European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2505

12.12.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2505 ÓN gCOIMISIÚN

an 11 Nollaig 2025

maidir le húdarú aigéid ghuainidíonaicéitigh agus ullmhóide arb é atá inti aigéad guainidíonaicéiteach mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh bainbh scoite agus muca lena ramhrú in uisce óil agus le haghaidh turcaithe lena ramhrú agus turcaithe a thógtar le haghaidh pórúcháin i mbeatha agus in uisce óil (sealbhóir an údaraithe: Alzchem Trostberg GmbH), agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2628

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis na forais agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú.

(2)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1768 ón gCoimisiún (2) údaraíodh aigéad guainidíonaicéiteach agus ullmhóid arb é atá inti aigéad guainidíonaicéiteach (‘na breiseáin’) mar bhreiseáin bheathaithe lena n-úsáid i mbeatha le haghaidh sicíní lena ramhrú, bainbh scoite agus muca lena ramhrú.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh isteach dhá iarratas ar údarú úsáidí nua na mbreiseán. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis na hiarratais sin.

(4)

Bhain an chéad iarratas ar dtús le húdarú an dá bhreiseán le haghaidh gach speicis ainmhíoch lena n-úsáid i mbeatha agus in uisce óil, agus iarradh ann go n-aicmeofaí na breiseáin sa chatagóir breiseán ‘breiseáin chothaitheacha’ agus san fheidhmghrúpa ‘aimíonaigéid, a salainn agus analóga’.

(5)

An 6 Bealtaine 2022 tharraing an t-iarratasóir siar an chéad iarratas maidir le húdarú na mbreiseán le haghaidh gach speicis ainmhíoch seachas muca fáis agus speicis éanúla fáis. Sa bhreis air sin, an 23 Eanáir 2023 tharraing an t-iarratasóir siar an t-iarratas sin a bhain le gach speiceas a bhí fágtha seachas sicíní lena ramhrú i gcás na húsáide in uisce, sicíní a thógtar le haghaidh pórúcháin/sicíní breithe i gcás na húsáide i mbeatha agus in uisce, agus bainbh scoite agus muca lena ramhrú i gcás na húsáide in uisce.

(6)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2628 ón gCoimisiún (3) údaraíodh na breiseáin bheathaithe le haghaidh sicíní a thógtar le haghaidh pórúcháin agus sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga i mbeatha agus in uisce óil, agus le haghaidh sicíní lena ramhrú in uisce óil. Dá bhrí sin, ní bhaineann an chéad iarratas ach le húsáid na mbreiseán in uisce óil le haghaidh bainbh scoite agus muca lena ramhrú.

(7)

Tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) ar an gconclúid sa tuairim uaidh an 28 Meán Fómhair 2022 (4) go bhfuil na breiseáin sábháilte ag 1 200 mg d’aigéad guainidíonaicéiteach/kg d’ábhar beatha iomlán nó 600 mg d’aigéad guainidíonaicéiteach/l d’uisce do bhainbh agus muca lena ramhrú, do thomhaltóirí agus don chomhshaol faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe. Ina theannta sin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid nach bhfuil na breiseáin tocsaineach trí ionanálú, nach greannaitheoirí craicinn ná súl iad agus nach íogróirí deirmeacha iad. Luaigh an tÚdarás freisin go bhfuarthas uasleibhéil shábháilte bheartaithe na mbreiseán faoin toimhde go bhfuil méid leordhóthanach deontóirí meitile (seachas meitiainín, e.g. coilín, béitín agus aigéad fólach) agus vitimín B12 sa bheatha féin.

(8)

Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin sna tuairimí uaidh an 28 Meán Fómhair 2022 agus an 18 Márta 2025 (5) go bhféadfadh úsáid na mbreiseán in uisce óil a bheith éifeachtúil chun feabhas a chur ar fheidhmíocht zóiteicniúil banbh scoite agus muc lena ramhrú faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe.

(9)

Dúirt an tÚdarás sna tuairimí uaidh maidir le haigéad guainidíonaicéiteach a glacadh an 27 Eanáir 2016 (6) agus an 28 Meán Fómhair 2022 nár cheart a mheas go mbaineann na breiseáin sin leis an bhfeidhmghrúpa ‘aimíonaigéid, a salainn agus analóga’, toisc go dtiontaítear aigéad guainidíonaicéiteach go créitín amháin, agus nach féidir é a thiontú ar ais ina aimíonaigéad, agus go bhfuil an feidhmghrúpa ‘aimíonaigéid, a salainn agus analóga’ comhdhéanta de shubstaintí a théann isteach i meitibileacht na colainne agus a ghlacann páirt sna conairí sintéise próitéine sa riocht sin.

(10)

Sa tuairim uaidh ón 28 Meán Fómhair 2022, níor mheas an tÚdarás go bhfuil gá le ceanglais shonracha maidir le faireachán iarmhargaidh.

(11)

Baineann an dara hiarratas le húdarú na mbreiseán le haghaidh turcaithe lena ramhrú agus turcaithe a thógtar le haghaidh pórúcháin, go sonrach údarú aigéid ghuainidíonaicéitigh i mbeatha agus in uisce óil agus údarú na hullmhóide arb é atá inti aigéad guainidíonaicéiteach i mbeatha, agus iarrtar ann go n-aicmeofaí na breiseáin sin sa chatagóir breiseán ‘breiseáin zóiteicniúla’ agus san fheidhmghrúpa ‘breiseáin zóiteicniúla eile’.

(12)

Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid sa tuairim uaidh an 18 Márta 2025 (7) go bhfuil na breiseáin sábháilte do thurcaithe lena ramhrú agus turcaithe a thógtar le haghaidh pórúcháin, do thomhaltóirí agus don chomhshaol ag 1 200 mg d’aigéad guainidíonaicéiteach/kg d’ábhar beatha iomlán nó 600 mg d’aigéad guainidíonaicéiteach/l d’uisce, ag glacadh leis go bhfuil méideanna leordhóthanacha deontóirí meitile (seachas meitiainín, e.g. coilín, béitín agus aigéad fólach) agus vitimín B12 sa bheatha. D’athdhearbhaigh sé a chonclúid sna measúnuithe roimhe seo nach bhfuil na breiseáin tocsaineach trí ionanálú, nach greannaitheoirí craicinn ná súl iad agus nach íogróirí deirmeacha iad. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin go bhféadfadh na breiseáin a bheith éifeachtúil i dturcaithe lena ramhrú agus i dturcaithe a thógtar le haghaidh pórúcháin ar íosleibhéal úsáide 600 mg d’aigéad guainidíonaicéiteach/kg d’ábhar beatha iomlán nó 300 mg d’aigéad guainidíonaicéiteach/l d’uisce. Níor mheas sé go bhfuil gá le ceanglais shonracha maidir le faireachán iarmhargaidh.

(13)

Maidir leis na conclúidí agus na moltaí ar ar thángthas sa mheasúnú roimhe seo i ndáil leis na breiseáin chéanna agus a d’fhíoraigh an tÚdarás sa tuairim uaidh an 27 Eanáir 2016, mheas an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 go bhfuil na conclúidí agus na moltaí sin bailí agus infheidhme maidir leis an dá iarratas. I gcomhréir le hAirteagal 5(4), pointe (a), de Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 ón gCoimisiún (8), ní raibh gá le tuarascáil mheastóireachta ón tSaotharlann Tagartha.

(14)

I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún go gcomhlíonann na breiseáin na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na mbreiseán a údarú. Is iomchuí, a mhéid a bhaineann leis an iarratas ar údarú na mbreiseán le haghaidh bainbh scoite agus muca lena ramhrú, na breiseáin sa chatagóir ‘breiseáin zóiteicniúla’ agus san fheidhmghrúpa ‘breiseáin zóiteicniúla eile’ a údarú, agus breithnithe an Údaráis i ndáil le héifeachtaí na mbreiseán sin ar an bhfeidhmíocht zóiteicniúil i mbainbh agus i muca lena ramhrú á gcur san áireamh, mar aon leis an bhfíoras nach gcomhfhreagraíonn siad do na cineálacha táirgí a áirítear san fheidhmghrúpa ‘aimíonaigéid, a salainn agus analóga’. Thairis sin, i ngeall ar údarú aigéid ghuainidíonaicéitigh agus na hullmhóide arb é atá inti aigéad guainidíonaicéiteach lena n-úsáid i mbeatha agus in uisce óil araon, is iomchuí foráil a dhéanamh nach gceadaítear úsáid chomhuaineach na mbreiseán i mbeatha agus in uisce óil, sa chaoi go seachnófar aon riosca go sárófaí na leibhéil shábháilte úsáide le haghaidh na spriocainmhithe.

(15)

Ina theannta sin, ós rud é, de réir na dtuairimí ón Údarás an 27 Eanáir 2016, an 28 Meán Fómhair 2022 agus an 18 Márta 2025, gur i mbeatha go príomha a shuitear tiúchaintí sábháilte éifeachtúil na mbreiseán, agus go n-eachtarshuitear ansin iad maidir le huisce óil, agus gur féidir leis an iontógáil uisce i muca agus in éanlaith chlóis a bheith idir 2 agus 3 oiread na hiontógála beatha (in ábhar tirim) (9), is iomchuí a áirithiú go bhfanfaidh an méid aigéid ghuainidíonaicéitigh a thugtar trí uisce óil laistigh den raon a údaraítear i mbeatha bunaithe ar an bhfíor-iontógáil uisce óil na n-ainmhithe i gcomparáid le fíor-iontógáil beatha na n-ainmhithe.

(16)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2628 a leasú dá réir sin.

(17)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Údarú

An tsubstaint agus an ullmhóid a shonraítear san Iarscríbhinn, ar nithe iad a bhaineann leis an gcatagóir breiseán ‘breiseáin zóiteicniúla.’ agus leis an ngrúpa feidhmiúil ‘breiseáin zóiteicniúla eile’, údaraítear iad mar bhreiseáin i gcothú ainmhithe, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2628

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2628 sa cholún ‘Forálacha eile’ cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ngach ceann de na ceithre thábla:

‘6.

Agus fíor-iontógáil uisce óil na n-ainmhithe i gcomparáid le fíor-iontógáil beatha na n-ainmhithe á cur san áireamh, áiritheofar nach mbeidh an méid aigéid ghuainidíonaicéitigh a thugtar trí uisce óil níos airde ná an méid a bheadh ann dá dtabharfaí é trí bheatha ag uaschion 1 200 mg/kg d’ábhar beatha iomlán.’

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Nollaig 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 268, 18.10.2003, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1768 ón gCoimisiún an 4 Deireadh Fómhair 2016 maidir le húdarú aigéid ghuainidíonaicéitigh agus ullmhóide arb é atá inti aigéad guainidíonaicéiteach mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh sicíní lena ramhrú, bainbh scoite agus muca lena ramhrú (sealbhóir an údaraithe: Alzchem Trostberg GmbH), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 904/2009 ón gCoimisiún. (IO L 270, 5.10.2016, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2016/1768/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2628 ón gCoimisiún an 27 Samhain 2023 maidir le haigéad guainidíonaicéiteach agus ullmhóid d’aigéad guainidíonaicéiteach a údarú mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh sicíní a thógtar le haghaidh pórúcháin agus sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga i mbeatha agus in uisce óil, agus sicíní lena ramhrú in uisce óil (sealbhóir an údaraithe: Alzchem Trostberg GmbH), agus lena gceartaítear agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1768. (IO L, 2023/2628, 28.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2628/oj).

(4)   EFSA Journal [Iris EFSA] 2022;20(5):7269, https://doi.org/10.2903/j.efsa.2022.7269.

(5)   EFSA Journal [Irish EFSA] 2025;23:e9350, https://doi.org/10.2903/j.efsa.2025.9350.

(6)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2016;14(2):4394, https://doi.org/10.2903/j.efsa.2016.4394.

(7)  EFSA Journal [Iris EFSA]. 2025;23:e9349, https://doi.org/10.2903/j.efsa.2025.9349.

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 ón gCoimisiún an 4 Márta 2005 maidir le rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le dualgais agus cúraimí Shaotharlann Tagartha an Chomhphobail maidir le hiarratais ar údaruithe breiseán beathaithe. (IO L 59, 5.3.2005, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2005/378/oj).

(9)  Treoraíocht maidir le haitheantas, tréithriú agus coinníollacha úsáide breiseán beathaithe, EFSA Journal [Iris EFSA] 2017;15(10):5023, https://doi.org/10.2903/j.efsa.2017.5023.


IARSCRÍBHINN

Uimhir aitheantais an bhreiseáin

Ainm shealbhóir an údaraithe

Ainm an bhreiseáin

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse.

Speiceas nó catagóir ainmhíoch

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údarúcháin

mg aigéad guainidíonaicéiteach/l d’uisce óil

Catagóir: Breiseáin zóiteicniúla. Feidhmghrúpa: breiseáin zóiteicniúla eile (feabhas ar pharaiméadair feidhmíochta)

4d372

Alzchem Trostberg GmbH

Aigéad guainidíonaicéiteach

Comhdhéanamh an bhreiseáin:

Aigéad guainidíonaicéiteach 98 % ar bhonn ábhar tirim.

Foirm sholadach

Saintréithriú na substainte gníomhaí:

Aigéad guainidíonaicéiteach arna tháirgeadh trí shintéis cheimiceach

Foirmle cheimiceach: C3H7N3O2

Uimhir CAS: 352-97-6

Íonacht: 98 %

Eisíontais:

uaschion cianaimíde 0,03 %;

uaschion déchiaindé-aimíde 0,5 %.

Modh anailíse  (1):

Maidir le haigéad guainidíonaicéiteach in uisce óil a chinneadh: Crómatagrafaíocht iain cúpláilte le brath ultraivialaite.

Bainbh scoite

Muca lena ramhrú

-

200

600

1.

Sonrófar an cion taise ar lipéadú an bhreiseáin.

2.

Féadfar an breiseán a úsáid trí uisce óil.

3.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na dálaí stórála agus an chobhsaíocht in uisce óil a shonrú.

4.

Nuair a úsáidtear an breiseán, tabharfar aird ar an soláthar le vitimín B12 agus deontóirí meitile seachas meitiainín in aiste bia an ainmhí.

5.

Ní cheadaítear úsáid chomhuaineach an bhreiseáin seo in uisce óil agus i mbeatha.

6.

Agus fíor-iontógáil uisce óil na n-ainmhithe i gcomparáid le fíor-iontógáil beatha na n-ainmhithe á cur san áireamh, áiritheofar nach mbeidh an méid aigéid ghuainidíonaicéitigh a thugtar trí uisce óil níos ísle ná an méid a bheadh ann dá dtabharfaí é trí bheatha ag íoschion 600 mg/kg d’ábhar beatha iomlán ná níos airde ná an méid a bheadh ann dá dtabharfaí é trí bheatha ag uaschion 1 200  mg/kg d’ábhar beatha iomlán.

1 Eanáir 2036


Uimhir aitheantais an bhreiseáin

Ainm shealbhóir an údaraithe

Ainm an bhreiseáin

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse.

Speiceas nó catagóir ainmhíoch

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údarúcháin

mg aigéad guainidíonaicéiteach/l d’uisce óil

Catagóir: Breiseáin zóiteicniúla. Feidhmghrúpa: breiseáin zóiteicniúla eile (feabhas ar pharaiméadair feidhmíochta)

4d372i

Alzchem Trostberg GmbH

Aigéad guainidíonaicéiteach

Comhdhéanamh an bhreiseáin:

Ullmhóid ina bhfuil íoschion 96 % d’aigéad guainidíonaicéiteach.

Foirm sholadach

Saintréithriú na substainte gníomhaí:

Aigéad guainidíonaicéiteach arna tháirgeadh trí shintéis cheimiceach

Foirmle cheimiceach: C3H7N3O2

Uimhir CAS: 352-97-6

Íonacht: 98 %

Eisíontais:

uaschion cianaimíde 0,03 %;

uaschion déchiaindé-aimíde 0,5 %.

Modh anailíse  (2):

Maidir le haigéad guainidíonaicéiteach in uisce óil a chinneadh: Crómatagrafaíocht iain cúpláilte le brath ultraivialaite.

Bainbh scoite

Muca lena ramhrú

-

200

600

1.

Sonrófar an cion taise ar lipéadú an bhreiseáin.

2.

Féadfar an breiseán a úsáid trí uisce óil.

3.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na dálaí stórála agus an chobhsaíocht in uisce óil a shonrú.

4.

Nuair a úsáidtear an breiseán, tabharfar aird ar an soláthar le vitimín B12 agus deontóirí meitile seachas meitiainín in aiste bia an ainmhí.

5.

Ní cheadaítear úsáid chomhuaineach an bhreiseáin seo in uisce óil agus i mbeatha.

6.

Agus fíor-iontógáil uisce óil na n-ainmhithe i gcomparáid le fíor-iontógáil beatha na n-ainmhithe á cur san áireamh, áiritheofar nach mbeidh an méid aigéid ghuainidíonaicéitigh a thugtar trí uisce óil níos ísle ná an méid a bheadh ann dá dtabharfaí é trí bheatha ag íoschion 600 mg/kg d’ábhar beatha iomlán ná níos airde ná an méid a bheadh ann dá dtabharfaí é trí bheatha ag uaschion 1 200  mg/kg d’ábhar beatha iomlán.

1 Eanáir 2036


Uimhir aitheantais an bhreiseáin

Ainm shealbhóir an údaraithe

Ainm an bhreiseáin

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse.

Speiceas nó catagóir ainmhíoch

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údarúcháin

mg aigéad guainidíonaicéiteach/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %

mg aigéad guainidíonaicéiteach/l d’uisce óil

Catagóir: Breiseáin zóiteicniúla. Feidhmghrúpa: breiseáin zóiteicniúla eile (feabhas ar pharaiméadair feidhmíochta)

4d372

Alzchem Trostberg GmbH

Aigéad guainidíonaicéiteach

Comhdhéanamh an bhreiseáin:

Aigéad guainidíonaicéiteach 98 % ar bhonn ábhar tirim.

Foirm sholadach

Saintréithriú na substainte gníomhaí:

Aigéad guainidíonaicéiteach arna tháirgeadh trí shintéis cheimiceach

Foirmle cheimiceach: C3H7N3O2

Uimhir CAS: 352-97-6

Íonacht: 98 %

Eisíontais:

uaschion cianaimíde 0,03 %;

uaschion déchiaindé-aimíde 0,5 %.

Modh anailíse  (3):

Maidir le haigéad guainidíonaicéiteach sa bhreiseán beathaithe, sna réamh-mheascáin, sa bheatha chumaisc agus in uisce óil a chinneadh: Crómatagrafaíocht iain cúpláilte le brath ultraivialaite.

Turcaithe lena ramhrú

Turcaithe a thógtar le haghaidh pórúcháin

-

600

1 200

300

600

1.

Sonrófar an cion taise ar lipéadú an bhreiseáin.

2.

Féadfar an breiseán a úsáid trí uisce óil.

3.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na dálaí stórála, an chobhsaíocht i leith cóireáil teasa agus an chobhsaíocht in uisce óil a shonrú.

4.

Nuair a úsáidtear an breiseán, tabharfar aird ar an soláthar le vitimín B12 agus deontóirí meitile seachas meitiainín in aiste bia an ainmhí.

5.

Ní cheadaítear úsáid chomhuaineach an bhreiseáin seo in uisce óil agus i mbeatha.

6.

Agus fíor-iontógáil uisce óil na n-ainmhithe i gcomparáid le fíor-iontógáil beatha na n-ainmhithe á cur san áireamh, áiritheofar nach mbeidh an méid aigéid ghuainidíonaicéitigh a thugtar trí uisce óil níos airde ná an méid a bheadh ann dá dtabharfaí é trí bheatha ag uaschion 1 200  mg/kg d’ábhar beatha iomlán.

1 Eanáir 2036


Uimhir aitheantais an bhreiseáin

Ainm shealbhóir an údaraithe

Ainm an bhreiseáin

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse.

Speiceas nó catagóir ainmhíoch

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údarúcháin

mg aigéad guainidíonaicéiteach/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %

Catagóir: Breiseáin zóiteicniúla. Feidhmghrúpa: breiseáin zóiteicniúla eile (feabhas ar pharaiméadair feidhmíochta)

4d372i

Alzchem Trostberg GmbH

Aigéad guainidíonaicéiteach

Comhdhéanamh an bhreiseáin:

Ullmhóid ina bhfuil íoschion 96 % d’aigéad guainidíonaicéiteach.

Foirm sholadach

Saintréithriú na substainte gníomhaí:

Aigéad guainidíonaicéiteach arna tháirgeadh trí shintéis cheimiceach

Foirmle cheimiceach: C3H7N3O2

Uimhir CAS: 352-97-6

Íonacht: 98 %

Eisíontais:

uaschion cianaimíde 0,03 %;

uaschion déchiaindé-aimíde 0,5 %.

Modh anailíse  (4):

Maidir le haigéad guainidíonaicéiteach sa bhreiseán beathaithe, sna réamh-mheascáin agus sa bheatha chumaisc a chinneadh: Crómatagrafaíocht iain cúpláilte le brath ultraivialaite.

Turcaithe lena ramhrú

Turcaithe a thógtar le haghaidh pórúcháin

-

600

1 200

1.

Sonrófar an cion taise ar lipéadú an bhreiseáin.

2.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na dálaí stórála agus an chobhsaíocht i leith cóireáil teasa a shonrú.

3.

Nuair a úsáidtear an breiseán, tabharfar aird ar an soláthar le vitimín B12 agus deontóirí meitile seachas meitiainín in aiste bia an ainmhí.

1 Eanáir 2036


(1)  Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ar shuíomh na Saotharlainne Tagartha ag an seoladh seo a leanas: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_en

(2)  Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ar shuíomh na Saotharlainne Tagartha ag an seoladh seo a leanas: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_en

(3)  Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ar shuíomh na Saotharlainne Tagartha ag an seoladh seo a leanas: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_en

(4)  Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ar shuíomh na Saotharlainne Tagartha ag an seoladh seo a leanas: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_en


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2505/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)