|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2477 |
5.12.2025 |
CINNEADH (CBES) 2025/2477 ÓN gCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA
an 2 Nollaig 2025
lena gcuirtear síneadh le sainordú Cheann Misin Mhisean Fothaithe Acmhainneachta an Aontais Eorpaigh sa tSomáil (EUCAP Somalia) (EUCAP Somalia/1/2025)
TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38, an tríú mír, de,
Ag féachaint do Chinneadh 2012/389/CBES ón gComhairle an 16 Iúil 2012 maidir le Misean Fothaithe Acmhainneachta an Aontais Eorpaigh sa tSomáil (EUCAP Somalia) (1), agus go háirithe Airteagal 9(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun Airteagal 9(1) de Chinneadh 2012/389/CBES, údaraítear an Coiste Polaitiúil agus Slándála, i gcomhréir le hAirteagal 38, an tríú mír, den Chonradh, na cinntí ábhartha a dhéanamh chun rialú polaitiúil agus treoir straitéiseach Mhisean Fothaithe Acmhainneachta an Aontais Eorpaigh sa tSomáil (EUCAP Somalia) a fheidhmiú, lena n-áirítear an cinneadh Ceann Misin a cheapadh, ar thogra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’). |
|
(2) |
An 10 Nollaig 2024, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2024/3197 (2), lena gcuirtear síneadh le sainordú Kęstutis LANČINSKAS mar Cheann Misin EUCAP Somalia ón 1 Eanáir 2025 go dtí an 31 Nollaig 2025. |
|
(3) |
An 29 Deireadh Fómhair 2025, mhol an tArdionadaí go gcuirfí síneadh le sainordú Kęstutis LANČINSKAS mar Cheann Misin ar EUCAP Somalia ón 1 Eanáir 2026 go dtí an 30 Aibreán 2026, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear síneadh le sainordú Kęstutis LANČINSKAS mar Cheann Misin Mhisean Fothaithe Acmhainneachta an Aontais Eorpaigh sa tSomáil (EUCAP Somalia) ón 1 Eanáir 2026 go dtí an 30 Aibreán 2026.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Nollaig 2025.
Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála
An Cathaoirleach
D. PRONK
(1) IO L 187, 17.7.2012, lch. 40, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2012/389/oj.
(2) Cinneadh (CBES) 2024/3197 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 10 Nollaig 2024 lena gcuirtear síneadh le sainordú Cheann Misin Mhisean Fothaithe Acmhainneachta an Aontais Eorpaigh sa tSomáil (EUCAP Somalia) (EUCAP Somalia/2/2024) (IO L, 2024/3197, 16.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/3197/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2477/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)