|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2486 |
5.12.2025 |
CINNEADH (AE) 2025/2486 ÓN gCOMHAIRLE
an 1 Nollaig 2025
lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht le Poblacht Chónaidhme na Nigéire le haghaidh comhaontú maidir le comhar san eolaíocht agus sa teicneolaíocht
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 186, i gcomhar le hAirteagal 218(3) agus (4) de,
Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Ba cheart tús a chur leis an gcaibidlíocht d’fhonn comhaontú maidir le comhar san eolaíocht agus sa teicneolaíocht (‘an comhaontú’) a thabhairt i gcrích le Poblacht Chónaidhme na Nigéire. |
|
(2) |
Leis an malartú litreacha idir ionadaithe an Aontais agus Poblacht Chónaidhme na Nigéire, an 6 Meitheamh 2024 agus an 26 Meitheamh 2024, deimhníodh gur mhian leis an dá pháirtí tús a chur leis an gcaibidlíocht le haghaidh comhaontú den sórt sin. |
|
(3) |
Leis an gcomhaontú atá beartaithe, chuirfí creat tábhachtach ar fáil chun comhar a éascú idir an tAontas agus Poblacht Chónaidhme na Nigéire i réimsí tosaíochta comhpháirteacha san eolaíocht agus sa teicneolaíocht, rud a d’fhágfadh go mbeadh tairbhí frithpháirteacha ann. Dá bhrí sin, is chun leas an Aontais tús a chur leis an gcaibidlíocht le haghaidh comhaontú maidir le comhar san eolaíocht agus sa teicneolaíocht le Poblacht Chónaidhme na Nigéire, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, údaraítear an Coimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht le haghaidh comhaontú maidir le comhar san eolaíocht agus sa teicneolaíocht le Poblacht Chónaidhme na Nigéire.
Airteagal 2
Leis seo, déantar an Coimisiún a ainmniú mar idirbheartaí an Aontais.
Airteagal 3
Seolfar an chaibidlíocht i gcomhairle leis an Meitheal um Thaighde agus i gcomhréir leis na treoracha caibidlíochta a leagtar amach san Aguisín a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 4
Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún Eorpach.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 1 Nollaig 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
K. KALLAS
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2486/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)