|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2492 |
9.12.2025 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2492 ÓN gCOIMISIÚN
an 4 Nollaig 2025
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1160 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar sa Bhulgáir
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 8530)
(Is é an téacs Bulgáirise amháin atá barántúil)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 259(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is galar víreasach tógálach é an bholgach caorach agus an bholgach gabhar a bhíonn ar ainmhithe den chineál caorach nó den chineál gabhair agus d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar an daonra ainmhithe lena mbaineann agus ar bhrabúsacht na feirmeoireachta, rud a chuirfeadh isteach ar ghluaiseacht choinsíneachtaí na n-ainmhithe sin agus a dtáirgí laistigh den Aontas agus ar onnmhairí go tríú tíortha. I gcás ráig den bholgach caorach agus den bholgach gabhar in ainmhithe den chineál gabhair nó den chineál caorach, tá riosca tromchúiseach ann go leathfadh an galar sin go bunaíochtaí eile ina gcoimeádtar na hainmhithe sin. |
|
(2) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún (2) forlíontar na rialacha maidir le rialú na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2016/429, agus a shainmhínítear mar ghalair de chatagóirí A, B agus C i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (3). Go háirithe, déantar foráil le hAirteagail 21 agus 22 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 maidir le crios srianta a bhunú i gcás ráig de ghalar de chatagóir A, lena n-áirítear an bholgach caorach agus an bholgach gabhar, agus maidir le bearta áirithe a bheidh le cur i bhfeidhm ann. Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 21(1) den Rialachán Tarmligthe sin go gcuimseoidh an crios srianta crios cosanta, crios faireachais, agus, más gá, crios srianta breise timpeall na gcriosanna cosanta agus faireachais nó cóngarach dóibh. |
|
(3) |
Glacadh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1160 ón gCoimisiún (4) tar éis ráigeanna den bholgach caorach agus den bholgach gabhar sa Bhulgáir, agus leagtar síos leis bearta éigeandála atá le déanamh ag an mBallstát sin. Go sonrach, déantar foráil le hAirteagal 1 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1160 maidir leis na criosanna cosanta, na criosanna faireachais agus na criosanna srianta breise atá le bunú ag an mBulgáir, i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, go gcuimseoidh na criosanna sin ar a laghad na limistéir a liostaítear i gcodanna A agus B d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin. Foráiltear leis freisin go bhfuil na bearta éigeandála is gá a chur i bhfeidhm sna criosanna cosanta, faireachais agus srianta breise sin le cur i bhfeidhm ar a laghad go dtí na dátaí a liostaítear i gCodanna A agus B den Iarscríbhinn sin. |
|
(4) |
Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 2, pointe (a) de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1160 go bhfuil an Bhulgáir le toirmeasc a chur ar ghluaiseachtaí ainmhithe den speiceas caorach agus den speiceas gabhair ó na criosanna cosanta agus faireachais chuig ceann scríbe atá suite lasmuigh d’imlíne sheachtrach an chreasa shrianta bhreise atá díreach timpeall air, agus ó chrios srianta breise chuig ceann scríbe atá suite lasmuigh d’imlíne sheachtrach an chreasa shrianta bhreise sin, lena n-áirítear cinn scríbe atá suite i gcrios srianta breise eile, mar a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin, go dtí na dátaí a liostaítear maidir le gach crios cosanta, faireachais agus srianta breise den sórt sin san Iarscríbhinn sin. |
|
(5) |
Thairis sin, le hAirteagal 2, pointe (b), de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1160 foráiltear go bhfuil an Bhulgáir le toirmeasc a chur ar gluaiseachtaí ainmhithe den speiceas caorach agus den speiceas gabhair ó na codanna sin de chríoch an Bhallstáit sin nach liostaítear in Iarscríbhinn I chuig ceann scríbe atá suite laistigh d’imlíne sheachtrach creasa shrianta breise, go dtí go mbeidh deireadh curtha le gach crios cosanta laistigh den imlíne sheachtrach sin i gcomhréir leis na dátaí a leagtar amach san Iarscríbhinn sin. |
|
(6) |
I gcomhréir le hAirteagal 23 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, d’iarr an Bhulgáir ar an gCoimisiún an fhéidearthacht maolú ar Airteagal 2, pointe (b), de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1160, chun gluaiseacht ainmhithe den chineál gabhair agus den chineál caorach ó chodanna de chríoch na Bulgáire nach liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1160 a údarú chuig seamlas atá suite laistigh d’imlíne sheachtrach creasa shrianta breise sa Bhulgáir lena marú láithreach. |
|
(7) |
Ceanglaítear ar an mBulgáir measúnú riosca críochnúil a dhéanamh sula n-údarófar aon ghluaiseacht ainmhithe den chineál gabhair agus den chineál caorach chuig crios srianta breise. Áirithítear leis an measúnú sin nach n-aistrítear ach ainmhithe a chomhlíonann dianchritéir, agus go gcuirtear bearta coisctheacha agus rialaithe iomchuí i bhfeidhm. Dá bhrí sin, maidir le gluaiseacht ainmhithe den chineál gabhair agus den chineál caorach ó chodanna de chríoch na Bulgáire nach liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1160 chuig seamlas atá suite laistigh d’imlíne sheachtrach creasa shrianta breise sa Bhulgáir lena marú láithreach, cruthaíonn sí riosca diomaibhseach i ndáil le leathadh na bolgaí caorach agus na bolgaí gabhar. |
|
(8) |
Dá bhrí sin, ba cheart d’údarás inniúil na Bulgáire a bheith in ann gluaiseachtaí ainmhithe den chineál caorach agus den chineál gabhair lena marú láithreach a údarú ó na codanna de chríoch na Bulgáire nach liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1160 chuig seamlas atá suite laistigh d’imlíne sheachtrach creasa shrianta breise. Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 2 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1160 a leasú dá réir sin. |
|
(9) |
An fheoil úr agus na táirgí feola a fhaightear ó ainmhithe den chineál gabhair agus den chineál caorach a choimeádtar i limistéir lasmuigh de chrios srianta breise agus a mharaítear i gcrios srianta breise, ní aistreofar iad ach amháin laistigh de chríoch na Bulgáire. |
|
(10) |
Thairis sin, foráiltear le hAirteagal 3 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1160 gur cheart don Bhulgáir na bearta is infheidhme a chur i bhfeidhm maidir le criosanna srianta breise, dá bhforáiltear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, sna limistéir a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin, agus i gcomhréir leis na dátaí a leagtar amach san Iarscríbhinn sin. Leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin freisin, maidir le gluaiseachtaí ainmhithe den speiceas caorach agus den speiceas gabhair ó na limistéir a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis chuig aon cheann scríbe atá suite lasmuigh d’imlíne sheachtrach na limistéar, toirmisctear na gluaiseachtaí sin go dtí na dátaí a leagtar amach san Iarscríbhinn sin. |
|
(11) |
Ó rinneadh an leasú deireanach ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1160 (5), tá fógra tugtha ag an mBulgáir don Choimisiún faoi aon ráig amháin bhreise den bholgach caorach agus den bholgach gabhar, idir an 11 agus an 18 Samhain 2025 i mbunaíocht ina raibh ainmhithe den chineál caorach ar coimeád agus atá suite i réigiúin Plovdiv. |
|
(12) |
Agus an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair a mhéid a bhaineann leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar sa Bhulgáir á cur san áireamh, tá riosca ard ann maidir le leathadh breise an ghalair sin, go háirithe ós rud é, de réir na faisnéise a chuir an Ballstát sin ar fáil, gur tháinig ráig nua chun cinn i réigiún atá buailte ag an ngalar cheana, rud a thugann le fios go bhfuil an galar fós ag scaipeadh lasmuigh de na criosanna srianta atá ann cheana. |
|
(13) |
Dá bhrí sin, na criosanna srianta, lena gcuimsítear criosanna cosanta, criosanna faireachais agus criosanna srianta breise le haghaidh na Bulgáire, a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1160, ba cheart iad a choigeartú, ó thaobh spáis de agus ó thaobh ama de, chun leathadh breise an ghalair i gcríoch na Bulgáire agus chuig an gcuid eile den Aontas a chosc. Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1160 a leasú dá réir. |
|
(14) |
Tá méid na gcriosanna cosanta, na gcriosanna faireachais agus na gcriosanna srianta breise agus fad na mbeart atá le cur i bhfeidhm laistigh de na criosanna sin bunaithe ar na critéir a leagtar síos in Airteagal 64(1) de Rialachán (AE) 2016/429 agus ar na rialacha a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 freisin. I measc na gcritéar a chuirtear i bhfeidhm maidir le rogha mhéid na gcriosanna cosanta, faireachais agus srianta breise, chomh maith le fad na mbeart atá le cur i bhfeidhm laistigh de na criosanna sin, tá breithniú ar an staid eipidéimeolaíoch a mhéid a bhaineann leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar sna limistéir atá buailte ag an ngalar sin, agus ní hamháin sin ach ar staid eipidéimeolaíoch fhoriomlán na bolgaí caorach agus na bolgaí gabhar ar chríoch iomlán na Bulgáire, agus ar an leibhéal riosca atá ann maidir le leathadh breise an ghalair. Tá caighdeáin idirnáisiúnta an Chóid um Shláinte na nAinmhithe Talún ón Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe (6) curtha san áireamh freisin agus fad na mbeart á chinneadh. |
|
(15) |
I bhfianaise phráinn na staide eipidéimeolaíche san Aontas a mhéid a bhaineann le leathadh na bolgaí caorach agus na bolgaí gabhar agus i bhfianaise an ghá cosc a chur ar leathadh an ghalair sin ó na bunaíochtaí atá buailte sa Bhulgáir go codanna eile den Bhallstát sin agus go Ballstáit eile, ba cheart go dtiocfaidh na leasuithe atá le déanamh ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1160 leis an gCinneadh seo i bhfeidhm a luaithe is féidir. |
|
(16) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1160 mar a leanas:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1160 mar a leanas:
|
1. |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2: ‘Airteagal 2 (1) Cuirfidh an Bhulgáir toirmeasc, go dtí na dátaí a leagtar amach le haghaidh na gcriosanna cosanta, na gcriosanna faireachais nó na gcriosanna srianta breise faoi seach in Iarscríbhinn I, ar an méid seo a leanas:
(2) Cuirfidh an Bhulgáir toirmeasc freisin, go dtí deireadh na tréimhse inar gá criosanna cosanta a bhunú laistigh d’imlíne sheachtrach creasa shrianta breise, ar ghluaiseachtaí caorach agus gabhar ó na codanna sin de chríoch na Bulgáire nach liostaítear mar chrios cosanta, faireachais ná srianta breise in Iarscríbhinn I chuig ceann scríbe atá suite laistigh d’imlíne sheachtrach an chreasa shrianta breise sin. Féadfaidh údarás inniúil na Bulgáire gluaiseachtaí caorach agus gabhar a údarú go heisceachtúil ó na codanna sin de chríoch na Bulgáire nach liostaítear in Iarscríbhinn I chuig seamlas atá suite laistigh d’imlíne sheachtrach creasa shrianta breise sa Bhulgáir, ar choinníoll go ndéanfar an méid seo a leanas:
(3) Cuirfidh an Bhulgáir toirmeasc freisin ar ghluaiseachtaí caorach agus gabhar ó aon chuid dá críoch chuig ceann scríbe atá suite lasmuigh den Bhulgáir go dtí an 31 Márta 2026.’ |
|
2. |
In Airteagal 3, cuirtear an mhír seo a leanas isteach: ‘Feoil úr agus táirgí feola a fhaightear ó chaoirigh agus ó ghabhair a mharaítear i gcrios srianta breise tar éis údarú eisceachtúil de bhun an dara mír d’Airteagal 2(2), ní fhéadfar an fheoil agus na táirgí sin a aistriú ná a chur ar an margadh ach amháin laistigh de chríoch na Bulgáire.’ |
|
3. |
Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad Iarscríbhinní I agus II. |
Airteagal 2
Is chuig Poblacht na Bulgáire a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Nollaig 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
Olivér VÁRHELYI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/687/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe coiscthe agus rialaithe galar a chur i bhfeidhm i leith catagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a bhfuil riosca suntasach ag gabháil leo maidir le leathadh na ngalar liostaithe sin (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/1882/oj).
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1160 ón gCoimisiún an 5 Meitheamh 2025 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar sa Bhulgáir agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/948 (IO L, 2025/1160, 10.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1160/oj).
(5) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2372 ón gCoimisiún an 20 Samhain 2025 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1160 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar sa Bhulgáir (IO L, 2025/2372, 25.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/2372/oj).
(6) https://www.woah.org/en/what-we-do/standards/codes-and-manuals/terrestrial-code-online-access/.
IARSCRÍBHINN
‘IARSCRÍBHINN I
Cuid A: Criosanna cosanta agus faireachais a bhunaítear timpeall ar na ráigeanna deimhnithe
|
Réigiún agus uimhir thagartha ADIS na ráige |
Limistéir a bhunaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais, cuid den chrios srianta sa Bhulgáir dá dtagraítear in Airteagal 1 |
An dáta a bheidh siad infheidhme go dtí |
|
Region of Plovdiv BG-CAPRIPOX-2025-00008 BG-CAPRIPOX-2025-00009 BG-CAPRIPOX-2025-00010 BG-CAPRIPOX-2025-00011 BG-CAPRIPOX-2025-00012 BG-CAPRIPOX-2025-00013 BG-CAPRIPOX-2025-00014 BG-CAPRIPOX-2025-00015 BG-CAPRIPOX-2025-00016 BG-CAPRIPOX-2025-00017 BG-CAPRIPOX-2025-00018 BG-CAPRIPOX-2025-00021 BG-CAPRIPOX-2025-00022 BG-CAPRIPOX-2025-00023 BG-CAPRIPOX-2025-00024 BG-CAPRIPOX-2025-00025 BG-CAPRIPOX-2025-00026 BG-CAPRIPOX-2025-00027 BG-CAPRIPOX-2025-00028 BG-CAPRIPOX-2025-00029 BG-CAPRIPOX-2025-00030 BG-CAPRIPOX-2025-00031 BG-CAPRIPOX-2025-00032 BG-CAPRIPOX-2025-00033 BG-CAPRIPOX-2025-00034 BG-CAPRIPOX-2025-00035 BG-CAPRIPOX-2025-00036 BG-CAPRIPOX-2025-00039 BG-CAPRIPOX-2025-00040 BG-CAPRIPOX-2025-00041 BG-CAPRIPOX-2025-00042 BG-CAPRIPOX-2025-00043 BG-CAPRIPOX-2025-00044 BG-CAPRIPOX-2025-00045 BG-CAPRIPOX-2025-00046 BG-CAPRIPOX-2025-00047 BG-CAPRIPOX-2025-00048 BG-CAPRIPOX-2025-00049 BG-CAPRIPOX-2025-00050 BG-CAPRIPOX-2025-00051 BG-CAPRIPOX-2025-00052 BG-CAPRIPOX-2025-00053 BG-CAPRIPOX-2025-00054 BG-CAPRIPOX-2025-00055 BG-CAPRIPOX-2025-00056 BG-CAPRIPOX-2025-00057 BG-CAPRIPOX-2025-00058 BG-CAPRIPOX-2025-00059 BG-CAPRIPOX-2025-00060 BG-CAPRIPOX-2025-00061 BG-CAPRIPOX-2025-00062 BG-CAPRIPOX-2025-00063 BG-CAPRIPOX-2025-00064 BG-CAPRIPOX-2025-00065 BG-CAPRIPOX-2025-00067 BG-CAPRIPOX-2025-00068 BG-CAPRIPOX-2025-00069 BG-CAPRIPOX-2025-00070 BG-CAPRIPOX-2025-00071 BG-CAPRIPOX-2025-00072 BG-CAPRIPOX-2025-00073 BG-CAPRIPOX-2025-00074 BG-CAPRIPOX-2025-00075 BG-CAPRIPOX-2025-00076 BG-CAPRIPOX-2025-00077 BG-CAPRIPOX-2025-00078 BG-CAPRIPOX-2025-00079 BG-CAPRIPOX-2025-00080 BG-CAPRIPOX-2025-00081 BG-CAPRIPOX-2025-00082 BG-CAPRIPOX-2025-00083 BG-CAPRIPOX-2025-00084 BG-CAPRIPOX-2025-00085 BG-CAPRIPOX-2025-00086 BG-CAPRIPOX-2025-00087 BG-CAPRIPOX-2025-00088 BG-CAPRIPOX-2025-00089 BG-CAPRIPOX-2025-00090 BG-CAPRIPOX-2025-00091 BG-CAPRIPOX-2025-00092 BG-CAPRIPOX-2025-00093 BG-CAPRIPOX-2025-00094 BG-CAPRIPOX-2025-00095 BG-CAPRIPOX-2025-00096 BG-CAPRIPOX-2025-00097 BG-CAPRIPOX-2025-00098 BG-CAPRIPOX-2025-00099 BG-CAPRIPOX-2025-00102 BG-CAPRIPOX-2025-00103 BG-CAPRIPOX-2025-00104 BG-CAPRIPOX-2025-00105 BG-CAPRIPOX-2025-00106 BG-CAPRIPOX-2025-00107 BG-CAPRIPOX-2025-00108 BG-CAPRIPOX-2025-00110 BG-CAPRIPOX-2025-00111 BG-CAPRIPOX-2025-00113 BG-CAPRIPOX-2025-00114 BG-CAPRIPOX-2025-00115 BG-CAPRIPOX-2025-00118 BG-CAPRIPOX-2025-00119 BG-CAPRIPOX-2025-00120 BG-CAPRIPOX-2025-00121 BG-CAPRIPOX-2025-00122 BG-CAPRIPOX-2025-00124 BG-CAPRIPOX-2025-00127 BG-CAPRIPOX-2025-00129 BG-CAPRIPOX-2025-00130 BG-CAPRIPOX-2025-00131 BG-CAPRIPOX-2025-00133 BG-CAPRIPOX-2025-00134 BG-CAPRIPOX-2025-00135 BG-CAPRIPOX-2025-00136 BG-CAPRIPOX-2025-00137 BG-CAPRIPOX-2025-00138 BG-CAPRIPOX-2025-00140 BG-CAPRIPOX-2025-00142 BG-CAPRIPOX-2025-00143 BG-CAPRIPOX-2025-00144 BG-CAPRIPOX-2025-00149 BG-CAPRIPOX-2025-00150 BG-CAPRIPOX-2025-00151 BG-CAPRIPOX-2025-00152 BG-CAPRIPOX-2025-00153 BG-CAPRIPOX-2025-00154 BG-CAPRIPOX-2025-00155 BG-CAPRIPOX-2025-00159 BG-CAPRIPOX-2025-00161 BG-CAPRIPOX-2025-00162 BG-CAPRIPOX-2025-00163 BG-CAPRIPOX-2025-00166 BG-CAPRIPOX-2025-00167 BG-CAPRIPOX-2025-00168 BG-CAPRIPOX-2025-00169 BG-CAPRIPOX-2025-00171 BG-CAPRIPOX-2025-00179 BG-CAPRIPOX-2025-00182 BG-CAPRIPOX-2025-00183 BG-CAPRIPOX-2025-00185 BG-CAPRIPOX-2025-00188 BG-CAPRIPOX-2025-00190 BG-CAPRIPOX-2025-00191BG-CAPRIPOX-2025-00192 BG-CAPRIPOX-2025-00193 |
Protection zone: Those parts of the regions of Plovdiv, Haskovo, and Stara Zagora contained within a circle of a radius of 5 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat.42.1944, Long. 24.8528 (2025/8), Lat. 42.1823, Long. 24.8337 (2025/9), Lat. 42.1889, Long. 24.8137 (2025/10), Lat. 42.1862, Long. 24.8316 (2025/11), Lat. 42.1856, Long. 24.8456 (2025/12), Lat. 42.2312, Long. 24.9357 (2025/13), Lat. 42.2308, Long. 24.9368 (2025/14), Lat. 42.18222, Long. 24.86694 (2025/15), Lat. 42.1873, Long. 24.8456 (2025/16), Lat. 42.19416, Long. 24.78666 (2025/17), Lat. 42.06, Long. 25.1658 (2025/18) Lat. 42.19416, Long. 24.78666 (2025/17), Lat. 42.23, Long. 24.9391 (2025/21), Lat. 42.231703, Long. 24.938912 (2025/22), Lat. 42.2306, Long. 24.9369 (2025/23), Lat. 42.2319, Long. 24.9362 (2025/24), Lat. 42.19416, Long. 24.78666 (2025/25), Lat. 42.2051, Long. 24.87314 (2025/26), Lat. 42.2069, Long. 24.78666 (2025/27), Lat. 42.233, Long. 24.9405 (2025/28), Lat. 42.2316, Long. 24.94214 (2025/29), Lat. 42.2602, Long. 24.8751 (2025/30), Lat. 42.20922, Long. 24.95578 (2025/31), Lat. 42.2089, Long. 24.9508 (2025/32), Lat. 42.2092, Long. 24.9525 (2025/33), Lat. 42.1886, Long. 24.9265 (2025/34), Lat. 42.1886, Long. 24.9265 (2025/35), Lat. 42.1925, Long. 24.9329 (2025/36), Lat. 42.6871, Long. 25.3287 (2025/37), Lat. 42.6871, Long. 25.3287 (2025/38), Lat. 42.200845, Long. 24.790453 (2025/39), Lat. 42.2463, Long. 24.7957 (2025/40), Lat. 42.202878, Long 24.690226 (2025/41), Lat. 42.2829, Long. 24.9637 (2025/42), Lat. 42.2363, Long. 24.8297 (2025/43), Lat. 42.1872, Long. 24.9242 (2025/44), Lat. 42.2308, Long 25.0438 (2025/45), Lat. 42.2401, Long. 25.0556 (2025/46), Lat. 42.2037, Long. 25.0513 (2025/47), Lat. 42.1959, Long. 25.0566 (2025/48), Lat. 42.2977, Long. 24.9179 (2025/49), Lat. 42.1369, Long. 24.9082 (2025/50), Lat. 42.1481, Long. 24.9055 (2025/51), Lat. 42.2333, Long. 24.8135 (2025/52), Lat. 42.3188, Long. 24.8888 (2025/53), Lat. 42.1903, Long. 25.034 (2025/54), Lat. 42.19416, Long. 24.78666 (2025/55), Lat. 42.2828, Long. 24.7528 (2025/56), Lat. 42.1061, Long. 24.8812 (2025/57), Lat. 42.2116, Long. 24.9584 (2025/58), Lat. 42.2559, Long. 24.6802 (2025/59), Lat. 41.9946, Long. 25.2278 (2025/60), Lat. 42.0248, Long. 25.096 (2025/61), Lat. 42.0341, Long. 25.1186 (2025/62), Lat. 42.0973, Long. 24.8738 (2025/63), Lat. 42.2008, Long. 25.049 (2025/64), Lat. 42.21546, Long. 24.62801 (2025/65), Lat. 42.3695, Long. 24.7158 (2025/67), Lat. 42.2753, Long. 25.1217 (2025/68), Lat. 42.2883, Long. 24.6303 (2025/69), Lat. 42.3705, Long. 24.725 (2025/70), Lat. 42.371, Long. 24.7229 (2025/71), Lat. 42.3288, Long. 24.6784 (2025/72), Lat. 42.3263, Long. 24.6724 (2025/73), Lat. 42.1929, Long. 24.635 (2025/74), Lat. 42.0567, Long. 24.7664 (2025/75), Lat. 42.1295, Long. 25.04 (2025/76), Lat. 42.3826, Long. 24.7806 (2025/77), Lat. 42.0146, Long. 25.2956 (2025/78), Lat. 41.9258, Long. 25.1422 (2025/79), Lat. 41.938, Long. 25.129 (2025/80), Lat. 41.9261, Long. 25.1294 (2025/81), Lat. 41.8911, Long. 25.1336 (2025/82), Lat. 41.9271, Long. 24.7806 (2025/83), Lat. 42.3063, Long. 24.5243 (2025/84), Lat. 42.2744, Long. 24.5549 (2025/85), Lat. 42.2637, Long. 24.5568 (2025/86), Lat. 42.2622, Long. 24.5603 (2025/87), Lat. 41.9443, Long. 25.2481 (2025/88), Lat. 42.603, Long. 24.8956 (2025/89), Lat. 41.9423, Long. 25.2434 (2025/90), Lat. 41.9449, Long. 25.2471 (2025/91), Lat. 42.267, Long. 24.554 (2025/92), Lat. 42.2729, Long. 24.5329 (2025/93), Lat. 42.2848, Long. 24.5428 (2025/94), Lat. 42.2757, Long. 24.5373 (2025/95), Lat. 42.2288, Long. 24.6255 (2025/96), Lat. 41.9456, Long. 25.2427 (2025/97), Lat. 41.9675, Long. 25.0319 (2025/98), Lat. 42.2311, Long. 24.8343 (2025/99), Lat. 42.2451, Long. 24.819 (2025/102), Lat. 42.1765, Long. 24.6267 (2025/103), Lat. 42.602, Long. 24.89 (2025/104), Lat. 42.6018, Long. 24.88 (2025/105), Lat. 42.6018, Long. 24.88 (2025/106), Lat. 42.6166, Long. 24.9121 (2025/107), Lat. 42.3469, Long. 24.667 (2025/108), Lat. 42.2458, Long. 24.8194 (2025/110), Lat. 42.61821, Long. 24.90195 (2025/111), Lat. 42.1391, Long. 25.0591 (2025/113), Lat. 42.3509, Long. 24.6217 (2025/114), Lat. 42.0512, Long. 25.184 (2025/115), Lat. 42.19045, Long. 24.93231 (2025/118), Lat. 42.2134, Long. 24.6293 (2025/119), Lat. 42.1369, Long. 24.8107 (2025/120), Lat. 42.3403, Long. 24.5625 (2025/121), Lat. 42.2337, Long. 24.7183 (2025/122), Lat. 42.356, Long. 24.6213 (2025/124), Lat. 42.1016, Long. 24.8983 (2025/127), Lat. 42.2699, Long. 25.184 (2025/129), Lat. 42.3085, Long. 24.737 (2025/130), Lat. 42.3143, Long. 24.6196 (2025/131), Lat. 42.5571, Long. 24.8926 (2025/133), Lat. 42.1766, Long. 24.609 (2025/134), Lat. 42.1483, Long. 25.0517 (2025/135), Lat. 42.267, Long. 24.5271 (2025/136), Lat. 42.2734, Long. 24.5377 (2025/137), Lat. 42.1228, Long. 24.9373 (2025/138), Lat. 42.3359, Long. 24.8654 (2025/140), Lat. 42.0906, Long. 25.1881 (2025/142), Lat. 42.2286, Long. 24.9395 (2025/143), Lat. 42.3155, Long. 24.6887 (2025/144), Lat. 42.0859, Long. 24.7088 (2025/149), Lat. 42.0859, Long. 24.7088 (2025/150), Lat. 42.4181, Long. 24.8253 (2025/151), Lat. 42.2451, Long. 24.7921 (2025/152), Lat. 42.3905, Long. 25.131 (2025/153), Lat. 42.2425, Long. 24.7198 (2025/154), Lat. 42.3443, Long. 24.824 (2025/155), Lat. 42.4861, Long. 24.4411 (2025/159), Lat. 42.4186, Long. 24.4841 (2025/161), Lat. 42.1375, Long. 25.1462 (2025/162), Lat. 42.5047, Long. 24.6088 (2025/163), Lat. 42.1375, Long. 24.9343 (2025/166), Lat. 42.1418, Long. 25.0533 (2025/167), Lat. 42.4872, Long. 24.56895 (2025/168), Lat. 42.4233, Long. 24.5273 (2025/169), Lat. 42.5205, Long. 24.7345 (2025/171), Lat. 42.1252, Long. 24.9382 (2025/179), Lat. 42.41332, Long. 24.82598 (2025/182), Lat. 42.4668, Long. 24.4763 (2025/183), Lat. 42.5655, Long. 24.8949 (2025/185), Lat. 42.5702, Long. 24.8772 (2025/188), Lat. 42.3227, Long. 24.7916 (2025/190), Lat. 42.4577, Long. 24.463 (2025/191), Lat. 42.3867, Long. 24.688 (2025/192); Lat. 41.994, Long. 25.227 (2025/193). |
21.12.2025 |
|
Surveillance zone: Those parts of the regions of Plovdiv, Lovech, Stara Zagora, Haskovo and Pazardzhik contained within a circle of a radius of 15 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 42.1944, Long. 24.8528 (2025/8), Lat. 42.1823, Long. 24.8337 (2025/9), Lat. 42.1889, Long. 24.8137 (2025/10), Lat. 42.1862, Long. 24.8316 (2025/11), Lat. 42.1856, Long. 24.8456 (2025/12), Lat. 42.2312, Long. 24.9357 (2025/13), Lat. 42.2308, Long. 24.9368 (2025/14), Lat. 42.18222, Long. 24.86694 (2025/15), Lat. 42.1873, Long. 24.8456 (2025/16), Lat. 42.19416, Long. 24.78666 (2025/17), Lat. 42.06, Long. 25.1658 (2025/18), Lat. 42.19416, Long. 24.78666 (2025/17), Lat. 42.23, Long. 24.9391 (2025/21), Lat. 42.231703, Long. 24.938912 (2025/22), Lat. 42.2306, Long. 24.9369 (2025/23), Lat. 42.2319, Long. 24.9362 (2025/24), Lat. 42.19416, Long. 24.78666 (2025/25), Lat. 42.2051, Long. 24.87314 (2025/26), Lat. 42.2069, Long. 24.78666 (2025/27), Lat. 42.233, Long. 24.9405 (2025/28), Lat. 42.2316, Long. 24.94214 (2025/29), Lat. 42.2602, Long. 24.8751 (2025/30), Lat. 42.20922, Long. 24.95578 (2025/31), Lat. 42.2089, Long. 24.9508 (2025/32), Lat. 42.2092, Long. 24.9525 (2025/33), Lat. 42.1886, Long. 24.9265 (2025/34), Lat. 42.1886, Long. 24.9265 (2025/35), Lat. 42.1925, Long. 24.9329 (2025/36), Lat. 42.200845, Long. 24.790453 (2025/39), Lat. 42.2463, Long. 24.7957 (2025/40), Lat. 42.202878, Long. 24.690226 (2025/41), Lat. 42.2829, Long. 24.9637 (2025/42), Lat. 42.2363, Long. 24.8297 (2025/43), Lat. 42.1872, Long. 24.9242 (2025/44), Lat. 42.2308, Long 25.0438 (2025/45), Lat. 42.2401, Long. 25.0556 (2025/46), Lat. 42.2037, Long. 25.0513 (2025/47), Lat. 42.1959, Long. 25.0566 (2025/48), Lat. 42.2977, Long 24.9179 (2025/49), Lat. 42.1369, Long. 24.9082 (2025/50), Lat. 42.1481, Long. 24.9055 (2025/51), Lat. 42.2333, Long. 24.8135 (2025/52), Lat. 42.3188, Long 24.8888 (2025/53), Lat. 42.1903, Long. 25.034 (2025/54), Lat. 42.19416, Long. 24.78666 (2025/55), Lat. 42.2828, Long. 24.7528 (2025/56), Lat. 42.1061, Long. 24.8812 (2025/57), Lat. 42.2116, Long. 24.9584 (2025/58), Lat. 42.2559, Long. 24.6802 (2025/59), Lat. 41.9946, Long. 25.2278 (2025/60), Lat. 42.0248, Long. 25.096 (2025/61), Lat. 42.0341, Long. 25.1186 (2025/62), Lat. 42.0973, Long. 24.8738 (2025/63), Lat. 42.2008, Long. 25.049 (2025/64), Lat. 42.21546, Long. 24.62801 (2025/65), Lat. 42.3695, Long. 24.7158 (2025/67), Lat. 42.2753, Long. 25.1217 (2025/68), Lat. 42.2883, Long. 24.6303 (2025/69), Lat. 42.3705, Long. 24.725 (2025/70), Lat. 42.371, Long. 24.7229 (2025/71), Lat. 42.3288, Long. 24.6784 (2025/72), Lat. 42.3263, Long. 24.6724 (2025/73), Lat. 42.1929, Long. 24.635 (2025/74), Lat. 42.0567, Long. 24.7664 (2025/75), Lat. 42.1295, Long. 25.04 (2025/76), Lat. 42.3826, Long. 24.7806 (2025/77) Lat. 42.0146, Long. 25.2956 (2025/78), Lat. 41.9258, Long. 25.1422 (2025/79), Lat. 41.938, Long. 25.129 (2025/80), Lat. 41.9261, Long. 25.1294 (2025/81), Lat. 41.8911, Long. 25.1336 (2025/82), Lat. 41.9271, Long. 24.7806 (2025/83), Lat. 42.3063, Long. 24.5243 (2025/84), Lat. 42.2744, Long. 24.5549 (2025/85), Lat. 42.2637, Long. 24.5568 (2025/86), Lat. 42.2622, Long. 24.5603 (2025/87), Lat. 41.9443, Long. 25.2481 (2025/88), Lat. 42.603, Long. 24.8956 (2025/89), Lat. 41.9423, Long. 25.2434 (2025/90), Lat. 41.9449, Long. 25.2471 (2025/91), Lat. 42.267, Long. 24.554 (2025/92), Lat. 42.2729, Long. 24.5329 (2025/93), Lat. 42.2848, Long. 24.5428 (2025/94), Lat. 42.2757, Long. 24.5373 (2025/95), Lat. 42.2288, Long. 24.6255 (2025/96), Lat. 41.9456, Long. 25.2427 (2025/97), Lat. 41.9675, Long. 25.0319 (2025/98), Lat. 42.2311, Long. 24.8343 (2025/99), Lat. 42.2451, Long. 24.819 (2025/102), Lat. 42.1765, Long. 24.6267 (2025/103), Lat. 42.602, Long. 24.89 (2025/104), Lat. 42.6018, Long. 24.88 (2025/105), Lat. 42.6018, Long. 24.88 (2025/106), Lat. 42.6166, Long. 24.9121 (2025/107), Lat. 42.3469, Long. 24.667 (2025/108), Lat. 42.2458, Long. 24.8194 (2025/110), Lat. 42.61821, Long. 24.90195 (2025/111), Lat. 42.1391, Long. 25.0591 (2025/113), Lat. 42.3509, Long. 24.6217 (2025/114), Lat. 42.0512, Long. 25.184 (2025/115), Lat. 42.19045, Long. 24.93231 (2025/118), Lat. 42.2134, Long. 24.6293 (2025/119), Lat. 42.1369, Long. 24.8107 (2025/120), Lat. 42.3403, Long. 24.5625 (2025/121), Lat. 42.2337, Long. 24.7183 (2025/122), Lat. 42.356, Long. 24.6213 (2025/124), Lat. 42.1016, Long. 24.8983 (2025/127), Lat. 42.2699, Long. 25.184 (2025/129), Lat. 42.3085, Long. 24.737 (2025/130), Lat. 42.3143, Long. 24.6196 (2025/131), Lat. 42.5571, Long. 24.8926 (2025/133), Lat. 42.1766, Long. 24.609 (2025/134), Lat. 42.1483, Long. 25.0517 (2025/135), Lat. 42.267, Long. 24.5271 (2025/136), Lat. 42.2734, Long. 24.5377 (2025/137), Lat. 42.1228, Long. 24.9373 (2025/138), Lat. 42.3359, Long. 24.8654 (2025/140), Lat. 42.0906, Long. 25.1881 (2025/142), Lat. 42.2286, Long. 24.9395 (2025/143), Lat. 42.3155, Long. 24.6887 (2025/144), Lat. 42.0859, Long. 24.7088 (2025/149), Lat. 42.0859, Long. 24.7088 (2025/150), Lat. 42.4181, Long. 24.8253 (2025/151), Lat. 42.2451, Long. 24.7921 (2025/152), Lat. 42.3905, Long. 25.131 (2025/153), Lat. 42.2425, Long. 24.7198 (2025/154), Lat. 42.3443, Long. 24.824 (2025/155), Lat. 42.4861, Long. 24.4411 (2025/159), Lat. 42.4186, Long. 24.4841 (2025/161), Lat. 42.1375, Long. 25.1462 (2025/162), Lat. 42.5047, Long. 24.6088 (2025/163), Lat. 42.1375, Long. 24.9343 (2025/166), Lat. 42.1418, Long. 25.0533 (2025/167), Lat. 42.4872, Long. 24.56895 (2025/168), Lat. 42.4233, Long. 24.5273 (2025/169), Lat. 42.5205, Long. 24.7345 (2025/171), Lat. 42.1252, Long. 24.9382 (2025/179), Lat. 42.41332, Long. 24.82598 (2025/182), Lat. 42.4668, Long. 24.4763 (2025/183), Lat. 42.5655, Long. 24.8949 (2025/185), Lat. 42.5702, Long. 24.8772 (2025/188), Lat. 42.3227, Long. 24.7916 (2025/190), Lat. 42.4577, Long. 24.463 (2025/191), Lat. 42.3867, Long. 24.688 (2025/192) excluding the areas contained in the protection zone. |
5.1.2026 |
|
|
Surveillance zone: Those parts of the regions of Plovdiv, Haskovo and Stara Zagora, contained within a circle of a radius of 5 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 42.1944, Long. 24.8528 (2025/8), Lat. 42.1823, Long. 24.8337 (2025/9), Lat.42.1889, Long. 24.8137(2025/10), Lat. 42.1862, Long. 24.8316 (2025/11), Lat. 42.1856, Long. 24.8456 (2025/12), Lat. 42.2312, Long. 24.9357 (2025/13), Lat. 42.2308, Long. 24.9368 (2025/14), Lat. 42.18222, Long. 24.86694 (2025/15), Lat. 42.1873, Long. 24.8456 (2025/16), Lat. 42.19416, Long. 24.78666 (2025/17), Lat. 42.06, Long. 25.1658 (2025/18), Lat. 42.19416, Long. 24.78666 (2025/17), Lat. 42.23, Long. 24.9391 (2025/21), Lat. 42.231703, Long. 24.938912 (2025/22), Lat. 42.2306, Long. 24.9369 (2025/23), Lat. 42.2319, Long. 24.9362 (2025/24), Lat. 42.19416, Long. 24.78666 (2025/25), Lat. 42.2051, Long. 24.87314 (2025/26), Lat. 42.2069, Long. 24.78666 (2025/27), Lat. 42.233, Long. 24.9405 (2025/28), Lat. 42.2316, Long. 24.94214 (2025/29), Lat. 42.2602, Long. 24.8751 (2025/30), Lat. 42.20922, Long. 24.95578 (2025/31), Lat. 42.2089, Long. 24.9508 (2025/32), Lat. 42.2092, Long. 24.9525 (2025/33), Lat. 42.1886, Long. 24.9265 (2025/34), Lat. 42.1886, Long. 24.9265 (2025/35), Lat. 42.1925, Long. 24.9329 (2025/36), Lat. 42.6871, Long. 25.3287 (2025/37), Lat. 42.6871, Long. 25.3287 (2025/38), Lat. 42.200845, Long. 24.790453 (2025/39), Lat. 42.2463, Long. 24.7957 (2025/40), Lat. 42.202878, Long 24.690226 (2025/41), Lat. 42.2829, Long. 24.9637 (2025/42), Lat. 42.2363, Long. 24.8297 (2025/43), Lat. 42.1872, Long. 24.9242 (2025/44), Lat. 42.2308, Long 25.0438 (2025/45), Lat. 42.2401, Long. 25.0556 (2025/46), Lat. 42.2037, Long. 25.0513 (2025/47), Lat. 42.1959, Long. 25.0566 (2025/48), Lat. 42.2977, Long 24.9179 (2025/49), Lat. 42.1369, Long. 24.9082 (2025/50), Lat. 42.1481, Long. 24.9055 (2025/51), Lat. 42.2333, Long. 24.8135 (2025/52), Lat. 42.3188, Long 24.8888 (2025/53), Lat. 42.1903, Long. 25.034 (2025/54), Lat. 42.19416, Long. 24.78666 (2025/55), Lat. 42.2828, Long. 24.7528 (2025/56), Lat. 42.1061, Long. 24.8812 (2025/57), Lat. 42.2116, Long. 24.9584 (2025/58), Lat. 42.2559, Long. 24.6802 (2025/59), Lat. 41.9946, Long. 25.2278 (2025/60), Lat. 42.0248, Long. 25.096 (2025/61), Lat. 42.0341, Long. 25.1186 (2025/62), Lat. 42.0973, Long. 24.8738 (2025/63), Lat. 42.2008, Long. 25.049 (2025/64), Lat. 42.21546, Long. 24.62801 (2025/65), Lat. 42.3695, Long. 24.7158 (2025/67), Lat. 42.2753, Long. 25.1217 (2025/68), Lat. 42.2883, Long. 24.6303 (2025/69), Lat. 42.3705, Long. 24.725 (2025/70), Lat. 42.371, Long. 24.7229 (2025/71), Lat. 42.3288, Long. 24.6784 (2025/72), Lat. 42.3263, Long. 24.6724 (2025/73), Lat. 42.1929, Long. 24.635 (2025/74), Lat. 42.0567, Long. 24.7664 (2025/75), Lat. 42.1295, Long. 25.04 (2025/76), Lat. 42.3826, Long. 24.7806 (2025/77), Lat. 42.0146, Long. 25.2956 (2025/78), Lat. 41.9258, Long. 25.1422 (2025/79), Lat. 41.938, Long. 25.129 (2025/80), Lat. 41.9261, Long. 25.1294 (2025/81), Lat. 41.8911, Long. 25.1336 (2025/82), Lat. 41.9271, Long. 24.7806 (2025/83), Lat. 42.3063, Long. 24.5243 (2025/84), Lat. 42.2744, Long. 24.5549 (2025/85), Lat. 42.2637, Long. 24.5568 (2025/86), Lat. 42.2622, Long. 24.5603 (2025/87), Lat. 41.9443, Long. 25.2481 (2025/88), Lat. 42.603, Long. 24.8956 (2025/89), Lat. 41.9423, Long. 25.2434 (2025/90), Lat. 41.9449, Long. 25.2471 (2025/91), Lat. 42.267, Long. 24.554 (2025/92), Lat. 42.2729, Long. 24.5329 (2025/93), Lat. 42.2848, Long. 24.5428 (2025/94), Lat. 42.2757, Long. 24.5373 (2025/95), Lat. 42.2288, Long. 24.6255 (2025/96), Lat. 41.9456, Long. 25.2427 (2025/97), Lat. 41.9675, Long. 25.0319 (2025/98), Lat. 42.2311, Long. 24.8343 (2025/99), Lat. 42.2451, Long. 24.819 (2025/102), Lat. 42.1765, Long. 24.6267 (2025/103), Lat. 42.602, Long. 24.89 (2025/104), Lat. 42.6018, Long. 24.88 (2025/105), Lat. 42.6018, Long. 24.88 (2025/106), Lat. 42.6166, Long. 24.9121 (2025/107), Lat. 42.3469, Long. 24.667 (2025/108), Lat. 42.2458, Long. 24.8194 (2025/110), Lat. 42.61821, Long. 24.90195 (2025/111), Lat. 42.1391, Long. 25.0591 (2025/113), Lat. 42.3509, Long. 24.6217 (2025/114), Lat. 42.0512, Long. 25.184 (2025/115), Lat. 42.19045, Long. 24.93231 (2025/118), Lat. 42.2134, Long. 24.6293 (2025/119), Lat. 42.1369, Long. 24.8107 (2025/120), Lat. 42.3403, Long. 24.5625 (2025/121), Lat. 42.2337, Long. 24.7183 (2025/122), Lat. 42.356, Long. 24.6213 (2025/124), Lat. 42.1016, Long. 24.8983 (2025/127), Lat. 42.2699, Long. 25.184 (2025/129), Lat. 42.3085, Long. 24.737 (2025/130), Lat. 42.3143, Long. 24.6196 (2025/131), Lat. 42.5571, Long. 24.8926 (2025/133), Lat. 42.1766, Long. 24.609 (2025/134), Lat. 42.1483, Long. 25.0517 (2025/135), Lat. 42.267, Long. 24.5271 (2025/136), Lat. 42.2734, Long. 24.5377 (2025/137), Lat. 42.1228, Long. 24.9373 (2025/138), Lat. 42.3359, Long. 24.8654 (2025/140), Lat. 42.0906, Long. 25.1881 (2025/142), Lat. 42.2286, Long. 24.9395 (2025/143), Lat. 42.3155, Long. 24.6887 (2025/144), Lat. 42.0859, Long. 24.7088 (2025/149), Lat. 42.0859, Long. 24.7088 (2025/150), Lat. 42.4181, Long. 24.8253 (2025/151), Lat. 42.2451, Long. 24.7921 (2025/152), Lat. 42.3905, Long. 25.131 (2025/153), Lat. 42.2425, Long. 24.7198 (2025/154), Lat. 42.3443, Long. 24.824 (2025/155), Lat. 42.4861, Long. 24.4411 (2025/159), Lat. 42.4186, Long. 24.4841 (2025/161), Lat. 42.1375, Long. 25.1462 (2025/162), Lat. 42.5047, Long. 24.6088 (2025/163), Lat. 42.1375, Long. 24.9343 (2025/166), Lat. 42.1418, Long. 25.0533 (2025/167), Lat. 42.4872, Long. 24.56895 (2025/168), Lat. 42.4233, Long. 24.5273 (2025/169), Lat. 42.5205, Long. 24.7345 (2025/171), Lat. 42.1252, Long. 24.9382 (2025/179), Lat. 42.41332, Long. 24.82598 (2025/182), Lat. 42.4668, Long. 24.4763 (2025/183), Lat. 42.5655, Long. 24.8949 (2025/185), Lat. 42.5702, Long. 24.8772 (2025/188), Lat. 42.3227, Long. 24.7916 (2025/190), Lat. 42.4577, Long. 24.463 (2025/191), Lat. 42.3867, Long. 24.688 (2025/192). |
22.12.2025 – 5.1.2026 |
|
|
Region of Haskovo BG-CAPRIPOX-2025-00128 BG-CAPRIPOX-2025-00141 BG-CAPRIPOX-2025-00145 BG-CAPRIPOX-2025-00172 BG-CAPRIPOX-2025-00174 BG-CAPRIPOX-2025-00175 BG-CAPRIPOX-2025-00177 BG-CAPRIPOX-2025-00178 BG-CAPRIPOX-2025-00186 |
Protection zone: Those parts of the region of Haskovo, contained within a circle of a radius of 5 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates, Lat. 41.8204, Long. 26.2507 (2025/128), Lat. 41.9257, Long. 25.5023 (2025/141), Lat. 41.8763, Long. 26.2255 (2025/145), Lat. 41.7535, Long. 26.1987 (2025/172), Lat. 41.973, Long. 25.4364 (2025/174), Lat. 41.8763, Long. 26.2255 (2025/175), Lat. 41.96, Long. 25.65 (2025/177), Lat. 41.9827, Long. 25.6317 (2025/178), Lat. 41.9735, Long. 25.4371 (2025/186). |
18.11.2025 |
|
Surveillance zone: Those parts of the region of Haskovo, contained within a circle of a radius of 15 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates, Lat. 41.8204, Long. 26.2507 (2025/128), Lat. 41.9257, Long. 25.5023 (2025/141), Lat. 41.8763, Long. 26.2255 (2025/145), Lat. 41.7535, Long. 26.1987 (2025/172), Lat. 41.973, Long. 25.4364 (2025/174), Lat. 41.8763, Long. 26.2255 (2025/175), Lat. 41.96, Long. 25.65 (2025/177), Lat. 41.9827, Long. 25.6317 (2025/178), Lat. 41.9735, Long. 25.4371 (2025/186) excluding the areas contained in the protection zone. |
3.12.2025 |
|
|
Surveillance zone: Those parts of the region of Haskovo, contained within a circle of a radius of 5 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 41.77, Long. 26.27 (2025/109), Lat. 41.8204, Long. 26.2507 (2025/128), Lat. 41.9257, Long. 25.5023 (2025/141), Lat. 41.8763, Long. 26.2255 (2025/145), Lat. 41.7535, Long. 26.1987 (2025/172), Lat. 41.973, Long. 25.4364 (2025/174), Lat. 41.8763, Long. 26.2255 (2025/175), Lat. 41.96, Long. 25.65 (2025/177), Lat. 41.9827, Long. 25.6317 (2025/178) Lat. 41.9735, Long. 25.4371 (2025/186). |
19.11.2025 – 3.12.2025 |
|
|
Region of Pazardzhik BG-CAPRIPOX-2025-00132 BG-CAPRIPOX-2025-00146 BG-CAPRIPOX-2025-00147 BG-CAPRIPOX-2025-00148 BG-CAPRIPOX-2025-00156 BG-CAPRIPOX-2025-00157 BG-CAPRIPOX-2025-00158 BG-CAPRIPOX-2025-00160 BG-CAPRIPOX-2025-00164 BG-CAPRIPOX-2025-00170 BG-CAPRIPOX-2025-00173 BG-CAPRIPOX-2025-00176 BG-CAPRIPOX-2025-00180 BG-CAPRIPOX-2025-00181 BG-CAPRIPOX-2025-00184 BG-CAPRIPOX-2025-00187 |
Protection zone: Those parts of the regions of Pazardzhik contained within a circle of a radius of 5 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 42.3348, Long. 24.456 (2025/132), Lat. 42.2084, Long. 24.4222 (2025/146), Lat. 42.2813, Long. 24.3921 (2025/147), Lat. 42.1945, Long. 24.4449 (2025/148), Lat. 42.291, Long. 24.2261 (2025/156), Lat. 42.2902, Long. 24.2287 (2025/157), Lat. 42.3338, Long. 24.3985 (2025/158), Lat. 42.3966, Long. 24.3668 (2025/160), Lat. 42.3682, Long. 24.2776 (2025/164) Lat. 42.3961, Long. 24.3359 (2025/170), Lat. 42.193388, Long. 24.444608 (2025/173), Lat. 42.1974, Long. 24.2835 (2025/176), Lat. 42.3712, Long. 24.2864 (2025/180), Lat. 42.3712, Long. 24.2864 (2025/181), Lat. 42.3712, Long. 24.2864 (2025/184), Lat. 42.3712, Long. 24.2864 (2025/187). |
19.11.2025 |
|
Surveillance zone: Those parts of the region of Pazardzhik and Haskovo, contained within a circle of a radius of 15 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 42.3348, Long. 24.456 (2025/132), Lat. 42.2084, Long. 24.4222 (2025/146), Lat. 42.2813, Long. 24.3921 (2025/147), Lat. 42.1945, Long. 24.4449 (2025/148), Lat. 42.291, Long. 24.2261 (2025/156), Lat. 42.2902, Long. 24.2287 (2025/157), Lat. 42.3338, Long. 24.3985 (2025/158), Lat. 42.3966, Long. 24.3668 (2025/160), Lat. 42.3682, Long. 24.2776 (2025/164), Lat. 42.3961, Long. 24.3359 (2025/170), Lat. 42.193388, Long. 24.444608 (2025/173), Lat. 42.1974, Long. 24.2835 (2025/176), Lat. 42.3712, Long. 24.2864 (2025/180). excluding the areas contained in the protection zone. |
4.12.2025 |
|
|
Surveillance zone: Those parts of the region of Pazardzhik, contained within a circle of a radius of 5 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 42.3348, Long. 24.456 (2025/132), Lat. 42.2084, Long. 24.4222 (2025/146), Lat. 42.2813, Long. 24.3921 (2025/147), Lat. 42.1945, Long. 24.4449 (2025/148), Lat. 42.291, Long. 24.2261 (2025/156), Lat. 42.2902, Long. 24.2287 (2025/157), Lat. 42.3338, Long. 24.3985 (2025/158), Lat. 42.3966, Long. 24.3668 (2025/160), Lat. 42.3682, Long. 24.2776 (2025/164), Lat. 42.3961, Long. 24.3359 (2025/170), Lat. 42.193388, Long. 24.444608 (2025/173), Lat. 42.1974, Long. 24.2835 (2025/176), Lat. 42.3712, Long. 24.2864 (2025/180). |
20.11.2025 – 4.12.2025 |
|
|
Region of Kyustendil BG-CAPRIPOX-2025-00189 |
Protection zone: Those parts of the region of Kyustendil and, contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates, Lat. 41.8204, Long. 26.2507 (2025/189). |
26.11.2025 |
|
Surveillance zone: Those parts of the region of Kyustendil and Blagoevgrad contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates, Lat. 41.8204, Long. 26.2507 (2025/189) excluding the areas contained in the protection zone. |
11.12.2025 |
|
|
Surveillance zone: Those parts of the region of Kyustendil and Blagoevgrad, contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 41.8204, Long. 26.2507 (2025/189). |
27.11.2025 – 12.12.2025 |
Cuid B: Criosanna srianta breise
|
Crios srianta breise |
Réigiún |
Limistéir atá sna criosanna srianta breise a bhunaítear sa Bhulgáir dá dtagraítear in Airteagal 2 |
An dáta a bheidh siad infheidhme go dtí |
|
Crios srianta breise Uimh. 1 |
Region of Plovdiv |
The entire region of Plovdiv excluding the areas included in any protection or surveillance zone. |
4.2.2026 |
|
Region of Haskovo |
The municipalities of Haskovo, Dimitrovgrad, and Mineralni Bani, excluding the areas included in any protection or surveillance zone. |
||
|
Crios srianta breise Uimh. 4 |
Region of Pazardzhik |
The entire region of Pazardzhik, excluding the areas included in any protection or surveillance zone |
4.12.2025 |
IARSCRÍBHINN II
|
Limistéar |
Réigiún |
Limistéir dá dtagraítear in Airteagal 3 |
An dáta a bheidh siad infheidhme go dtí |
|
Limistéar Uimh. 1 |
Region of Plovdiv |
The entire region of Plovdiv. |
6.1.2026 – 4.2.2026 |
|
Region of Haskovo |
The municipalities of Haskovo, Dimitrovgrad, and Mineralni Bani. |
||
|
Limistéar Uimh. 2 |
Region of Stara Zagora |
The municipalities of Pavel Bajna, Kazanlak, Bratja Daskalovi, Cirpan and Stara Zagora. |
6.11.2025 – 5.12.2025 |
|
Region of Gabrovo |
The entire region of Gabrovo. |
||
|
Limistéar Uimh. 3 |
Region of Haskovo |
The municipalities of Ivajlovgrad, Svilengrad, Madzharovo, Tolopovgrad and Ljubimec. |
22.11.2025 – 21.12.2025 |
|
Region of Kardzhali |
The municipalities of Kirkovo, Dzhebel and Krumovgrad. |
||
|
Limistéar Uimh. 4 |
Region of Pazardzhik |
The entire region of Pazardzhik. |
5.12.2025 – 3.1.2026 |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/2492/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)