|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2473 |
8.12.2025 |
RIALACHÁN (AE) 2025/2473 ÓN gCOIMISIÚN
an 5 Nollaig 2025
lena leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar le haghaidh Betabaculovirus phoperculellae, iarann eiliminteach agus ola ráibe i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 5, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcás na substaintí gníomhacha Betabaculovirus phoperculellae agus iarann eiliminteach, níl aon uasleibhéal sonrach iarmhar (‘MRLanna’) socraithe. Dá bhrí sin, i gcás na substaintí gníomhacha sin tá feidhm ag an luach réamhshocraithe de 0,01 mg/kg a leagtar síos in Airteagal 18(1), pointe (b), de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. Ós rud é nach raibh gá le MRLanna le haghaidh na substainte gníomhaí ola ráibe, cuimsíodh an tsubstaint ghníomhach sin go sealadach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán sin. |
|
(2) |
D’fhormheas an Coimisiún Betabaculovirus phoperculellae mar shubstaint ghníomhach ísealriosca (2) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). De réir an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’), ní riosca sláinte do thomhaltóirí é an nochtadh don tsubstaint sin (4). Dá bhrí sin, is iomchuí an tsubstaint sin a chuimsiú in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. |
|
(3) |
D’fhormheas an Coimisiún iarann eiliminteach mar shubstaint ghníomhach ísealriosca (5) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go meastar gur airde nochtadh plandaí d’iarann eiliminteach go nádúrtha tríd an ithir ná an nochtadh a bhaineann lena úsáid mar tháirge cosanta plandaí. (6). Dá bhrí sin, is iomchuí an tsubstaint sin a chuimsiú in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. |
|
(4) |
Is substaint ghníomhach fhormheasta í ola ráibe atá cuimsithe cheana féin in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ar bhonn sealadach (7). De réir an Údaráis, ní mheastar go bhfuil airíonna guaiseacha ag an tsubstaint, agus ní dócha go bhfuil an nochtadh de thoradh úsáidí mar tháirge cosanta plandaí níos airde ná an nochtadh trí bhia (8). Dá bhrí sin, is iomchuí an tsubstaint ghníomhach sin a choimeád in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 agus an tagairt don fhonóta ina shonraítear go gcuimsítear go sealadach in Iarscríbhinn IV í a scriosadh. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 a leasú dá réir sin. |
|
(6) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Nollaig 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 70, 16.3.2005, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2005/396/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/103 ón gCoimisiún an 22 Eanáir 2025 lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach Betabaculovirus phoperculellae mar shubstaint ghníomhach ísealriosca i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L, 2025/103, 23.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/103/oj).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1107/oj).
(4) Athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca lotnaidicídí ar an tsubstaint ghníomhach granalaivíreas Phthorimaea operculella. EFSA Journal [Iris EFSA] 2024;22(8): e8976. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2024.8976.
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/845 ón gCoimisiún an 5 Bealtaine 2025 lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach iarann eiliminteach mar shubstaint ghníomhach ísealriosca i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L, 2025/845, 6.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/845/oj).
(6) Athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca lotnaidicídí ar an tsubstaint ghníomhach iarann eiliminteach. EFSA Journal [Iris EFSA] 2024;22(10): e9056. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2024.9056.
(7) Rialachán (CE) Uimh. 839/2008 ón gCoimisiún an 31 Iúil 2008 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hIarscríbhinní II, III agus IV maidir le huasleibhéil iarmhar le haghaidh lotnaidicídí i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe (IO L 234, 30.8.2008, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/839/oj).
(8) Athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca lotnaidicídí ar an tsubstaint ghníomhach ola ráibe. EFSA Journal [Iris EFSA] 2022;20(5): e07305. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2022.7305.
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 mar a leanas:
|
(1) |
an tagairt d’fhonóta 1 tar éis na hiontrála ‘Olaí plandaí/Ola ráibe’, scriostar an tagairt sin; |
|
(2) |
cuirtear na hiontrálacha seo a leanas leis: ‘ Betabaculovirus phoperculellae; Iarann eiliminteach’. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2473/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)