European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2447

5.12.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2447 ÓN gCOIMISIÚN

an 4 Nollaig 2025

lena leagtar síos na rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann leis na sonraíochtaí teicniúla, na bearta agus na ceanglais eile maidir leis an gcóras TF díláraithe a bhunú agus a úsáid chun faisnéis a phróiseáil agus a chur in iúl go slán

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), agus a thagann in ionad Chinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear an cinneadh sin (1), agus go háirithe Airteagal 22a(3) agus Airteagal 22b(1), pointí (a), (b), (c) agus (d) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/1727 an creat le haghaidh bhonneagar inmheánach digiteach nua Eurojust agus le haghaidh córas cumarsáide digití slán díláraithe a bhunú idir údaráis inniúla náisiúnta na mBallstát agus Eurojust.

(2)

Tá an chumarsáid dhigiteach shlán le déanamh tríd an gcóras TF díláraithe. Chun an córas TF díláraithe a bhunú, is gá sonraíochtaí teicniúla a leagan amach lena sainítear na modhanna cumarsáide agus prótacail chumarsáide, bearta teicniúla lena n-áirithítear na híoschaighdeáin slándála faisnéise agus na cuspóirí íosta infhaighteachta chun an córas sin a chur chun feidhme.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 22a(1) de Rialachán (AE) 2018/1727, ba cheart an córas TF díláraithe a bheith comhdhéanta de chórais TF na mBallstát agus de chóras TF Eurojust, agus de phointí rochtana e-CODEX idir-inoibritheacha trína bhfuil na córais TF sin idirnasctha. Ba cheart an creat sin a chur san áireamh i sonraíochtaí teicniúla agus ceanglais eile an chórais TF dhíláraithe a leagtar amach sa Rialachán seo.

(4)

Ba cheart pointí rochtana an chórais TF dhíláraithe a bheith bunaithe ar phointí rochtana údaraithe e-CODEX mar a shainmhínítear in Airteagal 3(3) de Rialachán (AE) 2022/850 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

(5)

Cuirtear an córas TF díláraithe chun feidhme laistigh de chóras TF díláraithe níos mó atá bunaithe ar e-CODEX ar a dtugtar ‘Justice Digital Exchange System’ (JUDEX). Dá bhrí sin, is gá malartú éifeachtach faisnéise a áirithiú a mhéid a bhaineann le forbairtí cothrománacha.

(6)

I gcomhréir le hAirteagal 22a(4) de Rialachán (AE) 2018/1727, féadfaidh na Ballstáit agus Eurojust a roghnú úsáid a bhaint as na bogearraí cur chun feidhme tagartha arna bhforbairt ag an gCoimisiún mar a gcóras cúil in ionad córas náisiúnta TF. Chun idir-inoibritheacht a áirithiú, ba cheart córais náisiúnta TF agus na bogearraí cur chun feidhme tagartha araon a bheith faoi réir na sonraíochtaí teicniúla agus na gceanglas céanna.

(7)

Ba cheart sonraí a bhaineann le cionta sceimhlitheoireachta agus le coireacht eagraithe thromchúiseach a tharchur ar bhealach struchtúrtha chun cáilíocht agus ábharthacht na faisnéise a fheabhsú, agus chun a áirithiú gur féidir an fhaisnéis a chomhtháthú ar bhealach níos éifeachtúla i gcóras bainistithe cásanna Eurojust agus gur féidir í a chros-seiceáil níos fearr le faisnéis atá á stóráil cheana féin sa chóras sin. I gcás sonraí méarlorg agus grianghraf, a fhéadfar a tharchur chuig Eurojust chun daoine aonair atá faoi réir imeachtaí coiriúla a bhaineann le cionta sceimhlitheoireachta a shainaithint, ba cheart an fhormáid agus na caighdeáin theicniúla don tarchur a shainiú.

(8)

Éascaíonn Eurojust eisiúint na n-iarrataí ar chomhar breithiúnach agus a bhforghníomhú, lena n-áirítear iarrataí agus cinntí atá bunaithe ar ionstraimí a thugann éifeacht do phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh. Ba cheart d’údaráis inniúla náisiúnta a bheith in ann cúnamh agus comhordú a lorg ó Eurojust tríd an gcóras TF díláraithe.

(9)

Chun éifeachtúlacht agus comhsheasmhacht a áirithiú, tá sé tábhachtach go mbeidh na sonraíochtaí teicniúla atá le bunú faoi Rialachán (AE) 2018/1727 comhoiriúnach leis na sonraíochtaí teicniúla a bunaíodh faoi Rialachán (AE) 2023/2844 (3), Rialachán (AE) 2023/1543 (4) agus Rialachán (AE) 2024/3011 (5) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus le bearta digitithe amach anseo atá ábhartha do shainordú Eurojust tacú le húdaráis inniúla náisiúnta.

(10)

Aon chumarsáid eile idir Eurojust agus na húdaráis náisiúnta inniúla, amhail faisnéis a chur in iúl maidir le torthaí na próiseála faisnéise, lena n-áirítear naisc a bheith ann le cásanna atá á stóráil cheana féin sa chóras bainistithe cásanna i gcomhréir le hAirteagal 22 de Rialachán (AE) 2018/1727 agus Eurojust ag gníomhú ar a thionscnamh féin, nó faisnéis a tharchuirtear chuig Eurojust chun fianaise a chaomhnú, a anailísiú agus a stóráil maidir le cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna, coireanna cogaidh agus cionta coiriúla gaolmhara i gcomhréir le hAirteagal 4(1), pointe (j) den Rialachán sin, ba cheart í a chumasú freisin tríd an gcóras TF díláraithe.

(11)

Chun a áirithiú go gcuirfear riachtanais oibríochtúla Eurojust san áireamh sa Rialachán seo, chuathas i gcomhairle le Eurojust i gcomhréir le hAirteagal 22a(3) de Rialachán (AE) 2018/1727.

(12)

I gcomhréir le hAirteagal 4 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, prótacal atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá fógra tugtha ag Éirinn, le litir dar dáta an 9 Meán Fómhair 2019, gur mhian léi glacadh le Rialachán (AE) 2018/1727 agus a bheith faoi cheangal aige. Deimhníodh an rannpháirtíocht sin le Cinneadh (AE) 2019/2006 ón gCoimisiún (6). Le Rialachán (AE) 2023/2131 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) leasaíodh Rialachán (AE) 2018/1727 chun gur féidir bealaí cumarsáide digití slána a bhunú idir Eurojust agus na húdaráis náisiúnta inniúla agus soláthraítear leis bunús dlí an Rialacháin seo. Ós rud é nár thug Éire fógra gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/2131 agus nár thug sí fógra gur mian léi glacadh leis an Rialachán sin agus a bheith faoi cheangal aige, níl Éire, i gcomhréir le hAirteagal 1, Airteagal 2 agus Airteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh 21, faoi cheangal ag Rialachán (AE) 2023/2131 ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo.

(13)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní raibh an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh Rialachán (AE) 2018/1727. Dá bhrí sin, níl an Danmhairg faoi cheangal ag an Rialachán seo ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(14)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) agus thug sé tuairim uaidh an 21 Deireadh Fómhair 2025.

(15)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 22c de Rialachán (AE) 2018/1727,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Sonraíochtaí teicniúla an chórais TF dhíláraithe

Is mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a bheidh sonraíochtaí, bearta agus cuspóirí teicniúla an chórais TF dhíláraithe dá dtagraítear in Airteagal 22b(1), pointí (a), (b), (c) agus (d), de Rialachán (AE) 2018/1727.

Airteagal 2

Caighdeáin nós imeachta dhigiteacha

Is mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo a bheidh na caighdeáin nós imeachta dhigiteacha is infheidhme maidir leis an gcumarsáid leictreonach tríd an gcóras TF díláraithe dá dtagraítear in Airteagal 22a(3) de Rialachán (AE) 2018/1727.

Airteagal 3

Sonraíochtaí teicniúla maidir le tarchur méarlorg agus grianghraf

Is mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo a bheidh na sonraíochtaí teicniúla maidir le tarchur méarlorg agus grianghraf dá dtagraítear in Airteagal 22a(3) de Rialachán (AE) 2018/1727.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Nollaig 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 295, 21.11.2018, lch. 138, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1727/oj.

(2)  Rialachán (AE) 2022/850 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le córas ríomhairithe le haghaidh malartú trasteorann leictreonach sonraí i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair sibhialta agus coiriúla (an córas e-CODEX), agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726 (IO L 150, 1.6.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/850/oj).

(3)  Rialachán (AE) 2023/2844 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 maidir le digitiú an chomhair bhreithiúnaigh agus rochtain ar an gceartas in ábhair thrasteorann shibhialta, thráchtála agus choiriúla, agus lena leasaítear gníomhartha áirithe i réimse an chomhair bhreithiúnaigh (IO L, 2023/2844, 27.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2844/oj).

(4)  Rialachán (AE) 2023/1543 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 maidir le hOrduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus Orduithe Caomhnaithe Eorpacha i gcomhair fianaise leictreonach in imeachtaí coiriúla agus chun pianbhreitheanna coimeádta a fhorghníomhú tar éis imeachtaí coiriúla (IO L 191, 28.7.2023, lch. 118, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1543/oj).

(5)  Rialachán (AE) 2024/3011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2024 maidir le himeachtaí in ábhair choiriúla a aistriú (IO L, 2024/3011, 18.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/3011/oj).

(6)  Cinneadh (AE) 2019/2006 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2019 maidir le rannpháirtíocht na hÉireann i Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) (IO L 310, 2.12.2019, lch. 59, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2019/2006/oj).

(7)  Rialachán (AE) 2023/2131 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le malartú digiteach faisnéise i gcásanna sceimhlitheoireachta (IO L, 2023/2131, 11.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2131/oj).

(8)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).


IARSCRÍBHINN I

SONRAÍOCHTAÍ TEICNIÚLA, BEARTA AGUS CUSPÓIRÍ AN CHÓRAIS DÍLÁRAITHE TF

1.   Réamhrá agus raon feidhme

Leagtar amach san Iarscríbhinn seo sonraíochtaí teicniúla, bearta agus cuspóirí an chórais TF dhíláraithe maidir le malartú faisnéise faoi Rialachán (AE) 2018/1727.

I ngeall ar chineál díláraithe an chórais TF, féadfar sonraí a mhalartú go díreach agus go slán idir údaráis náisiúnta inniúla agus Eurojust.

2.   Sainmhínithe

Chun críche na hIarscríbhinne seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

2.1.

Ciallaíonn ‘Prótacal Slánaistrithe Hipirtéacs’ nó ‘HTTPS’ cumarsáid chriptithe agus cainéil nasctha shlána;

2.2.

ciallaíonn ‘neamhshéanadh tionscnaimh’ na bearta lena soláthraítear cruthúnas shláine na sonraí agus cruthúnas thionscnamh na sonraí trí mhodhanna amhail deimhniú digiteach, bonneagar eochrach poiblí, agus ríomhshínithe agus ríomhshéalaí;

2.3.

ciallaíonn ‘neamhshéanadh fála’ na bearta lena soláthraítear cruthúnas go bhfuair an faighteoir beartaithe na sonraí ón tionscnóir trí mhodhanna amhail deimhniú digiteach, bonneagar eochrach poiblí, ríomhshínithe agus ríomhshéalaí;

2.4.

ciallaíonn ‘An Prótacal Simplí Rochtana Oibiachta (SOAP)’, de réir chaighdeáin Chuibhreannas an Ghréasáin Dhomhanda, sonraíocht prótacail cur teachtaireachtaí chun faisnéis struchtúrtha a mhalartú agus seirbhísí gréasáin á gcur chun feidhme i líonraí ríomhaireachta;

2.5.

ciallaíonn ‘Aistriú Stáit Ionadaíochta (REST) stíl ailtireachta chun feidhmchláir líonraithe a dhearadh, rud a bhíonn ag brath ar shamhail chumarsáide gan stát, chliant-freastalaí agus úsáid á baint as modhanna caighdeánacha chun oibríochtaí a dhéanamh ar acmhainní, nithe a léirítear i bhformáidí struchtúrtha de ghnáth;

2.6.

ciallaíonn ‘seirbhís gréasáin’ córas bogearraí atá ceaptha chun tacú le hidirghníomhú idir-inoibritheach meaisín-go-meaisín thar líonra, agus a bhfuil comhéadan aici a bhfuil tuairisc air i bhformáid mheaisín-inphróiseáilte;

2.7.

ciallaíonn ‘malartú sonraí’ teachtaireachtaí agus doiciméid a mhalartú tríd an gcóras TF díláraithe;

2.8.

ciallaíonn ‘e-CODEX’ an córas e-CODEX mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2022/850;

2.9.

Ciallaíonn ‘Croístór Focal r-Cheartais an Aontais’ Croístór Focal r-Cheartais an Aontais mar a shainmhínítear i bpointe 4 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/850;

2.10.

tagraíonn ‘ebMS’ do Sheirbhís Teachtaireachta ebXML, prótacal teachtaireachtaí arna fhorbairt faoi chreat OASIS (An Eagraíocht um Chur chun Cinn Caighdeán Faisnéise Struchtúrtha) lena gcumasaítear malartú slán, iontaofa agus idir-inoibritheach doiciméad leictreonach gnó trí úsáid a bhaint as SOAP. Tacaíonn sé le comhtháthú gnólacht le gnólacht ar fud córais éagsúla;

2.11.

Seasann ‘AS4’ do Ráiteas Infheidhmeachta 4, caighdeán OASIS lena bpróifílítear ebMS 3.0; trína simplíonn sé teachtaireachtaí slána agus idir-inoibritheacha gnólacht le gnólacht trí chaighdeáin oscailte amhail SOAP agus Slándáil WS a úsáid;

2.12.

Ciallaíonn ‘Cuspóir Ama Téarnaimh’ an t-am uasta is inghlactha chun seirbhís a athbhunú tar éis teagmhais;

2.13.

Ciallaíonn ‘Cuspóir Pointe Téarnaimh’ an t-uasmhéid inghlactha caillteanais sonraí i gcás teipe.

3.   Modhanna cumarsáide trí mheán leictreonach

3.1.

Leis an gcóras TF díláraithe, bainfear úsáid as modhanna cumarsáide atá bunaithe ar sheirbhísí, amhail seirbhísí gréasáin nó comhpháirteanna in-athúsáidte eile agus réitigh bogearraí chun teachtaireachtaí agus doiciméid a mhalartú.

3.2.

Go sonrach, beidh cumarsáid trí phointí rochtana e-CODEX i gceist leis an gcóras TF díláraithe, mar a leagtar amach in Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) 2022/850. Dá bhrí sin, chun malartú sonraí trasteorann éifeachtach agus idir-inoibritheach a áirithiú, tacóidh an córas TF díláraithe le cumarsáid tríd an gcóras e-CODEX.

4.   Prótacail chumarsáide

4.1.

Úsáidfidh an córas TF díláraithe prótacail idirlín shlána chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

cumarsáid laistigh den chóras TF díláraithe idir údaráis inniúla agus Eurojust;

(b)

cumarsáid le bunachar an Údaráis inniúil/na Cúirte dá dtagraítear i bpointe 7.1.

4.2.

Chun sonraí struchtúrtha agus meiteashonraí a shainiú agus a tharchur, beidh comhpháirteanna an chórais TF dhíláraithe bunaithe ar chaighdeáin agus ar phrótacail tionscail chuimsitheacha a bhfuil glacadh forleathan leo, amhail SOAP agus REST.

4.3.

Maidir leis na Prótacail Iompair agus Teachtaireachta, beidh an córas TF díláraithe bunaithe ar phrótacail shlána chaighdeánbhunaithe amhail:

(a)

Próifíl AS4 le haghaidh malartú trasteorann sonraí, lena n-áirithítear teachtaireachtaí slána iontaofa le criptiú agus neamhshéanadh;

(b)

APInna HTTPS/RESTful le haghaidh cumarsáid a thacaíonn le formáidí JSON agus XML;

(c)

SOAP le haghaidh idirghníomhaíochtaí ard-iontaofachta, lena n-ionchorpraítear slándáil WS le haghaidh fíordheimhnithe agus criptiúcháin.

4.4.

Chun sonraí a mhalartú go rianúil agus go hidir-inoibritheach, comhlíonfaidh na prótacail chumarsáide a úsáideann an córas TF díláraithe na caighdeáin idir-inoibritheachta ábhartha.

4.5.

I gcás inarb infheidhme, bainfidh scéimrí XML úsáid as caighdeáin ábhartha nó as foclóirí ábhartha, a bhfuil gá leo chun na heilimintí agus na cineálacha a shainítear laistigh den scéimre a bhailíochtú i gceart. Féadfar na nithe seo a leanas a áireamh ar na caighdeáin nó ar na foclóirí sin:

(a)

Croístór Focal r-Cheartais an Aontais;

(b)

Cineálacha Sonraí Neamhcháilithe;

(c)

Liosta cód le haghaidh chóid teanga an Aontais Eorpaigh.

4.6.

Maidir leis na prótacail slándála agus fíordheimhnithe, beidh an córas TF díláraithe bunaithe ar phrótacail atá bunaithe ar chaighdeáin amhail:

(a)

TLS (Slándáil Sraithe Iompair) le haghaidh cumarsáid chriptithe agus fhíordheimhnithe thar líonraí, lena dtacaítear le fíordheimhniú frithpháirteach trí dheimhnithe digiteacha X.509;

(b)

OAuth/OpenID Connect (OIDC) le haghaidh fíordheimhniú agus údarú slán;

(c)

PKI (bonneagar eochrach poiblí) agus sínithe digiteacha chun malartú slán eochrach agus fíorú sláine teachtaireachtaí a fhíorú, trí úsáid a bhaint as deimhnithe digiteacha (X.509) arna n-eisiúint ag Údaráis Deimhniúcháin iontaofa.

5.   Cuspóirí slándála faisnéise agus bearta teicniúla ábhartha

5.1.

I dtaca le malartú faisnéise tríd an gcóras TF díláraithe, beidh na nithe seo a leanas san áireamh sna bearta teicniúla chun íoschaighdeáin slándála teicneolaíochta faisnéise a áirithiú:

(a)

bearta chun rúndacht faisnéise a áirithiú, lena n-áirítear trí bhealaí slána cumarsáide a úsáid;

(b)

bearta chun sláine na sonraí atá ar fos agus faoi bhealach a áirithiú;

(c)

bearta chun neamhshéanadh thionscnamh an tseoltóra faisnéise a áirithiú laistigh den chóras TF díláraithe agus an neamhshéanadh fála faisnéise a áirithiú;

(d)

bearta chun logáil na dteagmhas slándála a áirithiú i gcomhréir le moltaí a aithnítear go hidirnáisiúnta le haghaidh caighdeán slándála teicneolaíochta faisnéise (1);

(e)

bearta chun fíordheimhniú agus údarú úsáideora a áirithiú, agus bearta chun céannacht na gcóras atá nasctha leis an gcóras TF díláraithe a fhíorú.

5.2.

Áiritheofar le comhpháirteanna an chórais TF dhíláraithe cumarsáid shlán agus tarchur sonraí slán, trí chriptiú, bonneagar eochrach poiblí a úsáid le deimhnithe digiteacha le haghaidh fíordheimhniú agus malartú slán eochrach, agus prótacail teachtaireachtaí shlána amhail AS4 (ebMS), RESTful APInna agus SOAP chun rúndacht agus sláine teachtaireachtaí a choinneáil ar bun.

5.3.

I gcás ina n-úsáidtear SSI (slándáil sraithe iompair) i gcomhthéacs an chórais TF dhíláraithe, úsáidfear an leagan cobhsaí is déanaí den phrótacal, nó, ina éagmais sin, leagan gan leochaileachtaí slándála aitheanta. Ní cheadófar ach faid eochracha lena n-áirithítear leibhéal leordhóthanach slándála cripteagrafaí, agus ní úsáidfear foirne feidhmchláir sifir arb eol iad a bheith neamhdhaingean nó dímholta.

5.4.

A mhéid is féidir, is iad Údaráis Deimhniúcháin a aithnítear mar Sholáthraithe Seirbhísí Iontaoibhe Cáilithe a eiseoidh deimhnithe digiteacha PKI a úsáidtear chun an córas TF díláraithe a oibriú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). Cuirfear bearta chun feidhme chun a áirithiú nach n-úsáidfear na deimhnithe sin ach amháin chun na gcríoch atá beartaithe dóibh, ar an leibhéal iontaoibhe is gá, agus i gcomhréir le ceanglais infheidhme Rialachán (AE) Uimh. 910/2014.

5.5.

Déanfar comhpháirteanna an chórais TF dhíláraithe a fhorbairt i gcomhréir le prionsabal na cosanta sonraí trí dhearadh agus mar réamhshocrú, agus cuirfear bearta riaracháin, eagraíochtúla agus teicniúla iomchuí chun feidhme chun ardleibhéal cibearshlándála a áirithiú.

5.6.

Déanfaidh an Coimisiún na bogearraí cur chun feidhme tagartha a dhearadh, a fhorbairt agus a chothabháil i gcomhréir leis na ceanglais agus na prionsabail maidir le cosaint sonraí a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/1725. Leis na bogearraí cur chun feidhme tagartha arna soláthar ag an gCoimisiún, beidh na Ballstáit in ann a n-oibleagáidí a chomhlíonadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus le Treoir (AE) 2016/680, de réir mar is infheidhme.

5.7.

Na Ballstáit a úsáideann córas cúil náisiúnta nach ionann é agus na bogearraí cur chun feidhme tagartha, déanfaidh siad na bearta is gá a chur chun feidhme chun a áirithiú go gcomhlíonann an córas cúil náisiúnta sin ceanglais Rialachán (AE) 2016/679 agus Threoir (AE) 2016/680, de réir mar is infheidhme.

5.8.

Cuirfidh Eurojust na bearta is gá chun feidhme chun a áirithiú go ndéanann a chóras cúil, nó cás de na bogearraí cur chun feidhme tagartha a úsáideann sé, ceanglais Rialacháin (AE) 2018/1725 agus (AE) 2018/1727 a chomhlíonadh.

5.9.

Bunóidh na Ballstáit agus Eurojust sásraí láidre a d’fhéadfadh bagairtí a bhrath agus freagairt ar theagmhais chun sainaithint, maolú agus téarnamh tráthúil ó theagmhais slándála a áirithiú, i gcomhréir lena mbeartais ábhartha, maidir leis an gcuid sin den chóras TF díláraithe atá faoina bhfreagracht.

6.   Íoschuspóirí infhaighteachta

6.1.

Áiritheoidh Eurojust agus na Ballstáit go mbeidh fáil 24 uair an chloig, 7 lá in aghaidh na seachtaine ar chomhpháirteanna an chórais TF dhíláraithe atá faoina bhfreagracht, le spriocráta infhaighteachta teicniúla 98 % ar a laghad ar bhonn bliantúil, gan cothabháil sceidealaithe a áireamh.

6.2.

Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh fáil 24 uair an chloig, 7 lá na seachtaine ar bhunachar sonraí na Cúirte, le spriocráta infhaighteachta teicniúla is mó ná 99 % ar bhonn bliantúil, gan cothabháil sceidealta a áireamh.

6.3.

A mhéid is féidir, le linn laethanta oibre, déanfar oibríochtaí cothabhála a phleanáil idir 20.00 agus 7.00 Am Lár na hEorpa.

6.4.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún, do Eurojust agus do na Ballstáit eile maidir le gníomhaíochtaí cothabhála mar seo a leanas:

(a)

5 lá oibre roimh ré le haghaidh oibríochtaí cothabhála a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le tréimhse neamh-infhaighteachta suas le 4 uair an chloig;

(b)

10 lá oibre roimh ré le haghaidh oibríochtaí cothabhála a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le tréimhse neamh-infhaighteachta idir 4 agus 12 uair an chloig;

(c)

30 lá oibre roimh ré le haghaidh oibríochtaí cothabhála a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le tréimhse neamh-infhaighteachta de níos mó ná 12 uair an chloig.

6.5.

I gcás ina mbeidh tréimhsí cothabhála tráthrialta socraithe ag na Ballstáit, cuirfidh siad an Coimisiún, Eurojust agus na Ballstáit eile ar an eolas faoin am agus faoin lá nó faoi na laethanta a bheidh na tréimhsí tráthrialta seasta sin beartaithe. De mhaolú ar na hoibleagáidí a leagtar amach i bpointe 1, i gcás nach mbeidh fáil ar chomhpháirteanna den chóras TF díláraithe atá faoi fhreagracht na mBallstát le linn fuinneog sheasta tráthrialta den sórt sin, féadfaidh na Ballstát a roghnú gan fógra a thabhairt don Choimisiún gach uair.

6.6.

I gcás cliseadh teicniúil gan choinne ar chomhpháirt an chórais TF dhíláraithe atá faoi fhreagracht na mBallstát, cuirfidh siad an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoin teip sin gan mhoill, agus, más eol, faoin tráthchlár téarnaimh réamh-mheasta.

6.7.

Tabharfaidh Eurojust fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile maidir le gníomhaíochtaí cothabhála mar seo a leanas:

(a)

5 lá oibre roimh ré le haghaidh oibríochtaí cothabhála a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le tréimhse neamh-infhaighteachta suas le 4 uair an chloig;

(b)

10 lá oibre roimh ré le haghaidh oibríochtaí cothabhála a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le tréimhse neamh-infhaighteachta idir 4 agus 12 uair an chloig;

(c)

30 lá oibre roimh ré le haghaidh oibríochtaí cothabhála a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le tréimhse neamh-infhaighteachta de níos mó ná 12 uair an chloig.

6.8.

I gcás ina mbeidh tréimhsí cothabhála tráthrialta socraithe ag Eurojust, cuirfidh sé an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoin am agus faoin lá nó faoi na laethanta a bheidh na tréimhsí tráthrialta seasta sin beartaithe. De mhaolú ar na hoibleagáidí a leagtar amach i bpointe 1, i gcás nach mbeidh fáil ar chomhpháirteanna den chóras TF díláraithe atá faoi fhreagracht Eurojust le linn fuinneog sheasta tráthrialta den sórt sin, féadfaidh Eurojust a roghnú gan fógra a thabhairt don Choimisiún gach uair.

6.9.

I gcás cliseadh teicniúil gan choinne ar chomhpháirt an chórais TF dhíláraithe atá faoi fhreagracht Eurojust, cuirfidh Eurojust an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoin teip sin gan mhoill, agus, más eol, faoin tráthchlár téarnaimh réamh-mheasta.

6.10.

I gcás cliseadh teicniúil gan choinne ar bhunachar sonraí an Údaráis inniúil/na Cúirte, cuirfidh an Coimisiún Eurojust agus na Ballstáit eile ar an eolas gan mhoill maidir leis an infhaighteacht, agus, más eol, faoin tráthchlár téarnaimh réamh-mheasta.

6.11.

I gcás suaitheadh seirbhíse, áiritheoidh na Ballstáit agus Eurojust go ndéanfar an tseirbhís a athbhunú go tapa agus go mbeidh aon chaillteanas sonraí fíorbheag, i gcomhréir le Cuspóir an Ama Téarnaimh agus le Cuspóir an Phointe Téarnaimh.

6.12.

Déanfaidh na Ballstáit agus Eurojust bearta iomchuí a chur chun feidhme chun na cuspóirí infhaighteachta a leagtar amach thuas a bhaint amach agus bunóidh siad nósanna imeachta chun freagairt go héifeachtach do theagmhais.

7.   Bunachar sonraí na n-údarás inniúil/na Cúirte

7.1.

De bhun Airteagal 22a de Rialachán (AE) 2018/1727, cumasófar leis an gcóras TF díláraithe cumarsáid leictreonach idir na húdaráis náisiúnta inniúla agus Eurojust. I bhfianaise na n-oibleagáidí faisnéis a mhalartú idir na húdaráis náisiúnta inniúla agus Eurojust faoi Airteagail 21, 21a agus 22, ach i bhfianaise ról Eurojust freisin maidir le heisiúint agus forghníomhú aon iarrata ar chúnamh dlíthiúil frithpháirteach nó aitheantas frithpháirteach i gcomhréir le hAirteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2018/1727 a éascú agus a fhorghníomhú, ní mór do na húdaráis inniúla lena mbaineann a bheith inaitheanta go soiléir agus an córas TF díláraithe á úsáid. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach bunachar sonraí údarásach a bhunú d’fhaisnéis na n-údarás sin chun críocha an chórais TF dhíláraithe.

7.2.

Áireofar an fhaisnéis seo a leanas i bhformáid struchtúrtha i mbunachar sonraí na n-údarás inniúil/na Cúirte:

(a)

chun críocha Airteagal 8(1), 8(3), 8(4), Airteagal 21, Airteagal 21a agus Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2018/1727, faisnéis faoi na húdaráis náisiúnta inniúla, lena n-áirítear comhfhreagraithe náisiúnta mar a leagtar amach in Airteagal 20 den Rialachán sin, chomh maith le comhaltaí náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 7 (4) den Rialachán sin;

(b)

i gcás inarb ábhartha, an fhaisnéis is gá chun réimsí geografacha nó substainteacha inniúlacht na n-údarás inniúil a chinneadh, nó critéir ábhartha eile is gá chun a n-inniúlacht a bhunú;

(c)

an fhaisnéis is gá le haghaidh ródú ceart teachtaireachtaí teicniúla laistigh den chóras TF díláraithe.

7.3.

Beidh an Coimisiún freagrach as bunachar sonraí na n-údarás inniúil/na Cúirte a fhorbairt, a chothabháil, a oibriú agus as tacú leis;

7.4.

Cuirfidh bunachar sonraí na n-údarás inniúil/na Cúirte ar chumas na mBallstát agus Eurojust an fhaisnéis atá ann a thabhairt cothrom le dáta, agus cuirfidh sé ar chumas na n-údarás náisiúnta inniúil agus na gComhaltaí Náisiúnta atá rannpháirteach sa chóras TF díláraithe rochtain a fháil ar fhaisnéis agus an fhaisnéis atá ann a aisghabháil ar bhonn cláir agus;

7.5.

Beifear in ann bunachar sonraí na n-údarás inniúil/na Cúirte a rochtain trí phrótacal cumarsáide coiteann, gan beann ar cé acu a oibríonn nó nach n-oibríonn na húdaráis inniúla atá nasctha leis an gcóras TF díláraithe córas cúil náisiúnta nó imscaradh na mbogearraí cur chun feidhme tagartha;

7.6.

Áiritheoidh na Ballstáit maidir leis an bhfaisnéis faoina n-údaráis inniúla i mbunachar sonraí na n-údarás inniúil/na gCúirte mar a leagtar amach i bpointe 7.2, go bhfuil an fhaisnéis sin iomlán, cruinn agus cothrom le dáta.

(1)  Gan dochar do logáil chun críoch slándála, leis na sásraí logála a úsáideann comhpháirteanna an chórais TF dhíláraithe, beifear in ann, de réir mar is iomchuí, a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 88 de Rialachán (AE) 2018/1725 agus, i gcás inarb infheidhme, in Airteagal 25 de Threoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2016/680/oj).

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014 lch. 73, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/910/oj).

(3)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí), (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).

(4)  Tá an méid sin gan dochar do tharmligean cumhachtaí ón gcomhalta náisiúnta chuig a ionadaí, chuig baill foirne eile ag an deasc náisiúnta nó chuig foireann údaraithe Eurojust.


IARSCRÍBHINN II

CAIGHDEÁIN NÓS IMEACHTA DHIGITEACHA

In Airteagal 3(9) de Rialachán (AE) 2022/850 sainmhínítear caighdeáin nós imeachta dhigiteacha mar na sonraíochtaí teicniúla le haghaidh samhlacha próisis gnó agus scéimrí sonraí lena leagtar amach struchtúr leictreonach na sonraí a mhalartaítear tríd an gcóras e-CODEX.

Leagtar amach san Iarscríbhinn seo na sonraíochtaí teicniúla le haghaidh samhlacha próisis gnó agus sonraíochtaí teicniúla na scéimrí sonraí.

1.   Sonraíochtaí teicniúla le haghaidh shamhlacha an phróisis gnó faoi Rialachán (AE) 2018/1727

Leagtar amach na sonraíochtaí teicniúla le haghaidh samhlacha próisis gnó i bpointí 1.1 go 1.5. Sainítear iontu na príomhghnéithe is gá chun cumarsáid leictreonach a chumasú chun críocha Rialachán (AE) 2018/1727 tríd an gcóras TF díláraithe.

Leis an gcóras TF díláraithe ní cheadófar faisnéis a mhalartú ach amháin idir údaráis náisiúnta inniúla Ballstáit agus an comhalta náisiúnta ón mBallstát sin.

1.1.   Malartú faisnéise a bhaineann leis an gClár Frithsceimhlitheoireachta Airteagal 21a de Rialachán (AE) 2018/1727

1.1.1.

Samhail sonraí Clár Frithsceimhlitheoireachta a tharchur:

Déanann an t-údarás inniúil náisiúnta sonraí maidir le himeachtaí sceimhlitheoireachta le haghaidh an Chláir Frithsceimhlitheoireachta a tharchur chuig an gcomhalta náisiúnta.

1.1.2.

Samhail sonraí Clár Frithsceimhlitheoireachta a fháil:

Faigheann an comhalta náisiúnta sonraí an Chláir Frithsceimhlitheoireachta.

1.1.3.

Samhail thoilithe a iarraidh:

Iarrann an comhalta náisiúnta toiliú a údaráis náisiúnta inniúil.

1.1.4.

Iarraidh ar shamhail thoilithe a fháil:

Faigheann an t-údarás inniúil náisiúnta an iarraidh ar thoiliú.

1.1.5.

Freagra ar iarraidh ar shamhail thoilithe a sheoladh:

Seolann an t-údarás inniúil náisiúnta freagra ar an iarraidh ar thoiliú.

1.1.6.

Freagra ar an iarraidh ar shamhail thoilithe a fháil:

Faigheann an comhalta náisiúnta freagra ar an iarraidh ar thoiliú.

1.1.7.

Samhail eolas a chur ar fáil faoi nasc:

Cuireann an comhalta náisiúnta an t-údarás inniúil náisiúnta ar an eolas faoin nasc le cás eile.

1.1.8.

Samhail sonraí Clár Frithsceimhlitheoireachta a thabhairt cothrom le dáta:

Déanann an t-údarás inniúil náisiúnta sonraí ar gá iad a nuashonrú nó a scriosadh a tharchur chuig a chomhalta náisiúnta ábhartha.

1.1.9.

Samhail sonraí Clár Frithsceimhlitheoireachta a tugadh cothrom le dáta a fháil:

Faigheann an comhalta náisiúnta sonraí an Cláir Frithsceimhlitheoireachta ar gá iad a nuashonrú nó a scriosadh.

1.2.   Malartú faisnéise a bhaineann le coireacht thromchúiseach Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2018/1727

1.2.1.

Samhail sonraí maidir le coireacht thromchúiseach trasteorann a tharchur:

Déanann an t-údarás inniúil náisiúnta sonraí maidir le coireacht thromchúiseach trasteorann a tharchur chuig Eurojust.

1.2.2.

Samhail sonraí maidir le coireacht thromchúiseach trasteorann a fháil:

Faigheann an comhalta náisiúnta na sonraí maidir le coireacht thromchúiseach trasteorann.

1.2.3.

Samhail thoilithe a iarraidh:

Iarrann an comhalta náisiúnta toiliú a údaráis náisiúnta inniúil.

1.2.4.

Iarraidh ar shamhail thoilithe a fháil:

Faigheann an t-údarás inniúil náisiúnta an iarraidh ar thoiliú.

1.2.5.

Freagra ar iarraidh ar shamhail thoilithe a sheoladh:

Seolann an t-údarás inniúil náisiúnta freagra ar an iarraidh ar thoiliú.

1.2.6.

Freagra ar an iarraidh ar shamhail thoilithe a fháil:

Faigheann an comhalta náisiúnta freagra ar an iarraidh ar thoiliú.

1.2.7.

Samhail eolas a chur ar fáil faoi nasc:

Cuireann an comhalta náisiúnta an t-údarás inniúil náisiúnta ar an eolas faoin nasc le cás eile.

1.2.8.

Samhail sonraí maidir le coireacht thromchúiseach trasteorann a thabhairt cothrom le dáta:

Déanann an t-údarás inniúil náisiúnta sonraí ar gá iad a nuashonrú nó a scriosadh a tharchur chuig a chomhalta náisiúnta ábhartha.

1.2.9.

Samhail sonraí maidir le coireacht thromchúiseach trasteorann a tugadh cothrom le dáta a fháil:

Faigheann an comhalta náisiúnta sonraí maidir le coireacht thromchúiseach trasteorann ar gá iad a nuashonrú nó a scriosadh.

1.3.   Malartú faisnéise ginearálta

1.3.1.

Samhail faisnéis a sheoladh:

Seolann an comhalta náisiúnta faisnéis chuig an údarás inniúil náisiúnta agus a mhalairt.

1.3.2.

Samhail faisnéis a fháil:

Faigheann an t-údarás inniúil náisiúnta nó an comhalta náisiúnta an fhaisnéis.

1.3.3.

Samhail freagairt don fhaisnéis:

Freagraíonn an t-údarás inniúil náisiúnta don fhaisnéis a fhaightear ón gcomhalta náisiúnta agus a mhalairt.

1.3.4.

Samhail freagairt a fháil:

Faigheann an comhalta náisiúnta an fhreagairt ón údarás inniúil náisiúnta.

1.3.5.

Samhail faisnéis a sheoladh:

Seolann an t-údarás inniúil náisiúnta faisnéis chuig an gcomhalta náisiúnta.

1.3.6.

Samhail faisnéis a fháil:

Faigheann an comhalta náisiúnta an fhaisnéis.

1.3.7.

Samhail freagairt don fhaisnéis:

Freagraíonn an comhalta náisiúnta don fhaisnéis a fuarthas ón údarás inniúil náisiúnta.

1.3.8.

Samhail freagairt a fháil:

Faigheann an t-údarás inniúil náisiúnta an fhreagairt ón gcomhalta náisiúnta.

1.4.   Ról éascaithe agus tacaíochta Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2018/1727

Tabhair faoi deara:

I gcás ina mbaineann na samhlacha éascaithe agus tacaíochta a leagtar amach i bpointe 1.5 le malartú foirmeacha reachtúla arna mbunú le gníomhartha dlí de chuid an Aontais i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, úsáidfidh na samhlacha, i gcás ina mbeidh fáil orthu, na huiríll sonraí struchtúrtha ábhartha agus na scéimrí XML arna bhforbairt le haghaidh na ngníomhartha sin, mar shampla iad siúd a bunaíodh chun críocha Rialachán (AE) 2023/2844, nó ionstraimí ábhartha eile, a chur chun feidhme.

1.5.   Samhail iarraidh ar éascaíocht nó tacaíocht:

1.5.1.

Samhail iarraidh ar éascaíocht nó tacaíocht a tharchur:

Déanann an t-údarás inniúil náisiúnta iarraidh ar éascaíocht nó iarraidh ar thacaíocht a tharchur chuig a chomhalta náisiúnta ábhartha.

1.5.2.

Samhail iarraidh ar éascaíocht nó tacaíocht a fháil:

Faigheann an comhalta náisiúnta an iarraidh ar éascaíocht nó ar thacaíocht agus cuireann sé ar aghaidh í chuig comhalta náisiúnta an Bhallstáit iarrtha lasmuigh de JUDEX.

1.5.3.

Samhail iarraidh ar éascaíocht nó ar thacaíocht a chur ar aghaidh chuig samhail údarás inniúil náisiúnta:

Seolann comhalta náisiúnta an Bhallstáit iarrtha an iarraidh chuig a údarás inniúil náisiúnta ábhartha.

1.5.4.

Samhail iarraidh ar éascaíocht nó tacaíocht a fháil:

Faigheann an t-údarás inniúil náisiúnta an iarraidh ar éascaíocht nó ar thacaíocht.

1.5.5.

Samhail freagairt ar iarratas ar éascaíocht nó ar thacaíocht a sheoladh:

Seolann an t-údarás inniúil náisiúnta freagairt nó faisnéis maidir leis an iarraidh chuig comhalta náisiúnta an Bhallstáit iarrtha.

1.5.6.

Samhail freagairt ar iarratas ar éascaíocht nó ar thacaíocht a fháil:

Faigheann an comhalta náisiúnta an fhreagairt nó an fhaisnéis maidir leis an iarraidh ar éascaíocht nó ar thacaíocht ón údarás inniúil náisiúnta agus comhroinneann sé í le comhalta náisiúnta an Bhallstáit iarrtha lasmuigh de JUDEX.

1.5.7.

Samhail freagairt don iarratas ar éascaíocht nó ar thacaíocht:

Freagraíonn comhalta náisiúnta an Bhallstáit iarrtha don fhaisnéis a bhaineann leis an iarraidh ar éascaíocht nó ar thacaíocht ón údarás inniúil náisiúnta, nó comhroinneann sé an fhaisnéis sin.

1.5.8.

Samhail freagairt a fháil:

Faigheann an t-údarás inniúil náisiúnta an fhreagairt nó an fhaisnéis a bhaineann leis an iarraidh ar éascaíocht nó ar thacaíocht.

2.   Sonraíochtaí teicniúla le haghaidh scéimrí sonraí

I bpointí 2.1 agus 2.2 den Iarscríbhinn seo leagtar amach na sonraíochtaí teicniúla atá le bheith mar bhonn chun Sainmhínithe Scéimre XML (XSDanna) a fhorbairt le haghaidh dhigitiú Rialachán (AE) 2018/1727. Leis na sonraíochtaí sin sainítear na príomh-chomhpháirteanna, agus aon fhaisnéis eile chun tuairisc chuimsitheach a sholáthar maidir leis na scéimrí sin a tháirgeadh.

Tá sé beartaithe go mbeidh an tuairisc cineálach ionas gur féidir na XSDanna táirgthe a mhodhnú agus a leathnú gan gá le hathruithe suntasacha ar na sonraíochtaí sin.

Beidh feidhm ag na sonraíochtaí maidir le foirm reachtúil na scéimrí atá i gceangal le Rialachán (AE) 2018/1727, maidir le haon teachtaireacht réamhshainithe, nó maidir le haon teachtaireachtaí téacs saor in aisce a úsáidtear i malartuithe faoin Rialachán sin.

2.1.   Breithnithe ginearálta

Maidir le gach scéimre atá le soláthar, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

2.1.1.

Leaganacha a dhéanamh

Áireofar tréith leagain lena n-éascaítear bainistiú leaganacha scéimre agus lenar féidir an scéimre a thabhairt cothrom le dáta amach anseo de réir riachtanais ghnó. Léireoidh tréith an leagain an bhfuil an leagan nua comhoiriúnach go siarghabhálach agus gnéithe nó mionchoigeartuithe nua á dtabhairt isteach.

2.1.2.

Dearbhú scéimre agus meiteashonraí

I gcás inarb infheidhme, bainfidh na scéimrí úsáid as caighdeáin ábhartha nó as foclóirí ábhartha, a cheanglaítear le e-CODEX chun idir-inoibritheacht a sholáthar, nithe a bhfuil gá leo chun na heilimintí agus na cineálacha a shainítear laistigh den scéimre sin a bhailíochtú i gceart. D’fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith san áireamh ann:

Croístór Focal r-Cheartais an Aontais

Cineálacha Sonraí Neamhcháilithe

Liosta cód le haghaidh Chóid Teanga an Aontais Eorpaigh

Chomh maith leis sin, i gcás inarb infheidhme, féadfar caighdeáin ábhartha ETSI a ionchorprú sna scéimrí chun úsáid a bhaint as a sainmhínithe.

2.1.3.

Nótaí mínithe agus Doiciméadacht

Nótaí mínithe: Beidh nótaí mínithe ag gabháil le gach eilimint sa scéimre de ghnáth. Leis na nótaí mínithe, soláthraítear faisnéis atá inléite ag an duine faoin eilimint, agus is minic a shainítear iontu cuspóir nó úsáid na heiliminte ar bhealach soiléir agus gonta.

2.1.4.

Úsáid agus inoiriúnaitheacht

Leanfaidh an scéimre na rialacha a leagtar amach i bpointí (a) go (d):

(a)

Struchtúr modúlach: dearfar gach cuid le feidhmiúlacht shonrach agus féadfar iad a athúsáid nó a oiriúnú go neamhspleách. Fágfaidh sé sin go mbeidh sé éasca an scéimre a shaincheapadh le haghaidh cásanna úsáide éagsúla.

(b)

Inbhreisitheacht: dearfar an scéimre chun tacú le heilimintí nó tréithe nua a áireamh i gcás ina mbeidh gá le faisnéis bhreise amach anseo. Bainfear é sin amach trí úsáid a bhaint as eilimintí agus seichimh roghnacha a fhéadfar a leathnú gan cur chun feidhme atá ann cheana a bhriseadh.

(c)

Struchtúr inoiriúnaithe: dearfar an scéimre ar bhealach lena bhféadfar eilimintí nó cineálacha sonraí a chur leis nó a mhodhnú de réir mar is gá. Freastalóidh struchtúr an scéimre ar athruithe ar cheanglais gan gá le athdhearthaí móra.

(d)

Eilimintí roghnacha: féadfar eilimintí laistigh de scéimre a mharcáil mar eilimintí roghnacha, is é sin le rá, féadfar iad a chur san áireamh nó a fhágáil ar lár de réir imthosca sonracha.

Dearfar an scéimre chun tacú le bailiú sonraí struchtúrtha le haghaidh iarrataí sonracha.

2.1.5.

Modhnuithe

Beidh solúbthacht, módúlacht agus éascaíocht an oiriúnaithe mar shaintréithe den dearadh scéimre. Déanfar cineálacha casta agus eilimintí roghnacha a ionchorprú sa dearadh ar bhealach ina bhféadfaidh sé cásanna éagsúla a láimhseáil agus é éasca iad a mhodhnú agus síneadh a chur leo.

2.2.   Sonraí struchtúrtha a mhalartú

Déanfar na sonraí struchtúrtha dá dtagraítear i bpointí 2.2.1 agus 2.2.2 a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 22a(3) de Rialachán (AE) 2018/1727. Leis an scéimre ceadófar freisin tacair sonraí a léiriú atá le scriosadh i nuashonruithe amach anseo.

2.2.1.

Sonraí an Chláir Bhreithiúnaigh Eorpaigh Frithsceimhlitheoireachta

Leis na sonraíochtaí teicniúla seo a leanas le haghaidh an scéimre sonraí, bunaítear creat struchtúrtha chun an scéimre i bhformáid XML a chruthú.

(a)

An roinn ardleibhéil:

Comhfhreagraíonn an roinn ardleibhéil seo don fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1727 le haghaidh an Chláir Bhreithiúnaigh Eorpaigh Frithsceimhlitheoireachta

(b)

Struchtúr na teachtaireachta:

Is éard a bheidh i struchtúr shonraí an Chláir Bhreithiúnaigh Eorpaigh Frithsceimhlitheoireachta seicheamh eilimintí agus áireofar an méid seo a leanas ar a laghad ann:

(i)

faisnéis chun daoine nádúrtha a shainaithint:

sloinne (ainm teaghlaigh);

céadainmneacha (ainmneacha baiste);

aon ailiasanna;

dáta breithe;

áit bhreithe (baile agus tír);

náisiúntacht nó náisiúntachtaí;

doiciméad aitheantais (cineál agus uimhir an doiciméid);

inscne;

áit chónaithe;

(ii)

faisnéis chun daoine dlítheanacha a shainaithint:

ainm an ghnó;

foirm dhlíthiúil;

áit na ceannoifige;

(iii)

faisnéis chun daoine nádúrtha agus daoine dlítheanacha a shainaithint:

uimhreacha teileafóin;

seoltaí ríomhphoist;

sonraí na gcuntas i mbainc nó in institiúidí airgeadais eile;

stádas sna himeachtaí;

(iv)

faisnéis faoin gcion:

faisnéis a bhaineann le daoine dlítheanacha a bhfuil baint acu le cion sceimhlitheoireachta a ullmhú nó a dhéanamh;

rangú dlí an chiona faoin dlí náisiúnta;

an fhoirm coireachta tromchúisí is infheidhme ón liosta dá dtagraítear in Iarscríbhinn I;

cleamhnacht ar bith le grúpa sceimhlitheoireachta;

an cineál sceimhlitheoireachta, amhail jiohádach, scarúnach, den eite chlé nó den eite dheas;

achoimre ghairid ar an gcás;

(v)

faisnéis faoi na himeachtaí náisiúnta:

stádas imeachtaí den sórt sin;

oifig an ionchúisitheora phoiblí fhreagraigh;

cás-uimhir;

dáta oscailte imeachtaí breithiúnacha foirmiúla;

naisc le cásanna ábhartha eile;

(vi)

réimse le haghaidh faisnéise breise (saorthéacs)

(vii)

cód réamhúdaraithe

2.2.2.

Sonraí a tarchuireadh i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) 2018/1727

(a)

Airteagal 21(4) de Rialachán (AE) 2018/1727, foirne comhpháirteacha um imscrúdú (‘JITanna’) a chur ar bun

(i)

An roinn ardleibhéil

Comhfhreagraíonn an roinn ardleibhéil seo don fhaisnéis a leagtar amach in Airteagal 21(4) de Rialachán (AE) 2018/1727 maidir le JITanna a chur ar bun.

(ii)

Struchtúr na teachtaireachta

Is éard a bheidh i struchtúr na sonraí seicheamh eilimintí agus áireofar an méid seo a leanas ar a laghad ann:

An t-údarás breithiúnach náisiúnta atá i gceannas ar na himeachtaí coiriúla

Uimhir thagartha náisiúnta na n-imeachtaí coiriúla

Stádas na n-imeachtaí coiriúla

Cionta coiriúla arna n-imscrúdú

Tíortha eile a bhfuil baint acu leis an gcás

Cás a dtacaíonn Eurojust leis cheana féin?

Más ea, aitheantóir cáis Eurojust?

Murab ea, an iarraidh ar thacaíocht é seo?

Cás a dtacaíonn Europol leis?

Más ea, an tascfhórsa oibríochtúil agus/nó an Feidhmchlár Líonra um Malartú Slán Faisnéise (‘SIENA’)?

Comhaontú JIT:

Na tíortha lena mbaineann

Páirtithe JIT (údaráis náisiúnta atá i gceannas ar na himscrúduithe)

Uimhir thagartha náisiúnta na n-imeachtaí coiriúla arna gcumhdach ag JIT

Dáta an tsínithe

Fad ama

Cionta coiriúla arna n-imscrúdú

Achoimre ghairid ar an gcás

Príomhamhrastaigh sna himeachtaí coiriúla arna gcumhdach ag JIT (ainm, sloinne, dáta breithe agus áit bhreithe agus b’fhéidir catagóirí sonraí ábhartha agus riachtanacha eile faoi Iarscríbhinn II)

Torthaí obair na JITanna:

Deacrachtaí/moilleanna sna nithe seo a leanas:

an JIT a bhunú

fianaise a iarraidh/a chomhroinnt laistigh den JIT

comhstraitéis ionchúisimh a chomhaontú/a chur chun feidhme

Inghlacthacht/neamh-inghlacthacht/meastóireacht ar fhianaise JIT in imeachtaí náisiúnta

Toradh na n-imeachtaí breithiúnacha (ionchúisimh agus ciontuithe/éigiontais rathúla/neamhrathúla)

(iii)

Cód réamhúdaraithe

(b)

Airteagal 21(5) de Rialachán (AE) 2018/1727, cásanna casta tromchúiseacha

(i)

An roinn ardleibhéil

Comhfhreagraíonn an roinn ardleibhéil seo don fhaisnéis a leagtar amach in Airteagal 21(5) de Rialachán Eurojust, i.e. Cásanna casta tromchúiseacha

(ii)

Struchtúr na teachtaireachta

Is éard a bheidh i struchtúr na sonraí seicheamh eilimintí agus áireofar an méid seo a leanas ar a laghad ann:

An t-údarás breithiúnach náisiúnta atá i gceannas ar na himeachtaí coiriúla

Uimhir thagartha náisiúnta na n-imeachtaí coiriúla

Stádas na n-imeachtaí coiriúla

Cionta coiriúla arna n-imscrúdú

Tíortha eile a bhfuil baint acu leis an gcás

Cás a dtacaíonn Eurojust leis cheana féin?

Más ea, aitheantóir cáis Eurojust?

Murab ea, an iarraidh ar thacaíocht é seo?

Cás a dtacaíonn Europol leis?

Más ea, an tascfhórsa oibríochtúil agus/nó SIENA?

An cineál coireachta tromchúisí is infheidhme

Rannpháirtíocht líonra coireachta eagraithe

Cineál maifia

Líonra coireachta eagraithe trasnáisiúnta

Iarmhairtí ar leibhéal an Aontais

Príomhamhrastaigh sna himeachtaí coiriúla (ainm, sloinne, dáta breithe agus áit bhreithe agus b’fhéidir catagóirí sonraí ábhartha agus riachtanacha eile faoi Iarscríbhinn II)

Achoimre ghairid ar an gcás

Tíortha eile lena mbaineann

Tíortha lenar cuireadh tús le comhar cheana féin

Údaráis inniúla i dtír eile a bhfuil baint acu leis an gcás

Ionstraimí comhair bhreithiúnaigh

An líon iarrataí a seoladh/a fuarthas

Imscrúduithe nasctha atá ann

Tíortha a bhfuil comhar le gníomhachtú leo/tíortha a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh

An cineál comhair atá ag teastáil (amhail eiseachadadh, bailiú fianaise, comhar eile)

Imscrúduithe nasctha atá ann

(iii)

Cód réamhúdaraithe

(c)

Airteagal 21(6) pointe (a), de Rialachán (AE) 2018/1727, coinbhleachtaí dlínse

(i)

An roinn ardleibhéil

Comhfhreagraíonn an roinn ardleibhéil seo don fhaisnéis a leagtar amach in Airteagal 21(6), pointe (a) de Rialachán (AE) 2018/1727, i.e. coinbhleachtaí dlínse

(ii)

Struchtúr na teachtaireachta

Is éard a bheidh i struchtúr na sonraí seicheamh eilimintí agus áireofar an méid seo a leanas ar a laghad ann:

An t-údarás breithiúnach náisiúnta atá i gceannas ar na himeachtaí coiriúla

Uimhir thagartha náisiúnta na n-imeachtaí coiriúla

Stádas na n-imeachtaí coiriúla (e.g. imscrúdú, ionchúiseamh, triail)

Cionta coiriúla arna n-imscrúdú

Tíortha eile a bhfuil baint acu leis an gcás

Cás a dtacaíonn Eurojust leis cheana féin?

Más ea, aitheantóir cáis Eurojust?

Murab ea, an iarraidh ar thacaíocht é seo?

Cás a dtacaíonn Europol leis?

Más ea, an tascfhórsa oibríochtúil agus/nó SIENA?

Tíortha eile lena mbaineann

Údaráis inniúla náisiúnta sa tír eile, más eol

Uimhir thagartha náisiúnta na n-imeachtaí coiriúla sa tír eile

Céim na n-imeachtaí sa tír eile, más eol

Coinbhleacht dheimhneach nó dhiúltach

Coinbhleacht iarbhír nó coinbhleacht a d’fhéadfadh a bheith ann

Gníomhaíochtaí comhordaithe atá déanta cheana féin (e.g. comhairliúcháin faoi Chinneadh Réime 2009/948/CGB ón gComhairle (1))

Achoimre ghairid ar an gcás

Amhrastaigh choiteanna (ainm, sloinne, dáta breithe agus áit bhreithe agus b’fhéidir catagóirí sonraí ábhartha agus riachtanacha eile faoi Iarscríbhinn II)

(iii)

Cód réamhúdaraithe

(d)

Airteagal 21(6), pointe (b), seachadtaí rialaithe

(i)

An roinn ardleibhéil

Comhfhreagraíonn an roinn ardleibhéil seo don fhaisnéis a leagtar amach in Airteagal 21(6), pointe (b) de Rialachán (AE) 2018/1727: seachadtaí rialaithe.

(ii)

Struchtúr na teachtaireachta

Is éard a bheidh i struchtúr na sonraí seicheamh eilimintí agus áireofar an méid seo a leanas ar a laghad ann:

An t-údarás breithiúnach náisiúnta atá i gceannas ar na himeachtaí coiriúla

Uimhir thagartha náisiúnta na n-imeachtaí coiriúla

Stádas na n-imeachtaí coiriúla (e.g. imscrúdú, ionchúiseamh, triail)

Cionta coiriúla arna n-imscrúdú

Tíortha eile a bhfuil baint acu leis an gcás

Cás a dtacaíonn Eurojust leis cheana féin?

Más ea, aitheantóir cáis Eurojust?

Murab ea, an iarraidh ar thacaíocht é seo?

Cás a dtacaíonn Europol leis?

Más ea, an tascfhórsa oibríochtúil agus/nó SIENA?

Tíortha eile lena mbaineann

Tír thionscnaimh/idirthurais/an tír is ceann scríbe deiridh

Údaráis inniúla náisiúnta i dtíortha eile, más eol

Imscrúduithe nasctha atá ann i dtíortha eile

Cineál na n-earraí arna seachadadh (e.g. drugaí agus cineál/airgead/airm/toitíní/eile)

Stádas an tseachadta rialaithe (e.g. beartaithe, leanúnach, curtha i gcrích)

Toradh an tseachadta rialaithe, má tá sé déanta cheana féin

Ionstraim um chomhar breithiúnach a úsáideadh

Amhrastaigh choiteanna (ainm, sloinne, dáta breithe agus áit bhreithe agus b’fhéidir catagóirí sonraí ábhartha agus riachtanacha eile faoi Iarscríbhinn II)

(iii)

Cód réamhúdaraithe

(e)

Airteagal 21(6), pointe (c), de Rialachán (AE) 2018/1727, saincheisteanna a bhaineann arís agus arís eile le hionstraimí um chomhar bhreithiúnach

(i)

An roinn ardleibhéil

Comhfhreagraíonn an roinn ardleibhéil seo don fhaisnéis a leagtar amach in Airteagal 21(6), pointe (c) de Rialachán (AE) 2018/1727: saincheisteanna a bhaineann arís agus arís eile le hionstraimí um chomhar bhreithiúnach.

(ii)

Struchtúr na teachtaireachta

Is éard a bheidh i struchtúr na sonraí seicheamh eilimintí agus áireofar an méid seo a leanas ar a laghad ann:

An t-údarás breithiúnach náisiúnta atá i gceannas ar na himeachtaí coiriúla

Uimhir thagartha náisiúnta na n-imeachtaí coiriúla

Stádas na n-imeachtaí coiriúla (e.g. imscrúdú, ionchúiseamh, triail)

Cionta coiriúla arna n-imscrúdú

Tíortha eile a bhfuil baint acu leis an gcás

Cás a dtacaíonn Eurojust leis cheana féin?

Más ea, aitheantóir cáis Eurojust?

Murab ea, an iarraidh ar thacaíocht é seo?

Cás a dtacaíonn Europol leis?

Más ea, an tascfhórsa oibríochtúil agus/nó SIENA?

Tíortha eile lena mbaineann

Údaráis inniúla náisiúnta, más eol

Gníomhú mar údarás eisiúna nó forghníomhaitheach

Ionstraim um chomhar breithiúnach lena mbaineann (e.g. BGE, OIE, reo agus coigistiú)

Iarraidh shonrach lena mbaineann (i.e. cén beart imscrúdaitheach, cén cineál reo, BGE chun pianbhreith a fhorghníomhú nó le haghaidh ionchúisimh)

Diúltú nó deacracht arís agus arís eile

I gcás diúltú, cén foras sonrach a agraíodh?

Tuairisc ghairid ar an tsaincheist

Údaráis náisiúnta eile a ndéanann an tsaincheist chéanna difear dóibh, más ann dóibh

(iii)

Cód réamhúdaraithe

2.3.   Cóid réamhúdaraithe

Agus sonraí á gcomhroinnt le Eurojust trí JUDEX, léireoidh na húdaráis inniúla náisiúnta trí chóid réamhúdaraithe láimhseáil, rochtain agus aistriú sonraí breise tar éis nasc a shainaithint. Léireofar sna cóid réamhúdaraithe cé acu a fhéadfar nó nach bhféadfar faisnéis a bhaineann leis an nasc a chomhroinnt le húdaráis inniúla náisiúnta eile, le gníomhaireachtaí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais, le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta, agus a mhéid a fhéadfar an fhaisnéis sin a chomhroinnt.

2.4.   Teachtaireachtaí réamhshainithe

Is léirithe ar mhalartuithe a bunaíodh le Rialachán (AE) 2018/1727 iad teachtaireachtaí réamhshainithe, ach nár soláthraíodh aon fhoirm shonrach ina leith sa ghníomh dlí. Cinntear a gcineálacha agus a n-uimhir le linn na hanailíse gnó agus teicniúla.

Déanfar Sainmhínithe Scéimre XLM (XSD) le haghaidh teachtaireachtaí réamhshainithe a dhearadh chun comhsheasmhacht, struchtúr agus comhlíontacht le riachtanais ghnó a áirithiú.

Beidh feidhm ag an méid seo a leanas maidir leis na scéimrí sin.

(a)

ainmneofar an Roinn Ardleibhéil sa scéimre seo de réir an chineáil shonraigh teachtaireachta atá á shainiú;

(b)

déanfar na réimsí is gá don chineál sonrach teachtaireachta a chur leis agus a shainiú laistigh den struchtúr sin, lena n-áiritheofar léiriú ceart ar eilimintí sonraí.

2.5.   Teachtaireachtaí saorthéacs

Is léirithe iad teachtaireachtaí saorthéacs ar mhalartuithe lena gceadaítear inneachar neamhstruchtúrtha nó páirtstruchtúraithe, rud a chumasaíonn solúbthacht ach a chloíonn fós le ceanglais rialála agus ghnó. Dearfar XSD le haghaidh teachtaireachtaí saorthéacs chun comhsheasmhacht agus formáidiú ceart a áirithiú.

Beidh feidhm ag an méid seo a leanas maidir leis na scéimrí sin.

(a)

ainmneofar an Roinn Ardleibhéil sa scéimre de réir an chineáil shonraigh teachtaireachta atá á shainiú;

(b)

saineoidh an scéimre an struchtúr is gá le haghaidh na teachtaireachta saorthéacs agus san am céanna beifear in ann eilimintí a ordú go hiomchuí de réir mar is gá;

(c)

déanfar na réimsí is gá don chineál sonrach teachtaireachta a chur leis agus a shainiú laistigh den struchtúr sin, lena n-áiritheofar léiriú ceart ar eilimintí sonraí.


(1)  Cinneadh Réime 2009/948/CGB ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le coinbhleachtaí i bhfeidhmiú dlínse in imeachtaí coiriúla a chosc agus a shocrú (IO L 328, 15.12.2009, lch. 42, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_framw/2009/948/oj).


IARSCRÍBHINN III

SONRAÍOCHTAÍ TEICNIÚLA MÉARLORG AGUS GRIANGHRAF

Féadfaidh ceangaltáin a bheith ag gabháil le teachtaireachtaí a mhalartaítear tríd an gcóras TF díláraithe, lena n-áirítear comhaid de chuid na hInstitiúide Náisiúnta um Chaighdeáin agus Teicneolaíochta (NIST) ina bhfuil méarloirg agus grianghraif, i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla a leagtar amach i bpointí 1 agus 2.

1.   Méarloirg

Na méarloirg a fhéadfar a roinnt le Eurojust chun daoine aonair atá faoi réir imeachtaí coiriúla a bhaineann le cionta sceimhlitheoireachta a shainaithint go hiontaofa, comhlíonfaidh siad na coinníollacha seo a leanas:

(a)

soláthrófar na sonraí méarlorg i gcomhad amháin ina mbeidh íomhánna digiteacha méarlorg (comhad NIST na méarlorg) agus cuirfear isteach iad i gcomhréir le caighdeán ANSI/NIST-ITL 1-2011 Uasdátú 2015 (nó leagan níos nuaí);

(b)

is éard a bheidh i gcomhad NIST na méarlorg suas le deich gcinn de mhéarloirg aonair: rollta, cothrom nó an dá rud;

(c)

go bhfuil lipéad ar gach méarlorg;

(d)

gabhfar na méarloirg le scanadh beo nó le dúch ar pháipéar, ar choinníoll go ndearnadh na méarloirg a chuirtear ar pháipéar le dúch a scanadh sa taifeach is gá agus ar an gcaighdeán céanna;

(e)

le comhad NIST na méarlorg, is féidir faisnéis chomhlántach a áireamh amhail na coinníollacha a bhaineann le méarloirg a chlárú agus an modh a úsáidtear chun íomhánna méarloirg aonair a fháil;

(f)

beidh taifeach ainmniúil 500 nó 1 000 ppi (1) ag na sonraí méarlorg (le diall inghlactha + / – 10 ppi) ag a bhfuil 256 leibhéal liath;

(g)

an t-algartam comhbhrúite íomhánna méarlorg a mbainfear úsáid as, beidh sé de réir mholtaí na hInstitiúide Náisiúnta um Chaighdeáin agus Teicneolaíochta (‘NIST’). Comhbhrúfar sonraí méarlorg a bhfuil taifeach 500 ppi acu trí úsáid a bhaint as algartam WSQ (ISO/IEC 19794-5:2005). Comhbhrúfar sonraí méarlorg a bhfuil taifeach 1 000 ppi acu trí úsáid a bhaint as caighdeán comhbhrúite íomhánna JPEG 2000 (ISO/IEC 15444-1) agus as córas códúcháin. Is é 15:1 an sprioc-chóimheas comhbhrúite.

2.   Grianghraif

Na grianghraif a fhéadfar a roinnt le Eurojust chun daoine aonair atá faoi réir imeachtaí coiriúla a bhaineann le cionta sceimhlitheoireachta a shainaithint go hiontaofa, comhlíonfaidh siad na coinníollacha seo a leanas:

(a)

ní sholáthraítear ach íomhá amháin den aghaidh i gcomhad grianghraif (comhad NIST an ghrianghraif) agus cuirtear isteach í i gcomhréir le caighdeán ANSI/NIST-ITL 1-2011 Nuashonrú 2015, nó i gcomhréir le haon leagan níos nuaí atá ar fáil;

(b)

is grianghraif liathscála, dhaite nó neas-infridhearg iad na grianghraif;

(c)

tá cáilíocht na ngrianghraf bunaithe ar cheanglais íomhá ISO/IEC 19794-5:2011 maidir leis an gcineál íomhá den aghaidh, nó ar aon leagan níos nuaí atá ar fáil;

(d)

le comhad NIST an ghrianghraif is féidir faisnéis chomhlántach a bheith ann, lena n-áirítear an dáta a ghlacadh an íomhá;

(e)

tá taifeach íosta 600 picteilín faoi 800 picteilín agus taifeach uasta 1 200 picteilín faoi 1 600 picteilín ag na grianghraif, i mód portráide;

(f)

tá spás laistigh den ghrianghraf ag an aghaidh lena n-áirithítear 120 picteilín ar a laghad idir lár gach súile;

(g)

an t-algartam comhbhrúite grianghraf a mbainfear úsáid as, beidh sé de réir mholtaí na hInstitiúide Náisiúnta um Chaighdeáin agus Teicneolaíochta (‘NIST’). Ní chomhbhrúitear grianghraif ach uair amháin le caighdeán comhbhrúite íomhánna JPG (ISO/IEC 10918) nó JPEG 2000 (ISO/IEC 15444) agus córas códúcháin, ag cóimheas uasta comhbhrú íomhánna 20:1 ceadaithe.


(1)  Picteilíní san orlach.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2447/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)