European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2472

5.12.2025

CINNEADH (CBES) 2025/2472 ÓN gCOMHAIRLE

an 4 Nollaig 2025

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2023/1599 maidir le Tionscnamh Slándála agus Cosanta an Aontais Eorpaigh mar thaca le tíortha na hAfraice Thiar i Murascaill na Guine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 42(4) agus Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 3 Lúnasa 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/1599 (1), lenar bunaíodh Tionscnamh Slándála agus Cosanta an Aontais Eorpaigh mar thaca le tíortha na hAfraice Thiar i Murascaill na Guine (‘an Tionscnamh’) i mBeinin agus i nGána ar feadh 2 bhliain ó seoladh é.

(2)

An 25 Meán Fómhair 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/2066 (2), lenar bunaíodh an Tionscnamh i dTóga agus sa Chósta Eabhair freisin.

(3)

An 11 Nollaig 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/2786 (3) lenar seoladh an Tionscnamh.

(4)

An 9 Iúil 2025, i gcomhthéacs an Athbhreithnithe Straitéisigh ar an Tionscnamh, chomhaontaigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála gur cheart síneadh a chur leis an Tionscnamh go dtí an 31 Nollaig 2027.

(5)

Bunaítear an Tionscnamh le colún sibhialtach agus colún míleata. De bhun Airteagal 41(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), muirearaítear caiteachas oibríochtúil a eascraíonn as colún sibhialtach an Tionscnaimh ar bhuiséad an Aontais, agus seasann na Ballstáit caiteachas oibríochtúil a eascraíonn as colún míleata an Tionscnaimh i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 (4) ón gComhairle. Dá bhrí sin, ba cheart méid tagartha don cholún sibhialtach agus méid tagartha don cholún míleata a bhronnadh ar an Tionscnamh don tréimhse go dtí an 31 Nollaig 2027.

(6)

Ba cheart Cinneadh (CBES) 2023/1599 a leasú dá réir sin.

(7)

Cuirfear an Tionscnamh i gcrích i gcomhthéacs staid a d’fhéadfadh dul in olcas agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 21 de CAE,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear, leis seo, Cinneadh (CBES) 2023/1599 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 10(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

‘EUR 9 676 375,90 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais atá beartaithe chun an caiteachas a bhaineann leis an gcolún sibhialtach a chumhdach ar feadh na tréimhse ón 11 /Nollaig 2025 go dtí an 31 Nollaig 2027.’

;

(2)

in Airteagal 15, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘4.   EUR 10 589 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais le haghaidh na gcostas coiteann a bhaineann leis an gcolún míleata ar feadh na tréimhse ón 11 Nollaig 2025 go dtí an 31 Nollaig 2027. Is é a bheidh sa chéatadán den mhéid tagartha sin dá dtagraítear in Airteagal 51(2) de Chinneadh (CBES) 2021/509 0 % le haghaidh gealltanas agus 0 % le haghaidh íocaíochtaí.’

;

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 22:

‘2.   Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 31 Nollaig 2027.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Nollaig 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

T. DANIELSEN


(1)  Cinneadh (CBES) 2023/1599 ón gComhairle an 3 Lúnasa 2023 maidir le Tionscnamh Slándála agus Cosanta an Aontais Eorpaigh mar thaca le tíortha na hAfraice Thiar i Murascaill na Guine (IO L 196, 4.8.2023, lch. 25, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1599/oj).

(2)  Cinneadh (CBES) 2023/2066 ón gComhairle an 25 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2023/1599 maidir le Tionscnamh Slándála agus Cosanta an Aontais Eorpaigh mar thaca le tíortha na hAfraice Thiar i Murascaill na Guine (IO L 238, 27.9.2023, lch. 141, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2066/oj).

(3)  Cinneadh (CBES) 2023/2786 ón gComhairle an 11 Nollaig 2023 lena seoltar Tionscnamh Slándála agus Cosanta an Aontais Eorpaigh mar thaca le tíortha na hAfraice Thiar i Murascaill na Guine (IO L, 2023/2786, 12.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2786/oj).

(4)  Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena mbunaítear Saoráid Síochána Eorpach, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lch. 14, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/509/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2472/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)