European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2504

9.12.2025

CINNEADH (AE) 2025/2504 ÓN gCOMHAIRLE

an 27 Samhain 2025

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 24ú Cruinniú de na Páirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht agus Réigiún Cósta na Meánmhara agus sna Prótacail a ghabhann leis a mhéid a bhaineann le leasuithe a ghlacadh ar Iarscríbhinní II agus III a ghabhann lena Phrótacal maidir le Limistéir atá faoi Chosaint Speisialta agus maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch sa Mheánmhuir

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EOPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An Coinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht agus Réigiún Cósta na Meánmhara (‘Coinbhinsiún Barcelona’), thug an tAontas i gcrích é le Cinneadh 77/585/CEE ón gComhairle (1) agus tháinig sé i bhfeidhm an 12 Feabhra 1978.

(2)

Thug an tAontas an Prótacal maidir le Limistéir atá faoi Chosaint Speisialta agus maidir le hÉagsúlacht Bhitheolaíoch sa Mheánmhuir i gcrích le Cinneadh 1999/800/CE ón gComhairle (2) agus tháinig sé i bhfeidhm an 12 Nollaig 1999.

(3)

De bhun Airteagal 18(2), pointe (iii), de Choinbhinsiún Barcelona, féadfaidh Cruinniú na bPáirtithe Conarthacha i gCoinbhinsiún Barcelona agus sna Prótacail a ghabhann leis (‘Cruinniú na bPáirtithe Conarthacha’) leasuithe a ghlacadh ar na hiarscríbhinní a ghabhann leis na Prótacail sin.

(4)

Táthar le leasuithe ar Iarscríbhinní II agus III a ghabhann leis an bPrótacal maidir le Limistéir atá faoi Chosaint Speisialta agus maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch sa Mheánmhuir a ghlacadh ag an 24ú Cruinniú de na Páirtithe Conarthacha.

(5)

Is iomchuí, dá bhrí sin, an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 24ú Cruinniú de na Páirtithe Conarthacha a bhunú, ós rud é go mbeidh na leasuithe ar Iarscríbhinní II agus III a ghabhann leis an bPrótacal maidir le Limistéir atá faoi Chosaint Speisialta agus maidir le hÉagsúlacht Bhitheolaíoch ina gceangal ar an Aontas.

(6)

Ós rud é go dtabharfar cothrom le dáta ceanglais maidir le cosaint na Meánmhara, go ndéanfar difear do ghealltanais idirnáisiúnta áirithe an Aontais agus go bhfeabhsófar cosaint an chomhshaoil leis na leasuithe atá beartaithe ar Iarscríbhinní II agus III a ghabhann leis an bPrótacal maidir le Limistéir atá faoi Chosaint Speisialta agus maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch sa Mheánmhuir, ba cheart don Aontas tacú le glacadh na leasuithe.

(7)

Maidir leis an gCinneadh seo, ina leagtar amach an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais, baineann sé le hábhair a thagann faoi inniúlacht an Aontais a mhéid a d’fhéadfaidís difear a dhéanamh do rialacha comhchoiteanna dhlí an Aontais nó a raon feidhme a athrú. I réimse na n-inniúlachtaí comhroinnte, coinníonn na Ballstáit a n-inniúlacht a mhéid nach ndéantar difear do rialacha comhchoiteanna dhlí an Aontais le Coinbhinsiún Barcelona ná nach n-athraítear a raon feidhme leis,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 24ú Cruinniú de na Páirtithe Conarthacha i gCoinbhinsiún Barcelona agus sna Prótacail a ghabhann leis tacú le glacadh na leasuithe ar Iarscríbhinní II agus III a ghabhann leis an bPrótacal maidir le Limistéir atá faoi Chosaint Speisialta agus maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch sa Mheánmhuir.

Airteagal 2

Féadfaidh ionadaithe an Aontais mionathruithe teicniúla ar an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1 a chomhaontú, i gcomhairle leis na Ballstáit, le linn cruinnithe comhordaithe ar an láthair, gan cinneadh eile ón gComhairle.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Samhain 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. TESFAYE


(1)  Cinneadh 77/585/CEE ón gComhairle an 25 Iúil 1977 lenar tugadh i gcrích an Coinbhinsiún chun an Mheánmhuir a chosaint ar thruailliú agus an Prótacal maidir le truailliú na Meánmhara trí dhumpáil ó longa agus aerárthaí a chosc (IO L 240, 19.9.1977, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/1977/585/oj).

(2)  Cinneadh 1999/800/CE ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 1999 i ndáil le tabhairt i gcrích an Phrótacail maidir le Limistéir atá faoi Chosaint Speisialta agus maidir le hÉagsúlacht Bhitheolaíoch sa Mheánmhuir, agus i ndáil le glacadh leis na hiarscríbhinní a ghabhann leis an bPrótacal sin (Coinbhinsiún Barcelona) (IO L 322, 14.12.1999, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/1999/800/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2504/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)