European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2468

4.12.2025

CINNEADH (AE) 2025/2468 ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Samhain 2025

lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann maidir le limistéar coiteann sláintíochta agus fíteashláintíochta idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe i ndáil leis an mBreatain Mhór agus chun córais trádála astaíochtaí gás ceaptha teasa na Ríochta Aontaithe agus an Aontais a nascadh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, agus Airteagal 192(1), i gcomhar le hAirteagal 218(3) agus (4) de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá feidhm ag an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (‘an Comhaontú Trádála agus Comhair’) (1), ón 1 Eanáir 2021 i leith. In éineacht leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (‘an Comhaontú um Tharraingt Siar’) (2), is é is bunchloch don chaidreamh déthaobhach idir an tAontas agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (‘an Ríocht Aontaithe’).

(2)

An 31 Nollaig 2020, nuair a tháinig deireadh leis an idirthréimhse dá bhforáiltear sa Chomhaontú um Tharraingt Siar, scoir dlí an Aontais d’fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe, agus tháinig an Prótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i bhfeidhm (dá ngairtear ‘Creat Windsor’ anois) (3), ar dlúthchuid den Chomhaontú um Tharraingt Siar é.

(3)

Ón 1 Eanáir 2021 i leith, tá limistéir sláintíochta agus fíteashláintíochta an Aontais, ar thaobh amháin, agus na Ríochta Aontaithe, ar an taobh eile, scartha óna chéile, agus dá bhrí sin tá feidhm ag reachtaíocht agus beartais ar leithligh maidir leo. Mar sin féin, tá feidhm ag rialacha sláintíochta agus fíteashláintíochta an Aontais agus ag rialacha ábhartha eile maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe a mhéid a bhaineann le Tuaisceart Éireann de bhua Chreat Windsor.

(4)

Ón 1 Eanáir 2021 i leith, tá córais trádála astaíochtaí gás ceaptha teasa ar leithligh ag an Aontas agus ag an Ríocht Aontaithe cé is moite de Thuaisceart Éireann, áit a bhfuil feidhm ag córas trádála astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais a mhéid a bhaineann sé le margaí mórdhíola leictreachais i gcomhréir le hAirteagal 9 de Chreat Windsor agus le hIarscríbhinn 4 a ghabhann leis.

(5)

Foráiltear le hAirteagal 764 den Chomhaontú Trádála agus Comhair gur gné fhíor-riachtanach den chomhpháirtíocht arna bunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair é an comhrac i gcoinne an athraithe aeráide agus gur gné fhíor-riachtanach de chomhaontuithe forlíontacha a bheidh ann amach anseo é freisin.

(6)

I gcomhréir le hAirteagal 392(6) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, tá an tAontas agus an Ríocht Aontaithe le dianmhachnamh a dhéanamh ar a gcórais praghsála carbóin faoi seach a nascadh ar bhealach lena gcaomhnófar sláine na gcóras sin agus lena bhforáiltear, b’fhéidir, dá n-éifeachtacht a mhéadú.

(7)

Foráiltear le hAirteagal 25(1a) de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) maidir leis an bhféidearthacht comhaontuithe a thabhairt i gcrích le tríú tíortha maidir le haitheantas frithpháirteach lamháltas idir córais trádála astaíochtaí gás ceaptha teasa.

(8)

Ceanglaítear le Treoir 2003/87/CE go mbeidh aon chóras trádála astaíochtaí tríú tír den sórt sin éigeantach agus bunaithe ar dhearbh-uasteorainneacha astaíochtaí. Tá na critéir sin á gcomhlíonadh faoi láthair ag córas trádála astaíochtaí gás ceaptha teasa na Ríochta Aontaithe.

(9)

I gcomhréir le hAirteagal 2(4) agus (6) de Rialachán (AE) 2023/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), níl feidhm ag an Rialachán sin maidir le hearraí de thionscnamh tríú tír a bhfuil comhaontú tugtha i gcrích ag an Aontas leo lena nasctar go hiomlán córas trádála astaíochtaí an Aontais agus córas trádála astaíochtaí an tríú tír sin agus a chomhlíonann na coinníollacha ábhartha uile.

(10)

Tar éis chruinniú mullaigh na Ríochta Aontaithe agus an Aontais Eorpaigh an 19 Bealtaine 2025, mhol an Coimisiún Eorpach go gcuirfí tús leis an gcaibidlíocht leis an Ríocht Aontaithe le haghaidh comhaontuithe maidir le limistéar coiteann sláintíochta agus fíteashláintíochta agus maidir le córais trádála astaíochtaí gás ceaptha teasa na Ríochta Aontaithe agus an Aontais a nascadh.

(11)

Dá bhrí sin, ba cheart tús a chur leis an gcaibidlíocht d’fhonn dhá chomhaontú ar leith a thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe: comhaontú maidir le limistéar coiteann sláintíochta agus fíteashláintíochta agus comhaontú chun córais trádála astaíochtaí gás ceaptha teasa na Ríochta Aontaithe agus an Aontais a nascadh. Ba cheart an Coimisiún a ainmniú mar idirbheartaí an Aontais,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Leis seo, údaraítear an Coimisiún na comhaontuithe seo a leanas a chaibidil leis an Ríocht Aontaithe, thar ceann an Aontais:

(a)

comhaontú maidir le limistéar coiteann sláintíochta agus fíteashláintíochta idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe i ndáil leis an mBreatain Mhór; agus

(b)

comhaontú chun córais trádála astaíochtaí gás ceaptha teasa na Ríochta Aontaithe agus an Aontais a nascadh.

2.   Seolfar an chaibidlíocht ar bhonn na dtreoracha caibidlíochta ón gComhairle a leagtar amach san Aguisín a ghabhann leis an gCinneadh seo, faoi réir aon treoracha a fhéadfaidh an Chomhairle a eisiúint ina dhiaidh sin chuig an gCoimisiún.

Airteagal 2

Leis seo, déantar an Coimisiún a ainmniú mar idirbheartaí an Aontais.

Airteagal 3

Seolfar an chaibidlíocht i gcomhairle leis an Meitheal um an Ríocht Aontaithe, ag gníomhú di mar choiste speisialta i gcomhréir le hAirteagal 218(4) den Chonradh.

Airteagal 4

Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Samhain 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

S. LOSE


(1)   IO L 149, 30.4.2021, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2021/689(1)/oj.

(2)   IO L 29, 31.1.2020, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/withd_2020/sign.

(3)  Tagraítear don Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann, arna leasú le Cinneadh Uimh. 1/2023 ó Chomhchoiste an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar, mar Chreat Windsor anois, i gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Uimh. 1/2023 ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe (IO L 102, 17.4.2023, lch. 87).

(4)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle, (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/87/oj).

(5)  Rialachán (AE) 2023/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena mbunaítear sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (IO L 130, 16.5.2023, lch. 52, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/956/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2468/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)