|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2487 |
4.12.2025 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/2487 ÓN gCOIMISIÚN
an 2 Nollaig 2025
lena leasaítear Treoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i leith na dtairseach le haghaidh conarthaí soláthair, seirbhíse agus oibreacha
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú na nósanna imeachta um dhámhachtain i dtaca le conarthaí áirithe oibreacha, soláthair agus seirbhíse a dhéanann údaráis chonarthacha nó eintitis chonarthacha i réimse na cosanta agus na slándála, agus lena leasaítear Treoracha 2004/17/CE agus 2004/18/CE (1), agus go háirithe Airteagal 68(1), an dara fomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Cinneadh 2014/115/AE (2), d’fhormheas an Chomhairle an Prótacal lena leasaítear an Comhaontú maidir le Soláthar Rialtais (3) a tugadh i gcrích faoi chuimsiú na hEagraíochta Domhanda Trádála. Is ionstraim ilpháirtithe é an Comhaontú leasaithe maidir le Soláthar Rialtais (‘an Comhaontú’) agus is é is cuspóir dó margaí soláthair rialtais a oscailt go frithpháirteach i measc a pháirtithe. Baineann an Comhaontú le haon chonradh soláthair lena mbaineann luach a shroicheann nó a sháraíonn na méideanna a leagtar amach ann (‘tairseacha’) agus a shloinntear mar chearta tarraingthe speisialta. |
|
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 68(1) de Threoir 2009/81/CE, tá na tairseacha a leagtar síos sa Treoir sin le hailíniú leis na tairseacha a leagtar síos in Airteagal 15, pointí (a) agus (b), de Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar na tairseacha sin, i gcás inar gá, chun go gcomhfhreagróidh siad do na tairseacha a leagtar amach sa Chomhaontú. Rinneadh athbhreithniú ar na tairseacha a leagtar síos i dTreoir 2014/25/AE le Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/2150 ón gCoimisiún (5). |
|
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 17(1) de Threoir 2014/25/AE, tá an Coimisiún le hathbhreithniú a dhéanamh ar na tairseacha a leagtar síos in Airteagal 15, pointí (a) agus (b), den Treoir sin gach 2 bhliain, le héifeacht ón 1 Eanáir. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag na tairseacha le haghaidh na mblianta 2026-2027 a leagtar amach sa Rialachán seo ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh. |
|
(4) |
I dtaca leis na sonraí is gá le haghaidh ríomh na dtairseach, ní raibh siad ar fáil faoin 1 Meán Fómhair 2025. I gcomhréir le hAirteagal 68(3) de Threoir 2009/81/CE, ní mór don Choimisiún na tairseacha athbhreithnithe in euro agus a luachanna comhfhreagracha in airgeadraí náisiúnta eile na mBallstát a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ag tús mhí na Samhna. I bhfianaise an mhéid thuas, téann an Coimisiún i muinín an nós imeachta práinne dá bhforáiltear in Airteagal 66b den Treoir sin. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart Treoir 2009/81/CE a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Airteagal 8 de Threoir 2009/81/CE mar a leanas:
|
(1) |
i bpointe (a), cuirtear ‘EUR 432 000’ in ionad ‘EUR 443 000’; |
|
(2) |
i bpointe (b), cuirtear ‘EUR 5 404 000’ in ionad ‘EUR 5 538 000’. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2026.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit uile i gcomhréir leis na Conarthaí.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Nollaig 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 216, 20.8.2009, lch. 76. ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/81/oj.
(2) Cinneadh 2014/115/AE ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 maidir leis an bPrótacal lena leasaítear an Comhaontú maidir le Soláthar Rialtais a thabhairt i gcrích (IO L 68, 7.3.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2014/115(1)/oj).
(3) IO L 68, 7.3.2014, lch. 2. ELI: http://data.europa.eu/eli/prot/2014/115/oj.
(4) Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir leis an soláthar a dhéanann eintitis a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/25/oj).
(5) Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/2150 ón gCoimisiún an 22 Deireadh Fómhair 2025 lena leasaítear Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil leis na tairseacha le haghaidh conarthaí soláthair, seirbhísí agus oibreacha, agus le haghaidh comórtais deartha i dtaobh na mblianta 2026-2027 (IO L, 2025/2150, 23.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/2150/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/2487/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)