European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2456

12.12.2025

TREOIR (AE) 2025/2456 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Samhain 2025

lena leasaítear Treoir 2011/65/AE a mhéid a bhaineann le hathshannadh cúraimí eolaíocha agus teicniúla don Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I dteachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 dar teideal The Green Deal [an Comhaontú Glas don Eoraip], leagtar síos mar chuspóir gur cheart aistriú i dtreo cur chuige ‘substaint amháin, measúnú amháin’ i leith measúnuithe ar shábháilteacht ceimiceán, agus iarradh inti go mbeadh próisis measúnaithe riosca níos trédhearcaí agus níos simplí chun an t-ualach ar na páirtithe leasmhara uile a laghdú, chun dlús a chur le cinnteoireacht agus chun comhsheasmhacht agus intuarthacht na gcinntí eolaíocha agus na dtuairimí eolaíocha a mhéadú. Is é an chonclúid a bhí i dteachtaireacht ón gCoimisiúin an 14 Deireadh Fómhair 2020 dar dteideal Chemicals Strategy for Sustainability Towards a Toxic-Free Environment [Straitéis Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht i dTreo Timpeallacht Saor ó Thocsainí] gur gá, chun an cuspóir sin a bhaint amach, cuid den obair eolaíoch agus theicniúil ar cheimiceáin a dhéantar ar leibhéal an Aontais mar thaca le dlí an Aontais a athshannadh do na gníomhaireachtaí is oiriúnaí den Aontas. Leis sin, dhéanfaí an leagan amach reatha a shimpliú, chuirfí feabhas ar cháilíocht agus comhleanúnachas na measúnuithe sábháilteachta ar fud dhlí an Aontais, agus d’áiritheofaí go mbainfí úsáid níos éifeachtúla as na hacmhainní atá ann cheana. Meastar chomh maith go gcuirfidh an cur chuige sin cost-éifeachtúlacht agus iomaíochas chun cinn trí nósanna imeachta rialála a shimpliú agus na hualaí riaracháin a laghdú, agus á áirithiú ar an gcaoi sin gur féidir le gnóthaí iad féin a chur in oiriúint go héifeachtúil do chreataí rialála athraitheacha.

(2)

Is gá cúraimí eolaíocha agus teicniúla áirithe a athshannadh don Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (‘an Ghníomhaireacht’) chun próisis agus leibhéil an ghrinnscrúdaithe eolaíoch agus an digitithe a ailíniú le caighdeáin agus próisis reatha na Gníomhaireachta. Tá gá leis na cúraimí sin a athshannadh freisin chun caighdeán comhsheasmhach cáilíochta eolaíche, trédhearcachta, inchuardaitheachta sonraí agus idir-inoibritheachta a áirithiú, i gcomhréir leis an gcur chuige ‘substaint amháin, measúnú amháin’. Thairis sin, le digitiú agus cuíchóiriú na bpróiseas, laghdófar dúbailt iarrachtaí agus moilleanna riaracháin, rud a sholáthróidh coigilteas suntasach costais agus gnóthachain éifeachtúlachta do na Ballstáit agus d’oibreoirí eacnamaíocha araon.

(3)

Is é is aidhm don leasú ar Threoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) cúraimí, ualach oibre agus sainchúram choistí eolaíocha na Gníomhaireachta a leathnú. Chun saineolas leormhaith, tacaíocht leormhaith agus meastóireachtaí eolaíocha críochnúla a sholáthar, ba cheart acmhainní iomchuí agus cobhsaí agus rialachas na gcoistí eolaíocha a áirithiú. I ndáil leis sin, is iomchuí foráil a dhéanamh do chlásal athbhreithniúcháin chun a áirithiú go gcuirfidh an Coimisiún san áireamh aon fhorbairtí rialála amach anseo a bhaineann le rialachas choistí eolaíocha na Gníomhaireachta chun, más gá, athbhreithniú a dhéanamh ar Threoir 2011/65/AE dá réir sin.

(4)

I dTreoir 2011/65/AE, tá dhá nós imeachta a bhaineann le measúnú ceimiceán: an mheastóireacht ar iarratais na n-oibreoirí eacnamaíocha ar dhíolúine ó na srianta ar shubstaintí a dheonú, a athnuachan nó a chúlghairm agus an t-athbhreithniú ar shubstaintí atá le cur le liosta na substaintí srianta. Is gá trédhearcacht a mhéadú trí chéimeanna mionsonraithe nós imeachta a leagan síos don phróiseas chun athbhreithniú a dhéanamh ar shubstaintí d’fhonn iad a áireamh ar liosta na substaintí srianta.

(5)

Is féidir na sonraí agus an fhaisnéis atá i seilbh na Gníomhaireachta i gcomhthéacs na bpróiseas rialála faoi Theidil VII agus VIII de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) a úsáid ar bhealach úsáideach chun measúnú a dhéanamh ar shrianta féideartha ar shubstaintí agus chun measúnú a dhéanamh ar iarratais ar dhíolúine faoi Threoir 2011/65/AE. Is féidir le struchtúir sheanbhunaithe agus nósanna imeachta seanbhunaithe cuidiú le tógáil ar an mbonn eolais atá ann cheana, sineirgí a uasmhéadú agus an úsáid is fearr a bhaint as an saineolas agus na hacmhainní atá ar fáil.

(6)

Chun comhsheasmhacht a áirithiú idir an mheastóireacht ar iarratais na n-oibreoirí eacnamaíocha ar dhíolúine a dheonú, a athnuachan nó a chúlghairm de bhun Airteagal 5 de Threoir 2011/65/AE, agus chun an úsáid is fearr a bhaint as saineolas atá ann cheana a bhaineann le ceimiceáin, ba cheart don Ghníomhaireacht agus a coistí an mheastóireacht theicniúil a dhéanamh, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, chun measúnú a dhéanamh ar an údar atá leis na hiarratais sin ar dhíolúine.

(7)

Ba cheart an fhaisnéis a thíolactar sa leagan rúnda d’iarratas ar dhíolúine a bheith faoi réir measúnú ag an nGníomhaireacht. Ba cheart don mheasúnú sin dlí an Aontais maidir le sonraí rúnda agus cosaint sonraí pearsanta a chomhlíonadh, go háirithe maidir le critéir maidir le scaipeadh agus rúndacht a bunaíodh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006.

(8)

Meastar go n-éileofar, le formhór na n-iarratas ar dhíolúine, saineolas an Choiste um Anailís Shocheacnamaíoch a cuireadh ar bun de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006. Ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle le hionadaithe na mBallstát agus treoirlínte á nglacadh aige maidir le rannpháirtíocht an Choiste um Measúnú Riosca.

(9)

Chun a áirithiú go mbeidh an próiseas srianta dá bhforáiltear i dTreoir 2011/65/AE i gcomhréir leis na próisis srianta faoi ghníomhartha dlí eile a bhaineann le ceimiceáin, agus go háirithe an próiseas maidir le srianadh ar shubstaintí a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, ba cheart Treoir 2011/65/AE a leasú chun ról sa phróiseas srianta a shannadh go foirmiúil don Ghníomhaireacht. I bhfianaise na taithí a fuarthas agus athbhreithnithe ar shubstaintí á ndéanamh, tá sé fíor-riachtanach, le haghaidh cháilíocht an mheasúnaithe theicniúil ghaolmhair agus ionas go mbeidh sineirgí ann, úsáid a bhaint as faisnéis agus uirlisí atá á n-úsáid i gcomhthéacs measúnuithe ar shrianta ceimiceacha faoi Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006.

(10)

Ba cheart athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar liosta na substaintí srianta dá dtagraítear i dTreoir 2011/65/AE chun ardleibhéal cosanta do shláinte an duine, don chomhshaol agus do shábháilteacht an tomhaltóra a áirithiú. Is iomchuí athbhreithnithe den sórt sin a dhéanamh gach 4 bliana ar a laghad, agus forbairtí sa mhargadh agus dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch á gcur san áireamh, agus é á chur san áireamh gur féidir leis na Ballstáit sainchomhaid maidir le srianta a thíolacadh aon tráth agus gur féidir bearta sriantacha cothrománacha a thionscnamh agus a ghlacadh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) nó faoi dhlí eile de chuid an Aontais maidir le critéir inbhuanaitheachta le haghaidh substaintí guaiseacha agus ceimiceáin ghuaiseacha.

(11)

Is féidir leis an nGníomhaireacht treoraíocht a fhorbairt maidir leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2011/65/AE a thugtar isteach leis an Treoir seo. Ina theannta sin, i gcás inarb ábhartha, is féidir tagairt a dhéanamh don treoraíocht atá ar fáil cheana maidir le hIarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 i ndáil le haidhm shonrach Threoir 2011/65/AE agus na critéir a leagtar síos in Airteagal 6(1) den Treoir sin.

(12)

Tá an dá nós imeachta a dtugtar tuairisc orthu faoi Airteagal 5 agus Airteagal 6 de Threoir 2011/65/EU infheidhme ar leibhéal an Aontais. Níor cheart d’fhorálacha náisiúnta imeacht ó na hAirteagail sin.

(13)

Chun a áirithiú go mbeidh an Treoir seo i gcomhréir le haon leasú a dhéanfar amach anseo ar Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, agus le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais a bheidh ann amach anseo maidir le critéir inbhuanaitheachta le haghaidh substaintí guaiseacha agus ceimiceáin ghuaiseacha, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar cibé acu an bhfuil gá le tuilleadh leasuithe ar fhorálacha Threoir 2011/65/AE chun leasú a dhéanamh ar na rialacha a bhaineann leis na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir sin a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil agus ar na rialacha a bhaineann leis an leasú ar liosta na substaintí srianta in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin. I gcás inarb iomchuí, ba cheart don Choimisiún leasuithe ar Threoir 2011/65/AE a mholadh i dtograí amach anseo maidir le critéir inbhuanaitheachta le haghaidh substaintí guaiseacha agus ceimiceáin ghuaiseacha nó i ngníomhartha dlí eile de chuid an Aontais a bheidh ann amach anseo maidir le critéir inbhuanaitheachta le haghaidh substaintí guaiseacha agus ceimiceáin ghuaiseacha.

(14)

Chun forálacha nós imeachta a leasú faoi Threoir 2011/65/AE, is gá foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse 20 mí chun gur féidir leithdháileadh iomchuí acmhainní agus sannadh iomchuí cúraimí a dhéanamh i leith na Gníomhaireachta. Meastar gur leordhóthanach an tráthchlár sin chun ligean d’iarratasóirí féideartha nó do na Ballstáit dul in oiriúint do na céimeanna nós imeachta modhnaithe faoin Treoir sin.

(15)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2011/65/AE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir 2011/65/AE

Leasaítear Treoir 2011/65/AE mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 3 agus 4:

‘3.   Déanfar iarratas ar dhíolúine a dheonú, a athnuachan nó a chúlghairm chuig an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán a cuireadh ar bun de bhun Airteagal 75(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (“an Ghníomhaireacht”) i gcomhréir le hIarscríbhinn V.

4.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas:

(a)

a admháil go bhfuair sí iarratas laistigh de 15 lá tar éis é a fháil, agus an dáta a fuarthas an t-iarratas á lua aici;

(b)

ar iarratas a fháil, fógra a thabhairt don Choimisiún faoin iarratas agus é a choimeád ar an eolas faoi aon cheann de na céimeanna nós imeachta faoi phointí (c) go (g) agus faoin dara fomhír, faoin tríú fomhír agus faoin gceathrú fomhír;

(c)

a fhíorú go bhfuil na heilimintí uile a leagtar amach in Iarscríbhinn V san iarratas;

(d)

más gá agus laistigh de 45 lá ón iarratas a fháil:

(i)

a iarraidh ar an iarratasóir an t-iarratas a chomhlánú; agus

(ii)

sprioc-am iomchuí 60 lá ar a mhéad a leagan síos chun an t-iarratas a chomhlánú.

(e)

an t-iarratas agus aon fhaisnéis fhorlíontach a sholáthraíonn an t-iarratasóir a chur ar fáil do na Ballstáit;

(f)

achoimre ar an iarratas agus leagan neamhrúnda den iarratas sin a chur ar fáil don phobal ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta, chomh maith leis an dáta a measann an Ghníomhaireacht go bhfuil an t-iarratas iomlán;

(g)

a iarradh ar pháirtithe leasmhara faisnéis a thíolacadh laistigh de 3 mhí ón dáta a gcuirtear an t-iarratas ar fáil i gcomhréir le pointe (f).

Más rud é nach féidir leis an nGníomhaireacht an sprioc-am 45 lá dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (d), a chomhlíonadh de thoradh mhéid agus chastacht an iarratais, cuirfidh an Ghníomhaireacht an t-iarratasóir ar an eolas faoi aon fhadú ar an sprioc-am agus faoi na cúiseanna atá leis, a luaithe is féidir, agus in aon chás roimh dheireadh na tréimhse sin.

Féadfaidh an Ghníomhaireacht an sprioc-am dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (d)(ii), a fhadú más rud é nach féidir an sprioc-am sin a chomhlíonadh de thoradh mhéid agus chastacht an iarratais agus ar choinníoll go gcuirfidh an t-iarratasóir iarraidh réasúnaithe ar fhadú isteach sula rachaidh an sprioc-am 60 lá in éag. Déanfaidh an Ghníomhaireacht cinneadh maidir le fadú den sórt sin laistigh de 5 lá oibre ón iarraidh a fháil.

I gcás nach gcomhlánaíonn an t-iarratasóir an t-iarratas, i gcomhréir le hIarscríbhinn V, leis na heilimintí a shainaithin an Ghníomhaireacht mar eilimintí atá in easnamh, laistigh den sprioc-am a leagtar síos i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, pointe (d)(ii), agus leis an dara fomhír agus leis an tríú fomhír, den Airteagal seo, diúltóidh an Ghníomhaireacht don iarratas. Déanfaidh an Ghníomhaireacht an dáta a measfar an t-iarratas a bheith iomlán a bhunú agus a chur in iúl don iarratasóir gan mhoill.’

;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘4a.   A luaithe a mheasfaidh an Ghníomhaireacht go bhfuil an t-iarratas iomlán, iarrfaidh sí tuairim ón gCoiste um Anailís Shocheacnamaíoch, a cuireadh ar bun de bhun Airteagal 76(1), pointe (d), de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (“an Coiste um Anailís Shocheacnamaíoch”). Chomh maith leis sin, iarrfaidh an Ghníomhaireacht tuairim ón gCoiste um Measúnú Riosca, a cuireadh ar bun de bhun Airteagal 76(1), pointe (c), de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (“an Coiste um Measúnú Riosca”), i gcás iarratas ar dhíolúine nua, nó i gcás ina meastar gurb iomchuí sin ar shlí eile.

Maidir leis an gCoiste um Anailís Shocheacnamaíoch agus, i gcás inarb ábhartha, an Coiste um Measúnú Riosca:

(a)

tarraingeoidh siad suas dréacht-tuairimí laistigh de 9 mí ón dáta a mheasann an Ghníomhaireacht go bhfuil an t-iarratas iomlán;

(b)

déanfaidh siad measúnú i dtaobh an bhfuil na critéir in Airteagal 5(1), pointe (a), á gcomhlíonadh;

(c)

tabharfaidh siad treoraíocht shoiléir don Choimisiún maidir le díolúine a dheonú, a athnuachan nó a chúlghairm;

(d)

féadfaidh siad a iarraidh ar an iarratasóir nó ar thríú páirtithe faisnéis bhreise a thíolacadh laistigh de thréimhse shonraithe;

(e)

ar na dréacht-tuairimí a ghlacadh, cuirfidh siad na dréacht-tuairimí sin in iúl don iarratasóir agus tabharfaidh siad deis don iarratasóir barúil a thabhairt laistigh de 4 seachtaine ó na dréacht-tuairimí sin a chur in iúl;

(f)

glacfaidh siad a dtuairimí críochnaitheacha, agus na barúlacha ón iarratasóir á gcur san áireamh acu.

Cuirfidh gach Coiste aon fhaisnéis arna tíolacadh ag tríú páirtithe, i gcomhréir leis an dara fomhír, pointe (d), san áireamh.

Cuirfidh an Ghníomhaireacht na tuairimí críochnaitheacha ó na Coistí chuig an gCoimisiún laistigh de 12 mhí ón dáta a measann an Ghníomhaireacht go bhfuil an t-iarratas iomlán.

Sainaithneoidh an Ghníomhaireacht cad iad na codanna de na tuairimí sin, lena n-áirítear aon cheangaltáin a ghabhann leo, atá le cur ar fáil go poiblí ar a suíomh gréasáin. Cuirfidh an Ghníomhaireacht na codanna sin, agus aon iarrataí a dhéantar i gcomhréir leis an dara fomhír, pointe (d), ar fáil don phobal ar a suíomh gréasáin.

Chun tuairimí a ghlacadh de bhun na míre seo, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 87 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006.’

;

(c)

cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 5:

‘5.   Déanfar iarratas ar dhíolúine a athnuachan tráth nach déanaí ná 18 mí sula rachaidh an díolúine in éag. Glacfaidh an Coimisiún an cinneadh maidir leis an iarratas laistigh de 9 mí tar éis na tuairimí a fháil ón nGníomhaireacht de bhun mhír 4a, an ceathrú fomhír. Beidh an díolúine reatha fós bailí go dtí go mbeidh cinneadh maidir leis an iarratas ar athnuachan glactha ag an gCoimisiún.’

;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

‘8.   Bunóidh an Ghníomhaireacht, i gcomhaontú leis an gCoimisiún, formáid chomhchuibhithe le haghaidh na n-iarratas dá dtagraítear i mír 3, mar aon le treoirlínte cuimsitheacha maidir le hiarratais den sórt sin, agus staid na FBManna á cur san áireamh. Déanfar aon iarratas chuig an nGníomhaireacht trí úsáid a bhaint as an bhformáid chomhchuibhithe sin agus as uirlisí tíolactha arna gcur ar fáil ag an nGníomhaireacht.’

;

(e)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘9.   Foilseoidh an Coimisiún treoirlínte chun cur i bhfeidhm comhchuibhithe an Airteagail seo a éascú.’

;

(2)

leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘D’fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach agus prionsabal an réamhchúraim á chur san áireamh, smaoineoidh an Coimisiún ar athbhreithniú, bunaithe ar mheasúnú cuimsitheach, agus leasú a dhéanamh ar liosta na substaintí srianta in Iarscríbhinn II ar bhonn tréimhsiúil agus gach 4 bliana ar a laghad, ar a thionscnamh féin nó tar éis sainchomhad maidir le srianta arna ullmhú ag Ballstát ina bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 a thíolacadh.’

;

(ii)

scriostar an ceathrú fomhír.

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Beidh an t-athbhreithniú agus an leasú ar liosta na substaintí srianta, nó grúpa substaintí comhchosúla, in Iarscríbhinn II bunaithe ar shainchomhaid maidir le srianta arna n-ullmhú ag an nGníomhaireacht arna iarraidh sin don Choimisiún nó arna n-ullmhú ag Ballstát.

Agus sainchomhaid srianta á n-ullmhú, déanfaidh an Ghníomhaireacht nó Ballstát aon fhaisnéis atá ar fáil agus aon mheasúnú ábhartha a tíolacadh chun críoch gníomhartha eile dlí de chuid an Aontais lena gcumhdaítear aon chuid de shaolré na substainte a úsáidtear in TLL, go háirithe an chéim dramhaíola, a chur san áireamh. Chuige sin, déanfaidh comhlachtaí eile arna mbunú faoi dhlí an Aontais agus a bhfuil cúraimí comhchosúla á ndéanamh acu faisnéis a sholáthar don Ghníomhaireacht nó don Bhallstát lena mbaineann arna iarraidh sin.

Comhlíonfar na ceanglais a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo leis na sainchomhaid maidir le srianta agus, thairis sin, beidh an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn Va iontu.’

;

(3)

cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach:

‘Airteagal 6a

Nós imeachta a thionscnamh maidir le hathbhreithniú agus leasú a dhéanamh ar liosta na substaintí srianta

1.   Laistigh de 12 mhí ón iarraidh dá dtagraítear in Airteagal 6(2), an chéad fhomhír, a fháil ón gCoimisiún, ullmhóidh an Ghníomhaireacht sainchomhad maidir le srianta i gcomhréir le hAirteagal 6(2), agus molfaidh sí srianta chun an nós imeachta a thionscnamh maidir le hathbhreithniú agus leasú a dhéanamh ar liosta na substaintí srianta (“an próiseas srianta”).

2.   I gcás ina bhfuil rún ag Ballstát sainchomhad maidir le srianta a ullmhú, tabharfaidh sé fógra don Ghníomhaireacht 12 mhí ar a laghad roimh thíolacadh an tsainchomhaid sin maidir le srianta. Má léirítear sa sainchomhad sin maidir le srianta go bhfuil gá le gníomhaíocht ar bhonn uile-Aontais, de bhreis ar aon bheart atá i bhfeidhm cheana féin, cuirfidh an Ballstát an sainchomhad faoi bhráid na Gníomhaireachta chun an próiseas srianta a thionscnamh.

3.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht, gan mhoill, rún an Choimisiúin nó an Bhallstáit an próiseas srianta a thionscnamh a chur ar fáil ar a suíomh gréasáin.

4.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht liosta a bhunú agus a choinneáil ar bun de na substaintí dá bhfuil sainchomhad maidir le srianta beartaithe nó a bhfuil sainchomhad den sórt sin á ullmhú ag an nGníomhaireacht nó ag Ballstát ina leith chun críoch sriain a mholtar.

5.   Rachaidh an Ghníomhaireacht i gcomhairle leis an gCoiste um Measúnú Riosca agus leis an gCoiste um Anailís Shocheacnamaíoch. Fíoróidh na Coistí an gcomhlíontar na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 6(2) leis an sainchomhad maidir le srianta arna thíolacadh.

Laistigh de 30 lá ón sainchomhad maidir le srianta a fháil, cuirfidh na Coistí in iúl don Ghníomhaireacht nó don Bhallstát a bhfuil na srianta á moladh aige i dtaobh an gcomhlíontar na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 6(2) leis an sainchomhad. Mura gcomhlíontar na ceanglais sin leis an sainchomhad, tabharfaidh na Coistí na cúiseanna a bhí leis sin don Ghníomhaireacht nó don Bhallstát i scríbhinn laistigh de 45 lá ón sainchomhad sin a fháil. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht nó an Ballstát an sainchomhad chun comhréireachta laistigh de 60 lá ón dáta a fhaightear na cúiseanna ó na Coistí, mura ndéantar sin, déanfar an nós imeachta faoin Airteagal seo a fhoirceannadh.

6.   I gcás ina gcomhlíontar na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 6(2), leis an sainchomhad maidir le srianta, cuirfidh an Ghníomhaireacht ar fáil don phobal é gan mhoill, agus an dáta foilsithe á shonrú go soiléir aici. Iarrfaidh an Ghníomhaireacht ar gach páirtí leasmhar, lena n-áirítear oibreoirí eacnamaíocha, athchúrsálaithe, oibreoirí cóireála, eagraíochtaí comhshaoil agus comhlachais fostaithe agus tomhaltóirí an méid seo a leanas a thíolacadh, ar bhonn aonair nó i gcomhpháirt, laistigh de 4 mhí ó dháta foilsithe an tsainchomhaid:

(a)

barúlacha maidir leis an sainchomhad maidir le srianta agus na srianta a mholtar;

(b)

anailís shocheacnamaíoch, lena n-áirítear anailís ar ionadaigh fhéideartha agus ar roghanna malartacha eile, nó faisnéis atá ábhartha don scrúdú a dhéantar ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le ceann de na srianta a mholtar.

Leis an anailís shocheacnamaíoch dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), comhlíonfar na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn XVI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 a bhaineann leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 6(1) den Treoir seo.

Airteagal 6b

Tuairim ó Choistí na Gníomhaireachta

1.   Laistigh de 12 mhí ón dáta foilsithe dá dtagraítear in Airteagal 6a(6), glacfaidh an Coiste um Measúnú Riosca tuairim i dtaobh an bhfuil an srian iomchuí maidir leis na héifeachtaí díobhálacha agus an nochtadh dá dtagraítear in Airteagal 6(1) a laghdú. Cuirfear an sainchomhad maidir le srianta arna ullmhú ag an nGníomhaireacht, arna iarraidh sin don Choimisiún nó don Bhallstát, agus barúlacha na bpáirtithe leasmhara arna dtíolacadh de bhun Airteagal 6a(6), pointe (a), san áireamh sa tuairim sin.

2.   Laistigh de 15 mhí ón dáta foilsithe dá dtagraítear in Airteagal 6a(6), glacfaidh an Coiste um Anailís Shocheacnamaíoch tuairim maidir leis na srianta a mholtar, bunaithe ar a bhreithniú ar na codanna ábhartha den sainchomhad agus ar thionchar socheacnamaíoch na srianta a mholtar, agus aon anailís nó faisnéis atá ann cheana arna tíolacadh de bhun Airteagal 6a(6), pointe (b), á cur san áireamh.

Sula nglacfaidh sé a thuairim, ullmhóidh an Coiste um Anailís Shocheacnamaíoch dréacht den tuairim sin agus cuirfidh sé faoi bhráid na Gníomhaireachta é.

3.   Foilseoidh an Ghníomhaireacht an dréacht-tuairim ón gCoiste um Anailís Shocheacnamaíoch ar a suíomh gréasáin gan mhoill agus tabharfaidh sí cuireadh do pháirtithe leasmhara a mbarúlacha a sholáthar maidir leis an dréacht-tuairim tráth nach déanaí ná 60 lá ó fhoilsiú na dréacht-tuairime sin.

4.   Glacfaidh an Coiste um Anailís Shocheacnamaíoch a thuairim gan mhoill, agus barúlacha ó na páirtithe leasmhara arna dtíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 6a(6), pointe (a), agus mhír 3 den Airteagal seo á gcur san áireamh

5.   I gcás ina bhfuil difríocht shuntasach idir an tuairim ón gCoiste um Measúnú Riosca agus na srianta a mholtar, cuirfidh an Ghníomhaireacht an sprioc-am don tuairim ón gCoiste um Anailís Shocheacnamaíoch ar athló ar feadh 90 lá ar a mhéad.

6.   Chun tuairimí a ghlacadh de bhun an Airteagail seo, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 87 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006.

Airteagal 6c

Tuairim a chur faoi bhráid an Choimisiúin

1.   Cuirfidh an Ghníomhaireacht tuairimí ón gCoiste um Measúnú Riosca agus ón gCoiste um Anailís Shocheacnamaíoch arna nglacadh de bhun Airteagal 6b faoi bhráid an Choimisiúin gan mhoill. I gcás ina bhfuil difríocht shuntasach idir na tuairimí ón gCoiste um Measúnú Riosca agus ón gCoiste um Anailís Shocheacnamaíoch agus na srianta a mholtar, cuirfidh an Ghníomhaireacht nóta míniúcháin faoi bhráid an Choimisiúin ina dtabharfar míniú mionsonraithe ar na cúiseanna atá leis na difríochtaí sin. Mura nglacann Coiste amháin nó an dá Choiste tuairim faoi na sprioc-amanna a leagtar síos in Airteagal 6b(1) agus (2), cuirfidh an Ghníomhaireacht an Coimisiún ar an eolas dá réir sin, agus luafaidh sí na cúiseanna.

2.   Foilseoidh an Ghníomhaireacht na tuairimí ón gCoiste um Measúnú Riosca agus ón gCoiste um Anailís Shocheacnamaíoch ar a suíomh gréasáin gan mhoill.

3.   Cuirfidh an Ghníomhaireacht gach doiciméad agus fianaise a cuireadh faoina bráid nó a bhreithnigh sí ar fáil don Choimisiún nó don Bhallstát arna iarraidh sin.’

;

(4)

leasaítear Airteagal 20 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Déanfar an chumhacht chun na gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 4(2), Airteagal 5(1) agus Airteagal 6 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 21 Iúil 2011. Déanfaidh an Coimisiún, 6 mhí ar a dhéanaí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le cumhachtaí tarmligthe. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go ndéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle é a chúlghairm i gcomhréir le hAirteagal 21.’

;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘1a.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*1).

(*1)   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2016/512/oj.’;"

(5)

in Airteagal 24, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘3.   Agus aird chuí á tabhairt ar aon fhorbairtí rialála a bhaineann le stádas na n-acmhainní agus le stádas rialachas choistí eolaíocha na Gníomhaireachta, déanfaidh an Coimisiún faireachán ar an staid maidir le cúraimí, ualach oibre agus sainchúram na gcoistí eolaíocha, agus, i gcás inar gá, déanfaidh sé togra reachtach a thíolacadh chun an Treoir seo a leasú dá réir sin.’

;

(6)

in Iarscríbhinn V, cuirtear an mhír seo a leanas léi:

‘I gcásanna dá dtagraítear sa chéad mhír, pointe (h), tíolacfaidh an t-iarratasóir leagan neamhrúnda den iarratas.’

;

(7)

déantar an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo a chur léi mar Iarscríbhinn Va.

Airteagal 2

Cur i bhfeidhm

Beidh feidhm ag an Treoir seo ón 13 Lúnasa 2027.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna déanamh in Strasbourg, an 26 Samhain 2025.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BJERRE


(1)   IO C, C/2024/3381, 31.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3381/oj.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Deireadh Fómhair 2025 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 13 Samhain 2025.

(3)  Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (IO L 174, 1.7.2011, lch. 88, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2011/65/oj).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2006/1907/oj).

(5)  Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha (IO L 169, 25.6.2019, lch. 45, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1021/oj).


IARSCRÍBHINN

‘IARSCRÍBHINN Va

Sainchomhaid le haghaidh moltaí maidir le srianta

Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sna moltaí chun athbhreithniú a dhéanamh ar liosta na substaintí srianta, nó grúpa substaintí comhchosúla, in Iarscríbhinn II agus chun an liosta sin a leasú:

(1)

aitheantas na substainte nó na substaintí;

(2)

foclaíocht bheacht agus shoiléir na hiontrála den srian a mholtar in Iarscríbhinn II;

(3)

tagairtí agus fianaise eolaíoch le haghaidh an tsrianta sin;

(4)

faisnéis maidir le húsáid na substainte nó maidir le húsáid an ghrúpa substaintí comhchosúla in TLL;

(5)

faisnéis maidir leis na héifeachtaí díobhálacha agus neamhchosaint go háirithe le linn oibríochtaí bainistithe dramhaíola TLL;

(6)

faisnéis maidir le hionadaigh fhéideartha agus substaintí malartacha eile, agus maidir lena n-infhaighteacht agus lena n-iontaofacht;

(7)

an t-údar le srian uile-Aontais a bhreithniú mar an beart is iomchuí;

(8)

measúnú socheacnamaíoch.’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2025/2456/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)