European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2450

11.12.2025

TREOIR (AE) 2025/2450 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Samhain 2025

lena leasaítear Treoir 2009/38/CE a mhéid a bhaineann le bunú agus feidhmiú Comhairlí Oibreacha Eorpacha agus forfheidhmiú éifeachtach na gceart chun fostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo i ndáil le gnóthaí trasnáisiúnta

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 153(2), pointe (b), i gcomhar le hAirteagal 153(1), pointe (e), de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 27 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’), ní mór a ráthú, ar gach leibhéal iomchuí, go gcuirtear oibrithe nó dá gcuid ionadaithe ar an eolas agus go rachfaí i gcomhairle leo in am trátha, sna cásanna agus faoi na coinníollacha dá bhforáiltear le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta agus le cleachtais náisiúnta. Athdhearbhaítear le Prionsabal Uimh. 8 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta go bhfuil an ceart ag oibrithe nó ag a n-ionadaithe go gcuirfí ar an eolas iad agus go rachfaí i gcomhairle leo in am trátha maidir le hábhair a bhaineann leo.

(2)

Maidir le cúrsaí trasnáisiúnta, féachann cuspóir Threoir 2009/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) le héifeacht phraiticiúil a thabhairt do na bunphrionsabail sin trí íoscheanglais a leagan síos maidir le fostaithe i ngnóthais ar leibhéal an Chomhphobail agus i ngrúpaí gnóthas ar leibhéal an Chomhphobail a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo.

(3)

Ina mheastóireacht ar Threoir 2009/38/CE an 15 Bealtaine 2018, dheimhnigh an Coimisiún breisluach agus ábharthacht na Treorach sin i bprionsabal. Mheas sé go bhfuil go leor d’fhorálacha na Treorach sách solúbtha chun freastal ar réaltachtaí teicneolaíocha agus eacnamaíocha atá ag athrú i rith an ama agus freastal freisin ar chineálacha éagsúla gnóthais nó grúpa. Mar shampla, tá feidhm aici maidir le gach grúpa gnóthas ar leibhéal an Chomhphobail, gan beann ar chineál na socruithe dlíthiúla lena gceadaítear feidhmiú an tionchair cheannasaigh idir na gnóthais rialaitheacha agus na gnóthais faoi rialú atá i ngrúpaí den sórt sin. Dá bhrí sin, is féidir le gnóthais atá nasctha, mar shampla, trí chomhaontuithe saincheadúnais nó trí chomhaontuithe ceadúnais, teacht faoi shainmhíniú an ghrúpa gnóthas ar leibhéal an Chomhphobail, ar choinníoll go mbunaítear an tionchar ceannasach.

(4)

Mar sin féin, shainaithin meastóireacht an Choimisiúin easnaimh freisin, mar shampla, maidir le héifeachtacht an phróisis comhairliúcháin, an rochtain ar cheartas, pionóis agus an léirmhíniú ar choincheapa áirithe.

(5)

An 2 Feabhra 2023, ghlac Parlaimint na hEorpa, de bhun Airteagal 225 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), rún reachtach féintionscnaimh ina bhfuil moltaí maidir le hathbhreithniú ar Threoir 2009/38/CE. Ina dhiaidh sin, rinne an Coimisiún comhairliúchán dhá chéim leis na comhpháirtithe sóisialta de bhun Airteagal 154 CFAE maidir leis an ngá atá le bearta agus ábhar féideartha beart chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh Threoir 2009/38/CE. Bhailigh an Coimisiún fianaise freisin trí staidéar ina ndearnadh suirbhé spriocdhírithe ar líne, agallaimh le páirtithe leasmhara, ceardlanna agus anailís ar chásdlí náisiúnta agus forálacha ábhartha sa dlí náisiúnta.

(6)

Léirítear san fhianaise go raibh an éiginnteacht dhlíthiúil maidir leis an gcoincheap ‘gnóthaí trasnáisiúnta’ ina cúis le difríochtaí sa léirmhíniú agus le díospóidí. Chun an deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus an baol go dtarlódh díospóidí mar sin a laghdú, ní mór an coincheap ‘gnóthaí trasnáisiúnta’ a shoiléiriú. Chuige sin, is iomchuí a shoiléiriú go gcumhdaítear le Treoir 2009/38/CE, ní hamháin cásanna inar féidir coinne a bheith leis go réasúnta go mbeadh tionchar ag bearta atá á mbeartú ag lucht bainistithe gnóthais nó grúpa gnóthas ar fhostaithe an ghnóthais nó an ghrúpa sin nó ar fhostaithe de chuid aon bhunaíochta de chuid an ghnóthais nó an ghrúpa sin, i níos mó ná Ballstát amháin, ach freisin cásanna inar féidir coinne a bheith leis go réasúnta nach mbeadh tionchar ag na bearta sin ach ar na fostaithe i mBallstát amháin, ach gur féidir coinne a bheith leis go réasúnta freisin go mbeadh tionchar ag iarmhairtí na mbeart sin ar na fostaithe i mBallstát amháin eile ar a laghad. Tá gá leis an soiléiriú sin i bhfianaise cásanna ina bhfuil sé ar intinn ag gnóthas bearta a dhéanamh, mar shampla dífhostú, iomarcaíochtaí, leithdháileadh gníomhaíochtaí táirgeachta nó seachfhoinsiú gníomhaíochtaí, ina bhfuiltear ag díriú go sainráite ar bhunaíochtaí i mBallstát amháin ach ar féidir coinne a bheith leis go réasúnta go mbeidh iarmhairtí acu a bheidh tionchar acu ar fhostaithe an ghnóthais, an ghrúpa sin nó ar fhostaithe de chuid aon bhunaíochta de chuid an ghnóthais nó an ghrúpa sin, i mBallstát eile, mar shampla de bharr athruithe sa slabhra soláthair trasteorann nó sna gníomhaíochtaí táirgeachta trasteorann. Cumhdaíonn coincheap na ngnóthaí trasnáisiúnta bearta a d’fhéadfadh tionchar a bheith acu ar fhostaithe ar bhealach substaintiúil, seachas ar bhealach neafaiseach, agus nach mbaineann ach amháin le fostaithe aonair nó le gnáthchinntí oibríochtúla. Chuige sin, ba cheart a shoiléiriú go bhfuil raon na n-éifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag cúrsaí trasnáisiúnta ar an lucht saothair agus leibhéal an lucht bainistíochta lena mbaineann le cur san áireamh chun cinneadh a dhéanamh an dtagann ábhar faoi inniúlacht Comhairle Oibreacha Eorpaí.

(7)

Áirítear ceanglais normatacha sna sainmhínithe ar ‘cur ar an eolas’ agus ‘dul i gcomhairle’ i dTreoir 2009/38/CE. Ar mhaithe le comhleanúnachas agus soiléireacht dhlíthiúil, is iomchuí na forálacha normatacha sin a aistriú chuig an airteagal maidir le hoibriú na Comhairle Oibreacha Eorpaí agus an nós imeachta chun oibrithe a chur ar an eolas agus chun dul i gcomhairle leo.

(8)

Is leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta a rialaítear toghadh agus ceapadh ionadaithe na bhfostaithe. Tá éagsúlacht sna córais náisiúnta ó Bhallstát go Ballstát ó thaobh ionadaithe na bhfostaithe a ainmniú agus a thoghadh. Is féidir le hionadaithe na bhfostaithe a bheith ina n-ionadaithe ceardchumainn, i gcás ina bhforáiltear amhlaidh i ndlí náisiúnta nó i gcleachtas náisiúnta an Bhallstáit.

(9)

D’fhonn comhaontú a thabhairt i gcrích chun Comhairle Oibreacha Eorpach a bhunú, ceanglaítear ar an lucht bainistíochta lárnach dul i mbun caibidlíochta le comhlacht speisialta caibidlíochta a dhéanann ionadaíocht ar fhostaithe. Chun an deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú i ndáil leis sin, ba cheart a shoiléiriú go gceanglaítear ar an lucht bainistíochta lárnach líon leordhóthanach cruinnithe a thionól leis an gcomhlacht speisialta caibidlíochta lena mbeidh an dá pháirtí in ann teacht ar an gcomhaontú.

(10)

D’fhéadfadh sé go mbeadh comhairle dlí de dhíth ar chomhaltaí na gcomhlachtaí speisialta caibidlíochta chun na cúraimí atá orthu faoi Threoir 2009/38/CE a chur i gcrích. Mar sin féin, níl sé soiléir go leor go bhfuil siad i dteideal na táillí dlíthiúla gaolmhara a bheith cumhdaithe dóibh. Chuige sin, ba cheart a shoiléiriú go n-iompróidh an lucht bainistíochta lárnach na costais sin nuair a thabhaíonn comhaltaí de chomhlachtaí speisialta caibidlíochta iad. Ba cheart do chomhlachtaí speisialta caibidlíochta fógra a thabhairt roimh ré don lucht bainistíochta lárnach faoi na costais sin. I gcás nach eol méid beacht na gcostas roimh ré, ba cheart meastachán ar na costais, lena n-áirítear faisnéis faoi chineál an chostais, a chur in iúl don lucht bainistíochta lárnach. Is iomchuí dliteanas an lucht bainistíochta lárnaigh a theorannú do chostais dlí réasúnta chun a áirithiú nach mbeidh an lucht bainistíochta lárnach faoi dhliteanas costais ar léir iad a bheith díréireach, costais nach bhfuil nasc cuí acu le soláthar comhairle dlí ábhartha, nó costais arna nginiúint le héilimh ar follasach iad a bheith gan bhunús, suaibhreosach nó cráiteach. Thairis sin, le Treoir 2009/38/CE, tugtar lánrogha do na Ballstáit rialacha buiséadacha a leagan síos maidir le feidhmiú comhlachtaí speisialta caibidlíochta agus feidhmiú Comhairlí Oibreacha Eorpacha bunaithe ar cheanglais choimhdeacha, ag féachaint don phrionsabal nach mór don lucht bainistíochta lárnach na costais a bhaineann le stiúradh iomchuí fheidhmeanna an chomhlachta speisialta caibidlíochta a íoc. Dá bhrí sin, na forálacha i dTreoir 2009/38/CE lena dtagraítear do líon na saineolaithe atá le cistiú ag an lucht bainistíochta lárnach, tá siad iomarcach, agus ba cheart iad a scriosadh.

(11)

Le Treoir 2009/38/CE, ceanglaítear ar na páirtithe i gcomhaontú maidir le Comhairle Oibreacha Eorpach ionad chruinnithe a chinneadh don Chomhairle Oibreacha Eorpach. Ba cheart do na páirtithe sin formáid na gcruinnithe sin a chinneadh freisin, is é sin le rá cibé le láithreacht phearsanta, ar líne nó hibrideach a bheidh siad, chun, inter alia, aon amhras a sheachaint maidir lena saoirse, ar thaobh amháin, cuid de na cruinnithe nó na cruinnithe uile a reáchtáil i dtimpeallacht fhíorúil, trí bhíthin uirlisí cruinnithe ar líne, rud a laghdódh lorg comhshaoil na gcruinnithe i gcomhréir le spriocanna laghdaithe astaíochtaí an Aontais, spriocanna laghdaithe astaíochtaí náisiúnta agus spriocanna laghdaithe astaíochtaí cuideachta, agus lena n-áiritheofaí go ndéanfaí fostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo ar bhealach fóinteach éifeachtúil agus ar chostais níos ísle chomhshaoil agus airgeadais, agus ar an taobh eile, cruinnithe ar an láthair a reáchtáil lena bhféadfaí timpeallacht iontaofachta a chur ar fáil, muinín a chothú agus an deis a thabhairt go ndéanfaí cumarsáid ó dhuine go duine.

(12)

D’fhéadfadh éiginnteacht agus díospóidí a bheith ann freisin maidir le costais áirithe a chumhdach agus maidir le rochtain a fháil ar acmhainní áirithe le linn fheidhmiú na gComhairlí Oibreacha Eorpacha. I gcomhréir le prionsabal neamhspleáchas na bpáirtithe, is iomchuí a cheangal go ndéanfar cineálacha áirithe acmhainní airgeadais agus ábharacha a chinneadh go sonrach i gcomhaontuithe na Comhairle Oibreacha Eorpaí, is é sin le rá, mar shampla, an cúnamh a d’fhéadfaí a fháil ó shaineolaithe – ar nós ionadaithe d’eagraíochtaí aitheanta de cheardchumainn ar leibhéal an Aontais, saineolaithe teicniúla ábhair nó saineolaithe dlí – táillí saineolaithe a chumhdach agus go bhféadfaí saineolaithe a bheith páirteach i gcruinnithe. Ba cheart aghaidh a thabhairt sna comhaontuithe freisin ar oiliúint ábhartha a sholáthar do chomhaltaí na Comhairle Oibreacha Eorpaí, agus ar chostais ghaolmhara a chumhdach, gan dochar don cheanglas an oiliúint riachtanach a sholáthar de bhun Threoir 2009/38/CE.

(13)

Maidir leis an gceanglas i dTreoir 2009/38/CE go gcuirfí san áireamh, i gcás inar féidir, an gá atá le hionadaíocht chothrom fostaithe ó thaobh a n-inscne de agus comhdhéanamh na gComhairlí Oibreacha Eorpacha á chinneadh, is léir gur neamhleor é chun cothromaíocht inscne a chur chun cinn. Tá mná fós faoi ghannionadaíocht i bhformhór na gComhairlí Oibreacha Eorpacha. Dá bhrí sin, is gá cuspóirí níos éifeachtaí agus níos sonraí a leagan síos maidir le hionadaíocht atá cothrom ó thaobh inscne de, cuspóirí a bheidh le cur chun feidhme ag an mbainistíocht agus ag ionadaithe na bhfostaithe nuair a bhíonn a gcomhaontuithe á gcaibidil nó á n-athchaibidil acu. Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá i gcásanna áirithe le tosaíocht a thabhairt don inscne tearcionadaithe nuair a dhéantar Comhairlí Oibreacha Eorpacha nó a roghchoistí a chur le chéile. I gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (4), is féidir gníomhaíocht dhearfach den sórt sin a dhéanamh, i gcomhréir le prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná, ar choinníoll nach dtugtar tosaíocht go huathoibríoch agus gan choinníoll do dhaoine d’inscne áirithe trí na bearta a dhéantar chun cuspóir na cothromaíochta inscne a bhaint amach, ach gur féidir critéir eile a chur san áireamh, amhail tuillteanais agus cáilíochtaí agus an nós imeachta maidir le toghchán arna bhunú leis na dlíthe náisiúnta ábhartha. Dá bhrí sin, ba cheart an tsolúbthacht is gá a bheith ag na Páirtithe i gcomhaontuithe na Comhairle Oibreacha Eorpaí chun na srianta dlíthiúla agus fíorasacha ar an ngníomhaíocht dhearfach a urramú. Ar chúiseanna comhchosúla, is iomchuí freisin féachaint leis an gcothromaíocht inscne a bhaint amach i gcomhdhéanamh na gcomhlachtaí speisialta caibidlíochta, chun an chothromaíocht inscne a chur chun cinn le linn chéim na caibidlíochta cheana féin.

(14)

Léiríonn fianaise go gcuirtear moill uaireanta ar thionscnamh na caibidlíochta thar an tréimhse 6 mhí dá bhforáiltear i dTreoir 2009/38/CE. I gcásanna áirithe, ní ghníomhaíonn an bhainistíocht ná ní dhiúltaíonn sí go sainráite, ach oiread, tús a chur le caibidlíocht tar éis iarraidh a fháil go ndéanfar Comhairle Oibreacha Eorpach a bhunú. Dá bhrí sin, ba cheart a shonrú go mbeidh feidhm ag na ceanglais choimhdeacha a leagtar síos i dTreoir 2009/38/CE i gcás nach dtionóltar an chéad chruinniú den chomhlacht caibidlíochta speisialta laistigh de 6 mhí tar éis na hiarrata go mbunófaí Chomhairle Oibreacha Eorpach, gan beann ar cé acu a dhiúltaíonn nó nach ndiúltaíonn an lucht bainistíochta lárnach go sainráite tús a chur leis an gcaibidlíocht.

(15)

Agus faisnéis íogair á comhroinnt le comhaltaí na gcomhlachtaí speisialta caibidlíochta, comhaltaí na gComhairlí Oibreacha Eorpacha, nó ionadaithe na bhfostaithe faoi chuimsiú nós imeachta chun fostaithe a chur ar an eolas agus chun dul i gcomhairle leo, féadfaidh an lucht bainistíochta lárnach a cheangal go ndéanfaí an fhaisnéis sin a chomhroinnt ar bhealach rúnda agus nach nochtfaí a thuilleadh ná sin í. Chun nach n-úsáidfear na srianta rúndachta sin ar bhealach iomarcach agus chun forálacha ábhartha Threoir 2009/38/CE a ailíniú leis na forálacha comhfhreagracha i dTreoir 2002/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), ba cheart nach mbeifí in ann srianta rúndachta a úsáid ach amháin chun leas dlisteanach an ghnóthais lena mbaineann a chosaint. Ba cheart a mheasúnú cibé a bhfuil nó nach bhfuil leas dlisteanach den sórt sin ann ar bhonn critéir oibiachtúla atá le leagan síos sa dlí náisiúnta. Thairis sin, agus faisnéis á comhroinnt ar bhealach rúnda, ba cheart a cheangal ar an lucht bainistíochta lárnach cúiseanna na rúndachta a chur ar fáil. Níor cheart feidhm a bheith ag an srian rúndachta ach amháin chomh fada agus a mhaireann cúiseanna na rúndachta. Trí shocruithe leordhóthanacha a chur ar bun chun rúndacht faisnéise íogaire a chosaint, féadfar muinín a chothú agus comhroinnt na faisnéise sin a éascú, agus leasanna gnó agus oibrithe á gcosaint, lena n-áirítear rioscaí méadaitheacha, ar nós mar shampla na spiaireachta tionsclaíche, a sheachaint.

(16)

Maidir leis an lucht bainistíochta lárnach gan aon fhaisnéis a tharchur chuig comhaltaí na gcomhlachtaí speisialta caibidlíochta, chuig comhaltaí na gComhairlí Oibreacha Eorpacha, nó chuig ionadaithe na bhfostaithe faoi chuimsiú nós imeachta chun fostaithe a chur ar an eolas agus chun dul i gcomhairle leo, ba cheart é sin a theorannú do chásanna ina ndéanfadh an tarchur sin dochar tromchúiseach d’fheidhmiú na ngnóthas lena mbaineann. Ar chúiseanna trédhearcachta agus ar mhaithe le sásamh éifeachtach, ba cheart a cheangal ar an lucht bainistíochta lárnach freisin na cúiseanna is údar le neamh-tharchur na faisnéise a shonrú ar bhealach lena gceadaítear grinnscrúdú dlíthiúil leordhóthanach, agus gan aon fhaisnéis atá faoi chosaint a nochtadh ag an am céanna.

(17)

D’fhonn an tsoiléireacht dhlíthiúil a mhéadú, is iomchuí na forálacha a leagan síos maidir le tarchur faisnéise atá faoi rún agus maidir le neamh-tharchur na faisnéise in dhá airteagal ar leith. Thairis sin, an fhoráil lena gceadaítear do Bhallstáit rialacha ar leith a leagan síos do ghnóthais a bhfuil aidhm na treoraíochta idé-eolaíochta á saothrú acu, ba cheart í a aistriú chuig airteagal maidir leis an ngaol le forálacha náisiúnta eile, toisc go mbaineann sí le cur chun feidhme cheanglais Threoir 2009/38/CE ar bhonn níos leithne.

(18)

D’fhéadfadh cinntí i ndáil le gnóthaí trasnáisiúnta iarmhairtí forleathana a bheith acu d’fhostaithe, i gcás amhail iomarcaíochtaí a eascraíonn as pleananna gnó, pleananna sóisialta nó nuálaíochtaí i bpróisis. Chun dul i gcomhairle ar bhealach éifeachtach le fostaithe i ndáil le gnóthaí trasnáisiúnta, teastaíonn fíor-idirphlé idir an lucht bainistíochta lárnach agus na Comhairlí Oibreacha Eorpacha, nó ionadaithe na bhfostaithe faoi chuimsiú nós imeachta chun fostaithe a chur ar an eolas agus chun dul i gcomhairle leo. Tugann sé sin le tuiscint gur cheart fostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo ar bhealach fóinteach tráthúil trínar féidir le hionadaithe na bhfostaithe a dtuairim a chur in iúl sula nglactar an cinneadh. Tugann sé le tuiscint freisin go bhfuil tuairimí a eisíonn Comhairlí Oibreacha Eorpacha nó ionadaithe na bhfostaithe le freagra réasúnaithe a fháil ón lucht bainistíochta lárnach nó ó aon leibhéal eile bainistíochta a bheadh níos iomchuí sula nglactar an cinneadh maidir leis an mbeart atá á bheartú. Ba cheart ceanglas sainráite chuige sin a leagan síos i dTreoir 2009/38/CE chun an deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú.

(19)

I gcomhthéacs fostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo i ndáil le gnóthaí trasnáisiúnta, tá sé tábhachtach a áirithiú gur féidir le gnóthais ar leibhéal an Chomhphobail nó grúpaí gnóthas ar leibhéal an Chomhphobail cinntí a dhéanamh ar bhealach éifeachtach agus nach gcuireann na nósanna imeachta sin chun fostaithe a chur ar an eolas agus chun dul i gcomhairle leo moill mhíchuí ar an bpróiseas cinnteoireachta. Tá sé ríthábhachtach freisin go dtabharfaí a ndóthain ama d’ionadaithe na bhfostaithe chun a dtuairimí a mhúnlú, a chomhordú agus a chur in iúl i ndáil le gnóthaí trasnáisiúnta ar casta iad uaireanta, agus aon socruithe arna gcomhaontú á gcur san áireamh chun nasc a bhunú idir an nós imeachta chun an Chomhairle Oibreacha Eorpach a chur ar an eolas agus chun dul i gcomhairle léi agus comhlachtaí náisiúnta ionadaíochta na bhfostaithe. Chun é a chur ar a gcumas do pháirtithe na cúinsí sin a réiteach sa chleachtas, ba cheart do na híoscheanglais don phróiseas comhairliúcháin leanúint de bheith sách solúbtha le go bhféadfaidís an próiseas a sceidealú de réir mar is iomchuí i bhfianaise chúinsí agus ábhar faoi seach an chomhairliúcháin. Seachas fráma docht ama a leagan síos ina bhféadfaí ionadaithe na bhfostaithe a dtuairim a eisiúint agus an lucht bainistíochta freagra réasúnaithe a thabhairt, is iomchuí a fhoráil don phrionsabal go bhfuil an comhairliúchán le déanamh laistigh de thréimhse réasúnach ama, agus leibhéal práinne an ábhair á chur san áireamh. Leis an bprionsabal sin, cuirtear ar chumas na bpáirtithe dlús a chur leis an bpróiseas comhairliúcháin i gcásanna práinneacha. Ba cheart a shoiléiriú freisin, i ndáil leis an gceanglas atá ar an mbainistíocht freagra réasúnaithe a thabhairt sula nglactar cinneadh, go bhfuil feidhm ag an gceanglas sin i gcás inar chuir ionadaithe na bhfostaithe a dtuairim in iúl laistigh de thréimhse réasúnach ama, agus na himthosca ábhartha uile á gcur san áireamh, ar nós chastacht nó tábhacht an ábhair, nó gur chun leas na bainistíochta é cinneadh a dhéanamh go pras.

(20)

Ba cheart forálacha Threoir 2009/38/CE maidir le ról agus cosaint ionadaithe na bhfostaithe a leasú chun an tsoiléireacht agus an cruinneas a mhéadú, go háirithe maidir le comhaltaí na gcomhlachtaí speisialta caibidlíochta agus comhaltaí na gComhairlí Oibreacha Eorpacha a chosaint ar fhrithbhearta nó ar dhífhostú a bhaineann le feidhmiú a bhfeidhmeanna. Agus a bhfeidhmeanna á bhfeidhmiú ag comhaltaí na gcomhlachtaí speisialta caibidlíochta, comhaltaí na gComhairlí Oibreacha Eorpacha, agus ionadaithe na bhfostaithe faoi chuimsiú nós imeachta chun fostaithe a chur ar an eolas agus chun dul i gcomhairle leo, ba cheart cosaint agus ráthaíochtaí a bheith acu atá coibhéiseach leis an gcosaint agus na ráthaíochtaí a thugtar d’ionadaithe na bhfostaithe leis an dlí náisiúnta nó sa chleachtas náisiúnta ina dtír fostaíochta.

(21)

Chun díospóidí a sheachaint, ba cheart a shonrú freisin go n-íocfaidh an lucht bainistíochta lárnach as na costais réasúnta a bhaineann le hoiliúint agus costais ghaolmhara chomhaltaí an chomhlachta speisialta caibidlíochta agus chomhaltaí na Comhairle Oibreacha Eorpaí atá riachtanach chun a ndualgais a fheidhmiú, i gcás ina gcuirtear an lucht bainistíochta lárnach ar an eolas faoi na costais sin roimh ré.

(22)

I mBallstáit áirithe, bíonn deacrachtaí ag sealbhóirí ceart faoi Threoir 2009/38/CE caingne dlí a thionscnamh chun a gcearta a fhorfheidhmiú. Dá bhrí sin, is gá oibleagáidí na mBallstát a neartú maidir le leigheasanna éifeachtacha agus rochtain éifeachtach ar cheartas a áirithiú agus is gá an mhaoirseacht a neartú freisin a dhéanann an Coimisiún ar na hoibleagáidí sin a bheith á gcomhlíonadh ag na Ballstáit. Maidir le sealbhóirí ceart faoin Treoir sin, lena n-áirítear comhlachtaí speisialta caibidlíochta agus Comhairlí Oibreacha Eorpacha, ba cheart do na Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta maidir le seasamh dlíthiúil nó maidir le foirm na hionadaíochta dlíthiúla, rochtain ar imeachtaí breithiúnacha a ráthú agus, i gcás inarb ábhartha, rochtain ar imeachtaí riaracháin a ráthú, chun na cearta faoi Threoir 2009/38/CE a fhorfheidhmiú. Thairis sin, ba cheart a shoiléiriú nach mór do na himeachtaí ábhartha forfheidhmiú tráthúil éifeachtach a chumasú. I gcás ina bhforchuireann na Ballstáit nósanna imeachta sainordaitheacha réamhbhreithiúnacha um réiteach lasmuigh den chúirt, tá sé tábhachtach a áirithiú nach gcuirfidh na ceanglais sin cosc ar pháirtithe a gceart rochtana ar an gcóras breithiúnach a fheidhmiú go hiomlán ná nach mbeidh sé dodhéanta nó ródheacair dóibh sa chleachtas a gcearta a fheidhmiú faoi dhlí an Aontais, i ndáil le haon mhoill, aon éifeachtaí ar theorainneacha ama, costais agus bacainní eile a d’fhéadfadh a bheith ann (6). Ba cheart a shoiléiriú, dá réir sin, i dTreoir 2009/38/CE, i gcás ina bhfuil coinníoll leagtha síos ag na Ballstáit nach féidir rochtain a fháil ar imeachtaí breithiúnacha mura cuireadh nós imeachta malartach réitithe díospóide chun feidhme roimh ré, nach dochar an nós imeachta sin don cheart atá ag na páirtithe lena mbaineann imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh. Thairis sin, chun críocha na maoirseachta atá le déanamh ag an gCoimisiún, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoin mbealach agus faoi na himthosca inar féidir le sealbhóirí ceart faoi Threoir 2009/38/CE imeachtaí breithiúnacha agus, i gcás inarb ábhartha, imeachtaí riaracháin a thionscnamh, i ndáil lena gcearta faoin Treoir sin.

(23)

Léiríodh sa mheastóireacht a rinne an Coimisiún in 2018 ar Threoir 2009/38/CE, i ndáil leis na pionóis is infheidhme i gcás neamhchomhlíonadh na gceanglas maidir le fostaithe a chur ar an eolas agus chun dul i gcomhairle leo i ndáil le gnóthaí trasnáisiúnta, gur minic nach mbíonn na pionóis sin sách éifeachtach, sách athchomhairleach nó sách comhréireach. Dá bhrí sin, is iomchuí oibleagáid a leagan síos do na Ballstáit go bhforálfaidís do phionóis éifeachtacha athchomhairleacha chomhréireacha. Ba cheart a fhoráil do phionóis airgid i gcás nach gcomhlíontar na nósanna imeachta chun fostaithe a chur ar an eolas agus chun dul i gcomhairle leo a leagtar amach i dTreoir 2009/38/CE. D’fhéadfaí a fhoráil do chineálacha eile pionós freisin. Chun go mbeidh siad éifeachtach, athchomhairleach agus comhréireach, ba cheart pionóis a chinneadh agus tromchúis, fad agus iarmhairtí an neamhchomhlíonta á gcur san áireamh agus dá mba d’aon ghnó nó trí fhaillí a tharla an neamhchomhlíonadh sin. Chun go mbeidh na pionóis athchomhairleach, ba cheart láimhdeachas an ghnóthais nó an ghrúpa lena mbaineann a chur san áireamh nó ba cheart gur den chineál athchomhairleach céanna a bheadh na pionóis is infheidhme.

(24)

Ba cheart na hacmhainní riachtanacha a bheith ag comhlachtaí speisialta caibidlíochta, ag na Comhairlí Oibreacha Eorpacha, agus, thar a gceann, a gcomhaltaí,, chun costais na hionadaíochta dlíthiúla agus na rannpháirtíochta in imeachtaí breithiúnacha nó, i gcás inarb ábhartha, in imeachtaí riaracháin a chumhdach. D’fhéadfadh na costais sin na costais taistil agus chothaithe a chumhdach a bhaineann le rannpháirtíocht na gcomhaltaí sna himeachtaí sin agus iad ag gníomhú thar ceann an chomhlachta lena mbaineann. Ba cheart do na Ballstáit a fhoráil go n-íocfadh an lucht bainistíochta lárnach costais réasúnta na hionadaíochta dlíthiúla agus na rannpháirtíochta in imeachtaí breithiúnacha agus, i gcás inarb ábhartha, in imeachtaí riaracháin, sin nó ba cheart dóibh bearta coibhéiseacha eile a dhéanamh chun a áirithiú nach gcuirfí cosc de facto, mar gheall ar easpa acmhainní airgeadais, ar chomhlachtaí speisialta caibidlíochta agus ar Chomhairlí Oibreacha Eorpacha páirt a ghlacadh in imeachtaí breithiúnacha agus, i gcás inarb ábhartha, in imeachtaí riaracháin. D’fhéadfaí é sin a bhaint amach, mar shampla, trína cheangal go leithdháilfí buiséad oibríochtúil iomchuí ar Chomhairlí Oibreacha Eorpacha, trí chistí dlúthpháirtíochta a chur ar bun ar an leibhéal náisiúnta, trí árachais a sholáthar lena gcumhdaítear costais dlí, trí rochtain ar chúnamh dlíthiúil a dheonú in imthosca áirithe nó trí fhorálacha eile i gcomhréir leis an dlí agus an cleachtas náisiúnta.

(25)

Maidir le gnóthais a bhfuil comhaontú acu i ndáil le fostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo maidir le gnóthaí trasnáisiúnta a tugadh i gcrích roimh an 23 Meán Fómhair 1996, is é sin le rá roimh dháta chur i bhfeidhm Threoir 94/45/CE ón gComhairle (7), tá na gnóthais sin díolmhaithe ó chur i bhfeidhm na n-oibleagáidí a eascraíonn as Treoir 2009/38/CE. Maidir leis na comhlachtaí chun fostaithe a chur ar an eolas agus chun dul i gcomhairle leo a bunaíodh faoi na comhaontaithe sin, tugadh i gcrích iad agus leanann siad de bheith ag oibriú lasmuigh de raon feidhme dhlí an Aontais. Ní fhoráiltear le Treoir 2009/38/CE gur féidir le fostaithe sna gnóthais dhíolmhaithe a iarraidh go mbunófaí Comhairle Oibreacha Eorpach faoin Treoir sin. Mar sin féin, ar chúiseanna na soiléireachta dlíthiúla, na córa comhionainne agus na héifeachtachta, ba cheart, i bprionsabal, é a bheith de cheart ag fostaithe agus ag a gcuid ionadaithe i ngach gnóthas ar leibhéal an Chomhphobail, nó i ngach grúpa gnóthas ar leibhéal an Chomhphobail, a iarraidh go mbunófaí Comhairle Oibreacha Eorpach. Anois, beagnach 30 bliain ó bunaíodh an creat reachtach lenar leagadh síos íoscheanglais ar leibhéal an Aontais maidir le fostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo i ndáil le gnóthaí trasnáisiúnta, tá forlámhas ag na cúiseanna sin thar fhorais i ndáil le leanúnachas do chomhaontuithe a bhí ann cheana, arbh iadsan ba chúis i gcéaduair leis an díolúine. Ba cheart, dá bhrí sin, an díolúine sin a scriosadh, gan dochar do stádas dlíthiúil na gcomhaontuithe sin, a leanann de bheith faoi rialú na rialacha náisiúnta is infheidhme. I ngnóthais a bhfuil na comhaontuithe sin acu, an chaibidlíocht chun Comhairlí Oibreacha Eorpacha a bhunú, ba cheart í a thionscnamh agus a sheoladh faoi réir an nós imeachta dá bhforáiltear i dTreoir 2009/38/CE, agus ba cheart an tréimhse a dtagann na cheanglais choimhdeacha i bhfeidhm ina diaidh a laghdú ó 3 bliana go 2 bhliain, i gcomhréir leis an tréimhse is infheidhme maidir le comhaontuithe na gComhairlí Oibreacha Eorpacha atá ann cheana a oiriúnú.

(26)

Thairis sin, ar na cúiseanna céanna, ba cheart feidhm a bheith ag na híoscheanglais chéanna maidir le gach gnóthas ar leibhéal an Chomhphobail a bhfuil Comhairlí Oibreacha Eorpacha aige a oibríonn faoi Threoir 2009/38/CE agus maidir leis na gnóthais sin inar síníodh nó inar athbhreithníodh comhaontú um Chomhairle Oibreacha Eorpach idir an 5 Meitheamh 2009 agus an 5 Meitheamh 2011. Dá bhrí sin, ba cheart díolúine na ngnóthas sin ó chur i bhfeidhm Threoir 2009/38/CE a scriosadh freisin.

(27)

Na Comhairlí Oibreacha Eorpacha a oibríonn ar bhonn na gceanglas coimhdeach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2009/38/CE, tá sé de cheart acu cruinniú a bheith acu leis an lucht bainistíocha lárnach uair sa bhliain, go gcuirfear ar an eolas iad agus go rachfar i gcomhairle leo maidir le dul chun cinn ghnó an ghnóthais ábhartha ar leibhéal an Chomhphobail, nó an ghrúpa gnóthas ar leibhéal an Chomhphobail, agus maidir lena bhfuil i ndán don ghnóthas. Le gur láidre na nósanna imeachta chun na Comhairlí Oibreacha Eorpacha sin a chur ar an eolas agus chun dul i gcomhairle leo i ndáil le gnóthaí trasnáisiúnta, is iomchuí líon na ngnáthchruinnithe sin sna ceanglais choimhdeacha a mhéadú go dhá chruinniú a mbeadh láithreacht phearsanta i gceist leo.

(28)

Ina theannta sin, ba cheart athruithe teicniúla áirithe a dhéanamh ar na ceanglais choimhdeacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2009/38/CE chun comhsheasmhacht a áirithiú leis na téarmaí achtacháin.

(29)

Dá bhrí sin, is iomchuí Treoir 2009/38/CE a leasú chun gach gnóthas incháilithe a thabhairt faoina raon feidhme, chun roinnt de phríomhchoincheapa na Treorach sin a shoiléiriú, chun feabhas a chur ar an bpróiseas chun fostaithe a chur ar an eolas agus chun dul i gcomhairle leo i ndáil le gnóthaí trasnáisiúnta, agus chun sásamh éifeachtach agus forfheidhmiú éifeachtach a áirithiú.

(30)

De bhun Airteagal 27 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas, tá daoine faoi mhíchumas le bheith in ann a gcearta saothair agus ceardchumainn a fheidhmiú ar bhonn comhionann le daoine eile. Ós rud é go bhfuil an tAontas agus na Ballstáit ina bpáirtithe sa Choinbhinsiún sin, tá Treoir 2009/38/CE agus an reachtaíocht náisiúnta ábhartha le léirmhíniú i gcomhréir leis an bprionsabal sin, mar shampla maidir le hinrochtaineacht agus cóiríocht réasúnta do chomhaltaí comhlachtaí speisialta caibidlíochta, comhaltaí na gComhairlí Oibreacha Eorpacha, agus ionadaithe na bhfostaithe faoi chuimsiú nós imeachta chun fostaithe a chur ar an eolas agus chun dul i gcomhairle leo i ndáil le gnóthaí trasnáisiúnta, agus maidir leis an lucht bainistíochta lárnach na costais ghaolmhara a íoc.

(31)

De bhun Threoracha 2014/23/AE (8), 2014/24/AE (9) agus 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), tá na Ballstáit le bearta iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh oibreoirí eacnamaíocha, tráth a bhíonn conarthaí poiblí á bhfeidhmiú acu, na hoibleagáidí is infheidhme i réimsí an dlí shóisialta agus saothair arna mbunú le dlí an Aontais. Trí chritéir inbhuanaitheachta sóisialta a chomhtháthú, de réir mar is iomchuí, sna critéir dhámhachtana arna gceapadh ag eintitis chonarthacha chun na tairiscintí is buntáistí ó thaobh airgid de a shainaithint, is féidir rannchuidiú le cur chun feidhme éifeachtach na gceanglas faoin Treoir seo. Mar sin féin, ní chruthaítear aon oibleagáid bhreise leis an Treoir seo i ndáil leis na Treoracha sin.

(32)

Agus dlí an Aontais á chur chun feidhme acu, tá na Ballstáit leis na cearta a leagtar amach sa Chairt a urramú agus a gcur i bhfeidhm a chur chun cinn i gcomhréir le hAirteagal 51 den Chairt, lena n-áirítear an ceart chun saoirse comhlachais ar gach leibhéal, go háirithe in ábhair pholaitiúla, cheardchumannachais agus shibhialta, rud a thugann le tuiscint go bhfuil an ceart ag gach duine ceardchumainn a bhunú agus a bheith ina gcomhalta de cheardchumainn chun a leasanna a chosaint.

(33)

Chun a ndóthain ama a thabhairt d’ionadaithe na bhfostaithe agus don lucht bainistíochta lárnach i ngnóthais ar leibhéal an Chomhphobail, nó i ngrúpaí gnóthas ar leibhéal an Chomhphobail, chun na híoscheanglais athbhreithnithe a mheas agus chun ullmhú dá gcur i bhfeidhm, tá sé iomchuí cur i bhfeidhm na bhforálacha arna nglacadh ag na Ballstáit chun an Treoir seo a chomhlíonadh a chur siar 1 bhliain.

(34)

D’fhéadfadh sé, i gcomhaontuithe um Chomhairlí Oibreacha Eorpacha a tugadh i gcrích faoi Threoir 94/45/CE nó 2009/38/CE roimh thrasuí na Treorach seo, nach gcumhdaítear na ceanglais le haghaidh ábhar na gcomhaontuithe sin mar a leasaítear leis an Treoir seo iad. Is iomchuí, dá bhrí sin, a fhoráil do shocruithe idirthréimhseacha lena gcuirfear ar chumas na bpáirtithe sna comhaontuithe sin a gcomhaontuithe a leasú.

(35)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo a áirithiú, eadhon éifeachtacht cheanglais Threoir 2009/38/CE maidir le fostaithe de chuid gnóthas ar leibhéal an Chomhphobail agus de chuid grúpaí gnóthas ar leibhéal an Chomhphobail a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr chineál agus leibhéal trasnáisiúnta intreach na gceanglas sin, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach é in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Treoir 2009/38/CE mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Ní mór fostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo ar an leibhéal ábhartha bainistíochta agus ionadaíochta, de réir an ábhair atá faoi chaibidil. Chun an méid sin a bhaint amach, beidh inniúlacht na Comhairle Oibreacha Eorpaí agus raon feidhme an nós imeachta chun fostaithe a chur ar an eolas agus chun dul i gcomhairle leo le haghaidh fostaithe atá faoi réir na Treorach seo, teoranta do ghnóthaí trasnáisiúnta, agus na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith acu ar an lucht saothair agus leibhéal na bainistíochta lena mbaineann á gcur san áireamh.’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Measfar gnóthaí a bheith ina ngnóthaí trasnáisiúnta i gcás inar féidir coinne a bheith leis go réasúnta go mbainfidh na gnóthaí sin leis an ngnóthas ar leibhéal an Chomhphobail nó leis an ngrúpa gnóthas ar leibhéal an Chomhphobail ina iomláine, nó le dhá ghnóthas nó dhá bhunaíocht ar a laghad de chuid an ghnóthais nó de chuid an ghrúpa sin, lonnaithe in dhá Bhallstát éagsúla ar a laghad.

Measfar na coinníollacha sin a bheith comhlíonta sna cásanna seo a leanas:

(a)

is féidir coinne a bheith leis go réasúnta go mbeidh tionchar ag na bearta arna mbeartú ag bainistíocht an ghnóthais ar leibhéal an Chomhphobail nó an ghrúpa gnóthas ar leibhéal an Chomhphobail ar oibrithe an ghnóthais sin, an ghrúpa sin, nó ar oibrithe d’aon bhunaíocht de chuid an ghnóthais nó an ghrúpa sin, i níos mó ná aon Bhallstát amháin; nó

(b)

is féidir coinne a bheith leis go réasúnta go mbeidh tionchar ag na bearta arna mbeartú ag bainistíocht an ghnóthais ar leibhéal an Chomhphobail nó an ghrúpa gnóthas ar leibhéal an Chomhphobail ar oibrithe an ghnóthais sin, an ghrúpa sin, nó ar oibrithe d’aon bhunaíocht de chuid an ghnóthais nó an ghrúpa sin, i mBallstát amháin, agus ar a gcuid oibrithe i mBallstát eile amháin ar a laghad.’

;

(2)

in Airteagal 2(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (f) agus (g):

‘(f)

ciallaíonn “cur ar an eolas” go ndéanann an fostóir sonraí a tharchur chuig ionadaithe na bhfostaithe chun é a chur ar a gcumas dóibh a bheith ar an eolas faoin ábhar agus é a ghrinniú;

(g)

ciallaíonn “dul i gcomhairle” idirphlé a bhunú agus tuairimí a bheith á gcómhalartú idir ionadaithe na bhfostaithe agus an lucht bainistíochta lárnach nó aon leibhéal eile bainistíochta a bheadh níos iomchuí;’

;

(3)

in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Chun críocha na Treorach seo, ciallaíonn “gnóthas rialaitheach” gnóthas ar féidir leis tionchar ceannasach a imirt ar ghnóthas eile (an gnóthas faoi rialú) de bhua, mar shampla, úinéireacht, rannpháirtíocht airgeadais, nó na rialacha agus na cinntí lena rialaítear é.’

;

(4)

leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Chun an cuspóir a leagtar amach in Airteagal 1(1) a bhaint amach, déanfaidh an lucht bainistíochta lárnach caibidlíocht a thionscnamh chun Comhairle Oibreacha Eorpach nó nós imeachta chun fostaithe a chur ar an eolas agus chun dul i gcomhairle leo, a bhunú, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin i scríbhinn, i gcomhpháirt nó go leithleach, ag ar a laghad 100 fostaí nó a n-ionadaithe in dhá ghnóthas nó dhá bhunaíocht ar a laghad lonnaithe in dhá Bhallstát éagsúla ar a laghad.’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2, pointe (b):

‘(b)

Déanfar comhaltaí an chomhlachta speisialta caibidlíochta a thoghadh nó a cheapadh ar bhealach a fhéachann le hionadaíocht atá cothrom ó thaobh inscne de a bhaint amach, ina mbeidh 40 % de chomhaltaí an chomhlachta speisialta caibidlíochta ina mná agus 40 % ina bhfir, agus i gcomhréir le líon na bhfostaithe atá fostaithe i ngach Ballstát ag an ngnóthas ar leibhéal an Chomhphobail nó ag an ngrúpa gnóthas ar leibhéal an Chomhphobail, trí shuíochán amháin a leithdháileadh i leith gach Ballstáit in aghaidh chion na bhfostaithe atá fostaithe sa Bhallstát sin suas go 10 % nó codán den sciar sin, de líon iomlán na bhfostaithe atá fostaithe sna Ballstáit uile. Mura mbaintear amach cuspóir na cothromaíochta inscne, míneoidh an comhlacht speisialta caibidlíochta, i scríbhinn, na cúiseanna leis sin do na hoibrithe. Murar féidir cuspóir na cothromaíochta inscne a bhaint amach, ní chuirfidh sé sin cosc ar chomhlacht speisialta caibidlíochta a chruthú.’

;

(c)

i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘4.   D’fhonn comhaontú a thabhairt i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 6, tionólfaidh an lucht bainistíochta lárnach líon leordhóthanach cruinnithe caibidlíochta leis an gcomhlacht speisialta caibidlíochta. Cuirfidh sé an lucht bainistíochta áitiúil ar an eolas dá réir sin.’

;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

‘6.   Is ar an lucht bainistíochta lárnach a thitfidh aon chostais a bhaineann leis an gcaibidlíocht dá dtagraítear i mír 3 agus mír 4 chun é a chur ar a chumas don chomhlacht speisialta caibidlíochta a chúram a chur i gcrích ar bhealach iomchuí. Áireofar ar na costais sin costais réasúnta saineolaithe, lena n-áirítear saineolaithe dlí, a mhéid is gá chun na críche sin. Cuirfear an lucht bainistíochta lárnach ar an eolas faoi chostais den sórt sin sula dtabhaítear iad.

I gcomhréir leis an bprionsabal sin, féadfaidh na Ballstáit rialacha buiséadacha a leagan síos maidir le hoibriú an chomhlachta speisialta caibidlíochta.’

;

(5)

leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 2 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (c) agus (d):

‘(c)

na feidhmeanna agus an nós imeachta maidir leis an gComhairle Oibreacha Eorpach a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle léi, mar aon leis na socruithe chun nasc a bhunú idir an nós imeachta chun an Chomhairle Oibreacha Eorpacha a chur ar an eolas agus chun dul i gcomhairle léi agus comhlachtaí náisiúnta ionadaíochta na bhfostaithe, i gcomhréir leis na prionsabail agus na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 1(3) agus Airteagal 9;

(d)

formáid, ionad, minicíocht, agus fad chruinnithe na Comhairle Oibreacha Eorpaí;’

;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (f) agus (g):

‘(f)

na hacmhainní airgeadais agus ábharacha atá le leithdháileadh ar an gComhairle Oibreacha Eorpach, lena n-áirítear ar a laghad i ndáil leis na gnéithe seo a leanas:

(i)

go bhféadfaí úsáid a bhaint as saineolaithe agus go bhféadfadh saineolaithe a bheith rannpháirteach i gcruinnithe, lena n-áirítear saineolaithe dlí agus ionadaithe eagraíochtaí aitheanta ceardchumainn ar leibhéal an Chomhphobail, chun cabhrú leis an gComhairle Oibreacha Eorpach i bhfeidhmiú a feidhmeanna,

(ii)

oiliúint ábhartha a sholáthar do chomhaltaí na Comhairle Oibreacha Eorpaí gan dochar don íoscheanglas in Airteagal 10(4), an chéad fhomhír;

(g)

dáta theacht i bhfeidhm an chomhaontaithe, a fhad, an síneadh a d’fhéadfaí a chur leis, na socruithe chun an comhaontú a leasú nó a fhoirceannadh agus na cásanna ina ndéanfaí an comhaontú a athchaibidil agus an nós imeachta maidir lena athchaibidil, lena n-áirítear, más gá, nuair a thagann athrú ar struchtúr an ghnóthais ar leibhéal an Chomhphobail nó ar struchtúr an ghrúpa gnóthas ar leibhéal an Chomhphobail.’

;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘2a.   Agus comhaontú um Chomhairle Oibreacha Eorpach á chaibidil nó á athchaibidil ag an lucht bainistíochta lárnach agus an comhlacht speisialta caibidlíochta, déanfaidh siad, gan dochar do dhlí agus cleachtas náisiúnta maidir le hionadaithe na bhfostaithe a thoghadh nó a cheapadh, na socruithe riachtanacha a leagan síos agus na hiarrachtaí réasúnta ar fad a dhéanamh chun cuspóir na cothromaíochta inscne a bhaint amach, trína mbeidh ar a laghad 40 % de chomhaltaí na Comhairle Oibreacha Eorpaí ina mná agus 40 % ina bhfir agus, i gcás inarb infheidhme, go mbeidh ar a laghad 40 % de chomhaltaí an roghchoiste ina mná agus 40 % ina bhfir. Mura mbaintear amach cuspóir na cothromaíochta inscne, míneoidh an Chomhairle Oibreacha Eorpach, i scríbhinn, na cúiseanna leis sin do na hoibrithe. Murar féidir cuspóir na cothromaíochta inscne a bhaint amach, ní chuirfidh sé sin cosc ar Chomhairle Oibreacha Eorpach nó ar roghchoiste a chruthú.’

;

(6)

in Airteagal 7(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fleasc:

‘—

i gcás nach dtionólann an lucht bainistíochta lárnach an chéad chruinniú den chomhlacht speisialta caibidlíochta laistigh de 6 mhí tar éis iarraidh de bhun Airteagal 5(1) a fháil,’

;

(7)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

‘Airteagal 8

Faisnéis a sholáthar faoi rún

1.   Forálfaidh na Ballstáit nach bhfuil údarás ag comhaltaí de chomhlachtaí speisialta caibidlíochta, comhaltaí de Chomhairlí Oibreacha Eorpacha, nó ionadaithe na bhfostaithe faoi chuimsiú nós imeachta chun fostaithe a chur ar an eolas agus chun dul i gcomhairle leo, ná aon saineolaithe a thugann cúnamh dóibh, faisnéis a nochtadh ar faisnéis í a sholáthair an lucht bainistíochta lárnach dóibh go sainráite faoi rún, de réir leas dlisteanach an ghnóthais, i gcomhréir le critéir oibiachtúla arna leagan síos ag an mBallstát. Ina theannta sin, féadfaidh an lucht bainistíochta lárnach socruithe iomchuí tarchuir agus stórála a chur ar bun chun cuidiú le rúndacht na faisnéise.

2.   Nuair a sholáthraíonn an lucht bainistíochta lárnach faisnéis faoi rún de bhun mhír 1, maidir le comhaltaí na gcomhlachtaí speisialta caibidlíochta, comhaltaí na gComhairlí Oibreacha Eorpacha, nó ionadaithe na bhfostaithe faoi chuimsiú nós imeachta chun fostaithe a chur ar an eolas agus chun dul i gcomhairle leo, cuirfidh sé ar an eolas iad faoi na cúiseanna is údar leis an bhfaisnéis sin a bheith faoi rún agus cinnfidh sé fad na hoibleagáide rúndacht i gcás inar féidir.

3.   Leanfaidh an oibleagáid rúndachta dá dtagraítear i mír 1 d’fheidhm a bheith aici, cibé áit a mbíonn na daoine dá dtagraítear sa mhír sin, fiú tar éis dhul in éag dá dtéarmaí oifige, go dtí, go mbíonn na cúiseanna ab údar leis an oibleagáid rúndacht imithe i léig.’

;

(8)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 8a

Neamh-tharchur na faisnéise

1.   I gcásanna sonracha agus faoi na coinníollacha agus na teorainneacha a leagtar síos leis an reachtaíocht náisiúnta, forálfaidh na Ballstáit nach bhfuil sé d’oibleagáid ar an lucht bainistíochta lárnach atá lonnaithe ar a gcríoch faisnéis a tharchur chuig comhaltaí na gcomhlachtaí speisialta caibidlíochta nó comhaltaí na gComhairlí Oibreacha Eorpacha, nó chuig ionadaithe na bhfostaithe faoi chuimsiú nós imeachta chun fostaithe a chur ar an eolas agus chun dul i gcomhairle leo, ná chuig aon saineolaithe a thugann cúnamh dóibh, nuair a fhágann cineál na faisnéise sin, i gcomhréir le critéir oibiachtúla arna leagan síos ag an mBallstát, go ndéanfaí dochar tromchúiseach d’fheidhmiú na ngnóthas lena mbaineann dá ndéanfaí an fhaisnéis sin a tharchur.

Féadfaidh Ballstát an díolúine sin a chur faoi réir réamhúdarú riaracháin nó breithiúnach.

2.   I gcás nach dtarchuireann an lucht bainistíochta lárnach faisnéis ar na forais dá dtagraítear i mír 1, maidir le comhaltaí na gcomhlachtaí speisialta caibidlíochta nó comhaltaí na gComhairlí Oibreacha Eorpacha, nó ionadaithe na bhfostaithe faoi chuimsiú nós imeachta chun fostaithe a chur ar an eolas agus chun dul i gcomhairle leo, cuirfidh sé iad ar an eolas faoi na cúiseanna is údar le neamh-tharchur na faisnéise.’

;

(9)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 9 agus 10:

‘Airteagal 9

Oibriú na Comhairle Oibreacha Eorpaí agus an nós imeachta chun oibrithe a chur ar an eolas agus chun dul i gcomhairle leo

1.   Oibreoidh an lucht bainistíochta lárnach agus an Chomhairle Oibreacha Eorpach de mheon an chomhair agus le haird chuí ar a gcearta agus a n-oibleagáidí cómhalartacha.

Beidh feidhm ag an méid sin freisin maidir le comhar idir an lucht bainistíochta lárnach, agus ionadaithe na bhfostaithe faoi chuimsiú nós imeachta chun oibrithe a chur ar an eolas agus chun dul i gcomhairle leo.

2.   Soláthrófar faisnéis faoi ghnóthaí trasnáisiúnta ag tráth, ar bhealach agus leis an ábhar is iomchuí chun é a chur ar a gcumas d’ionadaithe na bhfostaithe grinnmheasúnú a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu agus, i gcás inarb iomchuí, ullmhú do chomhairliúcháin le horgán inniúil an ghnóthais ar leibhéal an Chomhphobail nó an ghrúpa gnóthas ar leibhéal an Chomhphobail. Le soláthar faisnéise den sórt sin, cuirfear san áireamh freisin aon socrú de bhun Airteagal 6(2), pointe (c).

3.   Rachfar i gcomhairle le fostaithe ag tráth, ar bhealach agus faoi ábhar le go gcuirfear ar a gcumas d’ionadaithe na bhfostaithe a dtuairim a chur in iúl sula nglactar an cinneadh, ar bhonn na faisnéise arna soláthar i gcomhréir le mír 2, gan dochar do fhreagrachtaí na bainistíochta, agus laistigh de thréimhse réasúnta ama, agus práinn an ábhair á cur san áireamh. Beidh ionadaithe na bhfostaithe i dteideal freagra réasúnaithe i scríbhinn a fháil ón lucht bainistíochta lárnach nó ó aon leibhéal eile bainistíochta a bheadh níos iomchuí sula nglactar an cinneadh maidir leis na bearta lena mbaineann, ar choinníoll go gcuireann ionadaithe na bhfostaithe a dtuairim in iúl laistigh de thréimhse réasúnta ama i gcomhréir leis an mír seo.

Airteagal 10

Ról agus cosaint ionadaithe na bhfostaithe

1.   Gan dochar d’inniúlacht comhlachtaí nó eagraíochtaí eile i ndáil leis sin, beidh sé de chumas ag ionadaithe na bhfostaithe, lena n-áirítear comhaltaí an chomhlachta speisialta caibidlíochta agus comhaltaí na Comhairle Oibreacha Eorpaí, chun na cearta a eascraíonn as an Treoir seo a chur i bhfeidhm, chun ionadaíocht chomhchoiteann a dhéanamh ar leasanna fhostaithe an ghnóthais ar leibhéal an Chomhphobail nó an ghrúpa gnóthas ar leibhéal an Chomhphobail.

2.   Gan dochar d’Airteagail 8 agus 8a, beidh an ceart agus na modhanna is gá ag comhaltaí na Comhairle Oibreacha Eorpaí chun ionadaithe fhostaithe na mbunaíochtaí nó na ngnóthas i ngrúpa gnóthas ar leibhéal an Chomhphobail nó, in éagmais ionadaithe, chun an lucht saothair ina iomláine, a chur ar an eolas faoi ábhar agus toradh an nós imeachta chun fostaithe a chur ar an eolas agus chun dul i gcomhairle leo, go háirithe roimh chruinnithe leis an lucht bainistíochta lárnach agus i ndiaidh na gcruinnithe sin.

3.   Agus a bhfeidhmeanna á bhfeidhmiú faoin nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 6(3) ag comhaltaí na gcomhlachtaí speisialta caibidlíochta, comhaltaí na gComhairlí Oibreacha Eorpacha, agus ionadaithe na bhfostaithe, beidh cosaint agus ráthaíochtaí acu i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna, atá coibhéiseach leis an gcosaint agus na ráthaíochtaí sin a thugtar d’ionadaithe na bhfostaithe faoin dlí náisiúnta nó faoin gcleachtas atá i bhfeidhm ina dtír fostaíochta.

Beidh feidhm ag an méid sin go háirithe maidir le freastal ar chruinnithe na gcomhlachtaí speisialta caibidlíochta nó na gComhairlí Oibreacha Eorpacha, nó ar aon chruinniú eile faoi chuimsiú an chomhaontaithe dá dtagraítear in Airteagal 6(3), pá a íoc le haghaidh comhaltaí atá ar fhoireann an ghnóthais ar leibhéal an Chomhphobail nó ar fhoireann an ghrúpa gnóthas ar leibhéal an Chomhphobail ar feadh na tréimhse neamhláithreachta is gá chun a ndualgais a chomhlíonadh, mar aon le cosaint ar fhrithbhearta nó ar dhífhostú.

Beidh comhalta de chomhlacht speisialta caibidlíochta nó de Chomhairle Oibreacha Eorpach, nó comhalta malartach an chomhalta sin, ar ball criú de shoitheach farraige é, i dteideal páirt a ghlacadh i gcruinniú den chomhlacht speisialta caibidlíochta nó den Chomhairle Oibreacha Eorpach, nó in aon chruinniú eile faoi aon nósanna imeachta eile arna mbunú de bhun Airteagal 6(3), i gcás nach bhfuil an comhalta nó an comhalta malartach sin ar muir nuair atá an cruinniú ar siúl, nó i gcalafort i dtír nach í an tír ina bhfuil sainchónaí ar an gcuideachta loingseoireachta.

Déanfar cruinnithe a sceidealú, i gcás inarb indéanta, chun rannpháirtíocht a éascú do na comhaltaí nó na comhaltaí malartacha sin ar baill criú de shoitheach farraige iad.

I gcás nach féidir le comhalta de chomhlacht speisialta caibidlíochta nó de Chomhairle Oibreacha Eorpach, nó comhalta malartach an chomhalta sin, ar ball criú de shoitheach farraige é, freastal ar chruinniú, féachfar an féidir úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí nua faisnéise agus cumarsáide.

4.   A mhéid is gá chun a ndualgais ionadaíocha a fheidhmiú i dtimpeallacht idirnáisiúnta, soláthrófar oiliúint do chomhaltaí an chomhlachta speisialta caibidlíochta agus do chomhaltaí na Comhairle Oibreacha Eorpacha gan aon chailliúint tuarastal a bheith i gceist.

Gan dochar do chomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích de bhun Airteagal 6(2), pointe (f), is ar an lucht bainistíochta lárnach a thitfidh costais réasúnta na hoiliúna sin agus na costais ghaolmhara, ar choinníoll gur cuireadh an lucht bainistíochta lárnach ar an eolas fúthu roimh ré.’

;

(10)

leasaítear Airteagal 11 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Forálfaidh na Ballstáit do bhearta iomchuí más rud é nach gcomhlíontar na forálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo. Go sonrach, áiritheoidh siad an méid seo a leanas:

(a)

go bhfuil nósanna imeachta leordhóthanacha ar fáil le go mbeifear in ann na cearta agus oibleagáidí a eascraíonn as an Treoir seo a fhorfheidhmiú go tráthúil agus ar bhealach éifeachtach;

(b)

go mbeidh feidhm ag pionóis atá éifeachtach, athchomhairleach, comhréireach maidir le cásanna ina sáraítear na cearta agus oibleagáidí a eascraíonn as an Treoir seo.

Forálfaidh na Ballstáit do phionóis airgeadais athchomhairleacha i gcás nach gcomhlíontar aon fhorálacha náisiúnta lena dtrasuitear na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 9(2) agus (3). Déanfar pionóis den sórt sin a chinneadh agus na critéir a liostaítear sa tríú fomhír den mhír seo á gcur san áireamh, gan dochar don fhéidearthacht go bhféadfaí a fhoráil do chineálacha eile pionós ina theannta sin.

Chun críocha phointe (b), agus pionóis á gcinneadh acu, cuirfidh na Ballstáit tromchúis, fad agus iarmhairtí an neamhchomhlíonta san áireamh, agus cé acu d’aon ghnó nó trí fhaillí a tharlaíonn an neamhchomhlíonadh sin. I gcás pionóis airgeadais, cuirfidh siad san áireamh freisin láimhdeachas bliantúil an ghnóthais nó an ghrúpa lena mbaineann, nó áiritheoidh siad go mbeidh éifeacht athchomhairleach chomhréireach ag na pionóis is infheidhme.’

;

(b)

leasaítear mír 3 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘3.   Forálfaidh na Ballstáit d’imeachtaí breithiúnacha agus, i gcás inarb ábhartha, imeachtaí riaracháin a bhféadfadh comhaltaí an chomhlachta speisialta caibidlíochta nó comhaltaí na Comhairle Oibreacha Eorpaí, nó ionadaithe na bhfostaithe faoi chuimsiú nós imeachta chun fostaithe a chur ar an eolas agus chun dul i gcomhairle leo, a thionscnamh i ndáil le cur i bhfeidhm Airteagal 8 nó Airteagal 8a.’

;

(ii)

cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:

‘Le fad na nósanna imeachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír beifear in ann na cearta maidir le fostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo faoin Treoir seo a fheidhmiú ar bhealach éifeachtach.’

;

(c)

cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

‘4.   Maidir leis na cearta a thugtar leis an Treoir seo, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain éifeachtach ar imeachtaí breithiúnacha agus, i gcás inarb ábhartha, ar imeachtaí riaracháin ag comhlachtaí caibidlíochta speisialta, ag Comhairlí Oibreacha Eorpacha nó, thar a gceann, ag a gcomhaltaí nó ag a n-ionadaithe. Forálfaidh na Ballstáit gurb é an lucht bainistíochta lárnach a sheasfaidh costais réasúnta na hionadaíochta dlíthiúla agus na rannpháirtíochta sna himeachtaí sin nó déanfaidh siad bearta coibhéiseacha eile chun aon srian de facto ar an rochtain sin ar imeachtaí a sheachaint ar fhorais easpa acmhainní airgeadais.

5.   I gcás ina bhfuil coinníoll leagtha síos ag na Ballstáit nach féidir rochtain a fháil ar imeachtaí breithiúnacha mura cuireadh nós imeachta malartach réitithe díospóide chun feidhme roimh ré, ní dochar dul i muinín an nós imeachta sin don cheart atá ag na páirtithe lena mbaineann imeachtaí breithiúnacha a thionscnamh, ná ní chuirfidh sé srian ar an gceart sin.’

;

(11)

leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Na socruithe maidir leis na naisc a bhunú idir an nós imeachta chun an Chomhairle Oibreacha Eorpach a chur ar an eolas agus chun dul i gcomhairle léi agus comhlachtaí náisiúnta ionadaíochta na bhfostaithe, bunófar iad ar mhaithe le dea-chomhordú eatarthu, leis an gcomhaontú dá dtagraítear in Airteagal 6. Beidh an comhaontú sin gan dochar d’fhorálacha an dlí náisiúnta agus/nó an chleachtais náisiúnta maidir le fostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo.’

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

‘6.   Féadfaidh gach Ballstát forálacha ar leith a leagan síos do lucht bainistíochta lárnach na ngnóthas ar a chríoch a bhfuil aidhm na treoraíochta íde-eolaíochta á saothrú go díreach agus ar bhealach bunúsach acu, maidir le faisnéis agus le tuairimí a chur in iúl, ar choinníoll go bhfuil na forálacha áirithe sin sa reachtaíocht náisiúnta cheana, ar an dáta a ghlactar an Treoir seo.’

;

(12)

scriostar Airteagal 14;

(13)

cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach:

‘Airteagal 14a

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Tar éis an 1 Eanáir 2028, i gcás comhaontú um Chomhairle Oibreacha Eorpach arna thabhairt i gcrích roimh an 2 Eanáir 2029 i gcomhréir le hAirteagail 5 agus 6 de Threoir 94/45/CE nó le hAirteagail 5 agus 6 den Treoir seo, nach dtugtar aghaidh ann, de bharr na leasuithe a tháinig i bhfeidhm an 31 Nollaig 2025 ar cheann amháin nó níos mó de ghnéithe agus de cheanglais Airteagal 6 den Treoir seo, déanfaidh an lucht bainistíochta lárnach, ar a iarraidh sin i scríbhinn don Chomhairle Oibreacha Eorpach nó do ar a laghad 100 fostaí nó a gcuid ionadaithe in dhá ghnóthas ar a laghad nó dhá bhunaíocht lonnaithe in dhá thír éagsúla ar a laghad, caibidlíocht a thionscnamh chun an comhaontú sin oiriúnú ionas go dtabharfaí aghaidh ar an ngné sin nó ar na gnéithe agus na ceanglais sin de chuid Airteagal 6 den Treoir seo. Féadfaidh an lucht bainistíochta lárnach an chaibidlíocht sin a thionscnamh ar a tionscnamh féin freisin. Féadfar an chaibidlíocht sin a theorannú d’aghaidh a thabhairt sa chomhaontú ar na gnéithe agus na ceanglais sin d’Airteagal 6 den Treoir seo a cuireadh isteach an 31 Nollaig 2025.

2.   I gcás ina bhfuil socruithe nós imeachta sa chomhaontú um Chomhairle Oibreacha Eorpach chun é a oiriúnú nó a athchaibidil, féadfar an t-oiriúnú a chaibidil de bhun na socruithe sin. Seachas sin, déanfar an t-oiriúnú i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 5 i gcomhar le hAirteagal 13, an dara mír agus an tríú mír.

3.   Nuair nach dtagann aon chomhaontú de thoradh an nós imeachta oiriúnaithe faoin Airteagal seo laistigh de 2 bhliain ó dháta na hiarrata ábhartha a fháil ó na fostaithe nó óna n-ionadaithe nó ón dáta a thionscain an Chomhairle Oibreacha Eorpach nó an lucht bainistíochta lárnach an chaibidlíocht ar a tionscnamh nó ar a thionscnamh féin, beidh feidhm ag na ceanglais choimhdeacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

4.   Ní bheidh sé d’éifeacht ag an Airteagal seo na páirtithe i gcomhaontuithe um Chomhairle Oibreacha Eorpach a dhíolmhú ó urramú na n-íoscheanglas is infheidhme sa Treoir seo.

Airteagal 14b

Gnóthais a bhí díolmhaithe roimhe seo

I gcás ina dtionscnaítear caibidlíocht de bhun Airteagal 5 den Treoir seo chun comhaontú a thabhairt i gcrích de bhun na Treorach seo i ngnóthas ar leibhéal an Chomhphobail nó i ngrúpa gnóthas ar leibhéal an Chomhphobail ina bhfuil comhaontú lena bhforáiltear d’fhostaithe a chur ar an eolas agus chun dul i gcomhairle leo i ndáil le gnóthaí trasnáisiúnta agus lena gcumhdaítear an lucht saothair ar fad agus ar comhaontú é a tugadh i gcrích roimh dháta chur i bhfeidhm Threoir 94/45/CE agus atá fós i bhfeidhm, déanfar an tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 7(1), an tríú fleasc, den Treoir seo, a laghdú go 2 bhliain. Ní dhéanfaidh tionscnamh na caibidlíochta difear do théarmaí na gcomhaontuithe atá i bhfeidhm cheana féin.’

;

(14)

leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 2

1.   Na dlíthe, rialacháin agus na bearta riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 1 Eanáir 2028. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún gan mhoill.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 2 Eanáir 2029. Fós féin, na forálacha lena ndéantar Airteagal 1, pointí (12) agus (13), a mhéid a bhaineann le hAirteagal 14 agus Airteagal 14a(1), (2) agus (3), cuirfidh siad i bhfeidhm iad ón 2 Eanáir 2028.

Nuair a ghlacann na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt don Treoir seo ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos modh déanta na tagartha sin.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta arna ghlacadh acu sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin 1 Eanáir 2028 maidir leis na modhanna trínar féidir leis na comhlachtaí speisialta caibidlíochta, na Comhairlí Oibreacha Eorpacha agus ionadaithe na bhfostaithe, de bhun Airteagal 11(2) go (5) de Threoir 2009/38/CE, arna leasú, imeachtaí breithiúnacha a thionscnamh agus, i gcás inarb infheidhme, imeachtaí riaracháin a thionscnamh, maidir leis na cearta uile faoin Treoir sin.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna déanamh in Strasbourg, an 26 Samhain 2025.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BJERRE


(1)   IO C, C/2024/4664, 9.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4664/oj.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Deireadh Fómhair 2025 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2025.

(3)  Treoir 2009/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le Comhairle Oibreacha Eorpach nó nós imeachta a bhunú i ngnóthais ar leibhéal an Chomhphobail agus i ngrúpaí gnóthas ar leibhéal an Chomhphobail chun fostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo (IO L 122, 16.5.2009, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/38/oj).

(4)  Breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 28 Márta 2000, Badeck agus Eile, C-158/97, ECLI:EU:C:2000:163.

(5)  Treoir 2002/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2002 lena mbunaítear creat ginearálta chun fostaithe sa Chomhphobal Eorpach a chur ar an eolas agus chun dul i gcomhairle leo (IO L 80, 23.3.2002, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2002/14/oj).

(6)  Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 18 Márta 2010 i gcásanna uamtha C-317/08, C-318/08, C-319/08 agus C-320/08, Alassini agus Eile, ECLI:EU:C:2010:146.

(7)  Treoir 94/45/CE ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 1994 maidir le Comhairle Oibreacha Eorpach nó nós imeachta a bhunú i ngnóthais ar leibhéal an Chomhphobail agus i ngrúpaí gnóthas ar leibhéal an Chomhphobail chun fostaithe a chur ar an eolas agus chun dul i gcomhairle leo (IO L 254, 30.9.1994, lch. 64, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1994/45/oj).

(8)  Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain (IO L 94, 28.3.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/23/oj).

(9)  Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/24/oj)

(10)  Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnáil an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/25/oj).


IARSCRÍBHINN

CEANGLAIS CHOIMHDEACHA

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2009/38/CE mar seo a leanas:

(1)

leasaítear pointe 1 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

‘1.

Chun an cuspóir a leagtar amach in Airteagal 1(1) a bhaint amach agus sna cásanna dá bhforáiltear in Airteagal 7(1) agus Airteagal 14a, rialófar bunú, comhdhéanamh agus inniúlacht Comhairle Oibreacha Eorpaí trí bhíthin na rialacha seo a leanas:’;

(b)

i bpointe (a): cuirtear an méid a leanas in ionad an dara mír agus an tríú mír:

‘Déanfar an Chomhairle Oibreacha Eorpach a chur ar an eolas i ndáil le gnóthaí trasnáisiúnta, go háirithe i dtaca le struchtúr, staid eacnamaíoch agus airgeadais an ghnóthais nó an ghrúpa gnóthas ar leibhéal an Chomhphobail, agus i dtaca leis an bhforbairt is dóchúla agus an táirgeadh agus na díolacháin a bheidh ag gnóthais agus grúpaí den sórt sin. Déanfar an Chomhairle Oibreacha Eorpach a chur ar an eolas agus rachfar i gcomhairle léi go háirithe i dtaca le staid agus treocht dhóchúil na fostaíochta, na n-infheistíochtaí, na scileanna agus na mbeartas oiliúna, an coinne atá le hathruithe agus bainistiú na bpróiseas athstruchtúrúcháin lena n-áirítear iadsan a bhaineann leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach, athruithe substaintiúla a bhaineann le dálaí oibre, go háirithe maidir le heagrú na hoibre nó le caidreamh conarthach, tabhairt isteach modhanna nua oibre nó próiseas nua táirgeachta, chomh maith le haistrithe na táirgeachta, cumaisc, ciorruithe nó dúnadh gnóthas, bunaíochtaí nó codanna tábhachtacha díobh, agus iomarcaíochtaí comhchoiteanna, lena n-áirítear i ngnóthais faoi rialú.

Rachfar i gcomhairle le fostaithe ar bhealach inar féidir le hionadaithe na bhfostaithe cruinniú a bheith acu leis an lucht bainistíochta lárnach nó le haon leibhéal eile bainistíochta a bheadh níos iomchuí. Beidh ionadaithe na bhfostaithe i dteideal freagra réasúnaithe i scríbhinn a fháil ar aon tuairim a d’fhéadfaidís a chur in iúl sula nglactar an cinneadh maidir leis na bearta atá i gceist, ar choinníoll gur cuireadh a dtuairim in iúl laistigh de thréimhse réasúnach ama;’

;

(c)

i bpointe (b), cuirtear an mhír seo a leanas isteach i ndiaidh na chéad míre:

‘Agus an méid sin á dhéanamh agus a mhéid is féidir, beidh 40 % ar a laghad de chomhaltaí na Comhairle Oibreacha Eorpaí agus de chomhaltaí an roghchoiste ina mná agus 40 % ar a laghad ina bhfir. Murar féidir cuspóir na cothromaíochta inscne a bhaint amach, ní chuirfidh sé sin cosc ar Chomhairle Oibreacha Eorpach a chruthú. Mura mbaintear amach cuspóir na cothromaíochta inscne, míneoidh an Chomhairle Oibreacha Eorpach, i scríbhinn, na cúiseanna leis sin do na hoibrithe.’;

(2)

cuirtear an méid a leanas in ionad phointe 2:

‘2.

Beidh sé de cheart ag an gComhairle Oibreacha Eorpach cruinniú le láithreacht phearsanta a bheith aici leis an lucht bainistíochta lárnach dhá uair sa bhliain ar a laghad le go gcuirfí ar an eolas í agus le go rachfaí i gcomhairle léi, ar bhonn tuarascáil arna hullmhú ag an lucht bainistíochta lárnach, maidir le dul chun cinn ghnó an ghnóthais ar leibhéal an Chomhphobail nó an ghrúpa gnóthas ar leibhéal an Chomhphobail agus maidir lena bhfuil i ndán don ghnó sin. Cuirfear an lucht bainistíochta áitiúil ar an eolas dá réir. I gcásanna eisceachtúla, féadfar modhanna digiteacha cumarsáide agus comhordúcháin a úsáid chun na gnáthchruinnithe sin a reáchtáil, nuair is iomchuí agus nuair atáthar ar aon intinn faoi sin agus nuair is féidir a áirithiú go ndéanfar fostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo ar bhealach fóinteach.’;

(3)

leasaítear pointe 3 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre agus an dara mír:

‘3.

I gcás imthosca eisceachtúla nó cinntí eisceachtúla a bhfuil coinne réasúnta ann go mbeidh tionchar suntasach acu ar leasanna na bhfostaithe agus nach féidir, de bharr práinne, fostaithe a chur ar an eolas nó dul i gcomhairle leo ag an gcéad chruinniú sceidealta eile den Chomhairle Oibreacha Eorpach, go háirithe i gcás athlonnaithe, dúnadh bunaíochtaí nó dúnadh gnóthas nó iomarcaíochtaí comhchoiteanna, beidh sé de cheart ag an roghchoiste nó, i gcás nach ann don choiste sin, ag an gComhairle Oibreacha Eorpach, go gcuirfí ar an eolas go tráthúil iad. Beidh sé de cheart acu, arna iarraidh sin dóibh, cruinniú a bheith acu leis an lucht bainistíochta lárnach nó le haon leibhéal eile bainistíochta a bheadh níos iomchuí laistigh den ghnóthas ar leibhéal an Chomhphobail nó den ghrúpa gnóthas ar leibhéal an Chomhphobail a bhfuil a gcumhachtaí cinnteoireachta féin acu, chun go gcuirfear ar an eolas iad agus go rachfar i gcomhairle leo.

Maidir leis na comhaltaí sin den Chomhairle Oibreacha Eorpacha ar thogh nó ar cheap na bunaíochtaí agus/nó na gnóthais iad agus a bhfuil baint dhíreach acu leis an ábhar nó a bhfuil coinne réasúnta ann go mbeidh tionchar ag na himthosca nó na cinntí atá i gceist orthu, beidh sé de cheart acusan freisin páirt a ghlacadh i gcás ina n-eagraítear cruinniú leis an roghchoiste.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cúigiú mír:

‘Na nósanna imeachta chun fostaithe a chur ar an eolas agus chun dul i gcomhairle leo dá bhforáiltear sna himthosca dá dtagraítear sa phointe seo, déanfar iad a chur i gcrích gan dochar d’Airteagal 1(2) agus d’Airteagail 8 agus 8a.’;

(4)

cuirtear an méid a leanas in ionad phointe 5:

‘5.

Féadfaidh an Chomhairle Oibreacha Eorpach nó an roghchoiste cúnamh a fháil ó shaineolaithe dá rogha féin, a mhéid is gá sin chun a cúraimí a chur i gcrích. Féadfaidh ionadaithe ó eagraíochtaí aitheanta ceardchumainn ar leibhéal an Chomhphobail a bheith ar na saineolaithe sin. Arna iarraidh sin don Chomhairle Oibreacha Eorpach, beidh sé de cheart ag na saineolaithe sin a bheith i láthair ag cruinnithe den Chomhairle Oibreacha Eorpach agus ag cruinnithe leis an lucht bainistíochta lárnach i gcáil chomhairleach. Cuirfear an lucht bainistíochta lárnach ar an eolas faoi sin roimh ré.’;

(5)

tá an méid a leanas le cur in ionad phointe 6:

‘6.

Is ar an lucht bainistíochta lárnach a thitfidh costais oibriúcháin na Comhairle Oibreacha Eorpaí.

Soláthróidh an lucht bainistíochta lárnach acmhainní airgeadais agus ábharacha den sórt sin do chomhaltaí na Comhairle Oibreacha Eorpaí le go gcumasófar iad a ndualgais a chomhlíonadh ar bhealach iomchuí.

Go háirithe, is ar an lucht bainistíochta lárnach a thitfidh an costas a bhaineann le cruinnithe a eagrú agus saoráidí ateangaireachta agus costais chóiríochta agus taistil chomhaltaí na Comhairle Oibreacha Eorpaí agus a roghchoiste a shocrú, mura gcomhaontaítear a mhalairt.

Áireofar ar chostais oibriúcháin na Comhairle Oibreacha Eorpaí costais réasúnta na saineolaithe dlí. Cuirfear an lucht bainistíochta lárnach ar an eolas faoi na costais oibriúcháin sula dtabhaítear iad.

I gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach sa phointe seo, féadfaidh na Ballstáit rialacha buiséadacha a leagan síos maidir le hoibriú na Comhairle Oibreacha Eorpaí.’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2025/2450/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)