacha nó na meascán ceimiceach iad féin.

(67)

Ba cheart do mhonaróirí an doiciméadacht theicniúil a ullmhú ina dtugtar tuairisc ar ghnéithe ábhartha uile na mbréagán, lena n-áirítear an measúnú sábháilteachta ar na guaiseacha uile a d’fhéadfadh a bheith ag an mbréagán agus ar an gcaoi ar tugadh aghaidh orthu, ionas go mbeidh na húdaráis um fhaireachas margaidh in ann a gcúraimí a dhéanamh go héifeachtúil. Ba cheart a cheangal ar an monaróir an doiciméadacht theicniúil sin a chur ar fáil do na húdaráis náisiúnta arna iarraidh sin dóibh nó do chomhlachtaí faoina dtugtar fógra i gcomhthéacs an nós imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta.

(68)

Sa mheasúnú sábháilteachta, ba cheart do mhonaróirí measúnú a dhéanamh ar na substaintí ceimiceacha atá sa bhréagán agus ar láithreacht neamhbheartaithe substaintí atá faoi réir toirmisc chineálacha nó srianta eile agus a chinneadh an bhfuil a láithreacht ar na leibhéil sin dosheachanta go teicniúil le dea-chleachtais mhonaraíochta agus an bhfuil an bréagán sábháilte. Ba cheart raon feidhme na tástála féideartha a chinneadh sa mheasúnú, go háirithe i gcás na substaintí sin ar féidir a bheith ag súil leis go réasúnta, faoi dhea-chleachtais mhonaraíochta, go mbeidh siad le feiceáil sa bhréagán, lena n-áirítear mar rianta.

(69)

Chun a áirithiú go gcomhlíonann bréagáin na buncheanglais sábháilteachta, is gá nósanna imeachta iomchuí um measúnú comhréireachta a leagan síos atá le leanúint ag an monaróir. Tá an rialú inmheánach táirgthe atá bunaithe ar fhreagracht an mhonaróra féin as an measúnú comhréireachta leordhóthanach i gcás inar lean sé na caighdeáin chomhchuibhithe ar foilsíodh tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó sonraíochtaí coiteanna lena gcumhdaítear na ceanglais sábháilteachta áirithe uile don bhréagán. I gcásanna nach ann do na caighdeáin chomhchuibhithe ná do na sonraíochtaí coiteanna sin, ba cheart an bréagán a chur faoi réir fhíorú tríú páirtí, sa chás seo, cineálscrúdú AE. Ba cheart feidhm a bheith ag an méid sin más rud é gur foilsíodh ceann amháin nó níos mó de na caighdeáin sin le srian in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, nó murar chomhlíon an monaróir na caighdeáin ná na sonraíochtaí sin go hiomlán, nó murar chomhlíon sé iad ach go páirteach. Ba cheart don mhonaróir an bréagán a chur faoi chineálscrúdú AE i gcásanna ina measann sé gur gá fíorú tríú páirtí de bharr chineál, dhearadh, dhéanamh nó chuspóir na mbréagán.

(70)

Ós rud é gur gá ardleibhéal aonfhoirmeach feidhmíochta na gcomhlachtaí a dhéanann measúnú comhréireachta ar bhréagáin ar fud an Aontais a áirithiú, agus ós rud é gur cheart do gach comhlacht den sórt sin a fheidhmeanna a dhéanamh ar an leibhéal céanna agus faoi dhálaí córa iomaíochta, ba cheart ceanglais a shocrú do chomhlachtaí um measúnú comhréireachta ar mian leo fógra a fháil uathu chun seirbhísí um measúnú comhréireachta a sholáthar i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(71)

Má léiríonn comhlacht um measúnú comhréireachta go bhfuil sé i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos sna caighdeáin chomhchuibhithe, ba cheart don chomhlacht um measúnú comhréireachta glacadh leis go gcomhlíonann sé na ceanglais chomhfhreagracha a leagtar amach sa Rialachán seo.

(72)

Ba cheart an córas a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlánú leis an gcóras creidiúnúcháin dá ndéantar foráil i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008. Ós rud é gur bealach bunriachtanach é an creidiúnú chun inniúlacht na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta a fhíorú, ba cheart é a úsáid freisin chun fógra a thabhairt. Go háirithe, ba cheart creidiúnú trédhearcach dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, lena n-áirithítear an leibhéal muiníne is gá as deimhnithe comhréireachta, a bheith mar an t-aon mhodh amháin chun inniúlacht theicniúil na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta a léiriú.

(73)

Is minic a ligeann comhlachtaí um measúnú comhréireachta codanna dá ngníomhaíochtaí a bhaineann le measúnú comhréireachta ar fochonradh nó is minic a théann siad in iontaoibh fochuideachta. Chun an leibhéal cosanta atá riachtanach chun na bréagáin a chur ar an margadh a chosaint, ní mór d’fhochonraitheoirí agus fochuideachtaí um measúnú comhréireachta na ceanglais chéanna a chomhlíonadh agus a chomhlíonann comhlachtaí faoina dtugtar fógra i dtaca le cúraimí um measúnú comhréireachta a fheidhmiú. Dá bhrí sin, sa mheasúnú ar inniúlacht agus ar fheidhmíocht comhlachtaí faoina bhfuil fógra le tabhairt, agus san fhaireachán ar chomhlachtaí faoina bhfuil fógra tugtha cheana féin, tá sé tábhachtach gníomhaíochtaí a dhéanann fochonraitheoirí agus fochuideachtaí a chumhdach. Go háirithe, ba cheart a sheachaint go mbainfí leas iomarcach as fochuideachtaí agus fochonraitheoirí, ar bhealach ina dtarraingeofaí amhras ar inniúlacht an chomhlachta faoina dtugtar fógra nó ar mhaoirseacht an údaráis a thugann fógra.

(74)

D’fhonn leibhéal comhsheasmhach cáilíochta a áirithiú agus measúnú comhréireachta á dhéanamh ar bhréagáin, ní hamháin gur gá na ceanglais atá le comhlíonadh ag na comhlachtaí um measúnú comhréireachta ar mian leo fógra a fháil ina leith a chomhdhlúthú, ach is gá freisin, i gcomhthreo leis sin, ceanglais a leagan síos atá le comhlíonadh ag na húdaráis a thugann fógra agus ag na comhlachtaí eile atá bainteach leis an measúnú, maidir le fógra a thabhairt agus faireachán a dhéanamh ar chomhlachtaí faoina dtugtar fógra.

(75)

Ós rud é gur féidir le comhlachtaí faoina dtugtar fógra a seirbhísí a thairiscint ar fud an Aontais, is iomchuí an deis a thabhairt do na Ballstáit eile agus don Choimisiún agóidí a dhéanamh maidir le comhlacht faoina dtugtar fógra. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh maidir le tréimhse inar féidir amhras nó ábhar imní ar bith maidir le hinniúlacht comhlachtaí um measúnú comhréireachta a shoiléiriú sula dtosóidís ag feidhmiú mar chomhlachtaí faoina dtugtar fógra. Ba cheart don Choimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, iarraidh ar an údarás a thugann fógra na bearta ceartaitheacha is gá a dhéanamh maidir le comhlacht faoina dtugtar fógra nach gcomhlíonann na ceanglais.

(76)

Ar mhaithe le hiomaíochas, tá sé ríthábhachtach go gcuirfidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta i bhfeidhm gan ualaí nach bhfuil gá leo a chur ar na hoibreoirí eacnamaíocha. Ar an gcúis chéanna, agus chun cóir chomhionann do gach oibreoir eacnamaíoch a áirithiú, ní mór comhsheasmhacht i gcur i bhfeidhm teicniúil na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a áirithiú. Is fearr is féidir an chomhsheasmhacht sin a bhaint amach trí chomhordú agus comhar iomchuí idir na comhlachtaí faoina dtugtar fógra. Ba cheart don chomhordú agus don chomhar sin rialacha iomaíochta an Aontais a urramú.

(77)

Is ionstraim fhíor-riachtanach é an faireachas margaidh sa mhéid go n-áirithítear leis cur i bhfeidhm ceart agus aonfhoirmeach dhlí an Aontais. Leagtar amach an creat chun faireachas margaidh a dhéanamh ar tháirgí atá faoi réir reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú i Rialachán (AE) 2019/1020, lena n-áirítear bréagáin. Ós rud é go gcuirtear an Rialachán seo in ionad Threoir 2009/48/CE, na rialacha maidir le faireachas margaidh agus rialuithe ar tháirgí a thagann isteach i margadh an Aontais a leagtar amach i Rialachán (AE) 2019/1020, lena n-áirítear an ceanglas sonrach a leagtar amach in Airteagal 4 den Rialachán sin maidir le bréagáin a chur ar an margadh má tá oibreoir eacnamaíoch ann atá bunaithe san Aontas agus atá freagrach as na cúraimí a shonraítear san Airteagal sin, agus sa chás sin amháin, leanfaidh na rialacha sin d’fheidhm a bheith acu maidir le bréagáin. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit faireachas margaidh a eagrú agus a dhéanamh ar bhréagáin i gcomhréir leis an Rialachán sin.

(78)

Déantar foráil i dTreoir 2009/48/CE maidir le nós imeachta coimirce lena gceadaítear don Choimisiún agus do Bhallstáit eile scrúdú a dhéanamh ar an mbonn cirt atá le beart a rinne Ballstát in aghaidh bréagáin a mheasann an Ballstát a bheith neamhchomhlíontach. Áirithítear leis an nós imeachta sin go gcuirfear páirtithe leasmhara ar an eolas faoi bhearta a bheartaítear a dhéanamh maidir le bréagáin lena mbaineann riosca do shláinte nó do shábháilteacht daoine agus go ndéileálann na húdaráis um fhaireachas margaidh uile i margadh an Aontais go comhsheasmhach leis na bréagáin sin. Ba cheart, dá bhrí sin, cloí leis an nós imeachta sin.

(79)

I gcás ina dtagann na Ballstáit agus an Coimisiún ar chomhaontú maidir le húdar cuí a thabhairt do bheart arna dhéanamh ag Ballstát, níor cheart don Choimisiún a bheith ag páirteach sa bheart ina dhiaidh sin. I gcás ina ndéantar agóidí in aghaidh an bhirt sin, ba cheart don Choimisiún a chinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cé acu atá nó nach bhfuil bonn cirt leis an mbeart náisiúnta sin i ndáil le bréagán.

(80)

Is léir ón taithí a fuarthas le Treoir 2009/48/CE go mbaineann riosca do leanaí le bréagáin nua atá ar fáil ar an margadh agus a bhí comhlíontach leis na ceanglais sábháilteachta áirithe is infheidhme nuair a cuireadh ar an margadh iad agus, dá bhrí sin, nach gcomhlíonann siad an ceanglas sábháilteachta ginearálta. Dá bhrí sin, ba cheart don Rialachán seo a áirithiú gur féidir leis na húdaráis um fhaireachas margaidh beart a dhéanamh in aghaidh aon bhréagáin lena mbaineann riosca do leanaí, fiú i gcás ina gcomhlíonann sé na ceanglais sábháilteachta shonracha.

(81)

I gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1020, ceanglaítear ar údaráis um fhaireachas margaidh, tríd an gcóras faisnéise agus cumarsáide maidir le faireachas margaidh, faisnéis a chur in iúl maidir le bréagáin a ndearnadh cigireacht dhomhain orthu, lena n-áirítear bearta nó gníomhaíocht cheartaitheach a glacadh chomh maith leis an bhfaisnéis atá ar fáil maidir le gortuithe a tharla de bharr na mbréagán sin. Thairis sin, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2023/988 ceanglaítear ar mhonaróirí fógra a thabhairt, trí Safety Business Gateway, faoi aon teagmhas díobhála mar thoradh ar tháirge a úsáid. Ba cheart an fhaisnéis sin a chur san áireamh mar chuid den phróiseas meastóireachta, chun éifeachtúlacht an Rialacháin seo a mheasúnú.

(82)

Chun dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch nó fianaise eolaíoch nua a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis an Rialachán seo a leasú trí na rabhaidh shonracha atá le greamú de bhréagáin a oiriúnú, trí cheanglais shonracha a ghlacadh maidir le substaintí ceimiceacha i mbréagáin agus trí mhaoluithe a dheonú chun úsáidí sonracha i mbréagáin a cheadú i gcás substaintí atá faoi réir toirmisc chineálacha.

(83)

Chun dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch a chur san áireamh chomh maith le leibhéal ullmhachta digití na n-údarás um fhaireachas margaidh agus na leanaí agus a maoirseoirí, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún a mhéid a bhaineann leis an Rialachán seo a fhorlíonadh trí ceanglais theicniúla an phas táirge dhigitigh a chinneadh, agus a mhéid a bhaineann leis an Rialachán seo a leasú maidir leis an bhfaisnéis atá le háireamh sa phas táirge digiteach agus leis an bhfaisnéis atá le háireamh sa chlárlann.

(84)

Chun obair na n-údarás custaim i ndáil le bréagáin agus a gcomhlíontacht leis na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo a éascú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le leasú a dhéanamh ar liosta na gcód tráchtearraí agus na dtuairiscí ar tháirgí atá le húsáid le haghaidh rialuithe custaim i gcomhréir leis an Rialachán seo ar bhonn Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (22).

(85)

Agus gníomhartha tarmligthe de bhun an Rialacháin seo á nglacadh, tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe agus na ngeallsealbhóirí, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (23). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile an tráth céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus tá rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(86)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun a chinneadh cé acu a mheasfar nó nach measfar táirge sonrach nó grúpa táirgí mar bhréagán chun críocha an Rialacháin seo. I gcásanna eisceachtúla inar gá sin chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí nua atá ag teacht chun cinn agus nach dtugtar aghaidh orthu go hiomchuí leis na ceanglais sábháilteachta áirithe, ba cheart an Coimisiún a chumhachtú gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar amach bearta sonracha in aghaidh bréagán nó catagóirí bréagán a chuirtear ar fáil ar an margadh agus a bhfuil riosca ag baint leo do leanaí. Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh más rud é, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus a bhaineann le sláinte agus sábháilteacht na ndaoine a chosaint, go n-éilítear amhlaidh ar mhórfhorais phráinne.

(87)

Ba cheart na cumhachtaí cur chun feidhme a thugtar don Choimisiún leis an Rialachán seo a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24).

(88)

Ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le pionóis a bheadh infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo. Ba cheart na pionóis sin a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

(89)

Chun dóthain ama a thabhairt do mhonaróirí agus d’oibreoirí eacnamaíocha eile oiriúnú do na ceanglais a leagtar síos leis an Rialachán seo, is gá foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse inar féidir bréagáin a chomhlíonann Treoir 2009/48/CE a chur ar an margadh.

(90)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, is é sin sábháilteacht bréagán a áirithiú d’fhonn ardleibhéal cosanta do shláinte agus do shábháilteacht leanaí a áirithiú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh á ráthú an tráth céanna, a bhaint amach go leordhóthanach ach gur fearr, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha maidir le sábháilteacht bréagán chun ardleibhéal cosanta do shláinte agus sábháilteacht leanaí agus daoine eile a áirithiú, agus aird chuí á tabhairt ar phrionsabal an réamhchúraim, agus ar rialacha maidir le saorghluaiseacht bréagán san Aontas.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le táirgí atá deartha nó beartaithe, bídís go heisiach nó ná bídís, lena n-úsáid ag leanaí faoi bhun 14 bliana d’aois agus iad ag súgradh (bréagáin).

Chun críocha an Rialacháin seo, measfar go bhfuil táirge beartaithe lena úsáid ag leanaí faoi bhun 14 bliana d’aois agus iad ag súgradh, i gcás inar féidir le tuismitheoir nó maoirseoir glacadh leis go réasúnta, de bhua fheidhmeanna, thoisí agus shaintréithe an táirge sin, go bhfuil sé beartaithe lena úsáid ag leanaí d’aoisghrúpa ábhartha agus iad ag súgradh.

2.   Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I.

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena gcinnfear an gcomhlíonann táirgí sonracha nó catagóirí táirge na critéir a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo agus, dá bhrí sin, an féidir a mheas gur bréagáin iad de réir bhrí an Rialacháin seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 53(3). Ní bheidh dáta cur i bhfeidhm na ngníomhartha cur chun feidhme sin níos luaithe ná 18 mí ón uair a thiocfaidh siad i bhfeidhm, ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo nó i gcásanna ina meastar nach gcomhlíonann catagóirí áirithe táirge na critéir a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, i gcás ina bhféadfar dáta cur i bhfeidhm níos luaithe a shocrú.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘cur ar fáil ar an margadh’ bréagán a sholáthar lena dháileadh, lena thomhailt nó lena úsáid ar mhargadh an Aontais le linn gníomhaíocht tráchtála, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce;

(2)

ciallaíonn ‘cur ar an margadh’ bréagán a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais den chéad uair;

(3)

ciallaíonn ‘monaróir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a mhonaraíonn bréagán nó a dhéanann bréagán a dhearadh nó a mhonarú, agus a mhargaíonn an bréagán sin faoi ainm an duine sin nó faoi thrádmharc an duine sin;

(4)

ciallaíonn ‘ionadaí údaraithe’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe laistigh den Aontas a bhfuil sainordú i scríbhinn faighte aige ó mhonaróir chun gníomhú thar ceann an mhonaróra sin i ndáil le cúraimí sonraithe maidir le hoibleagáidí an mhonaróra faoin Rialachán seo;

(5)

ciallaíonn ‘allmhaireoir’ aon duine nádúrtha nó aon duine dlítheanach atá bunaithe laistigh den Aontas agus a chuireann bréagán ó thríú tír ar mhargadh an Aontais;

(6)

ciallaíonn ‘dáileoir’ aon duine nádúrtha nó aon duine dlítheanach sa slabhra soláthair, seachas an monaróir nó an t-allmhaireoir, a chuireann bréagán ar fáil ar an margadh;

(7)

ciallaíonn ‘soláthraí seirbhíse comhlíonta’ soláthraí seirbhíse comhlíonta mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe 11, de Rialachán (AE) 2019/1020;

(8)

ciallaíonn ‘oibreoir eacnamaíoch’ an monaróir, an t-ionadaí údaraithe, an t-allmhaireoir, an dáileoir, agus an soláthraí seirbhíse comhlíonta;

(9)

ciallaíonn ‘soláthraí margaidh ar líne’ soláthraí margaidh ar líne mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (14) de Rialachán (AE) 2023/988;

(10)

ciallaíonn ‘caighdeán comhchuibhithe’ caighdeán comhchuibhithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1)(c), de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;

(11)

ciallaíonn ‘reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú’ na gníomhartha reachtacha a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1020 agus aon dlí eile de chuid an Aontais lena ndéantar na coinníollacha maidir le margú táirgí a chomhchuibhiú, ar táirgí iad a bhfuil feidhm ag an Rialachán sin ina leith;

(12)

ciallaíonn ‘beartaithe lena úsáid ag’ go mbeidh tuismitheoir nó maoirseoir in ann le réasún glacadh leis de bhua fheidhmeanna, thoisí agus shaintréithe an bhréagáin go bhfuil sé beartaithe lena úsáid ag leanaí den aoisghrúpa sonraithe;

(13)

ciallaíonn ‘marcáil CE’ marcáil lena léiríonn an monaróir go bhfuil an bréagán i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme a leagtar amach i reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú lena ndéantar foráil maidir lena greamú;

(14)

ciallaíonn ‘buncheanglais sábháilteachta’ an ceanglas sábháilteachta ginearálta a leagtar amach in Airteagal 5(2) mar aon leis na ceanglais sábháilteachta áirithe a leagtar amach in Iarscríbhinn II;

(15)

ciallaíonn ‘múnla de bhréagán’ grúpa bréagán a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:

(a)

is é an monaróir céanna atá freagrach astu;

(b)

tá dearadh agus saintréithe teicniúla aonfhoirmeacha acu;

(c)

déantar iad a mhonarú trí ábhair agus próisis mhonaraíochta aonfhoirmeacha a úsáid; agus

(d)

sainítear iad le huimhir chineáil nó le heilimint eile lenar féidir iad a shainaithint mar ghrúpa;

(16)

ciallaíonn ‘iompróir sonraí’ iompróir sonraí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an chéad mhír, pointe (29), de Rialachán (AE) 2024/1781;

(17)

ciallaíonn ‘pas táirge digiteach’ tacar sonraí a bhaineann go sonrach le bréagán ina bhfuil an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn VI agus atá inrochtana trí mhodhanna leictreonacha trí iompróir sonraí i gcomhréir le Caibidil V den Rialachán seo;

(18)

ciallaíonn ‘aitheantóir táirge uathúil’ aitheantóir tairge uathúil mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an chéad mhír, pointe (30), de Rialachán (AE) 2024/1781;

(19)

ciallaíonn ‘aitheantóir oibreora uathúil’ aitheantóir oibreora uathúil mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an chéad mhír, pointe (31), de Rialachán (AE) 2024/1781;

(20)

ciallaíonn ‘soláthraí seirbhíse pas táirge dhigitigh’ duine nádúrtha nó dlítheanach ar tríú páirtí neamhspleách é atá údaraithe ag an oibreoir eacnamaíoch ar a gceanglaítear pas táirge digiteach a chruthú do bhréagán agus a phróiseálann sonraí an phas táirge dhigitigh don bhréagán sin chun na sonraí sin a chur ar fáil d’oibreoirí eacnamaíocha agus do ghníomhaithe ábhartha eile a bhfuil sé de cheart acu rochtain a fháil ar na sonraí sin faoin Rialachán seo nó faoi dhlíthe eile de chuid an Aontais;

(21)

ciallaíonn ‘scaoileadh i saorchúrsaíocht’ an nós imeachta custaim a leagtar síos in Airteagal 201 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;

(22)

ciallaíonn ‘údaráis chustaim’ údaráis chustaim mar a shainmhínítear in Airteagal 5, pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;

(23)

ciallaíonn ‘Córas Malartaithe Deimhnithe de chuid Ionaid Ilfhreastail an Aontais Eorpaigh maidir le Custam (EU CSW-CERTEX)’ an córas arna bhunú le hAirteagal 4 de Rialachán (AE) 2022/2399;

(24)

ciallaíonn ‘Safety Business Gateway’ an tairseach ghréasáin dá dtagraítear in Airteagal 27 de Rialachán (AE) 2023/988;

(25)

ciallaíonn ‘measúnú comhréireachta’ an próiseas lena léirítear cé acu ar comhlíonadh nó nár comhlíonadh na buncheanglais sábháilteachta maidir le bréagán;

(26)

ciallaíonn ‘comhlacht um measúnú comhréireachta’ comhlacht a dhéanann gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, lena n-áirítear calabrú, tástáil, deimhniú agus cigireacht;

(27)

ciallaíonn ‘creidiúnú’ creidiúnú mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (10), de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008;

(28)

ciallaíonn ‘comhlacht náisiúnta creidiúnúcháin’ comhlacht creidiúnaithe náisiúnta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (11), de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008;

(29)

ciallaíonn ‘guais’ foinse fhéideartha dhíobhála;

(30)

ciallaíonn ‘riosca’ an dóchúlacht go dtarlódh guais i gcomhcheangal lena thromchúisí a bheadh an díobháil arbh í an ghuais sin ba chúis léi;

(31)

ciallaíonn ‘aisghairm’ aon bheart a bhfuil sé d’aidhm aige go bhfaighfear bréagán a cuireadh ar fáil don úsáideoir deiridh cheana féin ar ais;

(32)

ciallaíonn ‘aistarraingt’ aon bheart a bhfuil sé d’aidhm aige cosc a chur ar bhréagán sa slabhra soláthair a chur ar fáil ar an margadh;

(33)

ciallaíonn ‘údarás um fhaireachas margaidh’ údarás um fhaireachas margaidh mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe 4, de Rialachán (AE) 2019/1020;

(34)

ciallaíonn ‘údarás a thugann fógra’ údarás arna ainmniú ag Ballstát de bhun an Rialacháin seo mar údarás atá freagrach as measúnú a dhéanamh ar chomhlachtaí um measúnú comhréireachta i gcríoch an Bhallstáit sin agus fógra a thabhairt dóibh;

(35)

ciallaíonn ‘bréagán feidhmiúil’ bréagán a fheidhmíonn ar an gcaoi chéanna le táirge, fearas nó suiteáil agus a úsáidtear ar an gcaoi chéanna le táirge, fearas nó suiteáil atá beartaithe lena úsáid ag daoine fásta, agus a d’fhéadfadh a bheith ina mhionsamhail de réir scála den táirge, den fhearas nó den tsuiteáil sin;

(36)

ciallaíonn ‘bréagán uisceach’ bréagán atá beartaithe lena úsáid in uisce éadomhain agus atá in ann leanbh a iompar san uisce nó tacú leis an leanbh sin;

(37)

ciallaíonn ‘bréagán gníomhaíochta’ bréagán lena úsáid sa bhaile ina bhfanann an struchtúr tacaíochta ina stad le linn don ghníomhaíocht a bheith ar siúl agus atá beartaithe chun dreapadóireacht, léim, luascadh, sleamhnú, bogadh anonn is anall, guairneáil, lámhacán, téaltú, a dhéanamh nó aon teaglaim díobh sin a dhéanamh;

(38)

ciallaíonn ‘bréagán ceimiceach’ bréagán atá beartaithe chun substaintí ceimiceacha agus meascáin cheimiceacha a láimhseáil go díreach;

(39)

ciallaíonn ‘cluiche boird boltanach’ bréagán arb é is cuspóir dó cabhrú le leanbh foghlaim conas bolaithe nó blasanna difriúla a shainaithint;

(40)

ciallaíonn ‘pacáiste cosmaideach’ bréagán arb é is cuspóir dó cabhrú le leanbh foghlaim conas táirgí cosmaideacha a dhéanamh, mar shampla cumhráin, gallúnacha, uachtair, seampúnna, feabhsaitheoirí, cúir folctha agus taois fiacla chomh maith le snasanna béil, béaldathanna, vearnaisí ingne agus smideadh eile;

(41)

ciallaíonn ‘cluiche blastachta’ bréagán arb é is cuspóir dó ligean do leanaí milseáin nó miasa a dhéanamh trí chomhábhair bhia a úsáid, lena n-áirítear leachtanna, púdair agus dea-bholaithe;

(42)

ciallaíonn ‘SPFAnna’ aon substaint ina bhfuil adamh carbóin amháin ar a laghad de mheitil lánfhluairínithe (CF3-) nó de mheitiléin lánfhluairínithe (-CF2-) (gan aon H/Cl/Br/I ceangailte leis).

Airteagal 4

Saorghluaiseacht

1.   Ní dhéanfaidh na Ballstáit, ar chúiseanna a bhaineann le sláinte agus sábháilteacht nó le gnéithe eile a chumhdaítear leis an Rialachán seo, toirmeasc, srian ná bac a chur ar bhréagáin a chomhlíonann an Rialachán seo a chur ar fáil ar an margadh.

2.   Ag aontaí trádála, taispeántais agus léirithe nó imeachtaí comhchosúla, ní chuirfidh na Ballstáit cosc ar bhréagán nach gcomhlíonann an Rialachán seo a chur ar taispeáint, ar choinníoll go gcuirtear in iúl ar chomhartha soléite nach gcomhlíonann sé an Rialachán seo agus nach gcuirfear ar fáil ar an margadh é go dtí go mbeidh sé tugtha chun comhréireachta.

Le linn aontaí, taispeántas agus léirithe, déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha bearta leordhóthanacha chun cosaint daoine a áirithiú.

Airteagal 5

Buncheanglais sábháilteachta

1.   Ní chuirfear bréagáin ar an margadh ach amháin má chomhlíonann siad na buncheanglais sábháilteachta arb iad an ceanglas sábháilteachta a leagtar amach i mír 2 (‘an ceanglas sábháilteachta ginearálta’) agus na ceanglais sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn II (na ‘ceanglais sábháilteachta áirithe’).

2.   Ní bheidh riosca ag baint le bréagáin do shábháilteacht nó do shláinte úsáideoirí ná daoine eile, nuair a úsáidtear iad mar a bhí beartaithe nó ar bhealach intuartha, agus iompar leanaí á chur san áireamh.

Agus measúnú á dhéanamh ar an riosca dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfear san áireamh cumas na n-úsáideoirí agus, i gcás inarb iomchuí, a gcumas siúd atá i bhfeighil orthu. I gcás bréagán atá beartaithe lena úsáid ag leanaí faoi bhun 36 mhí nó ag aoisghrúpa sonraithe eile, déanfar cumas na n-úsáideoirí san aoisghrúpa sin a chur san áireamh.

3.   Comhlíonfaidh bréagáin a chuirtear ar an margadh na buncheanglais sábháilteachta le linn a dtréimhse úsáide intuartha.

Airteagal 6

Rabhaidh

1.   I gcás inar gá chun a áirithiú go n-úsáidfear go sábháilte iad, beidh rabhaidh ar bhréagáin ina sonrófar teorainneacha iomchuí úsáideora. Áireofar leis na teorainneacha úsáideora aois íosta an úsáideora ar a laghad agus, i gcás inarb iomchuí, na cumais is gá don úsáideoir, meáchan uasta nó íosta an úsáideora agus an gá lena áirithiú nach n-úsáidfear an bréagán ach duine fásta a bheith i bhfeighil.

2.   Beidh rabhaidh ar na catagóirí bréagán a liostaítear in Iarscríbhinn III i gcomhréir leis na rialacha maidir le gach catagóir a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.

Ní bheidh ceann amháin nó níos mó de na rabhaidh a leagtar amach in Iarscríbhinn III ar bhréagáin i gcás ina mbeidh na rabhaidh sin i gcoinbhleacht le húsáid bheartaithe nó le húsáid réasúnta intuartha an bhréagáin, arna cinneadh de bhua a fheidhme, a thoisí agus a shaintréithe.

3.   Déanfaidh an monaróir rabhaidh a mharcáil ar bhealach atá infheicthe go soiléir, soléite, intuigthe agus cruinn ar an mbréagán, ar lipéad greamaithe nó ar an bpacáistíocht agus, más iomchuí, ar na treoracha úsáide a ghabhann leis an mbréagán. Greamófar rabhaidh iomchuí ar bhréagáin a dhíoltar gan phacáistiú má tá spás dó sin ar dhromchla an bhréagáin. Mura féidir é sin a dhéanamh, cuirfear na rabhaidh ar an lipéad.

Comhlíonfaidh na rabhaidh na critéir infheictheachta agus inléiteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

Beidh na rabhaidh a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 infheicthe go soiléir don tomhaltóir roimh an gceannach, lena n-áirítear i gcásanna ina ndéantar an ceannach trí chiandíolacháin.

4.   Leis na lipéid agus na treoracha úsáide, déanfar aird na leanaí nó a maoirseoirí a tharraingt ar na guaiseacha agus na rioscaí bunúsacha do shláinte agus do shábháilteacht leanaí i bhfianaise aoisghrúpa na leanaí a bhfuil na bréagáin beartaithe dóibh, agus ar na bealaí chun na guaiseacha agus rioscaí sin a sheachaint.

CAIBIDIL II

OIBLEAGÁIDÍ NA nOIBREOIRÍ EACNAMAÍOCHA

Airteagal 7

Oibleagáidí na monaróirí

1.   Agus bréagáin á gcur ar an margadh acu, áiritheoidh monaróirí gur dearadh agus gur monaraíodh iad i gcomhréir leis na buncheanglais sábháilteachta.

2.   Sula gcuirfidh siad bréagáin ar an margadh, tarraingeoidh monaróirí suas an doiciméadacht theicniúil a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 27 agus déanfaidh siad an nós imeachta um measúnú comhréireachta is infheidhme i gcomhréir le hAirteagal 26 nó socróidh siad go ndéanfar é.

I gcás inar léiríodh leis an nós imeachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír go gcomhlíonann bréagán na ceanglais is infheidhme a leagtar síos sa Rialachán seo, déanfaidh monaróirí, sula gcuirfear an bréagán ar an margadh an méid seo a leanas:

(a)

pas táirge digiteach a chruthú don bhréagán i gcomhréir le hAirteagal 19;

(b)

an t-iompróir sonraí a ghreamú i gcomhréir le hAirteagal 19(7);

(c)

an mharcáil CE a ghreamú i gcomhréir le hAirteagal 18(1); agus

(d)

aitheantóir táirge uathúil agus aitheantóir oibreora uathúil an bhréagáin a uaslódáil, chomh maith le haon fhaisnéis bhreise eile a chinnfear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49(3), chuig an gclárlann le haghaidh pasanna táirge digiteacha dá dtagraítear in Airteagal 22(1).

3.   Áiritheoidh na monaróirí go bhfuil an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear i mír 2 cothrom le dáta. Thairis sin, coimeádfaidh monaróirí an doiciméadacht theicniúil agus an pas táirge digiteach go ceann tréimhse 10 mbliana tar éis don bhréagán a chumhdaítear faoin doiciméadacht agus faoin bpas táirge digiteach sin a bheith curtha ar an margadh.

4.   Áiritheoidh na monaróirí go mbeidh nósanna imeachta i bhfeidhm le haghaidh bréagáin atá ina gcuid de tháirgeadh sraithe chun go leanfaidh siad de bheith i gcomhréir leis an Rialachán seo. Athruithe ar dhearadh nó ar shaintréithe bréagán, agus athruithe ar na caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 15 nó ar na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear in Airteagal 16 trína ndéantar comhréireacht bréagán a dhearbhú nó ar trína gcur i bhfeidhm a fhíoraítear a chomhréireacht, cuirfear san áireamh go leordhóthanach iad.

I gcás ina meastar é a bheith iomchuí maidir leis na rioscaí a ghabhann le bréagán, déanfaidh na monaróirí, chun sláinte agus sábháilteacht tomhaltóirí nó úsáideoirí deiridh eile a chosaint, tástáil shamplach ar bhréagáin arna margú.

5.   Áiritheoidh na monaróirí go mbeidh uimhir chineáil, baiscuimhir, sraithuimhir nó uimhir mhúnla ar a mbréagáin nó go mbeidh eilimint eile orthu lenar féidir iad a shainaithint, nó, i gcás nach féidir sin a dhéanamh de dheasca mhéid nó chineál an bhréagáin, go soláthrófar an fhaisnéis riachtanach ar phacáistíocht an bhréagáin nó i ndoiciméad a ghabhann leis an mbréagán.

6.   Léireoidh na monaróirí ar an mbréagán, a n-ainm, a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe, agus an seoladh poist agus an seoladh leictreonach lenar féidir dul i dteagmháil leo a léiriú ar an mbréagán nó, i gcás nach bhfuil sé sin indéanta, ar an bpacáistíocht, i ndoiciméad a ghabhann leis an mbréagán nó ar an bpas táirge digiteach. Léireoidh na monaróirí pointe aonair ag ar féidir dul i dteagmháil leo.

7.   Áiritheoidh monaróirí go bhfuil treoracha agus faisnéis maidir lena úsáid agus a shábháilteacht ag gabháil leis an mbréagán i dteanga nó i dteangacha atá sothuigthe do thomhaltóirí agus d’úsáideoirí deiridh eile, mar a chinnfidh an Ballstát lena mbaineann. Beidh na treoracha agus an fhaisnéis sin soiléir, intuigthe agus inléite, lena n-áirítear do dhaoine faoi mhíchumas más indéanta.

8.   Áiritheoidh monaróirí go mbeidh rabhaidh ar an mbréagán i gcomhréir le hAirteagal 6 i dteanga nó i dteangacha atá sothuigthe do thomhaltóirí agus d’úsáideoirí deiridh eile, mar a chinnfidh an Ballstát lena mbaineann.

9.   I gcás ina measann monaróirí, nó ina bhfuil cúis acu lena chreidiúint, nach gcomhlíonann bréagán atá curtha ar an margadh acu an Rialachán seo, déanfaidh siad na bearta ceartaitheacha is gá láithreach chun an bréagán sin a thabhairt chun comhréireachta, a tharraingt siar nó a aisghairm, de réir mar is iomchuí.

Thairis sin, i gcás ina measann na monaróirí, nó ina bhfuil cúis acu lena chreidiúint, go bhfuil riosca ag gabháil leis an mbréagán, cuirfidh siad an méid sin in iúl láithreach dóibh seo a leanas:

(a)

údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát ina bhfuil an bréagán curtha ar fáil acu, trí Safety Business Gateway, agus tabharfaidh siad mionsonraí, go háirithe, faoi aon neamhchomhlíontacht agus faoi aon bheart ceartaitheach a rinneadh; agus

(b)

na tomhaltóirí nó na húsáideoirí deiridh eile, i gcomhréir le hAirteagal 35 nó Airteagal 36 de Rialachán (AE) 2023/988 nó an dá Airteagal.

10.   Mar thoradh ar iarraidh réasúnaithe ó údarás náisiúnta inniúil, cuirfidh na monaróirí an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile is gá chun comhréireacht an bhréagáin a léiriú ar fáil dó, i dteanga atá sothuigthe don údarás sin. Oibreoidh siad i gcomhar leis an údarás sin, arna iarraidh sin dó, a mhéid a bhaineann le gníomhaíocht ar bith a dhéanfar chun na rioscaí a bhaineann le bréagáin atá curtha ar an margadh acu a dhíothú.

11.   Áiritheoidh monaróirí go ndéanfar oibreoirí eacnamaíocha eile, an t-oibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2019/1020, agus soláthraithe margaí ar líne, sa slabhra soláthair lena mbaineann, a choinneáil ar an eolas go tráthúil faoi aon neamh-chomhlíonadh arna shainaithint ag na monaróirí.

Áiritheoidh monaróirí go soláthrófar do na soláthraithe seirbhíse comhlíonta an fhaisnéis mhionsonraithe is gá chun a áirithiú go ndéanfar bréagáin a stóráil, a phacáistiú, a lipéadú nó a sheoladh go sábháilte.

12.   Cuirfidh monaróirí cainéil chumarsáide, mar shampla uimhir theileafóin, seoladh leictreonach, nó cuid ar leith dá suíomh gréasáin ar fáil go poiblí chun go mbeidh tomhaltóirí nó úsáideoirí deiridh eile in ann gearáin a thíolacadh a bhaineann le sábháilteacht bréagán agus chun na monaróirí a chur ar an eolas faoi aon tionóisc nó saincheist sábháilteachta a bhaineann leis na bréagáin sin. Agus an méid sin á dhéanamh acu, cuirfidh na monaróirí san áireamh na riachtanais inrochtaineachta atá ag daoine faoi mhíchumas.

13.   Imscrúdóidh na monaróirí gearáin agus faisnéis dá dtagraítear i mír 12 agus coimeádfaidh siad clár inmheánach de na gearáin sin agus den fhaisnéis sin, chomh maith le haisghairmeacha agus aon bheart ceartaitheach eile a rinneadh chun na bréagáin a chur i gcomhréir leis an Rialachán seo.

14.   Ní bheidh sa chlár inmheánach dá dtagraítear i mír 13 ach na sonraí pearsanta sin atá riachtanach chun go ndéanfaidh an monaróir imscrúdú ar an ngearán nó ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 12. Ní choinneofar na sonraí sin ach chomh fada agus is gá chun críocha an imscrúdaithe agus, in aon chás, go ceann tréimhse nach faide ná 5 bliana tar éis iontráil na sonraí sa chlár inmheánach.

Airteagal 8

Ionadaithe údaraithe

1.   Féadfaidh an monaróir ionadaí údaraithe a cheapadh trí shainordú i scríbhinn.

2.   Ní bheidh na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 7(1) ná an oibleagáid doiciméadacht theicniúil a tharraingt suas dá dtagraítear in Airteagal 7(2) mar chuid de shainordú an ionadaí údaraithe.

3.   Feidhmeoidh ionadaí údaraithe na cúraimí arna sonrú sa sainordú a gheofar ón monaróir agus cuirfidh sé cóip den sainordú ar fáil do na húdaráis um fhaireachas margaidh arna iarraidh sin dóibh. Ceadófar leis an sainordú don ionadaí údaraithe na nithe seo a leanas a dhéanamh ar a laghad:

(a)

an doiciméadacht theicniúil a choinneáil ar fáil do na húdaráis inniúla náisiúnta agus a áirithiú go mbeidh an pas táirge digiteach ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 19(2), go ceann tréimhse 10 mbliana tar éis an bréagán a chumhdaítear leis an doiciméadacht sin agus leis an bpas táirge digiteach sin a bheith curtha ar an margadh;

(b)

tar éis dó iarraidh réasúnaithe a fháil ó údarás inniúil náisiúnta, an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile is gá a chur ar fáil don údarás sin chun comhréireacht bréagáin a léiriú i dteanga is féidir leis an údarás sin a thuiscint go héasca;

(c)

comhoibriú leis na húdaráis inniúla náisiúnta, arna iarraidh sin dóibh, maidir le haon bheart a dhéanfar chun deireadh a chur leis na rioscaí a bhaineann le bréagáin a chumhdaítear leis an sainordú; agus

(d)

na húdaráis inniúla náisiúnta a chur ar an eolas faoi aon ghníomhaíocht a rinneadh chun deireadh a chur leis na rioscaí a bhaineann le bréagáin a chumhdaítear lena sainordú trí Safety Business Gateway, i gcás nár chuir an monaróir an fhaisnéis ar fáil cheana.

4.   I gcás ina gceapfaidh monaróir nach bhfuil bunaithe san Aontas ionadaí údaraithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, áireofar sa sainordú i scríbhinn na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 4(3) de Rialachán (AE) 2019/1020.

5.   I gcás ina bhfuil cúis lena chreidiúint go bhfuil bréagán neamhchomhlíontach nó go ngabhann riosca leis, cuirfidh ionadaithe údaraithe na húdaráis um fhaireachas margaidh ar an eolas faoi sin láithreach.

Airteagal 9

Oibleagáidí allmhaireoirí

1.   Ní chuirfidh allmhaireoirí ar an margadh ach bréagáin a chomhlíonann an Rialachán seo.

2.   Sula ndéanfaidh siad bréagáin a chur ar an margadh, áiritheoidh allmhaireoirí an méid seo a leanas:

(a)

gur chuir an monaróir an nós imeachta iomchuí um measúnú comhréireachta i gcrích agus gur tharraing sé suas an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 7(2);

(b)

go bhfuil treoracha úsáide agus faisnéis sábháilteachta i gcomhréir le hAirteagal 7(7) ag gabháil leis an mbréagán agus go bhfuil rabhaidh i gcomhréir le hAirteagal 6 ar an mbréagán i dteanga nó i dteangacha atá sothuigthe do thomhaltóirí nó d’úsáideoirí deiridh eile, de réir mar a chinnfidh an Ballstát lena mbaineann;

(c)

gur chruthaigh an monaróir pas táirge digiteach don bhréagán i gcomhréir le hAirteagal 7(2), an dara fomhír, pointe (a);

(d)

go bhfuil an t-iompróir sonraí greamaithe i gcomhréir le hAirteagal 19(7);

(e)

gur áiríodh an fhaisnéis ábhartha ón bpas táirge digiteach a uaslódáladh sa chlárlann le haghaidh pasanna táirge digiteacha i gcomhréir le hAirteagal 22(1);

(f)

go bhfuil an mharcáil CE greamaithe i gcomhréir le hAirteagal 18(1); agus

(g)

gur chomhlíon an monaróir na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 7(5) agus (6).

3.   I gcás ina measann allmhaireoirí, nó ina bhfuil cúis acu lena chreidiúint, nach bhfuil táirge i gcomhréir leis an Rialachán seo, cuirfidh siad an monaróir ar an eolas agus ní chuirfidh siad an bréagán ar an margadh go dtí go mbeidh sé tugtha chun comhréireachta.

Thairis sin, i gcás ina measann allmhaireoirí, nó ina bhfuil cúis acu lena chreidiúint, go bhfuil riosca ag gabháil leis an mbréagán, déanfaidh siad an méid seo a leanas:

(a)

an monaróir a chur ar an eolas láithreach faoi sin; agus

(b)

a áirithiú go gcuirfear na húdaráis um fhaireachas margaidh ar an eolas láithreach trí Safety Business Gateway .

4.   Léireoidh allmhaireoirí ar an mbréagán, a n-ainm, a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe, agus an seoladh poist agus an seoladh leictreonach lenar féidir dul i dteagmháil leo a léiriú ar an mbréagán nó, i gcás nach bhfuil sé sin indéanta, is ar an bpacáistíocht, i ndoiciméad a ghabhann leis an mbréagán a léireofar iad nó ar an bpas táirge digiteach.

5.   Áiritheoidh allmhaireoirí, fad atá bréagán faoina bhfreagracht, nach gcuireann dálaí stórála ná iompair a chomhlíontacht leis na buncheanglais sábháilteachta i mbaol.

6.   I gcás ina meastar gur iomchuí, maidir leis na rioscaí a ghabhann le bréagán, déanfaidh allmhaireoirí, chun sláinte agus sábháilteacht tomhaltóirí nó úsáideoirí deiridh eile a chosaint, tástáil shamplach ar bhréagáin arna margú.

7.   I gcás ina measann allmhaireoirí, nó ina bhfuil cúis acu lena chreidiúint, nach gcomhlíonann bréagán atá curtha ar an margadh acu an Rialachán seo, déanfaidh siad na bearta ceartaitheacha is gá láithreach chun an bréagán sin a thabhairt chun comhréireachta, a tharraingt siar nó a aisghairm, de réir mar is iomchuí.

Thairis sin, i gcás ina measann allmhaireoirí, nó ina bhfuil cúis acu lena chreidiúint, go bhfuil riosca ag gabháil le bréagán atá bheith curtha ar an margadh acu, déanfaidh siad an méid seo a leanas:

(a)

an monaróir a chur ar an eolas láithreach faoi sin;

(b)

a áirithiú go gcuirfear na tomhaltóirí nó na húsáideoirí deiridh eile ar an eolas, i gcomhréir le hAirteagal 35 nó Airteagal 36 de Rialachán (AE) 2023/988, nó iad araon; agus

(c)

na húdaráis um fhaireachas margaidh a chur ar an eolas láithreach trí Safety Business Gateway, agus mionsonraí a thabhairt, go háirithe, faoin neamhchomhlíonadh agus faoi aon bheart ceartaitheach a rinneadh.

8.   Coinneoidh allmhaireoirí, go ceann tréimhse 10 mbliana tar éis an bréagán a bheith curtha ar an margadh, aitheantóir táirge uathúil an bhréagáin ar fáil do na húdaráis um fhaireachas margaidh agus áiritheoidh siad gur féidir an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 27 a chur ar fáil do na húdaráis sin, arna iarraidh sin dóibh.

9.   Mar thoradh ar iarraidh réasúnaithe ó údarás inniúil náisiúnta, cuirfidh monaróirí an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile is gá chun comhréireacht an bhréagáin a léiriú ar fáil dó, i dteanga atá sothuigthe don údarás sin. Oibreoidh siad i gcomhar leis an údarás sin, arna iarraidh sin dó, a mhéid a bhaineann le gníomhaíocht ar bith a dhéanfar chun na rioscaí a bhaineann le bréagáin atá curtha ar an margadh acu a dhíothú.

10.   Fíoróidh allmhaireoirí cé acu a chuir nó nár chuir an monaróir cainéil chumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 7(12) ar fáil go poiblí do thomhaltóirí nó d’úsáideoirí deiridh eile, chun cur ar a gcumas gearáin a thíolacadh maidir le sábháilteacht bréagán agus faisnéis a chur ar fáil maidir le haon tionóisc nó saincheist sábháilteachta a bhí acu leis an mbréagán. Mura bhfuil cainéil chumarsáide ar fáil, déanfaidh na hallmhaireoirí foráil dóibh, agus riachtanais inrochtaineachta do dhaoine faoi mhíchumas á gcur san áireamh.

11.   Imscrúdóidh allmhaireoirí na gearáin agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 10 den Airteagal seo a fuair siad trí chainéal cumarsáide a chuir an monaróir ar fáil, nó trí bhealach cumarsáide a chuirfidh na hallmhaireoirí féin ar fáil, agus a bhaineann leis na bréagáin a chuir siad ar fáil ar an margadh. Comhdóidh allmhaireoirí na gearáin sin, chomh maith le haisghairmeacha agus aon bheart ceartaitheach eile a dhéanfar chun na bréagáin a chur i gcomhréir leis an Rialachán seo, sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 7(13), nó ina gclár inmheánach féin.

Coimeádfaidh na hallmhaireoirí an monaróir, na dáileoirí agus, i gcás inarb ábhartha, soláthraithe margaí ar líne ar an eolas go tráthúil faoin imscrúdú a rinneadh agus faoi thorthaí an imscrúdaithe.

12.   Ní bheidh sa chlár inmheánach dá dtagraítear i mír 11, an chéad fhomhír, ach na sonraí pearsanta atá riachtanach chun go bhféadfaidh an t-allmhaireoir an gearán nó an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 10 a imscrúdú. Ní choinneofar na sonraí sin ach chomh fada agus is gá chun críocha an imscrúdaithe agus, in aon chás, go ceann tréimhse nach faide ná 5 bliana tar éis iontráil na sonraí sa chlár inmheánach.

Airteagal 10

Oibleagáidí dáileoirí

1.   Ar bhréagán a chur ar fáil ar an margadh dóibh, gníomhóidh dáileoirí le cúram cuí i ndáil le ceanglais an Rialacháin seo.

2.   Sula gcuirfear bréagán ar fáil ar an margadh, fíoróidh dáileoirí gur comhlíonadh na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go bhfuil treoracha úsáide agus faisnéis sábháilteachta i gcomhréir le hAirteagal 7(7) ag gabháil leis an mbréagán agus go bhfuil rabhaidh ar an mbréagán i gcomhréir le hAirteagal 6 i dteanga nó i dteangacha atá sothuigthe do thomhaltóirí nó d’úsáideoirí deiridh eile, de réir mar a chinnfidh an Ballstát ina bhfuil an bréagán le cur ar fáil ar an margadh;

(b)

go bhfuil an t-iompróir sonraí greamaithe i gcomhréir le hAirteagal 19(7);

(c)

go bhfuil an mharcáil CE greamaithe i gcomhréir le hAirteagal 18(1); agus

(d)

gur chomhlíon an monaróir agus an t-allmhaireoir na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 7(2), an dara fomhír, agus in Airteagal 7(5), (6) agus (12) agus in Airteagal 9(4), faoi seach.

3.   I gcás ina measann dáileoirí, nó ina bhfuil cúis acu lena chreidiúint, nach bhfuil táirge i gcomhréir leis an Rialachán seo, cuirfidh siad an monaróir nó an t-allmhaireoir ar an eolas agus ní chuirfidh siad an bréagán ar fáil ar an margadh go dtí go mbeidh sé tugtha chun comhréireachta.

Thairis sin, i gcás ina measann dáileoirí, nó ina bhfuil cúis acu lena chreidiúint, go bhfuil riosca ag gabháil leis an mbréagán, déanfaidh siad an méid seo a leanas:

(a)

an monaróir nó an t-allmhaireoir, de réir mar is infheidhme, a chur ar an eolas láithreach faoi sin; agus

(b)

a áirithiú go gcuirfear na húdaráis um fhaireachas margaidh ar an eolas láithreach trí Safety Business Gateway;

4.   Áiritheoidh dáileoirí, fad atá bréagán faoina bhfreagracht, nach gcuireann dálaí stórála ná iompair a chomhlíontacht leis na buncheanglais sábháilteachta i mbaol.

5.   I gcás ina measann dáileoirí, nó ina bhfuil cúis acu lena chreidiúint, nach bhfuil bréagán atá curtha ar fáil ar an margadh acu i gcomhréir leis an Rialachán seo, áiritheoidh siad go ndéanfar láithreach na bearta ceartaitheacha is gá chun an bréagán sin a thabhairt chun comhréireachta, a tharraingt siar nó a aisghairm, de réir mar is iomchuí.

Thairis sin, i gcás ina measann dáileoirí, nó ina bhfuil cúis acu lena chreidiúint, go bhfuil riosca ag gabháil le bréagán a chuir siad ar fáil ar an margadh, cuirfidh siad ar an eolas láithreach:

(a)

údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát inar chuir siad an bréagán ar fáil , trí Safety Business Gateway, agus tabharfaidh siad mionsonraí, go háirithe, faoin neamhchomhlíonadh agus faoi aon bhearta ceartaitheacha a rinneadh; agus

(b)

na tomhaltóirí nó na húsáideoirí deiridh eile, i gcomhréir le hAirteagal 35 nó Airteagal 36 de Rialachán (AE) 2023/988, nó iad araon.

6.   Mar thoradh ar iarraidh réasúnaithe ó údarás inniúil náisiúnta, cuirfidh dáileoirí an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile is gá chun comhréireacht an bhréagáin a léiriú ar fáil dó, i dteanga atá sothuigthe don údarás sin. Oibreoidh siad i gcomhar leis an údarás sin, arna iarraidh sin dó, a mhéid a bhaineann le gníomhaíocht ar bith a dhéanfar chun na rioscaí a bhaineann le bréagáin atá curtha ar fáil ar an margadh acu a dhíothú.

Airteagal 11

Oibleagáidí na soláthraithe seirbhíse comhlíonta

1.   Agus iad ag rannchuidiú le bréagán a chur ar fáil ar an margadh, gníomhóidh soláthraithe seirbhíse comhlíonta le cúram cuí i ndáil le ceanglais an Rialacháin seo.

2.   Áiritheoidh soláthraithe seirbhíse comhlíonta nach gcuirfidh na dálaí le linn ollstórála, pacáistiú, lipéadú nó seoladh comhréireacht an bhréagáin leis na buncheanglais sábháilteachta i mbaol.

3.   Comhoibreoidh soláthraithe seirbhíse comhlíonta a mhéid a bhaineann le táirgí a aistarraingt nó a aisghairm, gan beann ar cé acu na húdaráis, an monaróir, an t-ionadaí údaraithe nó an t-allmhaireoir a thionscain é.

4.   I gcás ina measann soláthraithe seirbhíse comhlíonta, nó ina bhfuil cúis acu lena chreidiúint, ar bhonn na faisnéise a chuir na húdaráis nó na hoibreoirí eacnamaíocha ar fáil, nach bhfuil an bréagán i gcomhréir leis an Rialachán seo, ní thacóidh siad leis an mbréagán a chur ar fáil ar an margadh go dtí go dtabharfar chun comhréireachta é.

Airteagal 12

Cásanna ina mbíonn feidhm ag oibleagáidí na monaróirí maidir le daoine eile

1.   Measfar gur monaróir é duine nádúrtha nó dlítheanach chun críocha an Rialacháin seo, agus beidh sé faoi réir oibleagáidí an mhonaróra a leagtar amach in Airteagal 7, i gcás ina gcuireann an duine nádúrtha nó dlítheanach sin bréagán ar an margadh faoina ainm nó faoina thrádmharc, nó i gcás ina ndéanann sé modhnú substaintiúil ar an mbréagán atá curtha ar an margadh cheana ar bhealach a bhféadfadh difear a dhéanamh do chomhlíonadh cheanglais infheidhme an Rialacháin seo agus ina gcuireann sé ar fáil ar an margadh é.

2.   Measfar modhnú ar bhréagán, trí mhodhanna fisiceacha nó digiteacha tar éis bréagán a bheith curtha ar an margadh, a bheith substaintiúil i gcás nach ndearna an monaróir foráil don mhodhnú sin agus nár phleanáil sé go ndéanfaí é agus i gcás ina ndéanann an modhnú difear do shábháilteacht an bhréagáin sin, trí ghuais nua a chruthú nó trí riosca atá ann cheana a mhéadú.

3.   Maidir le tomhaltóir nó úsáideoir deiridh eile a dhéanann modhnú substaintiúil ar a bhréagán, ní mheasfar gur monaróir é chun críocha an Rialacháin seo agus ní bheidh sé faoi réir na n-oibleagáidí ar an monaróir a leagtar amach in Airteagal 7.

Airteagal 13

Sainaithint oibreoirí eacnamaíocha

1.   Déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha, arna iarraidh sin, an méid seo a leanas a shainaithint do na húdaráis um fhaireachas margaidh:

(a)

aon oibreoir eacnamaíoch a sholáthair bréagán dóibh;

(b)

aon oibreoir eacnamaíoch ar sholáthair siad bréagán dó.

2.   Beidh oibreoirí eacnamaíocha in ann an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a thíolacadh go ceann tréimhse 10 mbliana tar éis an bréagán a bheith curtha ar an margadh, i gcás an mhonaróra, agus go ceann tréimhse 10 mbliana tar éis an bréagán a bheith soláthraithe dóibh, i gcás oibreoirí eacnamaíocha eile.

CAIBIDIL III

OIBLEAGÁIDÍ SOLÁTHRAITHE MARGAÍ AR LÍNE

Airteagal 14

Oibleagáidí sonracha na soláthraithe margaí ar líne a bhaineann le sábháilteacht bréagán

1.   Faisnéis a thagraíonn do thairiscint bréagán a dhíoltar nó a chuirtear chun cinn i margaí ar líne lena ndéantar idirghabháil idir oibreoirí eacnamaíocha agus tomhaltóirí nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo, measfar gur ábhar neamhdhleathach í chun críocha Rialachán (AE) 2022/2065 agus beidh sí faoi réir na mbeart a bhunaítear ann.

2.   Chun críocha an Rialacháin seo, comhlíonfaidh soláthraithe margaí ar líne na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 30 go 32 de Rialachán (AE) 2022/2065 agus Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2023/988. Forfheidhmeofar comhlíonadh na gceanglas sin laistigh de na struchtúir forfheidhmithe a leagtar amach sna Rialacháin sin.

3.   Chun Airteagal 31(2), pointe (c), de Rialachán (AE) 2022/2065 a chomhlíonadh, agus sa bhreis ar an bhfaisnéis a cheanglaítear in Airteagal 22(9) de Rialachán (AE) 2023/988, áiritheoidh soláthraithe margaí ar líne go ndearfar agus go n-eagrófar a gcomhéadan ar líne ionas gur féidir le hoibreoirí eacnamaíocha an méid seo a leanas a sholáthar:

(a)

an mharcáil CE dá dtagraítear in Airteagal 18(1);

(b)

aon rabhadh atá le bheith le feiceáil go soiléir don tomhaltóir sula gceannófar é i gcomhréir le hAirteagal 6(3); agus

(c)

an t-iompróir sonraí nó an nasc gréasáin trína bhfuil an pas táirge digiteach inrochtana.

4.   Aon bhréagán nach gcomhlíonann na ceanglais sábháilteachta áirithe, nó aon bhréagán a chomhlíonann na ceanglais sábháilteachta áirithe ach ar riosca é do shláinte agus do shábháilteacht leanaí nó daoine eile, measfar gur táirge contúirteach é maidir le hAirteagal 22 de Rialachán (AE) 2023/988 a bheith á chomhlíonadh aige.

5.   Féadfaidh an Coimisiún treoirlínte a eisiúint chun cúnamh a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha agus do sholáthraithe margaí ar líne maidir le cur i bhfeidhm mhíreanna 1 agus 2.

CAIBIDIL IV

COMHRÉIREACHT BRÉAGÁN

Airteagal 15

Toimhde chomhréireacht na mbréagán

Bréagáin atá i gcomhréir leis na caighdeáin chomhchuibhithe nó codanna díobh, ar foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, measfar go bhfuil siad i gcomhréir leis na buncheanglais sábháilteachta a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin leis na caighdeáin sin nó le codanna díobh.

Airteagal 16

Sonraíochtaí coiteanna

1.   Measfar go bhfuil bréagáin atá i gcomhréir leis na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear i mír 2, nó le codanna díobh, i gcomhréir leis na buncheanglais sábháilteachta a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin leis na sonraíochtaí coiteanna sin nó le codanna díobh.

2.   I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear sonraíochtaí coiteanna a chumhdaíonn ceanglais lena dtugtar modh chun na buncheanglais sábháilteachta is infheidhme a chomhlíonadh.

Ní ghlacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

nach bhfuil aon chaighdeán comhchuibhithe ann lena gcumhdaítear na buncheanglais sábháilteachta is infheidhme a bhfoilsítear an tagairt dó in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus nach meastar go bhfoilseofar an tagairt sin laistigh de thréimhse réasúnta; agus

(b)

gur iarr an Coimisiún, de bhun Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, ar cheann amháin nó níos mó d’eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeáin Eorpacha maidir leis na buncheanglais sábháilteachta is infheidhme a dhréachtú nó a athbhreithniú agus:

(i)

nár ghlac aon cheann de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú leis an iarraidh a cuireadh chucu; nó

(ii)

gur ghlac ar a laghad ceann amháin de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú leis an iarraidh a cuireadh chucu, ach gurbh amhlaidh maidir leis na caighdeáin Eorpacha arna n-iarraidh:

nár seachadadh iad laistigh den sprioc-am a leagadh síos san iarraidh;

nár chomhlíon siad an iarraidh; nó

nach gcomhlíonann siad na ceanglais a bhfuil sé d’aidhm acu iad a chumhdach.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 53(3).

3.   Sula n-ullmhóidh an Coimisiún dréachtghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, cuirfidh sé in iúl don choiste dá dtagraítear in Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 go measann sé gur comhlíonadh na coinníollacha sa mhír sin .

Agus dréachtghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo á ullmhú, cuirfidh an Coimisiún tuairimí an Ghrúpa Saineolaithe um Shábháilteacht Bréagán san áireamh agus rachaidh sé i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha uile.

4.   I gcás ina nglacann eagraíocht Eorpach um chaighdeánú caighdeán comhchuibhithe agus ina moltar don Choimisiún é chun a thagairt a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcaighdeán comhchuibhithe i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012. Nuair a fhoilsítear tagairt do chaighdeán comhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, aisghairfidh nó leasóidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, nó codanna díobh lena gcumhdaítear na buncheanglais sábháilteachta chéanna agus a chumhdaítear leis an gcaighdeán comhchuibhithe sin.

5.   I gcás ina measann Ballstát nach gcomhlíonann sonraíocht choiteann na buncheanglais sábháilteachta ina n-iomláine, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin trí mhíniú mionsonraithe a thíolacadh. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an míniú mionsonraithe sin agus féadfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, an gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear an tsonraíocht choiteann atá i gceist a leasú.

Airteagal 17

Prionsabail ghinearálta na marcála CE

Beidh an mharcáil CE ar na bréagáin a chuirfear ar fáil ar an margadh.

Beidh an mharcáil CE faoi réir na bprionsabal ginearálta a leagtar amach in Airteagal 30 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.

Airteagal 18

Rialacha agus coinníollacha maidir leis an marcáil CE a ghreamú

1.   Déanfar an mharcáil CE a ghreamú go feiceálach inléite doscriosta den bhréagán nó de lipéad atá greamaithe de. I gcás nach féidir é sin a dhéanamh mar gheall ar mhéid nó ar chineál an bhréagáin, greamófar ar an bpacáistíocht é, más ann di, nó ar aon doiciméadacht a ghabhann leis an mbréagán.

I gcás nach bhfuil an mharcáil CE infheicthe ón taobh amuigh den phacáistíocht, greamófar ar an bpacáistíocht í freisin.

2.   Greamófar an mharcáil CE sula gcuirfear an bréagán ar an margadh.

3.   Féadfar picteagram nó aon rabhadh eile lena léirítear riosca nó úsáid speisialta a chur i ndiaidh na marcála CE, i gcás inarb infheidhme i gcomhréir le hAirteagal 6.

4.   Cuirfidh na Ballstáit leis na sásraí atá ann cheana féin chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme i gceart an córas lena rialaítear an mharcáil CE agus déanfaidh siad beart iomchuí i gcás ina mbaintear úsáid mhíchuí as an marcáil CE.

CAIBIDIL V

PAS TÁIRGE DIGITEACH

Airteagal 19

Pas táirge digiteach

1.   Sula gcuirfidh siad bréagán ar an margadh, cruthóidh an monaróir pas táirge digiteach dó. Comhlíonfaidh an pas táirge digiteach na ceanglais a leagtar síos san Airteagal seo agus in Airteagal 20.

2.   Déanfaidh an pas táirge digiteach an méid seo a leanas:

(a)

comhfhreagróidh sé do mhúnla sonrach de bhréagán;

(b)

luafar ann gur léiríodh go gcomhlíonann an bréagán na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo agus, go háirithe, na buncheanglais sábháilteachta;

(c)

beidh na sonraí a leagtar amach i gCuid I d’Iarscríbhinn VI ann;

(d)

beidh sé cruinn, iomlán agus cothrom le dáta;

(e)

beidh sé ar fáil sa teanga nó sna teangacha a éilíonn an Ballstát ina gcuirtear an bréagán ar fáil ar an margadh;

(f)

beidh sé inrochtana do thomhaltóirí nó d’úsáideoirí deiridh eile, d’údaráis um fhaireachas margaidh, d’údaráis chustaim, do chomhlachtaí faoina dtugtar fógra, don Choimisiún agus d’oibreoirí eacnamaíocha eile i gcomhréir leis na cearta rochtana a leagtar amach de bhun Airteagal 49(1), pointe (d);

(g)

beidh sé ar fáil go ceann tréimhse 10 mbliana tar éis an bréagán a chur ar an margadh, cásanna de dhócmhainneacht, leachtú nó scor de ghníomhaíocht san Aontas de chuid an oibreora eacnamaíoch a chruthaigh an pas táirge digiteach san áireamh;

(h)

beidh sé nasctha, trí iompróir sonraí, le haitheantóir táirge uathúil leanúnach; agus

(i)

comhlíonfaidh sé na ceanglais shonracha agus theicniúla a leagtar síos de bhun Airteagal 49(1).

3.   I dteannta na sonraí dá dtagraítear i mír 2, féadfaidh na sonraí a leagtar amach i gCuid II d’Iarscríbhinn VI a bheith sa phas táirge digiteach.

4.   Tríd an bpas táirge digiteach a chruthú, glacfaidh an monaróir freagracht air féin maidir leis an Rialachán seo a bheith á chomhlíonadh ag an mbréagán.

5.   I gcás ina n-áirítear sa phas táirge digiteach le haghaidh bréagáin a chruthaítear i gcomhréir leis an Rialachán seo an fhaisnéis uile is gá le haghaidh an dearbhaithe comhréireachta i gcomhréir, de réir mar is infheidhme, le Rialachán (AE) 2024/1689 nó Rialachán (AE) 2024/2847, Treoir 2011/65/AE (25), Treoir 2014/30/AE (26), Treoir 2014/35/AE (27) nó Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle nó Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/945 ón gCoimisiún (28), beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(a)

measfar go gcomhlíonann monaróirí agus, i gcás inarb infheidhme, soláthraithe córas intleachta saorga ardriosca an oibleagáid maidir le dearbhú comhréireachta de chuid an Aontais a tharraingt suas i gcomhréir, de réir mar is infheidhme, le hAirteagal 16, pointe (g), de Rialachán (AE) 2024/1689, Airteagal 13(12) de Rialachán (AE) 2024/2847, Airteagal 7, pointe (c), de Threoir 2011/65/AE, Airteagal 7(2) de Threoir 2014/30/AE, Airteagal 6(2) de Threoir 2014/35/AE, Airteagal 10(3) de Threoir 2014/53/AE nó Airteagal 6(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/945;

(b)

measfar freisin go gcomhlíonann monaróirí, i gcás inarb infheidhme, an oibleagáid a leagtar amach in Airteagal 13(20) de Rialachán (AE) 2024/2847, Airteagal 10(9) de Threoir 2014/53/AE nó Airteagal 6(8) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/945;

(c)

tríd an bpas táirge digiteach a tharraingt suas, glacfaidh monaróirí freagracht as na ceanglais a leagtar síos sna Rialacháin nó sna Treoracha is infheidhme a bheith á gcomhlíonadh ag an mbréagán;

(d)

úsáidfidh oibreoirí eacnamaíocha agus, i gcás inarb infheidhme, soláthraithe córas intleachta saorga ardriosca an pas táirge digiteach chun a n-oibleagáidí a chomhlíonadh maidir leis an dearbhú comhréireachta i gcomhréir, de réir mar is infheidhme, le hAirteagal 18(1), pointe (e), Airteagal 22(3), pointí (a) agus (b), Airteagal 23(1), pointe (c), Airteagal 23(5) agus Airteagal 24(1) de Rialachán (AE) 2024/1689, Airteagal 13(13), Airteagal 18(3), pointe (a), agus Airteagal 19(2) agus (6) de Rialachán (AE) 2024/2847, Airteagal 7, pointí (c) agus (d), Airteagal 8, pointe (b), agus Airteagal 9, pointe (g), de Threoir 2011/65/AE, Airteagal 7(2) agus (3), Airteagal 8(2), pointe (a), agus Airteagal 9(7) de Threoir 2014/30/AE, Airteagal 6(2) agus (3), Airteagal 7(2), pointe (a), agus Airteagal 8(8) de Threoir 2014/35/AE, Airteagal 10(3) agus (4), Airteagal 11(2), pointe (a), agus Airteagal 12(8) de Threoir 2014/53/AE nó Airteagal 6(3) agus (4), Airteagal 7(2), pointe (a), agus Airteagal 8(8) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/945.

6.   I gcás ina mbraitheann monaróirí ar na forálacha a leagtar amach i mír 5 chun a n-oibleagáidí a bhaineann leis an dearbhú comhréireachta a chomhlíonadh, beidh an fhaisnéis a leagtar amach i bpointe (h) d’Iarscríbhinn VI sa phas táirge digiteach.

7.   Beidh an t-iompróir sonraí léirithe go fisiciúil ar an mbréagán nó ar lipéad atá greamaithe de. I gcás nach féidir é sin a dhéanamh mar gheall ar mhéid nó ar chineál an bhréagáin, greamófar ar an bpacáistíocht é, más ann di, nó ar dhoiciméadacht a ghabhann leis an mbréagán, i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 49(1). Beidh sé le feiceáil go soiléir ag an tomhaltóir nó ag úsáideoirí deiridh eile sula gceannófar é agus ag na húdaráis um fhaireachas margaidh, lena n-áirítear i gcásanna ina gcuirtear an bréagán ar fáil ar an margadh trí chiandíolacháin.

8.   I gcás ina gceanglaítear le dlí eile de chuid an Aontais go mbeidh faisnéis faoin mbréagán ar fáil trí iompróir sonraí, úsáidfear iompróir aonair sonraí chun an fhaisnéis a cheanglaítear de bhun an Rialacháin seo agus de bhun an dlí eile sin de chuid an Aontais a sholáthar.

9.   I gcás ina gceanglaítear pas táirge digiteach le dlí eile de chuid an Aontais a bhfuil feidhm aige maidir le bréagáin, cruthófar pas táirge digiteach aonair do bhréagáin ina bhfuil na sonraí a cheanglaítear de bhun an Rialacháin seo, chomh maith le haon sonraí eile a theastaíonn le haghaidh an phas táirge dhigitigh de bhun an dlí eile sin de chuid an Aontais. De mhaolú ar mhír 2, pointe (a), i gcás ina gceanglaítear le dlí eile de chuid an Aontais go gcomhfhreagraíonn an pas táirge digiteach do leibhéal baisce, is féidir an pas táirge digiteach chun críocha an Rialacháin seo a eisiúint don leibhéal sin.

10.   De bhreis ar na sonraí dá dtagraítear i míreanna 8 agus 9, féadfaidh oibreoirí eacnamaíocha faisnéis eile a chur ar fáil tríd an iompróir sonraí dá dtagraítear i mír 7. I gcás inarb amhlaidh sin, déanfar an fhaisnéis sin a dheighilt go soiléir ón bhfaisnéis a cheanglaítear de bhun an Rialacháin seo agus, i gcás inarb ábhartha, de bhun dlíthe eile de chuid an Aontais.

11.   Áiritheoidh an monaróir nó an soláthraí seirbhíse pas táirge digiteach go dtaispeántar, nuair a bhítear ag fáil rochtain ar an bpas táirge digiteach, nasc chuig roinn thairseach ‘Safety Gate’ dá dtagraítear in Airteagal 34(3) de Rialachán (AE) 2023/988 chun faisnéis a tharchur faoi bhréagáin a d’fhéadfadh a bheith ina riosca do shláinte agus do shábháilteacht tomhaltóirí.

12.   Déanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch a chuirfidh an bréagán ar an margadh an méid seo a leanas:

(a)

cóip dhigiteach den iompróir sonraí nó den aitheantóir táirge uathúil a sholáthar do dháileoirí agus do sholáthraithe margaí ar líne, de réir mar is ábhartha, ionas go mbeidh siad in ann an t-iompróir sonraí nó an t-aitheantóir táirge uathúil a dhéanamh inrochtana do chustaiméirí ionchasacha i gcás nach féidir leo rochtain a fháil ar an mbréagán go fisiceach; agus

(b)

an chóip dhigiteach dá dtagraítear i bpointe (a) nó nasc leathanaigh gréasáin a sholáthar saor in aisce go pras agus in aon chás laistigh de 5 lá oibre tar éis iarraidh a fháil é sin a dhéanamh.

13.   Déanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch, agus an bréagán á chur ar an margadh aige, cóip chúltaca den phas táirge digiteach a chur ar fáil trí sholáthraí seirbhíse pas táirge dhigitigh.

Airteagal 20

Dearadh teicniúil agus oibriú an phas táirge dhigitigh

1.   Beidh an pas táirge digiteach go hiomlán idir-inoibritheach le pasanna táirge digiteacha eile a cheanglaítear le dlí eile de chuid an Aontais i ndáil leis na gnéithe teicniúla, séimeantacha agus eagraíochtúla a bhaineann le cumarsáid agus le haistriú sonraí ó cheann go ceann.

2.   Beidh na sonraí go léir a bheidh sa phas táirge digiteach bunaithe ar chaighdeáin oscailte a fhorbrófar i bhformáid idir-inoibritheach agus beidh sí, de réir mar is iomchuí, inléite ag meaisín, struchtúrtha, inchuardaithe agus inaistrithe trí líonra malartaithe sonraí idir-inoibritheach oscailte gan gaibhniú díoltóirí.

3.   Beidh rochtain saor in aisce ag tomhaltóirí nó úsáideoirí deiridh eile, oibreoirí eacnamaíocha, údaráis inniúla náisiúnta, údaráis chustaim, an Coimisiún agus gníomhaithe ábhartha eile, ar bhonn a gceart rochtana faoi seach, i gcomhréir le dlí an Aontais, ar an bpas táirge digiteach.

4.   Ní iarrfar ar thomhaltóirí clárú ná pasfhocal a chur ar fáil chun rochtain a fháil ar an bpas táirge digiteach.

5.   Is é an t-oibreoir eacnamaíoch atá freagrach as an bpas táirge digiteach a chruthú, nó soláthraithe seirbhíse pas táirge dhigitigh, a stórálfaidh an pas táirge digiteach.

6.   I gcás ina gcruthófar pas táirge digiteach nua le haghaidh bréagáin a bhfuil pas táirge digiteach aige cheana, déanfar an pas táirge digiteach nua a nascadh leis an bpas táirge digiteach bunaidh nó leis na pasanna bunaidh.

7.   Má dhéanann soláthraithe seirbhíse pas táirge dhigitigh an pas táirge digiteach a stóráil de bhun mhír 54 den Airteagal seo nó a phróiseáil ar bhealach eile de bhun Airteagal 19(13), ní dhéanfaidh na soláthraithe seirbhíse pas táirge dhigitigh sin na sonraí sin a dhíol, a athúsáid ná a phróiseáil, go hiomlán nó go páirteach, thar a bhfuil riachtanach chun na seirbhísí stórála nó próiseála ábhartha a sholáthar, ach amháin má chomhaontaítear go sonrach leis an oibreoir eacnamaíoch a chuireann an bréagán ar an margadh a leithéid a dhéanamh.

8.   Áiritheofar fíordheimhniú, iontaofacht agus sláine na sonraí.

9.   Déanfar pasanna táirge digiteacha a dhearadh agus a oibriú ar shlí lena n-áiritheofar ardleibhéal slándála agus príobháideachais agus lena seachnófar calaois.

10.   Ní dhéanfaidh oibreoirí eacnamaíocha aon fhaisnéis úsáide a rianú, a anailísiú ná a úsáid chun críoch seachas an méid a bhfuil gá leis agus atá fíor-riachtanach chun an fhaisnéis faoinar an bpas táirge digiteach a sholáthar ar líne. Go háirithe, ní dhéanfar sonraí pearsanta a bhaineann leis an gcustaiméir a stóráil sa phas táirge digiteach gan toiliú sainráite an tomhaltóra nó an úsáideora deiridh eile i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29).

Airteagal 21

Iompróirí sonraí agus aitheantóirí uathúla

1.   Comhlíonfaidh na hiompróirí sonraí, na haitheantóirí táirge uathúla agus na haitheantóirí oibreora uathúla a cheanglaítear de bhun an Rialacháin seo na caighdeáin is infheidhme maidir le hiompróirí sonraí, aitheantóirí táirge uathúla agus aitheantóirí oibreora uathúla de bhun Rialachán (AE) 2024/1781.

2.   Beidh feidhm ag Airteagal 12(2) de Rialachán (AE) 2024/1781 maidir le hoibreoirí eacnamaíocha a chruthaíonn nó a nuashonraíonn pas táirge digiteach de bhun an Rialacháin seo i gcás nach bhfuil aitheantóir oibreora uathúil ar fáil go fóill.

Aon rialacha agus nósanna imeachta maidir le bainistiú saolré aitheantóirí uathúla agus iompróirí sonraí a leagtar amach i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 12(4) de Rialachán (AE) 2024/1781, beidh feidhm acu freisin maidir le haitheantóirí uathúla agus iompróirí sonraí de bhun an Rialacháin seo.

3.   I gcás ina bhfuil bréagán faoi réir oibleagáide foráil a dhéanamh maidir le pas táirge digiteach de bhun gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2024/1781 nó de bhun dlí eile de chuid an Aontais, is mar an gcéanna a bheidh an t-aitheantóir táirge uathúil, an t-aitheantóir oibreora uathúil agus an t-aitheantóir clárúcháin uathúil.

4.   Beidh feidhm freisin chun críocha an Rialacháin seo ag aon nós imeachta chun dintiúir dhigiteacha oibreoirí eacnamaíocha agus gníomhaithe ábhartha eile a eisiúint agus a fhíorú a bhfuil cearta rochtana acu ar shonraí a áirítear sa phas táirge digiteach agus a leagtar amach le gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 11, an ceathrú mír, de Rialachán (AE) 2024/1781.

5.   Beidh feidhm freisin chun críocha an Rialacháin seo ag aon cheanglas atá le comhlíonadh ag soláthraithe seirbhíse pas táirge dhigitigh chun bheith ina soláthraithe den sórt sin, agus, i gcás inarb iomchuí, ceanglais maidir le seirbhísí a sholáthar, a leagtar amach i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 11, an tríú mír, de Rialachán (AE) 2024/1781.

Airteagal 22

Clárlann na bpasanna táirge digiteacha

1.   Sula gcuirfidh sé bréagán ar an margadh, uaslódálfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch a chuirfidh an bréagán ar an margadh, sa chlárlann dhigiteach arna bunú de bhun Airteagal 13(1) de Rialachán (AE) 2024/1781 (‘an chlárlann’), an t-aitheantóir táirge uathúil agus an t-aitheantóir oibreora uathúil don bhréagán sin. I gcás na mbréagán a bheartaítear a chur faoin nós imeachta custaim dar teideal ‘scaoileadh i saorchúrsaíocht’, stórálfar sa chlárlann cód tráchtearra an bhréagáin freisin.

2.   Tráth a dhéanann an t-oibreoir eacnamaíoch na sonraí dá dtagraítear i mír 1 a uaslódáil sa chlárlann, déanfaidh an chlárlann aitheantóir clárúcháin uathúil a bhaineann leis na haitheantóirí uathúla arna n-uaslódáil sa chlárlann le haghaidh bréagán sonrach a chur in iúl go huathoibríoch don oibreoir eacnamaíoch sin. Ní mheasfar an chumarsáid sin ón gclárlann a bheith ina cruthúnas ar chomhlíonadh an Rialacháin seo ná aon dlí eile de chuid an Aontais.

Féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena sonrófar na socruithe cur chun feidhme don chlárlann, lena n-áirítear an t-aitheantóir uathúil clárúcháin dá dtagraítear sa mhír seo a chur in iúl, a ghlacadh. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 53(3).

3.   Beidh rochtain ag an gCoimisiún, ag na húdaráis inniúla náisiúnta agus ag na húdaráis chustaim ar an gclárlann chun a ndualgais a chomhlíonadh de bhun an Rialacháin seo.

Airteagal 23

Rialuithe custaim a bhaineann leis an bpas táirge digiteach

1.   Beidh bréagáin a thagann isteach i margadh an Aontais faoi réir fíoruithe agus bearta eile a leagtar síos san Airteagal seo. Tá an tAirteagal seo gan dochar do dhlí ar bith eile de chuid an Aontais, go háirithe Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 agus Caibidil VII de Rialachán (AE) 2019/1020.

2.   Aon duine a bheartaíonn bréagán a chur faoin nós imeachta custaim dar teideal ‘scaoileadh i saorchúrsaíocht’, soláthróidh sé an t-aitheantóir clárúcháin uathúil dá dtagraítear in Airteagal 22(2) do na húdaráis chustaim, nó cuirfidh sé ar fáil dóibh é.

3.   Ní fhéadfaidh na húdaráis chustaim bréagán a scaoileadh i saorchúrsaíocht ach amháin tar éis dóibh a fhíorú ar a laghad go bhfreagraíonn an t-aitheantóir clárúcháin uathúil agus an cód tráchtearra arna soláthar nó arna gcur ar fáil dóibh do na sonraí atá stóráilte sa chlárlann. Ní mheasfar an scaoileadh i saorchúrsaíocht a bheith ina chruthúnas ar chomhlíonadh an Rialacháin seo ná aon dlí eile de chuid an Aontais.

4.   Déanfar an fíorú dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo go leictreonach agus go huathoibríoch tríd an idirnasc idir an chlárlann agus EU CSW-CERTEX dá dtagraítear in Airteagal 15(3) de Rialachán (AE) 2024/1781. Déanfar an fíorú sin a luaithe a bheidh an t-idirnasc sin ag oibriú nó ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, cibé acu is déanaí.

5.   Féadfaidh an Coimisiún agus na húdaráis chustaim na sonraí maidir le bréagáin a áirítear sa phas táirge digiteach agus sa chlárlann a aisghabháil agus a úsáid chun a ndualgais a dhéanamh de bhun dhlí an Aontais, lena n-áirítear maidir le bainistiú riosca, rialuithe custaim agus scaoileadh i saorchúrsaíocht i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

6.   Déanfar na fíoruithe agus na bearta eile a leagtar síos san Airteagal seo ar bhonn an liosta de chóid tráchtearraí agus tuairiscí ar tháirgí a leagtar amach in Iarscríbhinn VII.

Airteagal 24

Cúnamh do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide

Tráth nach déanaí ná an 1 Lúnasa 2029 tabharfaidh an Coimisiún cúnamh, i gcomhairle leis na húdaráis inniúla náisiúnta, do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) trí threoirlínte a sholáthar dóibh maidir le conas pas táirge digiteach le haghaidh bréagán a bhunú agus a oibriú, i gcomhréir leis an Rialachán seo.

CAIBIDIL VI

MEASÚNÚ COMHRÉIREACHTA

Airteagal 25

Measúnú tionchair

1.   D’fhonn a léiriú go gcomhlíonann bréagán na buncheanglais sábháilteachta, déanfaidh monaróirí, sula gcuirfidh siad bréagán ar an margadh, measúnú sábháilteachta lena n-áirítear anailís ar na guaiseacha a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an mbréagán, chomh maith le measúnú ar aon nochtadh féideartha do na guaiseacha sin.

2.   Déanfaidh an measúnú sábháilteachta na nithe seo a leanas go háirithe:

(a)

cumhdófar leis na guaiseacha ceimiceacha, fisiceacha, meicniúla, leictreacha, inadhainteachta, sláinteachais agus radaighníomhaíochta uile agus an nochtadh féideartha do na guaiseacha sin;

(b)

i ndáil le guaiseacha ceimiceacha, cuirfear san áireamh an nochtadh a d’fhéadfadh a bheith ann do cheimiceáin aonair, agus aon ghuaiseacha breise atá ar eolas mar gheall ar chomhnochtadh do na ceimiceáin éagsúla atá sa bhréagán, agus na hoibleagáidí a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus na coinníollacha a leagtar amach ann á gcur san áireamh;

(c)

i gcás na mbréagán a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2024/1689 nó Rialachán (AE) 2024/2847 nó Threoir 2014/53/AE, leochaileachtaí ar leith a bhíonn ag leanaí a chur san áireamh i ndáil le húsáid bréagán mar sin mar a beartaíodh, agus measúnú á dhéanamh agus aghaidh á tabhairt ar na guaiseacha a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an mbréagán; agus

(d)

tabharfar cothrom le dáta é cibé uair a bheidh faisnéis ábhartha bhreise ar fáil.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (b), measfar sa mheasúnú sábháilteachta go bhféadfadh láithreacht neamhbheartaithe na substaintí atá faoi réir Cuid III, pointe 4, d’Iarscríbhinn II a bheith ann agus cuirfear san áireamh ann aon fhaisnéis a chuirtear ar fáil don mhonaróir maidir le substaintí nó meascáin a bheith ann a chomhlíonann critéir aicmithe na gcatagóirí a leagtar amach i gCuid III, pointe 4, d’Iarscríbhinn II.

3.   Áireofar an ráiteas maidir le sábháilteacht sa doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 27.

Airteagal 26

Nósanna imeachta measúnaithe comhréireachta

1.   Úsáidfidh monaróirí na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta dá dtagraítear i míreanna 2 nó 3.

2.   Má tá caighdeáin chomhchuibhithe curtha i bhfeidhm ag an monaróir ar foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó sonraíochtaí coiteanna lena gcumhdaítear na ceanglais sábháilteachta ábhartha uile don bhréagán a sainaithníodh sa mheasúnú sábháilteachta dá dtagraítear in Airteagal 25, úsáidfidh an monaróir an nós imeachta um rialú inmheánach táirgthe a leagtar amach i gCuid I d’Iarscríbhinn IV.

3.   Sna cásanna seo a leanas, úsáidfidh an monaróir an nós imeachta chineálscrúdú AE a leagtar amach i gCuid II d’Iarscríbhinn IV mar aon leis an nós imeachta maidir le cineál-chomhréireacht a leagtar amach i gCuid III den Iarscríbhinn sin:

(a)

i gcás nach ann do chaighdeáin chomhchuibhithe ar foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ná do shonraíochtaí coiteanna lena gcumhdaítear na ceanglais sábháilteachta uile don bhréagán;

(b)

i gcás inarb ann do chaighdeáin chomhchuibhithe nó do shonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear i bpointe (a) ach nár chuir an monaróir i bhfeidhm iad nó nár chuir sé i bhfeidhm iad ach i bpáirt;

(c)

i gcás inar foilsíodh ceann amháin nó níos mó de na caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear i bpointe (a) maille le srian agus go bhfuil an srian infheidhme maidir leis an mbréagán atá i gceist;

(d)

i gcás ina measann an monaróir gur gá fíorú tríú páirtí mar gheall ar chineál, dearadh, déanamh nó cuspóir an bhréagáin.

4.   Déanfar athbhreithniú ar an deimhniú ar chineálscrúdú AE arna eisiúint i gcomhréir le Cuid II, pointe 6, d’Iarscríbhinn IV cibé uair is gá, go háirithe i gcás athrú ar an bpróiseas monaraíochta, ar na hamhábhair nó ar chomhpháirteanna an bhréagáin, agus, i gcás ar bith, gach 5 bliana.

Airteagal 27

Doiciméadacht theicniúil

1.   Sonrófar sa doiciméadacht theicniúil na sonraí uile is ábhartha do na modhanna a úsáideann an monaróir chun a áirithiú go gcomhlíonann an bréagán na buncheanglais sábháilteachta. Go sonrach, beidh na doiciméid a liostaítear in Iarscríbhinn V inti.

2.   Déanfar an doiciméadacht theicniúil a tharraingt suas i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais.

3.   Tar éis iarraidh réasúnaithe a fháil ó údarás um fhaireachas margaidh Ballstáit, cuirfidh an monaróir aistriúchán de na codanna ábhartha den doiciméadacht theicniúil ar fáil i dteanga an Bhallstáit sin.

I gcás ina n-iarrfaidh údarás um fhaireachas margaidh an doiciméadacht theicniúil nó aistriúchán ar chodanna di ó mhonaróir, féadfaidh sé sprioc-am a shocrú chun an comhad sin nó an t-aistriúchán sin a fháil, ar sprioc-am 30 lá é, mura rud é go bhfuil údar le sprioc-am níos giorra i gcás inarb ann do riosca tromchúiseach láithreach do shláinte agus do shábháilteacht.

4.   Mura gcomhlíonann an monaróir na ceanglais a leagtar amach i míreanna 1, 2 agus 3, féadfaidh an t-údarás um fhaireachas margaidh a cheangal ar an monaróir tástáil a dhéanamh ar an monaróir ar a chostas féin laistigh de thréimhse shonraithe chun comhlíonadh na mbuncheanglas sábháilteachta a fhíorú.

CAIBIDIL VII

FÓGRA A THABHAIRT MAIDIR LE COMHLACHTAÍ UM MEASÚNÚ COMHRÉIREACHTA

Airteagal 28

Fógra a thabhairt

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile maidir le comhlachtaí atá údaraithe chun cúraimí tríú páirtí um measúnú comhréireachta a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán sin.

Airteagal 29

Údaráis a thugann fógra

1.   Ainmneoidh na Ballstáit údarás a thugann fógra a bheidh freagrach as na nósanna imeachta is gá a chur ar bun agus a chur i gcrích chun measúnú a dhéanamh ar chomhlachtaí um measúnú comhréireachta agus fógra a thabhairt dóibh chun críocha an Rialacháin seo, agus as faireachán a dhéanamh ar chomhlachtaí faoina dtugtar fógra, lena n-áirítear Airteagal 34 a chomhlíonadh.

2.   Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go ndéanfaidh comhlacht náisiúnta creidiúnúcháin an measúnú agus an faireachán dá dtagraítear i mír 1 de réir bhrí agus i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.

3.   I gcás ina dtarmligfidh nó ina gcuirfidh toscairí an údaráis a thugann fógra an measúnú, an fógra nó an faireachán dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ar iontaoibh comhlachta ar shlí eile, nach eintiteas rialtais é, beidh an comhlacht sin ina eintiteas dlítheanach agus comhlíonfaidh sé na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 30 mutatis mutandis. Anuas air sin, beidh socruithe ag an gcomhlacht sin chun dliteanais a eascraíonn as a chuid gníomhaíochtaí a chumhdach.

4.   Glacfaidh an t-údarás a thugann fógra lánfhreagracht as na cúraimí arna bhfeidhmiú ag an gcomhlacht dá dtagraítear i mír 3.

Airteagal 30

Ceanglais a bhaineann le húdaráis a thugann fógra

1.   Bunófar údarás a thugann fógra sa chaoi nach mbeidh aon choinbhleacht leasa ann leis na comhlachtaí um measúnú comhréireachta.

2.   Eagrófar agus riarfar údarás a thugann fógra ar bhealach a chaomhnóidh oibiachtúlacht agus neamhchlaontacht a chuid gníomhaíochtaí.

3.   Eagrófar údarás a thugann fógra ar bhealach nach ionann na daoine inniúla a dhéanfaidh an measúnú agus na daoine inniúla a dhéanfaidh gach cinneadh a bhaineann le fógra a thabhairt faoi chomhlacht um measúnú comhréireachta.

4.   Ní thairgfidh ná ní sholáthróidh an t-údarás a thugann fógra aon ghníomhaíocht a dhéanann comhlachtaí um measúnú comhréireachta ná seirbhísí comhairleachta ar bhonn tráchtála nó ar bhonn iomaíoch.

5.   Déanfaidh údarás a thugann fógra rúndacht na faisnéise a fhaigheann sé a choimirciú, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus le dlí an Aontais.

6.   Beidh fáil ag údarás a thugann fógra ar líon leordhóthanach daoine inniúla agus ar acmhainní leordhóthanacha chun a chuid cúraimí a dhéanamh mar is cuí.

7.   Déanfaidh údarás a thugann fógra faireachán ar chineál agus ar líon na gcúraimí a dhéanann fochuideachtaí de chomhlachtaí faoina dtugtar fógra nó fochonraitheoirí leo i gcomhréir le hAirteagal 34.

Airteagal 31

An oibleagáid faisnéise atá ar údaráis a thugann fógra

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoina nósanna imeachta chun na comhlachtaí um measúnú comhréireachta a mheasúnú agus chun fógra a thabhairt fúthu agus chun faireachán a dhéanamh ar chomhlachtaí faoina dtugtar fógra, agus faoi aon athruithe ar na nósanna imeachta sin.

Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí.

Airteagal 32

Ceanglais a bhaineann le comhlachtaí faoina dtugtar fógra

1.   Chun fógra a thabhairt de bhun an Rialacháin seo, comhlíonfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta na ceanglais a leagtar síos i míreanna 2 go 11. Déanfar é a chreidiúnú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.

2.   Bunófar comhlachtaí um measúnú comhréireachta faoi dhlí náisiúnta Ballstáit agus beidh pearsantacht dhlítheanach acu.

3.   Beidh comhlacht um measúnú comhréireachta ina chomhlacht tríú páirtí atá neamhspleách ar an eagraíocht nó ar an mbréagán ar a ndéanann sé measúnú.

Maidir le comhlacht a bhaineann le comhlachas gnó nó le cónaidhm ghairmiúil a dhéanann ionadaíocht ar ghnóthais a bhfuil baint acu le dearthóireacht, monaraíocht, soláthar, cóimeáil, úsáid nó cothabháil bréagán a ndéanann sé measúnú orthu, féadfar a mheas gur comhlacht tríú páirtí é chun críocha na chéad fhomhíre, ar choinníoll go léirítear go bhfuil sé neamhspleách agus nach bhfuil aon choinbhleacht leasa ann.

4.   Ní bheidh dearthóir, monaróir, soláthróir, suiteálaí, ceannaitheoir, úinéir, úsáideoir ná cothabhálaí na mbréagán arna measúnú acu, ná ionadaí údaraithe aon duine de na páirtithe sin sa chomhlacht um measúnú comhréireachta, ina lucht bainistíochta ardleibhéil ná ar an bpearsanra a bheidh freagrach as na cúraimí um measúnú comhréireachta a chomhlíonadh. Ní choiscfidh sé sin an úsáid is gá a bheith á baint as na bréagáin mheasúnaithe le haghaidh oibríochtaí an chomhlachta um measúnú comhréireachta ná chun críoch pearsanta.

Ní bheidh baint dhíreach ag comhlacht um measúnú comhréireachta, ag a lucht bainistíochta ardleibhéil ná ag an bpearsanra a bheidh freagrach as cúraimí an mheasúnaithe comhréireachta a chomhlíonadh le dearthóireacht, monaraíocht, margú, suiteáil, úsáid ná cothabháil na mbréagán sin, ná ní dhéanfaidh siad ionadaíocht do na páirtithe atá i gceist leis na gníomhaíochtaí sin. Ní rachaidh siad i mbun aon ghníomhaíochta a d’fhéadfadh a bheith i gcoimhlint lena neamhspleáchas breithiúnais nó lena n-ionracas i ndáil le gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta dá dtugtar fógra ina leith. Beidh feidhm aige sin go háirithe maidir le seirbhísí comhairleachta.

Áiritheoidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta nach ndéanfaidh gníomhaíochtaí a bhfochuideachtaí ná a bhfochonraitheoirí difear do rúndacht, oibiachtúlacht ná neamhchlaontacht a ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta.

5.   Déanfaidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta agus a bpearsanra na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta leis an leibhéal is airde den ionracas gairmiúil agus leis an inniúlacht theicniúil a bhíonn riachtanach sa réimse sonrach, agus beidh siad saor ó gach brú agus mealladh, ó thaobh airgid de go háirithe, a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar a mbreithiúnas nó ar thorthaí a ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, go háirithe a mhéid a bhaineann le brú agus mealladh ó dhaoine nó ó ghrúpaí daoine a bhfuil leas acu i dtorthaí na ngníomhaíochtaí sin.

6.   Beidh sé ar chumas comhlachta um measúnú comhréireachta na cúraimí tríú páirtí uile sa phróiseas um measúnú comhréireachta a shanntar dó i gcomhréir le hIarscríbhinn IV agus ar tugadh fógra dó ina leith a chur i gcrích, cé acu a chuirfidh an comhlacht um measúnú comhréireachta féin na cúraimí sin i gcrích nó a chuirfear i gcrích thar a cheann agus faoina fhreagracht iad.

I dtaca le gach nós imeachta um measúnú comhréireachta agus le gach cineál nó catagóir bréagán ar tugadh fógra dó ina leith, beidh an méid seo a leanas ar fáil don chomhlacht um measúnú comhréireachta nó ar bun aige i gcónaí:

(a)

an fhoireann is gá ag a bhfuil eolas teicniúil agus taithí leordhóthanach agus iomchuí chun na cúraimí measúnaithe comhréireachta a dhéanamh;

(b)

na tuairiscí is gá ar nósanna imeachta a ndéantar measúnú comhréireachta i gcomhréir leo, lena n-áiritheofar trédhearcacht na nósanna imeachta sin agus an cumas iad a atáirgeadh;

(c)

na beartais agus na nósanna imeachtaí is gá lena ndéantar idirdhealú idir cúraimí a chomhlíonann sé mar chomhlacht faoina dtugtar fógra agus gníomhaíochtaí eile; agus

(d)

na nósanna imeachta is gá maidir le gníomhaíochtaí a chur i gcrích lena dtugtar aird chuí ar mhéid an ghnóthais, ar an earnáil ina bhfuil sé ag oibriú, ar a struchtúr, ar chastacht theicneolaíocht an bhréagáin i gceist agus ar an mais nó ar chineál srathach an phróisis táirgeachta.

Beidh na hacmhainní is gá ag comhlacht um measúnú comhréireachta chun na cúraimí teicniúla agus na cúraimí riaracháin a bhaineann leis na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a fheidhmiú ar shlí iomchuí agus beidh rochtain aige ar an trealamh nó ar na saoráidí uile is gá.

7.   Beidh na nithe seo a leanas ag an bpearsanra (an ‘pearsanra measúnaithe’) a bheidh freagrach as na cúraimí um measúnú comhréireachta a chomhlíonadh:

(a)

oiliúint theicniúil fhónta agus gairmoiliúint fhónta lena gcumhdaítear na gníomhaíochtaí uile um measúnú comhréireachta ar tugadh fógra don chomhlacht um measúnú comhréireachta i ndáil leo;

(b)

eolas domhain ar cheanglais na measúnuithe a dhéanann siad agus údarás leordhóthanach chun na measúnuithe sin a dhéanamh;

(c)

eolas domhain agus tuiscint dhomhain ar na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo, ar na caighdeáin chomhchuibhithe is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 15 agus ar na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear in Airteagal 16; agus

(d)

an cumas deimhnithe, taifid agus tuarascálacha a tharraingt suas lena léireofar go mbeidh measúnuithe curtha i gcrích.

8.   Áiritheofar neamhchlaontacht comhlachtaí um measúnú comhréireachta, a n-ardbhainistíocht ardleibhéil agus a bhfoireann measúnaithe.

Ní bheidh luach saothair bhainistíocht ardleibhéil agus fhoireann measúnaithe an chomhlachta um measúnú comhréireachta ag brath ar líon na measúnuithe a chuirfear i gcrích ná ar thorthaí na measúnuithe sin.

9.   Rachaidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta faoi árachas dliteanais ach amháin má ghabhann an Ballstát dliteanas air féin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, nó i gcás inarb é an Ballstát féin atá freagrach go díreach as an measúnú comhréireachta.

10.   Urramóidh pearsanra de chuid comhlacht um measúnú comhréireachta an rúndacht ghairmiúil i gcomhréir leis an dlí is infheidhme de chuid an Aontais agus leis an dlí náisiúnta maidir leis an bhfaisnéis uile a gheobhaidh siad agus a gcuid gcúraimí á gcomhlíonadh acu de bhun Iarscríbhinn IV, ach amháin i ndáil le húdaráis inniúla an Bhallstáit ina ndéanfaidh an pearsanra sin a gcuid gníomhaíochtaí. Cosnófar cearta dílseánaigh, cearta maoine intleachtúla agus rúin trádála.

11.   Beidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta rannpháirteach i ngníomhaíochtaí caighdeánaithe ábhartha agus i ngníomhaíochtaí ghrúpa comhordúcháin an chomhlachta faoina dtugtar fógra arna bhunú de bhun Airteagal 44, gníomhaíochtaí a n-áiritheoidh siad go bhfuil a bhfoireann measúnaithe ar an eolas fúthu, agus cuirfidh siad i bhfeidhm, mar threoraíocht ghinearálta, na cinntí agus na doiciméid riaracháin arna gcur i dtoll a chéile de thoradh obair an ghrúpa sin.

Airteagal 33

Toimhde chomhréireacht na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra

I gcás ina léireoidh comhlacht um measúnú comhréireachta a chomhréireacht leis na critéir a leagtar síos sna caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha nó sna codanna díobh a bhfuil a gcuid tagairtí foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, toimhdeofar go gcomhlíonfaidh an comhlacht na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 32 a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin leis na caighdeáin chomhchuibhithe is infheidhme.

Airteagal 34

Fochuideachtaí comhlachtaí faoina dtugtar fógra agus fochonraitheoireacht acu

1.   I gcás ina ndéanfaidh comhlacht faoina dtugtar fógra cúraimí sonracha i dtaca le measúnú comhréireachta a chur amach ar fochonradh nó i gcás ina bhféadfaidh an comhlacht dul ar iontaoibh fochuideachta, áiritheoidh sé go gcomhlíonann an fochonraitheoir nó an fhochuideachta na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 32 agus cuirfidh sé an t-údarás a thugann fógra ar an eolas faoi sin dá réir.

2.   Glacfaidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra lánfhreagracht as na cúraimí a dhéanann fochonraitheoirí nó fochuideachtaí cibé áit a mbeidh siad bunaithe.

3.   Beidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra in ann athbhreithniú a dhéanamh ar na cúraimí a dhéanann na fochonraitheoirí nó na fochuideachtaí ina ngnéithe uile.

4.   Ní fhéadfar gníomhaíochtaí a chur amach ar fochonradh ná ní fhéadfaidh fochuideachta iad a dhéanamh ach amháin le comhaontú ón gcliant.

5.   Déanfaidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra na doiciméid ábhartha a bhaineann le measúnú ar cháilíochtaí an fhochonraitheora nó na fochuideachta, maille leis na doiciméid a bhaineann leis an obair a dhéanfaidh an fochonraitheoir nó an fhochuideachta de bhun Iarscríbhinn IV, a choinneáil ar fáil don údarás a thugann fógra.

Airteagal 35

Iarratas ar fhógra

1.   Déanfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta iarratas ar fhógra i gcomhréir leis an Rialachán seo a chur faoi bhráid an údaráis a thugann fógra de chuid an Bhallstáit ina bhfuil sé bunaithe.

2.   Beidh tuairisc ar na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta in éineacht leis an iarratas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, agus ar na bréagáin dá maíonn an comhlacht sin a bheith inniúil, chomh maith le deimhniú creidiúnúcháin, arna eisiúint ag comhlacht náisiúnta creidiúnúcháin, lena bhfianaítear go gcomhlíonann an comhlacht um measúnú comhréireachta na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 32.

Airteagal 36

Nós imeachta um fhógra a thabhairt

1.   Na húdaráis a thugann fógra, ní fhéadfaidh siad fógra a thabhairt ach do chomhlachtaí um measúnú comhréireachta a mbeidh na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 32 comhlíonta acu.

2.   Cuirfidh na húdaráis a thugann fógra an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas agus úsáid á baint as an uirlis leictreonach um fógra a thabhairt arna forbairt agus arna bainistiú ag an gCoimisiún.

3.   Beidh sonraí iomlána na ngníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta agus an deimhnithe creidiúnúcháin ábhartha san fhógra. Áireofar san fhógra freisin faisnéis faoi aon chúram a bheidh le déanamh ag fochuideachtaí agus ag fochonraitheoirí.

4.   Ní fhéadfaidh an comhlacht lena mbaineann na gníomhaíochtaí a dhéanann comhlacht faoina dtugtar fógra a chur i gcrích ach i gcás nach ndéanfaidh an Coimisiún ná na Ballstáit eile agóid laistigh de 2 mhí ón uair a dhéantar an fógra a thabhairt.

Ní mheasfar ach comhlacht den sórt sin a bheith ina chomhlacht faoina dtugtar fógra chun críocha an Rialacháin seo.

5.   Tabharfaidh an t-údarás a thugann fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile maidir le haon athrú ábhartha arna ndéanamh ar an bhfógra ina dhiaidh sin.

Airteagal 37

Uimhreacha aitheantais agus liostaí comhlachtaí faoina dtugtar fógra

1.   Sannfaidh an Coimisiún uimhir aitheantais do gach comhlacht faoina dtugtar fógra.

Sannfaidh sé aon uimhir aitheantais amháin fiú i gcás ina dtugtar fógra don chomhlacht de bhun roinnt gníomhartha de chuid an Aontais.

2.   Cuirfidh an Coimisiún liosta na gcomhlachtaí ar tugadh fógra fúthu de bhun an Rialacháin seo ar fáil go poiblí, lena n-áirítear na huimhreacha aitheantais arna sannadh dóibh agus na gníomhaíochtaí faoinar tugadh fógra dóibh.

Áiritheoidh an Coimisiún go gcoinneofar an liosta cothrom le dáta.

Airteagal 38

Athruithe ar na fógraí

1.   I gcás ina bhfionnfaidh an t-údarás a thugann fógra nach bhfuil comhlacht faoina dtugtar fógra ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 32 a thuilleadh nó go bhfuil an comhlacht ag mainneachtain a oibleagáidí a chomhlíonadh nó i gcás ina gcuirfear é sin in iúl dó, déanfaidh an t-údarás a thugann fógra an fógra a shrianadh, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, de réir mar is iomchuí, de réir thromchúis na mainneachtana maidir leis na ceanglais sin nó na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh. Cuirfidh sé an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas láithreach dá réir sin.

2.   I gcás fógra a bheith srianta, curtha ar fionraí nó aistarraingthe, nó i gcás deireadh a bheith curtha lena ghníomhaíocht ag an gcomhlacht faoina dtugtar fógra, déanfaidh an Ballstát a thugann fógra bearta iomchuí chun a áirithiú go bpróiseálfaidh comhlacht eile faoina dtugtar fógra comhaid an chomhlachta sin nó go gcoinneofar na comhaid sin ar fáil do na húdaráis a thugann fógra agus do na húdaráis um fhaireachas margaidh a bheidh freagrach arna iarraidh sin dóibh.

Airteagal 39

Agóid in aghaidh inniúlacht na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra

1.   Imscrúdóidh an Coimisiún gach cás a bhfuil amhras air ina leith, nó a gcuirtear amhras ina leith in iúl dó, maidir le hinniúlacht comhlachta faoina dtugtar fógra nó maidir leis an gcaoi a bhfuil comhlacht faoina dtugtar fógra ag leanúint de bheith ag comhlíonadh na gceanglas agus na bhfreagrachtaí a bhfuil sé faoina réir.

2.   Soláthróidh an t-údarás a thugann fógra don Choimisiún, arna hiarraidh sin dó, an fhaisnéis uile a bhaineann leis an mbonn leis an bhfógra nó le hinniúlacht an chomhlachta faoina dtugtar fógra lena mbaineann a choinneáil ar bun.

3.   Áiritheoidh an Coimisiún go gcoinneofar faoi rún an fhaisnéis íogair uile a gheofar le linn a chuid imscrúduithe.

4.   I gcás ina bhfionnann an Coimisiún nach gcomhlíonann comhlacht faoina dtugtar fógra na ceanglais maidir le fógra a thabhairt ina leith, glacfaidh sé gníomh cur chun feidhme lena n-iarrtar ar an údarás a thugann fógra na bearta ceartaitheacha is gá a dhéanamh, lena n-áirítear an fógra a aistarraingt más gá.

Airteagal 40

Oibleagáidí oibríochtúla comhlachtaí faoina dtugtar fógra

1.   Déanfaidh comhlacht faoina dtugtar fógra measúnuithe comhréireachta i gcomhréir leis an nós imeachta um measúnú comhréireachta dá ndéantar foráil in Iarscríbhinn IV.

2.   Déanfaidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a leagtar amach sa Rialachán seo ar bhealach comhréireach, agus seachnófar ualaí nach bhfuil gá leo ar oibreoirí eacnamaíocha. Déanfaidh siad a ngníomhaíochtaí i gcomhréir leis an Rialachán seo agus aird chuí á tabhairt ar mhéid gnóthais, ar an earnáil ina bhfuil sé ag oibriú, ar a struchtúr, ar chastacht theicneolaíocht an bhréagáin atá i gceist agus ar an mais nó ar chineál srathach an phróisis táirgeachta.

Agus a ngníomhaíochtaí á ndéanamh acu, urramóidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra an déine agus an leibhéal cosanta is gá chun go gcomhlíonfaidh an bréagán an Rialachán seo.

3.   I gcás ina suíonn comhlacht faoina dtugtar fógra nach gcomhlíonann an bréagán na buncheanglais sábháilteachta, na ceanglais sna caighdeáin chomhchuibhithe chomhfhreagracha, i gcás ina gcuirtear na caighdeáin sin i bhfeidhm, ná na ceanglais i sonraíochtaí coiteanna comhfhreagracha dá dtagraítear in Airteagal 16, i gcás ina gcuirtear na sonraíochtaí sin i bhfeidhm, ceanglóidh sé ar an monaróir siúd bearta ceartaitheacha iomchuí a dhéanamh agus ní eiseoidh sé deimhniú ar chineálscrúdú AE dá dtagraítear i gCuid II, pointe 6, d’Iarscríbhinn IV.

4.   Le linn faireacháin ar chomhréireacht a dhéanfar tar éis eisiúint an deimhnithe ar chineálscrúdú AE, i gcás ina suíonn comhlacht faoina dtugtar fógra nach bhfuil na caighdeáin á gcomhlíonadh ag bréagán a thuilleadh, ceanglóidh sé ar an monaróir bearta ceartaitheacha iomchuí a dhéanamh agus cuirfidh sé ar fionraí nó tarraingeoidh sé siar an deimhniú ar chineálscrúdú más gá.

5.   I gcás nach ndéantar bearta ceartaitheacha ná nach bhfuil an éifeacht leo a bhfuil gá leis, déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra aon deimhniú ar chineálscrúdú AE a shrianadh, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, de réir mar is iomchuí.

6.   I gcás ina gcuirfidh údarás um fhaireachas margaidh in iúl do chomhlacht faoina dtugtar fógra nach bhfuil na buncheanglais sábháilteachta á gcomhlíonadh ag bréagán ar eisigh an comhlacht faoina dtugtar fógra deimhniú ar chineálscrúdú AE ina leith, tarraingeoidh sé siar an deimhniú ar chineálscrúdú AE i ndáil leis an mbréagán sin.

Airteagal 41

Achomhairc in aghaidh chinntí na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra

Áiritheoidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra go mbeidh nós imeachta achomhairc trédhearcach agus inrochtana ar fáil in aghaidh a gcuid cinntí.

Airteagal 42

Oibleagáidí faisnéise na n-údarás faoina dtugtar fógra

1.   Cuirfidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra an t-údarás a thugann fógra ar an eolas faoin méid seo a leanas:

(a)

aon diúltú, srianadh, fionraí nó aistarraingt a dhéantar i ndáil le deimhnithe ar chineálscrúdú AE;

(b)

aon toisc a dhéanann difear do raon feidhme agus do choinníollacha a bhfógra;

(c)

aon iarraidh ar fhaisnéis a gheobhaidh siad ó údaráis um fhaireachas margaidh maidir le gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta;

(d)

arna iarraidh sin, gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a fheidhmítear faoi raon feidhme a bhfógra agus aon ghníomhaíocht eile dá bhfeidhmítear, lena n-áirítear gníomhaíochtaí trasteorann agus fochonraitheoireacht.

2.   Déanfaidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra faisnéis ábhartha a sholáthar do na comhlachtaí eile faoina dtugtar fógra de bhun an Rialacháin seo a dhéanann gníomhaíochtaí comhchosúla um measúnú comhréireachta ina gcumhdaítear na bréagáin chéanna maidir le saincheisteanna a bhaineann le torthaí diúltacha agus, arna iarraidh sin, torthaí dearfacha ar mheasúnú comhréireachta.

3.   Mar thoradh ar iarraidh réasúnaithe ó údarás um fhaireachas margaidh, cuirfidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile a bhaineann le haon deimhniú ar chineálscrúdú AE atá eisithe nó aistarraingthe acu, nó a bhaineann le haon diúltú an deimhniú sin a eisiúint, lena n-áirítear tuarascálacha tástála agus an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 27 ar fáil dó.

Airteagal 43

Malartú taithí

Déanfaidh an Coimisiún foráil maidir le malartú taithí idir údaráis náisiúnta na mBallstát a eagrú, údaráis náisiúnta atá freagrach as beartas maidir le fógra a thabhairt.

Airteagal 44

Comhordú comhlachtaí faoina dtugtar fógra

Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear comhordú agus comhar iomchuí i bhfeidhm idir comhlachtaí faoina dtugtar fógra de bhun an Rialacháin seo agus go bhfeidhmeofar an comhordú agus comhar sin i gceart i bhfoirm ghrúpa earnála nó ghrúpaí de chomhlachtaí faoina dtugtar fógra.

Glacfaidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra páirt in obair an ghrúpa sin, go díreach nó trí bhíthin ionadaithe ainmnithe.

CAIBIDIL VIII

FAIREACHAS MARGAIDH

Airteagal 45

Nós imeachta chun déileáil le bréagáin a bhfuil riosca ag baint leo ar an leibhéal náisiúnta

1.   I gcás ina mbeidh cúiseanna leordhóthanacha ag na húdaráis um fhaireachas margaidh de chuid aon Bhallstáit amháin le creidiúint go mbaineann riosca do shláinte nó do shábháilteacht daoine le bréagán a chumhdaítear leis an Rialachán, déanfaidh siad meastóireacht i ndáil leis an mbréagán lena mbaineann ó thaobh na gceanglas ábhartha uile a leagtar síos sa Rialachán seo. Comhoibreoidh na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha de réir mar is gá leis na húdaráis um fhaireachas margaidh chun na críche sin.

I gcás ina suíonn na húdaráis um fhaireachas margaidh le linn na meastóireachta sin nach gcomhlíonann bréagán na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, ceanglóidh siad, gan mhoill, ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha gníomhaíocht cheartaitheach iomchuí a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 16(3) de Rialachán (AE) 2019/1020, laistigh de thréimhse réasúnta arna forchur ag na húdaráis um fhaireachas margaidh agus cineál an riosca á chur san áireamh.

Cuirfidh na húdaráis um fhaireachas margaidh an comhlacht ábhartha faoina dtugtar fógra ar an eolas dá réir sin.

2.   I gcás ina measann na húdaráis um fhaireachas margaidh nach bhfuil an neamhchomhlíontacht srianta dá gcríoch náisiúnta, cuirfidh siad an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi thorthaí na meastóireachta agus faoi na gníomhaíochtaí a d’éiligh siad ar an oibreoir eacnamaíoch a dhéanamh.

3.   Áiritheoidh an t-oibreoir eacnamaíoch go ndéanfar beart ceartaitheach iomchuí maidir leis na bréagáin uile lena mbaineann atá curtha ar fáil ar an margadh ar fud an Aontais ag an oibreoir eacnamaíoch.

4.   I gcás nach ndéanann an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha beart ceartaitheach leordhóthanach laistigh den tréimhse dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1, déanfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh gach beart sealadach iomchuí chun toirmeasc nó srian a chur ar an mbréagán a chur ar fáil ar a margadh náisiúnta, chun an bréagán a tharraingt siar ón margadh nó é a aisghairm.

Cuirfidh na húdaráis um fhaireachas margaidh an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas, gan mhoill, maidir leis na bearta sin.

5.   Áireofar san fhaisnéis dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 4 na sonraí uile atá ar fáil, go háirithe na sonraí is gá chun an bréagán neamhchomhlíontach a shainaithint lena n-áirítear an t-aitheantóir táirge uathúil, tionscnamh an bhréagáin sin, an cineál neamh-chomhlíontachta a líomhnaítear agus an riosca a bhaineann leis, cineál agus fad na mbeart náisiúnta a rinneadh agus na hargóintí a chuir an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha chun tosaigh. Tabharfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh le fios go háirithe cé acu a tharla nó nár tharla an neamhchomhlíontacht i ngeall ar aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a)

mainneachtain an bhréagáin na buncheanglais sábháilteachta a chomhlíonadh;

(b)

easnaimh sna caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 15; nó

(c)

easnaimh sna sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear in Airteagal 16.

6.   Na húdaráis um fhaireachas margaidh sna Ballstáit seachas an Ballstát a thionscnaíonn an nós imeachta a leagtar amach san Airteagal seo, déanfaidh siad aon bheart a ghlactar agus aon fhaisnéis bhreise atá faoina réir acu agus a bhaineann le neamhchomhlíontacht an bhréagáin lena mbaineann, agus, i gcás easaontas leis an mbeart náisiúnta ar tugadh fógra ina leith, a n-agóidí a chur in iúl gan mhoill don Choimisiún agus do na Ballstáit eile.

7.   Más rud é, laistigh de 3 mhí tar éis dóibh an fhaisnéis dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 4 a fháil, nach ndéanann údarás um fhaireachas margaidh de chuid Ballstáit ná an Coimisiún agóid maidir le beart sealadach a rinne Ballstát, measfar go bhfuil údar leis an mbeart sin.

8.   Áiritheoidh údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát eile go ndéanfar bearta sriantacha iomchuí gan mhoill, mar shampla an bréagán a aistarraingt óna margadh, i ndáil leis an mbréagán lena mbaineann, agus cuirfidh siad an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi na bearta sin.

9.   Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 2, 4, 6 agus 8 den Airteagal seo a chur in iúl tríd an gcóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/1020. Ní dhéanfaidh an teachtaireacht sin difear don oibleagáid atá ar údaráis um fhaireachas margaidh fógra a thabhairt faoi bhearta arna ndéanamh in aghaidh táirgí a bhfuil riosca tromchúiseach ag baint leo i gcomhréir le hAirteagal 20 de Rialachán (AE) 2019/1020.

Airteagal 46

Nós imeachta coimirce an Aontais

1.   Más rud é, tar éis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 45(3) agus (4) a chur i gcrích, go ndéantar agóidí in aghaidh beart arna ghlacadh ag Ballstát, nó i gcás ina bhfuil cúiseanna ag an gCoimisiún lena chreidiúint go bhféadfadh beart náisiúnta a bheith contrártha do dhlí an Aontais, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle gan mhoill leis na Ballstáit agus leis an oibreoir eacnamaíoch nó leis na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha agus déanfar meastóireacht ar an mbeart náisiúnta.

Ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena gcinnfear cé acu atá nó nach bhfuil údar maith leis an mbeart náisiúnta.

Díreoidh an Coimisiún a chinneadh chuig na Ballstáit uile agus cuirfidh sé é in iúl dóibh, gan mhoill, agus don oibreoir eacnamaíoch nó do na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha.

2.   I gcás ina meastar bonn cirt a bheith leis an mbeart náisiúnta, déanfaidh na Ballstáit uile na bearta is gá chun a áirithiú go dtarraingeofar an bréagán neamhchomhlíontach siar nó go n-aisghairfear é óna margadh agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas dá réir sin.

Má mheastar nach bhfuil bonn cirt leis an mbeart náisiúnta, tarraingeoidh an Ballstát lena mbaineann siar an beart sin.

3.   I gcás ina meastar go bhfuil bonn cirt leis an mbeart náisiúnta agus ina gcuirfear neamh-chomhlíonadh an bréagán i leith easnaimh sna caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 15 den Rialachán seo nó sna sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear in Airteagal 16 den Rialachán seo, cuirfidh an Coimisiún an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 i bhfeidhm nó leasóidh sé na sonraíochtaí coiteanna de réir mar is iomchuí.

Airteagal 47

Neamhchomhlíonadh foirmiúil

1.   Gan dochar d’Airteagal 45, i gcás ina suíonn údarás um fhaireachas margaidh ceann amháin de na cinntí seo a leanas maidir le bréagán, ceanglóidh sé ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha deireadh a chur leis an neamhchomhlíontacht lena mbaineann:

(a)

greamaíodh an mharcáil CE de shárú ar Airteagal 17 nó 18;

(b)

níor greamaíodh an mharcáil CE;

(c)

níor tarraingíodh suas an pas táirge digiteach i gcomhréir le hAirteagal 19;

(d)

níor greamaíodh an t-iompróir sonraí trína bhfuil rochtain ar an bpas táirge digiteach i gcomhréir le hAirteagal 19(7);

(e)

níl an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 27 ar fáil nó tá sí neamhiomlán.

2.   I gcás ina leantar den neamhchomhlíontacht dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an t-údarás um fhaireachas margaidh lena mbaineann bearta iomchuí chun srian nó toirmeasc a chur ar an mbréagán a chur ar fáil ar an margadh, nó chun a áirithiú go n-aisghairfear an bréagán nó go dtarraingeofar siar ón margadh é.

Airteagal 48

Gníomhaíocht an Choimisiúin maidir le bréagáin a bhfuil riosca ag baint leo

1.   I gcás ina bhfaighidh an Coimisiún amach faoi bhréagán nó faoi chatagóir shonrach bréagán a chuirtear ar fáil ar an margadh agus lena mbaineann riosca do shláinte agus do shábháilteacht daoine ach atá, mar sin féin, i gcomhréir leis na ceanglais sábháilteachta áirithe, nó a bhfuil riosca den sórt sin ag baint leis agus atá ag cur amhrais ar an gcomhlíontacht leis na ceanglais sábháilteachta ar leith, cumhachtaítear an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar amach bearta chun a áirithiú nach mbeidh an riosca sin ag baint leis an mbréagán nó leis an gcatagóir bréagán, nuair a chuirtear ar fáil ar an margadh iad, chun é a tharraingt siar ón margadh nó chun é a aisghairm i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

tagann sé chun solais ó chomhairliúcháin roimhe seo leis na húdaráis um fhaireachas margaidh go bhfuil a gcur chuige maidir le déileáil leis an riosca éagsúil ó údarás um fhaireachas margaidh amháin go ceann eile; agus

(b)

de dheasca a chineáil, ní féidir déileáil leis an riosca i gcomhréir le nósanna imeachta eile a leagtar síos leis an Rialachán seo.

2.   Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 53(3). Ar mhórchúiseanna práinne cuí-réasúnaithe a bhaineann le sláinte agus sábháilteacht daoine a chosaint, cumhachtaítear an Coimisiún gníomh cur chun feidhme is infheidhme láithreach a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 53(4).

CAIBIDIL IX

CUMHACHTAÍ TARMLIGTHE AGUS NÓS IMEACHTA COISTE

Airteagal 49

Cumhachtaí tarmligthe

1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na ceanglais theicniúla a bhaineann leis an bpas táirge digiteach le haghaidh bréagán a chinneadh. Leis na ceanglais sin, cumhdófar na nithe seo a leanas go háirithe:

(a)

iompróir sonraí amháin nó níos mó a bheidh le húsáid;

(b)

an leagan amach ina gcuirfear an t-iompróir sonraí i láthair agus a shuíomh;

(c)

eilimintí teicniúla an phas táirge dhigitigh a n-úsáidfear caighdeáin shainithe Eorpacha nó idirnáisiúnta ina leith;

(d)

na gníomhaithe a bhfuil rochtain le bheith acu ar na sonraí sa phas táirge digiteach agus na sonraí a bhfuil rochtain le bheith acu orthu;

(e)

na gníomhaithe a bheidh le pas táirge digiteach a chruthú nó na sonraí i bpas táirge digiteach a nuashonrú agus cén sonraí a fhéadfaidh siad a thabhairt isteach nó a nuashonrú; agus

(f)

na socruithe mionsonraithe maidir le sonraí dá dtagraítear i bpointe (e) a thabhairt isteach nó a thabhairt cothrom le dáta.

Agus na cearta rochtana dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (d), á gcinneadh aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an gá atá le faisnéis rúnda ghnó agus rúin trádála a chosaint i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30), chomh maith leis an ngá atá lena áirithiú gur féidir le tomhaltóirí rochtain éasca a fháil ar an bhfaisnéis atá ábhartha dóibh.

Na gníomhaithe a thugann sonraí cothrom le dáta i bpas táirge digiteach i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, pointe (e), beidh siad freagrach as cruinneas na sonraí a sholáthraíonn siad, ach amháin i gcás ina ngníomhaíonn siad thar ceann an mhonaróra.

Ní bheidh dáta cur i bhfeidhm gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír níos luaithe ná 18 mí ón uair a thiocfaidh siad i bhfeidhm, ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo i gcás an ghnímh ina iomláine nó i gcás ceanglais shonracha áirithe, nó cé is moite de chásanna ina ndéantar gníomhartha tarmligthe a aisghairm go páirteach nó a leasú go páirteach ar ina leith a fhéadfar dáta cur i bhfeidhm níos luaithe a shocrú.

2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun Iarscríbhinn VI a leasú a mhéid a bhaineann leis na sonraí atá le soláthar sa phas táirge digiteach, chun í a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch agus do leibhéal ullmhachta digití na n-údarás um fhaireachas margaidh agus na n-úsáideoirí agus a maoirseoirí.

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun Airteagal 22(1) a leasú tríd an bhfaisnéis bhreise sin a leagan amach i measc na faisnéise a liostaítear in Iarscríbhinn VI nó an fhaisnéis sin maidir le neamhchomhlíontacht an bhréagáin nuair a dhéanfar bearta i gcomhréir le hAirteagal 45(2) nó (4) a stóráil sa chlárlann.

Agus na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír á ghlacadh, cuirfidh an Coimisiún na critéir seo a leanas san áireamh:

(a)

comhsheasmhacht le gníomhartha eile is infheidhme de chuid an Aontais, i gcás inarb ábhartha;

(b)

an gá lena fhágáil gur féidir barántúlacht an phas táirge digiteach a fhíorú;

(c)

ábharthacht na faisnéise chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus éifeachtacht seiceálacha faireachais margaidh agus rialuithe custaim le haghaidh bréagán; agus

(d)

an gá le hualach díréireach riaracháin ar oibreoirí eacnamaíocha agus údaráis náisiúnta, lena n-áirítear údaráis chustaim, a sheachaint.

4.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 den Rialachán seo chun Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú chun an liosta de chóid tráchtearraí agus tuairiscí ar tháirgí a bheidh le húsáid chun críocha Airteagal 23(6) den Rialachán seo a oiriúnú. Beidh na hoiriúnuithe sin bunaithe ar an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87.

5.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun Iarscríbhinn III a leasú chun í a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch.

6.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun Cuid C den Fhoscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn II a leasú, agus na coinníollacha a leagtar amach i gCuid III, pointe 10, d’Iarscríbhinn II á gcur san áireamh, chun go gceadófar substaint shonrach nó meascán sonrach, a thoirmisctear de bhun Chuid III, pointe 4, 5 nó 6, d’Iarscríbhinn II, a bheith i mbréagáin go pointe, nó chun an cead substaint nó meascán áirithe a bheith iontu a leasú nó a tharraingt siar. Tabharfaidh an Coimisiún údar cuí le haon díolúine a dheonaítear agus cuirfidh sé an díolúine sin ar fáil go poiblí ar bhealach a bheidh inrochtana go héasca agus sothuigthe.

7.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun Codanna A, B agus D den Fhoscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn II a leasú chun iad a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

coinníollacha a thabhairt isteach maidir le substaintí nó meascáin a bheith i mbréagáin agus, go háirithe, teorainnluachanna le haghaidh substaintí nó meascán ar leith i mbréagáin, lena n-áirítear teorainnluachanna le haghaidh substaintí nó meascán toirmiscthe dá dtagraítear i gCuid III, pointe 7, d’Iarscríbhinn II a bheith iontu go neamhbheartaithe; nó

(b)

na coinníollacha nó na teorainnluachanna maidir le substaintí agus meascáin a bheith i mbréagáin a mhodhnú.

8.   Iarrfaidh an Coimisiún tuairim ón nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA) de bhun Airteagal 52(7) maidir le sábháilteacht nítreasaimíní agus substaintí in-níotrósáithithe i mbréagáin, i bhfianaise an nochta fhoriomláin. Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an tuairim agus, i gcás inar gá, i bhfianaise na tuairime sin, glacfaidh sé gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 50 chun teorainnluachanna na substaintí sin i mbréagáin a liostaítear i gCuid A den Fhoscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn II a oiriúnú.

9.   Iarrfaidh an Coimisiún tuairim ó ECHA de bhun Airteagal 52(7) maidir le sábháilteacht luaidhe, caidmiam, mearcair agus cróimiam (VI) a bheith i mbréagáin, i bhfianaise an nochta fhoriomláin. Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an tuairim agus, i gcás inar gá, i bhfianaise na tuairime sin, glacfaidh sé gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 50 chun teorainnluachanna na substaintí sin i mbréagáin a liostaítear i gCuid A den Fhoscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn II a oiriúnú.

10.   Chun críocha mhíreanna 6 agus 7, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht chórasach agus thráthrialta ar shubstaintí guaiseacha ceimiceacha nó ar mheascáin ghuaiseacha cheimiceacha i mbréagáin. Sna meastóireachtaí sin, cuirfidh an Coimisiún san áireamh tuarascálacha ó chomhlachtaí faireachais margaidh agus fianaise eolaíoch arna tíolacadh ag na Ballstáit agus ag páirtithe leasmhara.

Airteagal 50

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 49 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 1 Eanáir 2026. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 49 a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 49 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 3 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 51

Iarrataí ar mheasúnú chun críocha Airteagal 49(6)

1.   Cuirfear iarrataí ar mheasúnú ar shubstaint nó ar mheascán a thoirmisctear de bhun Chuid III, pointe 4, 5 nó 6, d’Iarscríbhinn II chun críocha Airteagal 49(6) faoi bhráid ECHA agus úsáid á baint as an bhformáid dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo. Cuirfear na hiarrataí ar fáil go poiblí ar bhealach a bheidh inrochtana go héasca agus sothuigthe.

2.   Gan dochar don dara fomhír den mhír seo, féadfaidh aon duine a bhfuil iarraidh ar mheasúnú á cur isteach aige de bhun mhír 1 a iarraidh nach gcuirfear faisnéis rúnda áirithe ar fáil go poiblí i gcomhréir leis an dlí is infheidhme de chuid an Aontais. Ag gabháil leis an iarraidh ar rúndacht beidh bonn cirt maidir leis an bhfáth a bhféadfadh nochtadh na faisnéise dochar a dhéanamh do leasanna tráchtála an duine atá ag tíolacadh na hiarrata ar mheasúnú nó aon pháirtí eile lena mbaineann.

Déanfar an fhaisnéis seo a leanas atá i seilbh ECHA a chur ar fáil go poiblí, saor in aisce, i bhformáid shothuigthe don úsáideoir:

(a)

ainm an duine dhlítheanaigh a dhéanann an iarraidh;

(b)

ainm na substainte nó an mheascáin a n-iarrtar díolúine ina leith agus, i gcás inarb iomchuí, an aicme ghuaise dá dtagraítear i gCuid III, pointe 4, d’Iarscríbhinn II; agus

(c)

cineál an bhréagáin nó na comhpháirte bréagáin.

3.   Roimh an 2 Feabhra 2027, déanfaidh ECHA formáid a tharraingt suas agus a chur ar fáil go poiblí chun iarrataí ar mheasúnú dá dtagraítear i mír 1 a thíolacadh. Roimh an dáta sin, déanfaidh ECHA treoir theicniúil agus eolaíoch a tharraingt suas agus a chur ar fáil go poiblí maidir le conas na hiarrataí sin a chur isteach agus maidir leis an gcaoi a ndéanfar an anailís a thacaíonn leis na hiarrataí sin, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le hinfhaighteacht roghanna malartacha ar na substaintí nó ar na meascáin agus conas aghaidh a thabhairt, de bhun an Rialacháin seo, ar na guaiseacha breise aitheanta a bhaineann leis an gcomhnochtadh do na substaintí agus do na meascáin éagsúla atá sa bhréagán.

Airteagal 52

Tuairimí ó ECHA

1.   Chun críocha Airteagal 49(6), tabharfaidh ECHA tuairimí don Choimisiún maidir le substaintí nó meascáin a bheith i mbréagáin a thoirmisctear de bhun Chuid III, pointe 4, 5 nó 6, d’Iarscríbhinn II, i gcás ina gcuirtear iarraidh ar mheasúnú faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 51(1). Déanfaidh ECHA measúnú ina thuairimí i dtaobh cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na critéir a leagtar amach i gCuid III, pointe 10, pointí (a) agus (b), d’ Iarscríbhinn II maidir le húsáid shonrach.

2.   Féadfaidh ECHA a iarraidh ar an duine a bhfuil an iarraidh ar mheasúnú á cur isteach aige nó ar aon tríú páirtí faisnéis bhreise a chur isteach laistigh de thréimhse shonraithe. Cuirfidh ECHA aon fhaisnéis a thíolacfaidh tríú páirtithe san áireamh.

3.   Seolfar na tuairimí dá dtagraítear i mír 1 chuig an gCoimisiún agus cuirfear ar fáil go poiblí iad ar bhealach a bheidh inrochtana go héasca agus sothuigthe don úsáideoir laistigh de thréimhse 12 mhí ón iarraidh ar mheasúnú a fháil.

4.   Féadfar síneadh suas le 6 mhí a chur leis an tréimhse dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo uair amháin más gá do ECHA faisnéis a iarraidh ó thríú páirtí nó má chuirtear líon ard iarrataí ar mheasúnú faoi bhráid ECHA de bhun Airteagal 51(1).

5.   Déanfaidh ECHA athbhreithniú ar a thuairimí maidir le substaintí nó meascáin a liostaítear i gCuid C den Fhoscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn II a bheith i mbréagáin gach 5 bliana ar a laghad ó dháta theacht i bhfeidhm gnímh tharmligthe arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49(6). Chun an athmheastóireacht sin a dhéanamh, iarrfaidh ECHA ar an duine a bhfuil an iarraidh bhunaidh á cur isteach aige an fhaisnéis agus an doiciméadacht is gá a sholáthar laistigh de thréimhse shonraithe lena léirítear go gcomhlíontar i gcónaí na coinníollacha lena dtugtar údar leis an tsubstaint a bheith i mbréagáin a leagtar amach i gCuid III, pointe 10, d’ Iarscríbhinn II. Féadfaidh ECHA a iarraidh ar an aon tríú páirtí faisnéis bhreise a chur isteach laistigh de thréimhse shonraithe.

6.   Iarrfaidh an Coimisiún tuairim ó ECHA maidir le substaintí nó meascáin a liostaítear i gCuid C den Fhoscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn II a bheith i mbréagáin a luaithe a bheidh fios ag an gCoimisiún faoi fhaisnéis eolaíoch nua nó faoi dhul chun cinn teicneolaíoch nua a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’úsáid cheadaithe substainte nó meascáin ar leith i mbréagáin.

7.   Chun críocha Airteagal 49(7), féadfaidh an Coimisiún tuairim a iarraidh ar ECHA maidir le sábháilteacht substainte nó meascáin ar leith i mbréagáin, ina gcuirfear san áireamh an nochtadh foriomlán don tsubstaint nó don mheascán ó fhoinsí eile agus na guaiseacha breise aitheanta a bhaineann leis an gcomhnochtadh do na substaintí agus do na meascáin éagsúla atá sa bhréagán, mar aon le leochaileacht leanaí.

8.   Agus tuairim á hullmhú aige i gcomhréir leis an Airteagal sin, déanfaidh ECHA an fhaisnéis maidir le tús an mheasúnaithe, glacadh na tuairime chomh maith le haon chéim idirmheánach sa nós imeachta measúnaithe a chur ar fáil go poiblí. Go háirithe, cuirfidh ECHA na dréacht-tuairimí ar fáil go poiblí agus tabharfaidh sé deis d’aon pháirtí leasmhar barúil a thabhairt ar na tuairimí sin laistigh de thréimhse 4 seachtaine ar a laghad.

Airteagal 53

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh Coiste um Shábháilteacht Bréagán cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag Airteagal 5(4), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

4.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5 de.

CAIBIDIL X

RÚNDACHT AGUS PIONÓIS

Airteagal 54

Rúndacht

1.   Urramóidh na húdaráis inniúla náisiúnta, na comhlachtaí faoina dtugtar fógra, ECHA agus an Coimisiún rúndacht, i gcomhréir le dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta, na faisnéise agus na sonraí seo a leanas a gheofar agus a gcúraimí á ndéanamh acu i gcomhréir leis an Rialachán seo:

(a)

sonraí pearsanta; agus

(b)

faisnéis rúnda tráchtála agus rúin cheirde atá ag duine nádúrtha nó duine dlítheanach, lena n-áirítear cearta maoine intleachtúla; ach amháin más ar mhaithe le leas an phobail é go nochtfar iad.

2.   Gan dochar do mhír 1, faisnéis a mhalartaítear ar bhonn rúnda idir na húdaráis náisiúnta inniúla agus idir na húdaráis náisiúnta inniúla agus an Coimisiún, ní nochtfar í gan dul i gcomhairle roimh ré leis an údarás náisiúnta inniúil tionscnaimh.

3.   Ní dhéanfaidh mír 1 ná 2 difear do chearta ná d’oibleagáidí an Choimisiúin, na mBallstát agus comhlachtaí faoina dtugtar fógra maidir le malartú faisnéise agus scaipeadh rabhadh, ná d’oibleagáidí na ndaoine lena mbaineann faisnéis a thabhairt de bhun an dlí choiriúil.

4.   Féadfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún faisnéis rúnda a mhalartú le húdaráis rialála tríú tíortha a bhfuil socruithe rúndachta iltaobhacha nó déthaobhacha tugtha i gcrích acu leo i gcás ina n-áirithítear leis na socruithe sin go bhfuil aon mhalartú faisnéise i gcomhréir leis an dlí is infheidhme de chuid an Aontais agus leis an dlí náisiúnta is infheidhme.

Airteagal 55

Pionóis

Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus faoi na bearta sin, faoin 1 Lúnasa 2028, agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

CAIBIDIL XI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 56

Aisghairm

Aisghairtear Treoir 2009/48/CE le héifeacht ón 1 Lúnasa 2030.

Déanfar tagairtí do Threoir 2009/48/CE aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII.

Airteagal 57

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Ní chuirfidh na Ballstáit bac ar bhréagáin a chur ar fáil ar an margadh a cuireadh ar an margadh i gcomhréir le Treoir 2009/48/CE roimh an 1 Lunasa 2030.

2.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag Caibidil VIII den Rialachán seo in ionad Airteagail 42, 43 agus 45 de Threoir 2009/48/CE maidir le bréagáin a cuireadh ar an margadh i gcomhréir leis an Treoir sin roimh an 1 Lúnasa 2030, lena n-áirítear bréagáin ar tionscnaíodh nós imeachta ina leith cheana i gcomhréir le hAirteagal 42 nó 43 de Threoir 2009/48/CE roimh an 1 Lúnasa 2030.

3.   Leanfaidh deimhnithe ar chineálscrúdú CE arna n-eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 20 de Threoir 2009/48/CE de bheith bailí go dtí an 1 Feabhra 2031, mura rachaidh siad in éag roimh an dáta sin.

Airteagal 58

Meastóireacht agus athbhreithniú

1.   Faoin 1 Samhain 2033 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

Sa tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfar an méid seo a leanas go háirithe a mheas:

(a)

éifeachtacht an Rialacháin seo maidir le hardleibhéal cosanta do shláinte agus do shábháilteacht leanaí a áirithiú;

(b)

éifeachtacht an Rialacháin seo maidir le feidhmiú an mhargaidh inmheánach a fheabhsú, lena n-áirítear i ndíolacháin ar líne; agus

(c)

éifeachtúlacht an Rialacháin seo agus na tionchair ar iomaíochas, lena n-áirítear do FBManna.

2.   I gcás ina measfaidh an Coimisiún é a bheith iomchuí, beidh ag gabháil leis an tuarascáil togra reachtach chun leasú a dhéanamh ar na forálacha ábhartha den Rialachán seo.

Airteagal 59

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Lúnasa 2030.

Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagail 28 go 44 agus ag Airteagail 49 go 55 ón 1 Eanair 2026.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 26 Samhain 2025.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BJERRE


(1)   IO C, C/2024/1577, 5.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1577/oj.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2024 (IO C, C/2025/1032, 27.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1032/oj) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 13 Deireadh Fómhair 2025 (OJ C, C/2025/6468, 3.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6468/oj). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Samhain 2025 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  Treoir 2009/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le sábháilteacht bréagán (IO L 170, 30.6.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/48/oj).

(4)  Rialachán (AE) 2023/988 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 87/357/CEE ón gComhairle (IO L 135, 23.5.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/988/oj).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/765/oj).

(6)  Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir le creat comhchoiteann le haghaidh margú táirgí, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 93/465/CEE ón gComhairle (IO L 218, 13.8.2008, lch. 82, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2008/768(1)/oj).

(7)  Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1020/oj).

(8)  Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/5/CE (IO L 153, 22.5.2014, lch. 62, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/53/oj).

(9)  Rialachán (AE) 2024/2847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2024 maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 168/2013 agus (AE) 2019/1020 agus Treoir (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Chibear-Athléimneacht) (IO L, 2024/2847, 20.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2847/oj).

(10)  Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 300/2008, (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1139 agus (AE) 2019/2144 agus Treoracha 2014/90/AE, (AE) 2016/797 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um an Intleacht Shaorga) (IO …, ELI: …) (IO L, 2024/1689, 12.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1689/oj).

(11)  Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le hábhair agus nithe a bheartaítear a bheith i dtadhall le bia agus lena n-aisghairtear Treoracha 80/590/CEE agus 89/109/CEE (IO L 338, 13.11.2004, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2004/1935/oj).

(12)  Treoir 2003/10/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Feabhra 2003 maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte a bhaineann le nochtadh oibrithe do rioscaí a bhaineann le hoibreáin fhisiceacha (IO L 42, 15.2.2003, lch. 38, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/10/oj).

(13)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2006/1907/oj).

(14)  Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1272/oj).

(15)  Cinneadh (AE) 2024/1514 ón gCoimisiún an 7 Lúnasa 2015 maidir le Coistí Eolaíocha a bhunú i réimse na sláinte poiblí, na sábháilteachta tomhaltóirí agus an chomhshaoil (IO L, 2024/1514, 31.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1514/oj).

(16)  Rialachán (AE) 2023/1542 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena leasaítear Treoir 2008/98/CE agus Rialachán (AE) 2019/1020 agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/66/CE (IO L 191, 28.7.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1542/oj).

(17)  Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2065/oj).

(18)  Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/1025/oj).

(19)  Rialachán (AE) 2024/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirgí inbhuanaithe a shocrú, lena leasaítear Treoir (AE) 2020/1828 agus Rialachán (AE) 2023/1542 agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/125/CE) (IO L, 2024/1781, 28.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1781/oj).

(20)  Rialachán (AE) 2022/2399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 lena mbunaítear Timpeallacht Ionaid Ilfhreastail an Aontais Eorpaigh maidir le Custaim agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 (IO L 317, 9.12.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2399/oj).

(21)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/952/oj).

(22)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1987/2658/oj).

(23)   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2016/512/oj.

(24)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/182/oj).

(25)  Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (IO L 174, 1.7.2011, lch. 88, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2011/65/oj).

(26)  Treoir 2014/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le comhoiriúnacht leictreamaighnéadach (IO L 96, 29.3.2014, lch. 79, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/30/oj).

(27)  Treoir 2014/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh leictreach a chur ar fáil ar an margadh, ar trealamh é a dheartar lena úsáid laistigh de theorainneacha áirithe voltais (IO L 96, 29.3.2014, lch. 357, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/35/oj).

(28)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/945 ón gCoimisiún an 12 Márta 2019 maidir le córais aerárthaí gan foireann agus maidir le hoibreoirí tríú tír de chórais aerárthaí gan foireann (IO L 152, 11.6.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2019/945/oj).

(29)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).

(30)  Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint faisnéise gan nochtadh agus faisnéis ghnó (rúin trádála) ar a n-éadáil, a n-úsáid agus a nochtadh neamhdhleathach (IO L 157, 15.6.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2016/943/oj).


IARSCRÍBHINN I

TÁIRGÍ NACH bhFUIL FEIDHM AG AN RIALACHÁN SEO MAIDIR LEO

Cuid I

Eisiafar na bréagáin seo a leanas ó raon feidhme an Rialacháin seo:

(1)

trealamh clóis súgartha atá beartaithe lena úsáid ag an bpobal;

(2)

meaisíní súgartha uathoibríocha, bídís bonn-oibrithe nó ná bídís, atá beartaithe lena n-úsáid ag an bpobal;

(3)

feithiclí bréige atá feistithe le hinnill dócháin;

(4)

innill gaile bréige.

Cuid II

Ní mheastar gur bréagáin iad na táirgí seo a leanas de réir bhrí an Rialacháin seo:

(1)

nithe maisiúla le haghaidh imeachtaí ceiliúrtha nach bhfuil luach súgartha acu;

(2)

táirgí le haghaidh bailitheoirí, ar choinníoll go bhfuil tásc sofheicthe soléite ar an táirge nó ar a phacáistíocht á rá go bhfuil sé beartaithe do bhailitheoirí atá 14 bliana d’aois nó os a chionn. Is samplaí den chatagóir bréagán sin na cinn a leanas:

(a)

mionsamhlacha de réir scála;

(b)

pacaí chun mionsamhlacha de réir scála a chóimeáil;

(c)

bábóga dúchasacha agus bábóga maisiúla agus earraí comhchosúla eile;

(d)

macasamhlacha stairiúla de bhréagáin; agus

(e)

atáirgeacha de fhíorairm thine;

(3)

trealamh spóirt, lena n-áirítear scátaí rollála, scátaí lannrollála agus cláir scátála atá beartaithe do leanaí ar mó a gcorpmhais ná 20 kg;

(4)

rothair ar mó uas-airde a ndiallaite ná 435 mm, arna tomhas mar an fad ingearach ón talamh go dtí barr dhromchla an tsuíocháin, agus an suíochán suite go ceartingearach agus an cuaille diallaite socraithe ag an marc ionsáite is lú;

(5)

scútair agus modhanna eile iompair atá deartha le haghaidh spóirt nó atá beartaithe lena n-úsáid chun taisteal ar bhóithre poiblí nó ar chosáin phoiblí;

(6)

feithiclí a thiomáintear go leictreach atá beartaithe lena n-úsáid chun taisteal ar bhóithre poiblí, ar chonairí poiblí nó ar a bhfuil pábháilte díobh;

(7)

trealamh uisceach atá beartaithe lena úsáid in uisce domhain, agus feistí foghlama snámha do leanaí, mar shampla suíocháin snámha agus áiseanna snámha;

(8)

puzail a bhfuil níos mó ná 500 píosa acu;

(9)

gunnaí agus piostail a úsáideann gas comhbhrúite, cé is moite de ghunnaí uisce agus piostail uisce, agus boghanna boghdóireachta ar faide iad ná 120 cm;

(10)

tinte ealaíne, lena n-áirítear caipíní forbhuailte nach bhfuil deartha go sonrach le haghaidh bréagán;

(11)

táirgí agus cluichí a úsáideann diúracáin a bhfuil bior géar orthu, amhail tacair dairteanna a bhfuil bior miotalach orthu;

(12)

táirgí oideachasúla feidhmiúla, amhail oighinn leictreacha, iarainn nó táirgí feidhmiúla eile a oibrítear ar voltas ainmniúil ar mó é ná 24 volta a dhíoltar go heisiach chun críoch múinteoireachta agus duine fásta i bhfeighil;

(13)

táirgí atá beartaithe lena n-úsáid chun críoch oideachais i scoileanna nó i gcomhthéacsanna oideolaíocha agus teagascóir fásta i bhfeighil, mar shampla trealamh eolaíochta;

(14)

trealamh leictreonach, mar shampla ríomhairí pearsanta agus consóil cluichí, a úsáidtear chun rochtain a fháil ar bhogearraí idirghníomhacha agus na forimeallaigh nó na comhpháirteanna atá bainteach leo, ach amháin má tá an trealamh leictreonach nó na forimeallaigh bhainteacha nó na comhpháirteanna bainteacha deartha go sonrach do leanaí agus spriocdhírithe orthu agus má tá luach súgartha dá gcuid féin acu, mar shampla ríomhairí pearsanta, méarchláir, luamháin stiúrtha nó rothaí stiúrtha saindeartha;

(15)

bogearraí idirghníomhacha, atá beartaithe le haghaidh fóillíochta agus siamsaíochta, amhail cluichí ríomhaire, agus a meáin stórála;

(16)

gobáin naíonáin;

(17)

fearais solais atá tarraingteach do leanaí lena ngabhann sreang leanúnach;

(18)

claochladáin leictreacha le haghaidh bréagán;

(19)

gabhálais faisin do leanaí nach bhfuil le húsáid le haghaidh súgradh;

(20)

trealamh millíní péinte;

(21)

leabhair léitheoireachta agus oideachais atá beartaithe do leanaí atá níos sine ná 36 mhí, nach bhfuil luach súgartha ag baint leo.


IARSCRÍBHINN II

CEANGLAIS SÁBHÁILTEACHTA ÁIRITHE

Cuid I

Airíonna fisiceacha agus meicniúla

1.

Beidh an neart meicniúil agus, i gcás inarb iomchuí, an chobhsaíocht is gá ag bréagáin agus a bpáirteanna agus, i gcás bréagáin sheasta, ag a ndaingnithe, chun na struis a chuirfear orthu le linn úsáide a sheasamh gan bhriseadh nó gan cur as a riocht ar fhaitíos go ndéanfaí díobháil choirp.

2.

Imill, goba, cordaí, cáblaí agus ceangail inrochtana ar bhréagáin, dearfar agus monarófar iad ar bhealach a laghdófar a mhéid is féidir na rioscaí díobhála coirp a bhaineann le tadhall a dhéanamh leo.

3.

Dearfar agus monarófar bréagáin ar bhealach nach mbeidh aon riosca sláinte ná sábháilteachta ag baint leo nó ar bhealach nach mbainfear leo ach an riosca íosta is gné dhílis dá n-úsáid arbh fhéidir gurb í gluaiseacht a bpáirteanna is cúis leis.

4.

(a)

Ní bhainfidh riosca tachta le bréagáin ná lena bpáirteanna.

(b)

Ní bhainfidh riosca aisficsithe le bréagáin ná lena bpáirteanna de dheasca dhúnadh na haershreibhe mar thoradh ar bhac aerchonaire lasmuigh den bhéal agus den tsrón.

(c)

Beidh toisí bréagán agus a bpáirteanna i riocht agus nach mbainfidh aon riosca aisficsithe leo de dheasca dhúnadh na haershreibhe mar thoradh ar bhac inmheánach aerchonaire ag nithe arna bhfáisceadh isteach sa bhéal nó san fharaing nó arna gcur i bhfostú sa bhealach isteach sna haerchonairí íochtaracha.

(d)

Bréagáin atá beartaithe go soiléir lena n-úsáid ag leanaí faoi bhun 36 mhí agus bréagáin nach bia-ábhar iad ach atá cosúil le bia-ábhar sa chaoi gur dócha go gceapfaidh leanaí gur bia-ábhar iad, agus a gcomhpháirteanna agus aon cheann dá bpáirteanna inbhainte, beidh toisí acu ionas nach bhféadfar iad a shlogadh ná a ionanálú. Tá feidhm aige sin freisin maidir le bréagáin atá beartaithe lena gcur sa bhéal, agus maidir lena gcomhpháirteanna agus le haon cheann dá bpáirteanna inbhainte.

(e)

An phacáistíocht ina gcuirtear bréagáin le haghaidh a miondíola, ní bhainfidh riosca tachta ná aisficsithe léi de dheasca bac aerchonaire lasmuigh den bhéal agus den tsrón.

(f)

Bréagáin atá laistigh de bhia nó cóimheasctha le bia, beidh a bpacáistíocht féin acu. Beidh toisí na pacáistíochta sin, mar a sholáthraítear í, i riocht agus nach mbeifear in ann í a shlogadh agus/ná a ionanálú.

(g)

Pacáistíocht bréagán, dá dtagraítear i bpointí (e) agus (f), atá sféarúil, ubhchruthach nó éileapsóideach, agus aon pháirt inbhainte di sin nó de phacáistíocht shorcóireach bréagán a bhfuil bunanna cruinne aici, beidh a toisí i riocht agus nach mbeidh sí in ann bac a chur ar an aerchonair trína fáisceadh isteach sa bhéal nó san fharaing nó trína cur i bhfostú sa bhealach isteach sna haerchonairí íochtaracha.

(h)

Bréagáin atá ceangailte go daingean le táirge bia tráth a itear é, i riocht agus gur gá an táirge bia a ithe chun rochtain dhíreach a fháil ar an mbréagán, beidh toirmeasc orthu. Páirteanna bréagán atá ceangailte go díreach le táirge bia ar bhealach eile, comhlíonfaidh siad na ceanglais a leagtar amach i bpointí (c) agus (d).

(i)

Ní bheidh bréagáin ina gcúis le riosca go mbeadh bac stéigeach ann mar gheall ar leathnú an bhréagáin má shlogtar é.

5.

Dearfar agus monarófar bréagáin uisceacha ar bhealach a laghdófar a mhéid is féidir, agus úsáid mholta an bhréagáin á cur san áireamh, aon riosca go dteipfeadh ar shnámhacht an bhréagáin agus ar an tacaíocht a thugann sé don leanbh.

6.

Bréagáin ar féidir dul isteach iontu agus atá ina spás iata dá bhrí sin dóibh siúd atá laistigh díobh, beidh bealach amach astu a mbeidh an t-úsáideoir beartaithe in ann a oscailt go héasca ón taobh istigh.

7.

Bréagáin a thugann soghluaisteacht dá n-úsáideoirí, corprófar córas coscánaithe iontu, a mhéid is féidir, a bheidh oiriúnach don chineál bréagáin agus i gcomhréir leis an bhfuinneamh cinéiteach a ghineann sé. Beidh sé éasca don úsáideoir an córas sin a oibriú gan riosca eisteilgin ná díobhála coirp don úsáideoir ná do dhaoine eile.

I gcás bréagáin mharcaíochta a thiomáintear go leictreach, beidh teorainn leis an uasluas oibriúcháin ionchasach ionadaíoch arna chinneadh ag an dearadh ar bhealach lena n-íoslaghdófar an riosca díobhála.

8.

Foirm agus comhdhéanamh teilgean agus an fuinneamh cinéiteach a d’fhéadfaidís a ghiniúint nuair a theilgtear iad as bréagán atá deartha chun na críche sin, beidh siad i riocht agus nach mbeidh aon riosca díobhála coirp don úsáideoir ná do dhaoine eile ann, agus cineál an bhréagáin á chur san áireamh.

9.

Monarófar bréagáin ar bhealach a n-áiritheofar an méid seo a leanas:

(a)

ní bheidh uasteocht ná íosteocht aon dromchla inrochtana ina cúis díobhála nuair a theagmhaítear leis;

(b)

ní shroichfidh leachtanna agus gáis atá sa bhréagán teochtaí ná brúnna a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le dónna, scalltaí nó díobháil choirp eile dá n-éalóidís as an mbréagán, seachas ar chúiseanna atá bunriachtanach d’fheidhmiú ceart an bhréagáin.

10.

Dearfar agus monarófar bréagáin atá deartha chun fuaim a dhéanamh agus sásraí bréagán a gníomhachtaíonn leanbh agus dhéanann fuaim in-atáirgthe ar bhealach nach lagófar éisteacht an linbh de dheasca na fuaime a dhéanann siad, i dtéarmaí uasluachanna torainn tuairte agus torainn leanúnaigh. Mar gheall ar na luachanna uasta cosnófar leanaí ó brú leanúnach agus buaicbhrú fuaime a sháraíonn na luachanna gníomhaíochta is ísle a leagtar amach i dTreoir 2003/10/CE. Cuirfear san áireamh, sna huasluachanna le haghaidh torann tuairte agus torann leanúnach i mbréagáin, an úsáid bheartaithe agus an úsáid intuartha le réasún a bhainfear astu i gcomhréir le hAirteagal 5(2) den Rialachán seo.

11.

Monarófar bréagáin ar bhealach a laghdófar a mhéid is féidir an riosca brúite nó gaistithe ball coirp nó gaistithe éadaí agus an riosca titime, an riosca tuairte agus riosca an bhá. Go sonrach, maidir le bréagáin ghníomhaíochta, aon dromchla den bhréagán sin atá inrochtana do leanbh amháin nó níos mó le bheith ag súgradh air, beidh sé deartha chun a n-ualach a iompar.

12.

Dearfar agus monarófar bréagáin ina bhfuil maighnéid nó páirteanna maighnéadacha ar bhealach nach mbeidh riosca pollta stéigigh nó blocála stéigí ag baint le méid agus neart na maighnéad.

Cuid II

Inadhainteacht

1.

Ní bheidh bréagáin ina n-eilimint inadhainte chontúirteach i dtimpeallacht an linbh. Beidh siad comhdhéanta dá bhrí sin d’ábhair a chomhlíonann ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

ní dhónn siad má nochtar iad go díreach do lasair nó spréach nó d’fhoinse ionchasach eile dóiteáin;

(b)

níl siad inadhainte go héasca (múchann an lasair a luaithe a imíonn an chúis dóiteáin);

(c)

má adhnann siad, dónn siad go mall agus ní leathann na lasracha ach ar ráta íseal;

(d)

gan beann ar chomhdhéanamh ceimiceach an bhréagáin, deartar iad chun moill mheicniúil a chur leis an bpróiseas dócháin.

Ní bheidh ábhair indóite sa bhréagán ina riosca adhainte d’ábhair eile a úsáidtear sa bhréagán.

2.

Bréagáin, go háirithe bréagáin ina bhfuil ábhair agus trealamh le haghaidh turgnaimh cheimice, cóimeáil mionsamhla, múnlú plaisteach nó ceirmeach, cruanadh, grianghrafadóireacht, sobal súgartha nó gníomhaíochtaí comhchosúla, ní bheidh substaintí ná meascáin iontu a d’fhéadfadh teacht chun bheith inadhainte de thoradh caillteanas comhpháirteanna so-ghalaithe neamh-inadhainte.

3.

Ní bheidh bréagáin, seachas caipíní forbhuailte bréige, pléascach ná ní bheidh eilimintí ná substaintí iontu ar dócha go bpléascfaidh siad nuair a bhainfear úsáid astu mar a shonraítear in Airteagal 5(2), an chéad fhomhír.

4.

Bréagáin agus, go háirithe, cluichí ceimiceacha agus bréagáin cheimiceacha, ní bheidh substaintí ná meascáin iontu a d’fhéadfadh an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

pléascadh trí imoibriú ceimiceach nó trí théamh, nuair a mheasctar le chéile iad;

(b)

pléascadh nuair a mheasctar le substaintí ocsaídithe iad; nó

(c)

comhpháirteanna so-ghalaithe a bheith iontu atá inadhainte san aer agus a d’fhéadfadh meascán gaile/aeir inadhainte nó pléascach a chruthú.

Cuid III

Airíonna ceimiceacha

1.

Dearfar agus monarófar bréagáin ar bhealach nach bhfuil aon riosca ann go mbeidh éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine mar gheall ar nochtadh do na substaintí ceimiceacha nó do na meascáin díobh atá sna bréagáin nó dá bhfuil na bréagáin comhdhéanta, nuair a úsáidtear na bréagáin mar a shonraítear in Airteagal 5(2), an chéad fhomhír.

Comhlíonfaidh bréagáin an dlí is infheidhme de chuid an Aontais a bhaineann le catagóirí áirithe táirgí nó le srianta ar shubstaintí agus meascáin áirithe. Bréagáin nó a bpáirteanna agus a bpacáistíocht ar féidir coinne réasúnach a bheith leis go mbeidh siad i dtadhall le bia nó go n-aistreoidh siad a gcomhdhamhnaí chuig bia faoi ghnáthdhálaí úsáide nó faoi dhálaí úsáide intuartha, comhlíonfaidh siad Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 freisin.

2.

Bréagáin ar substaintí nó meascáin iad iontu féin, comhlíonfaidh siad Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 freisin.

3.

Comhlíonfaidh bréagáin na ceanglais agus na coinníollacha sonracha maidir le substaintí ceimiceacha a leagtar amach i gCuid A den Fhoscríbhinn agus na ceanglais lipéadaithe a leagtar amach i gCuid B den Fhoscríbhinn.

4.

Substaintí sa bhfoirm a aicmítear i gCuid 3 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 in aon cheann de na catagóirí seo a leanas, tá toirmeasc orthu i mbréagáin, i gcomhpháirteanna bréagán nó i bpáirteanna bréagán atá leithleach ó thaobh micreastruchtúir de:

(a)

catagóir 1A, 1B nó 2 den aicme ‘carcanaigineacht, só-ghineacht gaiméite nó tocsaineacht atáirgthe’;

(b)

catagóir 1 nó 2 den aicme ‘suaitheadh inchríneach do shláinte an duine’;

(c)

catagóir 1 den aicme ‘tocsaineacht sain-spriocorgáin’, trí nochtadh aonair nó ilnochtadh;

(d)

catagóir 1 den aicme ‘íogrú riospráide’;

(e)

catagóir 1A den aicme ‘íogrú craicinn’.

5.

Tá toirmeasc ar shubstaintí sárfhluarailcile agus polafluarailcile (SPFAnna) a úsáid d’aon ghnó i mbréagáin, i gcomhpháirteanna bréagán nó i gcodanna éagsúla micreastruchtúracha de bhréagáin.

6.

Tá toirmeasc ar bhisfeanóil a áirítear i gCuid D den fhoscríbhinn a bheith i mbréagáin, i gcomhpháirteanna bréagán nó i gcodanna éagsúla micreastruchtúracha de bhréagáin.

7.

Láithreacht neamhbheartaithe substainte nó meascáin dá dtagraítear i bpointe 4, 5 nó 6 a eascraíonn as eisíontais i gcomhábhair nádúrtha nó shintéiseacha, nó as an bpróiseas monaraíochta agus atá dosheachanta go teicniúil sa dea-chleachtas monaraíochta, ceadófar iad ar choinníoll go mbeidh bréagáin i gcomhréir leis an gceanglas sábháilteachta ginearálta i gcónaí, d’ainneoin na láithreachta sin.

8.

De mhaolú ar phointí 4, 5 agus 6 féadfar substaintí nó meascáin a thoirmisctear i gcomhréir leis na pointí sin a úsáid i mbréagáin má liostaítear iad i gCuid C den Fhoscríbhinn, i gcomhréir leis na coinníollacha a shonraítear inti.

9.

Ní bheidh feidhm ag pointí 4 go 8 maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

ábhair a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach le haghaidh substaintí sonracha i gCuid A den Fhoscríbhinn, a mhéid a bhaineann leis na substaintí sin;

(b)

ceallraí i mbréagáin;

(c)

comhpháirteanna bréagán lena bhfuil gá le haghaidh feidhmeanna leictreonacha nó leictreacha an bhréagáin i gcás ina mbeidh an tsubstaint nó an meascán go hiomlán neamh-inrochtana don leanbh, lena n áirítear trí ionanálú, nuair a úsáidtear an bréagán mar a shonraítear in Airteagal 5(2), an chéad fhomhír; nó

(d)

ábhair a chomhlíonann srian sonrach substainte maidir le bréagáin in Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, i gcomhréir leis na coinníollacha a shonraítear inti, a mhéid a bhaineann leis na substaintí sin, mura leagtar amach srian a bhfuil cosaint níos fearr ag baint leis i gcás na substainte sin le haghaidh bréagán san Fhoscríbhinn.

10.

De mhaolú ar phointí 4, 5 agus 6, ceadófar substaint nó meascán toirmiscthe a bheith i mbréagáin má chomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

chinn an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA) go bhfuil sé sábháilte, go háirithe i bhfianaise nochta, lena n-áirítear an nochtadh foriomlán ó fhoinsí eile chomh maith le haon ghuaiseacha breise aitheanta ó nochtadh comhcheangailte do na substaintí agus meascáin éagsúla atá ann sa bhréagán, agus aird ar leith á tabhairt leochaileacht leanaí;

(b)

níl aon rogha mhalartach oiriúnach ar fáil ó thaobh na substaintí nó na meascán a bheith sa bhréagán, lena n-áirítear roghanna malartacha teicniúla, de réir mar a shuíonn ECHA bunaithe ar anailís ar roghanna malartacha;

(c)

nach bhfuil toirmeasc ar an tsubstaint ná ar an meascán a úsáid in earraí tomhaltais de bhun an Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006.

Chun críocha phointe (b) den phointe seo, sa mheasúnú, measfar mar thosaíocht sábháilteacht aon rogha malartaí eile a shainaithnítear agus measfar freisin indéantacht theicniúil agus infhaighteacht na rogha malartaí sin.

11.

Maidir le srianta nó toirmisc ar úsáid na SPFAnna a leagtar síos i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 nó Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), beidh tosaíocht acu ar phointe 5.

12.

Bréagáin chosmaideacha, mar shampla cosmaidí bréige do bhábóga, comhlíonfaidh siad na ceanglais maidir le comhdhéanamh agus lipéadú a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

13.

Ní cheadaítear an méid a leanas i gcás bréagán:

(a)

feidhm bhithicídeach a bheith aige, a mhéid a mheasfaí, dá bhrí sin, gur táirge bithicídeach é an bréagán i gcomhréir leis an sainmhíniú a leagtar amach in Airteagal 3(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3); nó

(b)

iad a chóireáil le táirge bithicídeach amháin nó níos mó, nó táirge bithicídeach amháin nó níos mó a bheith iontu d’aon ghnó, ar táirgí bithcídeacha iad mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

De mhaolú ar phointe (b) den chéad fhomhír, bréagáin atá beartaithe lena gcur lasmuigh go buan, féadfar iad a chóireáil le táirge bithicídeach amháin nó níos mó, nó féadfar táirge bithicídeach amháin nó níos mó a chur iontu d’aon ghnó, ar choinníoll go n-áirítear na substaintí gníomhacha ar fad atá sna táirgí bithicídeacha lenar cóireáladh iad nó a cuireadh iontu ar an liosta a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 9(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 le haghaidh an táirgechineáil ábhartha leasaitheach a thagann faoi phríomhghrúpa 2 in Iarscríbhinn V nó in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin, agus go gcomhlíontar aon choinníollacha nó srianta ábhartha a shonraítear ann, nó go bhfuil measúnú á dhéanamh orthu sa chlár oibre chun scrúdú córasach a dhéanamh ar na substaintí gníomhacha ar fad atá ann cheana arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 89 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 don táirgechineál ábhartha sin a thagann faoin bpríomhghrúpa 2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin.

14.

De mhaolú ar phointí 4 agus 13, féadfar leasaithigh a úsáid i mbréagáin i gcás ina gceadaítear an leasaitheach a úsáid i gcosmaidí neamhshruthlaithe mar a liostaítear iad in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach san Iarscríbhinn sin, cé is moite díobh siúd nár cheart do leanaí faoi bhun 3 bliana nó 10 mbliana d’aois a úsáid, nó iad siúd nach gceadaítear a úsáid i dtáirgí a úsáidtear ar sheicní múcasacha nó iad siúd ar cheart tadhall leis na súile a sheachaint.

Cuid IV

Airíonna leictreacha

1.

Ní chumhachtófar bréagáin le leictreachas ar de voltas ainmniúil is mó ná 24 volta srutha dhírigh (SD) é nó an voltas srutha ailtéarnaigh (SA) coibhéiseach, agus ní bheidh níos mó ná 24 volta SD nó voltas SA coibhéiseach sna páirteanna díobh atá inrochtana.

Ní bheidh voltais inmheánacha níos mó ná 24 volta SD ná voltas SA coibhéiseach ach amháin má áirithítear nach mbeidh aon riosca don tsláinte agus don tsábháilteacht ná aon turraing leictreach díobhálach ag baint leis an gcomhcheangal den voltas agus den sruth arna ghiniúint, fiú i gcás ina mbeidh an bréagán briste.

2.

Páirteanna bréagán atá ceangailte, nó a d’fhéadfadh tadhall a dhéanamh, le foinse leictreachais a d’fhéadfadh a bheith ina cúis le turraing leictreach, agus aon chábla nó aon seoltóir eile trína seoltar leictreachas chuig na páirteanna sin, insleofar i gceart agus cosnófar go meicniúil iad chun an riosca turrainge sin a chosc.

3.

Dearfar agus monarófar bréagáin leictreacha ar bhealach lena n-áiritheofar nach mbeidh na huasteochtaí a shroichfidh gach dromchla atá inrochtana go díreach ina gcúis le dónna nuair a theagmhaítear leis.

4.

Faoi dhálaí intuartha fabht, tabharfaidh bréagáin cosaint ar ghuaiseacha leictreacha a eascraíonn as foinse cumhachta leictrí.

5.

Tabharfaidh bréagáin leictreacha cosaint leormhaith ar ghuaiseacha dóiteáin.

6.

Dearfar agus monarófar bréagáin leictreacha ar bhealach a ndéanfar réimsí leictreacha, maighnéadacha agus leictreamaighnéadacha a theorannú a mhéid is gá chun an bréagán a oibriú, agus oibreoidh siad ar leibhéal sábháilte i gcomhréir leis an úrscothacht a nglactar léi i gcoitinne, agus bearta sonracha de chuid an Aontais á gcur san áireamh.

7.

Dearfar agus monarófar bréagáin a bhfuil córas rialaithe leictreonach acu ar bhealach le go n-oibreoidh an bréagán go sábháilte fiú i gcás ina dtosóidh an córas leictreonach ag mífheidhmiú nó ina dteipfidh air mar gheall ar chliseadh an chórais féin nó ar thoisc sheachtrach.

8.

Dearfar agus monarófar bréagáin ar bhealach nach mbeidh aon ghuais sláinte ag baint leo, ná riosca díobhála do na súile ná don chraiceann, ar riosca é a bhaineann le léasair, dé-óidí astaithe solais (LEDanna) nó aon chineál eile radaíochta.

9.

Ní bheidh claochladán leictreach bréagáin ina chuid dhílis den bhréagán.

10.

Dearfar agus monarófar bréagáin leictreacha ina bhfuil ceallraí ar páirteanna beaga iad ar bhealach lena n-áiritheofar nach féidir teacht ar an gceallra gan uirlis a úsáid. I gcás inar gá de bharr mhéid nó chineál an bhréagáin, féadfar ceallra in-athluchtaithe a chur ar shlí dorochtana agus ní fhéadfaidh ach le gairmithe neamhspleácha é a bhaint nó a ionadú.

Cuid V

Sláinteachas

1.

Dearfar agus monarófar bréagáin ar bhealach a chomhlíonfaidh ceanglais sláinteachais agus glaineachta chun aon riosca ionfhabhtaithe, breoiteachta nó éillithe a sheachaint.

2.

Dearfar agus monarófar bréagán atá beartaithe lena úsáid ag leanaí faoi bhun 36 mhí d’aois nó a bheartaítear é a chur sa bhéal sa chaoi gur féidir é a ghlanadh. Chuige sin, beidh bréagán teicstíle in-nite, ach amháin má tá meicníocht ann dá bhféadfaí damáiste a dhéanamh dá gcuirfí ar maos é lena ní. Comhlíonfaidh an bréagán na ceanglais sábháilteachta tar éis a ghlanta i gcomhréir leis an bpointe seo agus le treoracha an mhonaróra freisin.

3.

Bréagáin a bhfuil ábhair uiscí inrochtana acu, dearfar agus monarófar iad ar bhealach a n-áiritheofar nach mbeidh riosca micribhitheolaíoch ag baint leo.

Cuid VI

Radaighníomhaíocht

Comhlíonfaidh bréagáin na bearta ábhartha uile a glacadh de bhun Chaibidil III den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.


(1)  Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha (IO L 169, 25.6.2019, lch. 45, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1021/oj).

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le táirgí cosmaideacha (IO L 342, 22.12.2009, lch. 59, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1223/oj).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (IO L 167, 27.6.2012, lch. 1), ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/528/oj).

Foscríbhinn

Coinníollacha sonracha maidir le substaintí ceimiceacha áirithe nó meascáin díobh a bheith i mbréagáin

Cuid A

Substaintí faoi réir teorainnluachanna sonracha

1.

Ní shárófar na teorainneacha ascnaimh seo a leanas, i mbréagán, i gcomhpháirteanna bréagáin ná i bpáirteanna bréagáin atá leithleach ó thaobh micreastruchtúir de:

Eilimint

mg/kg in ábhar bréagáin tirim, briosc, púdrach nó solúbtha

mg/kg in ábhar bréagáin leachtach nó greamaitheach

mg/kg in ábhar bréagáin arna scríobadh díobh

Alúmanam

2 250

560

28 130

Antamón

45

11,3

560

Arsanaic

3,8

0,9

47

Bairiam

1 500

375

18 750

Bórón

1 200

300

15 000

Caidmiam

1,3

0,3

17

Cróimiam (III)

37,5

9,4

460

Cróimiam (VI)

0,02

0,005

0,053

Cóbalt

10,5

2,6

130

Copar

622,5

156

7 700

Luaidhe

2,0

0,5

23

Mangainéis

1 200

300

15 000

Mearcair

7,5

1,9

94

Nicil

75

18,8

930

Seiléiniam

37,5

9,4

460

Strontiam

4 500

1 125

56 000

Stán

15 000

3 750

180 000

Stán orgánach

0,9

0,2

12

Sinc

3 750

938

46 000

Ní bheidh feidhm ag na teorainnluachanna sin maidir le bréagáin ná comhpháirteanna bréagán ná páirteanna bréagán atá leithleach ó thaobh micreastruchtúir de lena n-eisiatar go soiléir, i ngeall ar a n-inrochtaineacht, a bhfeidhm, a dtoirt nó a mais, aon riosca a bhaineann lena ndiúl, lena lí, lena slogadh nó lena bheith i dtadhall fada leis an gcraiceann i gcás ina n--úsáidfear iad mar a shonraítear in Airteagal 5(2), an chéad fhomhír.

2.

Toirmisctear N-Nítreasaimíní agus substaintí atá intiontaithe ina N-nítreasaimín sna bréagáin seo leanas inar airde ascnamh na substaintí sin ná:

 

N-nítreasaimíní

mg/kg

substaint atá

intiontaithe ina N-nítreasaimín mg/kg

(a)

bréagáin atá beartaithe lena n-úsáid ag leanaí faoi bhun 36 mhí d’aois agus a bhfuil sé beartaithe iad a chur isteach sa bhéal nó ar dócha go gcuirfear isteach sa bhéal iad

0,01

0,1

(b)

bréagáin atá beartaithe lena n-úsáid ag leanaí faoi bhun 36 mhí d’aois nach gcumhdaítear faoi (a)

0,05

1

(c)

bréagáin atá beartaithe lena n-úsáid ag leanaí 36 mhí d’aois nó níos sinne agus a bhfuil sé beartaithe go gcuirfear isteach sa bhéal iad

0,05

1

(d)

balúin

0,05

1

(e)

méarphéinteanna, sláthaigh agus puití

0,02

1

3.

Ní shárófar na teorainnluachanna seo a leanas, i mbréagáin nó i gcomhpháirteanna bréagáin nó i bpáirteanna bréagáin atá leithleach ó thaobh micreastruchtúir de:

Substaint

Uimhir na Seirbhíse Achoimreachtaí Ceimiceán

Teorainnluachanna agus coinníollacha maidir lena gcur i bhfeidhm

TCEP

115-96-8

5 mg/kg (teorainn an chion)

TCPP

13674-84-5

5 mg/kg (teorainn an chion)

TDCP

13674-87-8

5 mg/kg (teorainn an chion)

Formaimíd

75-12-7

20 μg/m3 (teorainn astaíochta) tar éis 28 lá ó thús na tástála astaíochta ar ábhair bréagáin cúir ina bhfuil níos mó ná 200 mg/kg (scoith-theorainn bunaithe ar chion)

1.2-beinsisitiasól-3(2H)-ón

2634-33-5

5 mg/kg (teorainn an chion) in ábhair bréagáin uisceacha

5-Clóra-2-meitil-isitiasóilin-3(2H)-ón

26172-55-4

0,75  mg/kg (teorainn an chion) in ábhair bréagáin uisceacha

Feanól

108-95-2

5 mg/l (teorainn ascnaimh) in ábhair pholaiméireacha

10 mg/kg (teorainn an chion) mar leasaitheach

Formaildéad

50-00-0

1,5  mg/l (teorainn ascnaimh) in ábhar bréagáin polaiméireach

0,062  mg/m3 (teorainn astaíochta) in ábhar bréagáin adhmaid

30 mg/kg (teorainn an chion) in ábhar bréagáin teicstíle

30 mg/kg (teorainn an chion) in ábhar bréagáin leathair

30 mg/kg (teorainn an chion) in ábhar bréagáin páipéir

10 mg/kg (teorainn an chion) in ábhar bréagáin uiscebhunaithe

Anailín

62-53-3

30 mg/kg (teorainn an chion) tar éis an scoilte laghdaithigh in ábhar bréagáin teicstíle agus in ábhar bréagáin leathair

10 mg/kg (teorainn an chion) mar anailín saor i méarphéinteanna

30 mg/kg (teorainn an chion) tar éis an scoilte laghdaithigh i méarphéinteanna

Stiréin

100-42-5

0,77  mg/l (teorainn ascnaimh) in ábhar bréagáin polaiméireach

Bisfeanól A

80-05-7

0,005  mg/l (teorainn ascnaimh)

Aicrilinítríl

107-13-1

0,01  mg/l (teorainn ascnaimh) in ábhair bréagáin pholaiméireacha

Bútaidhé-éin

106-99-0

0,07  mg/l (teorainn ascnaimh) in ábhair bréagáin pholaiméireacha

Clóiríd vinile

75-01-4

0,01  mg/l (teorainn ascnaimh) in ábhair bréagáin pholaiméireacha

4.

Ní bheidh na cumhráin ailléirgineacha seo a leanas i mbréagáin ach amháin má tá a láithreacht sa bhréagán dosheachanta go teicniúil faoin dea-chleachtas monaraíochta agus nach mó iad ná 10 mg/kg:

Uimh.

Ainm ceimiceach

Gnáthainm

Uimhir na Seirbhíse Achoimreachtaí Ceimiceán

(1)

Ola meacain aillinn (Inula helenium L.)

 

97676-35-2

(2)

Isitiaicianáit aillile

 

57-06-7

(3)

Ciainíd bheinsile

 

140-29-4

(4)

4-treas-Búitilfeanól

 

98-54-4

(5)

Chenopodium ambrosioides L. (bláthola)

Ola Chenopodium

8006-99-3

(6)

Alcól ciclimine

 

4756-19-8

(7)

Mailéáit dé-eitile

 

141-05-9

(8)

3,4-Déhidreacúmairín

 

119-84-6

(9)

2,4-Déhiodrocsa-3-meitilbeansaildéad

 

6248-20-0

(10)

3,7-Démheitil-2-ochtan-1-ól (6,7-Déhidrigeiréiniól)

 

40607-48-5

(11)

4,6-Démheitil-8-treas-búitiolcúmairín

 

17874-34-9

(12)

Ciotracónáit dhémheitile

 

617-54-9

(13)

7,11-Démheitil-4,6,10-dóideacaitríéin-3-ón

súdmheitiol-ianón

26651-96-7

(14)

6,10-Démheitil-3,5,9-aondeacaitríéin-2-ón

Súdianón

141-10-6

(15)

Défheiniolaimín

 

122-39-4

(16)

Aicrioláit eitile

 

140-88-5

(17)

Absalóid duilleoige fige (Ficus carica L.)

 

68916-52-9

(18)

tras-2-Heiptéanal

 

18829-55-5

(19)

tras-2-Heicséanal dé-eitile aicéatal

 

67746-30-9

(20)

tras-2-Heicséanal dé-mheitile aicéatal

 

18318-83-7

(21)

Alcól hiodraibítile

 

13393-93-6

(22)

4-Beansalocsaifeanól agus 4-Eatocsaifeanól

 

103-16-2; 622-62-8

(23)

6-Iseapróipil-2-deacaihidreanaftaileanól

 

34131-99-2

(24)

7-Meatoscacúmairín

 

531-59-9

(25)

Meitioléitear hidreacuineoin; Meacuineol

p-Hiodrocsanasól

150-76-5

(26)

4-(4-Meatoscaifeinil)-3-búitéin-2-ón

Aicéatón ainisilidéine

943-88-4

(27)

1-(4-Meatoscaifeinil)-1-peintéin-3-ón

alfa-Meitilisilídéineaicéatón

104-27-8

(28)

Meitil tras-2-bútánóáit

 

623-43-8

(29)

6-Meitiolcúmairín

 

92-48-8

(30)

7-Meitiolcúmairín

 

2445-83-2

(31)

5-Meitil-2,3-heacsáindé-ón

Iseavalairil aicéitile

13706-86-0

(32)

Ola fréimhe lusa costais (Saussurea lappa Clarke)

 

8023-88-9

(33)

7-Eatocsa-4-meitiolcúmairín

 

87-05-8

(34)

Heicsihidreacúmairín

 

700-82-3

(35)

Úscadh Myroxylon pereirae (Royle) Klotzsch (Balsam Pheiriú, amh)

 

8007-00-9

(36)

2-Peintilidín-cioglaiheacsanón

 

25677-40-1

(37)

3,6,10-Trímheitil-3,5,9-aondeacaitríéin-2-ón

Súd-Isomeithil ianón

1117-41-5

(38)

Blátholaí beirbhéine (Lippia citriodora Kunth) agus díorthaigh seachas absalóid

 

8024-12-2

(39)

4-treas-Búitil-3-meatocsa-2,6-dénítreatolúéin

Ocra muscach

83-66-9

(40)

4-Feiniolbúit-3-éan-2-ón

Aicéatón beinsilídéine

122-57-6

(41)

2-Beinsilídéinheaptánal

Cionnamal aimile

122-40-7

(42)

2-Peintil-3-feinilpróp-2-an-1-ól

Alcól aimile-cionnaimile

101-85-9

(43)

Alcól beinsile

 

100-51-6

(44)

Salaicioláit bheinsile

 

118-58-1

(45)

Alcól cionnaimile

 

104-54-1

(46)

2-Próipéanal, 3-feinil-

Cionnamal

104-55-2

(47)

3,7-Démheitiol-2,6-ochtadé-anal

Ciotral

5392-40-5

(48)

2H-1-Beinsipirean-2-ón

Cúmairin

91-64-5

(49)

Feanól, 2-mheatocsa-4-(2-próipéinil)

Eoigeanól

97-53-0

(50)

2,6-Octaidéan-1-ól, 3,7-démheitil-, (2E)-

Geréiniól

106-24-1

(51)

7-Hiodrocsai-ciotrónalal

Hiodrocsai-ciotrónalal

107-75-5

(52)

3 agus 4-(4-Hiodrocsai-4-meitilpeintil) cioglaiheacsai-3-éin-1-carbaldéhéad

HICC

51414-25-6; 31906-04-4

(53)

Feanól, 2-mheatocsa-4-(1-próipéinil)

Iseai-eoigeanól

97-54-1

(54)

Eastóscán léicin darach

Eastóscán evernia prunastri

90028-68-5

(55)

Eastóscán crannchaonaigh

Eastóscán evernia furfuracea

90028-67-4

(56)

2,6-Déhiodrocsa-4-meitil-beansaildéad

Atranól

526-37-4

(57)

3-Clóra-2,6-Déhiodrocsa-4-meitil-beansaildéad

Clóratranól

57074-21-2

(58)

Ochta-2-ionóáit mheitile (Carbónáit mheitilheiptíne)

2-Ochtionóáit mheitile

111-12-6

(59)

2-(4-treas-búitilbeinsil)próipianaildéad

Butylphenyl methylpropional

80-54-6

5.

Ní bheidh na hailléirginí cumhráin a liostaítear i gCuid B, pointe 1 den Fhoscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn II i mbréagáin atá beartaithe lena n-úsáid ag leanaí faoi bhun 36 mhí d’aois nó bréagáin eile atá beartaithe lena gcur sa bhéal, ach amháin má tá a láithreacht sa bhréagán dosheachanta go teicniúil faoi dhea-chleachtas monaraíochta agus nach mó a dtiúchana ná 10 mg/kg .

Cuid B

Substaintí faoi réir ceanglais shonracha lipéadaithe

1.

Beidh ainmneacha na gcumhrán ailléirgineach seo a leanas liostaithe ar an mbréagán, ar lipéad atá greamaithe de, ar an bpacáistíocht nó i mbileog a ghabhann leis, agus sa phas táirge digiteach, má tá na hailléirginí sin sa bhréagán nó in aon chomhpháirt de ag tiúchana is mó ná 10 mg/kg.

Léireofar an fhaisnéis a luaitear trí ainm coitianta an chomhábhair nó téarma mar atá luaite in ainmníocht a bhfuil glactha léi i gcoitinne a úsáid.

Líon

Ainm ceimiceach

Gnáthainm

Uimhir na Seirbhíse Achoimreachtaí Ceimiceán

(1)

4-Alcól meatocsaibeinsile

Alcól ainíse

105-13-5

(2)

Beansóáit bheinsile

Beansóáit bheinsile

120-51-4

(3)

2-Aigéad próipéanóch, 3-feinil, eistear feinilmeitile

Cionnamáit bheinsile

103-41-3

(4)

3,7-Dimethyl-6-octen-1-ol; (3R)-3,7-dimethyloct-6-en-1- ol (D-Citronellol); (3S)-3,7- dimethyloct-6-en-1-ol (L- Citronellol)

Ciotrónallól

106-22-9; 26489-01-0; 1117-61-9; 7540-51-4

(5)

2,6,10-Dóideacaitrí-ean-1-ól, 3,7,11-trímheitil

Farnasól

4602-84-0

(6)

2-Beinsilíd-neoctanál

Heicsiolcainéalaildéad

101-86-0

(7)

1-meitil-4-próp-1-ein-2-il-cioglaiheacsán; dl-liomóinéin (raicéimeach); Dépheintéin

(R)-p-meintea-1,8-dé-éin; (d-líomainéin)

(S)-p-meintea-1,8-dé-éin; (l-liomóinéin)

Liomóinéin

138-86-3; 7705-14-8; 5989-27-5; 5989-54-8

(8)

1,6-Octaidé-ean-3-ól, 3,7-démheitil

Lionaló-ól

78-70-6

(9)

3-Meitil-4-(2,6,6-trímheitil-2-cioglaiheicséin-1-il)-3-búitéin-2-ón

alfa-Isomeithil ianón

127-51-5

(10)

[3R-(3α,3aβ,7β,8aα)]-1-(2,3,4,7,8,8a-heicsihidrea-3,6,8,8-teitrimeitil-1H-3a,7-meatano-asailein-5-il)eitian-1-ón

Ceidréid Aicéitile

32388-55-9

(11)

Peintil-2-hiodrocsa-beansóáit

Salaicioláit Aimile

2050-08-0

(12)

1-Meatocsa-4-(1E)-1-própán-1-il-beinséin (tras-Anatól)

Anatól

104-46-1; 4180-23-8

(13)

Beansaildéad

Beansaildéad

100-52-7

(14)

Bórnán-2-ón; 1,7,7-Trímheitildé-chioglai[2.2.1]-2-heiptánón

Camfar

76-22-2; 21368-68-3; 464-49-3; 464-48-2

(15)

2-meitil-5-(próip-1-ean-2-il)cioglaiheics-2-ean-1-ón; (5R)-2-Meitil-5-próip-1-ean-2-iolcioglaiheics-2-ean-1-ón; (5S)-2-Meitil-5-próip-1-ean-2-iolcioglaiheics-2-ean-1-ón

Carvón

99-49-0; 6485-40-1; 2244-16-8

(16)

(1R,4E,9S)-4,11,11-Trí-mheitil-8-meitiléindéchiogla [7.2.0]aondeic-4-Éin

béite-Cairioifilléin

87-44-5

(17)

1-(2,6,6-trímheitilcioglaiheacsa-1,3-dé-éin-1-il)-2-búitean-1-ón

Rós céatóin-4 (Damascanón)

23696-85-7

(18)

1-(2,6,6-Trímheitil-2-cioglaiheacsán-1-il)-2-búitean-1-ón

alfa-Damascón; 1 céatón cios-Róis; 1 céatón tras-Róis

43052-87-5; 23726-94-5; 24720-09-0

(19)

(Z)-1-(2,6,6-Trímheitil-1-cioglaiheicséin-1-il)-2-búitéin-1-ón

2 Céatón cios-Róis (cios-béite-Damascón)

23726-92-3

(20)

(E)-1-(2,6,6-trímheitil-3-cioglaiheacsán-1-il)-2-búitean-1-ón

2 céatón tras-Róis (tras-béite-Damascón)

23726-91-2

(21)

1-(2,6,6-Trímheitil-3-cioglaiheacsán-1-il)-2-búitean-1-ón

3 céatón Róis (deilte-Damascón)

57378-68-4

(22)

1-(2,6,6-Trímheitil-3-cioglaiheacsán-1-il)-2-búitean-1-ón

3 céatón tras-Róis

71048-82-3

(23)

Aicéatáit 2-meitil-1-feinil-2-próipil; Aicéatáit Cairbinile Démheitilbeinsile

Aicéatáit cairbinile démheitilbeinsile (DMBCA)

151-05-3

(24)

Ocsaigheaptacán-2-ón

Heicsideacanolactón

109-29-5

(25)

1,3,4,6,7,8-Heicsihidrea-4,6,6,7,8,8-heicsimeitilcioglaipeinti-γ-2-beinsipioran

Heicsimeitilindianopioran

1222-05-5

(26)

Aicéatáit 3,7-démheitile ochta-1,6-dé-éin-3-il

Aicéatáit lionailile

115-95-7

(27)

D;-Meantól (Meantól raicéimeach) Meantól; l-meantól (Meantól- levo) d-meantól

Meantól

1490-04-6; 89-78-1; 2216-51-5; 15356-60-2

(28)

2-hiodrocsaibeinseoáit mheitile

Salaicioláit mheitile

119-36-8

(29)

3-Meitil-5-(2,2,3-trímheitil-3-cioglaipeintilnil)peint-4-éin-2-ól

Meitilisipeinteanól Trímheitilcioglaipéintinile

67801-20-1

(30)

2,6,6-Trímheitildhéchiocla[3.1.1]heipt-2-éin (alfa-Pinéin);

6,6-Démheitil- 2-meitiléindéchioglai[3.1.1]heipteán (béite-Pinéin)

Pinéin

80-56-8; 7785-70-8; 127-91-3; 18172-67-3

(31)

3-Próipilidéin-1(3H)-isibeinseafúranón

3-Próipilidéineatailíd

17369-59-4

(32)

o-Hiodrocsai-beansaildéad

Salaiciolaildéad

90-02-8

(33)

5-(2,3-démheitiltríchló[2.2.1.02,6]-heipt-3-il)-2-meitilpeint-2-ean-1-ól; Alfa-Santalól;

(1S-(1a,2a(Z),4a))-2-Meitil-5-(2-meitil-3-meitiléindéchiogla[2.2.1]heipt-2-il)-2-peintean-1-ól (béite-Santalól)

Santalól

11031-45-1; 115-71-9; 77-42-9

(34)

[1R-(1α)]-α-Eitinildeicihiodri-2-hiodrocsa-α,2,5,5,8a-peintimeitil-1-naftailéanprópánól

Sclairiól

515-03-7

(35)

2-(4-meitilcioglaiheacs-3-ean-1-il)própán-2-ól;

p-Meint-1-ean-8-ól (alfa-Teirpiníól);

1-meitil-4-(1-meitilvinil)cioglaiheacsán-1-ól (béite-Teirpiníól);

1-meitil-4-(1-meitileitilidéin)cioglaiheacsán-1-ól (gáma-Teirpiníól)

Teirpiníól

8000-41-7 98-55-5; 138-87-4; 586-81-2;

(36)

p-Meintea-1,4(8)-dé-éin

Teirpiniléin

586-62-9

(37)

1-(1,2,3,4,5,6,7,8-ochtaihidri-2,3,8,8-teitrimeitil-2-naiftil)eitian-1-ón; 1-(1,2,3,4,5,6,7,8-ochtaihidri-2,3,5,5-teitrimeitil-2-naiftil)eitian-1-ón; 1-(1,2,3,5,6,7,8, 8a-ochtaihidri-2,3,8,8-teitrimeitil-2-naiftil)eitian-1-ón; 1-(1,2,3,4,6,7,8, 8a-ochtaihidri-2,3,8,8-teitrimeitil-2-naiftil)eitian-1-ón

Aicéitiolochtaihiodranaftailéiní teitrimeitile

54464-57-2; 54464-59-4; 68155-66-8; 68155-67-9

(38)

3-(2,2-Démheitil-3-hiodrocsapróipil)tolúéin

Beinséanprópánól trímheitile

103694-68-4

(39)

4-Hiodrocsa-3-meatocsaibeansaildéad

Fanailin

121-33-5

(40)

Ola Blátha agus eastóscán Cananga Odorata;

Ola blátha agus eastóscán Ylang Ylang

Eastóscán Blátha Cananga Odorata; Ola Blátha Cananga Odorata

83863-30-3; 8006-81-3; 68606-83-7; 93686-30-7

(41)

Ola agus eastóscán Cedrus atlantica

Eastóscán coirte Cedrus Atlantica; Ola coirte Cedrus Atlantica; Uisce coirte Cedrus Atlantica; Eastóscán duilleoige Cedrus Atlantica; Eastóscán adhmaid Cedrus Atlantica; Ola adhmaid Cedrus Atlantica

92201-55-3; 8023-85-6

(42)

Ola duilleoige Cinnamomum Cassia

 

8007-80-5; 84961-46-6

(43)

Ola coirte Cinnamomum Zeylanicum

 

84649-98-9; 8015-91-6

(44)

Ola blátha Citrus Aurantium Dulcis

Ola blátha Citrus Aurantium Dulcis

8016-38-4; 8028-48-6

(45)

Ola craicinn Citrus aurantium amara agus dulcis

Ola craicinn Citrus Aurantium Amara

Ola craicinn Citrus aurantium dulcis

Ola craicinn Citris Sinensis

68916-04-1; 72968-50-4

97766-30-8; 8028-48-6

8008-57-9

(46)

Ola blátha Citrus aurantium amara

Ola blátha Citrus aurantium amara

72968-50-4

(47)

Ola Citrus aurantium bergamia

Ola craicinn Citrus aurantium bergamia

89957-91-5; 8007-75-8; 68648-33-9; 8007-75-8; 85049-52-1

(48)

Ola citrus limon

Ola craicinn Citrus limonum

84929-31-7; 8008-56-8

(49

Ola Cymbopogon Schoenanthus Ola Cymbopogon Flexuosus Ola Cymbopogon Citratus

Ola Cymbopogon Schoenanthus; Ola Cymbopogon Flexuosus; Ola Duilleoige Cymbopogon Citratus

8007-02-1; 89998-16-3; 91844-92-7

(50)

Ola Eucalyptus Globulus

Ola Duilleoige Eucalyptus Globulus; Ola Duilleoige/Craobhóige Eucalyptus Globulus

97926-40-4; 8000-48-4

(51)

Ola Eugenia Caryophyllus

Ola duilleoige Eugenia Caryophyllus; Ola Blátha Eugenia Caryophyllus; Ola Lorga Eugenia Caryophyllus; Ola Bachlóige Eugenia Caryophyllus

8000-34-8; 8015-97-2; 84961-50-2; 84961-50-2; 84961-50-2; 84961-50-2

(52)

Ola agus eastóscán Jasminum Grandiflorum / Officinale

Eastóscán blátha Jasminum Grandiflorum; Ola Jasminum Officinale; Eastóscán blátha Jasminum Officinale

84776-64-7; 90045-94-6; 8022-96-6; 8024-43-9; 90045-94-6

(53)

Ola Juniperus Virginiana

Ola Juniperus Virginiana Ola Adhmaid Juniperus Virginiana

8000-27-9; 85085-41-2

(54)

Ola laurus nobilis

Ola duilleoige Laurus Nobilis

8007-48-5; 8002-41-3; 84603-73-6

(55)

Ola/eastóscán Lavandula Hybrida;

Ola Lavandula Hybrida eastóscán Lavandula Hybrida; Eastóscán blátha Lavandula Hybrida;

91722-69-9; 8022-15-9; 93455-96-0; 93455-97-1; 92623-76-2;

 

Ola/eastóscán Lavandula Intermedia;

Eastóscán blátha/duilleoige/lorga Lavandula Intermedia; Ola blátha/duilleoige/lorga Lavandula Intermedia; Ola Lavandula Intermedia;

84776-65-8; 8000-28-0; 90063-37-9;

 

Ola/eastóscán Lavandula Angustifolia

Ola Lavandula Angustifolia; Eastóscán blátha/duilleoige/lorga Lavandula Angustifolia

84776-65-8; 8000-28-0; 90063-37-9

(56)

Ola mentha piperita

 

8006-90-4; 84082-70-2

(57)

Ola mentha spicata (ola cartlainne garraí)

Ola duilleoige Mentha Viridis

84696-51-5; 8008-79-5

(58)

Eastóscán Narcissus Poeticus/Pseudonarcissus/Jonquilla/Tazetta

Eastóscán Narcissus Poeticus Eastóscán blátha Narcissus Pseudonarcissus Eastóscán Narcissus Jonquilla Eastóscán Narcissus Tazetta

90064-26-9; 68917-12-4; 90064-27-0; 90064-25-8

(59)

Ola pelargonium graveolens

Ola blátha pelargonium graveolens

90082-51-2; 8000-46-2

(60)

Ola Duilleoige Pinus Mugo; Eastóscán Duilleoige Craobhóige Pinus Mugo; Ola Craobhóige Pinus Mugo

 

90082-72-7

(61)

Eastóscán spíonlaigh Pinus Pumila; Eastóscán duilleoige craobhóige Pinus Pumila; Ola duilleoige craobhóige Pinus Pumila

 

97676-05-6

(62)

Ola pogostemon cablin

 

8014-09-03; 84238-39-1

(63)

Ola blátha Rosa Damascena; Eastóscán blátha Rosa Damascena; Ola blátha Rosa Alba; Eastóscán blátha Rosa Alba; Ola blátha Rosa Canina; Ola blátha Rosa Centifolia; Eastóscán blátha Rosa Centifolia; Ola blátha Rosa Gallica; Ola blátha Rosa Moschata; Ola blátha Rosa Rugosa

 

8007-01-0; 90106-38-0; 93334-48-6; 84696-47-9; 84604-12-6; 84604-13-7; 92347-25-6

(64)

Ola santalum album

 

84787-70-2; 8006-87-9

(65)

Guma tuirpintín (Pinus spp.); Ola thuirpintín agus ola choigeartaithe; Tuirpintín, galdriogtha (Pinus spp.)

Tuirpintín

8006-64-2; 9005-90-7; 8052-14-0

2.

Cumhráin dá dtagraítear in iontrálacha (41) go (51) agus (53) go (55) sa tábla i gCuid A, pointe 4, agus cumhráin dá dtagraítear i bpointí 1 go 9 sa tábla i bpointe 1 den Chuid seo, ceadófar a n-úsáid i gcluichí boird boltanacha, pacáistí cosmaideacha agus cluichí blastachta, i gcomhréir leis na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá na cumhráin lipéadaithe go soiléir ar phacáistíocht an bhréagáin, agus tá an rabhadh dá dtagraítear i bpointe 11 d’Iarscríbhinn III sa phacáistíocht;

(b)

i gcás inarb ábhartha, na táirgí a leanann as sin a dhéanann an leanbh i gcomhréir le treoracha an mhonaróra, comhlíonann siad Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009; agus

(c)

i gcás inarb infheidhme, comhlíonann na cumhráin dlí ábhartha an Aontais maidir le bia.

Na cluichí boird boltanacha, na pacáistí cosmaideacha agus na cluichí blastachta sin, ní bhainfidh leanaí faoi bhun 36 mhí d’aois úsáid astu agus comhlíonfaidh siad pointe 2 d’Iarscríbhinn III.

Cuid C

Láithreacht cheadaithe substaintí atá faoi réir toirmisc chineálacha de bhun Chuid III, pointe 4, d’Iarscríbhinn II

Substaint

Aicmiú

Úsáid cheadaithe

Nicil

Carc 2 (Catagóir 2 den aicme ‘substaintí carcanaigineacha’)

I mbréagáin agus i gcomhpháirteanna bréagán déanta as cruach dosmálta. I gcomhpháirteanna bréagáin atá beartaithe sruth leictreach a sheoladh.

Cóbalt

Carc 1B (catagóir 1B den aicme ‘substaintí carcanaigineacha’), Muta 2 (catagóir 2 den aicme ‘substaintí só-ghineacha’), Repr 1B (catagóir 1B den aicme ‘substaintí atá tocsaineach don atáirgeadh’)

I mbréagáin agus i gcomhpháirteanna bréagán atá déanta as cruach dhosmálta, mar eisíontas sa nicil atá sa chruach dhosmálta.

I gcomhpháirteanna bréagán lena bhfuil sé beartaithe sruth leictreach a sheoladh.

I maighnéid neoidimiam-bhunaithe a úsáidtear i mbréagáin más rud é nach féidir na maighnéid sin a shlogadh nó a ionanálú.

Cuid D

Bisfeanóil atá toirmiscthe i mbréagáin

Líon

Ainm na substainte

Uimhir na Seirbhíse Achoimreachtaí Ceimiceán

Uimhir CE

1

4,4’-(1-meitiolpróipilidéin)bisfeanól; bisfeanól B

77-40-7

201-025-1

2

4,4’-iseapróipilidéin-dé-o-créasól

79-97-0

201-240-0

3

6,6’-dé-treas-búitil-4,4’-búitilidéin-dé-m-créasól

85-60-9

201-618-5

4

2,2’,6,6’-teitrea-treas-búitil-4,4’-meitiléin-défheanól; TBMD

118-82-1

204-279-1

5

4,4’iseapróipilidínbios[2-aillilfeanól]

1745-89-7

217-121-1

6

4,4’-iseapróipilidínbios-2,6-xileol

5613-46-7

227-033-5

7

2,2’-[(1-meitileitilidéin)bios(4,1-feiniléinocsa)]bioseitil dé-aicéatáit

19224-29-4

242-895-2

8

(1-meitileitilidéin)bios(4,1-feiniléinocsa-3,1-própáindé-il) biosmeataicrioláit

27689-12-9

248-607-1

9

4-(4-iseaprópocsafeinilsulfóinil)feanól

95235-30-6

405-520-5

10

2,2’-dé-aillil-4,4’-sulfóinildéfheanól; TG-SA

41481-66-7

411-570-9


IARSCRÍBHINN III

RABHAIDH AGUS TÁSCA MAIDIR LEIS NA RÉAMHCHÚRAIMÍ ATÁ LE DÉANAMH NUAIR A ÚSÁIDTEAR CATAGÓIRÍ ÁIRITHE BRÉAGÁN

1.   Ceanglais ghinearálta – cur i láthair

Roimh gach rabhadh beidh an focal ‘Rabhadh’ nó, i bhfoirm an phicteagraim chineálaigh seo a leanas, a thaispeánfar ar bhealach feiceálach, gan an oibleagáid é a thaispeáint arís roimh gach rabhadh:

Image 1

Beidh an picteagram 10 mm ar a laghad, i bhfoirm triantán dubh a mbeidh cúlra buí air agus beidh comhartha uaillbhreasa dubh air.

Déanfar rabhaidh a phriontáil i gcarachtair le clómhéid dar méid 1,2 mm nó níos mó i gcás an x-airde agus codarsnacht leordhóthanach idir an cló agus an cúlra chun a n-infheictheacht agus a n-inléiteacht a áirithiú, gan dochar d’íos-airde na bpicteagram, nach mbeidh níos lú ná 10 mm. I gcás pacáistíochta nó coimeádán ar lú ná 80 cm2 an dromchla is mó iontu, beidh x-airde an chlómhéid cothrom le 0,9 mm nó níos mó.

2.   Bréagáin nach bhfuil beartaithe lena n-úsáid ag leanaí faoi bhun 36 mhí

Bréagáin a d’fhéadfadh a bheith contúirteach do leanaí faoi bhun 36 mhí d’aois, beidh an rabhadh a leanas orthu: ‘Ní oireann an bréagán do leanaí faoi bhun 36 mhí d’aois’ nó ‘Ní oireann an bréagán do leanaí faoi bhun 3 bliana’ nó rabhadh i bhfoirm an phicteagraim seo a leanas:

Image 2

Beidh an picteagram 10 mm ar a laghad ar trastomhas agus beidh ciorcal dearg a bhfuil cúlra bán air agus beidh an téacs agus an t-éadan dubh. Leis na rabhaidh sin gabhfaidh tásc gearr, a d’fhéadfadh a bheith le feiceáil sna treoracha úsáide, den ghuais shonrach arb í is siocair leis an réamhchúram sin.

Ní bheidh feidhm ag an bpointe sin maidir le bréagáin atá neamhoiriúnach go follasach do leanaí faoi bhun 36 mhí d’aois, i ngeall ar a bhfeidhm, a dtoisí, a saintréithe ná a n-airíonna ná ar fhorais áititheacha eile.

3.   Bréagáin ghníomhaíochta

Beidh an rabhadh seo a leanas ar bhréagáin ghníomhaíochta:

‘Le haghaidh úsáid tí amháin’

Le bréagáin ghníomhaíochta atá ceangailte le bíoma trasna chomh maith le bréagáin ghníomhaíochta eile, i gcás inarb iomchuí, gabhfaidh treoracha lena dtugtar aird ar an bhfíoras gur gá seiceálacha agus cothabháil a dhéanamh ar na príomhpháirteanna (crochtaí, fosúcháin, daingnithe, etc.) ag eatraimh áirithe, agus lena dtugtar le fios go bhféadfadh an bréagán a bheith ina chúis le titim nó go bhféadfadh sé iompú béal faoi mura ndéantar na seiceálacha sin.

Tabharfar treoracha freisin chun an bréagán a chóimeáil i gceart, lena léirítear na páirteanna a d’fhéadfadh a bheith contúirteach mura gcóimeáiltear i gceart iad. Tabharfar faisnéis shonrach maidir leis an dromchla oiriúnach a bhféadfar an bréagán a chur ina shuí air.

4.   Bréagáin fheidhmiúla

Beidh an rabhadh seo a leanas ar bhréagáin fheidhmiúla:

‘Le húsáid faoi mhaoirseacht dhíreach duine fásta’

Ina theannta sin, gabhfaidh treoracha le bréagáin fheidhmiúla lena dtabharfar treoir oibriúcháin chomh maith le réamhchúraimí atá le déanamh ag an úsáideoir, agus an rabhadh ann go nochtfar an t-úsáideoir do na guaiseacha atá bainteach de ghnáth le cur i bhfeidhm nó táirgeacht an ruda, ar mionsamhail de réir scála nó bréagshamhail de é an bréagán, mura leantar an treoir oibriúcháin sin nó mura ndéantar na réamhchúraimí sin. Sonrófar na guaiseacha sin sa rabhadh. Léireofar freisin go bhfuil an bréagán le coimeád as lámha leanaí faoi aois áirithe, a shonróidh an monaróir.

5.   Bréagáin cheimiceacha

Gan dochar do chur i bhfeidhm na bhforálacha a leagtar síos i ndlí infheidhme an Aontais maidir le haicmiú, pacáistiú agus lipéadú substaintí nó meascán áirithe, sna treoracha úsáide le haghaidh bréagáin ina bhfuil substaintí nó meascáin atá guaiseach ó nádúr beidh rabhadh maidir le cineál guaiseach na substaintí nó na meascán sin agus tásc de na réamhchúraimí atá le déanamh ag an úsáideoir chun na guaiseacha atá bainteach leo a sheachaint. Sonrófar na réamhchúraimí sin go hachomair agus bainfidh siad leis an gcineál bréagáin. Luafar freisin an gharchabhair atá le tabhairt i gcás timpistí tromchúiseacha a leanann as an gcineál ábhartha bréagáin a úsáid. Luafar freisin go bhfuil an bréagán le coimeád as lámha leanaí faoi bhun aois áirithe, a shonróidh an monaróir.

I dteannta na dtreoracha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, beidh an rabhadh seo a leanas ar phacáistíocht bréagán ceimiceach:

‘Ní oireann an bréagán do leanaí faoi bhun … (1) bliain d’aois. Le húsáid agus duine fásta i bhfeighil’

6.   Scátaí, scátaí rollála, scátaí lannrollála, cláir scátála, scútair agus rothair bhréige

I gcás ina gcuirfear scátaí, scátaí rollála, scátaí lannrollála, cláir scátála, scútair agus rothair bhréige ar díol mar bhréagáin, beidh an rabhadh seo a leanas orthu:

‘Ba cheart trealamh cosanta a chaitheamh. Ná húsáidtear an bréagán sa trácht’

Beidh meabhrúchán sna treoracha úsáide go bhfuil an bréagán le húsáid go cúramach, ós rud é gur gá an-scil a bheith ag duine ann, ionas nach dtitfear nó nach dtarlóidh imbhuailtí a bheadh ina gcúis le díobháil don úsáideoir nó do dhaoine eile. Tabharfar tásca freisin den trealamh cosanta a mholtar (clogaid, lámhainní, cosaintí glúine, cosaintí uillinne, etc.).

7.   Bréagáin uisceacha

Beidh an rabhadh seo a leanas ar bhréagáin uisceacha:

‘Ná húsáidtear an bréagán ach in uisce nach bhfuil ródhomhain don leanbh agus duine fásta i bhfeighil’

8.   Bréagáin laistigh de bhia

Pacáistiú bia ina bhfuil bréagáin nó pacáistiú bia atá cóimheasctha le bréagáin, beidh an rabhadh seo a leanas orthu, a bheidh infheicthe sula gceannófar é:

‘Bréagán laistigh. Moltar duine fásta a bheith i bhfeighil’

9.   Bréagmhaisc chosanta agus bréagchlogaid

I gcás ina gcuirfear bréagmhaisc chosanta agus bréagchlogaid ar díol mar bhréagáin, beidh an rabhadh seo a leanas orthu:

‘Ní thugann an bréagán seo cosaint’

10.   Bréagáin atá beartaithe lena gcrochadh trasna cliabháin, leaba linbh nó naíchóiste trí bhíthin sreangán, cordaí, leaisticí nó strapaí

I gcás bréagáin atá beartaithe lena gcrochadh trasna cliabháin, leaba linbh nó naíchóiste trí bhíthin sreangán, cordaí, leaisticí nó strapaí, tabharfar an rabhadh seo a leanas ar phacáistíocht an bhréagáin agus marcálfar go buan ar an mbréagán é:

‘Chun díobháil fhéideartha de dheasca dul i bhfostú a chosc, bain an bréagán seo den leanbh nuair a thosóidh sé ag déanamh iarracht dul ag lámhacán’

11.   Pacáistíocht le haghaidh cumhrán i gcluichí boird boltanacha, pacáistí cosmaideacha agus cluichí blastachta

Pacáistíocht le haghaidh cumhrán i gcluichí boird boltanacha, pacáistí cosmaideacha agus cluichí blastachta ina bhfuil cumhráin dá dtagraítear in iontrálacha (41) go (51) agus (53) go (55) sa tábla i gCuid A, pointe 4, den Fhoscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn II agus cumhráin dá dtagraítear in iontrálacha (1) go (9) sa tábla i gCuid B, pointe 1, den Fhoscríbhinn sin, beidh an rabhadh seo a leanas inti:

‘Tá cumhráin ann a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le hailléirgí’


(1)  Aois le sonrú ag an monaróir.


IARSCRÍBHINN IV

NÓSANNA IMEACHTA UM MEASÚNÚ COMHRÉIREACHTA

Cuid I

Modúl A: Rialú inmheánach táirgthe

1.

Is é is rialú inmheánach táirgthe ann an nós imeachta um measúnú comhréireachta ina gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí a leagtar síos i bpointí 2, 3 agus 4 den Chuid seo, agus ina n-áirithíonn agus ina ndearbhaíonn sé, faoi fhreagracht an mhonaróra amháin, go gcomhlíonann an bréagán ceanglais an Rialacháin seo.

2.   Doiciméadacht theicniúil

Is é an monaróir a bhunóidh an doiciméadacht theicniúil. Trí bhíthin na ndoiciméad sin, féadfar measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht an táirge leis na ceanglais ábhartha, agus beidh iontu anailís agus measúnú leordhóthanach ar na rioscaí. Sonrófar leis an doiciméadacht theicniúil na ceanglais is infheidhme agus cumhdófar léi, a mhéid is ábhartha don mheasúnú, dearadh, monarú agus oibriú an bhréagáin. Beidh na heilimintí a leagtar amach in Iarscríbhinn V, ar a laghad, sa doiciméadacht theicniúil.

3.   Monaraíocht

Déanfaidh an monaróir na bearta uile is gá ionas go n-áiritheoidh an próiseas monaraíochta agus an faireachán air comhlíontacht na dtáirgí monaraithe leis an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear i bpointe 2 agus ceanglais is infheidhme an Rialacháin seo.

4.   An mharcáil CE agus pas táirge digiteach

4.1.

Feisteoidh an monaróir an mharcáil CE ar gach bréagán aonair a chomhlíonann ceanglais is infheidhme an Rialacháin seo.

4.2.

Cruthóidh an monaróir an pas táirge digiteach le haghaidh múnla de bhréagán agus áiritheoidh sé go mbeidh an pas ar fáil, in éineacht leis an doiciméadacht theicniúil, go ceann 10 mbliana tar éis don táirge a bheith curtha ar an margadh. Leis an bpas táirge digiteach, sainaithneofar an bréagán ar lena aghaidh a cruthaíodh é.

5.   Ionadaí údaraithe

Féadfaidh ionadaí údaraithe an mhonaróra oibleagáidí an mhonaróra a leagtar amach i bpointe 4 a chomhlíonadh, thar ceann an mhonaróra agus faoi chúram an mhonaróra, ar choinníoll go sonraítear iad sa sainordú.

Cuid II

Modúl B: Cineálscrúdú AE

1.

Is é is cineálscrúdú AE ann an chuid de nós imeachta um measúnú comhréireachta ina ndéanann comhlacht faoina dtugtar fógra scrúdú ar dhearadh teicniúil bréagáin agus ina bhfíoraíonn sé agus ina ndearbhaíonn sé go gcomhlíonann dearadh teicniúil an bhréagáin ceanglais an Rialacháin seo.

2.

Féadfar cineálscrúdú AE a dhéanamh ar aon cheann de na bealaí seo a leanas:

(a)

scrúdú a dhéanamh ar shampla den bhréagán iomlán (cineál táirgthe), ar sampla é atá ionadaíoch ar an táirgeadh atá beartaithe,

(b)

measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht dhearadh teicniúil an bhréagáin trí scrúdú a dhéanamh ar an doiciméadacht theicniúil agus ar an bhfianaise thacaíochta dá dtagraítear i bpointe 3, chomh maith le scrúdú a dhéanamh ar shamplaí, ar samplaí ionadaíocha iad ar an táirgeadh atá beartaithe, de cheann amháin nó níos mó de pháirteanna criticiúla an táirge (cineál an táirgthe agus cineál an deartha le chéile),

(c)

measúnú a dhéanamh ar leordhóthanacht dhearadh teicniúil an bhréagáin, trí scrúdú a dhéanamh ar an doiciméadacht theicniúil agus ar an bhfianaise thacaíochta dá dtagraítear i bpointe 3, gan scrúdú a dhéanamh ar shampla (cineál deartha).

3.

Cuirfidh an monaróir iarratas ar chineálscrúdú AE isteach le comhlacht amháin faoina dtugtar fógra, ar comhlacht de rogha an mhonaróra é.

Beidh na nithe seo a leanas san iarratas:

(a)

ainm agus seoladh an mhonaróra agus, más é an t-ionadaí údaraithe a chuireann an t-iarratas isteach, ainm agus seoladh an ionadaí sin,

(b)

dearbhú i scríbhinn nár cuireadh an t-iarratas céanna faoi bhráid aon chomhlacht eile faoina dtugtar fógra,

(c)

leis an doiciméadacht theicniúil, arb é is bonn léi go mbeifear in ann measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht an táirge le ceanglais infheidhme an Rialacháin seo, áireofar anailís agus measúnú leordhóthanach ar na rioscaí, lena n-áirítear an measúnú sábháilteachta dá dtagraítear in Airteagal 25; sonrófar léi na ceanglais is infheidhme agus cumhdófar, a mhéid is ábhartha don mheasúnú, dearadh, monarú agus oibriú an bhréagáin; beidh inti na heilimintí a leagtar amach in Iarscríbhinn V, ar a laghad,

(d)

na samplaí atá ionadaíoch ar an táirgeadh atá beartaithe; féadfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra samplaí breise a iarraidh más gá sin chun an clár tástála a chur i gcrích,

(e)

an fhianaise thacaíochta maidir le hoiriúnacht an réitigh deartha theicniúil; luafar inti aon doiciméad a úsáideadh, go háirithe i gcás nár cuireadh i bhfeidhm go hiomlán na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha agus/nó na sonraíochtaí teicniúla; áireofar inti freisin, i gcás inar gá, torthaí na dtástálacha a dhéanann saotharlann iomchuí an mhonaróra, nó a dhéanann saotharlann tástála eile thar ceann an mhonaróra agus faoi fhreagracht an mhonaróra.

4.

Déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra an méid seo a leanas:

I dtaca leis an mbréagán:

4.1.

scrúdú a dhéanamh ar an doiciméadacht theicniúil agus ar an bhfianaise thacaíochta chun measúnú a dhéanamh ar a leordhóthanaí atá a dhearadh teicniúil;

I dtaca leis an sampla:

4.2.

a fhíorú gur monaraíodh an sampla i gcomhréir leis an doiciméadacht theicniúil, agus na heilimintí a dearadh i gcomhréir le forálacha infheidhme na gcaighdeán comhchuibhithe ábhartha agus/nó na sonraíochtaí coiteanna a shainaithint, mar aon leis na heilimintí a dearadh gan forálacha ábhartha na gcaighdeán sin agus/nó na sonraíochtaí teicniúla coiteanna a chur i bhfeidhm;

4.3.

scrúduithe agus tástálacha iomchuí a dhéanamh, nó socrú lena ndéanamh, le seiceáil a dhéanamh cé acu, i gcásanna inar roghnaigh an monaróir na réitigh sna caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha agus/nó na sonraíochtaí coiteanna a chur i bhfeidhm, a cuireadh nó nár cuireadh i bhfeidhm i gceart iad;

4.4.

scrúduithe agus tástálacha iomchuí a dhéanamh, nó socrú lena ndéanamh, le seiceáil a dhéanamh cé acu, i gcás nár cuireadh i bhfeidhm na réitigh sna caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha agus/nó na sonraíochtaí coiteanna, an gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann na réitigh a ghlac an monaróir buncheanglais sábháilteachta chomhfhreagracha an Rialacháin seo;

4.5.

an suíomh ar a ndéanfar na scrúduithe agus tástálacha a aontú leis an monaróir.

5.

Déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra tuarascáil mheastóireachta a tharraingt suas ina dtaifeadfar na gníomhaíochtaí a dhéantar i gcomhréir le pointe 4 maille lena dtorthaí. Gan dochar dá oibleagáidí i leith na n-údarás a thugann fógra, ní scaoilfidh an comhlacht faoina dtugtar fógra ábhar na tuarascála sin, go hiomlán nó go páirteach, ach amháin le comhaontú an mhonaróra.

6.

I gcás ina gcomhlíonann an cineál ceanglais an Rialacháin seo, eiseoidh an comhlacht faoina dtugtar fógra deimhniú ar chineálscrúdú AE don mhonaróir. Sa deimhniú ar chineálscrúdú AE, áireofar tagairt don Rialachán seo, íomhá dhaite, tuairisc shoiléir ar an mbréagán, lena n-áirítear a thoisí, agus liosta de na tástálacha a rinneadh, in éineacht le tagairt don tuarascáil tástála ábhartha. Sa deimhniú beidh ainm agus seoladh an mhonaróra, tásc den áit mhonaraíochta, conclúidí an scrúdaithe, na coinníollacha maidir lena bhailíocht (más ann dóibh) agus na sonraí is gá chun an cineál formheasta a shainaithint. Féadfar iarscríbhinní a chur i gceangal leis an deimhniú.

Sa deimhniú agus sna hiarscríbhinní a bheidh ag gabháil leis, beidh gach faisnéis ábhartha is gá chun go bhféadfar comhréireacht táirgí monaraithe leis an gcineál a scrúdaíodh a mheas agus chun go bhféadfar rialú inseirbhíse a dhéanamh.

I gcás nach gcomhlíonann an cineál ceanglais is infheidhme an Rialacháin seo, diúltóidh an comhlacht faoina dtugtar fógra deimhniú ar chineálscrúdú AE a eisiúint agus cuirfidh sé é sin in iúl don iarratasóir, agus tabharfaidh sé cúiseanna mionsonraithe lena dhiúltú.

7.

Áiritheoidh an comhlacht faoina dtugtar fógra go mbeidh sé ar an eolas faoi aon athrú ar staid na teicníochta a bhfuil glacadh ginearálta léi a léireodh gur féidir nach gcomhlíonann an cineál formheasta ceanglais is infheidhme an Rialacháin seo a thuilleadh, agus cinnfidh sé cé acu is gá nó nach gá imscrúdú breise a dhéanamh de bharr na n-athruithe sin. Más amhlaidh, cuirfidh an comhlacht faoina dtugtar fógra an monaróir ar an eolas dá réir.

Cuirfidh an monaróir in iúl don chomhlacht faoina dtugtar fógra atá i seilbh na doiciméadachta teicniúla a bhaineann leis an deimhniú ar chineálscrúdú AE faoi na modhnuithe uile a rinneadh ar an gcineál formheasta a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chomhréireacht an bhréagáin le buncheanglais sábháilteachta an Rialacháin seo nó le coinníollacha bailíochta an deimhnithe. Fágfaidh na modhnuithe sin nach mór formheas breise a dhéanamh anuas ar an mbundeimhniú ar chineálscrúdú AE.

8.

Gach comhlacht faoina dtugtar fógra, déanfaidh sé na húdaráis a thugann fógra a chur ar an eolas maidir le deimhnithe ar chineálscrúdú AE agus/nó maidir le breiseanna leo a d’eisigh sé nó a tharraing sé siar, agus cuirfidh sé liosta de dheimhnithe agus/nó d’aon bhreis a diúltaíodh, a cuireadh ar fionraí nó ar cuireadh srian orthu ar bhealach eile ar fáil don údarás a thugann fógra ar bhonn tréimhsiúil nó arna iarraidh sin dó.

Gach comhlacht faoina dtugtar fógra, cuirfidh sé na comhlachtaí eile sin faoina dtugtar fógra ar an eolas maidir le deimhnithe ar chineálscrúdú AE agus/nó maidir le haon bhreis a dhiúltaigh sé nó a tharraing sé siar, a chuir sé ar fionraí nó ar chuir sé srian uirthi ar bhealach eile agus, arna iarraidh sin air, maidir le deimhnithe agus/nó breiseanna a d’eisigh sé.

Féadfaidh na Ballstáit, an Coimisiún agus na comhlachtaí eile faoina dtugtar fógra cóip a fháil de na deimhnithe ar chineálscrúdú AE agus/nó na breiseanna leo, arna iarraidh sin dóibh. Féadfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún cóip den doiciméadacht theicniúil agus de thorthaí na scrúduithe a rinne an comhlacht faoina dtugtar fógra a fháil, arna iarraidh sin dóibh. An comhlacht faoina dtugtar fógra, coinneoidh sé cóip den deimhniú ar chineálscrúdú AE, dá iarscríbhinní agus breiseanna, chomh maith leis an gcomhad teicniúil lena n-áirítear an doiciméadacht a chuir an monaróir isteach, go dtí go rachaidh bailíocht an deimhnithe as feidhm.

9.

Maidir le deimhniú ar chineálscrúdú AE, na hiarscríbhinní agus na breiseanna a ghabhann leis, chomh maith leis an doiciméadacht theicniúil, coinneoidh an monaróir cóip díobh ar fáil do na húdaráis náisiúnta go ceann 10 mbliana tar éis an táirge a bheith curtha ar an margadh.

10.

Féadfaidh ionadaí údaraithe an mhonaróra an t-iarratas dá dtagraítear i bpointe 3 a chur isteach agus na hoibleagáidí a leagtar amach i bpointí 7 agus 9 a chomhlíonadh, ar choinníoll go sonrófar sa sainordú iad.

Cuid III

Modúl C: Cineál-chomhréireacht arna bunú ar rialú inmheánach táirgthe

1.

Is é is cineál-chomhréireacht arna bunú ar rialú inmheánach táirgthe ann an chuid sin den nós imeachta um measúnú comhréireachta lena gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí a leagtar síos i bpointí 2 agus 3 den Chuid seo, agus lena n-áirithíonn agus lena ndearbhaíonn sé go bhfuil na táirgí lena mbaineann i gcomhréir leis an gcineál a bhfuil tuairisc air sa deimhniú ar chineálscrúdú AE agus go gcomhlíonann siad ceanglais an Rialacháin seo a bhfuil feidhm acu maidir leo.

2.   Monaraíocht

Déanfaidh an monaróir na bearta uile is gá ionas go n-áiritheoidh an próiseas monaraíochta agus an faireachán air comhréireacht na dtáirgí monaraithe leis an gcineál formheasta a thuairiscítear sa deimhniú ar chineálscrúdú AE agus le ceanglais an Rialacháin seo a bhfuil feidhm aige maidir leo.

3.   An mharcáil CE agus pas táirge digiteach

3.1.

Greamóidh an monaróir an mharcáil CE de gach táirge aonair atá i gcomhréir leis an gcineál a dtugtar tuairisc air sa deimhniú ar chineálscrúdú AE agus a chomhlíonann ceanglais is infheidhme an Rialacháin seo.

3.2.

Cruthóidh an monaróir pas táirge digiteach le haghaidh múnla de bhréagán agus áiritheoidh sé go mbeidh an pas ar fáil go ceann 10 mbliana tar éis don bhréagán a bheith curtha ar an margadh. Leis an bpas táirge digiteach, sainaithneofar an bréagán ar lena aghaidh a cruthaíodh é.

4.   Ionadaí údaraithe

Féadfaidh ionadaí údaraithe an mhonaróra oibleagáidí an mhonaróra a leagtar amach i bpointe 3 a chomhlíonadh, thar ceann an mhonaróra agus faoi chúram an mhonaróra, ar choinníoll go sonraítear iad sa sainordú.


IARSCRÍBHINN V

EILIMINTÍ ATÁ LE hÁIREAMH SA DOICIMÉADACHT THEICNIÚIL

(dá dtagraítear in Airteagal 27)

Beidh na heilimintí seo a leanas san áireamh leis an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 27:

(1)

Tuairisc mhionsonraithe ar an dearadh agus ar an monarú, lena n-áirítear liosta de na comhpháirteanna agus na hábhair a úsáidtear sa bhréagán chomh maith le liosta de na substaintí agus meascáin a úsáidtear, lena n-áirítear bileoga sonraí sábháilteachta, atá le fáil ó sholáthróirí ceimiceán;

(2)

an measúnú (na measúnuithe) sábháilteachta a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 25;

(3)

tuairisc ar an nós imeachta um measúnú comhréireachta a leanadh;

(4)

seoltaí na n-áiteanna monaraíochta agus stórála;

(5)

cóipeanna de na doiciméid a chuir an monaróir faoi bhráid aon chomhlachta faoina dtugtar fógra i gcás inarb ábhartha;

(6)

tuarascálacha tástála agus tuairisc ar na modhanna trínar áirithigh an monaróir comhréireacht táirgeachta le caighdeáin chomhchuibhithe nó na sonraíochtaí coiteanna, má lean an monaróir an nós imeachta um rialú inmheánach táirgthe dá dtagraítear in Airteagal 26(2); agus

(7)

óip den deimhniú ar chineálscrúdú AE, tuairisc ar na modhanna trínar áirithigh an monaróir comhréireacht na táirgeachta leis an gcineál táirge a dtugtar tuairisc air sa deimhniú ar chineálscrúdú AE, agus cóipeanna de na doiciméid a chuir an monaróir faoi bhráid an chomhlachta faoina dtugtar fógra, má chuir an monaróir an bréagán faoi bhráid cineálscrúdú AE agus má lean sé an nós imeachta um chineál-chomhréireacht dá dtagraítear in Airteagal 26(3).


IARSCRÍBHINN VI

PAS TÁIRGE DIGITEACH

Cuid I

Áireofar an fhaisnéis seo a leanas sa phas táirge digiteach:

(a)

aitheantóir táirge uathúil an bhréagáin;

(b)

ainm agus seoladh an mhonaróra agus, i gcás inarb infheidhme, ainm agus seoladh ionadaí údaraithe an mhonaróra, chomh maith lena aitheantóir oibreora uathúil;

(c)

ainm agus seoladh an oibreora eacnamaíoch atá freagrach as na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/1020 a dhéanamh, chomh maith lena aitheantóir oibreora uathúil;

(d)

ráiteas lena gcuirtear in iúl gur faoi fhreagracht an mhonaróra amháin a eisítear an pas táirge digiteach;

(e)

an ní is ábhar don phas táirge digiteach (sainaithint an bhréagáin lena gceadaítear inrianaitheacht, lena n-áirítear íomhá dhaite a bheidh soiléir a dóthain chun go mbeifear in ann an bréagán a shainaithint);

(f)

i gcás inarb infheidhme, an cód tráchtearra, mar a shainmhínítear i Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87, faoina n-aicmítear an bréagán tráth a chruthaítear an pas táirge digiteach;

(g)

tagairtí do na dlíthe uile de chuid an Aontais a chomhlíonann an bréagán;

(h)

i gcás inarb infheidhme, an lua go gcuirtear an pas táirge digiteach in ionad Dhearbhú Comhréireachta an Aontais i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1689 nó Rialachán (AE) 2024/2847, Treoir 2011/65/AE, Treoir 2014/30/AE, Treoir 2014/35/AE nó Treoir 2014/53/AE nó Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/945;

(i)

tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha a úsáideadh nó tagairtí do na sonraíochtaí coiteanna lena ndearbhaítear comhréireacht;

(j)

i gcás inarb infheidhme, ainm agus uimhir an chomhlachta faoin dtugtar fógra a rinne idirghabháil sa nós imeachta um measúnú comhréireachta agus a d’eisigh deimhniú, chomh maith leis an tagairt don deimhniú;

(k)

an mharcáil CE;

(l)

liosta de na cumhráin ailléirgineacha atá sa bhréagán agus atá faoi réir ceanglais shonracha lipéadaithe a leagtar amach i gCuid B, pointe 1, den Fhoscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn II;

(m)

an cainéal cumarsáide dá bhforáiltear in Airteagal 7(12);

(n)

tagairt an tsoláthraí seirbhíse pas táirge dhigitigh a óstálann an chóip chúltaca den phas táirge digiteach.

Cuid II

D’fhéadfadh an fhaisnéis seo a leanas a bheith san áireamh sa phas táirge digiteach:

(a)

faisnéis sábháilteachta agus rabhaidh;

(b)

treoracha úsáide.


IARSCRÍBHINN VII

LIOSTA DE CHÓID TRÁCHTEARRAÍ AGUS TUAIRISCÍ AR THÁIRGÍ CHUN CRÍOCHA AIRTEAGAL 23(6)

1

ex 3213: Dathanna ealaíontóirí, mac léinn nó péintéirí clár, imireacha chun modhnaithe, dathanna spraoi agus a leithéidí, i dtáibléid, i bhfeadáin, i gcrúscaí, i mbuidéil, i bpannaí nó i bhfoirmeacha nó i bpacáistí dá samhail lena n-úsáid ag leanaí

2

ex 3407: Taois mhúnlóireachta a chuirtear ar fáil le haghaidh siamsaíocht leanaí

3

ex 4903: Leabhair phictiúr, líníochta nó dathúcháin leanaí, seachas leabhair atá beartaithe do leanaí atá níos sine ná 36 mhí

4

ex 61, ex 62: Bréigéidí do leanaí faoi bhun 14 bliana d’aois, gan earraí a aicmítear faoi 6111, 6112, 6115, 6116, 6209, 6211, 6212, 6213, 6216 a áireamh

5

ex 8711 60: Rothair leanaí (ag a bhfuil uas-airde diallaite nach mó ná 435 mm) atá feistithe le mótar cúnta, le mótar leictreach le haghaidh tiomána, nach bhfuil beartaithe le haghaidh taistil ar bhóithre poiblí

ex 8712, ex 8714: Rothair leanaí (le huas-airde diallaite nach mó ná 435 mm), nach bhfuil inneall orthu, agus páirteanna díobh

6

ex 9503: Trírothaigh, scútair, mótair throitheáin agus bréagáin rothaí chosúla; carráistí bábóg; bábóga; bréagáin eile; mionsamhlacha laghdaithe (‘de réir scála’) agus mionsamhlacha áineasa comhchosúla, oibríoch nó neamhoibríoch; puzail ina bhfuil 500 píosa nó níos lú

7

ex 9504 40 00: Cártaí imeartha

ex 9504 90 10: Ráschúrsaí leictreacha do charranna bréige a bhféadfaí cluichí iomaíocha a imirt orthu

ex 9504 90 80: Cluichí eile, cluichí boird nó cluichí parlúis

8

ex 9505 90 00: Earraí carnabhail nó siamsaíochta eile, lena n-áirítear cleasa draíodóireachta agus cleasa iontais lena n-úsáid ag leanaí

9

ex 9506 70 30: Scátaí rollála agus scátaí lannrollála do leanaí nach mó ná 20 kg a mais choirp

10

ex 9506 99 90: Cláir scátála atá beartaithe do leanaí nach mó a mais choirp ná 20 kg

11

ex 9506 99 90: Linnte lapadaíola inséidte do leanaí

12

ex 9506 69 90: Liathróidí eile le haghaidh siamsaíocht leanaí, ar nós ‘liathróidí lámhchleasaíochta’ agus ‘liathróidí frithstruis’ do leanaí

13

ex 9506 99 90: friosbaíonna

14

ex 9603 30: Scuaba ealaíontóirí lena n-úsáid ag leanaí

15

ex 9609: Pionsail (seachas pionsail atá faoi cheannteideal 9608) criáin, luaidheanna pionsail, pastail, gualach líníochta, cailceanna líníochta nó scríbhneoireachta agus cailceanna táilliúra do leanaí

16

ex 9610 00 00: Sclátaí agus cláir, ar a bhfuil dromchlaí scríbhneoireachta nó líníochta, bídís nó ná bídís frámaithe lena n-úsáid ag leanaí agus iad ag súgradh


IARSCRÍBHINN VIII

TÁBLA COMHGHAOIL

Treoir 2009/48/CE

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2, pointe (1)

Airteagal 2, pointe (1)

Airteagal 2, pointe (2)

Airteagal 2, pointe (2)

Airteagal 3, pointe (1)

Airteagal 3, pointe (1)

Airteagal 3, pointe (2)

Airteagal 3, pointe (2)

Airteagal 3, pointe (3)

Airteagal 3, pointe (3)

Airteagal 3, pointe (4)

Airteagal 3, pointe (4)

Airteagal 3, pointe (5)

Airteagal 3, pointe (5)

Airteagal 3, pointe (6)

Airteagal 3, pointe (6)

Airteagal 3, pointe (7)

Airteagal 3, pointe (8)

Airteagal 3, pointe (8)

Airteagal 3, pointe (10)

Airteagal 3, pointe (9)

Airteagal 3, pointe (10)

Airteagal 3, pointe (27)

Airteagal 3, pointe (11)

Airteagal 3, pointe (25)

Airteagal 3, pointe (12)

Airteagal 3, pointe (26)

Airteagal 3, pointe (13)

Airteagal 3, pointe (31)

Airteagal 3, pointe (14)

Airteagal 3, pointe (32)

Airteagal 3, pointe (15)

Airteagal 3, pointe (16)

Airteagal 3, pointe (13)

Airteagal 3, pointe (17)

Airteagal 3, pointe (18)

Airteagal 3, pointe (35)

Airteagal 3, pointe (19)

Airteagal 3, pointe (36)

Airteagal 3, pointe (20)

Airteagal 3, pointe (21)

Airteagal 3, pointe (37)

Airteagal 3, pointe (22)

Airteagal 3, pointe (38)

Airteagal 3, pointe (23)

Airteagal 3, pointe (39)

Airteagal 3, pointe (24)

Airteagal 3, pointe (40)

Airteagal 3, pointe (25)

Airteagal 3, pointe (41)

Airteagal 3, pointe (26)

Airteagal 3, pointe (27)

Airteagal 3, pointe (29)

Airteagal 3, pointe (28)

Airteagal 3(30)

Airteagal 3, pointe (29)

Airteagal 4(1)

Airteagal 7(1)

Airteagal 4(2)

Airteagal 7(2)

Airteagal 4(3)

Airteagal 7(3)

Airteagal 4(4)

Airteagal 7(4)

Airteagal 4(5)

Airteagal 7(5)

Airteagal 4(6)

Airteagal 7(6)

Airteagal 4(7)

Airteagal 7(7)

Airteagal 4(8)

Airteagal 7(9)

Airteagal 4(9)

Airteagal 7(10)

Airteagal 5(1)

Airteagal 8(1)

Airteagal 5(2)

Airteagal 8(2)

Airteagal 5(3)

Airteagal 8(3)

Airteagal 6(1)

Airteagal 9(1)

Airteagal 6(2), an chéad fomhír agus an dara fomhír

Airteagal 9(2)

Airteagal 6(2), an tríú fomhír

Airteagal 9(3)

Airteagal 6(3)

Airteagal 9(4)

Airteagal 6(4)

Airteagal 9(2)(b)

Airteagal 6(5)

Airteagal 9(5)

Airteagal 6(6)

Airteagal 9(6)

Airteagal 6(7)

Airteagal 9(7)

Airteagal 6(8)

Airteagal 9(8)

Airteagal 6(9)

Airteagal 9(9)

Airteagal 7(1)

Airteagal 10(1)

Airteagal 7(2), an chéad fhomhír

Airteagal 10(2)

Airteagal 7(2), an dara fomhír

Airteagal 10(3)

Airteagal 7(3)

Airteagal 10(4)

Airteagal 7(4)

Airteagal 10(5)

Airteagal 7(5)

Airteagal 10(6)

Airteagal 8

Airteagal 12

Airteagal 9

Airteagal 13

Airteagal 10(1)

Airteagal 5(1)

Airteagal 10(2)

Airteagal 5(2)

Airteagal 10(3)

Airteagal 5(3)

Airteagal 11(1), an chéad fhomhír

Airteagal 6(1)

Airteagal 11(1), an dara fomhír

Airteagal 6(2)

Airteagal 11(2)

Airteagal 6(3)

Airteagal 11(3)

Airteagal 12

Airteagal 4(1)

Airteagal 13

Airteagal 15

Airteagal 14

Airteagal 15

Airteagal 16(1)

Airteagal 17, an chéad mhír

Airteagal 16(2)

Airteagal 17, an dara mír

Airteagal 16(3)

Airteagal 16(4)

Airteagal 4(2)

Airteagal 17(1)

Airteagal 18(1)

Airteagal 17(2)

Airteagal 18(2)(3)

Airteagal 18

Airteagal 25

Airteagal 19(1)

Airteagal 26(1)

Airteagal 19(2)

Airteagal 26(2)

Airteagal 19(3)

Airteagal 26(3)

Airteagal 20

Airteagal 21(1)

Airteagal 27(1)

Airteagal 21(2)

Airteagal 27(2)

Airteagal 21(3)

Airteagal 27(3)

Airteagal 21(4)

Airteagal 27(4)

Airteagal 22

Airteagal 28

Airteagal 23(1)

Airteagal 29(1)

Airteagal 23(2)

Airteagal 29(2)

Airteagal 23(3)

Airteagal 29(3)

Airteagal 23(4)

Airteagal 29(4)

Airteagal 24(1)

Airteagal 30(1)

Airteagal 24(2)

Airteagal 30(2)

Airteagal 24(3)

Airteagal 30(3)

Airteagal 24(4)

Airteagal 30(4)

Airteagal 24(5)

Airteagal 30(5)

Airteagal 24(6)

Airteagal 30(6)

Airteagal 25

Airteagal 31

Airteagal 26(1)

Airteagal 32(1)

Airteagal 26(2)

Airteagal 32(2)

Airteagal 26(3)

Airteagal 32(3)

Airteagal 26(4)

Airteagal 32(4)

Airteagal 26(5)

Airteagal 32(5)

Airteagal 26(6)

Airteagal 32(6)

Airteagal 26(7)

Airteagal 32(7)

Airteagal 26(8)

Airteagal 32(8)

Airteagal 26(9)

Airteagal 32(9)

Airteagal 26(10)

Airteagal 32(10)

Airteagal 26(11)

Airteagal 32(11)

Airteagal 27

Airteagal 33

Airteagal 28

Airteagal 29(1)

Airteagal 34(1)

Airteagal 29(2)

Airteagal 34(2)

Airteagal 29(3)

Airteagal 34(4)

Airteagal 29(4)

Airteagal 34(5)

Airteagal 30(1)

Airteagal 35(1)

Airteagal 30(2)

Airteagal 35(2)

Airteagal 30(3)

Airteagal 31(1)

Airteagal 36(1)

Airteagal 31(2)

Airteagal 36(2)

Airteagal 31(3)

Airteagal 36(3)

Airteagal 31(4)

Airteagal 31(5)

Airteagal 36(4)

Airteagal 31(6)

Airteagal 36(5)

Airteagal 32(1)

Airteagal 37(1)

Airteagal 32(2)

Airteagal 37(2)

Airteagal 33(1)

Airteagal 38(1)

Airteagal 33(2)

Airteagal 38(2)

Airteagal 34(1)

Airteagal 39(1)

Airteagal 34(2)

Airteagal 39(2)

Airteagal 34(3)

Airteagal 39(3)

Airteagal 34(4)

Airteagal 39(4)

Airteagal 35(1)

Airteagal 40(1)

Airteagal 35(2)

Airteagal 40(2)

Airteagal 35(3)

Airteagal 40(3)

Airteagal 35(4)

Airteagal 40(4)

Airteagal 35(5)

Airteagal 40(5)

Airteagal 36(1)

Airteagal 42(1)

Airteagal 36(2)

Airteagal 42(2)

Airteagal 37

Airteagal 43

Airteagal 38

Airteagal 44

Airteagal 39

Airteagal 40

Airteagal 41(1)

Airteagal 42(1)

Airteagal 41(2)(3)

Airteagal 42(1)

Airteagal 45(1)

Airteagal 42(2)

Airteagal 45(2)

Airteagal 42(3)

Airteagal 45(3)

Airteagal 42(4)

Airteagal 45(4)

Airteagal 42(5)

Airteagal 45(5)

Airteagal 42(6)

Airteagal 45(6)

Airteagal 42(7)

Airteagal 45(7)

Airteagal 42(8)

Airteagal 45(8)

Airteagal 43(1)

Airteagal 46(1)

Airteagal 43(2)

Airteagal 46(2)

Airteagal 43(3)

Airteagal 46(3)

Airteagal 44

Airteagal 45(1)

Airteagal 47(1)

Airteagal 45(2)

Airteagal 47(2)

Airteagal 46

Airteagal 47(1)

Airteagal 53(1)

Airteagal 47(2)

Airteagal 48

Airteagal 49

Airteagal 54

Airteagal 50

Airteagal 51

Airteagal 55

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II Cuid I

Iarscríbhinn II Cuid I

Iarscríbhinn II, Cuid II

Iarscríbhinn II, Cuid II

Iarscríbhinn II, Cuid III, pointí 1 agus 2

Iarscríbhinn II, Cuid III, pointí 1 agus 2

Iarscríbhinn II, Cuid III, pointe 3

Iarscríbhinn II, Cuid III, pointe 4

Iarscríbhinn II, Cuid III, pointe 4

Iarscríbhinn II, Cuid III, pointe 5

Iarscríbhinn II, Cuid III, pointe 6

Foscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn II, Cuid C

Iarscríbhinn II, Cuid III, pointe 7

Iarscríbhinn II, Cuid III, pointe 8

Foscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn II, Cuid A, pointe 2

Iarscríbhinn II, Cuid III, pointe 9

Airteagal 49(10)

Iarscríbhinn II, Cuid III, pointe 10

Iarscríbhinn II, Cuid III, pointe 12

Iarscríbhinn II, Cuid III, pointe 11

Foscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn II, Cuid A, pointe 4 agus Cuid B, pointe 1

Iarscríbhinn II, Cuid III, pointe 12

Foscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn II, Cuid B, pointe 2

Iarscríbhinn II, Cuid III, pointe 13

Foscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn II, Cuid A, pointe 1

Iarscríbhinn II, Cuid IV

Iarscríbhinn II, Cuid IV

Iarscríbhinn II, Cuid V

Iarscríbhinn II, Cuid V

Iarscríbhinn II, Cuid VI

Iarscríbhinn II, Cuid VI

Foscríbhinn A

Foscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn II, Cuid C

Foscríbhinn B

Foscríbhinn C

Foscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn II, Cuid A, pointe 3

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn IV

Iarscríbhinn V

Iarscríbhinn V

Iarscríbhinn III


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2509/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)