|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2478 |
16.12.2025 |
CINNEADH (AE) 2025/2478 ÓN gCOMHAIRLE
an 21 Deireadh Fómhair 2025
maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i gCláir de chuid an Aontais
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 217, i gcomhar le hAirteagal 218(5) agus an dara fomhír d’Airteagal 218(8), de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 12 Márta 2024, trí bhíthin Chinneadh (AE, Euratrom) 2024/995 (1), d’údaraigh an Chomhairle don Choimisiún tús a chur le caibidlíocht le Cónaidhm na hEilvéise maidir le pacáiste leathan beart a bhaineann leis an gcaidreamh déthaobhach idir an tAontas agus Cónaidhm na hEilvéise. Le bheith sna bearta sin bhí forálacha institiúideacha agus Státchabhrach i gcomhaontuithe idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise i réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach, agus, i gcás inar gá, oiriúnuithe sonracha orthu, i gcomhaontú maidir le rannpháirtíocht na hEilvéise i gcláir de chuid an Aontais, agus i gcomhaontú atá mar bhonn le rannchuidiú buan na hEilvéise chun éagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta idir réigiúin a laghdú. D’údaraigh an Chomhairle don Choimisiún roimhe sin tús a chur le caibidlíocht le Cónaidhm na hEilvéise i ndáil le comhaontuithe nua maidir le leictreachas, an tsláinte agus sábháilteacht bia, maidir le rannpháirtíocht na hEilvéise i nGníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh do Chlár Spáis an Aontais agus d’Iarnróid, agus maidir leis an leasú ar an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haeriompar chun cabatáiste a cheadú. |
|
(2) |
Rinne an Coimisiún, thar ceann an Aontais, pacáiste leathan comhaontuithe agus prótacail (‘an pacáiste’) a chaibidil lena n-áirítear Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i gCláir de chuid an Aontais (‘an Comhaontú’); Prótacail maidir le státchabhair institiúideach agus lena leasaítear forálacha le haghaidh comhaontuithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise i réimsí a bhaineann leis an margadh inmheánach ina bhfuil an Eilvéis rannpháirteach; Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le ranníocaíocht rialta airgeadais na hEilvéise chun éagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta san Aontas Eorpach a laghdú; Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis an tsláinte, Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le leictreachas; Prótacal a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta lena mbunaítear Comhlimistéar Sábháilteachta Bia, agus Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis. |
|
(3) |
Bunaítear leis an gComhaontú na rialacha is infheidhme maidir le rannpháirtíocht na hEilvéise in aon chlár, gníomhaíocht, nó seirbhís, nó codanna de chlár, de ghníomhaíocht nó de sheirbhísí de chuid an Aontais atá oscailte dá rannpháirtíocht, agus cumhdaítear leis raon leathan réimsí, go háirithe maidir le taighde agus nuálaíocht, comhleá agus scoilteadh núicléach, agus oideachas, oiliúint, an óige, spórt agus cultúr, chomh maith le réimsí eile leasa choitinn amhail an claochlú digiteach agus gníomhaíocht i réimse na sláinte. |
|
(4) |
Tá dlúthnasc idir an Comhaontú agus ionstraimí eile an phacáiste. I ndáil leis sin, déantar foráil sa Chomhaontú maidir le rannpháirtíocht na hEilvéise sa Chlár do ghníomhaíocht an Aontais i réimse na sláinte a bhfuil dlúthbhaint aici leis an gComhaontú maidir leis an tSláinte. D’fhéadfaí bearta cúitimh a dhéanamh faoin gComhaontú i gcásanna neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí a eascraíonn as an gComhaontú maidir le ranníocaíocht airgeadais rialta na hEilvéise chun éagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta san Aontas Eorpach a laghdú. |
|
(5) |
Cuireadh tús leis an gcaibidlíocht maidir leis an gComhaontú agus tugadh i gcrích í ag an am céanna leis an gcaibidlíocht maidir le hionstraimí eile an phacáiste. Foráiltear le hAirteagal 17 den Chomhaontú go bhfuil a theacht i bhfeidhm nasctha le teacht i bhfeidhm ionstraimí eile an phacáiste. |
|
(6) |
Tá an Comhaontú le tabhairt i gcrích ag an am céanna le hionstraimí eile an phacáiste agus mar dhlúthchuid de. |
|
(7) |
Ba cheart an Comhaontú a shíniú thar cheann an Aontais a mhéid a bhaineann le hábhair a thagann faoin gCFAE, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí. |
|
(8) |
D’fhonn fairsinge a gcomhair a mhéadú, foráiltear le hAirteagal 18(1) den Chomhaontú go bhfuil na Páirtithe lena chur i bhfeidhm go sealadach, i gcomhréir lena nósanna imeachta inmheánacha agus lena reachtaíocht féin, ón 1 Eanáir 2025 ar aghaidh, mura rud é go síneofar é tar éis an 15 Samhain 2025, agus sa chás sin tá na Páirtithe leis an gComhaontú a chur i bhfeidhm go sealadach ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh. |
|
(9) |
Dá bhrí sin, ba cheart don Aontas an Comhaontú a chur i bhfeidhm go sealadach a mhéid a bhaineann le hábhair a thagann faoi CFAE. |
|
(10) |
De bhun Airteagal 18(2) den Chomhaontú, tá cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe le dul in éag an 31 Nollaig 2028 ar a dhéanaí mura mbeidh a nósanna imeachta inmheánacha tugtha i gcrích ag an Eilvéis faoin dáta sin, ar nósanna imeachta iad is gá do theacht i bhfeidhm ionstraimí eile an phacáiste. |
|
(11) |
Tá síniú agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe, a mhéid a bhaineann le hábhair a thagann faoin gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, faoi réir nós imeachta ar leithligh faoin gConradh sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, údaraítear, thar ceann an Aontais, síniú an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i gCláir de chuid an Aontais (‘an Comhaontú’), a mhéid a bhaineann le hábhair seachas na hábhair sin a thagann faoin gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (‘Conradh Euratom’), faoi réir thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe sin (2).
Airteagal 2
Faoi réir na cómhalartachta, déanfar an Comhaontú, a mhéid a bhaineann le hábhair seachas na hábhair sin a thagann faoi Chonradh Euratom, a chur i bhfeidhm go sealadach i gcomhréir le hAirteagal 18 den Chomhaontú, go dtí go dtiocfaidh sé i bhfeidhm.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha (3).
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 21 Deireadh Fómhair 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. BJERRE
(1) Cinneadh (AE, Euratrom) 2024/995 ón gComhairle an 12 Márta 2024 lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht le Cónaidhm na hEilvéise i ndáil le forálacha institiúideacha i gcomhaontuithe idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise a bhaineann leis an margadh inmheánach, i ndáil le comhaontú maidir le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise i gcláir an Aontais agus i ndáil le comhaontú atá mar bhonn le rannchuidiú buan na hEilvéise le comhtháthú an Aontais (IO L, 2024/995, 26.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/995/oj).
(2) Tá téacs an Chomhaontaithe foilsithe in IO L, 2025/2480, 16.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2025/2480/oj.
(3) Foilseofar an dáta óna gcuirfear an Comhaontú i bhfeidhm go sealadach in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2478/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)